nuachtlitir | conradh na gaeilge | feabhra 2006

2
Eagrán 4 Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 1 Feabhra 2006 SAN EAGRÁN SEO: SAN EAGRÁN SEO: 1. OÉG AGUS AN GHAEILGE 2. Name Your Place - an dara cló i gcló anois. 3. Dátaí tabhachtacha amach anseo 4. Ranganna Gaeilge in Oirthear na Gaillimhe 5. Folúntais 6. Céad Chomhdhail Bhliantúil, Na Gaeil Oga 7. Crosfhocal mhí Feabhra 8. Tuairimí - Eagarfhocal Feasta maidir le polasaí nua Fhine Gael i leith na Gaeilge sa chóras oideachais A chara, Ba mhaith liom do thacaíocht a fháil chun seirbhísí oideachais 3ú leibhéil a chinntiú do lucht labhartha na Gaeilge in Ollscoil na hÉire- ann, Gaillimh. Faoi láthair, tá oibleagáid ar Ollscoil na hÉire- ann Gaillimh faoi alt 3 de Acht Choláiste Phríomhscoile na Gaillimhe 1929 ("an tAcht"), cainteoirí Gaeilge a cheapadh chun postanna sa choláiste. In ainneoin gur cur chuige maol go leor é sin, d'fhág sé go raibh agus go bhfuil cúrsaí acadúla agus seirbhísí riaracháin, bain- istíochta agus tacaíochta ar fáil as Gaeilge agus as Béarla ar aon i UCG. Chun an aidhm seo a thabhairt i gcrích níos éifeachtaí, mhol Údarás Rialaithe Ollscoil na hÉireann Gaillimh, d'aon ghuth 2 bhliain ó shin an leasú seo a chur in áit alt 3 den Acht ("leasú na hOllscoile"):- "Beidh sé mar phríomhaidhm ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ceannaireacht i soláthar oideachas na hOllscoile trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil trí sholáthar réimse leathan cúrsaí acadúla i nGaeilge agus trí chultúr cumarsáide dátheangach a chruthú taobh istigh den chóras agus i gcleachtas bainistíochta agus riaracháin na hOllscoile. Dá réir sin, beidh sé de dhualgas ag Údarás na hOllscoile agus ag Uachtarán Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, polasaithe, rialacháin, rialacha, soláthair agus cleachtais ar mhaithe leis an aidhm straitéiseach thean- geolaíoch thuasluaite a chur i gcrích, a leagan amach agus a chur i bhfeidhm." Bhí an-díomá agus an-bhuairt orm nuair a chonaic mé leasú an Rialtais, áfach:- "(1) Déanfaidh Údarás rialaithe an Choláiste cinnte go mbeidh soláthar oideachais sa choláiste trí mheán na Gaeilge ar cheann de na haidhmeanna d'fheidhmiú agus d'fhorbairt an Choláiste a leagfar amach i ngach plean straitéiseach forbartha a ullmhaítear tar éis thosach na míre seo. (2) Cuirfidh an t-údarás rialaithe agus Uachtarán an Choláiste a gcuid aidhmeanna i gcrích agus úsáidfidh siad a gcuid tionchair maidir leis an gColáiste le déanamh cinnte go gcuirfear an aidhm luaite i bhfomhír (1) i gcrích." Tá difríochtaí suntasacha idir an dá leasú, mar shampla: Ní bheidh sé mar phríomhaidhm straitéiseach ag an Ollscoil na hÉireann, Gaillimh cean- nasaíocht a thabhairt trí réimse leathan cúrsaí acadúla trí Ghaeilge a sholáthar. Níl an Rialtas ach ag moladh go mbeadh sé mar cheann de na haidhmeanna ag an Ollscoil oideachas trí Ghaeilge a sholáthar. D'fhéadfadh cúrsa amháin an dualgas sin a chomhlíonadh! Molann an Conradh go gcloífidh an Rialtas le "leasú na hOllscoile". Tá súil agam go mbeidh tú in ann leasú na hOllscoile a mholadh mar leasú ar an mBille nuair a thagann an Bille os comhair na Dála. Le meas, Leagan níos cuimsithí: [email protected] Ollscoil na h Ollscoil na h É É ireann, Gaillimh, agus an Ghaeilge ireann, Gaillimh, agus an Ghaeilge D’fhoilsigh Club na Sionna de Chonradh na Gaeilge an dara hea- grán de Name Your Place faoi urraíocht Fhoras na Gaeilge. Tá roinnt athruithe ann agus é tugtha suas chun dáta. I measc na n- athruithe tá liosta ainmneacha a bheadh oiriúnach de shiopaí, óstáin agus ionaid éagsúla ghnó. An phríomhchúis ar foilsíodh an leabhrán ná chun daoine a sprea- gadh le hainmneacha Gaeilge a chur ar fhorbairtí tógála, ar ionaid ghnó nó ar thithe aonair agus úsáid na logainmneacha Gaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre. Tá an leabhrán oiriúnach do dhaoine ar bheagán Gaeilge, chomh maith leis an bpobal i gcoitinne. Is leabhrán simplí é agus sé an-fhurasta é a úsáid agus tá sé dírithe go hiomlán ar logainmneacha a thagann ón nGaeilge cé go bhfuil an leagan Béarla de na háiteanna sin in úsáid go forleathan. Is féidir cóipeanna den leabhar seo a fháil saor in aisce díreach ó Cheannáras Chonradh na Gaeilge. Name Your Place Name Your Place Maoinithe ag: 1. Vótaíocht Nua ar Shuíomh Vótaíocht Nua ar Shuíomh Idirlín an Chonartha Idirlín an Chonartha Ar cheart do TG4 neamh- spleáchas a lorg? • Ba cheart • Níor cheart Má tá tuairim agat maidir leis an gceist seo thuas is féidir vóta a chaitheamh