tionscadal stair bhéil an clg - boston college · web viewceistneoir tá sé mar chuspóir ag...
TRANSCRIPT
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
Tionscadal Stair Bhéil an CLGCeistneoir
Tá sé mar chuspóir ag Tionscadal Stair Bhéil an CLG taifeadadh a dhéanamh ar an
tuairisc is cuimsithí gur féidir teacht air, maidir le tábhacht an CLG do phobal na
hÉireann, i bhfocail na ndaoine féin. Déanfar an ceistneoir seo a chaomhnú mar
acmhainn bhuan ar stair an CLG agus ar stair phobal na hÉireann. Beidh an cháipéis
seo ar fáil don phobal, seachas do chuid sonraí teagmhála. Le haghaidh tuilleadh
eolais ar an tionscadal agus ar an úsáid a bhainfear as d’ionchur, féach thíos le do
thoil, www.gaahistory.com nó téigh i dteagmháil linn ar an nguthán ar +353 (0)1 662
5055, trí ríomhphost, no tríd an bpost (sonraí thíos).
Ba mhaith le fhoireann Thionscadal Stair Bhéil an CLG buíochas a gabháil leat roimh
ré as do chuid ama a chaitheamh ag líonadh isteach an cheistneora seo.
Más féidir é, seol ceistneoirí líonta ar ais go leictreonach, go [email protected] nó seol ceistneoirí lámhscríofa go Tionscadal Stair Bhéil an CLG, Coláiste Bhostúin- Éire, 42 Faiche Stiabhna, Baile Átha Cliath 2, Éire.
Tabhair aird le do thoil:
Níl uasmhéid nó íosmhéid ar fhreagraí, ach bheimis an-bhuíoch dá bhféadfá
na sonraí ar fad a thabhairt gur féidir leat a sholáthar.
Más féidir é, déan an ceistneoir seo a shábháil mar cháipéis “Word” ar do
ríomhaire agus clóscríobh do chuid freagraí sna boscaí a sholáthraítear.
Ansin seol an cháipéis chríochnaithe chuig an seoladh thuas. Tá fáilte roimh
cheistneoirí lámhscríofa chomh maith.
Tá fáilte romhat na boscaí a leathnú nó tuilleadh leathanach a cheangal leis
an gceistneoir más rud é go mbíonn do chuid freagraí níos faide ná an spás a
sholáthraítear.
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
Ainm (Cur Sloinne
roimh phósadh agus
leasainmneacha san
áireamh má bhíonn baint
acu leis an CLG)
Sonraí Teagmhála (Coimeádfar an t-eolas
seo faoi rún daingean
agus ní sheolfar ar
aghaidh go tríú páirtithe
é. Beidh sé le húsáid ag
baill fhoireann
Thionscadal Stair Bhéil
an CLG amháin )
Seoladh:
Guthán:
Ríomhphost:
Inscne
Saolta Bliain saolaithe:
Contae Dúchais:
Oideachas (Roghnach) Bunscoil:
Meánscoil:
Tríú Leibhéal:
Teaghlach Deartháireacha agus deirfiúracha:
Teaghlach faoi láthair má tá difríocht ann :
Club(anna)
Gairm beatha(Roghnach)Gairm beatha do thuismitheoirí nuair a bhí tú óg(Roghnach)Creideamh (Roghnach)Comhcheangal polaitiúil (Roghnach)Ballraíocht(aí) i gClub/gCumann eile (Roghnach)
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
C1: Déan cur síos ar an gcuimhne is luaithe atá agat ar an CLG agus ar conas ar thosaigh tú le baint a bheith agat leis an CLG?
C2: An raibh traidisiúin nó stair i do chlann maidir le bheith bainteach sa CLG?
C3: Ar phléigh do ghaolta scéalta faoin taithí a bhí acu leis an CLG leat? Céard a bhí iontu?
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
C4: Inis dom conas a bhí éifeacht ag an CLG ar shaol do chlann?
C5: Inis dom faoi tacaíocht a thabhairt don chlub/chontae nuair a bhí tú óg agus ar aghaidh tríd na blianta (ag taisteal go cluichí, praghsanna na dticéid, bia, páirceanna imeartha ar thug tú cuairt orthu, na héadaí a chaith tú, traidisiúin lá an chluiche, traidisiúin agus ceiliúradh áitiúil.)
