river farset (gae)public art project tairscint gae (2)

22
TIONSCADAL EALAÍNE POIBLÍ NA FEARSAIDE Páirc Thuaithe Bhinn Uamha, an bealach isteach ag an chor crú capaill, Béal Feirste Léiriú Spéise maidir le Saothar Ealaíne Sainiúil don Suíomh seo Spriocdháta: An Aoine, an 4ú Méan Fomhair, 2015 Arna choimisiúnú ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich mar chuid de Bhéal Feirste na Cruthaitheachta. Maoinithe ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann. Tá an tionscadal seo á dhéanamh mar chomhpháirtíocht idir an Chultúrlann agus Ionad Spectrum.

Upload: concubhar-o-liathain

Post on 23-Jul-2016

263 views

Category:

Documents


14 download

DESCRIPTION

Caipéis ag cur síos ar na coinniollacha is na treoirlínte maidir le h-iarratasóirí ar chonradh saothar ealaíon phoiblí a shuiteáil ar Chnoc na hUaimhe.

TRANSCRIPT

Page 1: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

!

TIONSCADAL EALAÍNE POIBLÍ NA FEARSAIDE

Páirc Thuaithe Bhinn Uamha, an bealach isteach ag an chor crú capaill, Béal Feirste

Léiriú Spéise maidir le Saothar Ealaíne Sainiúil don Suíomh seo

Spriocdháta: An Aoine, an 4ú Méan Fomhair, 2015

Arna choimisiúnú ag

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich mar chuid de Bhéal Feirste na Cruthaitheachta. Maoinithe ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus ag Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.

Tá an tionscadal seo á dhéanamh mar chomhpháirtíocht idir an Chultúrlann agus Ionad Spectrum.

! !

Page 2: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 2

Page 3: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 3

INNÉACS

CLÁR NA nÁBHAR LEATHANAIGH

1. Achoimre ar an Tionscadal

1.1 Léargas ar an Choimisiúnú 5

1.2 Comhthéacs don Choimisiúnú 5

1.3 An Próiseas Iarratais 5

1.4 An Suíomh 6

1.5 Bainistiú an Tionscadail 7

2. Téarmaí Tagartha agus Roghnú Iarratasóirí

2.1 Téarmaí Tagartha an Tionscadail 7

2.2 Téamaí 7

2.3 Próiseas Comhairliúcháin 8

2.4 Buiséad an Tionscadail 8

2.5 Ról an Ealaíontóra 9

2.6 Ceisteanna Ealaíne agus Teicniúla 9

2.7 Critéir Roghnúcháin don Ealaíontóir / Fhoireann Ealaíontóirí 9

2.8 Freagrachtaí an Ealaíontóra / na bhFoirne Ealaíontóirí 10

2.9 Freagrachtaí na Cultúrlainne 11

2.10 Gearrlíostáil Chéim 2 11

3 Amlíne an Tionscadail 11

4 Úinéireacht 12

5 Sceideal Íocaíochta 12

6 Iarratais a Chur Isteach 12

7 Iarratais le hEolas a Shoiléiriú 12

8 Measúnacht Torthaí 13

Page 4: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 4

9 An Ceart Treoracha Breise a Eisiúint 13

10 Caiteachas agus Caillteanais 13

11 Iarratas a Ullmhú 13

12 Rúndacht 13

13 Úinéireacht Cáipéisí Iarratais 13

14 Cáipéisí Sonraithe a Thabhairt Ar Ais 14

15 Iarratais a Cháiliú 14

16 An Ceart Eolas Breise a Iarraidh 14

17 Critéir Mheasúnachta 14

18 Easaontas Leasa 14

19 Teidlíocht 14

20 Saoráil Faisnéise 15

AGUISÍNÍ

Aguisín 1 Formáid na nIarratas: Céim 1 16

Aguisín 2 Pleananna agus Picitiúir den Suíomh 18

Aguisín 3 Ráiteas faoi Shaoráil Faisnéise Le deimhniú

Page 5: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 5

1. Achoimre ar an Tionscadal

1.1. Léargas ar an Choimisiúnú

Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag cur fáilte roimh iarratais ó ealaíontóirí nó foirne ealaíontóirí a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí cuí acu le dealbh dhinimiciúil, cheannródaíoch, shainiúil a dhéanamh in aice le foinse na Fearsaide mar chuid de Thionscadal na Fearsaide.

Suas le £98,000, CBL san áireamh, an buiséad iomlán atá ar fáil don dealbh; clúdóidh an tsuim seo dearadh, déanamh agus suiteáil an tsaothair.

5in Dé hAoine, an 4ú Méan Fomhair 2015 an spriocdháta faoi choinne iarratas.

Ní ghlacfar le hiarratais i ndiaidh an dáta sin.

1.2. Comhthéacs don Choimisiúnú

Tá an coimisiúnú seo mar chuid de Thionscadal na Fearsaide, clár a bhfuil sé mar aidhm aige na pobail atá ina gcónaí in aice leis an abhainn a thabhairt le chéile le scéal na Fearsaide agus bunú Bhéal Feirste a cheiliúradh.

