news 61 glórcheatharlach cuardaighglórcheatharlacharfacebook! bealtaine.pdf · thenationalist...

Post on 09-Aug-2020

6 Views

Category:

Documents

0 Downloads

Preview:

Click to see full reader

TRANSCRIPT

THE NATIONALIST | 19 May 2015 NEWS 61Gach eolas ar imeachtaí Gaeilge ó:Glór Cheatharlach, Sráid an Choláiste, Ceatharlach(059) 9158105 / (085) 1340047eolas@glorcheatharlach.ie www.glorcheatharlach.ieCuardaigh Glór Cheatharlach ar Facebook!Glór Cheatharlach

Scoil Surfála as GaeilgeTá an Freedom Scoil Surfála i bPort Láirge faoilán seoil. Cuireann an scoil i dTrá Mhór ceachtan-na surfála, tonnmharcaíocht cholainne, siúlóidí ea-claíochta agus tuilleadh ar fáil. Bíonn an t-ionadgníomhaíochtaí faoin aer ar oscailt i gcatheamhna bliana. Is féidir leath-lá nó lá iomlán imeachtaía chur in áirithe sa Scoil Surfála agus bíonn an-éileamh ach go háirithe ó scoileanna, coláistí agusclubanna fud fad na tíre. Bíonn deis ag daoine fa-nacht thar oíche agus cuirtear cúrsaí teastais surfá-la ar fáil chomh maith.Ag freastal ar éileamh, thosaigh an Scoil Surfála

ag cur cúrsaí dátheangach ar fáil agus ag úsáidna Gaeilge mar chuid den ghnó. Is í an chéad scoilsurfála dhátheangach sa tír í agus dar le lucht bain-istíochta an ionaid baineann daltaí agus rann-pháirtithe sult as an nGaeilge a úsáid ar bhealachpraiticiúil. Tá tuilleadh eolais faoi na cúrsaí agusáiseanna atá ag Freedom Scoil Surfála ar fáil arwww.freedomsurfschool.com nó is féidir glaoch ar051 386773.Gluais: Glossary:surfáil surfingtonnmharcaíocht wave boardinggníomhaíocht activityteastas certificatedátheangach bilingualionad centrepraiticiúil practicaláiseanna facilities

CártaíComhráTá Cártaí Comhrá trí Ghaeilge curtha ar fáil ag angcomhlacht Clever Mind Toys. Tagann siad i mbos-ca cosúil le cártaí imeartha agus tá caoga cárta sabhosca. Tá ceisteanna difriúla ar gach cárta agusis é an aidhm atá leo ná comhrá Gaeilge a thosnúidir na himreoirí. Tá dhá leibhéal ar fáil, seit oráistedo ghlantosaitheoirí agus seit gorm do dhaoine arbheagán Gaeilge.Oireann na cártaí do dhaoine ag gach aon aois

agus is féidir iad a cheannach ón suíomh idirlínwww.clevermindtoys.com. Tá an comhlacht dírithear chluichí oideachasúla a chabhraíonn le forbairtintinne, le comhordú lámh is súl agus le scileannaréiteach fadhbanna. Is é seo an chéad chluicheas Gaeilge foilsithe ag an gcomhlacht ach táidag obair cheana féin ar chluiche eile a bheidhoiriúnach don rang chorpoideachais i scoileanna.Táthar ag súil go mbeidh na cluichí in úsáid iscoileanna, ag ranganna Gaeilge agus ar fáil lehúsáid in leabharlannaí saor in aisce.Gluais: Glossary:comhlacht companycartaí imeartha playing cardscaoga fiftycomhrá conversationoideachasúil educationalcluichí gamescomhordú coordination

Campaí Samhraidhdo pháistíTá Glór Cheatharlach ag eagrú Cam-paí Samhraidh trí Ghaeilge do pháistíi Mí Iúil agus tá na sonraí uile fógar-tha. Beidh Campa na nÓg oiriúnachdo bhuachaillí agus do chailíní idircheithre agus sé bliana d’aois aguslonnaithe i seomra an Naíonra in Ion-ad Snámha Ghráig Chuilinn ó 14ú go17ú Iúil. Seisiúin na maidine a bheidhann ó 10.00r.n. go 1.00i.n. CuireannCampa na nÓg an-bhéim ar spórtagus spraoi trí mheán na Gaeilge.Cuirfidh an stiúrthóir agus na cean-nairí clár lán de ghníomhaíochtaí sui-miúla ar fáil do na páistí óga ó Lu-an go hAoine ar feadh seachtaine.Beidh idir ealaín agus obair láim-he, scéalaíocht agus amhránaíocht,cluichí agus imeachtaí spóirt sanáireamh chomh maith le siúlóidí. Maris gnáthach bainfear an-taitneamh godeo as na luascáin agus fearas spraoii bPáirc an Bhaile agus eagrófar tu-ras chuig áit speisialta chomh maithchun chlabhsúr a chur leis an gcam-pa. Níl ach áiteanna do sheisear déagi gCampa na nÓg agus mar sin nífoláir spás a chur in áirithe gan mhoill.Clúdaíonn an táille €40 costais uilena seachtaine.Is i nGaelscoil Eoghain Uí Thuairisc

a bheidh an Campa Samhraidhdo dhaltaí níos sine atá seacht godeich mbliana d’aois. Beidh ancampa seo ar siúl ó 10.00r.n. go2.00i.n. i rith na seachtaine céanna,14-18 Iúil. Is campa ilghnéitheaché an campa samhraidh agus isgné an-tarraingteach é seo mar

baineann na páistí taitneamh aséagsúlacht na n-imeachtaí a bhíonnar chlár na seachtaine. I measc nangníomhaíochtaí i mbliana beidhcluichí agus spórt, corpoideachasagus céilithe, obair láimhe agusealaín chomh maith le cúpla turas.Rachaidh an grúpa go Cill Chainnighle haghaidh seisiún snámha saWatershed chomh maith le picnicagus spraoi i bPáirc an Chaisleáin. Nífoláir do na páistí a bheith béasach,deamhúinte agus rannpháirteach insna himeachtaí uile chun taitneamhagus tairbhe a bhaint as antseachtain. Beidh áiteanna do caogadalta agus is €40 an táille.Tá clárú ar oscailt anois do

Champa na nÓg agus don ChampaSamhraidh. Le huimhreacha teorantaáfach ní foláir áit a chur in áirithegan mhoill. Tá gach eolas agusfoirmeacha iarratais ar fáil ó GhlórCheatharlach ach glaoch ar 0599158105 nó 087 2857048 nó is féidirríomhphost a sheoladh chuig eolas@glorcheatharlach.ie

Gluais: Glossary:ag eagrú organisingoiriúnach suitablelonnaithe basedceannairí leadersluascáin swingsilghnéitheach diversetarraingteach attractiveéagsúlacht varietytáille feeuimhreacha numbers

Scoil Surfála

Picnic sa Pháirc ag Campa na nÓg anuraidh D’fhreastail slua mór ar an gCampa Samhraidh anuraidh

top related