cód na gaeilge rang 51 cód na gaeilge rang 5 ag fiosrú focal na gutaí gairide intreoir faoi...

36

Upload: others

Post on 31-May-2020

2 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh
Page 2: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

1

Cód na Gaeilge Rang 5Ag Fiosrú Focal

Na Gutaí Gairide

IntreoirFaoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh. Sa chlár seo tá trí rannóg i gCéim 6; na gutaí fada, na gutaí gairide agus na consain. Níl sna rannóga seo ach dóigh leis na fuaimeanna a eagrú, níl sé sin déanta in ord tábhachta. Ní gá na leabhair ná na fuaimeanna a dhéanamh in ord áirithe ar bith. Is féidir bogadh ó leabhar go leabhar agus fuaimeanna a chlúdach de réir mar a fheiceann an múinteoir go bhfuil gá leo don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht. Is sa leabhar seo a amharcfaidh siad ar na féidearthachtaí a bhaineann leis na gutaí gairide. Tá bealach amháin le guta gairid a léiriú déanta go dtí seo ach anseo, amharcfar ar na féidearthachtaí éagsúla atá ag na fuaimeanna céanna. Is é sin na fuaimeanna a, e, i, o, u agus an guta cúnta atá sna focail bolg, orm.

Liostaí FocalMoltar faoi Chéim 6 go mbeidh liosta focal le foghlaim gach seachtain ag gach páiste. Is liosta é seo a fhoghlaimeoidh an páiste trí ghníomhaíochtaí agus straitéisí éagsúla agus ansin, triail, nó scrúdú ar an Aoine. Déanfar gach fuaim, ceann ar cheann, agus moltar seachtain a chaitheamh ar gach fuaim le gníomhaíochtaí ranga agus obair bhaile. Sna liostaí seo tá focail radhairc nó focail mhinice ann agus iad ag teacht le fuaim na seachtaine sin. Rinneadh cinnte de go bhfuil na focail is coitianta ann de réir taighde Breacadh agus COGG chomh maith leis na focail atá sa chlár Féasta Focal de chuid CCEA. Mar sin, beidh na scileanna ag na páistí dul i ngleic le focail trí fhuaimeanna agus trí radharc agus na straitéisí cuí a chur i bhfeidhm san fhoghlaim.

In amanna, níl ann ach sampla amháin d’fhéidearthacht áirithe ar fhuaim ach tá sé ar an liosta de thairbhe gur focal tábhachtach é. Níl an oiread céanna roghanna sa Ghaeilge leis na gutaí gairide agus atá ag na gutaí fada. Is féidir níos lú roghanna a thabhairt do na páistí sin a bhfuil deacrachtaí acu leis an choincheap seo.

Page 3: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

2

Ar an lámh eile, is féidir páistí eile a shíneadh agus moladh dóibh go n-aimseoidh siad níos mó roghanna den fhuaim agus cur leis an eolas atá acu.

In amanna eile tá an fhuaim clúdaithe agus níl níos mó roghanna ann. Ní fiú sa chás seo seachtain a chaitheamh ar an fhuaim áirithe seo arís. Tá u clúdaithe i Rang 2/3 agus níl roghanna eile ann don fhuaim áirithe seo. Déanfar measúnú ar an fhuaim seo agus is féidir dul siar más gá.

Tá focail ar na liostaí seo a rinneadh i Rang 4. Measadh gurbh fhiú iad a chur ar na liostaí arís mar dhaingniú.

Obair BhaileTá cúig cheacht ann do gach fuaim don tseachtain. Tá obair bhaile molta ó lá 2 ar aghaidh. Moltar gan an liosta focal a chur abhaile go dtí go mbeidh cúpla ceacht déanta ar scoil agus tuiscint cheart ag an pháiste ar an fhuaim chuí. Má tá tú ag iarraidh an liosta focal a chur abhaile ar an chéad lá déan cinnte de go bpléitear an fhuaim ar scoil agus go mbíonn seans ag an pháiste an fhuaim chuí a chluinstin sa sliocht.