Tá an Tionscadal á mhaoiniú ag Ciste Bhéal Feirste na Cruthaitheachta, ar comhthionscadal é idir Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann leis na healaíona a chur chun cinn i gcathair Bhéal Feirste.

Is í an fhís atá ann don dealbh seo ná gur saothar sainiúil a bheidh ann don chathair a tharraingeoidh aird ar abhainn na Fearsaide agus ar na pobail a d’fhás ina haice.

1.3. An Próiseas Iarratais

Próiseas dhá chéim a bheidh ann:

• Céim 1: Cuirfear fáilte i gCéim 1 roimh léirithe spéise sa choimisiúnú ó ealaíontóirí / fhoirne ealaíontóirí. Déanfaidh painéal, a roghnófar go cuí agus a bheidh cáilithe mar is ceart, gearrliosta ansin. Beidh fianaise le tabhairt sna léirithe spéise ar ábaltacht na n-ealaíontóirí / bhfoirne ealaíontóirí an cineál seo oibre a dhéanamh agus ar an chur chuige a bheidh acu i leith na hoibre.

An Aoine, an 4ú Méan Fomhair 2015 an spriocdháta don chéim seo sa phróiseas iarratais.

• Céim 2. Déanfaidh an Painéal gearrliosta ar a mbeidh suas le cúigear ealaíontóirí / foirne ealaíontóirí. Iarrfar orthu dearadh sonraithe a dhéanamh bunaithe ar a gcuid moltaí. Beidh

Page 6: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 6

líníochtaí scála, rindreáil marquette / ríomhaire, sonraí faoi fhorbairt agus déanamh na deilbhe, agus sonraí faoin sceideal agus faoin bhuiséad leis an tionscadal a thabhairt i gcrích mar chuid den dearadh sonraithe.

• Bíodh míniú san iarratas ar choincheap an tsaothar ealaíne, ar an dóigh a dtagann sé leis an fhís againne (atá leagtha amach i gCuid 5) agus ar an dóigh a dtabharfadh an t-ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí faoi dhearadh, déanamh agus suiteáil an tsaothair. Bíodh riachtanais chothabhála agus súilíochtaí maidir le saolré an tsaothair san áireamh sa chur i láthair.

• Caithfidh an t-ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí na nithe seo a leanas a dhéanamh: a léiriú cad é mar a dhéanfar an obair de réir an bhuiséid atá ar fáil, sonraí a thabhairt maidir leis an tréimhse ama a mheasann siad a ghlacfaidh sé an tionscadal a dhéanamh, agus an sceideal a bhriseadh síos de réir taighde, déanaimh agus seachadta. Tá sé mar aidhm ag an phainéal roghnúcháin ealaíontóir / foireann amháin a roghnú leis an saothar coimisiúnaithe a dhéanamh.

• Socrófar dáta (atá go fóill le deimhniú) le cuairt a thabhairt ar an suíomh agus ceisteanna a chur go díreach ar Bhainisteoir an Tionscadail agus ar Rannóg na bPáirceanna, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.

• Beidh táille £500 ar fáil leis an dearadh agus an marquette a dhéanamh agus leis na costais uile a bhaineann leis an mholadh dara céime agus leis an agallamh a chlúdach. Tabhair do d’aire: is faoi na healaíontóirí féin atá na costais taistil uile chuig an agallamh don chuairt ar an suíomh a chlúdach.

Cuirfear cuireadh roimh an ealaíontóir / na foirne ealaíontóirí dul faoi agallamh gairid agus sonraí faoin chur chuige atá molta acu i leith an tsaothar ealaíne a chur i láthair.

Cuirfear na healaíontóirí a roghnófar don ghearrliosta ar an eolas faoin 8ú Meán Fómhair, 2015.Cuirfear an t-ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí rathúil ar an eolas faoin 16ú Deireadh Fómhair, 2015.

Caithfidh an dealbh a bheith críochnaithe agus suiteáilte in am don seoladh ar an 6ú Bealtaine, 2016.

1.4. An SuíomhTá suíomh aimsithe ar thalamh Pháirceanna Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus is anna chuirfear an saothar ealaíne (féach na pleananna agus na pictiúir atá iniata in Aguisín 2).

• Cluain féir atá ann ag an bhealach isteach go Páirc Thuaithe Bhinn Uamha. Téann sé suas le mala i dtreo Chnoc Squires.

• Tá ceantar cónaitheach agus stáisiún leictreachais ar imeall an tsuímh. Tá an bealach isteach sa suíomh suite ag an Chor Crú Capaill ar féidir é a bhaint amach trí Pháirc Bhaile na Saileán nó trí Bhóthar Bhaile na Saileán. Faoi láthair tá bóithrín cúng ann a had leis an chluain.

• Tá an suíomh le feiceáil go hiontach soiléir mar tá sé suite go hard ar Chnoc Squires. Tá sé le feiceáil ó chuid mhaith áiteanna i mBéal Feirste agus tá sé suite ar cheann de na bóithre a théann go hAerfort Idirnáisiúnta Bhéal Feirste.

Page 7: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 7

• Níl soilse ar bith ann i láthair na huaire, mar sin cuirtear soilsiú a chur san áireamh má fhóireann a leithéid don saothar ó thaobh na healaíne de. Tugtar ar aird, áfach, go bhfuil an suíomh buailte le ceantar cónaitheach agus nár chóir go mbeadh sé rógheal.

• Ó thaobh an ábhair de a ndéanfar an dealbh as, breithneofar ábhar ar bith, ach caithfidh sé a bheith láidir, daingean agus gan a bheith contúirteach do choisithe.

• Beidh cead pleanála iomlán de dhíth don suíomh, agus beidh ar an ealaíontóir pleanáil don phróiseas seo.

1.5. Bainistiú an TionscadailIs í Bainisteoir an Tionscadail a dhéanfaidh an obair choimisiúnaithe a bhainistiú, le tacaíocht ó Ghrúpa Stiúrtha Tionscadail a bheidh comhdhéanta d’ionadaithe ón phobal áitiúil agus ó na heagrais seo a leanas: an Chultúrlann, Ionad Spectrum, Cnoic Bhéal Feirste, Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus Comhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Beidh ar an ealaíontóir / na healaíontóirí a cheapfar a bheith i ndlúth-theagmháil le Rannóg na bPáirceanna, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste maidir le dúshraith na deilbhe a shuiteáil – rud a bheidh riachtanach – agus maidir leis an áit díreach a lonnófar an saothar.

TÉARMAÍ TAGARTHA AGUS ROGHNÚ IARRATASÓIRÍ

Tá trácht ar na nithe seo a leanas sa chuid seo: cur síos ar an tionscadal, téarmaí tagartha an tionscadail agus na n-ealaíontóirí, agus na critéir roghnúcháin.

2.1 Téarmaí Tagartha an TionscadailIs é is aidhm leis an tionscadal seo saothar ealaíne poiblí atá mealltach, ceannródaíoch a choimisiúnú.

Samhlaítear go gceapfar eisint na habhann sa dealbh agus go mbeidh sí mar shiombail de na pobail a d’obair go crua le cathair Bhéal Feirste a thógáil.

Ba chóir go mbeadh an saothar ealaíne mealltach do gach duine de mhuintir Bhéal Feirste, beag beann ar a n-aois agus ar a gcúlra. Ba chóir go dtarraingeodh an dealbh turasóirí agus an mhuintir áitiúla araon chuig an suíomh agus go spreagfadh sí iad le heolas a chur ar scéal na habhann.

2.2 TéamaíBa chóir go mbeadh an saothar ealaíne bunaithe ar abhainn na Fearsaide. Tá an Fhearsaid beagnach clúdaithe ar fad agus níl ach fíorbheagán di go fóill le feiceáil sa lá atá inniu ann. Bhí sí mar áis thábhachtach do mhuintir Bhéal Feirste thiar in aimsir na hAoise Cré-Umha agus suas go dtí aimsir na dtionscal a fuair cumhacht ón uisce le hinnealra a rith: bhíodh teilgcheártaí agus muilte línéadaigh ann a cheap fuinneamh na habhann le feidhmiú. D'obair cuid mhaith de shinsir na ndaoine atá ina gcónaí faoi láthair in aice leis an abhainn sna tionscail a fuair a gcuid cumhachta le feidhmiú ón Fhearsaid. Tá an abhainn mar nasc idir lár an bhaile agus Cnoic Bhéal Feirste, agus ba chóir dúlra an tsuímh a thabhairt san áireamh sa tionscadal seo. Ba chóir go dtarraingeodh an saothar ealaíne poiblí seo aird an phobail ar an abhainn féin agus ar an tábhacht a bhain léi agus Béal Feirste á thógáil mar chathair.

Page 8: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 8

Tá sé tábhachtach go mbeadh dearadh an tsaothar ealaíne ag teacht leis an suíomh ó thaobh téama agus cuma de. Beidh sé tábhachtach dul i gcomhairliúchán leis an phobal áitiúil agus le páirtithe leasmhara eile.

As siocair go bhfuil an suíomh in aice le ceantar cónaitheach, seans go mbeidh srianta i bhfeidhm ó thaobh na hairde de ionas nach gcuirfear isteach ar na tithe máguaird. Go hidéalach, áfach, ba chóir go mbeadh an saothar le feiceáil ó chuid mhaith áiteanna i mBéal Feirste. Níor chóir go mbeadh sé furasta dreapadh ar an dealbh chomh hard sin go mbeadh baol ann don phobal ná do dhaoine a bheadh ag dul thart léi.

Maidir leis na hábhair a mbeidh an dealbh déanta díobh, breithneofar ábhar ar bith, ach ba chóir go mbeadh sé daingean agus fóirsteanach le bheith amuigh faoi spéir, in áit a dtaithíonn an pobal í agus a mbíonn rochtain uirthi i rith an ama, lá agus oíche.

Ba chóir go mbeadh sí tógtha go daingean, agus níor chóir go mbeadh aon bhaol míchuí ann don phobal. Tá sé den riachtanas nach mbeifear in ann loitiméireacht a dhéanamh uirthi.

Níor chóir go mbeadh cothabháil ar bith le déanamh ar an ábhar ná ar chuma na deilbhe i ndiaidh go suiteálfar í. Más amhlaidh go mbeidh cothabháil le déanamh uirthi, ná bíodh mórán i gceist.

Tá sé mar fhreagracht ar an ealaíontóir na sonraíochtaí uile maidir le dúshraith agus suiteáil leordhóthanach na deilbhe a sholáthar agus an próiseas suiteála a mhaoirsiú i gcomhar leis an Bhainisteoir Tionscadail, le Rannóg na bPáirceanna, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus leis na baill foirne agus speisialtóirí eachtracha cuí.

2.3 Próiseas Comhairliúcháin leis an PhobalTá sé inmhianaithe go rachaidh an t-ealaíontóir a cheapfar i mbun plé ó thaobh na cruthaitheachta de le roinnt grúpaí pobail a bheidh ainmnithe ag comhordnaitheoir an Tionscadail agus go ndéanfaidh an t-ealaíontóir clár de cheardlanna, cuir i láthair nó taispeántais a mbeidh na gnéithe seo a leanas ag baint leo:

• ginfidh siad plé ginearálta faoi na luachanna agus na hardmhianta a léireofar sa saothar ealaíne deireanach;

• foghlaimeoidh an mhuintir óga áitiúil scileanna agus próisis na cruthaitheachta.

Le linn don tionscadal a bheith idir lámha, beidh ar an ealaíontóir a bheith i dteagmháil le Bainisteoir an Tionscadail agus tuairiscí a chur faoina bráid agus cuir i láthair a dhéanamh nuair is gá do na Grúpaí Stiúrtha cuí agus do na páirtithe leasmhara.

2.4 Buiséad an Tionscadail£98,000 (CBL san áireamh) an buiséad don tionscadal seo.

Clúdaíonn an buiséad seo tréimhse taighde agus forbartha, comhairliúchán, déanamh na deilbhe, dúshraith agus suiteáil na deilbhe, agus na costais bhainteacha iompair agus taistil.

Beidh ar an ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí fochonarthaí a shocrú agus bainistiú a dhéanamh ar an obair uile a bhaineann leis an dealbh a chríochnú.

Page 9: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 9

2.5 Ról an Ealaíontóra

• Beidh an t-ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí freagrach as coincheap, dearadh, déanamh agus suiteáil na deilbhe i gcomhairliúchán le Bainisteoir an Tionscadail, le Grúpa Stiúrtha an Tionscadail agus le hionadaithe eile na Cultúrlainne, Ionad Spectrum, Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste agus le páirtithe leasmhara an tionscadail.

• Tabharfaidh an t-ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí na líníochtaí cuí deartha agus na sonraíochtaí cuí faoi choinne na suiteála do Bhainisteoir an Tionscadail le go mbeidh siad faofa sula gcuirfear tús le déanamh na deilbhe.

• Cuirfidh an t-ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí na líníochtaí cuí deartha agus na sonraíochtaí cuí ar fáil in iarratais le cead pleanála a fháil.

• Cuirfidh an t-ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí sceideal sonraithe oibre ar fáil suas go dtí an pointe a bheidh an obair curtha i gcrích, agus déanfaidh siad maoirsiú ar gach gné den déanamh agus den tsuiteáil i gcomhar le foireann na Cultúrlainne agus le speisialtóirí seachtracha.

• Glacfaidh an t-ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí páirt i ndeiseanna preasa agus margaíochta ar bith a bhainfidh leis an obair.

2.6 Ceisteanna Ealaíne agus Teicniúla Ba chóir go mbeadh an méid seo a leanas fíor faoin dealbh:

· Beidh sí mar fhreagairt mhealltach, dhinimiciúil, shainiúil ar an suíomh seo

· Beidh sí de scála a fhóireann don suíomh

· Beidh sí suntasach agus feiceálach

· Beidh sí déanta le hábhar fóirsteanach agus ar ardchaighdeán

· Beidh sí sábháilte agus ní bheidh aon bhaol ann do dhaoine a théann thart léi

· Beidh sí daingean, furasta le cothabháil a oiread agus is féidir, agus níor chóir go mbeadh sé éasca loitiméireacht a dhéanamh uirthi.

2.7 Critéir Roghnúcháin don Ealaíontóir / Fhoireann Ealaíontóirí Céim 1: (tá formáid na n-iarratas i gCéim 1 le fáil in Aguisín 1)

Cuid Ualú

1. Sonraí na n-ealaíontóirí Ní bhaineann sé le hábhar

2. Árachas Pas/teip

Page 10: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 10

Bronnfaidh an Painéal Roghnúcháin an conradh don choimisiúnú ar an ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí bunaithe ar an mholadh a chuirfidh siad isteach agus ar an chur i láthair ina dhiaidh sin má chuirtear ar an ghearrliosta iad.

Is iad Bainisteoir an Tionscadail agus ionadaithe ón Chultúrlann, ó Ionad Spectrum, ó Ghrúpa Stiúrtha an Tionscadail, ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste a bheidh ar an Phainéal Roghnúcháin.

2.8 Freagrachtaí an Ealaíontóra / na bhFoirne Ealaíontóirí Beidh an t-ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí a roghnófar freagrach as na nithe seo a leanas:

⋅ Teagmháil le Bainisteoir an Tionscadail agus le páirtithe leasmhara an Tionscadail maidir le gach gné den tionscadal;

⋅ Taifead a dhéanamh de dhearadh agus sonraíochtaí an tionscadail;

⋅ Na hábhair uile a bheidh de dhíth don tionscadal a sholáthar agus a mhaoiniú, riachtanais sábháilteachta na n-oibreacha san áireamh;

⋅ A chinntiú go ndéantar de réir na ngnáthamh cuí sábháilteachta ar an suíomh agus an dealbh á hullmhú agus á suiteáil;

⋅ An suíomh a ullmhú;

⋅ Déanamh agus suiteáil na deilbhe;

⋅ An tionscadal a chríochnú taobh istigh den tréimhse ama a bheidh curtha ar fáil faoina choinne;

⋅ A bheith páirteach i ngníomhaíochtaí margaíochta, amhail seisiúin ghrianghrafadóireachta, cead a thabhairt le líníochtaí a úsáid, agus aon ghníomhaíocht réasúnta eile a iarrfaidh an Chultúrlann, Comhairle Cathrach Bhéal Feirste nó Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann orthu a dhéanamh;

⋅ Cur leis na tuairiscí agus na measúnachtaí riachtanacha a bheidh le déanamh ag deireadh an chláir;

⋅ Freastal ar chruinnithe faoi dhul chun cinn na hoibre nuair is gá;

⋅ Teagmháil a choinneáil leis na príomhpháirtithe leasmhara;

⋅ Bainisteoir an Tionscadail a choinneáil ar an eolas faoi fhorbairt an tionscadail;

3. Ceisteanna a bhaineann go sonrach le riachtanais - Taithí ábhartha ar a bheith ag obair ar dhealbha poiblí / iarchliaint - Cáilíocht na healaíne - Cur chuige agus bainistiú an tionscadail - Ag obair leis an phobal - Cur chuige i leith an deartha agus teagmháil leis an chliant

(100% san iomlán) 40 30 10 10 10

Cuid Ualú

Page 11: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 11

⋅ Sceideal cothabhála 5 bliana nó do shaolré an tsaothar ealaíne a chur ar fáil, cibé ceann acu is faide;

⋅ Lochtanna a dheisiú / cheartú taobh istigh de bhliain ó shuiteáil na deilbhe;

⋅ Gach gné de riachtanais a bhaineann le cúnamh teicniúil a bhainistiú de réir mar is gá, lena n-áirítear tuarascáil ó innealtóir struchtúr, agus na táillí bainteacha uile a íoc nuair is gá;

⋅ Beidh ar an ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí fianaise ar chaiteachas a sholáthar mar aon le buiséad miondealaithe tionscadail a léiríonn na costais uile, eachtraí teagmhasacha san áireamh. Caithfidh gach íocaíocht, dearadh, déanamh cáipéisí, ábhair, déanamh na deilbhe agus seachadadh na deilbhe chuig an suíomh a bheith clúdaithe;

⋅ Comhaontófar clár oibreacha agus sceideal gaolmhar íoca leis an ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí agus beidh sé bunaithe ar na gníomhaíochtaí a dhéanfar.

2.9 Freagrachtaí na Cultúrlainne Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus na hionadaithe a cheapann sí freagrach as na nithe seo a leanas:

⋅ Monatóireacht agus measúnacht a dhéanamh ar an tionscadal ar son mhaoinitheoirí an tionscadail;

⋅ Comhordnú a dhéanamh le maoinitheoirí an tionscadail agus riachtanais mhaoiniúcháin a chomhlíonadh;

⋅ A chinntiú go bhfuil pleananna bainistithe tionscadail i bhfeidhm ag an ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí, más gá;

⋅ A bheith mar phríomhtheagmhálaí leis an ealaíontóir / fhoireann ealaíontóirí;

⋅ Sonraí teagmhála pháirtithe leasmhara agus úinéirí talún a chur ar fáil; comhairle a thabhairt maidir leis na riachtanais agus na sonraí suiteála;

⋅ Margaíocht a dhéanamh ar an tionscadal agus tuairiscí a chur chuig na maoinitheoirí;

⋅ An t-ealaíontóir / na healaíontóirí a chur ar an eolas más rud é go gcaithfear an saothar ealaíne a athlonnú nó a athrú nó a scrios amach anseo;

⋅ An caidreamh leis na páirtithe leasmhara a éascú de réir mar a iarrfar agus de réir mar is cuí;

⋅ An tionscadal a mhaoirsiú ina iomláine.

⋅ Ba le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich aon íomha a bhaineann leis an tógra seo.

2.10 Gearrliosta Chéim 2Cuirfear cuireadh roimh suas le cúigear ealaíontóirí ar an ghearrliosta freastal ar agallamh neamhfhoirmiúil le baill den phainéal leis an chur chuige molta i leith an tionscadail a shoiléiriú. Iarrfar ar na healaíontóirí cur i láthair gairid a dhéanamh faoin obair atá déanta acu san am atá caite agus sonraí a thabhairt ar an chur chuige a bhí acu i leith gach tionscadail.

Page 12: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 12

Cuirfear cuireadh roimh na healaíontóirí ar an ghearrliosta cuairt a thabhairt ar an suíomh roghnaithe agus cuirfidh Bainisteoir an Tionscadail agus ionadaithe eile ó Ghrúpa Stiúrtha an Tionscadail na téarmaí tagartha uile faoin choimisiúnú in iúl dóibh.

3 Amlíne an Tionscadail

4 ÚinéireachtBeidh an saothar ealaíne faoi úinéireacht Cultúrlann McAdam Ó Fiaich i ndiaidh dó a bheith suiteáilte ag an ealaíontóir / fhoireann deartha. Clúdóidh an conradh don tionscadal seo cúram agus cothabháil fhóirsteanach don saothar, cóipcheart an ealaíontóra agus aitheantas don ealaíontóir.

5 Sceideal Íocaíochta Beidh an t-ealaíontóir rathúil fostaithe ag an Chultúrlann agus is é seo a leanas an sceideal íocaíochta:

• 30% a íocfar nuair a shíneofar an conradh;

• 30% a íocfar nuair a bheidh an saothar ealaíne déanta le cré agus faofa ag an chliant, agus sin uile sula ndéanfar an múnla;

• 40% a íocfar nuair a bheidh Comhairle Cathrach Bhéal Feirste i ndiaidh glacadh leis an dearadh agus na riachtanais tuairiscithe curtha i gcrích.

*Braitheann an sceideal íocaíochta seo ar airgead ag teacht ón Comhairle Ealaíona agus Comhairle Cathrach Béal Feirste in am.

6 Iarratais a Chur IsteachTá sonraí faoi na riachtanais d’iarratais Chéim 1 le fáil in Aguisín 1.

Imeacht Dáta

Tús le próiseas iarratais Chéim 1 agus fógra poiblí An 12ú Lúnasa 2015

Spriocdháta le hiarratais Chéim 1 a fháil An 4ú Meán Fómhair 2015

Na healaíontóirí a chur ar an eolas go bhfuil siad ar an ghearrliosta

An 8ú Meán Fómhair 2015

Cuairt ar an Suíomh Le deimhniú

Spriocdháta le míreanna uile Chéim 2 a fháil 7ú Deiredh Fómhair 2015

Cuir i láthair leis na healaíontóirí ar an ghearrliosta 14ú Deireadh Fómhair 2015

Na healaíontóirí a chur ar an eolas go bhfuil siad ceaptha 16ú Deireadh Fómhair 2015

Page 13: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 13

Ba chóir 2 chóip chrua de gach iarratas a chur chuig:

Bainisteoir Thionscadal na FearsaideCultúrlann McAdam Ó Fiaich216 Bóthar na bhFálAn Cheathrú GaeltachtaBéal Feirste BT12 6AH

• Iarrtar ort “Tionscadal Ealaíne na Fearsaide” a scríobh go soiléir ar chlúdach d’iarratais.

• An 4ú Meán Fómhair 2015 an dáta deiridh a ghlacfar le hiarratais.

• Gaeilge nó Béarla teanga na n-iarratas agus steirling airgeadra na bpraghsanna a luaifear sna hiarratais.

• Déanfar an t-eolas a chuirfear isteach a sheiceáil lena fheiceáil an bhfuil sé iomlán agus ag teacht leis na treoracha sula ndéanfar é a mheasúnú.

7 Iarratais le hEolas a ShoiléiriúCuirtear iarratais le heolas a shoiléiriú agus iarratais ar thuilleadh eolais maidir leis an tionscadal seo agus ceisteanna faoin soláthar trí ríomhphost chuig: [email protected]

Níor chóir teagmháil a dhéanamh le duine ar bith eile sa Chultúrlann nó in Ionad Spectrum nó le duine ar bith a bhaineann le ceachtar ionad maidir leis an choimisiúnú seo, agus níor chóir teagmháil a dhéanamh leo ar dhóigh ar bith eile.

Má shíleann an Chultúrlann go bhfuil suntas ábhartha ag baint le ceist nó le hiarratas ar bith le heolas a shoiléiriú, cuirfear an cheist agus an freagra chuig na healaíontóirí / foirne ealaíontóirí uile a mbeidh na cáipéisí faighte acu roimh an spriocdháta agus an spriocam. Ní luaifear ainmneacha na ndaoine a chuirfidh na ceisteanna.

Caithfear ceisteanna den chineál seo a chur isteach dhá lá ar a laghad roimh spriocdháta agus spriocam phróiseas Chéim 1 (an 2ú Meán Fómhair 2015 an dáta deiridh a ghlacfar le ceisteanna agus le hiarratais le heolas a shoiléiriú).

8 Measúnacht TorthaíCuirfidh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich na hiarratasóirí rathúla agus neamhrathúla araon ar an eolas i scríbhinn.

9 An Ceart Treoracha Breise a EisiúintLe linn na tréimhse soláthair, tá sé de cheart ag an Chultúrlann athruithe a dhéanamh ar cháipéisí Chéim 2, agus glacfaidh na hiarratasóirí leis na hathruithe sin agus cuirfear i bhfeidhm iad san iarratas deiridh.

10 Caiteachas agus CaillteanaisNí bheidh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich freagrach as caiteachas breise ná caillteanais ar bith a thabhóidh an t-iarratasóir agus an t-iarratas á ullmhú aige/aici ná agus na coinníollacha atá leagtha amach anseo á gcomhlíonadh aige/aici, agus ní íocfaidh an Chultúrlann as aon chaiteachas breise ná caillteanais.

Page 14: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 14

11 Iarratas a Ullmhú Tá sé d’fhreagracht ar an ealaíontóir / na foirne ealaíontóirí aon eolas eile atá riachtanach agus a gcuid iarratas á n-ullmhú acu a fháil iad féin agus ar a gcostas féin.

12 RúndachtCaithfidh iarratasóirí leis an eolas uile a chuirfidh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar fáil maidir le próiseas Chéim 1 mar eolas rúnda, ach is ceadmhach an t-eolas a nochtadh nuair is gá ar mhaithe le hurraí, ráthaíochtaí agus tairiscintí atá riachtanach a fháil leis an mholadh a ullmhú agus a chur isteach; is féidir an t-eolas a nochtadh de réir mar is gá trí oibriú an dlí.

13 Úinéireacht Cáipéisí IarrataisIs í Cultúrlann McAdam Ó Fiaich úinéir na gcáipéisí a bhfuil na hiarratais comhdhéanta díobh agus is mar sin a bheidh. Is le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich an saothar ealaíne i ndiaidh dó a bheith suiteáilte.

14 Cáipéisí Sonraithe a Thabhairt Ar Ais Muna gcuirtear na cáipéisí sonraithe uile ar ais faoin spriocdháta, nó faoi aon dáta eile ina dhiaidh sin a bheidh forordaithe, féadfaidh sé nach mbreithneofar an t-iarratas.

15 Iarratais a CháiliúNí ghlacfar mar leasuithe bailí leasuithe ar bith a dhéanfar ar cháipéisí Chéim 1, ach amháin na leasuithe sin a n-éileoidh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich iad (i scríbhinn) nó a cheadóidh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich iad (i scríbhinn). Má dhéantar iarratais a cháiliú, seans nach nglacfar leo.

16 An Ceart Eolas Breise a IarraidhTá sé de cheart ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich a éileamh ar aon iarratasóir eolas breise a chur ar fáil leis an eolas a thugann sé/sí mar fhreagairt ar na hiarratais atá leagtha amach sa cháipéis seo do Chéim 1 a shoiléiriú nó le cur leis. Féadfaidh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich comhairle neamhspleách airgeadais agus margaidh a lorg fosta leis an eolas a thugann iarratasóirí a dhearbhú nó le cuidiú léi na hiarratais a mheasúnú.

17 Critéir MheasúnachtaTá na critéir mheasúnachta agus an mheicníocht scórála leagtha amach thuas – “Critéir Roghnúcháin don Ealaíontóir / Fhoireann Ealaíontóirí”.

Tá sé mar aidhm ag an Phainéal Roghnúcháin ealaíontóir amháin / foireann amháin ealaíontóirí a cheapadh, ach tá sé de cheart ag an phainéal gan aon duine a cheapadh.

18 Easaontas LeasaBeidh ar na healaíontóirí a bheith ionraic, neamhchlaonta, macánta, oibiachtúil i gcónaí. Ciallaíonn sé sin gur chóir aon leas príobháideach, deonach, carthanachta nó polaitíochta a

Page 15: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 15

d’fhéadfadh a bheith ábhartha nó bainteach le hobair an tionscadail seo a nochtadh. Caithfear fíor-easaontas leasa nó easaontas leasa braite a nochtadh, mar thiocfadh le heasaontas dealraitheach a bheith chomh dochrach céanna le heasaontas iarbhír.

Tá sé tábhachtach gach easaontas leasa féideartha a nochtadh ag tús an phróiseas ceapacháin. Déanfar gach iarratas a mheasúnú bunaithe ar an chaighdeán agus ní chaithfear leo go fabhrach ná go mífhabhrach as siocair go bhfuil easaontas leasa iarbhír nó braite ann.

19 TeidlíochtTá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich tiomanta do chomhdheiseanna a thabhairt do chách; déanfar na hiarratais a mheasúnú bunaithe ar a bhfuil iontu agus ar an chaighdeán a bhaineann leo, agus ní bheidh aon chlaontacht ann.

20 Saoráil Faisnéise Éilítear ar ealaíontóirí Ráiteas ar Shaoráil Faisnéise a líonadh - Aguisín 3.

Page 16: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 16

Aguisín 1: Formáid na nIarratas: Céim 1

Ba chóir 2 chóip chrua de gach iarratas a chur isteach san fhormáid seo a leanas:

A. Sonraí an ealaíontóra / na bhfoirne ealaíontóirí

1.1 Ainm an iarratasóra nó na foirne

1.2 Teagmhálaí má bhíonn ceisteanna ann

1.3 Seoladh

1.4 Uimhir ghutháin

1.5 Seoladh ríomhphoist

1.6 Suíomh gréasáin

1.7 An bhfuil tú cláraithe faoi choinne CBL? Má tá, tabhair an uimhir.

1.8 An comhlacht teoranta, trádálaí aonair nó comhpháirtíocht atá ionat/ionaibh?

An tusa an príomhealaíontóir?

2 Árachas Iarrtar ort fianaise a thabhairt go bhfuil Árachas Dliteanais Phoiblí agus Táirgí suas go £10 milliún agat.

An bhfuil árachas dliteanas fostóra agat?

Iarrtar ort a dhearbhú go mbeidh tú toilteanach an leibhéal ceart árachais a fháil le teacht le coinníollacha an chonartha má bhronntar an conradh ort.

Page 17: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 17

B. Ceisteanna a bhaineann go sonrach le riachtanais

1 Taithí ar a bheith ag obair ar dhealbha poiblí agus iarchliaint

Tabhair liosta suas go cúigear agus 12 shampla ar a mhéad d’obair atá déanta agat a bhí cosúil leis an tionscadal seo. Luaigh ainm agus sonraí teagmhála an té a choimisiúnaigh an obair (más féidir), suíomh an tsaothair, luach an tsaothair, an dáta a rinneadh é, sonraí ábhartha eile a bhaineann leis an ábhar agus cuir síos ar pháirtíocht na páirtithe leasmhara.

Iarrtar ort íomhánna agus sonraí a thabhairt (jpeg/pdf agus cóip chrua).

250 focal ar a mhéid faoi gach saothar ealaíne.

2 Caighdeán na hEalaíne

Déanfar é seo a mheasúnú bunaithe ar na híomhánna a chuirfidh tú ar fáil mar fhianaise ar an obair atá déanta agat san am a chuaigh thart.

3 Cur chuige agus bainistiú an tionscadail Cuir cáipéis ar fáil a chuireann síos ar an chur chuige a bhí agat i leith seachadadh na gcúig shaothar ealaíne atá luaite i gCeist 1 thuas.

250 focal ar a mhéid faoi gach saothar ealaíne.

4 Cur chuige maidir le dearadh agus teagmháil le páirtithe leasmhara

Déan tagairt do na cúig shaothar ealaíne atá déanta agat agus cuir síos ar an dóigh a d’obair tú leis an chliant agus leis na príomhpháirtithe leasmhara.

500 focal ar a mhéid maidir le gach saothar ealaíne.

5 Cad chuige a bhfuil spéis agat sa tionscadal seo?

Mínigh cad chuige a bhfuil spéis agat sa tionscadal seo – 250 focal ar a mhéid.

250 focal ar a mhéid.

Page 18: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 18

Aguisín 2: Pleananna agus Pictiúir den Suíomh

!

!

Radharc 1: An bealach isteach chuig an suíomh

Page 19: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 19

!

!

Radharc 2: Íomhánna den suíomh san earrach

Page 20: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 20

!

Radharc 3: An suíomh sa samhradh: cluain féir agus bóthar rochtana

Page 21: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 21

!

Radharc 4: Radharc níos gaire den bhóthar rochtana

Page 22: River farset (gae)public art project tairscint gae (2)

! 22

Aguisín 3 Ráiteas faoi Shaoráil Faisnéise

Líon isteach 1, 2 agus 3 thíos de réir mar is cuí. Cuir do shíniú agus an dáta leis, agus cuir isteach é le d’iarratas.

Dar liom/linn:

1. Níl cuid ar bith den eolas atá tugtha leis an iarratas seo íogair Is fíor / Ní fíor

2. Níor chóir an t-eolas atá curtha isteach leis an tairiscint seo a nochtadh mar tá sé íogair. Luaigh na fáthanna, le do thoil.

___________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________________

3. Luaigh an tréimhse a mbeidh an t-eolas seo íogair ó thaobh tráchtála de.

_____________________________________

Síniú: _____________________________________

Bloclitreacha: _____________________________________

Faoi choinne agus ar son: _____________________________________

Dáta: _____________________________________