ach gab- háil isteach ar Shuíomh Idirlín an Chonartha ag [email protected] Trasna 1 leanbh beag (7) 4 dlí a ritheann parlaimint (4) 7 bosca nó seomra fuar chun bia a choinneáil friseáilte ann (9) 9 an t-alt? (2) 10 rógaire (7) 13 réidh le baint (4) 14 siúráilte; dearfa (6) 17 saoiste (3) 18 díoltóir feola (8) 19 páirc nó clós do bheithígh (5) Síos 2 arís (7) 3 véarsa d'amhrán (4) 4 seasc (6) 5 an glór a dhéanann gadhar (6) 6 furasta a léamh (7) 8 compord; suaimhneas (2) 11 áthas; sástacht (5) 12 conablach ainmhí (6) 15 gáir mhaíte (3) 16 uirlis troda (3) Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir mhí na Samhna: Seonadh Ní Thuama, Cill Mhantáin. Cuir an crosfhocal chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid Fhearchair, Ath Cliath 2. Tuairimí agus Comhfhreagras Tuairimí agus Comhfhreagras Crosfhocal Mhí Feabhra Crosfhocal Mhí Feabhra Feasta - Nollaig 2005 (Eagarfhocal) B'fhurasta neamhaird a dhéanamh de ráiteas Éanna Uí Chionnaith ag Ard-Fheis Fhine Gael faoi dheireadh a chur le riach- tanas na Gaeilge le haghaidh na hArdteistiméireachta. Ach is bao- lach nach féidir é sin a dhéanamh. Ní hé seo an chéad uair a rinne sé a leithéid de ráiteas. Caithfidh go bhfuil sé i ndáiríre faoi. Bíodh go ndeireann sé go dteastaíonn uaidh tús a chur le díospóireacht faoin gceist tá a dhearcadh féin soiléir. Tá gach cosúlacht ann go bhfuil móramh sa pháirtí a d'aontódh leis sa dearcadh sin, bíodh gur cinnte go bhfuil roinnt daoine ann, agus Teachtaí Dála ina measc, nach mbeadh ar aon fhocal leo. Tá stair áirithe ag Fine Gael faoin gceist seo, ag dul siar go dtí seachtóidí an chéid seo caite nuair a cuireadh deireadh leis an riachtanas a bhí le Gaeilge chun dul isteach sa státseirbhís. Dúradh an rud céanna ag an am atá á rá anois: go gcabhródh an cinneadh sin ar bhealach éigin rúndiamhrach le staid na Gaeilge sa tseirbhís. B'fhollasach don té ba dhaille ná raibh sé sin fíor. Bhí sé soiléir freisin gur maith a thuig an dream a rinne an cinneadh ná raibh sé fíor. Ba dhrochbhuille ar fad a bhí sa chinneadh sin don teanga. Ba mhó fós de bhuille é dá nglacfaí leis an moladh is déanaí seo ó cheannaire Fhine Gael. Ach céard is cóir a dhéanamh faoin moladh seo? Céard is cóir do Chonradh na Gaeilge agus eagrais eile teanga a dhéanamh faoi? Is maith go bhfuil moltaí fiúntacha déanta cheana féin ag Uachtarán an Chonartha in altanna agus litreacha sna nuachtáin. Arís is baolach go gcaithfimid filleadh ar sheanphort a bhí go minic cheana againn ar an iris seo. Is den riachtanas é go mbeadh teagmháil ag an gConradh ag an leibhéal is airde leis an aicme polaitíochta le baill an rialtais ar an gcéad dul síos, ach le cean- nairí na bpáirtithe polaitíochta uile. Léiríonn an eachtra is déanaí seo, arís eile, an riachtanas atá ann an fhaillí atá déanta sa ghné thábhachtach seo d'obair an Chonartha a leigheas. Is eagraíocht náisiúnta í an Conradh. Ní gá a tábhacht i stair ná i saol na tíre seo a athinsint. Is cuid dár n- oidhreacht náisiúnta í an Ghaeilge. Féach a hionad inár mbun- reacht. Níor déanamh ach lagiarracht sna seachtóidí chun cur in aghaidh an chinneadh faoin nGaeilge sa státseirbhís. Níor chóir go dtarlódh sé sin arís. Is é Fine Gael an dara páirtí polaitíochta is mó sa tír. D'fhéadfadh go mbeadh príomhionad acu i pé rialtas a bheidh againn tar éis an chéad olltoghchán eile. Níl sé ceart go ligfí do cheannaire an pháirtí a bheith ag déanamh ráitisí leibideacha, cosúil leis an gceann faoi Riverdance agus rincí Gaelacha, agus ag comhairliú cur chuige úrnua a dhéanfadh leas na Gaeilge ar bhealach éigin míorúilteach. Is ceist tháb- hachtach náisiúnta atá anseo. Ba chóir a iarraidh ar Éanna Ó Cionnaith bualadh le toscaireacht ón gConradh chun an ráiteas seo a phlé. Lá Oiliúna agus Díospóireacht D’éirigh go hiontach leis an díospóireacht agus an lá oiliúna a d’eagraigh an Conradh. Tá gach eolas le fáil faoi dá ócáid sin ar www.cnag.ie. Ba mhaith le foireann an Chonartha gach rath a ghuí ar Shiobhán Ní Ghaoithín don todhchaí. Chaith Siobhán na blianta ag obair leis an gConradh i nGaillimh agus d’éirigh léi neart rudaí éagsúla a bhaint amach le linn na tréimhse sin. Mothóidh muid uainn tú a Shiobháin! 4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig Iarann Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Dáithí Mac Cárthaigh ar gach ball den Chonradh litir den chineál seo a chur chuig polaiteoirí áitiúla Dáithí Mac Carthaigh, Uachtarán an Chonartha, ag bronnadh bronntanais ar Shiobhan Ní Ghaoithín ar an lá deireanach oibre