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
C6:Dá mbeadh ort cluiche amháin a roghnú as na cluichí ar fad atá cur amach agat orthu, cén cluiche a roghnófá? Cén fáth?
C7: Cén éifeacht a bhí ag an CLG ar do shaol?
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
C8: Cén áit agus ról atá ag do chlub i do cheantar áitiúil?
C9: Cén ról a bhí ag an CLG i do shaol ar scoil agus sa Choláiste?
C10: Cén ghné den CLG a bhfuil an meas is mó agat air agus cén fáth?
C11: As do chuid taithí féin, céard iad na hathruithe is mó atá tagtha ar an
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
CLG?
C12: An bhfuil athruithe i do phobal áitiúil tar éis dul i bhfeidhm ar do chlub, agus cén chaoi a bhfuil na hathruithe sin ag dul i bhfeidhm?
C13: An gceapann go bhfuil athrú tagtha ar ról na mban sa CLG thar na blianta,
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
agus cén chaoi a bhfuil an ról sin athraithe?
C14: Déan cur síos ar ról na nEaglaisí agus an Chléir i do chlub agus an chaoi a bhfuil athrú tagtha ar an ról sin thar na blianta?
C15: An raibh aon cheangal duitse, idir an CLG agus cúrsaí polaitiúla? Más rud
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
é go raibh, cén ceangal a raibh ann?
C16: Céard iad na heachtraí díomácha is mó, maidir leis an CLG, a tharla duitse?
C17: An raibh tionchar ag an CLG ar do chéannacht féin in aon slí?
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
C18: Céard é an ról a bhí ag an nGaeilge agus ag cultúr na hÉireann i do chlub agus maidir le do bhaint féin leis an CLG?
C19: Cé chomh tábhachtach is atá coimhlintí laistigh den CLG agus céard iad
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
na coimhlintí atá baint agat leo?
C20: Déan trácht ar ról na n-oibrithe deonacha laistigh den CLG?
C21: Déan cur síos ar an cur amach atá agat ar fhoirne mar imreoir,
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
bhainisteoir, chomhalta coiste nó mar thacaí.
C22: Déan cur síos ar an taithí atá agat ar an CLG taobh amuigh d’Éire, más rud é go bhfuil aon cur amach agat ar.
C23: Déan cur síos ar an gcaoi atá athrú tagtha ar thuairisciú ar an CLG sna meáin i rith do shaoil.
C24: Céard iad na dúshláin is mó, i do thuairim, atá os comhair an CLG sa
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
todhchaí?
C25: Céard é tábhacht an CLG duitse?
C26: An bhfuil grianghraif, cáipéisí nó fístéipeanna srl. ar bith agat gur féidir
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
leat a roinnt linn? Tabhair cur síos achomair orthu le do thoil.An bhfuil amhráin nó dánta ar bith, faoin CLG i do cheantar áitiúil, ar eolas agat gur féidir leat a sheoladh chugainn nó a bhreacadh síos anseo?An bhfuil aithne agat ar aon duine eile i do chlann nó i do cheantar áitiúil gur cheart dúinn teagmháil a dhéanamh leo maidir leis an tionscadal seo? Cé hiad agus cén fáth gur cheart dúinn teagmháil a dhéanamh leo?
C27: An bhfuil rud ar bith eile a theastaíonn uait a rá faoin CLG?
Leis seo, sannaim cóipcheart na bhfreagraí thuas go Tionscadal Stair Bhéil an CLG,
agus an tuiscint ann nach mbainfear úsáid as an ábhar i slí maslach. Tuigim go
bhfuilim ag tabhairt an chirt do Thionscadal Stair Bhéil an CLG úsáid a bhaint as
ábhar an cheistneora seo agus é a chur ar fáil don phobal.