DifrealúTá roghanna breise anseo ar an eolas a bhí ann ag Rang 4. Tá na liostaí focal leagtha amach de réir roghanna agus tá spásanna i ngach liosta le go dtig le páistí a bhfocail féin a chur isteach. Léirítear na roghanna seo ag barr gach liosta. Tá athchleachtadh ar na roghanna a rinneadh i Rang 3 agus 4, ansin tá roghanna nua ann agus, nuair is féidir é, tá rogha bhreise ann mar dhúshlán do pháistí áirithe. Ansin, tá boscaí folamha ann le gur féidir focail a bhaineann le téama, nó focail eile atá de dhíth agus atá ag teacht le fuaim na seachtaine sin, a chur leis an liosta. Is féidir níos lú roghanna a thabhairt do pháistí eile agus ar an dóigh seo is féidir ábaltachtaí éagsúla a theagasc san aon cheacht amháin.

Page 4: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

3

MeasúnúTá sleachta ag cúl an leabhair don deachtú i ndiaidh gach fuaim a chlúdach. Is féidir dul siar ar obair na seachtaine le focail ón liosta nó le deachtú. Tá leathanach taifid ann chomh maith don mhúinteoir.

StraitéisíÚsáidtear straitéisí éagsúla anseo don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht do gach cineál foghlaimeora. Tá gníomhaíochtaí fisiciúla ann chomh maith le gníomhaíochtaí ‘peann agus páipéar’. Tá cleasanna éagsúla molta chomh maith agus oibreoidh na páistí amach cé acu straitéis is fearr leo. Is ionann breacscríbhneoireacht agus focal a scríobh arís is arís eile, é ceangailte nó i bpatrún éigin. Is ionann bolgán cainte agus carachtar a dhéanamh le bolgán cainte agus an focal a chleachtadh sa bholgán sin. Moltar cearnóga fuaime a úsáid in amanna. Is é sin cearnóga páipéir réamhghearrtha a dtig leis na páistí na focail a chleachtadh orthu. Moltar chomh maith clár bán a bheith ag na páistí le rudaí a thriail agus a chleachtadh gan mothú gur rud buan é.

Tá patrún sa dóigh a gclúdaítear an t-eolas ar gach fuaim. Tiocfaidh páistí agus múinteoirí isteach air sin agus déanfar na ceachtanna níos gasta dá réir sin. Baineann Ceacht 5 gach seachtain le teist nó dul siar ar obair na seachtaine sin. Déantar fuaimeanna in ord minicíochta sa Ghaeilge sna focail is mó atá de dhíth ar pháistí don léitheoireacht. Níor chóir níos mó na 10 nó 15 bhomaite a chaitheamh ar na ceachtanna seo.

Tréimhse AmaTá 5 seachtaine oibre sa phacáiste seo, cé gur féidir cuid de na cluichí a imirt i níos mó ná aon cheacht amháin má tá athchleachtadh agus daingniú de dhíth. Má dhéantar Gaeilge agus Béarla go comhthreomhar caithfear 5 seachtaine ag an leibhéal seo. Má dhéantar Gaeilge agus Béarla gach dara seachtain caithfear 10 seachtaine ag an leibhéal seo. Tá an tréimhse ama ag bráth ar thaithí an ranga, an mhúinteora agus ar pholasaí na scoile.

Page 5: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

4

Fónaic an BhéarlaMoltar an clár Linguistic Phonics a úsáid don Bhéarla nó is é sin an clár is cóngaraí maidir le cur chuige le Fónaic na Gaeilge. Déanfaidh sin na ceachtanna sa dá theanga níos fusa a eagrú agus a leanúint sa bhainistíocht ranga. Le ceachtanna gairide gasta is féidir an dá chlár a dhéanamh gach seachtain. Faoi Chéim 6/Stage 5/6 tá fuaimeanna agus focail áirithe le clúdach agus bheadh liosta Gaeilge agus liosta Béarla le déanamh. Ach, is ionann na straitéisí agus an cur chuige agus mar sin ní gá mórán ama a chaitheamh air.

Ar ndóigh, má tá rang/múinteoir ag leanúint an cur chuige seo den chéad uair is féidir seachtain a chaitheamh ar gach fuaim ann féin, Gaeilge agus Béarla. Glacfaidh sé seo dhá oiread ama ach cothóidh sé muinín sna cleachtóirí don chéad bhliain eile leis an chlár.

Tá 16 fhuaim ar fad le clúdach sa Bhéarla agus tá 10 bhfuaim le clúdach sa Ghaeilge idir ghutaí fada agus ghutaí gairide. Tá na fuaimeanna ia, ua agus an guta cúnta le clúdach sa Ghaeilge chomh maith ach ní gá mórán ama a chaitheamh orthu seo.

Seo iad na féidearthachtaí ar fad atá ag na gutaí gairide. Déanfar na fuaimeanna sa leabhar seo ach ní gach féidearthacht. Ní dhéanfar an fhuaim u mar cheachtanna sa leabhar. Tá an fhuaim seo déanta agus níl roghanna eile ann. Beidh sé sa mheasúnú agus is féidir ceachtanna ó phacáistí roimhe seo a úsáid más gá. Roghnaíodh na fuaimeanna is mó a measadh a bheadh de dhíth don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht i Rang 5. Tá 6 fhuaim ann san iomlán.

a, ea, ai, eai, fha

cat, fear, ainm, veain, ar fhan

e, ei, a

le, greim, ag

i, io, oi, ai, ui, fhi

mil, fios, Doire, cait, uile, ar fhill

o, eo, eoi,

mo, seo, deoir

u, o, a, io

muc, lag, tom, liom

an guta cúnta

orm, bolg, airgead

Page 6: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

5

oa

snow, boat, old, toe, note, soul, though

ow

now, cloud, drought

er

faster, shirt, work, hurt, colour, collar, learn, centre

ee

he, sleep, eat, Pete, money, funny, chief, ski, weird

ea

get, head, said

ay

play, rain, gate, April, they, break, eight, straight, vein, ballet

oo

do, too, full, you, would, fruit, through, glue, flute, flew

i-e

ride, night, cry, find, pie

u-e

new, menu, tune, issue, Europe

oy

toy, boil

aw

was, saw, walk, bought, taught, August

u

sun, touch, won, come

i

slit, build, mystery, pretty

ar

car, heart

or

for, door, war, more, four

air

stare, chair

Déanfar na fuaimeanna Béarla atá cláraithe thíos go comhthreomhar leis an dá leabhar; Na Gutaí Fada, Na Gutaí Gairide. Is féidir leathchuid acu a dhéanamh agus tú ag dul don leabhar seo agus an leathchuid eile a dhéanamh leis an leabhar Na Gutaí Fada.

le Jacqueline de Brún

Page 7: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh
Page 8: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

7

Clár

Ceacht 1–5: i 8–13

Ceacht 1–5: o 14–19

Ceacht 1–5: a 20–25

Ceacht 1–5: e 26–31

An guta cúnta 32

Sleachta don deachtú 33

Leathanach Taifid an Mhúinteora 34

Gach Íomhá agus Léaráid © thinkstock.com

Page 9: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

8

Céim 6bCeacht 1: i

Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim i.

Is cuimhin liom an scéal sin a chluinstin faoi na pirimidí. Ní cuimhin liom an é an scéal is faide nó is giorra é ach tuigim gur scéal maith é. Bhain sé le pirimid a bhí ar bharr cnoic agus chuaigh prionsa suas an cnoc sin ar a chapall. Sílim gur thit an prionsa agus gur bhris sé ionga ar a mhéar. An fear bocht!

Scríobh na focail leis an fhuaim i. Déan an fhuaim le dath difriúil. Thig leat focail eile a fháil i do leabhar léitheoireachta más maith leat.

Page 10: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

9

Céim 6b Ceacht 2: i

Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: i, ui, oi, io + ai (agus spás d’fhocail eile).

pirimid cluinstin roinnt is faide

uimhir ionga is giorra cnaipe

binn titim prionsa

cuimhin pointe soicind

cuireann an bhfuil cnoic

Page 11: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

10

Céim 6bCeacht 2: i

Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.

______ ______ ______ ______ ______

Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus scríobh i mbolgán cainte é.

Obair BhaileSórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile nach bhfuil tú cinnte fúthu. Roghnaigh do straitéis féin.

Page 12: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

11

Céim 6b Ceacht 3: i

Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim i.

Scríobh ceann de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.

Obair BhaileScríobh abairtí le … focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.

Page 13: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

12

Céim 6bCeacht 4: i

Scríobh na dóigheanna éagsúla leis an fhuaim i a scríobh ar na línte. Scríobh an ceann ceart sna focail. Ansin, scríobh d’fhocail féin sna cinn ghlana.

_____ _____ _____ _____ _____

__mhir

__nga

s__cind

r__innt

cl__nstin

c__reann

cn__c

pr__nsa

Obair BhaileCuir líne faoi gach i ar do liosta focal. Cleacht na focail ar chearnóga páipéir.

Page 14: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

13

Céim 6b Ceacht 5: i

Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim i a scríobh.

Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.