Upload: conradh-na-gaeilge

Post on 08-Apr-2016

261 views

Category:

Documents


10 download

DESCRIPTION

Lá Oiliúna agus Díospóireacht 4. Ranganna Gaeilge in Oirthear na Gaillimhe Eagrán 4 N a m e Yo u r P l a c e N a m e Yo u r P l a c e Cuir an crosfhocal chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid 5. Folúntais mhí na Samhna: Seonadh Ní Thuama, Cill Mhantáin. SAN EAGRÁN SEO: SAN EAGRÁN SEO: Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir • Ba cheart • Níor cheart 4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig Le meas,

TRANSCRIPT

Page 1: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2006

Eagrán 4 Nuachtlitir Mhíosúil Chonradh na Gaeilge 1 Feabhra 2006

SAN EAGRÁN SEO:SAN EAGRÁN SEO:

1. OÉG AGUS ANGHAEILGE

2. Name Your Place -an dara cló i gclóanois.

3. Dátaí tabhachtachaamach anseo

4. Ranganna Gaeilge inOirthear na Gaillimhe

5. Folúntais

6. Céad ChomhdhailBhliantúil, Na GaeilOga

7. Crosfhocal mhíFeabhra

8. Tuairimí -Eagarfhocal Feastamaidir le polasaí nuaFhine Gael i leith naGaeilge sa chórasoideachais

A chara,

Ba mhaith liom do thacaíocht a fháil chunseirbhísí oideachais 3ú leibhéil a chinntiú dolucht labhartha na Gaeilge in Ollscoil na hÉire-ann, Gaillimh.Faoi láthair, tá oibleagáid ar Ollscoil na hÉire-ann Gaillimh faoi alt 3 de Acht CholáistePhríomhscoile na Gaillimhe 1929 ("an tAcht"),cainteoirí Gaeilge a cheapadh chun postannasa choláiste. In ainneoin gur cur chuige maolgo leor é sin, d'fhág sé go raibh agus go bhfuilcúrsaí acadúla agus seirbhísí riaracháin, bain-istíochta agus tacaíochta ar fáil as Gaeilgeagus as Béarla ar aon i UCG.Chun an aidhm seo a thabhairt i gcrích níoséifeachtaí, mhol Údarás Rialaithe Ollscoil nahÉireann Gaillimh, d'aon ghuth 2 bhliain ó shinan leasú seo a chur in áit alt 3 den Acht ("leasúna hOllscoile"):-"Beidh sé mar phríomhaidhm ag Ollscoil na

hÉireann, Gaillimh, ceannaireacht i solátharoideachas na hOllscoile trí mheán na Gaeilgea chur ar fáil trí sholáthar réimse leathan cúrsaíacadúla i nGaeilge agus trí chultúr cumarsáidedátheangach a chruthú taobh istigh den chórasagus i gcleachtas bainistíochta agus riaracháinna hOllscoile. Dá réir sin, beidh sé de dhualgasag Údarás na hOllscoile agus ag UachtaránOllscoil na hÉireann, Gaillimh, polasaithe,rialacháin, rialacha, soláthair agus cleachtaisar mhaithe leis an aidhm straitéiseach thean-geolaíoch thuasluaite a chur i gcrích, a leaganamach agus a chur i bhfeidhm."Bhí an-díomá agus an-bhuairt orm nuair achonaic mé leasú an Rialtais, áfach:-

"(1) Déanfaidh Údarás rialaithe an Choláistecinnte go mbeidh soláthar oideachais sacholáiste trí mheán na Gaeilge ar cheann dena haidhmeanna d'fheidhmiú agus d'fhorbairtan Choláiste a leagfar amach i ngach pleanstraitéiseach forbartha a ullmhaítear tar éisthosach na míre seo.(2) Cuirfidh an t-údarás rialaithe agusUachtarán an Choláiste a gcuid aidhmeanna igcrích agus úsáidfidh siad a gcuid tionchairmaidir leis an gColáiste le déanamh cinnte gogcuirfear an aidhm luaite i bhfomhír (1) igcrích."Tá difríochtaí suntasacha idir an dá leasú, marshampla:Ní bheidh sé mar phríomhaidhm straitéiseachag an Ollscoil na hÉireann, Gaillimh cean-nasaíocht a thabhairt trí réimse leathan cúrsaíacadúla trí Ghaeilge a sholáthar. Níl an Rialtasach ag moladh go mbeadh sé mar cheann dena haidhmeanna ag an Ollscoil oideachas tríGhaeilge a sholáthar. D'fhéadfadh cúrsaamháin an dualgas sin a chomhlíonadh! Molann an Conradh go gcloífidh an Rialtas le"leasú na hOllscoile". Tá súil agam go mbeidhtú in ann leasú na hOllscoile a mholadh marleasú ar an mBille nuair a thagann an Bille oscomhair na Dála.

Le meas,

Leagan níos cuimsithí: [email protected]

Ollscoil na hOllscoil na hÉÉireann, Gaillimh, agus an Ghaeilgeireann, Gaillimh, agus an Ghaeilge

D’fhoilsigh Club na Sionna de

Chonradh na Gaeilge an dara hea-

grán de Name Your Place faoi

urraíocht Fhoras na Gaeilge. Tá

roinnt athruithe ann agus é tugtha

suas chun dáta. I measc na n-

athruithe tá liosta ainmneacha a

bheadh oiriúnach de shiopaí,

óstáin agus ionaid éagsúla ghnó.

An phríomhchúis ar foilsíodh an

leabhrán ná chun daoine a sprea-

gadh le hainmneacha Gaeilge a

chur ar fhorbairtí tógála, ar ionaid

ghnó nó ar thithe aonair agus úsáid

na logainmneacha Gaeilge a chur

chun cinn ar fud na tíre. Tá an

leabhrán oiriúnach do dhaoine ar

bheagán Gaeilge, chomh maith leis

an bpobal i gcoitinne. Is leabhrán

simplí é agus sé an-fhurasta é a

úsáid agus tá sé dírithe go hiomlán

ar logainmneacha a thagann ón

nGaeilge cé go bhfuil an leagan

Béarla de na háiteanna sin in úsáid

go forleathan.

Is féidir cóipeanna den leabhar seo

a fháil saor in aisce díreach ó

Cheannáras Chonradh na Gaeilge.

Name Your PlaceName Your Place

Maoinithe ag: 1.

Vótaíocht Nua ar ShuíomhVótaíocht Nua ar ShuíomhIdirlín an ChonarthaIdirlín an Chonartha

Ar cheart do TG4 neamh-spleáchas a lorg?

• Ba cheart• Níor cheart

Má tá tuairim agat maidir leisan gceist seo thuas is féidirvóta a chaitheamh ach gab-háil isteach ar ShuíomhIdirlín an Chonartha [email protected]

Trasna1 leanbh beag (7)4 dlí a ritheann parlaimint (4)7 bosca nó seomra fuar chun bia a choinneáil

friseáilte ann (9)9 an t-alt? (2)10 rógaire (7)13 réidh le baint (4)14 siúráilte; dearfa (6)17 saoiste (3)18 díoltóir feola (8)19 páirc nó clós do bheithígh (5)

Síos2 arís (7)3 véarsa d'amhrán (4)4 seasc (6)5 an glór a dhéanann gadhar (6)6 furasta a léamh (7)8 compord; suaimhneas (2)11 áthas; sástacht (5)12 conablach ainmhí (6)15 gáir mhaíte (3)16 uirlis troda (3)

Dearbhán €30 don Siopa Leabhar le buachan. Buaiteoir

mhí na Samhna: Seonadh Ní Thuama, Cill Mhantáin.

Cuir an crosfhocal chuig: An Crosfhocal, 6 Sráid

Fhearchair, Ath Cliath 2.

Tuairimí agus ComhfhreagrasTuairimí agus Comhfhreagras

Crosfhocal Mhí FeabhraCrosfhocal Mhí Feabhra

Feasta - Nollaig 2005 (Eagarfhocal)B'fhurasta neamhaird a dhéanamh de ráiteas Éanna UíChionnaith ag Ard-Fheis Fhine Gael faoi dheireadh a chur le riach-tanas na Gaeilge le haghaidh na hArdteistiméireachta. Ach is bao-lach nach féidir é sin a dhéanamh. Ní hé seo an chéad uair a rinnesé a leithéid de ráiteas. Caithfidh go bhfuil sé i ndáiríre faoi. Bíodhgo ndeireann sé go dteastaíonn uaidh tús a chur le díospóireachtfaoin gceist tá a dhearcadh féin soiléir. Tá gach cosúlacht ann gobhfuil móramh sa pháirtí a d'aontódh leis sa dearcadh sin, bíodhgur cinnte go bhfuil roinnt daoine ann, agus Teachtaí Dála inameasc, nach mbeadh ar aon fhocal leo.Tá stair áirithe ag Fine Gael faoin gceist seo, ag dul siar go dtíseachtóidí an chéid seo caite nuair a cuireadh deireadh leis anriachtanas a bhí le Gaeilge chun dul isteach sa státseirbhís.Dúradh an rud céanna ag an am atá á rá anois: go gcabhródh ancinneadh sin ar bhealach éigin rúndiamhrach le staid na Gaeilgesa tseirbhís. B'fhollasach don té ba dhaille ná raibh sé sin fíor. Bhísé soiléir freisin gur maith a thuig an dream a rinne an cinneadhná raibh sé fíor. Ba dhrochbhuille ar fad a bhí sa chinneadh sindon teanga. Ba mhó fós de bhuille é dá nglacfaí leis an moladh isdéanaí seo ó cheannaire Fhine Gael.Ach céard is cóir a dhéanamh faoin moladh seo? Céard is cóir doChonradh na Gaeilge agus eagrais eile teanga a dhéanamh faoi?Is maith go bhfuil moltaí fiúntacha déanta cheana féin agUachtarán an Chonartha in altanna agus litreacha sna nuachtáin.Arís is baolach go gcaithfimid filleadh ar sheanphort a bhí go miniccheana againn ar an iris seo. Is den riachtanas é go mbeadhteagmháil ag an gConradh ag an leibhéal is airde leis an aicmepolaitíochta le baill an rialtais ar an gcéad dul síos, ach le cean-nairí na bpáirtithe polaitíochta uile.

Léiríonn an eachtra is déanaí seo, arís eile, an riachtanas atá annan fhaillí atá déanta sa ghné thábhachtach seo d'obair anChonartha a leigheas. Is eagraíocht náisiúnta í an Conradh. Ní gáa tábhacht i stair ná i saol na tíre seo a athinsint. Is cuid dár n-oidhreacht náisiúnta í an Ghaeilge. Féach a hionad inár mbun-reacht. Níor déanamh ach lagiarracht sna seachtóidí chun cur inaghaidh an chinneadh faoin nGaeilge sa státseirbhís. Níor chóirgo dtarlódh sé sin arís.Is é Fine Gael an dara páirtí polaitíochta is mó sa tír.D'fhéadfadh go mbeadh príomhionad acu i pé rialtas a bheidhagainn tar éis an chéad olltoghchán eile. Níl sé ceart go ligfído cheannaire an pháirtí a bheith ag déanamh ráitisíleibideacha, cosúil leis an gceann faoi Riverdance agus rincíGaelacha, agus ag comhairliú cur chuige úrnua a dhéanfadhleas na Gaeilge ar bhealach éigin míorúilteach. Is ceist tháb-hachtach náisiúnta atá anseo. Ba chóir a iarraidh ar Éanna ÓCionnaith bualadh le toscaireacht ón gConradh chun anráiteas seo a phlé.

Lá Oiliúna agus DíospóireachtD’éirigh go hiontach leis an díospóireacht agus an lá oiliúna a

d’eagraigh an Conradh. Tá gach eolas le fáil faoi dá ócáid sin ar

www.cnag.ie. Ba mhaith le foireann an Chonartha gach rath a

ghuí ar Shiobhán Ní Ghaoithín don todhchaí. Chaith Siobhán na

blianta ag obair leis an gConradh i nGaillimh agus d’éirigh léi

neart rudaí éagsúla a bhaint amach le linn na tréimhse sin.

Mothóidh muid uainn tú a Shiobháin!

4. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Iarann Uachtarán Chonradh na Gaeilge, DáithíMac Cárthaigh ar gach ball den Chonradh litirden chineál seo a chur chuig polaiteoirí áitiúla

Dáithí Mac Carthaigh, Uachtarán an Chonartha, ag bronnadhbronntanais ar Shiobhan Ní Ghaoithín ar an lá deireanach oibre

Page 2: Nuachtlitir | Conradh na Gaeilge | Feabhra 2006

"Ní neart go cur le chéile: An Óige agus an Ghaeilge" teidealna Comhdhála Óige a d'eagraigh Na Gaeil Óga oíche DéLuain, 23 Eanáir i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.Mar chuid de liosta iontach d'aoichainteoirí bhí Pádraig ÓCeithearnaigh, Stiúrthóir Gníomhach Chomhdháil Náisiúnta naGaeilge, Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge,Ariel Killick, Cathaoirleach iMeasc (inimircigh le Gaeilge),Rossa Ó Snódaigh ball den bhanna ceoil Kíla agus Ciarán MacFhearghusa, Cathaoirleach, Na Gaeil Óga.Leagadh síos mar aidhm na comhdhála daoine óga a sprea-gadh chun na Gaeilge trína gcearta i leith na teanga, ról naGaeilge sa chóras oideachais, agus tábhacht na n-inimirceachi gcur chun cinn na teanga a chur in iúl dóibh. Bhí an-rath ar anoíche le daltaí ó ar a laghad ceithre scoil lán-ghaelacha, ion-adaithe agus baill ó na príomh-ógeagraíochtaí, cumainnghaelacha, baill Na Gaeil Óga, roinnt múinteoirí agus léachtóiríGaeilge agus oibrithe ó eagrais Ghaeilge éagsúla ag freastalar an oíche. Dhírigh Ciarán Mac Fhearghusa, Cathaoirleach Na Gaeil Óga,agus príomhchainteoir na hoíche ar an suíomh ina bhfuilsochaí na hÉireann anois, na cúinsí polaitiúla agus sóisialtaina bhfeicimid muid féin agus an borradh atá tagtha ar imeach-taí sóisialta agus ar fheachtais Ghaeilge le blianta beagaanuas. Mhínigh sé an tábhacht le líonra fairsing agus éifeach-tach a chothú idir na daoine agus na heagrais go léir atá agoibriú go háitiúil chun an Ghaeilge a chur chun cinn ach goháirithe i measc daoine óga. Dar le Mac Fhearghusa, " Tá an Ghaeilge ag éirí níosgnéasúla, spéisiúla agus spraíúla toisc an borradh atá agteacht ar shaol sóisialta phobal na Gaeilge. Is gá tógáil air sintrí dhaoine óga a chur ar an eolas mar gheall ar a gcearta tean-ga agus ar an óg-ghluaiseacht Ghaeilge, chun todhchaí nateanga a shlánú i measc na chéad ghlúine eile."Labhair Pádraig Ó Ceithearnaigh, Cathaoirleach ChomhdháilNáisiúnta na Gaeilge, ar na deiseanna atá ann do Ghaeilgeoiríóga i nDeisceart na hÉireann le cur i bhfeidhm Acht nadTeangacha Óifigiúla 2003 agus ar an tábhacht atá le hAchtGhaeilge i dTuaisceart na tíre.Thug Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge,anailís ar shuíomh na Gaeilge sa lá atá inniu, ag déanamhtagairte de na buanna atá bainte amach ag pobal na Gaeilge

le déanaí, m.sh. STÁDAS agus an tAcht Teanga agus na dush-láin atá romhainn amach anseo ach go háirithe slánú anGhaeilge sna córais oideachais trí chur i bhfeidhm polasaíoideachais Chonradh na Gaeilge, 1+1+1. Is ag déanamhtagairte do ról Na Gaeil Óga i ngluaiseacht na Gaeilge a bhí sénuair a dúirt sé go bhfeiceann sé Na Gaeil Óga mar "Duracellna Gaeilge".Labhair Ariel Killick, ó iMeasc faoin tábhacht le hinirmicigh amhealladh chun na Gaeilge agus le páirt lárnach a ghlacadh igcultúr na hÉireann agus na dúshláin agus na deiseanna athagann uaidh sin do phobal na Gaeilge. Thug Rossa ÓSnódaigh cúpla focal dúinn ar a thaithí féin ag déileáil le lámhaan Stáit trí Ghaeilge agus chríochnaigh sé giota beag ceoil abhí ina bhriseadh deas leath bhealaigh fríd an Chomhdháil.Mar fhocal scoir bunaíodh cumainn úra de Na Gaeil Óga inGaillimh agus i gCorcaigh le déanaí agus beidh cumainn úraá mbunú i mBéal Feirste (6 Feabhra), i gCúil Raithin (23Feabhra), i nDoire (24 Feabhra) agus i Leitir Ceanainn (7Márta).Is féidir teacht ar a thuilleadh eolais faoi Na Gaeil Óga ó 085739 5580 nó ó [email protected].

Dátaí TábhachtaDátaí Tábhachtaamach anseoamach anseo

Gach Oíche Aoine, Craobh Mhaigh Cuilinn, Club Oige dopháistí idir 10 mbliana agus 14 bliana

18/02/06 Ceardlann Scríbhneoireachta, Arus na nGael.Tuilleadh Eolais: [email protected]/091 567824

27/02/06 Seoladh Oifigiúil Sheachtain na Gaeilge - TuilleadhEolais: [email protected]

01/03/06 Seoladh dlúthdhiosca Sheachtain na Gaeilge - Ceol‘06 Tuilleadh Eolais: [email protected]

01/03/06 Forlíonadh Sheachtain na Gaeilge san Irish Daily Star03/03/06 Cruinniú Oscailte ‘Ag tógail clainne le Gaeilge’,Maigh Cuilinn Tuilleadh Eolais 091 868745

13/03/06 Dráma ó Club Oige Mhaigh Cuilinn, Halla anPhobail, Maigh Cuilinn, Co. Na Gaillimhe 7.30.

25/06/06 An Ard-Chraobh, Turas Lae Bliantúil chuig Cilldaluaagus Loch Derg Tuilleadh Eolais: Ard-Oifig

Céad Chomhdhail Bhliantúil, Na Gaeil OgaCéad Chomhdhail Bhliantúil, Na Gaeil Oga

Thosaigh Ranganna Amhránaíochta ar an Sean-Nós doghasúir in Árus na nGael, 45 Sráid Doiminic i mí Meán Fómhairanuraidh faoi stiúir Nan Tom Teaimín. D'eirigh thar cinn leoagus am Nollag cuireadh ceolchoirm beag ar bun inAmharclann na Cathrach, Gaillimh ina raibh na páistí iad féinag casadh agus fuair siad an-mholadh. Beidh na ranganna arsiúl arís i mbliana agus iad ag tosú ar an 18ú Eanáir agusbeidh fáilte roimh pháistí nua. Tá na ranganna seo á reáchtáil ag Conradh na Gaeilge igcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoin scéim'Infheistíocht Chultúir', ina dtugtar deis do pháistí a gcuidGaeilge a fheabhsú tré smacht a fháil ar cheann de na h-ealaíona traidisiúnta Gaeilge.Faoin tionscnamh úr seo cuireadh dhá rang amhránaíochta aran sean-nós do pháistí ar siúl in Árus na nGael, 45 Sráid

Doiminic, Gaillimhe, ceann ag 6.00i.n.-6.45i.n. agus ceann ag6.45i.n.-7.30i.n. gach Céadaoin ag tosú ar an 18ú EanáirTá na ranganna sean-nóis faoi stiúir Neain Tom Teaimín abhfuil taithí leathan aici bheith ag múineadh amhránaíochta dodhaoine óga. Níl ach costas 35 euro i gceist do 10 seachtaineagus beidh lascainí ar fáil má tá beirt nó triúr as teaghlachamháin ag iarraidh freastal. Ní mór bheith i láthair ag 6.00i.n.ar an gcéad oíche le haghaidh clárú.

Ní mór glaoch ar Conradh na Gaeilge ag 091 567824 chun áita chur in áireamh ar an tionscnamh seo agus is féidir tuilleadheolais a fháil frieisn ach glaoch ar Bhreandán O hEaghra,Oifigeach Forbartha Gaeilge, Comhairle Cathrach naGaillimhe ag 091 536829 nó ríomhphost a chur ag [email protected]

Ranganna Amhránaíochta ar anRanganna Amhránaíochta ar an Sean-Nós doSean-Nós do ghasúirghasúir

agag tosú arístosú arís inin ÁrusÁrus na nGaelna nGael

Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig 3.2. Má tá spéis ag do chraobh ábhar a chur ar fáil don nuachtlitir seo déan teagmháil linn san Ard-Oifig

Beidh sraitheanna éagsúla ranganna Gaeilge d'fhoghlaimeoirí

agus d'fheabhsóirí in Oirthear na Gaillimhe ag tosú ag tús mhí

Feabhra. Is iad seo a leanas na ranganna éagsúla a bheidh ar

fáil:

• Béal Átha na Slua

Cá hUair: Dé Céadaoin, 8 Feabhra, 8.00 - 9.30

Ionád: Scoil Uí Cheithearnaigh

• Baile Locha Riach

Cá hUair: Déardaoin, 2 Feabhra, 8.00 - 9.30

Ionad: Gaelscoil Riabhach

• Gort Inse Guaire

Cá hUair: Dé Luain, 6 Feabhra, 5.00 - 6.30

Ionad: Pobalscoil

Ranganna do Dhaoine ÓgaCá hUair: Dé Luain, 6 Feabhra, 4.00 - 5.00

Ionad: Ionad PobailCúrsaí ocht seachtaine a bheidh i gceist leis na ran-ganna seo agus beidh táil le €70 ar gach rang. Tá sé i

gceist ag lucht eagraithe na ranganna seo cúrsaíArdteiste a chur ar fáil amach anseo, freisin. Lehaghaidh tuil leadh eolais déan teagmháil le PaddyRua ag 091 870718 nó ar an r íomhphost [email protected]

Rang Gaeilge do Dhaoine Óga i mBaile Locha Riach

[Scála €21,121 - €33,436]Beidh an tOifigeach Cléireachais agus Riaracháin frea-grach as riarachán na Seachtaine agus as tacaíocht athabhairt do na grúpaí a bheidh ag eagrú imeachtaí lelinn na seachtaine. Tabharfaidh sé/sí cabhair do bhain-isteoir Sheachtain na Gaeilge le plean na Seachtaine aréiteach agus a fhorbairt. Beidh an tOifigeachCléireachais freagrach ó lá go lá do BhainisteoirSheachtain na Gaeilge.

Freagrachtaí:• Tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do ghrúpaíáitiúla• Pacáistí eolais agus tacaíochta a réiteach agus a she-oladh• Orduithe d'ábhar na Seachtaine a ghlacadh ó na grú-paí áitiúla, na scoileanna agus ó na hógeagrais agusiad a chur amach chucu• Ábhair d'fhoilseacháin na Seachtaine a bhailiú• Níos mó eagras a mhealladh le himeachtaí a eagrú lelinn Sheachtain na Gaeilge• Tacaíocht a chur ar fáil do na scoileanna agus nahógeagrais a bhíonn páirteach sa tseachtain

Riachtanais:• Cáilíocht tríú leibhéal atá in oiriúint don phost• Scileanna ríomhaireachta• Bheith in ann cumarsáid mhaith a dhéanamh le daoine• Bheith ar an eolais faoi shaol na Gaeilge• Caighdeán maith Gaeilge idir scríofa agus labharthaIarrtar ort iarratas, maraon le CV a chuir chuig AnBainisteoir, Seachtain na Gaeilge Teo., 6 SráidFhearchair, Baile Átha Cliath 2, tráth níos déanaí ná5.00 i.n. Dé hAoine 31 Márta 2006.Fón: 014757401 R-phost: [email protected]

Mar eo las dao ibh ar fad be idh an Ba i l iúchán

Náis iúnta ar s iú l a r 16 , 17 , 18 Már ta .

Tá sú i l aga inn go mbeidh gach craobh den

Chonradh in ann dul amach agus bai l iúchán maith a

dhéanamh ar son Chis te na Teanga.

Tá deacrachtaí áir i the againn i mbl iana, go mór mór

sa gcathair anseo, mar gheal l go dt i teann laethanta

an bha i l iúchá in ar an de i readh seachta ine.

Tá go leor ceantar nach mbeidh in ann an bai l -

iúchán a dhéanamh ar an Satharn 18 Márta mar

nach bhfu i l cead fa ighte aga inn ón nGarda

S í o c h á n a .

Tá sé f íor thábhachtach go bhfe ic tear bai l l an

Chonar tha ag ba i l iú ar á r son.

Tá súi l againn go mbeidh slua daoine óga ó na

Gael-Choláist í in ann cabhrú l inn i mbl iana. Seolfar

Oifigeach Cléireachais agus Riaracháin (Post nua)Oifigeach Cléireachais agus Riaracháin (Post nua)

Bailiúchán NáisiúntaBailiúchán Náisiúnta

Ranganna Gaeilge in Oirthear na GaillimheRanganna Gaeilge in Oirthear na Gaillimhe