to the principals and boards of management of …¡in-agus-foirmeacha...circular letter 0028/2018 to...
TRANSCRIPT
Circular Letter 0028/2018
To the Principals and Boards of Management of Second-Level Schools and Special Schools,
and to the Chief Executives of Education and Training Boards
Prescribed Material for the Junior Certificate/Junior Cycle Examination in 2020 and
Leaving Certificate Examination in 2020
The Department of Education and Skills
(a) wishes to inform the management authorities of second-level schools that the prescribed material
for the Junior Certificate/ Junior Cycle and Leaving Certificate Examinations in 2020 is on the
attached list
(b) requests school authorities to give adequate notice of these texts to students before the start of the
relevant school year.
__________________
Imlitir 0028/2018
Chuig: Príomhoidí agus Boird Bhainistíochta na Scoileanna Dara Leibhéal agus na
Scoileanna Speisialta, agus Príomhfheidhmeannaigh na mBord Oideachais agus Oiliúna
Ábhar atá Leagtha Síos do Scrúdú an Teastais Shóisearaigh/na Sraithe Sóisearaí
agus Scrúdú na hArdteistiméireachta sa bhliain 2020
Is mian leis an Roinn Oideachais agus Scileanna
(a) a chur in iúl d’údaráis bhainistíochta scoileanna dara leibhéal gur ar an liosta iniata atá an t-ábhar
atá leagtha síos do Scrúdú an Teastais Shóisearaigh/na Sraithe Sóisearaí agus do Scrúdú na
hArdteistiméireachta sa bhliain 2020
(b) a iarraidh ar údaráis bhainistíochta dóthain réamhfhógra faoi na téacsanna seo a thabhairt do
dhaltaí roimh thús na scoilbhliana atá i gceist.
Eamonn Moran
Principal Officer
3 Aibreán 2018
2
THE JUNIOR CERTIFICATE/CYCLE, 2020
1. In the case of the subjects; Classical Studies, Environmental and Social Studies, Ancient
Greek, Jewish Studies, History, Geography, Home Economics, Materials Technology
(Wood), Metalwork (Materials & Technology), Music, Religious Education,
Technology, Technical Graphics; Mathematics and Latin, the examination in 2020 will
be based on the Junior Certificate syllabuses in those subjects which have been issued to
second-level school authorities. In the case of Music and Latin, attention is also drawn to
the prescribed material below.
In the case of Irish (either L1 or L2), English, Science, Business Studies, Visual Art,
French, German, Italian, and Spanish the examination in 2020 will be based on the new
Junior Cycle specifications in Irish (either L1 or L2), English, Science, Business Studies,
Visual Art and the Modern Foreign Languages respectively. The prescribed material for
Junior Cycle English is detailed in Circular 0064/2017. Details of the prescribed material
for Irish (L1 and L2) will be issued in a separate circular in April.
AN TEASTAS/SRAITH SHÓISEARACH, 2020
I gcás na n-ábhar; Léann Clasaiceach, Staidéar Imshaoil agus Sóisialta, Gréigis Ársa,
Léann Giúdach, Stair, Tíreolaíocht; Eacnamaíocht Bhaile, Teicneolaíocht Ábhar
(Adhmad), Miotalóireacht (Ábhair & Teicneolaíocht), Ceol, Oideachas Reiligiúnach,
Teicneolaíocht, Grafaic Theicniúil, Matamaitic, agus Laidin, bunófar an scrúdú sa
bhliain 2020 ar shiollabais an Teastais Shóisearaigh sna hábhair sin atá eisithe chuig
údaráis scoileanna dara leibhéal. I gcás an Cheoil agus na Laidine, dírítear aird freisin ar
an ábhar atá leagtha síos, anseo thíos.
I gcás Gaeilge (T1 nó T2), Béarla, Eolaíocht, Staidéar Gnó, Amharc-Ealaín, Fraincis,
Gearmáinis, Iodáilis agus Spáinnis beidh scrúdú 2020 bunaithe ar na sonraíochtaí nua
Gaeilge (T1 nó T2), Béarla, Eolaíocht, Staidéar Gnó, Amharc-Ealaín agus na
Nuatheangacha Iasachta de chuid na Sraithe Sóisearaí faoi seach. Tá an t-ábhar atá
leagtha síos do Bhéarla na Sraithe Sóisearaí mionsonraithe in Imlitir 0064/2017. In
Aibreán, eiseofar imlitir ar leith ina mbeidh an t-ábhar don Ghaeilge (T1 agus T2)
mionsonraithe.
3
N.B. Website for Junior Certificate syllabuses: www.education.ie > Education Staff
> Curriculum and Syllabus > Junior Cycle > Syllabuses and Prescribed Material >
syllabuses in alphabetic order
N.B. Website for Junior Cycle specifications: www.curriculumonline.ie > Junior
Cycle > Junior Cycle subjects > specifications in alphabetical order
N.B. Láithreán Gréasáin i gcomhair siollabais an Teastais Shóisearaigh:
www.education.ie > Foireann Oideachais > Curaclam agus Siollabas > an tSraith
Shóisearach > Siollabais agus Ábhair Fhorordaithe > siollabais in ord aibítre
N.B. Láithreán Gréasáin i gcomhair sonrúcháin na Sraithe Sóisearaí
>www.curriculumonline.ie > Sraith Shóisearach > Ábhair > sonrúcháin in ord
aibítre
4
Prescribed Material for Junior Certificate Examinations 2020 Ábhar atá leagtha síos do Scrúduithe an Teastais Shóisearaigh 2020
LATIN / LAIDIN
The following is the prescribed Latin poetry for the Junior Certificate Examination in 2020.
Seo a leanas an fhilíocht atá leagtha síos don Laidin le haghaidh Scrúdú an Teastais Shóisearaigh
2020.
Údar (Author)
Gnáthleibhéal
(Ordinary Level)
Sleachta sa bhreis don
Ardleibhéal. (Additional
for Higher Level)
Phaedrus (I), (II) -
Catullus - (VII), (VIII)
Ovid (XIV), (XVII), (XVIII),
(XX), (XXI)
(XV), (XVI), (XIX)
Virgil (XLVI), (XLVII),
(XLVIII), (LII), (LIII) (L), (LI)
Sleachta (Extracts) 12; Línte (Lines) 120.
Sleachta (Extracts) 7;
Línte (Lines) 80.
MUSIC
In the case of Music, the prescribed works for the Junior Certificate Examination in 2020 are as
prescribed in Group C (Appendices F and G) of the syllabus.
CEOL
I gcás an Cheoil, is iad na téacsanna atá leagtha síos do Scrúdú an Teastais Shóisearaigh sa
bhliain 2020 ná iad siúd atá leagtha síos i nGrúpa C (Aguisíní F agus G) an tsiollabais.
Website: www.education.ie > www.education.ie > Education Staff > Curriculum and
Syllabus > Junior Cycle > Syllabuses and Prescribed Material > music syllabus
Láithreán Gréasáin : www.education.ie > Foireann Oideachais > Curaclam agus Siollabas
> an tSraith Shóisearach > Siollabais agus Ábhair Fhorordaithe > siollabas an cheoil
5
Prescribed Material for Leaving Certificate Examinations 2020 Ábhar atá leagtha síos do Scrúduithe na hArdteistiméireachta 2020
ANCIENT GREEK
Leaving Certificate Ancient Greek prescribed texts
Leaving Certificate (Ordinary Level) in 2020: Refer to Syllabus.
Leaving Certificate (Higher Level) in 2020:
The Joint Association of Classical Teachers’ Greek Course: The Intellectual Revolution
(published by Cambridge University Press, 2nd edition 2015): Part II Thucydides, Pages 72 –
108 inclusive. (Selections in Greek and in translation, from Thucydides Books 6, 7 and 8.)
or
The Joint Association of Classical Teachers’ Greek Course: A World of Heroes (published by
Cambridge University Press, 2nd edition 2015): Part III Sophocles, Pages 130 – 172 inclusive.
(Selections in Greek and in translation, from Sophocles’ Oedipus Tyrannus.)
GRÉIGIS ÁRSA
Scrúdú na hArdteistiméireachta (Gnáthleibhéal) sa bhliain 2020: Feic Siollabas
Scrúdú na hArdteistiméireachta (Ardleibhéal) sa bhliain 2020:
Cúrsa Gréigise Chomhchumann na Múinteoirí Clasaiceacha: An Réabhlóid Intleachta, (Arna
fhoilsiú ag Preas Ollscoil Cambridge, 2ú eagrán 2015) – Cuid II Thucydides, Leathanaigh 72 -
108, ar fad san áireamh. (Sleachta i nGréigis agus i modh aistriúcháin, as Thucydides Leabhar 6,
7 agus 8.)
nó
Cúrsa Gréigise Chomhchumann na Múinteoirí Clasaiceacha: Saol na Laochra, (Arna fhoilsiú
ag Preas Ollscoil Cambridge, 2ú eagrán 2015) – Cuid III Sophocles, Leathanaigh 130 – 172 ar
fad san áireamh. (Sleachta i nGréigis agus i modh aistriúcháin, as Sophocles, Oedipus
Tyrannus.)
6
CLASSICAL STUDIES
Leaving Certificate (Ordinary and Higher Levels) in 2020: As for 2016
LÉANN CLASAICEACH
Scrúdú na hArdteistiméireachta (Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal) sa bhliain 2020: Mar atá i
2016.
BUSINESS
In the 2020 Leaving Certificate Examination in Business at Higher level, the Applied Business
Question (ABQ), will be based on Units 2, 3 and 4 of the syllabus.
GNÓ
I Scrúdú Ardteistiméireachta na bliana 2020 sa Ghnó ar an Ardleibhéal, bunófar an Cheist faoi
Ghnó Feidhmeach (ABQ), ar Aonaid 2,3 agus 4 an tsiollabais.
ENGINEERING
The special topic prescribed for the Leaving Certificate Examination in 2020 is:
“Basic principles of operation and applications of autonomous vehicle technology.”
INNEALTÓIREACHT
Is í an topaic faoi leith atá leagtha síos do Scrúdú na hArdteistiméireachta sa bhliain 2020 ná:
“Bunphrionsabail oibríochta agus feidhmeanna teicneolaíocht feithiclí uathrialaitheacha.”
7
GAEILGE
Maidir le hábhar atá leagtha síos do Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta 2020,
(gnáthleibhéal agus ardleibhéal) dírítear aird ar a bhfuil foilsithe ina thaobh seo agus atá le fáil ar
shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna (www.education.ie) mar atá:
Siollabais Nuashonraithe na hArdteistiméireachta (gnáthleibhéal agus ardleibhéal) le
héifeacht ó 2010.
GAEILGE na hARDTEISTIMÉIREACHTA
PRÓS AGUS FILÍOCHT DO NA BLIANTA
2018-2020
GNÁTHLEIBHÉAL AGUS ARDLEIBHÉAL
Leanfaidh an cúrsa próis agus filíochta ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal do na blianta
2018-2020 gan athrú ón gcúrsa mar a mhol an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta
do na blianta 2010-2012, 2011-2013, 2012-2014, 2013-2015, 2015-2017, 2017-2019.
1. PRÓS: Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal
1(a) Prós Comónta Ainmnithe NÓ 1(b) Prós: Ábhar Roghnach
1(a) Prós Comónta Ainmnithe:
Seo a leanas na téacsanna ainmnithe próis atá molta don Ghnáthleibhéal agus don
Ardleibhéal.
(i) Oisín i dTír na n-Óg: Scéal béaloidis
as Seanchas na Féinne – Niall Ó Dónaill (eagarthóir)
(An dara heagrán, An Gúm, 1996) [Lgh.69 – 73].
(ii) An Gnáthrud: Déirdre Ní Ghrianna
as An Gnáthrud – Déirdre Ní Ghrianna (Coiscéim, 1999) [Lgh.61 – 65].
nó
Seal i Neipeal: Cathal Ó Searcaigh
as Seal i Neipeal – Cathal Ó Searcaigh (Cló Iar-Chonnachta, 2004) [Lgh.78 – 83].
[Dírítear aird ar an rogha atá ar fáil d'iarrthóirí ag (ii) thuas idir:
An Gnáthrud agus Seal i Neipeal.]
(iii) Dís: Siobhán Ní Shúilleabháin
as Í Siúd – Siobhán Ní Shúilleabháin (Cló Iar-Chonnachta, 1999) [Lgh. 58-63].
(iv) Hurlamaboc: Éilís Ní Dhuibhne
as Hurlamaboc – Éilís Ní Dhuibhne (Cois Life, 2007) [Caibidil 1, Lgh. 5 -9 ].
8
(v) Cáca Milis: (Gearrscannán)
as Gearrscannáin-DVD (Bord Scannán na hÉireann & TG4, 2004).
nó
An Lasair Choille: (Gearrdhráma) Caitlín Maude agus Mícheál Ó hAirtnéide
as Caitlín Maude, Dánta, Drámaíocht, agus Prós – Ciarán Ó Coigligh (Coiscéim, 2005)
[Lgh. 125-139].
[Dírítear aird ar an rogha atá ar fáil d'iarrthóirí ag (v) thuas .i. dráma nó scannán.]
NÓ
1(b) Prós: Ábhar Roghnach - Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal
Is den riachtanas é go gcloífí leis na treoracha seo a leanas maidir le hábhar agus
le téacsanna cuí a roghnú. Agus téacsanna oiriúnacha próis á roghnú ba chóir na
critéir seo a leanas a chur san áireamh:
(i) Cineálacha:
Cúig ghiota próis agus ceann amháin díobh ag freagairt do gach ceann ar leith de
na cineálacha (i) go (v) thíos:
(i) Sliocht béaloidis
(ii) Giota as saothar dírbheathaisnéise/dialann taistil
(iii) Gearrscéal [go huile]
(iv) Giota as úrscéal
(v) Dráma [nó giota as]
nó
Scannán Gaeilge
(ii) Fad, leibhéal agus caighdeán na teanga san ábhar a roghnaítear.
Glactar leis an ábhar próis ainmnithe mar threoir chinnte don ábhar atá le roghnú,
maidir le fad [toirt], cineál, leibhéal agus caighdeán na teanga.
(iii) Téamaí
Tá sé tábhachtach na critéir seo a leanas a chur san áireamh, maidir le
téamaí a roghnú sna giotaí:
an t-ábhar féin a bheith spéisiúil agus baint a bheith aige le raon eispéireas
na scoláirí
baint a bheith ag na téamaí le topaicí agus le feidhmeanna teanga an
tsiollabais
meascán d’ábhar trom agus d’ábhar éadrom a bheith i gceist
cothromaíocht a bheith idir saothar na bhfear agus saothar na mban
(iv) Ábhar nach bhfuil inghlactha
Ní bheidh cead ag iarrthóir ar bith giota ar bith próis atá ainmnithe faoi
réir Alt 1 (a) thuas ‘Prós Comónta Ainmnithe’, a úsáid mar ghiota
roghnach i bhfreagra ar cheist ar an gcúrsa roghnach.
9
Ní bheidh cead ag iarrthóirí úsáid a bhaint as aistriúchá(i)n.
Caithfidh gach uile théacs a roghnaítear a bheith ina bhuntéacs Gaeilge.
Caithfidh gach uile théacs a roghnaítear a bheith foilsithe.
Caithfidh gach uile théacs a roghnaítear a bheith ar fáil go poiblí agus go
héasca don té a bheadh ag iarraidh teacht air.
2. FILIOCHT: Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal
2(a) Filíocht Chomónta Ainmnithe NÓ 2(b) Filíocht: Ábhar Roghnach
2(a) Filíocht Chomónta Ainmnithe:
Seo a leanas na téacsanna ainmnithe filíochta atá molta don Ghnáthleibhéal agus
don Ardleibhéal.
(i) An Spailpín Fánach: (véarsaí 1, 2, 3)
Duanaire na Meánteistiméireachta – Caoimhghin Ó Góilidhe a chuir
in eagar. (Eagrán Oifigiúil, Folens, 1975)
(ii) Géibheann: Caitlín Maude
Caitlín Maude, Dánta, Drámaíocht, agus Prós –
Ciarán Ó Coigligh (Coiscéim, 2005)
(iii) An tEarrach Thiar: Máirtín Ó Direáin
Rogha Dánta – Máirtín Ó Direáin (Sáirséal agus Dill, 1949)
(iv) Mo Ghrá-sa (idir lúibíní) : Nuala Ní Dhomhnaill
Féar Suaithinseach – Nuala Ní Dhomhnaill (An Sagart, 1984)
(v) Colscaradh: Pádraig Mac Suibhne
Solas Uaigneach – Pádraig Mac Suibhne (An Sagart, 1992)
NÓ
2(b) Filíocht: Ábhar Roghnach - Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal
Agus téacsanna oiriúnacha filíochta á roghnú ba chóir na critéir seo a leanas a
chur san áireamh:
(i) Cineálacha
Déantar staidéar ar chúig dhán ar fad. Agus na cúig dhán á roghnú ní mór gur sa
tréimhse roimh 1850 a cumadh dán amháin díobh sin.
(ii) Fad, leibhéal agus caighdeán na teanga san ábhar a roghnaítear. Glactar
leis an ábhar filíochta ainmnithe mar threoir chinnte don ábhar atá le
roghnú, maidir le fad [toirt], cineál, leibhéal agus caighdeán na teanga.
(iii) Téamaí
Tá sé tábhachtach na critéir seo a leanas a chur san áireamh, maidir le
téamaí a roghnú ins na dánta:
an t-ábhar féin a bheith spéisiúil agus baint a bheith aige le raon eispéireas
na scoláirí
10
baint a bheith ag na téamaí le topaicí agus le feidhmeanna teanga an
tsiollabais
meascán d’ábhar trom agus d’ábhar éadrom a bheith i gceist
cothromaíocht a bheith idir saothar na bhfear agus saothar na mban
ceol agus liriciúlacht a chur san áireamh
(iv) Ábhar nach bhfuil inghlactha
Ní bheidh cead ag iarrthóir ar bith dán ar bith atá ainmnithe faoi réir Alt 1
(b) thuas ‘Filíocht Chomónta Ainmnithe’, a úsáid mar dhán roghnach i
bhfreagra ar cheist ar an gcúrsa roghnach.
Ní bheidh cead ag iarrthóirí úsáid a bhaint as aistriúchá(i)n.
Caithfidh gach uile théacs a roghnaítear a bheith ina bhuntéacs Gaeilge.
Caithfidh gach uile théacs a roghnaítear a bheith foilsithe.
Caithfidh gach uile théacs a roghnaítear a bheith ar fáil go poiblí agus go
héasca don té a bheadh ag iarraidh teacht air.
3. LITRÍOCHT BHREISE: ARDLEIBHÉAL
Ceann amháin de na rannóga 3A (Prós Breise) NÓ 3B (Dánta Breise) thíos.
Tá sé i gceist go ndéanfaidh scoláirí an leibhéil seo saothrú ar phrós breise nó ar
dhánta breise nó ar an dá rannóg díobh sin más é sin is rogha leo. Rannóg amháin
díobh sin a bheidh le freagairt sa scrúdú. Seo a leanas an cúrsa de phrós breise
agus de dhánta breise atá molta ag an gCoiste Cúrsa don Ardleibhéal.
3A: Prós Breise: Ceann amháin de na saothair ainmnithe (i) – (v) thíos.
(i) An Triail: Mairéad Ní Ghráda
An Triail – Mairéad Ní Ghráda (An Gúm, 1978) [go huile].
(ii) A Thig Ná Tit Orm: Maidhc Dainín Ó Sé
A Thig Ná Tit Orm – Maidhc Dainín Ó Sé (Coiscéim, 1987);
(C.J Fallon, Meán Fómhair, 2003) [Caibidilí 1 – 8, Lgh. 7 – 62].
(iii) Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne:
Tóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne – Nessa Ní Shé a chuir in eagar
(Longman Brún agus Ó Nualláin, 1971) [Lgh. 1 – 72].
(iv) Gafa: Ré Ó Laighléis
Gafa – Ré Ó Laighléis (Móinín, 1996) [Lgh 7 – 64].
(v) Canary Wharf: Orna Ní Choileáin
Canary Wharf – Orna Ní Choileáin (Cois Life, 2009)
(cúig ghearrscéal ainmnithe as na deich ngearrscéal atá sa chnuasach)
Saineolaí Teicneolaí (Lgh. 17 – 32)
Canary Wharf (Lgh. 35 – 48)
Cosaint Sonraí (Lgh. 69 – 86)
Cúrsaí Eitilte (Lgh. 129 – 146)
11
Mil (Lgh. 149 – 167)
NÓ
3B: Dánta Breise: Na cúig dhán ainmnithe seo a leanas ar fad (i) – (v) thíos.
(i) Caoineadh Airt Uí Laoghaire: Eibhlín Dhubh Ní Chonaill
Leagan 1 Díolaim Filíochta don Ardteistiméireacht: Caoimhghin Ó Góilidhe
(Folens & a Chuid, Tta). (1974) [Línte 1 – 68; 177-188].
Éigse – Duanaire Nua na hArdteistiméireachta: Breandán Ó Conaire
(Mac Goill & Macmillan Teo) (1974) [Línte 1 – 68; 177-188].
Fios Feasa: Alan Harrison/Ursula Ní Dhálaigh
(Comhlacht Oideachais na hÉireann) (1974) [Línte 1 – 68; 177-188].
Leagan 2
Caoineadh Airt Uí Laoghaire: Nuachóiriú le Seán Ó Tuama
(An chéad chló, 1961).
Leabhair Thaighde, an Ceathrú hImleabhar: Seán Ó Tuama
(An Clóchomhar Tta, athchló 2002) [Línte 1-68; 177-188].
Comhairlítear do mhúinteoirí agus do scoláirí staidéar a dhéanamh ar cheann amháin
den dá leagan thuas
(ii) Fill Arís: Seán Ó Riordáin
Brosna – Seán Ó Ríordáin (Sáirséal agus Dill, 1964).
(iii) A Chlann: Máire Áine Nic Gearailt
Mo Chúis Bheith Beo – Máire Áine Nic Gearailt (Coiscéim, 1991).
(iv) Colmáin: Cathal Ó Searcaigh
Gúrú i gClúidíní – Cathal Ó Searcaigh (Cló Iar-Chonnachta, 2006).
(v) Éiceolaí: Biddy Jenkinson
Baisteadh Gintlí – Biddy Jenkinson (Coiscéim, 1986).
Stair Litríocht na Gaeilge - Ardleibhéal:
Tá sé molta ag an gComhairle nach mbeadh saincheist ar leith ann feasta ar 'Stair na Gaeilge' ag
an Ardleibhéal mar a bhíodh. Moltar áfach, agus staidéar á dhéanamh ar an gcúrsa litríochta, aird
a thabhairt i gcónaí ar na saothair agus ar na húdair a shuíomh i gcomhthéacs stair litríocht na
Gaeilge. Ó thaobh na measúnachta de, ag an ardleibhéal, is féidir go gcuirfear focheist ghairid ar
na gnéithe sin. Eolas faoin údar agus faoi chúlra agus comhthéacs an tsaothair a bheidh á lorg.
Tá mioneolas ar an gcóras measúnachta mar a bhainfidh le scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta
(gnáthleibhéal agus ardleibhéal) ón mbliain 2012 amach le fáil ar shuíomh gréasáin Choimisiún
na Scrúduithe Stáit (www.examinations.ie) mar atá:
S.90/10 (Nollaig 2010):An Scrúdú Gaeilge san Ardteistiméireacht ó 2012 ar aghaidh
(Ardleibhéal, Gnáthleibhéal agus Bonnleibhéal).
12
HEBREW STUDIES
Leaving Certificate (Ordinary and Higher Levels) in 2020: As in previous years will be based on
the prescribed texts given in Sections A, B, C and D of the Leaving Certificate Hebrew Studies
syllabus.
LÉANN EABHRACH
Scrúdú na hArdteistiméireachta (Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal) sa bhliain 2020: Mar a chéile
le blianta cheana beidh na scrúduithe bunaithe ar na téacsanna mar atá leagtha síos in Ailt A, B,
C agus D de shiollabas Léann Eabhrach na hArdteistiméireachta.
ITALIAN
Leaving Certificate (Higher Level) in 2020:
Leonardo Sciascia, A ciascuno il suo
or
Alessandro D’Avenia, Bianca come il latte, rossa come il sangue
IODÁILIS
Scrúdú na hArdteistiméireachta (Ardleibhéal) sa bhliain 2020:
Leonardo Sciascia, A ciascuno il suo
nó
Alessandro D’Avenia, Bianca come il latte, rossa come il sangue
LATIN
Leaving Certificate (Ordinary and Higher Levels) in 2020:
Livy, Book XXI, (Chapters 16 – 38 inclusive)
or
Virgil, Aeneid, Book IX (Lines 1- 524)
13
LAIDIN
Scrúdú na hArdteistiméireachta (Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal) sa bhliain 2020:
Livy, Leabhar XXI , (Caibidlí 16 – 38 ar fad san áireamh)
nó
Virgil, Aeneid, Leabhar IX (Línte 1 – 524)
MUSIC
In the case of Music, the prescribed works for the Leaving Certificate Examination in 2020 are
as prescribed in Group B (Appendix F) of the syllabus.
CEOL
I gcás an Cheoil, is iad na téacsanna atá leagtha síos do Scrúdú na hArdteistiméireachta sa
bhliain 2020 ná iad siúd atá leagtha síos i nGrúpa B (Aguisín F) an tsiollabais.
SPANISH
Leaving Certificate (Higher Level) in 2020:
Eduardo Mendoza, ‘Sin Noticias de Gurb’
SPÁINNIS
Scrúdú na hArdteistiméireachta (Ardleibhéal) sa bhliain 2020:
Eduardo Mendoza, ‘Sin Noticias de Gurb’
Syllabuses available on the Website:
www.education.ie > Education Staff > Curriculum and Syllabus > Senior Cycle >
Syllabuses and Prescribed Material > syllabuses listed in alphabetical order
Siollabais ar fáil ar an Láithreán Gréasáin:
www.education.ie > Foireann Oideachais > Curaclam agus Siollabas > an tSraith
Shinsearach > Siollabais agus Ábhair Fhorordaithe > na siollabais liostaithe in ord aibítre