nuachtlitir | conradh na gaeilge | deireadh fómhair 2011

12
SAN EAGRÁN SEO: 1. Lá Eolais ó Thuaidh 2. Cearta Teanga Seolta 2. Seimineár Oibre APG 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4. Ollchruinniú na gCumann 5. TEG Thar Lear 5. Barrliosta na Leabhar 6. Bronnadh Seice ar Bhunscoil na mBeann 6. Oireachtas na Samhna 7. Seimineár Oireachtais 8. Láithreoirí Á Lorg! 8. Fostaí Nua Aitheantas 9. I Lár an Aonaigh 9. Gaeil Ard Mhacha ina Pheileadóirí Uladh 10. Aistritheoirí na Parlaiminte 10. Seimineár na Meithle 11. Aighneachtaí 11. Athsheoladh Is Leor Beirt 12. Is Leor Beirt 12. Comórtas BábógBaby Conradh na Gaeilge, Comhaltas Uladh agus Guth na Gaeltachta ag dul i gcomhairle le comhaltaí an Tionóil Reach- taigh in Óstán Stormont, Béal Feirste BT4 3LP, ó 8.00rn - 6.00in Dé Máirt, 25 Deireadh Fómhair 2011. Tá cuireadh á thab- hairt do chomhaltaí teacht leis an nGaeloideachas; oil- iúint mhúinteoirí; tean- gacha mar fhréamhábhair GCSE; agus straitéis láidir, chuimsitheach i leith na Gaeilge sna Sé Chontae a phlé le hionadaithe ón 3 ea- gras, áit go mbeidh daoine áitiúla i láthair ó na toghcheantair éagsúla le labhairt lena bpolaiteoirí féin freisin. Chuir Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta tús le seisiúin chomhairliúcháin le Teach- taí Dála agus Seanadóirí ó dheas a chur ar an eolas maidir le cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta don chéad uair ar an 01 Nollaig 2009, áit gur labhair breis agus 80 TD agus Seanadóir le hion- adaithe maidir le cúrsaí teanga agus pleanáil sa Ghaeltacht. Cuireadh dlús leis sin ag na seisiúin eile a reáchtáladh i nDeireadh Fómhair 2010 agus i Meitheamh 2011. Tá sé ríthábhachtach comhal- taí ó na páirtithe ar fad sa Tionól a choimeád ar an eolas maidir le cúrsaí teanga i dTuaisceart Éire- ann freisin agus chuige sin, tá lá eolais do chomhaltaí an Tionól Reachtach á reáchtáil don chéad uair an mhí seo. Déan teagmháil linn má tá tusa ar fáil le labhairt leis na hionadaithe polaitíochta ó do cheantar áitiúil am ar bith i rith an lae! Teagmháil: +353 (0)1 4757401 / [email protected] Eagrán 6.12 15 Deireadh Fómhair 2011 Eagrán 6.12 15 Deireadh Fómhair 2011 1 Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] Lá Eolais Ó Thuaidh Lá Eolais Ó Thuaidh Le cabhair ó: Le cabhair ó:

Upload: conradh-na-gaeilge

Post on 10-Mar-2016

258 views

Category:

Documents


5 download

DESCRIPTION

SAN EAGRÁN SEO: 1. Lá Eolais ó Thuaidh 2. Cearta Teanga Seolta 2. Seimineár Oibre APG 3. Nuacht Áitiúil 4. Gaeilge na Cruinne 4.Ollchruinniú na gCumann 5. TEG Thar Lear 5. Barrliosta na Leabhar 6. Bronnadh Seice ar Bhunscoil na mBeann 6. Oireachtas na Samhna 7. Seimineár Oireachtais 8. Láithreoirí Á Lorg! 8. Fostaí Nua Aitheantas 9. I Lár an Aonaigh 9. Gaeil Ard Mhacha ina Pheileadóirí Uladh 10. Aistritheoirí na Parlaiminte 10. Seimineár na Meithle 11. Aighneachtaí 11. Athsheoladh Is Leor Beirt 12. Is Leor Beirt 12. Comórtas BábógBaby

TRANSCRIPT

Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2011

SAN EAGRÁN SEO:

1. Lá Eolais ó Thuaidh2. Cearta Teanga Seolta2. Seimineár Oibre APG3. Nuacht Áitiúil4. Gaeilge na Cruinne4.OllchruinniúnagCumann5. TEG Thar Lear5. Barrliosta na Leabhar6. Bronnadh Seice arBhunscoil na mBeann6. Oireachtas na Samhna7. Seimineár Oireachtais8. Láithreoirí Á Lorg!8. Fostaí Nua Aitheantas9. I Lár an Aonaigh9. Gaeil Ard Mhacha inaPheileadóirí Uladh

