gníomhaíochta um chiste na gcuntas plean díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó chiste na...

35
Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020

Upload: others

Post on 06-Jul-2020

3 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020

Page 2: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

2

Clár an Ábhair

1. Cuid 1: Réamhrá agus Léargas Ginearálta ............................................................3

1.1 Réamhrá .........................................................................................................3

1.2 Freagrachtaí an Aire ..........................................................................................4

1.3 Nósanna Imeachta Cuntasaíochta ......................................................................4

1.4 Plean Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Díomhaoin 2020 a Ullmhú ...............5

1.5 Struchtúr Plean Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Díomhaoin (DAF) 2020 .....6

2. Cuid 2: Plean Gníomhaíochta 2020 DAF – Bearta a bhfuil maoiniú ceadaithe dóibh 8

2.1 An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ............................................................8

2.2 An Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil ................................12

2.3 An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais .....................................................13

2.4 An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí .....................................20

2.5 An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige .................................................................20

2.6 An Roinn Oideachais agus Scileanna.................................................................25

2.7 An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil .....28

2.8 An Roinn Cosanta ..............................................................................................29

2.9 An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt .................................................30

3. Aguisín I: Tábla Achomair ar Bhearta Phlean Gníomhaíochta 2020 ...................33

Page 3: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

3

1. Cuid 1: Réamhrá agus Léargas Ginearálta

1.1 Réamhrá

Tugtar breac-chuntas ar bhearta agus ar mhaoiniú ar fud 9 Roinn i bPlean Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Díomhaoin 2020. Ceadaítear maoiniú suas le €45.5m sa phlean, a dhéanfaidh maoiniú ar 43 beart ar fud 9 Roinn de réir na reachtaíochta ábhartha mar a mhionsonraítear thíos. Léirítear an maoiniú a chuirtear ar fáil sa Phlean Gníomhaíochta seo tríd an bpróiseas meastacháin.

Foráiltear do chreat maidir le cuntas neamhéilithe i bhforais chreidmheasa a riar (m.sh. bainc, cumainn fhoirgníochta agus an Post) agus polasaithe árachais neamhéilithe i bhfiontair árachais san Acht um Chuntais Díomhaoin 2001, mar aon leis an Acht um Pholasaithe Árachais Saoil Neamhéilithe 2003 agus na hAchtanna um Chuntais Díomhaoin (Leasú) 2005-2012.

Breithnítear cuntas i bhforas creidmheasa a bheith díomhaoin nuair nach dtarlaíonn aon idirbhearta ó thaobh custaiméara iontu le 15 bliana. Breithnítear polasaithe árachais saoil le téarma sonraithe a bheith díomhaoin 5 bliana tar éis deireadh an téarma sin. Mura n-éiríonn le hiarrachtaí chun dul i dteagmháil le sealbhóirí polasaithe, aistrítear an t-airgead chuig Ciste na gCuntas Díomhaoin (atá á bhainistiú ag Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta). Mar sin féin, níl tionchar ag aistriú chuig an gCiste ar chearta úinéireachta an chuntais nó ar shealbhóirí an pholasaí nó ar a n-oidhrí agus is féidir an t-airgead in éineacht leis an ús a éileamh ar ais ag tráth ar bith.

Is é príomhchuspóir na reachtaíochta na struchtúir dhlíthiúla atá riachtanach a chur i bhfeidhm le cuntais nó polasaithe díomhaoin a aistriú agus le deis a thabhairt do shealbhóir na gcuntas nó na bpolasaithe nó a gcuid ionadaithe an t-airgead seo a éileamh ar ais ag tráth níos déanaí. Tugadh scéim isteach faoin reachtaíocht freisin, áfach, a cheadóidh don Rialtas an t-airgead atá i gCiste na gCuntas Díomhaoin a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar chlár nó ar thionscadail a chuideoidh le:

Forbairt pearsanta agus sóisialta daoine atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh an gheilleagair de nó go sóisialta;

Forbairt oideachais daoine atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh oideachais, nó

Daoine atá faoi mhíchumas.

Leagtar amach sa reachtaíocht nach féidir leis an Rialtas maoiniú na gCuntas Díomhaoin a úsáid ach ar mhaithe leis na críocha thuas amháin.

Chun an próiseas maoinithe seo a riaradh, chruthaíodh creat riaracháin freisin faoin reachtaíocht a rialaíonn na Cuntais Díomhaoin, atá faoi mhaoirseacht aon Aire amháin, lenar

Page 4: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

4

féidir leis na Ranna iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú óna Cuntais Díomhaoin le maoiniú a dhéanamh ar bhearta a d’fhéadfadh cuidiú leis na spriocghrúpaí thuas. Tá an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Michael Ring T.D., freagrach as an fheidhm seo. Tá an fheidhm seo tarmligthe don Aire Stáit, Seán Canney, T.D.

1.2 Freagrachtaí an Aire

Ceanglaítear ar an Aire, faoi reachtaíocht na gCuntas Díomhaoin:

Plean Gníomhaíochta a ullmhú, uair sa bhliain ar a laghad, chun éifeacht a thabhairt don Scéim Eisíocaíochtaí. Tá mionsonraí maidir le cláir agus le tionscadail atá le maoiniú a fháil faoin Scéim Eisíocaíochtaí le fáil sna Pleananna Gníomhaíochta. Leagtar amach sna Pleananna an t-uasmhéid eisíocaíochta atá beartaithe maidir le gach aon chlár nó tionscadail ar feadh na tréimhse lena mbaineann an Plean Gníomhaíochta;

Sa chás go mbíonn clár nó tionscadal atá sonraithe sa Phlean Gníomhaíochta faoi théarmaí tagartha an Aire, is féidir leis/léi cuireadh a thabhairt le hiarratais eisíocaíochtaí ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a chur faoi bhráid; agus

Ceanglaítear ar an Aire freisin tuarascáil bhliantúil a ullmhú, thráth nach déanaí ná 30 Meitheamh gach aon bhliain, le cur faoi bhráid an Rialtais maidir le feidhmiú na n-eisíocaíochtaí le linn na bliana roimhe sin.

Ullmhaíodh Plean Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Díomhaoin 2020 ag teacht leis an Scéim Eisíocaíochtaí atá i bhfeidhm i láthair na huaire.

1.3 Nósanna Imeachta Cuntasaíochta

Leagtar amach sa reachtaíocht a rialaíonn Ciste na gCuntas Díomhaoin agus úsáid an airgid atá sa chiste sin, an bealach ina n-íocfar amach an t-airgead ón gciste chuig na Ranna a bhfuil beart ceadaithe comhlánaithe acu freisin.

Ní mór go mbeidh bearta a bhfuil maoiniú ceadaithe dóibh in aon Phlean Gníomhaíochta, a bheith maoinithe ó Vóta na Roinne nó ón ngníomhaireacht lena mbaineann, ar an gcéad dul síos. Ní mór rannóg tiomnaithe de Vóta na Roinne atá ag tabhairt faoi bhearta na gCuntas Díomhaoin a bheith curtha i leataobh chun na críche sin. Cúiteofar ansin ó Chiste na gCuntas Díomhaoin, an caiteachas a thabhaítear i bhfeidhmiú an bhirt ceadaithe, a fhágann go bhfuil na bearta neodrach ó thaobh an Státchiste. Dá réir, éilíonn bearta a bhfuil maoiniú ceadaithe dóibh sa Phlean Gníomhaíochta seo nó faoi aon Phleananna Gníomhaíochta eile, ar an Roinn ábhartha, a chinntiú i gcónaí go bhfuil leithdháileadh vótáilte ar fáil laistigh dár mbuiséad mar chuid den phróiseas mheastacháin bhliantúil. I gcásanna ina bhfuil bearta

Page 5: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

5

ceadaithe faoin bPlean Gníomhaíochta ach nach bhfuil an caiteachas vótáilte atá riachtanach faighte laistigh den Mháthair-Roinn, déanfar an maoiniú a bhí leithdháilte don bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear go mór, áfach, an baol sin sa chur chuige atá sa Phlean Gníomhaíochta seo, a tugadh chun críche tar éis Buiséad 2020.

Dá réir, rachaidh formhór na mbeart a ceadaíodh sa Phlean Gníomhaíochta seo chun cinn sa bhliain 2020, faoi réir ag caiteachas vótáilte gach Roinn ligean don bheart dul chun cinn. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird freisin go bhféadfaidh na bearta a cheadaítear i bplean gníomhaíochta bliantúil dul chun cinn thar líon blianta agus gur féidir an leithdháileadh a chuirtear ar fáil a íoc amach as an gciste thar an tréimhse sin.

Ní mór do na Ranna, le linn dóibh a bheith ag cur bearta le chéile atá le maoiniú a fháil ó Chiste na gCuntas Díomhaoin agus le linn dóibh a bheith ag cur na mbeart sin i bhfeidhm, a chinntiú go bhfuil na bearta á riaradh de réir nósanna imeachta cuntasaíochta an Rialtais, lena n-áirítear, an Cód Caiteachais Phoiblí. Tá gach Roinn freagrach as a gcuid clár agus scéimeanna féin a riaradh ar an mbealach céanna le haon chaiteachas vótáilte eile.

Forálann reachtaíocht na gCuntas Díomhaoin freisin gur féidir an costas a bhaineann le soláthróirí seirbhíse a fhostú (ar nós Pobal) leis na bearta a riaradh nó a sheachadadh faoin bPlean Gníomhaíochta (lena n-áirítear, monatóireacht, meastóireacht agus measúnú tionchar) a íoc as an gCiste. Mar sin féin, ní mór gnáthchostais riaracháin a thabhaíonn na Ranna ábhartha a íoc óna buiséid atá acu cheana féin.

Ar deireadh, tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird gur ionann na leithdháiltí maoinithe a chuirtear ar fáil sna Pleananna Gníomhaíocht agus uasmhéid na leithdháiltí agus tá nósanna imeachta curtha i bhfeidhm chun cásanna a bhainistiú nuair a bhíonn costas an bhirt níos mó ná uasmhéid an leithdháilte. Sa chás go mbíonn an caiteachas a thabhaítear ó thaobh cláir nó scéime níos lú ná an t-uasmhéid leithdháilte a ceadaíodh, ní mór an farasbarr a dhídhílsiú agus é a chur ar ais i gCiste na gCuntas Díomhaoin chun maoiniú a dhéanamh ar scéimeanna eile. Ar an mbealach céanna, mura dtéann na scéimeanna ar aghaidh ar chor ar bith, mar gheall ar imthosca nach rabhthas ag súil leo, ní mór an leithdháileadh a dhídhílsiú nuair a bhíonn sé soiléir don Roinn ábhartha go bhfuil a leithéid amhlaidh. Déantar an próiseas maidir leis an tarraingt siar seo a bhainistiú ar bhonn leanúnach, go háirithe, le linn tuarascálacha bliantúla a bheith á n-ullmhú.

1.4 Plean Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Díomhaoin 2020 a Ullmhú

Chuir an tAire Stáit, Seán Canney T.D., tús le Plean Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Díomhaoin 2020 a ullmhú i mí na Bealtaine 2019. Éilíodh ar na hAirí ábhartha tionscadail nó chláir a d’fhéadfadh a bheith laistigh de théarmaí tagartha a gcuid Ranna, atá dírithe ar

Page 6: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

6

aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste geilleagrach nó sóisialta agus ar thacaíocht a thabhairt do dhaoine atá faoi mhíchumas, a aithint.

Ordaítear i reachtaíocht na gCuntas Díomhaoin nach mór go mbeidh na bearta atá ainmnithe do mhaoiniú óna Cuntais Díomhaoin faoin bPlean Gníomhaíochta, curtha ar aghaidh ag Airí. Ní cheadaítear sa reachtaíocht do pháirtithe leasmhara lasmuigh den earnáil phoiblí tograí ó thaobh maoinithe a chur ar aghaidh go díreach. Mar sin féin, is féidir leis na Ranna, forbairt a dhéanamh ar bhearta beartaithe/nó bearta beartaithe a chur i bhfeidhm i gcomhar le páirtithe leasmhara eile. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí próisis anseo chun maoiniú a chur ar fáil do chomhlachtaí eile chun bearta atá ceadaithe faoin bPlean Gníomhaíochta a chur chun cinn.

Thug an tAire Canney chun críche agus cheadaigh Plean Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Díomhaoin sealadach i mí Lúnasa 2019. Cuireadh na Ranna ar an eolas ansin maidir leis na bearta a bhí ceadaithe dóibh agus ar mhaithe lena chinntiú go raibh na bearta sin san áireamh sa phróiseas meastacháin. Léirítear an maoiniú atá curtha ar fáil tríd an bpróiseas meastacháin sa Phlean Gníomhaíochta Deiridh seo.

1.5 Struchtúr Phlean Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Díomhaoin (DAF) 2020

Cuirtear réamhrá agus léargas ginearálta gairid ar fáil i Roinn 1 maidir le bonn reachtúil agus feidhmiú Chiste na gCuntas Díomhaoin.

Leagtar amach i Roinn 2 na bearta ar ceadaíodh maoiniú dóibh faoi Phlean Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Díomhaoin (DAF) 2020. Cuirfear na bearta seo i bhfeidhm sa bhliain 2020 agus sna blianta ina dhiaidh sin. Cuirtear cur síos gairid ar fáil maidir le gach aon bheart a cheadaítear, chomh maith leis an Roinn atá freagrach agus próifíl an chaiteachais a bhfuiltear ag súil leis ó thaobh na mbeart atá i gceist. Tá na bearta ar ceadaíodh maoiniú dóibh i bPlean Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Díomhaoin (DAF) 2020 sna Ranna seo a leanas:

• An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

• An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil

• An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

• An Roinn Gnóthaí Fosaíochta agus Coimirce Sóisialaí

• An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

• An Roinn Oideachais agus Scileanna

• An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil

• An Roinn Cosanta

• An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

Page 7: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

7

Page 8: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

8

2. Roinn 2: Plean Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Díomhaoin (DAF) 2020 – Bearta a bhfuil maoiniú ceadaithe dóibh

Tugtar mionsonraí sa roinn seo ar na bearta a bhfuil maoiniú ceadaithe dóibh faoi Phlean Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Díomhaoin (DAF) 2020. Cuirtear cur síos gairid ar fáil ann maidir le gach aon bheart atá ceadaithe, an Roinn atá freagrach agus próifíl an chaiteachais a bhfuiltear ag súil leis don bheart atá i gceist. Nuair is féidir, cuirtear torthaí/tionchair sonraí ar fáil sa chur síos ar an mbeart. Ní mór a thabhairt ar aird, áfach, go bhfuil go leor de na bearta seo nua agus gur idirghabhálacha nuálacha atá i gceist a thiocfaidh chun cinn diaidh ar ndiaidh de réir mar a dhéantar iad a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm.

Ar an iomlán, tá leithdháiltí ar fiú €45.5 milliún iad ceadaithe do 43 beart atá le cur i bhfeidhm ar fud 9 gcinn de Ranna Rialtais sa bhliain 2020. Meastar go mbeifear ag lorg maoiniú eile do go leor de na bearta seo i bpleananna gníomhaíochta amach anseo.

2.1 An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

2.1.1 Beart maidir le Fiontair Shóisialta

Foilsíodh an Beartas Náisiúnta maidir le Fiontraíocht Shóisialta in Éirinn i mí Iúil 2019. Is iad trí phríomhchuspóir an bheartais, Cur leis an Aird ar Fhiontraíocht Shóisialta; Fiontraíocht Shóisialta a Chothú agus a Neartú; Ord Níos Fearr Beartais a Bhaint Amach. Cuirfidh an beart seo leis na bearta fiontraíochta sóisialta le gairid a cuireadh ar fáil sa bhliain 2017, 2018 agus 2019 trí thacaíochtaí díreacha a chur ar fáil chun acmhainneacht a fhorbairt, go háirithe maidir le forbairt fiontraíochta.

Cuideoidh na cláir a chuirfear ar fáil faoin mbeart seo le poist inbhuanaithe a chruthú, go háirithe do dhaoine atá ar an imeall agus faoi mhíbhuntáiste, cuirfidh feabhas ar chaighdeán agus ar sheachadadh seirbhísí do phobail atá faoi mhíbhuntáiste, agus cuirfidh le cumas fiontair shóisialta le hioncam a chruthú.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na

gCuntas Díomhaoin Próifíl Caiteachais

Fiontair Shóisialta €2,000,000 Caiteachas de €2,000,000 in 2020

2.1.2 An Scéim Foláirimh do Sheanóirí

Cuireann an Scéim Foláirimh do Sheanóirí ar chumas daoine níos sine (65 bliain +), ar bheagán ioncam, leanúint ag maireachtáil go sábháilte ina gcuid tithe féin go muiníneach, go neamhspleách agus le suaimhneas intinne trí aláram pearsanta atá saor in aisce a chur ar fáil dóibh. Rinneadh an Scéim a sheoladh arís i mí na Samhna 2017 agus chomh maith le haláram pearsanta a chur ar fáil, cuirtear monatóireacht saor in aisce ar fáil anois leis an

Page 9: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

9

gcéad bhliain a chlúdach, agus tá leasú déanta ar an gcritéar cáilithe. Tá spéis thar na bearta á léiriú sa Scéim ó seoladh an dara huair í, ceadaíodh 7,300 sa bhliain 2016 agus d’ardaigh an líon sin go 19,200 sa bhliain 2018, agus tá an chosúlacht air go leanfaidh éileamh ag ardú sa bhliain 2019 agus ina dhiaidh sin.

Cuirfidh an beart atá le maoiniú ó Chiste na gCuntas Díomhaoin an deis ar fáil le freastal ar an éileamh ardaithe óna saoránaigh is leochailí atá againn. Bainfear úsáid as maoiniú Chiste na gCuntas Díomhaoin le freastal ar na héilimh bhreise agus na héilimh eisceachtúla atá ar an Scéim, go háirithe, an soláthar monatóireachta leanúnach saor in aisce do rannpháirtithe na Scéime, atá mar ghné de leagan nua na Scéime.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Scéim Foláirimh na Seanóirí €3,000,000 Caiteachas de €3,000,000 in 2020

2.1.3 Tacaíochtaí d’Oibrithe Deonacha

Cuireann Ionaid d’Oibrithe Deonacha seirbhís socrúcháin ar fáil do dhaoine aonair agus do ghrúpaí atá ag iarraidh tabhairt faoi ghníomhaíocht dheonach agus d’eagraíocht ag lorg oibrithe deonacha. Tá 21 Ionad d’Oibrithe Deonacha ar fud na tíre i láthair na huaire. Cuirtear Seirbhísí Eolais d’Oibrithe Deonacha ar fáil in 8 láthair faoi láthair seachas i bhfíor-ionaid. Níl aon seirbhís ó thaobh siúl isteach nó foireann lánaimseartha ar fáil chun tacú le meaitseáil a dhéanamh ar oibrithe deonacha agus ar eagraíochtaí. Éascóidh an maoiniú seo uasghrádú ocht gcinn d’Ionaid Seirbhísí Eolais d’Oibrithe Deonacha go hIonaid d’Oibrithe Deonacha lánaimseartha le leibhéal seasmhach bonneagair d’oibrithe deonacha a chur ar fáil ar fud na tíre.

Aithnítear sa bheart seo freisin go dtéann tacaíochtaí ó oibrithe deonacha i bhfad níos faide ná bonneagar agus nach mór cúnamh a chur ar fáil d’eagraíochtaí a bhfuil baint acu le hobair dheonach a chuireann seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil do na daoine is leochailí sa phobal chun tacaíocht leordhóthanach, oiliúint agus oibrithe deonacha a tharraingt isteach. Tá sé mar chuspóir breise leis an mbeart seo feabhas a chur ar chumas eagraíochtaí le hoibrithe deonacha a earcú agus tacaíocht a thabhairt dóibh.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Tacaíochtaí d’Oibrithe Deonacha

€653,100 Caiteachas de €653,100 in 2020

2.1.4 Beart atá Dírithe ar Chuimsiú Sóisialta

Cuimsíonn an beart seo tionscadail shonracha atá dírithe ar dhul i ngleic le míbhuntáiste agus eisiamh sóisialta agus tá an beart dírithe ar cheantair/grúpaí áirithe daoine aonair atá

Page 10: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

10

ag fulaingt ó thaobh imeallú nó míbhuntáiste as cuimse agus nach bhfaigheadh siad clúdach, seachas sin, ó sheirbhísí stáit atá ann cheana féin. Tá an tsuim fhoriomlán a cheadaítear le húsáid ar fud raon tionscadail agus beidh an maoiniú bunaithe ar riachtanas ar deireadh thiar. Leagtar amach na suimeanna maoinithe thíos.

Áirítear sa bheart:

• Tacaíochtaí Teaghlaigh Charraig Mhaighin €60,000 – Maoiniú chun tacú le beirt oibrithe tacaíochta teaghlaigh páirtaimseartha chun oibriú leis na leanaí a fágadh ina ndílleachtaí mar gheall ar an Dóiteán Tragóideach i gCarraig Mhaighin i mí Deireadh Fómhair 2015, agus chun tacú leis na teaghlaigh agus le pobal an Lucht Siúil atá thíos leis mar gheall ar an dóiteán.

• Ionad For-Rochtana Thamhlachta €52,000 – Tacaíocht do 3 ionad for-rochtana i dTamhlacht (Ionad Acmhainní Glenshane, Ionad Oiliúna Solúbtha i nGort an tSrutháin agus Ionad Pháirc an tSléibhe) atá á fheidhmiú ag Comhpháirtíocht Chontae Bhaile Átha Cliath Theas (SDCP), a fheidhmíonn 19 ionad seirbhísí ar an iomlán ar fud Bhaile Átha Cliath Theas.

• Cumann na Daoine, Eochaill €70,000 – Tacaíocht don phríomhtionscadal forbartha pobail agus ionchuimsiú sóisialta in Eochaill, baile ina bhfuil leibhéil arda bochtaineachta i gceantar áirithe ina bhfuil daonra beag. Cuireann an maoiniú a fhaightear ó Chiste na gCuntas Díomhaoin deis ar fáil don tionscadal le pleanáil a dhéanamh don todhchaí, lena n-áirítear, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna casta fadtéarmacha atá i ndán don bhaile.

• LGBTI €200,000 – Cuirfear tacaíocht ar fáil faoin mbeart seo chun cúnamh a thabhairt le seirbhísí a chur ar fáil in 8 láthair ar fud na tíre a dhíríonn ar dhaoine atá ar an imeall agus a gcuireann eisiamh sóisialta as dóibh mar gheall ar a bhféiniúlacht LGBTI.

• Rannpháirtíocht san Fhoghlaim i Windtown, san Uaimh €40,000 – Is ceantar atá faoi mhíbhuntáiste mór é Windtown. Bhí deacracht ag daltaí i Windtown le coimeád ama, le freastal agus le poncúlacht. Bhí Clár Críochnaithe Scoile na hUaimhe ar an eolas maidir leis an tionchar a bhí ag cúrsaí ar na daltaí, a raibh baint acu le heaspa iompair, bhí achar de 4.7km a bhí ag tógáil 55 nóiméad le siúl acu, easpa cothú agus an spreagadh le dul ar scoil. Tá an tseirbhís ag leanúint ar aghaidh leis an timthriall míbhuntáiste oideachais a bhriseadh agus tá an tseirbhís ag cur saol níos fearr ar fáil do na daoine óga.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Beart atá dírithe ar chuimsiú sóisialta

€422,000 Caiteachas de €422,000 in 2020

Page 11: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

11

2.1.5 Tionscadal Comhtháthaithe Réamhshóisialta, Ráth Caola, Contae Luimnigh

Is ar mhaithe le leanúint ar aghaidh leis an tionscadal comhtháthaithe réamhshóisialta i Ráth Caola, Contae Luimnigh, ar cuireadh tús leis sa bhliain 2013 agus atá á riaradh ag Acmhainní Iarthar Luimnigh Teoranta, an maoiniú seo. Seasann Ráth Caola amach sa tír seo mar go bhfuil thart ar 80% de phobal an Lucht Siúil ina gcónaí ann. Tá an tionscadal comhtháthaithe réamhshóisialta bunaithe ar chreideamh, agus is tionscnamh idir an Eaglais Chaitliceach, Eaglais na hÉireann agus an Eaglais Mheitidisteach i gcomhpháirtíocht le hAcmhainní Iarthar Luimnigh Teoranta, atá i gceist leis. Tá maoiniú táscach de €150,000 leithdháilte sa réimse seo.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Tionscadal Comhtháthaithe Réamhshóisialta

€150,000 Caiteachas de €150,000 in 2020

2.1.6 Leabharlanna Poiblí – Ag dul i gcion ar phobail atá faoi mhíbhuntáiste, eisiata go sóisialta agus ar an imeall.

Cuirfidh an beart maidir le dul i gcion ar phobail atá faoi mhíbhuntáiste, eisiata go sóisialta agus ar an imeall le feasacht ar sheirbhísí, ar acmhainní agus ar shaoráidí atá ar fáil trína leabharlanna poiblí, go háirithe i measc pobail atá faoi mhíbhuntáiste agus ar an imeall a bhfuil sé níos deacra dul i gcion orthu. Díreoidh tionscadal ar dhul i gcion ar agus ar rannpháirtíocht le pobail agus le daoine aonair nach bhfeiceann leabharlanna mar áit a oireann dóibh. Beart Leithdháileadh ó Chiste na

gCuntas Díomhaoin Próifíl Caiteachais

Ag dul i gcion ar Phobail atá faoi Mhíbhuntáiste, Eisiata go Sóisialta agus ar an Imeall

€650,000 Caiteachas de €650,000 in 2020

2.1.7 Scéim Feabhsúcháin do Phobail atá faoi Mhíbhuntáiste

Tá ionaid phobail ríthábhachtach sna ceantair is mó atá faoi mhíbhuntáiste. Tá sé beartaithe sciartha beaga maoinithe a chur ar fáil chun saoráidí den sórt sin i bpobail uirbeacha atá faoi mhíbhuntáiste nach bhfuil rochtain acu ar mhaoiniú faoi LEADER nó faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte a fheabhsú. Tá leithdháileadh maoinithe de €250,000 curtha ar fáil sa réimse seo.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Scéim Feabhsúcháin do Phobail atá faoi Mhíbhuntáiste

€250,000 Caiteachas de €250,000 in 2020

Page 12: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

12

2.1.8 Ciste Nuálaíochta Sóisialta Éireann

Bunaíodh Ciste Nuálaíochta Sóisialta Éireann (SIFI) sa bhliain 2013 tar éis moltaí thuarascáil an Fhóraim maidir le Daonchairdeas agus Tiomsú Airgid. Tá sé mar mhisean ag Ciste Nuálaíochta Sóisialta Éireann (SIFI) caipiteal fáis a sholáthar do na nuálaíochtaí sóisialta is fearr in Éirinn, infheistíocht a dhéanamh ó thaobh réitigh ar fhadhbanna sóisialta sa tír seo agus ar phoist a chruthú. Mar chomhpháirtíocht idir an earnáil phríobháideach agus an Rialtas, déantar íocaíochtaí ar bhonn cistiú meaitseála 50:50 - 50% ó fhoinsí daonchairdis agus 50% ó Chiste na gCuntas Díomhaoin. Tá 24 ciste cruthaithe ag an SIFI a thugann aghaidh ar shaincheisteanna sóisialta a bhaineann le Tech for Good, Teacht Aniar an Phobail, Gníomhú ar son na hAeráide, Forbairt Fiontraíochta Shóisialta, Oideachas, Sláinte, Meabhairshláinte agus lear mór eile. Tá an SIFI i gcomhpháirtíocht le raon cuideachtaí, ar nós Google, Medtronic, Mason Hayes agus Curran agus IPB Insurance, chomh maith le SME’nna, iontaobhais, teaghlaigh agus daoine aonair. De ghnáth, cuimsíonn tacaíocht ón SIFI meascán de dheontais lánroghnacha airgead tirim agus tacaíochtaí neamhairgeadais gaolmhara trína gClár Luathaithe. Beart Leithdháileadh ó Chiste na

gCuntas Díomhaoin Próifíl Caiteachais

Ciste Nuálaíochta Sóisialta Éireann

€5,500,000 Caiteachas de €5,500,000 in 2020

2.2 An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil

2.2.1 Ag Aistriú Easpa Dídine go Tithíocht Fadtéarmach Leanfaidh an beart seo le tacaíocht a thabhairt do leathadh amach an Plean Náisiúnta Forfheidhmithe do Thús Áite do Thithíocht. Rinneadh an Plean, a foilsíodh i Meán Fómhair 2018, a fhorbairt le réitigh do thithíocht buan agus tacaíochtaí gaolmhara do dhaoine a chodlaíonn amuigh agus lucht úsáidte fadtéarmach cóiríocht éigeandála, a chur ar fáil. Aithnítear sa phlean seo go bhfuil riachtanais chasta go leor de na daoine a chodlaíonn amuigh agus ag lucht úsáide fadtéarmach cóiríocht éigeandála agus go dteastaíonn dian-tacaíocht chun cuidiú leo easpa dídine a fhágáil taobh thiar dóibh agus dul isteach i dtionóntacht inbhuanaithe. Cuireann Tús Áite do Thithíocht teach cónaithe ar fáil do dhaoine aonair agus cuireann dlúth-thithíocht agus tacaíochtaí sláinte ar fáil dóibh. Tá spriocanna sa phlean do gach údaráis áitiúil, le sprioc náisiúnta foriomlán de 663 tionóntacht a chur ar fáil faoin mbliain 2021. Is ionann forfheidhmiú an Plean agus chomhthionscnamh idir an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, an Roinn Sláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus na húdaráis áitiúla. Is é a bheidh mar phríomhthoradh ar an maoiniú seo, teach cónaithe agus tacaíochtaí leanúnacha a theastaíonn uathu le fanacht sa teach sin a chur ar fáil do dhaoine aonair le géar-riachtanais tacaíochta a chodlaíonn amuigh agus do lucht úsáidte fadtéarmach cóiríocht éigeandála.

Page 13: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

13

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Ag Aistriú Easpa Dídine go Tithíocht Fadtéarmach

€3,000,000 Caiteachas de €3,000,000 in 2020

2.3 An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais

2.3.1 Ag Cur le Feasacht ar Fhoréigean Baile agus Gnéis

Tá an beart seo le cur chun cinn láidir áitiúil agus fócas ar an fheachtas náisiúnta feasachta a sholáthar, agus tá an teideal ‘Níl Aon Leithscéal Leis’ á thabhairt ar an dara céim a dhíríonn ar dhul i ngleic le ciapadh gnéis agus le foréigean gnéasach.

Cuirfidh maoiniú deis ar fáil le teachtaireacht na dara céime den fheachtas a leathnú agus a neadú i mbailte agus i bpobail ar fud na hÉireann. Fuarthas amach ón taithí a bhí ag Cosc roimhe seo, go ndéanann an teachtaireacht a logánú difríocht inbhraite ó thaobh teagmháil a dhéanamh le pobal níos leithne a mbíonn tionchar ag rannpháirtíocht agus ag tacaíocht seirbhísí áitiúla atá ag obair san earnáil foréigean baile agus gnéis mar phríomhghné de.

Chomh maith leis sin, cuideoidh an beart lena léiriú do dhaoine a d’fhulaing ó chiapadh gnéis agus ó fhoréigean baile go bhfuil cúnamh agus tacaíochtaí ar fáil do dhaoine ina gceantar áitiúil féin. Rachaidh Cosc, faoin tionscnamh atá beartaithe, i gcomhpháirtíocht le soláthróirí meáin áitiúla ar fud na tíre leis an teachtaireacht a scaipeadh go háitiúil. Measann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Ag Cur le Feasacht ar Fhoréigean Baile agus Gnéis

€300,000 Caiteachas de €300,000 in 2020

2.3.2 Leathnú ar Sheirbhís Tacaíocht d’Íospartaigh sa Chúirt (V-SAC) seirbhís tionlacan cúirte.

Is í an tSeirbhís Tacaíochta d’Íospartaigh sa Chúirt (V-SAC) an t-aon seirbhís dheonach in Éirinn atá tiomanta d’íospartaigh gach cineál coireachta, dá gcuid teaghlaigh agus finnéithe, agus iad ag freastal ar an gcúirt. Tá láithreacht bhuan ag V-SAC sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla agus sna Cúirteanna Dúiche i dTamhlacht agus i mBaile Bhlainséir agus leathnaíodh an tseirbhís sa bhliain 2018 chuig limistéir Chúirteanna Dúiche an Oirthir agus an Oirdheiscirt.

Page 14: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

14

Tá sé mar aidhm ag V-SAC thabhairt faoi thionscadal píolótach sna blianta 2020/2021 le féachaint leis an tseirbhís a leathnú chuig limistéir Chúirteanna Dúiche an Iarthair agus an Tuaiscirt.

Mar phríomhchéim sa chlár píolótach seo, teastaíonn ón V-SAC oibrithe deonacha a earcú agus oiliúint a chuir orthu agus bheadh na hoibrithe deonacha seo lonnaithe sna limistéir áitiúil a bhfuil na Cúirteanna Dúiche seo ag freastal orthu (lena n-áirítear na contaetha seo a leanas - Gaillimh, Maigh Eo, Dún na nGall, Liatroim, Muineachán agus an Cabhán) a chuirfidh seirbhís tionlacain ar ardchaighdeán ar fáil ar bhonn leanúnach d’íospartaigh coireachta a bhfuil baint acu le himeachtaí cúirte sna limistéir sin.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Leathnú ar Sheirbhís Tacaíocht d’íospartaigh sa Chúirt (V-SAC) seirbhís tionlacan cúirte

€116,680 Caiteachas de €59,240 in 2020 agus €57,440 in 2021

2.3.3 Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta (CVH)

Cuireann an Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta (CVH), a bunaíodh sa bhliain 2005, seirbhísí tacaíochta teileafóin, ríomhphoist agus téacs ar fáil. Is líne chabhrach faoi rún náisiúnta í an Líne Chabhrach agus cuireann eolas agus tacaíocht ar fáil d’íospartaigh na coireachta agus do dhaoine atá faoi thionchar na coireachta.

Tá an CVH ag díriú ar bhearta a bhfuil dea-theist bainte amach acu ó thaobh cur le feasacht agus le glacadh a gcuid seirbhísí. Tá sé i gceist leis an togra feachtais pictiúrlanna agus raidió a reáchtáil mar go raibh torthaí dearfacha orthu san am a caitheadh. Ba mhaith leis an CVH a gcuid bróisiúir a chuireann a gcuid seirbhísí chun cinn a chur isteach in oifigí dochtúirí teaghlaigh agus in oifigí cúraim sláinte ar fud na tíre ar mhaithe le heolas maidir leis an tseirbhís a thabhairt chomh fada le daoine níos sine, daoine faoi mhíchumas chomh maith le daoine a bhféadfadh gortuithe a bheith ag dul dóibh mar gheall ar choireacht.

Tá sé mar aidhm ag an CVH clár for-rochtana sé mhí a stiúradh sna stáisiúin Gardaí ar fud na tíre. Thug na Gardaí le fios gur mhian leo eolas ar sheirbhís an CVH a fháil i bhfoirm cárta gnó a d’fhéadfaí a chur ar fáil d’íospartaigh mar chuid dá gcéad phointe teagmhála.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Page 15: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

15

Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta (CVH)

€50,000 Caiteachas de €50,000 in 2020

2.3.4 Clár le hidirdhealú trasnach a chomhrac faoi Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú LGBTI+

Áirítear sa Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú LGBTI+ gníomhartha chun tacú le riachtanais trasnacha ionas gur féidir cosaint agus aitheantas leordhóthanach a thabhairt do chearta daoine de Phobal an Lucht Siúil nó Romaigh, daoine le míchumas, príosúnaigh, imircigh, nó daoine atá óg nó daoine níos sine LGBTI+. Go sonrach le cláir agus bearta a dhearadh agus a chur i bhfeidhm le haghaidh a thabhairt ar idirdhealú trasnach i gcomhpháirtíocht le heagraíochtaí neamhrialtasacha (NGO’nna) agus chun díriú ar phobail.

Cuirfidh an tacaíocht maoinithe do chomhpháirtíocht agus do chomhoibriú idir LGBTI+ NGO’nna agus NGO’nna ábhartha eile go mór le feabhas agus chur ar chuimsiú agus cur le feasacht agus le tuiscint níos fearr ar éagsúlacht ar fud an iliomad pobal. Cuirfidh sé seo feabhas, i ndeireadh na dála, ar shaol go leor de na daoine is leochailí in Éirinn. Déanfar maoiniú a leithdháileadh trí ghairmeacha oscailte do thograí chun aghaidh a thabhairt ar idirdhealú trasnach leis an gceanglas go n-oibreoidh na freagróirí leis na heagraíochtaí ábhartha lena chinntiú go nglacfar cur chuige cuimsitheach agus iomlánaíoch. Measann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Idirdhealú trasnach a chomhrac faoi Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú LGBTI+

€150,000 Caiteachas de €150,000 in 2020

2.3.5 Bearta le comhionannas inscne a chur chun cinn do Thaistealaithe Mná

Is ar mhaithe le sé phost a chruthú d’oibrithe Forbartha Ban a bheidh lonnaithe in eagraíochtaí an Lucht Siúil atá ann cheana féin agus atá scaipthe ar fud na tíre an maoiniú seo. Bheadh sé mar aidhm leis na poist a bheith i mbun rannpháirtíochta in obair forbartha pobail laistigh d'eagraíochtaí an Lucht Siúil le fócas faoi leith ar riachtanais agus ar shaincheisteanna a bhaineann le Taistealaithe Mná. Measann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Bearta le comhionannas inscne a chur chun cinn do Thaistealaithe Mná

€300,000 Caiteachas de €300,000 in 2020

Page 16: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

16

2.3.6 Tionscnaimh Fostaíochta don Lucht Siúil

Cé go bhfuil laghdú déanta ag an dul chun cinn eacnamaíoch ar an ráta foriomlán dífhostaíochta go díreach os cionn 5%, tá an riocht i measc pobal an Lucht Siúil an-difriúil. Go stairiúil, theip ar ghníomhaireachtaí príobháideacha nó poiblí príomhshrutha fostaíocht a chur ar fáil do phobal an Lucht Siúil mar gheall ar chúiseanna éagsúla agus ar chúiseanna casta, i láthair na huaire tá ráta dífhostaíochta 82% i measc pobal an Lucht Siúil.

Tá sé beartaithe trí thionscadal píolótach a bhunú in áiteanna ina bhfuil go leor de phobal an Lucht Siúil agus eagraíocht a ainmniú mar phointe comhordaithe lárnach dóibh seo agus de na seacht gcinn de Thionscnaimh Speisialta don Lucht Siúil atá ann cheana féin atá á maoiniú ag an Roinn ón mbliain 2015. Measann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Tionscnaimh Fostaíochta don Lucht Siúil

€250,000 Caiteachas de €250,000 in 2020

2.3.7 Tionscnamh Feasachta Míchumais d’Fhostóirí

Tá sé mar chuspóir leis an tionscnamh a chur faoi deara d’fhostóirí daoine faoi mhíchumas a fhostú agus líonra ‘lucht tacaíochta’ fostóirí a fhorbairt atá réidh le gníomh breise a ghlacadh, lena n-áirítear, bearta do ghníomhartha dearfacha, chun tacú le daoine faoi mhíchumas san fhórsa saothair. Déantar iarracht, leis seo, cur le gníomhartha freagrachta corparáideacha sóisialta atá glactha ag fostóirí agus ag líonraí fostóirí ag leibhéal náisiúnta agus ag leibhéal áitiúil cheana féin. Dá réir sin, tá sé beartaithe aige úsáid a bhaint as samhail an chláir “See Change” chun dul i ngleic leis an stiogma a bhaineann le meabhairshláinte, atá thar a bheith éifeachtach ó thaobh tacaíocht fostóirí, na hearnála gnó agus pháirtithe leasmhara eile a fháil.

Cuirfidh an tionscnamh creat ar fáil do líonraí fostóirí, comhlachtaí poiblí agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine faoi mhíchumas, chun oibriú le chéile chun cláir gníomhartha dearfacha a fhorbairt le daoine faoi mhíchumas a earcú in áiteanna oibre sonracha. Cuirfidh sé creat ar fáil freisin do rannpháirtíocht idir líonraí fostóirí, fostóirí agus daoine atá faoi mhíchumas le tuiscint a fhorbairt.

Faigheann an tionscnamh tacaíocht ón nGrúpa Forfheidhmithe Straitéis Fostaíochta Cuimsitheach do Dhaoine Faoi Mhíchumas (CESIG), an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí agus an HSE, chomh maith le hionadaithe raon leathan páirtithe leasmhara. Tá sé i gceist go mbeidh maoiniú ó Chiste na gCuntas Díomhaoin mar shíolchiste chun tacú leis an gcéad chéim den tionscnamh, le súil le hiarratas

Page 17: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

17

eile a bheith déanta do mhaoiniú ó Chiste Sóisialta na hEorpa do ghníomhaíochta sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Tionscnamh Feasachta Míchumais d’Fhostóirí

€500,000 Caiteachas de €500,000 in 2020

2.3.8 Clár um Infhostaitheacht agus Ionchuimsiú d’Imircigh

Bearta breise a sholáthar chun tacú le lánpháirtiú imircigh le fócas faoi leith ar thionscadail atá dírithe ar dhul i ngleic le ciníochas agus le seineafóibe; feabhas a chur ar shealbhú Béarla atá gairmiúil agus teicniúil chun tacú le deiseanna fostaíochta; aghaidh a thabhairt ar rátaí fostaíochta atá íseal ar bhonn leanúnach ó thaobh cohóirt áirithe imircigh (lena n-áirítear, imircigh atá leochaileach); agus comhpháirtíochtaí a fhorbairt idir na comhlachtaí ábhartha, m.sh. na húdaráis áitiúla agus NGO’nna le tuilleadh tacaíochta a thabhairt do lánpháirtiú imircigh ag leibhéal áitiúil.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Clár um Infhostaitheacht agus Ionchuimsiú d’Imircigh

€500,000 Caiteachas de €500,000 in 2020

2.3.9 Gáinneáil ar Dhaoine a Chosc - ag Cur le Feasacht 2020

Tá sé beartaithe ag an Aonad um Gháinneáil ar Dhaoine a Chosc cuireadh a thabhairt do ghrúpaí pobail agus do ghrúpaí deonacha atá ag obair san earnáil seo chun iarratais a dhéanamh ar mhaoiniú chun tacú le híospartaigh nó ar thionscadail chun feasacht a mhúscailt atá nuálacha agus atá sa bhreis ar na bearta atá ann féin agus atá ag tabhairt aghaidh ar riachtanas íospartaigh na gáinneála ar dhaoine nó daoine atá leochaileach ó thaobh gáinneáil ar dhaoine. Táthar ag súil go dtabharfaidh tionscadail tacaíochta aghaidh ar riachtanais phearsanta agus sóisialta an ghrúpa seo. Beifear ag súil go mbeidh tionchar suntasach ag na tionscadail seo ar shaol na rannpháirtithe, ag cur ar a gcumas míbhuntáiste suntasach eacnamaíoch agus oideachais a shárú agus ag tabhairt na deise dóibh fáil a bheith acu ar dheiseanna oideachais agus oiliúna nó fostaíocht oiriúnach a fháil ag brath ar a gcuid imthosca aonair. Lorgófar cuireadh chun tairisceana ó sholáthróirí seirbhíse agus ó eagraíochtaí le dea-theist ó thaobh tacaíochtaí a sholáthar nó rannpháirtíocht leis an spriocghrúpa seo. Measann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Gáinneáil ar Dhaoine a Chosc - ag Cur le Feasacht 2020

€250,000 Caiteachas de €250,000 in 2020

Page 18: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

18

2.3.10 Síneadh agus Leathnú Seirbhís Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána

Déanann Seirbhís na hÉireann um Cheartas i Leith an Aosa Óige maoiniú ar Thionscadail Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána (GYDP’nna) leis an aidhm a bheith rannpháirteach le daoine óga atá i mbaol ó thaobh nó atá bainteach le hiompar frithshóisialta agus/nó iompar coiriúil. Tugann na tionscadail seo tacaíocht do dhaoine óga trí idirghabhálacha agus cláir a chuireann deiseanna oideachais agus fostaíochta chun cinn. Tá idirghabhálacha den sórt seo leagtha amach chun cabhrú leo éirí as sárú an dlí agus a bheith ina gcuiditheoirí dearfacha sa tsochaí. Cuireann líonra 106 GYDP’nna seirbhís ar fáil faoi láthair do limistéir gheografacha sonracha ar fud an Stáit.

Tá forbairt á déanamh ar shamhail nua seachadta seirbhíse don GYDP’nna a chuirfidh leathnú ar an tseirbhís seo chuig gach limistéar aonair de na 26 contae sa Stát. Tá sé cruthaithe go mbainfidh 2,000 - 3,000 duine óg breise, tairbhe as an tseirbhís leathnaithe sna blianta atá romhainn. Tá go leor de na GYDP’nna lonnaithe i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus ar an imeall, áit a bhfuil go leor coiriúlachta i measc na ndaoine óga agus ceantair lena mbaineann stair ó thaobh luathfhágálaithe scoile agus dífhostaíocht ó ghlúin go glúin.

Tá sé mar aidhm, óna blianta 2020-2022, acmhainneacht líonra an GYDP a neartú chun a bheith rannpháirteach le daoine óga a bhfuil sé deacair dul i dteagmháil leo, lena n-airítear iad siúd a mheastar a bheith mhí-oiriúnach ó thaobh an chláir athstiúrtha, le tionscnaimh sonracha a chur i bhfeidhm i bhfianaise Solas Rua agus Janus Justice Evaluations. Measann an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Síneadh agus Leathnú Seirbhís Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána

€3,462,000 Caiteachas de €3,462,000 in 2020

2.3.11 Síolchiste Cicdhúiseachta Fiontar Sóisialta – Babhta Dó

Sa bhliain 2017, sheol an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais a Straitéis Fiontraíochta Sóisialta, ‘Bealach Nua Chun Cinn’, agus é mar aidhm leis bealach nua agus nuálacha a chur chun cinn chun dul i ngleic le rátaí athchiontaithe, le pobail níos sábháilte a chruthú agus lena chinntiú go mbíonn níos lú íospartach ann, agus é sin go léir a bhaint amach trí dheiseanna fostaíochta a chruthú do dhaoine a bhfuil ciontuithe coiriúla acu. Ceadaíodh maoiniú don tSeirbhís Phromhaidh trí Scéim um Chiste na gCuntas Díomhaoin 2017–2019 ar mhaithe le tacaíocht a chur ar fáil chun forbairt a dhéanamh ar fhiontraíocht sóisialta laistigh den earnáil ceartais choiriúil.

Page 19: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

19

Beidh an cuspóir foriomlán céanna a bhí leis an mbabhta roimhe seo leis an dara babhta den Mhaoiniú Cicdhúiseachta. Tá sé i gceist tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí le smaoineamh nua nó smaoineamh maidir le fiontar sóisialta atá ann cheana féin a chuirfidh le deiseanna fostaíocht do dhaoine le ciontuithe coiriúla a fhaigheann deacair an fórsa saothair a rochtain mar gheall ar a bhfuil déanta acu. Tá sé leagtha amach le fiosrú a dhéanamh ar an fhéidearthacht maidir leis an smaoineamh fiontar sóisialta nó leathnú a chur ar fhiontar atá ann cheana féin. Tá sé i gceist, ó thaobh fiontair shóisialta atá ag feidhmiú cheana féin, go gcuirfidh an ciste seo lena n-acmhainneacht le leas a bhaint as sruthanna maoinithe atá ann cheana féin ar nós an Chláir Seirbhísí Pobail atá á chur ar fáil ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Síolchiste Cicdhúiseachta Fiontar Sóisialta – Babhta Dó

€1,150,000 Caiteachas de €1,150,000 in 2020

2.3.12 Tionscadal Promhaidh do Dhaoine Óga

Is tionscadal Promhaidh do Dhaoine Óga (YPP) atá i gceist le Tionscadal do Dhaoine Óga WHAD (We Have A Dream) atá lonnaithe i nGort na Silíní i mBaile Átha Cliath. De ghnáth, is le fir óga in aois idir 15 agus 20 a oibríonn an tionscadal agus tugtar tacaíocht do ghrúpa daoine óga a bhfuil sé deacair teagmháil a dhéanamh leo. Déantar iarracht leis an tionscadal aghaidh a thabhairt ar fhachtóirí ó thaobh coir-ghineach trí oiliúint scileanna sóisialta, tacaíocht oibrí bunriachtanach aonair agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil (sóisialta agus lasmuigh) mar mhalairt ar iompar coiriúil. Tá an bus atá ag WHAD faoi láthair, agus atá ríthábhachtach le daoine óga a thabhairt chuig gníomhaíochtaí, os cion 10 mbliana. Mar gheall ar chomh sean is atá an bus, tá méadú ag teacht ar chostais chothabhála agus deisithe ar bhonn bliantúil. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe úsáid a bhaint as maoiniú DAF le bus nua a cheannach.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Tionscadal Promhaidh do Dhaoine Óga

€30,000 Caiteachas de €30,000 in 2020

Page 20: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

20

2.4 An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí

2.4.1 Ag tabhairt Tacaíochta do Dheiseanna Fostaíochta agus Oideachais/Oiliúna do Chúramóirí Baile agus ag tabhairt Tacaíochta do Dheiseanna Fostaíochta agus Oideachais/Oiliúna do Dhaoine Óga Faoi Mhíchumas

Beidh sé mar chuspóir leis an mbeart nua seo:

1) Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus cuidiú le cúramóirí teaghlaigh i gcur le agus i gcothabháil a dhéanamh ar theagmháil leis an margadh saothair agus le deiseanna oiliúna/fostaíochta. Tacóidh beart na bliana 2020 le soláthar deiseanna struchtúrtha oiliúna/oideachais agus le huas-sciliú, tá an beart leagtha amach go sonrach chun tacaíocht a thabhairt do chúramóirí teaghlaigh le linn dóibh a bheith ina ról mar chúramóirí agus cúramóirí teaghlaigh a ullmhú don saol nuair a thagann deireadh lena ról mar chúramóir, ag tacú leo lena bheith rannpháirteach san fhórsa saothair, go háirithe iad siúd le rannpháirtíocht theoranta san fhórsa saothair, nó nach bhfuil aon stair acu ó thaobh oibre, nó ar bheagán/gan aon cháilíochtaí oideachais.

2) Cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus cuidiú le daoine óga faoi mhíchumas atá in aois oibre lena bheith rannpháirteach san fhórsa saothair agus i ndeiseanna oiliúna/oideachais.

3) Cuirfear sciar den bhuiséad ar leataobh go sonrach le maoiniú a dhéanamh ar thionscnaimh atá deartha chun tacú le cúramóirí óga teaghlaigh. Samhlaítear go meallfaidh an beart iarratais ó ghrúpaí áitiúla ó gach cearn den tír agus tá gá le comhaltas náisiúnta daoine aonair agus/nó teagmháil forleathan agus rannpháirtíocht ar fud na tíre a bheith ag eagraíochtaí náisiúnta.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Ag Tabhairt Tacaíochta d’Fhostaíocht do Chúramóirí agus do Dhaoine Óga faoi Mhíchumas

€5,000,000 Caiteachas de €5,000,000 in 2020

2.5 An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

2.5.1 An Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg

Tá sé beartaithe ag Aonad Gnóthaí Óige na Roinne tacú le cláir lena mbaineann príomhchuspóirí straitéiseacha chun dul i ngleic le míbhuntáiste eacnamaíoch agus sóisialta. Ar na tionscadail a bhfuil sé beartaithe tacaíocht a thabhairt dóibh tá, Achoimre Scileanna agus scéimeanna a chuireann scileanna boga agus crua araon ar fáil do dhaoine óga le hinfhostaitheacht a fheabhsú. Díreoidh na cláir ar obair don aos óg, ar thaithí oibre agus ar bhearta eile a chuireann le fostaíocht an aosa óig agus infhostaitheacht an aosa óig.

Page 21: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

21

Is éard atá i gceist le hAchoimre Scileanna ná uirlis ar líne leis na scileanna atá faighte ag daoine óga a thomhas i socrúchán foghlama neamhfhoirmiúil ar nós obair don aos óg, obair dheonach nó gníomhaíochtaí eile lasmuigh den scoil. Measann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

An Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg

€200,000 Caiteachas de €200,000 in 2020

2.5.2 Gairmthreoir agus Tacaíocht Fostaíochta do Leanaí atá á gCoinneáil i gCampas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh

Tá sé mar aidhm leis maoiniú a dhéanamh ar Careers Portal.ie le clár saincheaptha a fhorbairt a thabharfaidh aghaidh ar an mbearna atá sa soláthar gairmthreoir cuí do dhaoine óga i gCampas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh i láthair na huaire. Cuideoidh sé seo le;

• cur ar chumas leanaí i mBaile an Oibricigh ó thaobh tuiscint a fháil ar an gcuid leasa, pearsantacht agus a scileanna inniúlacht féin, eolas a thabhairt dóibh le cinntí gairme a dhéanamh agus le féachaint ar shaol an oideachais, na hoibre agus na fostaíochta in Éirinn. • riachtanais oiliúna gairmoiliúna leanaí atá le cur i bhfeidhm i mBaile an Oibricigh a aithint. • forbairt curaclaim i mBaile an Oibricigh. Measann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022. Beart Leithdháileadh ó Chiste na

gCuntas Díomhaoin Próifíl Caiteachais

Gairmthreoir /Tacaíocht Fostaíochta i mBaile an Oibricigh

€150,000 Caiteachas de €150,000 in 2020

2.5.3 Fóroige – Clár Meantóireachta Big Brother Big Sister

Beidh Clár Meantóireachta Big Brother Big Sister ‘BBBS’ á fheidhmiú ag Foróige. Díreoidh an clár ar dhaoine óga faoi mhíbhuntáiste a dteastaíonn tacaíocht duine ar dhuine uathu, m.sh. orthu siúd a bhfuil deacracht eacnamaíoch acu, iad siúd atá ar bheagán scileanna sóisialta, agus iad siúd nár bhain a lánacmhainneacht amach ar scoil, srl.

Beidh dhá shnáithe sa chlár, m.sh., comhoiriúnú pobalbhunaithe ina mbeidh oibrí deonach fásta agus duine óg agus comhoiriúnaithe scoilbhunaithe a dhéanann cairdeas idir an dalta meánscoile na chéad bhliana agus dalta atá níos sine á éascú. Tá sé i gceist go dtabharfaidh an clár tacaíocht do 500 Comhoiriúnú Pobalbhunaithe agus 2,054 Comhoiriúnú Scoilbhunaithe gach aon bhliain a mbeidh an clár ag feidhmiú.

Page 22: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

22

Measann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022. Beart Leithdháileadh ó Chiste na

gCuntas Díomhaoin Próifíl Caiteachais

Big Brother Big Sister €898,000 Caiteachas de €898,000 in 2020

2.5.4 Daoine Óga a Chosaint ó Thionchar Líonraí Coiriúlachta Daoine Fásta in Éirinn

Tá sé mar aidhm leis an gclár seo leanúint leis an fhorbairt, tús a chur leis an oibríocht agus meastóireacht ar idirghabháil nua fianaise bhunaithe den scoth a éascú le leanaí a chosaint ó thionchar díobhálach na coiriúlachta eagraithe i bpobail atá buailte mar gheall ar líonraí coiriúlachta. Tá sé seo mar chuid de chlár trialach níos mó a bhfuil sé mar aidhm leis freisin gníomhaíochtaí líonraí coiriúlachta a chloí.

Baineann an ghné seo den chlár sóisialta le leanaí a chosaint ó thionchar líonraí coiriúlachta chun cur lena gcuid seansanna glacadh le deiseanna cairdis chun a gcuid torthaí fadtéarmacha a fheabhsú, ar aon dul le tiomantas an Rialtais i leith creatbheartas náisiúnta, Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Gile.

Meastar go mbeidh próiseas iomaíoch i gceist leis an gclár beartaithe, trí sholáthróirí cláir, sean-bhunaithe, fianaise bhunaithe más féidir é, ag freagairt do threoir deartha atá forbartha ag tionscadal an REPPP in Ollscoil Luimnigh. Dhéanfadh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (DCYA) bainistiú ar an bpróiseas soláthair. Measann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Daoine Óga a Chosaint ó Thionchar Líonraí Coiriúlachta Daoine Fásta in Éirinn

€1,426,000 Caiteachas de €1,426,000 in 2020

2.5.5 Cur Chun Cinn na dTreoirlínte maidir le Dearadh Uilíoch do Luathfhoghlaim agus do Shocrúcháin Cúraim

I mí an Mheithimh 2019, sheol an tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige na Treoirlínte maidir le Dearadh Uilíoch do Luathfhoghlaim agus do Shocrúcháin Cúraim (ELC). Cuireann na Treoirlínte treoir agus uirlisí ar fáil ar mhaithe lena n-úsáid ag seirbhísí ELC, ailtirí, lucht deartha agus pleanálaithe maidir leis an mbealach lena chinntiú go mbíonn an timpeallacht fhisiciúil i seirbhísí ELC inrochtana go hiomlán chun freastal ar riachtanas gach úsáideoir, lena n-áirítear, leanaí, tuismitheoirí agus iad siúd atá ag obair sna seirbhísí.

Cuirfidh an tionscadal na Treoirlínte ar aghaidh trí ghrúpa stiúrtha a thugann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (DCYA) an CEUD agus eagraíochtaí eile le chéile a bhí

Page 23: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

23

rannpháirteach i maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt na dTreoirlínte. Lorgófar tairiscintí leis an tionscadal a chur i bhfeidhm ag cuibhreannas a thabharfaidh a saineolas san ELC le chéile, saineolas sa chumarsáid, lena n-áirítear, cumarsáid ar líne agus saineolas sa timpeallacht thógtha (ailtireacht/pleanáil/dearadh).

Déanfaidh an tionscadal seo comhlánú ar chlár caipitil na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige (DCYA) trí thacaíocht a thabhairt do sheirbhísí ELC, do phleanálaithe agus do lucht forbartha chun freastal ar na ceanglais maoinithe caipitil nua atá beartaithe agus a bheidh á dtabhairt isteach maidir leis na Treoirlínte a úsáid. Measann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022. Beart Leithdháileadh ó Chiste na

gCuntas Díomhaoin Próifíl Caiteachais

Cur Chun Cinn na dTreoirlínte maidir le Dearadh Uilíoch do Luathfhoghlaim agus do Shocrúcháin Cúraim

€200,000 Caiteachas de €200,000 in 2020

2.5.6 Tionscadal Taispeána Teiripe Ionscoile agus i Luathfhoghlama agus Cúraim

Déanfaidh an maoiniú seo cumasú ar rannpháirtíocht leanúnach na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige (DCYA) sa ‘Tionscadal Taispeána Teiripe Ionscoile agus i Luathfhoghlama agus Cúraim’ tionscnamh píolótach ilghníomhaireachta atá i gceist leis an tionscnamh seo le forbairt agus tástáil a dhéanamh ar shamhail seachadta do theiripe urlabhra agus teanga agus ar theiripe shaothair laistigh de scoileanna agus laistigh de shocrúcháin luathfhoghlama agus cúraim (ELC). Fuarthas maoiniú i dtús báire i mBuiséad 2018 do DES leis an tionscnamh píolótach a chur i bhfeidhm i 75 scoil. Fuarthas maoiniú ó Chiste na gCuntas Díomhaoin sa bhliain 2018 chun síneadh a chur leis an tionscnamh píolótach go 75 socrúchán ELC. Tá maoiniú á lorg anois, tar éis cinneadh a dhéanamh síneadh a chur ar an tionscadal ar feadh bliana eile, chun síneadh a chur ar rannpháirtíocht leanúnach socrúcháin ELC.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Tionscadal Taispeána Teiripe Ionscoile agus Luathfhoghlama agus Cúraim

€160,000 Caiteachas de €160,000 in 2020

2.5.7 Tacaíocht agus Teiripe Iar-Uchtaithe

Tá maoiniú curtha ar fáil ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige (DCYA), trí mhaoiniú Chiste na gCuntas Díomhaoin 2018-2020 atá ann cheana féin, chun seirbhís teiripeach a sholáthar do leanaí uchtaithe, faoi fhoireann ildisciplíneach atá oilte go speisialta i saincheisteanna a bhaineann le huchtú. Is iad Barnardos a chuireann an tseirbhís seo ar fáil. Insítear dúinn trí fhianaise thaighde go bhfuil riachtanais áirithe ag leanaí agus ag déagóirí atá uchtaithe, agus

Page 24: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

24

d’fhéadfadh saintacaíocht a bheith riachtanach chun cabhrú leo lena lánacmhainneacht a bhaint amach. Chomh maith leis sin, teastaíonn tacaíocht ó roinnt leanaí uchtaithe chun a theacht slán as tráma a tharla le linn a n-óige.

Leathnaíodh an tseirbhís seo chun gach leanbh a chlúdach (cibé trí uchtú baile, thar lear nó ó chúram altrama) agus cuireadh an tseirbhís ar fáil ar bhonn náisiúnta sa bhliain 2019. Cuirfidh an maoiniú breise seo an deis ar fáil chun leanúint leis an obair.

Tá an tAonad um Beartas Uchtaithe i mbun breithnithe i láthair na huaire ar an fhéidearthacht uchtú oscailte nó leath-oscailte a thabhairt isteach ar bhonn foirmiúil. Léirigh comhairliúcháin phoiblí agus díospóireacht maidir le beartas oscailte ar an tsaincheist seo tacaíocht láidir do sheirbhísí iar-uchtaithe. Measann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022. Beart Leithdháileadh ó Chiste na

gCuntas Díomhaoin Próifíl Caiteachais

Tacaíocht agus Teiripe Iar-Uchtaithe

€200,000 Caiteachas de €200,000 in 2020

2.5.8 Tionscnamh maidir le Cad a Oibríonn

Is tionscnamh atá deartha ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige an Tionscnamh maidir le Cad a Oibríonn, a bhfuil sé i gceist leis cur chuige comhordaithe a ghlacadh le cumas, eolas agus cáilíocht a fheabhsú ó thaobh cosc agus luath-idirghabháil do leanaí, do dhaoine óga agus dá gcuid teaghlach. Tá Cad a Oibríonn eagraithe ar na 5 Thoradh Náisiúnta sna Torthaí is Fearr, Todhchaí Níos Gile. Clúdaíonn agus neartaíonn an tionscnamh ceangail an chórais idir na seirbhísí do leanaí, do dhaoine óga agus dá gcuid teaghlach, a thacaíonn le torthaí níos fearr.

Cinnteofar leis an tionscnamh go mbeidh na príomhghrúpaí atá ag obair le leanaí, le daoine óga agus le teaghlaigh ar an eolas maidir le cad a oibríonn, an bealach ina n-oibríonn sé agus cuirfidh cur chuige fianaise bhunaithe ar fáil chun díriú ar an obair seo.

Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh an tionchar is fearr agus is féidir a imirt maidir le cosc agus luath-idirghabháil a bhfuiltear ag tabhairt faoi i gceantair faoi mhíbhuntáiste trí chláir ar nós Clár Óige Ceantar-Bhunaithe, chun feabhas a chur ar thorthaí do leanaí agus do dhaoine óga atá ina gcónaí in Éirinn. Tá an fonn le síor-fhiosracht a chothú i measc na ndaoine siúd atá ag obair le saol leanaí agus daoine óga a fheabhsú i gcroílár an tionscnaimh. Measann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022. Beart Leithdháileadh ó Chiste na

gCuntas Díomhaoin Próifíl Caiteachais

Tionscnamh maidir le Cad a Oibríonn

€3,000,000 Caiteachas de €3,000,000 in 2020.

Page 25: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

25

2.5.9 Clár maidir le hIonad Acmhainní Teaghlaigh agus Comhpháirtithe Deonacha Níos Leithne

Chun maoiniú a sholáthar d’Ionaid Acmhainní Teaghlaigh (FRC’nna), le mion-oibreacha cothabhála a dhéanamh agus chun trealamh riachtanach oifige agus trealamh eile a cheannach. Níl bunmhaoiniú FRC leordhóthanach le hoibreacha agus ceannacháin den sórt seo a dhéanamh. Teastaíonn maoiniú ó go leor FRC’nna le heasnaimh chothabhála a mhaolú agus le trealamh agus le troscán atá ríthábhachtach a cheannach. Nuair a cuireadh maoiniú ar fáil sna blianta 2016 agus 2017, sáraigh na héilimh an maoiniú a bhí ar fáil. Measann an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Ionad Acmhainní Teaghlaigh agus Comhpháirtithe Deonacha Níos Leithne

€1,000,000 Caiteachas de €1,000,000 in 2020

2.6 An Roinn Oideachais agus Scileanna

2.6.1 Músaem Reilig Ghlas Naíon – Clár um Oideachas Scoile

Tá Iontaobhas Ghlas Naíon freagrach as cothabháil a dhéanamh ar Reilig agus ar Mhúsaem Ghlas Naíon. Tá siad ina príomhchomhpháirtí sa Chlár Deich mBliana na gCuimhneachán 1912-22. Cuireann Iontaobhas Ghlas Naíon, mar chuid dá gcuid oibre, an Músaem ar fáil do scoileanna. Cruthaíonn achar geografach bacainní go minic ó thaobh scoileanna ar mhaith leo leas a bhaint as na deiseanna foghlama laistigh de Mhúsaem Reilig Ghlas Naíon. D’fhéadfadh costais iompair cosc a chur chomh maith ar dhaltaí atá faoi mhíbhuntáiste i gceantair uirbeacha agus i gceantair thuaithe araon.

Bainfear úsáid as an mbeart seo le costas iompar a chlúdach do chohórt daltaí atá faoi mhíbhuntáiste chun taisteal chuig Músaem Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath, a dhéanfaidh laghdú ar chostas a gcuairte agus go mbeidh daltaí ó chúlraí difriúla ábalta leas a bhaint as deiseanna foghlama laistigh den suíomh atá lárnach do Dheich mBliana na gCuimhneachán.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Músaem Reilig Ghlas Naíon – Clár um Oideachas Scoile

€60,000 Caiteachas de €20,000 in 2020 agus an tsuim chéanna in 2021 agus 2022

Page 26: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

26

2.6.2 Time to Count (clár tacaíochta bunscoile le Gnó sa Phobal in Éirinn mar chuid dá dtionscnamh Comhpháirtíocht Gnó na Scoileanna)

Tacaíonn agus bíonn Gnó sa Phobal in Éirinn rannpháirteach le gnólachtaí le dlús a chur faoina n-aistriú chuig samhlacha gnó inbhuanaithe agus cuimsitheach, lena n-áirítear, trí fhreagracht shóisialta chorparáideach. Tá sé mar aidhm le Time to Count, tionscnamh CSR, tacaíocht a thabhairt do straitéis náisiúnta na Roinne Oideachais agus Scileanna ar litearthacht agus ar uimhearthacht. Is deis rannpháirtíochta fostaí d’oibrithe deonacha gnó is ea Time to Count le tacaíocht uimhearthacht a thabhairt do leanaí ó 8-9 mbliana i mbunscoileanna áitiúla atá faoi mhíbhuntáiste trí mheán gníomhaíochtaí litearthachta agus uimhearthachta atá roghnaithe go speisialta.

Mar chuid den chlár 10 seachtaine, cuirfidh oibrithe deonacha gnó, a bhfuil oiliúint agus tacaíocht mionsonraithe faighte acu, 40 – 45 nóiméad dá gcuid amach ar fáil sa seomra ranga ar bhonn seachtainiúil. Rinneadh an clár ar leathadh amach chuig 10 scoil sa bhliain 2019 tar éis céim phíolótach a bheith críochnaithe. Tá sé beartaithe cur leis an gclár seo sa bhliain 2020 chun 16 go 20 scoil a chlúdach.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Time to Count €60,000 Caiteachas de €20,000 in 2020 agus an tsuim chéanna in 2021 agus 2022

2.6.3 Ag cur le Rannpháirtíocht agus le Nuálaíocht Daoine Óga i bPobail Éireannacha, Tionscadal na Nuálaithe Óga

Is comhlacht oideachais seachbhrabúsach é Tionscadal na Nuálaithe Óga (YSI) a chuireann nuálaíocht shibhialta agus sóisialta chun cinn i measc daoine óga in Éirinn trína scoileanna. Tá sé léirithe ag Tionscadal na Nuálaithe Óga (YSI) go bhfuil an-tionchar ag oideachas nuálaíochta sóisialta mar bhealach le daoine óga a tharraingt isteach i bhfoghlaim agus i ngníomhaíocht rannpháirtíochta sibhialta agus nuálaíocht sóisialta

Bunófar cnuasach scoileanna mar thoradh ar an tionscnamh nua seo. Déanfaidh Ceannairí áitiúla Tionscadal na Nuálaithe Óga (YSI) cnuasach pobail scoileanna a fhorbairt agus tabharfaidh tacaíocht dóibh, agus beidh 5 scoil ar an meán i ngach cnuasach. Beidh Ceannairí áitiúla Tionscadal na Nuálaithe Óga (YSI) freagrach as scoileanna a earcú, cnuasaigh a chruthú, oiliúint a chur ar fáil agus cur le cumas ionscoile, ag déanamh éascú ar fhoghlaim comhroinnte agus ag tabhairt aghaidh ar riachtanais áitiúla, i socrúcháin tuaithe agus uirbeacha araon.

Page 27: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

27

Díreoidh an tionscadal freisin ar chuimsiú agus ar fhorbairt oideachais daltaí le riachtanais oideachais speisialta ar aon dul leis an Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú Míchumais 2017-21 agus leis an Straitéis Cuimsitheach Fostaíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas 2015-24.

Tá cómhaoiniú daonchairdiúil 50% tiomanta ag Tomar Trust do Chiste na gCuntas Díomhaoin tríd an Roinn Oideachais agus Scileanna.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Ag Cur le Rannpháirtíocht Daoine Óga

€150,000 Caiteachas de €150,000 in 2020

2.6.4 Clár (NFTE) Líonra do Theagaisc Fiontraíochta Foróige

Tá Foróige ar an bpríomhghníomhaireacht óige in Éirinn, tá siad ag obair le daoine óga ón mbliain 1952, agus rannpháirtíocht acu le breis 50,000 leanbh agus daoine óga ar bhonn bliantúil. Bíonn Clár NFTE rannpháirteach le daoine óga (15-18 bliain d’aois) atá ag fulaingt ó dheacrachtaí agus ó mhíbhuntáiste trí dheiseanna a chur ar fáil dóibh le scileanna fiontraíochta a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i dtimpeallacht scoile agus lasmuigh den scoil araon. Tá sé mar aidhm le rannpháirtíocht an Chláir NFTE athrú a chur ar shaol daoine óga trína dhéanamh níos éasca dóibh comhlacht a fhorbairt agus a reáchtáil agus le scileanna acadúla agus scileanna saoil a fháil.

Ón mbliain 2004, tá os cionn 12,700 duine óg ar Oileán na hÉireann bainteach leis an tionscnamh. Den chuid is mó, bhí taithí acu ar mhíbhuntáiste sóisialta agus/nó oideachais ina saol. Tá an clár NFTE á chur ar fáil i 20 contae ar fud na hÉireann i láthair na huaire. Dírítear an clár go príomha ar dhaoine idir 15 go 18 bliain d’aois i scoileanna DEIS ach beidh sé ar fáil freisin do scoileanna ar mhian leo go mbeadh daltaí ó 10 mbliana ar aghaidh agus daoine óga atá ag freastal ar bhreisoideachas agus ar oiliúint rannpháirteach ann. Cuirfidh an clár deiseanna ar fáil freisin do dhaoine ag iarraidh leanúint lena ngnó trí Chlár Alumni.

Oibríonn foireann an NFTE go dlúth le scoileanna, le múinteoirí agus le cúntóirí riachtanais speisialta chun tacaíocht a chur ar fáil do riachtanais ranganna speisialta.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Clár (NFTE) Líonra do Theagaisc Fiontraíochta Foróige

€300,000 Caiteachas de €300,000 in 2020

2.6.5 Tionscadal um Imeascadh Imirceach (MIP) an CDETB

Cuireann an Tionscadal um Imeascadh Imirceach raon idirghabhálacha oideachais ar fáil d’imircigh idir 13 go 18 bliain d’aois atá tar éis a theacht chun na tíre seo, imircigh a bhfuil leibhéil ísle inniúlachta Béarla acu agus ar cuireadh as go mór dá gcuid oideachais nó nach bhfuil aon oideachas foirmiúil acu.

Page 28: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

28

Áirítear sa chlár, Clár Rochtana Imirceach le modúil croílár Béarla (mar Theanga Bhreise), Matamaitic, IT bunúsach agus Scileanna Saoil. Áirítear sa Tionscadal freisin, idirghabhálacha iarscoile agus le linn saoire chun tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a d’aistrigh chuig soláthar oideachais príomhshrutha.

Tugann an Clár Tacaíochta Scoile tacaíocht don fhoireann teagaisc sna scoileanna agus d’ionaid oideachais eile ó thaobh oibriú le agus tacaíocht a thabhairt do leanaí leis an EAL (Béarla mar Theanga Bhreise) trí CPD’nna (forbairt ghairmiúil leanúnach) éagsúla agus ceardlanna oiliúna.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Tionscadal um Imeascadh Imirceach (MIP) an CDETB

€105,000 Caiteachas de €105,000 in 2020

2.7 An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil

2.7.1 Slatiascaireacht do Chách (Iascaireacht Intíre Éireann)

Cuirfidh an beart seo deis ar fáil le hoiliúint agus tacaíocht a chur ar fáil do chumainn slatiascaireachta agus do chlubanna chun feabhas a chur ar rialachas eagraíochta a chuireann treoracha sárchleachtais, ceardlanna oiliúna agus tacaíocht ar fáil, lena chinntiú go mbeidh ar chumas na slatiascairí go léir a bhfuil riachtanais bhreise acu (atá faoi mhíbhuntáiste go sóisialta, go heacnamaíoch nó ó thaobh oideachais de nó faoi mhíchumas) an slatiascaireacht a fhorbairt agus tairbhe a bhaint aistí. Tacaíocht a sholáthar do Mhoil AFYDI (Slatiascaireachta) atá ann cheana féin nó le Moil nua a shocrú suas, tacaíocht a sholáthar d’oiliúint agus d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach cóitseálaithe, d’oiliúint sláinte agus sábháilteachta, cumhdach, eitic srl.

Tugadh aitheantas, le leathadh amach Oiliúint Éireann, do chlár dámhachtana scileanna slatiascaireachta a chuireann an deis ar fáil do shlatiascairí forbairt a dhéanamh ag a luas féin agus a thugann aitheantas dá gcuid iarrachtaí ag gach céim. Tá an beart seo leagtha amach le huileghabhálacht, spórt agus caitheamh aimsire slatiascaireachta ar feadh an tsaoil a chur chun cinn ar fud gach disciplín/speiceas agus atá le riaradh ag eagraíocht/eagraíochtaí inniúla le struchtúir chuí rialachas corparáideach agus riaracháin, ag cur tacaíochta ar fáil agus ag fáil tacaíochta ó Chlár Oideachais agus For-Rochtana Iascaireacht Intíre Éireann. Measann an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Slatiascaireacht do Chách €200,000 Caiteachas de €200,000 in

Page 29: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

29

2020

2.7.2 Téigh ag Iascaireacht – An Tionscnamh um Shlatiascaireacht do Thosaitheoirí (Iascaireacht Intíre Éireann)

Faoin tionscadal seo beidh 5 comhordaitheoir réigiúnach fós á gceapadh agus beidh ceapachán nua ann don cheantar lár tíre, a bheidh ag obair le páirtithe leasmhara éagsúla slatiascaireachta agus le heagraíochtaí oideachais agus for-rochtana le cur le huimhreacha na rannpháirtithe sa slatiascaireacht ar fud gach réigiún, disciplín agus speiceas. Tá fócas á chur ar ghrúpaí agus ar dhaoine aonair le riachtanais speisialta. Léirítear i staidéar go ndéanann caitheamh slatiascaireacht laghdú ar strus agus go bhfuil fíor-thionchar aici ar thorthaí sláinte fisiciúil agus meabhairshláinte fadtéarmach.

Déanfaidh na comhordaitheoirí leathadh amach freisin ar chlár slatiascaireachta píolótach ‘Nurture’ TY do dhaltaí na hidirbhliana ag a bhfuil riachtanais speisialta. Má éiríonn leis seo déanfar iarratas eile sa bhliain 2020 leis an gclár seo a chur ar fáil ar bhonn náisiúnta ón mbliain 2021 ar aghaidh. Measann an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

An Tionscnamh um Shlatiascaireacht do Thosaitheoirí

€380,315 Caiteachas €380,315 in 2020

2.8 An Roinn Cosanta

2.8.1 An Flít Feithiclí i gCosaint Shibhialta a Uasghrádú

Tá soláthair flít cuí na Cosanta Sibhialta ríthábhachtach ó thaobh freagra éifeachtúil a chur ar fáil d’eachtraí éigeandála agus eachtraí neamh-éigeandála náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla de réir mar a thagann siad chun cinn. Cé go bhféadfadh tionchar a bheith ag eachtraí den sórt sin ar an bpobal i gcoitinne ag tráth ar bith, d’fhéadfadh tionchar níos déine a bheith acu ar dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste go sóisialta agus go heacnamaíoch, go háirithe daoine atá leochaileach agus scoite amach.

Baineadh úsáid as flít feithiclí na Cosanta Sibhialta i go leor eachtraí éigeandála le blianta beaga anuas agus do thascanna éagsúla chun tacaíocht a thabhairt do na hEagraíochtaí Príomhfhreagartha (PRA’nna), ar nós an HSE, Údaráis Áitiúla agus an Garda Síochána.

Bainfidh an Roinn úsáid as an maoiniú seo le feithiclí nua a fháil sa bhliain 2020 le huasghrádú a dhéanamh ar fhlít na Cosanta Sibhialta. Cinnteofar leis seo go mbeidh an Chosaint Shibhialta in ann a ról a chur i gcrích mar a leagtar amach i bPáipéar Bán an Rialtais

Page 30: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

30

2015, m.sh. “ag tabhairt tacaíochta don PRA i gcásanna éigeandála agus neamh-éigeandála éagsúla”. Tá fáil a bheith ar fheithiclí nua-aimseartha cuí ríthábhachtach do phearsanra na Cosanta Sibhialta ina bhfuil thart ar 36 oifigeach Cosanta Sibhialta agus 3,500 oibrí deonach chun tacú leis na PRA’nna.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

An Flít Feithiclí i gCosaint Shibhialta a Uasghrádú

€1,000,000 Caiteachas de €1,000,000 in 2020

2.8.2 Cur le soláthar seirbhísí na hEagraíochta Phearsanra Iarsheirbhíse Náisiúnta (ONE) agus Cumann Sheansaighdiúirí Éireannacha na Náisiún Aontaithe (IUNVA) d’Iarchomhaltaí na Cosanta Sibhialta

Cuireann an Eagraíocht Phearsanra Iarsheirbhíse (O.N.E.) cóiríocht agus bia ar fáil do 44 iarchomhalta den Chosaint Shibhialta i mBrú na bhFiann, Margadh na Feirme, Baile Átha Cliath 7 (30 pearsanra), Teach Beechwood, Leitir Ceanainn, Contae Dhún na nGall (7 bpearsanra) agus i dTeach Custume, Baile Átha Luain, Contae na hIarmhí (7 bpearsanra). Tá (8) ocht gcinn d’Ionaid Tacaíochta Iarshaighdiúirí oscailte ag O.N.E. faoi láthair agus táthar ag súil (6) sé cinn eile a bhunú faoi dheireadh na bliana 2019. Tá 8 n-ionad buail isteach ag IUNVA agus cuireann cóiríocht ar fáil do 4 iarshaighdiúir ón gCosaint Shibhialta. Cuireann na VSC’nna agus na hionaid buail isteach, eolas, comhairle agus duine éigin eile le labhairt leis agus áit éigin le bualadh le hiarchomrádaithe ar fáil. Déanann luath-idirghabháil maolú ar strus sóisialta agus laghdú suntasach ar easpa dídine.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Cur le ONE agus le IUNVA €300,000 Caiteachas de €100,000 in 2020 agus an tsuim chéanna in 2021 agus 2022

2.9 An Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

2.9.1 Moil Spóirt agus Gníomhaíochtaí Fisiciúla sa Phobal (CSPAH’nna)

Is comhar clubanna spóirt forásacha agus eagraíochtaí áitiúla eile a oibríonn le chéile chun feabhas a chur ar spórt agus ar ghníomhaíocht fisiciúil atá á gcur ar fáil ina bpobal áitiúil atá sa CSPAH. Tá a gcuid saintréithe féin ag gach mol ach oibríonn siad go léir de réir prionsabail áirithe – eadhon, an gá cur le rannpháirtíocht, a bheith i dteagmháil leis na pobail áitiúla, ceannaireacht pobail a chur chun cinn, agus raon deiseanna spóirt a chur ar fáil agus na comhpháirtithe/grúpaí/daoine príomha cuí go léir a thabhairt le chéile. Cuireann na moil eolas, tacaíocht agus comhairle ar fáil maidir le raon leathan spóirt agus gníomhaíochtaí fisiciúla lena dhéanamh níos éasca do dhaoine i gceantar atá faoi mhíbhuntáiste agus ar mhaith leo a bheith bainteach agus a bheith rannpháirteach i gcineál saoil atá níos gníomhaí agus níos folláine. Dá réir sin, tá sé mar chuspóir croíláir leis an mbeart seo de chuid CSPAH

Page 31: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

31

díriú ar cheantair atá faoi mhíbhuntáiste, daoine áitiúla a thabhairt le chéile agus áit a aimsiú do chlubanna agus d’eagraíochtaí spóirt áitiúla ar mhaithe le tionchar dearfach áitiúla a chruthú i rannpháirtíocht inbhuanaithe spóirt agus do chomhtháthú an phobail. Measann an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022.

Beart Leithdháileadh ó Chiste na gCuntas Díomhaoin

Próifíl Caiteachais

Moil Spóirt agus Gníomhaíochtaí Fisiciúla sa Phobal

€1,470,000 Caiteachas de €1,470,000 in 2020

2.9.2 An Mol Náisiúnta Oideachais agus Oiliúna Spóirt Díreoidh an beart seo ar dhaoine aonair ag leibhéal áitiúil agus náisiúnta araon trí chosán oideachais soiléir a chur ar fáil dóibh siúd a bhfuil spéis acu oibriú nó obair dheonach a dhéanamh sa spórt. Sa bhliain 2020, tá sé beartaithe ag Sport Ireland raon clár agus tionscadail nuálacha a chur ar fáil. Áirítear ar ghníomhaíochtaí atá beartaithe don réimse seo: Clár Oiliúna agus Tacaíochta d’Oibrithe Deonacha, lena n-áirítear tionscadal cóitseála pobail a dhíríonn ar chuidiú le daoine dífhostaithe le fostaíocht a fháil agus tacaíochtaí chun cur le hacmhainneacht clubanna pobail chun cur leis an líon oibrithe deonacha; Clár Ceannaireachta do Dhaoine Óga a thugann aghaidh ar dhaoine óga a éiríonn as gníomhaíocht fisiciúil; an clár ASPIRE, áit a bhfaigheann céimithe atá faoi mhíbhuntáiste ó thaobh cúlra de, an deis chun oibriú i líon Comhlachtaí Rialaithe Náisiúnta (NGB’nna) spóirt in Éirinn lena gcuid scileanna a fhorbairt agus lán-fhostaíocht a bhaint amach. Áireofar raon tionscnaimh nuálacha oiliúna agus forbairt acmhainní ann freisin, déan tagairt, le do thoil, don scarbhileog atá i gceangal le tuilleadh eolais a fháil maidir leis na tionscadail atá beartaithe. Tá tionscadail leagtha amach agus ag teacht le riachtanais an Pholasaí Náisiúnta Spóirt agus an Plean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fisiciúil (NPAP). Déanfar tionscadail a chur ar fáil ar fud na tíre trí phróiseas tairisceana iomaíoch. Measann an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022. Beart Leithdháileadh ó Chiste na

gCuntas Díomhaoin Próifíl Caiteachais

An Mol Náisiúnta Oideachais agus Oiliúna Spóirt

€1,490,000

Caiteachas de €1,490,000 in 2020

2.9.3 Bearta spóirt do phobail faoi mhíbhuntáiste chun tacú leis an bPlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil (NPAP) agus an Polasaí Náisiúnta Spóirt (NSP) Áirítear gníomhaíochtaí san NSP, a seoladh sa bhliain 2018, ar fud raon earnálacha chun leibhéil níos airde rannpháirtíochta sa spórt agus i ngníomhaíocht fisiciúil a chur chun cinn. Tá seo mar sprioc uileghabhálacha leis an NPAP, a seoladh sa bhliain 2016, an líon daoine a

Page 32: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

32

bheidh i mbun gníomhaíocht fhisiciúil a mhéadú 1% in aghaidh na bliana sa tréimhse go dtí an bhliain 2020, leis an gcion den daonra, ag gach tráth den saol, atá ag tabhairt faoi ghníomhaíocht fisiciúil rialta, ag cruthú ar an mbealach sin, buntáiste, sláinte, eacnamaíoch agus sóisialta. Tá riachtanas áirithe agus láidir ann cur go suntasach le hiarrachtaí tabhairt faoin sprioc seo i measc pobail atá faoi mhíbhuntáiste agus i measc daoine atá faoi mhíchumas ar an mbonn go mbíonn leibhéil níos ísle rannpháirtíochta sa spórt i measc na ndaoine siúd atá dífhostaithe, iad siúd atá ar ioncam íseal agus daoine gan leibhéal oideachais tríú leibhéil, srl. Cuireann an NSP béim ar an riachtanas seo, ar féidir aghaidh a thabhairt air trí úsáid a bhaint as maoiniú na gCuntas Díomhaoin faoin mbeart seo chun cur ar chumas Sport Ireland raon cláir spriocdhírithe a chur ar fáil do dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste go heacnamaíoch, ó thaobh oideachais de, nó go sóisialta, nó daoine atá faoi mhíchumas. Cuideoidh maoiniú le Gníomhartha éagsúla NSP agus NPAP, lena n-áirítear, go háirithe, Gníomh 2 den NPAP, a bhaineann le feachtas náisiúnta gníomhaíocht fisiciúil a chur chun cinn agus le feachtas bolscaireachta do na Moil Gníomhaíochta Fisiciúil Pobail agus le Gníomh 45 sa NAP a bhaineann le hÉirinn faoi Bhláth (reathaíocht, rothaíocht, snámh agus siúl), freisin. Déanfar taighde maidir le heolaíocht iompraíochta a stiúradh freisin i rannpháirtíocht níos mó daoine aonair i gceantair faoi mhíbhuntáiste i ngníomhaíocht spóirt agus fisiciúil. Measann an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt go mbeifear ag lorg maoiniú ar bhonn leanúnach don bheart seo sa bhliain 2021 agus sa bhliain 2022. Beart Leithdháileadh ó Chiste na

gCuntas Díomhaoin Próifíl Caiteachais

Bearta spóirt do phobail faoi mhíbhuntáiste chun tacú leis an bPlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil (NPAP) agus an Polasaí Náisiúnta Spóirt (NSP)

€5,015,000 Caiteachas de €5,015,000 in 2020

Page 33: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

33

3. Aguisín I: Tábla Achomair ar Bhearta Phlean Gníomhaíochta 2020

Cuireann an tábla seo a leanas achoimre ar fáil de na bearta agus den mhaoiniú a leithdháileadh faoi Phlean Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Díomhaoin 2020 do gach Roinn Rialtais/Gníomhaireacht ábhartha.

Roinn/Gníomhaireacht i gCeannas Uimh. Cur Síos Leithdháileadh

Uasta

An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail

1 Fiontair Shóisialta Éireann €2,000,000

2 An Scéim Foláirimh do Sheanóirí €3,000,000

3 Tacaíochtaí d’Oibrithe Deonacha €653,100

4 Beart atá Dírithe ar Chuimsiú Sóisialta €422,000

5 Tionscadal Comhtháthaithe Réamhshóisialta €150,000

6 Leabharlanna Poiblí - Míbhuntáiste €650,000

7 Scéim Feabhsúcháin do Phobail atá faoi Mhíbhuntáiste €250,000

8 Ciste Nuálaíochta Sóisialta Éireann €5,500,000

An Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail

agus Rialtais Áitiúil 9 Ag Aistriú Easpa Dídine go Tithíocht Fadtéarmach €3,000,000

An Roinn Dlí agus Cirt agus

Comhionannais

10 Ag Cur le Feasacht ar Fhoréigean Baile agus Gnéis €300,000

11 Leathnú ar Sheirbhís Tacaíocht d’Íospartaigh sa Chúirt (V-SAC) seirbhís tionlacan cúirte €116,680

12 Líne Chabhrach d’Íospartaigh na Coireachta (CVH) €50,000

13 Clár le hidirdhealú trasnach a chomhrac faoi Straitéis Náisiúnta um Chuimsiú LGBTI+ €150,000

14 Bearta le comhionannas inscne a chur chun cinn do Thaistealaithe Mná

€300,000

15 Tionscnaimh Fostaíochta don Lucht Siúil €250,000 16 Tionscnamh Feasachta Míchumais d’Fhostóirí €500,000

17 Clár um Infhostaitheacht agus Ionchuimsiú d’Imircigh €500,000

18 Gáinneáil ar Dhaoine a Chosc - ag Cur le Feasacht 2020 €250,000

Page 34: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

34

19 Síneadh agus Leathnú Seirbhís Athstiúrtha Óige an Gharda Síochána €3,462,000

20 Síolchiste Cicdhúiseachta Fiontar Sóisialta – Babhta Dó

€1,150,000

21 Tionscadal Promhaidh do Dhaoine Óga – Caiteachas Caipitil €30,000

Roinn/Gníomhaireacht i gCeannas Uimh. Cur Síos Leithdháilead

h Uasta

An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí

22

Ag tabhairt Tacaíochta do Dheiseanna Fostaíochta agus Oideachais/Oiliúna do Chúramóirí Baile agus ag tabhairt Tacaíochta do Dheiseanna Fostaíochta agus Oideachais/Oiliúna do Dhaoine Óga Faoi Mhíchumas

€5,000,000

An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige

23 Foróige - Clár Meantóireachta Big Brother Big Sister €898,000

24 An Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg €200,000

25 Gairmthreoir agus Tacaíocht Fostaíochta do Leanaí atá á gCoinneáil i gCampas Coinneála Leanaí Bhaile an Oibricigh

€150,000

26 Daoine Óga a Chosaint ó Thionchar Líonraí Coiriúlachta Daoine Fásta in Éirinn – clár trialach €1,426,000

27 Cur Chun Cinn na dTreoirlínte maidir le Dearadh Uilíoch do Luathfhoghlaim agus do Shocrúcháin Cúraim

€200,000

28 Tionscadal Taispeána Teiripe Ionscoile agus i Luathfhoghlama agus Cúraim €160,000

29 Tacaíocht agus Teiripe Iar-Uchtaithe €200,000 30 Tionscnamh maidir le Cad a Oibríonn €3,000,000

31 Clár maidir le hIonad Acmhainní Teaghlaigh agus Comhpháirtithe Deonacha Níos Leithne €1,000,000

An Roinn Oideachais agus Scileanna

32 Time to Count (clár tacaíochta bunscoile le Gnó sa Phobal in Éirinn mar chuid dá dtionscnamh Comhpháirtíocht Gnó na Scoileanna)

€60,000

33 Músaem Reilig Ghlas Naíon – Clár um Oideachas Scoile €60,000

Page 35: Gníomhaíochta um Chiste na gCuntas Plean Díomhaoin 2020 · 2019-11-07 · bheart ó Chiste na gCuntas Díomhaoin a dhídhílsiú agus cuirfear an maoiniú ar ais sa chiste. Laghdaítear

35

Roinn/Gníomhaireacht i gCeannas Uimh. Cur Síos Leithdháileadh

Uasta

An Roinn Oideachais agus Scileanna

34 Ag cur le Rannpháirtíocht agus le Nuálaíocht Daoine Óga i bPobail Éireannacha, Tionscadal na Nuálaithe Óga

€150,000

35 Clár (NFTE) Líonra do Theagaisc Fiontraíochta Foróige €300,000

36 Tionscadal um Imeascadh Imirceach (MIP) an CDETB €105,000

An Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na

hAeráide agus Comhshaoil

37 Téigh ag Iascaireacht – An Tionscnamh um Shlatiascaireacht do Thosaitheoirí €380,315

38 Slatiascaireacht do Chách €200,000

An Roinn Cosanta

39 An Flít Feithiclí i gCosaint Shibhialta a Uasghrádú €1,000,000

40

Cur le soláthar seirbhísí na hEagraíochta Phearsanra Iarsheirbhíse Náisiúnta (ONE) agus Cumann Sheansaighdiúirí Éireannacha na Náisiún Aontaithe (IUNVA) d’Iarchomhaltaí na Cosanta Sibhialta

€300,000

An Roinn Iompair, Turasóireachta agus

Spóirt

41 Moil Spóirt agus Gníomhaíochtaí Fisiciúla sa Phobal (CSPAH’nna) €1,470,000

42 An Mol Náisiúnta Oideachais agus Oiliúna Spóirt €1,490,000

43

Bearta spóirt do phobail faoi mhíbhuntáiste chun tacú leis an bPlean Náisiúnta um Ghníomhaíocht Fhisiciúil (NPAP) agus an Polasaí Náisiúnta Spóirt (NSP)

€5,015,000

IOMLÁN: €45,448,095