Sínithe:____________________________________ Dáta:____________________
***Tabhair aird le do thoil: Má tá tú 18 bliain d’aois nó níos óige, caithfidh do thuismitheoir/chaomhnóir é seo a shíniú. Mura ndéantar amhlaidh, ní bheifear in ann do chuid freagraí a chur san áireamh sa Chartlann***
Eolas Maidir le Cosaint Sonraí
UIMHIR THAGARTHA. (ÚSÁID OIFIGE AMHÁIN):
Tá sé mar chuspóir ag Tionscadal Stair Bhéil an CLG taifeadadh a dhéanamh ar an tuairisc is cuimsithí gur féidir teacht air, maidir le tábhacht an CLG do phobal na hÉireann, i bhfocail na ndaoine féin. Déanfar taifeadadh ar agallaimh bheo leis na mílte daoine in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, tríd an tionscadal, agus baill den CLG, tacaithe, imreoirí agus iar-imreoirí, bainisteoirí, oifigigh agus riarthóirí san áireamh mar aon le haon duine atá tar éis a bheith dteagmháil leis nó bainteach leis an CLG. Chomh maith leis sin, d’fhonn a chinntiú go shroichfear an líon is mó daoine gur féidir, tá foireann Thionscadail Stair Bhéil an CLG ag iarraidh ar dhaoine ceistneoir a líonadh nó litir nó ríomhphost a sheoladh chuig an tionscadal faoi ról an CLG ina saoil. Tá roinnt ceisteanna beathaisnéiseacha ag tús gach ceistneora, atá súil againn go líonfaidh gach freagróir amach iad. Tríd an roinn seo a chur san áireamh táimid ag súil le gearrbheathaisnéis a chumadh maidir le comhdhéanamh socheacnamaíoch, cráifeach agus polaitiúil na ndaoine a bhí bainteach leis an CLG.Toisc go bhfuiltear ag súil leis go mbeidh sé seo sa tionscadal staire poiblí is mó riamh a táthar tar éis tabhairt faoi sa Stát, is éard a bheidh san ábhar a bhaileofar ná an acmhainn eolais is saibhre atá ann do socheolaithe an lae inniu agus do staraithe amach anseo. Tríd eolas beathaisnéiseach a chur san áireamh, ar nós creideamh, comhcheangal polaitiúil, oideachas agus gairm, tabharfar, tríd an tionscadal seo, deis do dhaoine acadúla, do chlainne, do staraithe áitiúla nó do dhaoine atá suim acu, pictiúr a chruthú maidir le comhdhéanamh an CLG i gceantar, i gContae agus sa tír. Tríd na hagallaimh a dhéantar agus na ceistneoirí a bhaileofar, tabharfar deis do bhaill chlainne na ndaoine a ghlacann páirt, anois agus amach anseo, a shinsir a chloisteáil agus a fheiceáil, a chuid scríbhneoireachta a fheiceáil, foghlaim faoin gcaoi a bhíodh siad ag maireachtáil agus faoi ról an CLG ina saoil. Déanfar na hagallaimh, na ceistneoirí, na litreacha, na cáipéisí, na taifeadtaí agus na grianghraif a bhaileofar a chaomhnú mar Chartlann Thionscadal Stair Bhéil an CLG- acmhainn bhuan maidir le stair an CLG go háirithe agus stair phobail na hÉireann go ginearálta. Beidh samplaí den ábhar a bhaileofar ar fáil don phobal ar an suíomh idirlíon www.gaahistory.com agus féadfar úsáid a bhaint astu i dtaispeántais phoiblí, léachtaí nó ranganna poiblí: i bhfoilseacháin, agus i gcló, i gloschaiséad, i bhfíschaiséad nó i CD-ROM; le haghaidh tagartha poiblí i leabharlainne, i músaeim agus i gcartlanna; ar raidió nó ar theilifís; i scoileanna, in Ollscoileanna, i gColáistí agus i bhforais oideachais eile, agus úsáid i dtéiseanna, i dtráchtais, nó i dtaighde dá leithéid san áireamh; agus trí foilseachán ar fud an Domhain ar an idirlíon. Beidh bailiúchán iomlán Thionscadal Stair Bhéil an CLG, ie. na hagallaimh iomláine, na ceistneoirí, na litreacha, na grianghraif, na cáipéisí agus na taifeadtaí, ar fáil don phobal trí Chartlann agus Músaem an CLG. Ba cheart aird ar thabhairt go gcoimeádfar na sonraí teagmhála ar fad a sholáthraítear faoi rún agus nach mbeidh siad ar fáil ach d’fhoireann an Tionscadail Staire Béil. Ní choimeádfar do shonraí teagmhála ach chun dul i dteagmháil leat d’fhonn eolas fíriciúil a shoiléiriú, chun nóta buíochais a sheoladh amach chugat, nó chun soiléiriú a dhéanamh ar nithe a sholáthraíonn tú. Ní dhéanfar do chuid sonraí teagmhála a sholáthar go tríú páirtí gan réamhchead uait in imthosca ar bith.