10. Aistritheoirí naParlaiminte

10. Seimineár na Meithle11. Aighneachtaí11. Athsheoladh Is Leor

Beirt12. Is Leor Beirt12. Comórtas BábógBaby

Tá Conradh na Gaeilge,Comhaltas Uladh agus Guthna Gaeltachta ag dul igcomhairle le comhaltaí anTionóil Reach-taigh in ÓstánStormont, BéalFeirste BT4 3LP, ó8.00rn - 6.00in DéMáirt, 25Deireadh Fómhair2011. Tá cuireadh á thab-hairt do chomhaltaí teachtleis an nGaeloideachas; oil-iúint mhúinteoirí; tean-gacha mar fhréamhábhairGCSE; agus straitéis láidir,chuimsitheach i leith naGaeilge sna Sé Chontae aphlé le hionadaithe ón 3 ea-gras, áit go mbeidh daoineáitiúla i láthair ó natoghcheantair éagsúla lelabhairt lena bpolaiteoiríféin freisin. Chuir Conradhna Gaeilge agus Guth naGaeltachta tús le seisiúinchomhairliúcháin le Teach-taí Dála agus Seanadóirí ódheas a chur ar an eolasmaidir le cúrsaí Gaeilge

agus Gaeltachta don chéaduair ar an 01 Nollaig 2009,áit gur labhair breis agus 80TD agus Seanadóir le hion-

adaithe maidir lecúrsaí teangaagus pleanáil saG h a e l t a c h t .Cuireadh dlús leissin ag na seisiúineile a reáchtáladh

i nDeireadh Fómhair 2010agus i Meitheamh 2011. Tásé ríthábhachtach comhal-taí ó na páirtithe ar fad saTionól a choimeád ar aneolas maidir le cúrsaíteanga i dTuaisceart Éire-ann freisin agus chuige sin,tá lá eolais do chomhaltaían Tionól Reachtach áreáchtáil don chéad uair anmhí seo. Déan teagmháillinn má tá tusa ar fáil lelabhairt leis na hionadaithepolaitíochta ó do cheantaráitiúil am ar bith i rith anlae!Teagmháil:+353 (0)1 4757401 /[email protected]

Eagrán 6.12 15 Deireadh Fómhair 2011Eagrán 6.12 15 Deireadh Fómhair 2011

11Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Lá Eolais Ó ThuaidhLá Eolais Ó Thuaidh

Le cabhair ó:Le cabhair ó:

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2011

22 Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Samhain 2011Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Samhain 2011

Tá An Coimisinéir Teanga agus a oifig taréis acmhainn oideachais nua ar cheartateanga a fhorbairt lena húsáid mar chuidden chúrsa san Oideachas Saoránach,Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP) sa TeastasSóisearach. Sraith de 8 gceacht scoilechomh maith le rogha de 5 thionscadalgníomhaíochta atá i gceist leis an tograCearta Teanga, a forbraíodh i dteanntaleis an tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúildo Mhúinteoirí. Cuireadh an pacáiste arfáil do mheánscoileanna ar fud na tíre letacaíocht ón gComhairle um OideachasGaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG).Tá an pacáiste foghlama go hiomlán

dátheangach agus áirítear ann leabhardon mhúinteoir, póstaeir, CD, DVD deghearrthóga físe, agus acmhainn ar-líne.Is féidir cóip den acmhainn oideachas nuaa fháil ó Oifig an Choimisinéara Teanga.Teagmháil:+353 (0)91 504006 /www.coimisineir.ie

D'eagraigh Aontas Phobal na Gaeilgeseimineár oibre i nGaillimh ag deireadhna míosa seo caite chunpleanáil teanga de réirréigiúin agus bunúgréasáin Ghaeltachta aphlé le pobal na teanga.Feargal Ó Cuilinn,Stiúrthóir Comhluadar,a bhí ina chathaoirleachar an ócáid, áit gur lab-hair Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradhna Gaeilge; Aodán Mac Cormaic,Príomhoifigeach Cúnta leis An RoinnEalaíon, Oidhreachta agus GnóthaíGaeltachta; agus Marcus Mar Ruairí,Oifigeach Forbartha le Glór na nGael, leisan slua a bhí bailithe in Óstán Menlo Park.Phléigh de Spáinn An Straitéis 20 Bliaindon Ghaeilge i gcomhthéacs Shamhail NuaMhaoinithe Fhoras na Gaeilge agus igcomhthéacs easpa straitéis teanga i dTu-aisceart Éireann. Labhair Marcus Mac Ru-

airí ar ghréasáin Ghaeltachta agus arCheathrún Ghaeltachta uirbeacha, fad

agus a rinne Aodán MacCormaic cur síos ar anStraitéis féin agus thugle fios go bhfuil na grú-paí ardleibhéilbunaithe ag an Roinnchun plean 3 bliana achur le chéile maidir lecur i bhfeidhm na

Straitéise. Scoilt an lucht freastail isteachi ngrúpaí i ndiaidh lóin agus rinne plé archeisteanna maidir le spriocanna in-tomhaiste agus insroichte na Straitéise,cé ar cheart a bheith i mbun í a chur igcrích, pleanáil de réir contae vs pleanáilde réir réigiún, agus ar cheart go mbeadhpleananna éagsúil don Ghaeltacht agusdon iarGhaeltacht? Cuirfear moltaí antseimineáir faoi bhráid na n-údarás cuíagus buíochas le gach éinne a ghlac páirtsa lá.