_____ _____ _____ _____ _____

Bain triail as na focail anseo.

Page 15: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

14

Céim 6bCeacht 1: o

Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim o.

Is cosúil nach bhfuil Eoin bocht róthugtha don scoil. Bíonn mála mór trom le hiompar aige. Is iomaí lá a chaitheann sé ag amharc amach ar an fhuinneog. “Le do thoil, a Mhamaí,” arsa Eoin agus na deora sna súile aige, “níor mhaith liom an mála sin a iompar ar scoil.”

Scríobh na focail leis an fhuaim o. Déan an fhuaim le dath difriúil. Thig leat focail eile a fháil i do leabhar léitheoireachta más maith leat.

Page 16: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

15

Céim 6b Ceacht 2: o

Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: o, eo, io, eoi + oi (agus spás d’fhocail eile).

cosc spideog tiocfaidh is ionann

fuinneog iompar scoil iomlán

Eoin pobal coiste

deoir iontule do thoil

cosúil deora toit

Page 17: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

16

Céim 6bCeacht 2: o

Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.

______ ______ ______ ______ ______

Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus scríobh i mbolgán cainte é.

Obair BhaileSórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile nach bhfuil tú cinnte fúthu.Roghnaigh do straitéis féin.

Page 18: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

17

Céim 6b Ceacht 3: o

Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim o.

Scríobh ceann de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.

Obair BhaileScríobh abairtí le … focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.

Page 19: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

18

Céim 6bCeacht 4: o

Scríobh na focail ó do liosta ar na deora thíos. Cuir faoin rogha cheart iad. Ansin, aimsigh focail eile i do leabhair léitheoireachta agus scríobh isteach iad.

Obair BhaileCuir líne faoi gach o ar do liosta focal. Cleacht na focail ar chearnóga páipéir.

o eo

io

eoi oi

Page 20: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

19

Céim 6b Ceacht 5: o

Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim a scríobh.

Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.

______ ______ ______ ______ ______

Bain triail as na focail anseo.

Page 21: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

20

Céim 6bCeacht 1: a

Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim a.

Bhí taisme ar an bhealach mhór seachtain ó shin. Bhí sé dorcha ach bhí an ghealach sa spéir. Bhí sneachta ar an talamh. Veain agus carr a bhí sa taisme agus bhí tiománaí an veain amuigh ag tiomáint rófhada. Níor fhan sé leis an otharcharr.

Scríobh na focail leis an fhuaim a. Déan an fhuaim le dath difriúil. Thig leat focail eile a fháil ó do leabhar léitheoireachta más maith leat.

Page 22: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

21

Céim 6b Ceacht 2: a

análú aimsir rófhada veain

blasta gealach ar fhan

casta teacht cearc

dainséar sneachta aithne

taisme bealach leathar

Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: a, ai, ea, fha + eai (agus spás d’fhocail eile).

Page 23: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

22

Céim 6bCeacht 2: a

Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.

______ ______ ______ ______ ______

Obair BhaileSórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile nach bhfuil tú cinnte fúthu.Roghnaigh do straitéis féin.

Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus scríobh i mbolgán cainte é.

Page 24: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

23

Céim 6b Ceacht 3: a

Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim a.

Scríobh cuid de na focail ó do liosta féin. Déan an a le dath eile.

Obair BhaileScríobh abairtí le … focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.

Page 25: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

24

Céim 6bCeacht 4: a

Léigh na habairtí seo. Baineann siad le focail ina bhfuil an fhuaim a. Scríobh isteach an focal ceart.

Obair Bhaile

Cuir líne faoi gach a ar do liosta focal. Cleacht na focail ar chearnóga páipéir.

1. Bíonn an rud seo sa spéir. Ní plainéad í, is satailít í.

2. Tarlaíonn seo nuair a bhualann dhá charr isteach ina chéile.

3. Is ainmhí é seo a thugann uibheacha dúinn.

4. Déantar bróga leis seo agus is craiceann bó é.

5. Titeann an rud seo amach as an spéir mar chalóga.

6. Is maith le daoine fios a bheith acu cad é a mar a bheidh an rud seo gach lá.

Page 26: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

25

Céim 6b Ceacht 5: a

Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim a scríobh.

_____ _____ _____ _____ _____Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.

Bain triail as na focail anseo.

Page 27: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

26

Céim 6bCeacht 1: e

Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim e.

Bhí an geimhreadh ag teacht agus bhí an seilide ag deifriú ar ais chuig an fheirm. Ba mhaith leis bheith amach as an bhealach nuair a bheadh na hainmhithe ann. Ba mhaith leis bheith faoi na duilleoga. “Is trua nach dtig liom eitilt,” ar seisean.

Scríobh na focail leis an fhuaim e. Déan an fhuaim le dath difriúil. Thig leat focail eile a fháil i do leabhar léitheoireachta más maith leat.

Page 28: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

27

Céim 6b Ceacht 2: e

le beirt deir ag

te eilifint seile as

eitilt geimhreadh seilide

ní bheidh seisear creideann

feicfidh deifriú deifir

Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: e, ei, a (agus spás d’fhocail eile).

Page 29: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

28

Céim 6bCeacht 2: e

Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.

______ ______ ______

Obair BhaileSórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile nach bhfuil tú cinnte fúthu. Roghnaigh do straitéis féin.

Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus scríobh i mbolgán cainte é.

Page 30: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

29

Céim 6b Ceacht 3: e

Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim e.

Scríobh ceann de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.

Obair BhaileScríobh abairtí le … focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.

Page 31: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

30

Céim 6bCeacht 4: e

Roghnaigh na focail is deacra ar do liosta. Cleacht iad a scríobh i bpatrún ar na línte bíseacha thíos.

Obair Bhaile

Cuir líne faoi gach e ar do liosta focal. Cleacht na focail ar chearnóga páipéir.

Page 32: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

31

Céim 6b Ceacht 5: e

Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim a scríobh.

________ ________ ________

Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.

Bain triail as na focail anseo.

Page 33: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

An guta cúnta

32

Céim 6b

An bhfuil rud suimiúil ann faoi na focail seo? Cá mhéad fuaim atá iontu? Cá mhéad fuaim atá scríofa?

Seo é an Guta CúntaAimsigh samplaí eile i do leabhair agus scríobh sa bhosca iad.

Léigh na focail seo.

gorm

stoirm

ainmhí

airgead

tolg

carbhat

Page 34: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

Sleachta don deachtú

33

Céim 6b

i, ui, oi, io, ai

An bhfuil a fhios agat an uimhir is faide ar domhan? Ar mhaith leat í a chluinstin?

An cuimhin leat an scéal sin a chluinstin faoin phrionsa atá ina chónaí i bpirimid?

u, iu, a

Lá fliuch a bhí ann agus bhí na muca amuigh ar fud na háite.

Bhí an chuma ar an urlár go raibh sé fliuch. Bhí bunús na ndaoine ag cur dusta air.

o, eo, io, eoi, oi

Is cosúil nach bhfuil Eoin sásta. Tiocfaidh na deora agus é ar scoil.

Is maith liom spideoga. Éin bheaga atá iontu. Sin ceann ag an fhuinneog anois.

a, ea, ai, fha, eai

Cén sórt aimsire atá ar an bhealach? Is cinnte go mbeidh sneachta ag teacht.

Ar fhan sé sa vaein sin rófhada. Níl aithne agam air ach beidh taisme aige.

e, ei, a

Tá an bheirt sin ag deifriú leo amach as an siopa. Ní bheidh siad ar ais.

An bhfaca tú eilifint ag eitilt riamh? Feicfidh tú ceann sa gheimhreadh.

an guta cúnta

Bhí fearg an domhain ar Cholm nuair a chaill sé an t-airgead sin.

Is maith leis an leanbh an t-ainmhí sin go mór. Fuair sé thíos ar an fheirm é.

Page 35: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh

Leathanach Taifid an Mhúinteora

34

Céim 6b

Iarr ar an pháiste an fhuaim a rá agus na focail shamplacha a léamh.Cláraigh an rud a deir an páiste ag úsáid an chóid.

t – tosaithe/ – dul siar déantax – daingnithe

Ainm an dalta –

An fhuaim……mar atá sna focail/

sna frásaí…Cláraigh, nótaí

i, ui, oi, io, ai

pirimidí tuiscint oibrí

giolla níos glaine

u, iu, a cumas fliuch agus

o, eo, io, eoi, oi

cogadh Eorpach ionsaí

seoid coiste

a, ea, ai, fha, eai

marbh eachtra taisme

rófhada veain

e, ei, a mílte seile as

an guta cúnta

bolgán meirgeach

foirmeacha

Page 36: Cód na Gaeilge Rang 51 Cód na Gaeilge Rang 5 Ag Fiosrú Focal Na Gutaí Gairide Intreoir Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh