wordpress.com · web viewaithníonn an bord bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an...

16
Achomharc chuig an mBord Pleanála: Deireadh Fómhair 2018 Scoil Éinne An Spidéal, Co na Gaillimhe Uimhir Rolla: 20115F Teileafón : (091) 504970 Príomhoide : Pádraigín Ní Lionnáin Ríomhphost :[email protected] Príomhoide Ionaid Ghníomhach : Bairbre Ní Churraoin Suíomhghréasáin: www.scoileinne.ie Ábhar: Achomharc maidir le cead a thug Comhairle Contae na Gaillimhe ar an gcéad lá de Dheireadh Fómhair 2018 le hIonad Cóireála fuíolluisce a fhorbairt sa Spidéal, Co. na Gaillimhe. Uimhir Thagartha Pleanála:18/766 Ó: An Bord Bainistíochta, Scoil Éinne, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Chuig: An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoil Bhríde, Baile Átha Cliath 1. Dáta: 24 Deireadh Fómhair 2018. Faoi iamh: Admháil ón gComhairle Chontae gur chuir Bord Bainistíochta Scoil Éinne tuairimí chun cinn nuair a chuir Uisce Éireann isteach ar chead pleanála

Upload: others

Post on 29-Dec-2020

4 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: WordPress.com · Web viewAithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an infreastruchtúr áitiúil le cur leis na deiseanna cóireáil a dhéanamh ar fhuíolluisce

Achomharc chuig an mBord Pleanála: Deireadh Fómhair 2018

Scoil ÉinneAn Spidéal, Co na Gaillimhe

Uimhir Rolla: 20115F Teileafón : (091) 504970 Príomhoide : Pádraigín Ní Lionnáin Ríomhphost :[email protected]íomhoide Ionaid Ghníomhach : Bairbre Ní Churraoin Suíomhghréasáin: www.scoileinne.ie

Ábhar: Achomharc maidir le cead a thug Comhairle Contae na Gaillimhe ar an gcéad lá de Dheireadh Fómhair 2018 le hIonad Cóireála fuíolluisce a fhorbairt sa Spidéal, Co. na Gaillimhe. Uimhir Thagartha Pleanála:18/766

Ó: An Bord Bainistíochta, Scoil Éinne, An Spidéal, Co. na Gaillimhe.

Chuig: An Rúnaí, An Bord Pleanála, 64 Sráid Mhaoil Bhríde, Baile Átha Cliath 1.

Dáta: 24 Deireadh Fómhair 2018.

Faoi iamh:

Admháil ón gComhairle Chontae gur chuir Bord Bainistíochta Scoil Éinne tuairimí chun cinn nuair a chuir Uisce Éireann isteach ar chead pleanála

Tuairimí an Bhoird chuig rannóg pleanála Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Iúl 2018

Ordú poist ar €220 mar íocaíocht táille

Cáipéis ina leagtar amach údar an achomhairc

Coimriú i mBéarla ar an achomharc

Aguisíní

Page 2: WordPress.com · Web viewAithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an infreastruchtúr áitiúil le cur leis na deiseanna cóireáil a dhéanamh ar fhuíolluisce

Achomharc chuig an mBord Pleanála: Deireadh Fómhair 2018

1. Cúram a dhéanamh de gach gné de ghnó na scoile an dualgas tromchúiseach atá leagtha ar Bhord Bainistíochta Scoil Éinne. Tá an t-ionad atá á cheadú ag Comhairle Contae an Gaillimhe d’Uisce Éireann díreach le hais na scoile agus dá bharr sin is cás leis an mBord aon fhorbairtí a bheadh á mbeartú in aice na scoile.

2. Aithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an infreastruchtúr áitiúil le cur leis na deiseanna cóireáil a dhéanamh ar fhuíolluisce i gceantar an Spidéil. Is cinnte gur ar leas an phobail ar fad go dtógfaí a leithéid de chóras.

3. Tá teorainn thalamh na scoile buailte díreach le teorainn an ionaid. Tá clós spraoi agus páirc imeartha na scoile díreach ar an taobh eile den chlaí ón ionad atá ceadaithe faoi réir roinnt coinníollacha. Faoi láthair, tá os cionn dhá chéad dalta agus foireann de suas le scór duine i Scoil Éinne. Is cuid lárnach d’obair agus d’imeachtaí laethúla na scoile gach a dtarlaíonn ar an láthair seo: bíonn gasúir agus foireann na scoile gníomhach ar an láthair sin chuile lá. Feictear don Bhord Bainistíochta(BB) go sáraíonn an t-iarratas seo an t-achar a mholann Lámhleabhar an Ghníomhaireacht um Chóireáil Comhshaoil do phobail bheaga, do ghnólachtaí, do shólanna agus d’óstáin maidir le hachar idir chorais cóireála agus na hionaid sin (1999). Luaitear sa Lámhleabhar 'There should be a buffer zone around wastewater treatment systems’. Léirítear i dTábla 4, leathanach 12 sa lámhleabhar ‘recommended minimum distances which should be used as a guide to avoiding odour and noise nuisance from a wastewater treatment system.’( Aguisín 1)

4. Léirítear ar leathanach a 4 ‘Noise Impact’ i gcáipéis de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe ‘RE: Part 8 of the Planning and Development Regulations 2001, Carraroe Sewerage Scheme, Wastewater Treatment Plant’ (Aguisín 2) gur cheart go mbeadh na haonaid mheicniúla ar shuíomh an ionaid atá beartaithe, 75m ó thithe. Seo atá molta ag Comhairle Chontae an Gaillimhe féin: nár chóir go mbeadh an Chomhairle de réir oird ar fud an Chontae?

5. Luaitear criosanna maolánacha ó ionaid cóireála fuíolluisce i dtuairisc a réitigh BL Engineers ‘Irish Water & Wicklow County Council, Arklow Wastewater Treatment Works, Site Assessment Report – Revised Phase 1

Page 3: WordPress.com · Web viewAithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an infreastruchtúr áitiúil le cur leis na deiseanna cóireáil a dhéanamh ar fhuíolluisce

Achomharc chuig an mBord Pleanála: Deireadh Fómhair 2018

(Oct 2014)’ . Deirtear i mír a 3.7 ( Aguisín 3) den tuairisc seo ag tagairt do ghrúpaí leochaileacha - ‘given that neither Arklow Town Council nor Wicklow County Council Development Plans provide any recommended buffer zones for WWTP’s, a 100m buffer zone was applied to residential receptors and a 50m buffer zone applied to commercial receptors. (as agreed with Wicklow County Council)’.

6. Tá pictiúir faoi iamh anseo( Aguisín 4) a léiríonn go beacht cá bhfuil an clós spraoi agus an áit atá beartaithe don chóras cóireála sa Spidéal. . Tá léaráid leis an gcáipéis seo freisin(Aguisín 5) a léiríonn an t-achar ó thaobh méadair de agus is féidir a fheiceáil go soiléir a chongaraí is atá an t-ionad nua do chlós na scoile.

7. Tagraíonn freagra a sheol Uisce Éireann (UÉ) ar an 4 Meán Fómhair chuig an gComhairle do thoisí éagsúla ón bpáirc imeartha agus ón gclós scoile: ní thagann na toisí atá againne leis na toisí atá luaite ag UÉ (Aguisín 6).

8. Is údar míshásaimh agus imní don Bhord an neamh-chinnteacht a léirítear san iarratas maidir le boladh agus truailliú aeir. Focail a chothaíonn an-éiginnteacht ar nós ‘unlikely , ‘not likely’ ,‘not expected’ agus ‘will not be significant’ atá luaite san iarratas pleanála (Aguisín 7) agus tagairt á dhéanamh do bholadh agus do chaighdeán an aeir. Ionad a fheidhmeoidh ar feadh 50 bliain atá beartaithe anseo: ní mór a bheith cinnte nach bhfuil aimhreas ar bith faoi chaighdeáin an aeir ar láthair na scoile.

9. Tá cúram ar an mBB leas na scoile faoi láthair agus gach a bhféadfadh a bheith i ndán di a chosaint. Chuige sin, ní mór don Bhord a chinntiú nach ndéantar aon rud a d’fhéadfadh bac a chur ar scoil ar bhealach ar bith. Is scoil í seo atá ag forbairt ó thaobh líon daltaí, líon foirne agus acmhainní fisiciúla. Táthar ag cur le háiseanna an chlóis i mbliana mar a tharlaíonn agus suim shuntasach airgid á caitheamh air sin.Tá líon na ndaltaí ag dul i méid agus ní fada go mbeidh gá le seomra ranga breise. Níl ceann sa scoil faoi láthair, chaithfí ceann a thógáil agus cur le foirgneamh na scoile. (Aguisín 8) Ní mian leis an mBB go mbeadh laincis ar bith air maidir le roghanna a bheadh le déanamh amach anseo dá mbeifí ag cur le háiseanna scoile. Is cinnte gur amhlaidh a bheadh dá mbeadh ionad cóireála ar an taobh eile den chlaí.

Page 4: WordPress.com · Web viewAithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an infreastruchtúr áitiúil le cur leis na deiseanna cóireáil a dhéanamh ar fhuíolluisce

Achomharc chuig an mBord Pleanála: Deireadh Fómhair 2018

Is é tuairim Bhord Bainistíochta Scoil Éinne gur cheart an tIonad Coireála seo, ionad a theastaíonn go géar, a lonnú ar láthair nach bhfuil buailte ar chlaí teorann na scoile. Tá a bhfuil beartaithe róghar don scoil.

Iarrann muid ar an mBord Pleanála treoirlínte dea-chleachtais a chur i bhfeidhm agus a chinntiú nach mbeidh an tIonad buailte ar an scoil agus leis an tsaoirse a thabhairt do Scoil Éinne smacht a bheith aici i leith forbairtí scoile amach anseo.

Page 5: WordPress.com · Web viewAithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an infreastruchtúr áitiúil le cur leis na deiseanna cóireáil a dhéanamh ar fhuíolluisce

Achomharc chuig an mBord Pleanála: Deireadh Fómhair 2018

Aguisín 1

Tábla 4 : Leathanach 12 : Lámhleabhar an Ghníomhaireacht um Chóireáil Comhshaoil

Tá an méid seo a leanas curtha in iúl ag an Roinn Titíochta, Pleanála agus RialtaisÁitiúil - ‘Irish Water’s site selection process is informed by EPA guidelines. TheEnvironmental Protection Agency (EPA) Guidance document: ‘WastewaterTreatment Manuals – Treatments Systems for Small Communities, Business, LeisureCentres and Hotels’ sets out that 50m is the recommended distance that a wastewatertreatment plant, with a treatment capacity of 161 population equivalent or more,should be located from sensitive receptors.’ Is grúpa leochaileach iad gasúir, dar linn.

Page 6: WordPress.com · Web viewAithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an infreastruchtúr áitiúil le cur leis na deiseanna cóireáil a dhéanamh ar fhuíolluisce

Achomharc chuig an mBord Pleanála: Deireadh Fómhair 2018

Aguisín 2

Comhairle Contae na Gaillimhe 16.1.09

Leathanach a 4 ‘Noise Impact’ i gcáipéis de chuid Chomhairle Contae na Gaillimhe ‘RE: Part 8 of the Planning and Development Regulations 2001, Carraroe Sewerage Scheme, Wastewater Treatment Plant’ gur cheart go mbeadh na haonaid mheicniúla ar shuíomh an ionaid atá beartaithe, 75m ó thithe.

Comhairle Contae na Gaillimhe 16.1.09

Page 7: WordPress.com · Web viewAithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an infreastruchtúr áitiúil le cur leis na deiseanna cóireáil a dhéanamh ar fhuíolluisce

Achomharc chuig an mBord Pleanála: Deireadh Fómhair 2018

Aguisín 3

https://www.water.ie/docs/Arklow_WwTP_site_assessment

https://www.water.ie/projects-plans/greater-dublin/Phase-2-Site-Assessment-Report-December-2015.pdf

Page 8: WordPress.com · Web viewAithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an infreastruchtúr áitiúil le cur leis na deiseanna cóireáil a dhéanamh ar fhuíolluisce

Achomharc chuig an mBord Pleanála: Deireadh Fómhair 2018

Aguisín 4

Pictiúir a léiríonn go beacht cá bhfuil an clós spraoi agus an áit atá beartaithe do chóras cóireála sa Spidéal.

3

Daltaí na scoile

An suíomh don ionad cóireála UÉ

Page 9: WordPress.com · Web viewAithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an infreastruchtúr áitiúil le cur leis na deiseanna cóireáil a dhéanamh ar fhuíolluisce

Achomharc chuig an mBord Pleanála: Deireadh Fómhair 2018

Tá sé beartaithe go dtógfar an t-ionad cóireála fuíolluisce ar an láthair a bhfuil ciorcal dubh timpeall air.

Aguisín 5Léiríonn an léaráid seo go mbeidh an córas cóireála 32.6m ó chlós spraoi na scoile.

Page 10: WordPress.com · Web viewAithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an infreastruchtúr áitiúil le cur leis na deiseanna cóireáil a dhéanamh ar fhuíolluisce

Achomharc chuig an mBord Pleanála: Deireadh Fómhair 2018

Is féidir a fheiceáil go soiléir a chongaraí is atá an t–ionad nua do chlós na scoile.

Aguisín 6

Page 11: WordPress.com · Web viewAithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an infreastruchtúr áitiúil le cur leis na deiseanna cóireáil a dhéanamh ar fhuíolluisce

Achomharc chuig an mBord Pleanála: Deireadh Fómhair 2018

Beidh an t-ionad 32.6 m ón gclós scoile agus ní 37.1m mar atá luaite ag UÉ.

Aguisín 7

Léiríonn an léaráid seo go mbeidh an córas cóireála 32.6m ó chlós spraoi na scoile.

Page 12: WordPress.com · Web viewAithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an infreastruchtúr áitiúil le cur leis na deiseanna cóireáil a dhéanamh ar fhuíolluisce

Achomharc chuig an mBord Pleanála: Deireadh Fómhair 2018

BOLADH agus TRUAILLIÚ AEIR

(1)Tá tagairt don bhaol a d’fhéadfadh a bheith i gceist do shláinte na ndaoine sa ‘EIA Screening Report’ agus a cuireadh leis an iarratas pleanála 18/766. ‘During construction there will be exhaust emissions from construction vehicles, plant and equipment… During operation odour will not be significant. The proposed treatment processes are not likely to be a source of odours due to the distance from existing sensitive receptors, the scale and the type of treatment processes proposed. … the surface area of the primary settlement tank is not expected to be a source of odours.’

(2)Sa mhír a bhaineann le ‘Air Quality & Odour, Operational Impacts’ san iarratas pleanála, deirtear ann - ‘it is considered unlikely that the proposed development of Spiddal WWTP would generate adverse air quality impacts.’ In addition, ‘the proposed treatment processes are unlikely to be the source of malodours that would present an odour nuisance. The processes that are most vulnerable to odours are the inlet works and the sludge holding tanks’.. (Mír 4.9.3 – Spiddal Planning and Environmental Considerations Report)

(3)'The Primary Settlement Tank and the Final Settlement Tank are unlikely to be the source of odour nuisance’. (Mír 1.8.4 - Spiddal Planning and Environmental Considerations Report)

Aguisín 8

Page 13: WordPress.com · Web viewAithníonn an Bord Bainistíochta go bhfuil géarghá le cur leis an infreastruchtúr áitiúil le cur leis na deiseanna cóireáil a dhéanamh ar fhuíolluisce

Achomharc chuig an mBord Pleanála: Deireadh Fómhair 2018

Ciorclán 10/2018 An Roinn Oideachais agus Scileanna / Aguisín 9

Sceideal Rollaithe Daltaí a theastaíonn do cheapadh agus do Choinneáil

Scoilbhliain 2018/2019. Rollacháin Scoil Éinne is ea 211 daltaí. Tá líon na ndaltaí ag dul i méid agus ní fada go mbeidh gá le seomra ranga breise. Níl ceann sa scoil faoi láthair, chaithfí ceann a thógáil agus cur le foirgneamh na scoile.

Tá 211 daltaí cláraithe i Scoil Éinne don scoilbhliain 2018-2019.

Beidh múinteoir príomhshrutha nua á cheapadh nuair a bheidh 226 daltaí cláraithe sa scoil. Beidh gá seomra ranga nua a thógáil ar láthair na scoile.

Ní mian leis an mBord go mbeadh laincis ar bith air maidir le roghanna a bheadh le déanamh amach anseo dá mbeifí ag cur le háiseanna scoile m.sh seomra ranga.