Seimineár Oibre APGSeimineár Oibre APG

Cúrsa Chearta TeangaCúrsa Chearta Teanga

Page 3: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2011

33Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Áth CliathChomh maith le Tráth na gCeist atá áreáchtáil le hairgead a thiomsú do ScoilOilibhéir ins An Chúil Mhín, Cluain Saileach,Baile Átha Cliath 15 ar an 20 DeireadhFómhair 2011, tabharfaidh Dónall Ó Dong-haile caint ar an éalú a rinne sé as PríosúnBhóthar Cromghlinne i mBéal Feirtse i 1961,agus ar an mbaint mhór a bhí aige le feach-tais shóisialacha ó dheas roimh dheireadh namíosa. Scríobh sé an leabhar Prisoner 1082:Escape from Crumlin Road,Europe's Alcatraz. Tionólfaran chaint Eachtraí Dhónailli Halla na Craoibhe, CorránGrattan, Inse Chór, BaileÁtha Cliath 8 ag 8.15in DéMáirt, 25 Deireadh Fómhair2011.Teagmháil:+353 (0)1 8387614

Maigh EoMás mian leat do chuid Gaeilge a chleach-tadh agus píosa craice a bheith agat, tar gohInis Toirc ar an 22 Deireadh Fómhair 2011!Tá leaba & bricfeasta agus dinnéar blasta arfáil ar €60, cosnaíonn an bád ó Ché Rú anÁtha ag 11.00rn €20, agus tá go leor ledéanamh ar Inis Toirc. Is féidir do roghaceann de dhá shiúlóid treoraithe adhéanamh agus beidh oíche cheoil tráthnónaDé Sathairn. Tá an deireadh seachtainedírithe ar dhaoine ar bheagán Gaeilge agusdaoine nach labhraíonn Gaeilge go minic,mar sin bí linn!Áirithintí:[email protected] /+353 (0)87 6972922

Port LáirgeIs i bparóiste Chill Rosanta i gCo. PhortLáirge a bheidh Tionól an Fhómhair na blianaseo ón 21 - 23 Deireadh Fómhair 2011. Seo ían naoú bliain do Chomhairle Contae PhortLáirge an Tionól a reáchtáil i gcomhar leisan bpobal áitiúil. Beidh clár iontach dechainteanna, taispeántais, ceardlanna, ceol,amhránaíocht agus rince ar siúl i HallaNaomh Bríd ag an deireadh seachtaine, agceiliúradh oidhreacht shaibhir chultúrtha

Chill Rosanta agus anChomaraigh i gcoitinne.Eolas breise:+353 (0)58 20884 /www.waterfordcoco.ie

Sa bhreis ar an Tionól, isiomaí imeacht Gaeilge eileatá ar siúl i nGaeltacht na

nDéise. D'eagraigh na Garda Síochána lá os-cailte i Stáisiún na nGardaí sa Rinn le déanaíagus beidh seirbhís Ghaeilge ar fáil sastáisiún gach seachtain as seo amach. Tá angrúpa Spraoi do thuismitheoirí agus leanaítosaithe arís i Halla Pobail na Rinne gachAoine ó 9.45 - 11.45rn freisin. Cuirfear tús lehardranganna i nGaeilge na nDéise i mí naSamhna agus is í Máiread Criostóir a bheidhi mbun múinteoireachta. Beidh seimineár áreáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilgein Óstán na Páirce, Dún Garbhán ar an 23Samhain 2011 chun an pobal a chur san eolasfaoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agusbeidh seastán ag Comhlucht Forbartha nanDéise Teo. ann.Tuilleadh eolais:+353 (0)58 46664 /[email protected]

Nuacht ÁitiúilNuacht Áitiúil

Page 4: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2011

44 Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Samhain 2011Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Samhain 2011

Gaeilge na CruinneGaeilge na CruinneTá Glór na nGael ag eagrúchomórtas na gcártaí Nol-lag mar chuid den chomór-tas Global Gaeilge arís imbliana. Beidh rannóg dodhaoine óga faoi 16 agus dodhaoine fásta ann le 6dhuais de €500 ag dul do nacártaí is fearr. Caithfidh cónaí a bheithar iontrálaithe lasmuigh d’Éirinn; ní mórgo mbeadh teachtaireachtaí na gcártaí inGaeilge; ní chóir go mbeadh ion-trálacha níos mó ná leathanach A4; agus

ní ghlacfar ach leis na háb-hair seo a leanas: péint,pinn luaidhe, criáin, pas-tail/cailc nó dúch arpháipéar nó ar chárta. Is gáiontrálacha móide sonraíteagmhála a chur chuigGlór na nGael, Ráth Chairn,

Baile Átha Buí, Co. na Mí, Éire, nó isféidir scanachán a chur [email protected] roimh 31Deireadh Fómhair 2011.Tuilleadh eolais: www.glornangael.ie

Beidh an deireadh seach-taine traenála is mó doChumainn Ghaelachaagus d'Oifigigh Ghaeilgena n-institiúidí tríú leib-héil sa tír á reáchtáil agConradh na Gaeilge, Glórna nGael agus Aontas naMac Léinn in Éirinn ibpáirt le Comhluadaragus Seachtain naGaeilge, don chúigiú bli-ain as a chéile, ón 14 - 15Deireadh Fómhair 2011.Tháinig 80 mac léinn ó bhreis agus 20coláiste, ollscoil agus institiúid teicneo-laíochta le chéile don deireadh seach-taine traenála anuraidh agus ba léir goraibh an-fhiúntas ag baint leis ón oireadcomhoibrithe a bhí ar siúl idir na CumainnGhaelacha i gcaitheamh na bliana. Is deisiontach í do mhic léinn aithne a chur arscoláirí ó choláistí eile agus iad féin achumasú leis an teanga a spreagadh ibpáirt lena chéile. Labhróidh aoichain-

teoir ag an seisiún eolaisagus aithne i gColáiste naTríonóide i mBaile ÁthaCliath tráthnóna Aoine,agus beidh oíche shi-amsaíochta le DJ RaidióRí-Rá i gClub Chonradh naGaeilge ina dhiaidh sin.Pléifear gach gné deshaol na Gaeilge sanollscoil mar chuid decheardlanna cumasaitheag 6 Sráid Fhearchairmaidin Shathairn, lena n-

áirítear pleanáil imeachtaí an Chumainn,tiomsú airgid, seirbhísí Gaeilge aguscearta teanga ar an gcampas agus sanAontas Eorpach araon. Reáchtálfarseisiúin eolais sciobtha do na rannpháir-tithe i ndiaidh lóin agus cuirfear críochleis an traenáil le seisiún aiseolais agusplé ginearálta ar phleananna don bhliain.Tuilleadh eolais:[email protected] / +353 (0)86 3102691 /[email protected]

Ollchruinniú na gCumannOllchruinniú na gCumann

Page 5: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2011

55Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Beidh scrúdú C1 de chuid Theastas Eorpach

na Gaeilge (TEG) ar siúl in Ollscoil na

hÉireann, Maigh Nuad ar an 27 agus 28

Eanáir 2012. Is é an spriocdháta d’iarratais

ná 9 Eanáir 2012 agus tá an fhoirm iar-

ratais ar fáil ó

www.teg.ie/gaeilge/foirm_iarratais.htm.

Chomh maith leis sin, beidh scrúdú B2 ar

siúl i Maigh Nuad ar an 4 Aibreán; B1 i gCill

Chainnigh ar an 28 Aibreán; A2 i gCorcaigh

ar an 12 Bealtaine; agus A1 i gCill Airne ar

an 26 Bealtaine 2012. Tá ionaid scrúdaithe

i Luimneach, sa Spidéal, Caisleán an Bhar-

raigh, Leitir Ceanainn, Gaoth Dobhair, Béal

Feirste, Páras, Prág agus Nua Eabhrac

freisin. Tá ranganna TEG ag tosú in Ollscoil

Toronto i mbliana freisin agus tá gach eolas

ar fáil ó [email protected]. Nó má

tá tú ag cur fút i Manchain, tá 4 leibhéal

éagsúla de ranganna bunaithe ar ábhar

TEG á reáchtáil in aisce ag St.Kentigern's

Social Club, Fallowfield gach Máirt ó 8.00

- 9.00in.

Seo na leabhair is mó díolta i Siopa Leab-har Chonradh na Gaeilge le mí anuas:

Déagóirí agus Daoine Óga:1. An Triail - Máiréad Ní Ghráda- An Gúm - €6.952. Harry Potter agus an Órchloch- JK Rowling, aistrithe ag Máire Nic

Mhaoláin - Bloomsbury -€133. Eachtraí Eilíse i dTír na nIontas- Lewis Carroll - Evertype - €12.954. Cití Cearc - Patricia Forde- Futa Fata - €9.955. Caoimhe agus an Bogha Báistí- Siobháin Grogan - An Gúm - €8.50

Daoine Fásta:1. Gramadach gan Stró- Éamonn Ó Dónaill - Gaelchultúr - €202. An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir- Muiris Ó Droighneáin - Coiscéim - €7.503. Duinnín: Bleachtaire ar an Sceilg- Biddy Jenkinson - Coiscéim - €104. Rogha Scéalta - Pádraic Ó Conaire, curthain eagar ag Diarmuid de Faoite - CIC - €185. Séadna - Peadar Ua Laoghaire- Cois Life - €16 (Crua €25)

Eolas & orduithe:[email protected] / +353 (0)1 4783814 /4785428 (facs) / www.cnag.ie

Barrliosta na LeabharBarrliosta na LeabharTEG Thar LearTEG Thar Lear

Page 6: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2011

66 Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Samhain 2011Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Samhain 2011

Bronnadh Seice ar Bhunscoil na mBeannBronnadh Seice ar Bhunscoil na mBeannBhailigh Liam Mac Riab-haigh seic ar £13,500 óLorcán Mac Gabhann,cathaoirleach Iontaobhasna Gaelscolaíochta, snasála ar oíche mhórthiomsú airgid a reáchtáilScoil Samhraidh MhicReachtain agus InaG imBéal Feirste i mí Iúil. Cuirtear clabhsúrleis an scoil samhraidh le dinnéar móragus céilí gach bliain; ócáid bhailiú airgidatá ann anois do chúis na Gaelscolaíochtafreisin. Tá breis agus £50,000 bailithe ag

an ócáid le 4 bliana anuasagus d'imigh brabús oíchena bliana seo go Bunscoilna mBeann, Cill Caoil, Co.an Dúin - an t-aonGhaelscoil sa tuaisceartgan aitheantas stáit. Ba éMicheál Ó Muircheartaighaoichainteoir na hoíche

agus tógáil croí a bhí ann do mhuintir naGaelscoile an oiread dea-thola agustacaíochta atá ann dóibh ar fud na tíre afheiceáil.Breis eolais: www.iontaobhasnag.com

Sna sála ar an mórcheiliúradhi bPáirc Uí Chrócaigh dobhronnadh ghradaim litearthaan Oireachtais le déanaí, tásaol na Gaeilge ag ullmhú fáchoinne Oireachtas naSamhna i gCill Airne, Co.Chiarraí ón 1 - 6 Samhain2011! Ó tionóladh Oireachtasna Gaeilge don chéad uair aran 13 Bealtaine 1897, tá an fhéile tar éisdul ó neart go neart agus tá lucht a ea-graithe ag súil leis na sluaite ag cruinniú lechéile arís i mbliana don bhféile ealaíonbhliantúil is mó agus is fadmharthanaí inÉirinn do phobal labhartha na Gaeilge, óGhaeltachtaí agus ó Ghalltachtaí araon.Beidh idir chomhluadar, shiamsa aguschomórtais san áireamh ar chlár na féile,comórtais sa seó ardáin, rince aonair ar ansean-nós, dreas cainte, amhránaíocht aran sean-nós, scéalaíocht, agallamh beirte,

scóraíocht agus lúibíní inameasc. Craolfar na comór-tais rince agus amhrá-naíochta ar an sean-nós arTG4 agus beidh go leord’imeachtaí an Oireachtaisá gcraoladh beo ar Raidióna Gaeltachta (92 – 94FM)leis. Beidh SeimineárOireachtais Chonradh na

Gaeilge ar siúl in Óstán Ghleann an Iolairag 11.00rn maidin Shathairn, 5 Samhain2011, áit go bpléifear oiliúint Ghaeilge ármúinteoirí faoin Straitéis 20 Bliain (féachlth 7). Beidh club amhránaíochta na féile,Casadh an tSúgáin, ar siúl istoíche agus isiomaí léachtaí, seoltaí leabhar agusdlúthdhioscaí, siúlóidí sléibhe, comórtaisScrabble, drámaí agus seónna Gaeilge dopháistí a bheidh á reáchtáil freisin.Tuilleadh eolais: www.antoireachtas.ie/ +353 (0)1 4753857

Oireachtas na SamhnaOireachtas na Samhna

Page 7: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2011

77Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Page 8: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2011

88 Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Samhain 2011Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Samhain 2011

Láithreoirí Á Lorg!Láithreoirí Á Lorg!Beidh TG4 ag earcú Láithreoirí Leanú-nachais nua le linn 2012 agus chuigeseo, tá trialacha scáileáin ar bun i míDheireadh Fómhair chun daoine aroghnú do chúrsa oiliúna a bheidh áreáchtáil i gcomhar le Gréasán naMeán thar 6 dheireadh seachtaine.Beidh na trialacha ar siúl in OifigTG4, 80 Sráid Fhearchair, Baile ÁthaCliath 2 ar an 26 Deireadh Fómhair2011; san Óstán Meyrick i nGaillimhar an 2 Samhain 2011; agus agOireachtas na Samhna sa Seomra Torcin Óstán Ghleann an Iolair i gCillAirne, Co. Chiarraí ar an 5 Samhain

2011. Is gá áit a chur in áirithint dontriail trí ghlaoch ar +353 (0)91505050; fáilteofar freisin roimh mhírfíse (nóiméad amháin ar fad) ar r-phost chuig [email protected] i bh-foirm .mp4, .mov, .mpg nó .avi.Gach eolas:www.tg4.ie

Tháinig Comhluadar, Conradhna Gaeilge, Foras Pátrúnachtana Scoileanna Lán-Ghaeilgeagus Glór na nGael le chéileanuraidh mar gheall ar aneaspa fáis i líon na scoileannalánGhaeilge a bhí á oscailt,agus tá Caitríona Bairéadanois ina hOifigeach Forbartha agAitheantas, comhfheachtas a cruthaíodhmar thoradh ar an gcomhoibriú sin. Tá sícheana féin tar éis sraith de chruinnithepoiblí maidir le Gaelscoileanna áitiúla abhunú, a eagrú in Átha Cliath, Cill Dara,Corcaigh agus Gaillimh ó thosaigh sí saphost an mhí seo caite. D'éirigh go han-mhaith leis na cruinnithe agus táCaitríona ag tógáil ar an obair sin leis anéileamh ar an nGaelscolaíocht i gceantairéagsúla fud fad na tíre a léiriú agus aláidriú sna míonna amach roimpi. Níl

easpa thaithí ag Caitríona arobair in earnáil na Gaeilge óbhain sí céim amach snahilmheáin in Ollscoil ChathairBhaile Átha Cliath sular tho-saigh sí ag obair le Seachtainna Gaeilge i 2008, áit go raibhsí ag feidhmiú mar Oifigeach

Riaracháin agus Tacaíochta ar feadh dhábhliana. Tá sí ag tnúth le tabhairt faoindúshlán úr le hAitheantas agus tá sí agobair as oifigí na pátrúnachta náisiúntado scoileanna lánGhaeilge bunscoile agusiarbhunscoile i Maigh Nuad. Tá sí féinagus an fhoireann ann ar fáil le labhairtle héinne gur mian leo tacaíocht nó cú-namh a thabhairt don bhfeachtas ar sonna Gaelscolaíochta.Tuilleadh eolais:[email protected] /+353 (0)1 629 4110

Fostaí Nua AitheantasFostaí Nua Aitheantas

Page 9: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2011

99Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Chuir Pobal Acht na Gaeilge i lár an Aonaighag lá mór Gaeilge i mBéal Feirste le déanaí!Agus 5 bliana caite ó thug rialtas naBreataine gealltanas go n-achtófaí Acht naGaeilge i dTuaisceart Éireann, d'eagraigh anscátheagras Gaeilge Cearta agus Ceiliúradhin Aonach Naomh Seoirse ar an 10 DeireadhFómhair 2011, lá comórtha shíniúChomhaontú Chill Rímhinn. Bhí gach cineálruda ar siúl, ó mhóreachtraí sorcais golámhchleasaíocht le Seán Ó Faoláin, ó Phorta' Beul le hamhránaithe Ghàidhlig na hAl-ban, go hamhráin chomhaimseartha le JJ ÓDochartaigh; agus ó chór Bhunscoil Phobail

Feirste go damhsa proifisiúnta ó CelticStorm. Ba í aidhm an lae ná an t-éileamhatá ann i measc an phobail d'Acht ceartbhu-naithe Gaeilge sna Sé Chontae a léiriú aguschun brú a chur ar an rialtas an gealltanas arinne siad a chomhlíonadh.

I Lár an AonaighI Lár an Aonaigh

Reáchtáladh comór-tas peile nua seachtaran taobh do Ghaeil-geoirí i nGaeltachtRáth Chairn, Co. naMí, le béim a leaganar thábhacht naGaeilge sa ChumannLúthchleas Gael le déanaí. Bhí an comór-tas oscailte do dhaoine thar 30 bliaind’aois a bhíonn de shíor ag déanamh amhór de na laethanta a chaith siad féin imbun peile, ach ba é cur chun cinn naGaeilge an aidhm ba thábhachtaí leis angcomórtas. Chuaigh grúpa de Ghaeil dhío-graiseacha ó cheantar Ard Mhacha isteachar an gcomórtas stairiúil seo agus sheassiad ar son Chúige Uladh, ag léiriú go bh-fuil an Ghaeilge faoi rath agus faoi bhláthi gCo. Ard Mhacha. Chuaigh an fhoireannchun na páirce sna geansaithe nua a bhíurraithe ag an aon shiopa Gaeilge amháin

in Ard Mhacha, mar atáCult Úr. Bhí an fhoire-ann ag iarraidh bheithpáirteach le feasacht achothú ar ionadGaeilge agus cultúiratá ar na bacáin in ArdMhacha, mar atá

Aonach Mhacha. Tá thart ar 750 páiste agfreastal ar Ghaelscoileanna sa chontae arfad agus tá roinnt grúpaí ag spreagadhúsáid na Gaeilge sa cheantar, mar sham-pla Cairde Teo. a chuir an fhoireann is-teach ar an gcomórtas seo agus CoisteCultúir Bhord CLG Chontae Ard Mhacha.Bíonn an Coiste Cultúir agus Cairde Teo.ag reáchtáil dianchúrsaí Gaeilge ar andara Satharn de gach mí i bPáirc Lúthch-leasaíochta Uí Mhuireagáin.Tuilleadh eolais:Seán Ó Maoilsté+44 (0)28 3751 5229

Gaeil Ard Mhacha ina Pheileadóirí UladhGaeil Ard Mhacha ina Pheileadóirí Uladh

Page 10: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2011

Aistritheoirí na ParlaiminteAistritheoirí na ParlaiminteBa mhian le Parlaimint na hEorpaaistritheoirí Gaeilge a earcú ar chonradhsealadach. Bheadh na haistritheoirí agobair i gcuideachta na foirne atá lon-naithe i Lucsamburg. Ba chóir d’iar-rthóirí CV (i mBéarla) agus litirchumhdaigh ina léirítear oiriúnacht donphost (i nGaeilge) a sheoladh chuigPhilip Cole, Ceann Aonad Aistriúcháin naGaeilge agus an Bhéarla, [email protected] roimh31 Deireadh Fómhair 2011. Ní mórcéim tríú leibhéil agus eolas sármhaithar an nGaeilge agus ar an mBéarla (idirscríobh agus labhairt) a bheith ag an té

a cheapfar, agus is gá go mbeadh gachiarrthóir ina náisiúnach de Bhallstát denAE. Bheadh eolas ar theangacha eile AEina bhuntáiste agus na hiarrthóirí a n-éireoidh leo post sealadach a bhaintamach, tosóidh siad ar ghrád AD 5.

1010 Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Samhain 2011Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Samhain 2011

Tá An Mheitheal Straitéise, Taighde agusTionscnamh ag eagrú sheimineár lae darteideal Rialachas, Idé-Eolaíochtagus Dlí-Eolaíocht i gcomhpháirtle Conradh na Gaeilge, Cosicéimagus Gael-Linn le tacaíocht óFhondúireacht na Gaeilge ón 11 -12 Samhain 2011. Seolfaidh LiamMac Cóil an leabhar Leas naGaeilge, Leas an Stáit ag an bh-fáiltiú in Óstán an Camden Courtar Shráid Camden i mBaile Átha Cliath ag7.30in oíche Aoine sula n-osclóidh MáirínNí Ghadhra an seimineár go hoifigiúil.Leanfaidh Léacht Nollaig Uí Ghadhra 2011ansin, áit go labhróidh Alan Titley, OllamhEmeritus le Gaeilge in Ollscoil na hÉire-ann, Corcaigh, ar an ábhar An Bhailbhe ilár an Bhladair: Ionad na Gaeilge sa tSaolPoiblí. Tosóidh an seimineár ag 9.00rn DéSathairn agus labhróidh Harry McGee,comhfhreagraí polaitíochta The Irish

Times faoi Idir Daoirse agus Saoirse - Staidna Tíre ag druidim i dtreo 2012; pléifidh

Eoin Ó Murchú, iar-chomhfhrea-graí polaitíochta le Raidió naGaeltachta An bhfuil an Ghaeilgeceangailte leis an gCogadhAicmeach?; labhróidh Áine Hy-land, Ollamh Emeritus lehoideachas in Ollscoil na hÉire-ann, Corcaigh, maidir le Pátrú-nacht agus Iontaobhaíocht sa

chóras oideachais: idéalachas agus an dlí;tabharfaidh Séamus Ó Tuathail, abhcóidesinsearach, léargas ar an ábhar AnGhaeilge agus an Bunreacht; agus is é TomO'Malley, abhcóide agus léachtóir sinsear-ach le dlí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh,a labhróidh maidir le Bunreacht na hÉire-ann: Bás nó Beatha? Cuirfear críoch leis anlá le fóram díospóireachta.Tuilleadh eolais:[email protected]

Seimineár na MeithleSeimineár na Meithle

Page 11: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2011

1111Is féidir scéalta a chur chuig [email protected] féidir scéalta a chur chuig [email protected]

Faoi fhorálacha Chuid 5d’Acht na dTeangachaOifigiúla 2003, tá sé i gceistag an gCoimisiún Logainm-neacha comhairle a thab-hairt don Aire Ealaíon,Oidhreachta agusGaeltachta, Jimmy Deeni-han TD, ordú logainmneacha a dhéanamhchun leaganacha oifigiúla Gaeilge de lo-gainmneacha Chontae Chorcaí (seachas naceantair Ghaeltachta) a dhearbhú. Is mianleis an gCoimisiún moltaí a fháil ón bpobalmaidir leis an ordú atá molta ar dtús báire,

na leaganacha Gaeilge sanáireamh, agus scrúdóidh anCoimisiún na moltaí go léirsula dtugann sé an chomhairledon Aire. Tá dréacht den ordúatá beartaithe ar fáil arshuíomh Bhunachar Logainm-neacha na hÉireann ag

www.logainm.ie/pdf/11.10.06_BRAINSE.pdf. Ba cheart moltaí a sheoladh i bh-foirm aighneachtaí chuig An Rúnaí, AnCoimisiún Logainmneacha, 43 - 49, BótharMespil, Baile Átha Cliath 4 roimh 10Eanáir 2012.

AighneachtaíAighneachtaí

Agus tús curtha leseisiún nua na Dálaagus an tSeanaid anmhí seo caite, d'ea-graigh Conradh naGaeilge bricfeastaGaeilge i dTeachLaighean le deis athabhairt do Theachtaí Dála agus doSheanadóirí a gcuid Gaeilge labhartha achleachtadh i suíomh sóisialta,neamhfhoirmeálta. Cabhróidh an ciorcalcomhrá míosúil seo le polaiteoirí na hÉire-ann muinín a chothú ina gcuid cumas lab-hartha féin, agus tá súil go mbeidh sé demhuinín acu chéad teanga an Stáit a úsáidos comhair na Dála nó an tSeanaid níosminice mar thoradh air. Tá Conradh naGaeilge ag tacú le foghlaim, feabhsú agusúsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtaisar bhealaí eile freisin; scaipeadh eolas arna polaiteoirí faoi ranganna Gaeilge i

dTeach Laighean ag anócáid ar an 29 MeánFómhair 2011, mar aonle liosta d'oibrithe de-onacha atá sástaseisiúin chaintephearsanta a shocrú lepolaiteoir ar bith gur

spéis leo a gcuid Gaeilge a chleachtadhgan rang rialta a dhéanamh. Seoladh IsLeor Beirt as an nua ag an ócáid freisin -an chéad ghréasán náisiúnta de chiorcailchomhrá a chuir Conradh na Gaeilge túsleis i gcomhar le Scéimeanna PobailGaeilge ar fud na tíre i mí na Samhna2009. Chomh maith leis an mbricfeastamaidine i dTeach Laighean, tá ciorcailchomhrá istoíche agus imeachtaí Gaeilgeum thráthnóna á gcur leis an gclár marchuid de na forbairtí nua Is Leor Beirt.Teagmháil: [email protected] /+353 (0)1 4757401

Athsheoladh Is Leor BeirtAthsheoladh Is Leor Beirt

Page 12: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Deireadh Fómhair 2011

1212 Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Samhain 2011Cuir na scéalta chugainn roimh 09 Samhain 2011

Is Leor BeirtIs Leor BeirtNíl slua i gcónaí de dhíth le daoinea chur ag labhairt i nGaeilge ingach cearn den tír - is leor beirt!Tá ábhar an leathanaigh seodírithe ar chabhrú leat ciorcalcomhrá neamhfhoirmeálta areáchtáil i d’áit oibre féin nó i

mbialann áitiúil. Cuir fáilte roimhGhaeilgeoirí nua tríd na ceis-teanna seo a leanas a ghearradhamach agus lig do gach duine ceista roghnú nuair a éiríonn ancomhrá gann.

UachtaránachtUachtaránacht• An bhfuil suim agat sa toghchán d'Uachtarán na hÉireann?• An bhfuil vóta agat ar an 27 Deireadh Fómhair 2011?• Cad atá ar eolas agat faoi na hiarrthóirí?• An bhfaca tú na díospóireachtaí idir na hiarrthóirí?• Ar tháinig iarrthóir ar bith ag strucáil chuig do dhoras?• An gcreideann tú go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge

ag an Uachtarán?• An gceapann tú go raibh Máire Mhic Ghiolla Íosa ina hUachtarán

maith?• An mbíonn tionchar ag na pobalbhreitheanna éagsúla ar do chinneadh?• An dóigh leat go bhfuil sé níos éasca ar iarrthóirí atá tacaíocht ó pháirtí polaitíochta acu?• An gcreideann tú go mba chóir go mbeadh ról neamhpholaitiúil ag an Uachtarán?

Iarrthóirí: neamhspleách, páirtí polaitíochta, pobalbhreith, dearcadh an phobail, agstrucáil, ag mangaireacht ó dhoras go doras, díospóireacht, geallúint, baothchaint, óráid

Cad is ainm den bhréagán idirghníomhach a mhúineann uimhreacha, dathanna aguscruthanna i nGaeilge do pháistí óga? Tuilleadh eolais: www.babogbaby.com

Comórtas BábógBaby:Comórtas BábógBaby:Is bréagán ildaite Gaeilge éBábógBaby agus tá sé ar fáil ar€29.99 i siopaí mórthimpeall natíre, ins An Siopa Leabhar, agusar-líne ó www.babogbaby.com.Ach más mian leat ceann abhuachan ó Chonradh na Gaeilge,léigh leat! Beidh an béirín Gaeilgele feiceáil i gclár beochana nua arTG4 an fómhar seo chugainn agus

BB agus Bella an t-ainm a bheidhair. Chun ceiliúradh a dhéanamhair seo, tá 5 bhéirín bábóige lebuachan ag Conraitheoirí. Ní gáduit ach do shonraí teagmhálaagus freagra na ceiste seo aleanas a sheoladh [email protected] nó ComórtasBábógBaby, 6 Sráid Fhearchair,BÁC 2 roimh 09 Samhain 2011: