accs in-service 2007/2008 – booking form · web viewmá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil,...

27
NÓS IMEACHTA d’IARRATAIS Tagairt/Ref: GR21-DP2 Sula gcomhlánaíonn tú an fhoirm iarratais seo, léigh an méid seo a leanas go cúramach: Ní mór an Fhoirm Iarratais seo a chlóscríobh. Ní ghlacfar le foirmeacha a chomhlántar de láimh. Ní mór gach ceist a fhreagairt. Ná hathraigh uimhreacha ná ord na gceisteanna. Is féidir boscaí a mhéadú de réir mar a theastaíonn sé – ach ná gabh thar an líon focal atá leagtha síos. Déanfar d’iarratas a mheas i bhfianaise na faisnéise a chuireann tú ar an bhfoirm iarratais oifigiúil. Cinntigh go gcomhlánaíonn tú gach rannán go hiomlán agus go cruinn, agus go dtugann tú fianaise shoiléir maidir le cáilíochtaí, scileanna agus taithí. Níor cheart aon litir iarratais, CV ná teistiméireacht scríofa a bheith istigh leis an bhfoirm seo. NUAIR ATÁ AN FHOIRM IARRATAIS COMHLÁNAITHE AGAT, LEAN NA TREORACHA RIACHTANACHA SEO: 1. Le do thoil, cinntigh go mbíonn rochtain agat ar https://portal.gretb.ie:8443/Forms/Apply . Is ceart an tairseach seo a thástáil roimh ré agus ní fágtar é go dtí an nóiméad deiridh. Tabhair faoi d’aire go gcuireann roinnt cuideachtaí bac le rochtain ar thairsí. Má bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas go huathoibríoch ach a mbeidh an sprioc-am le hiarratais a bheith faighte dulta i léig. Ní ghlacfar le haon iarratas nach mbíonn istigh faoin sprioc-am sin. Is ceart duit, dá Page 1

Upload: others

Post on 03-Aug-2021

3 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

NÓS IMEACHTA d’IARRATAIS Tagairt/Ref: GR21-DP2

Sula gcomhlánaíonn tú an fhoirm iarratais seo, léigh an méid seo a leanas go cúramach:

Ní mór an Fhoirm Iarratais seo a chlóscríobh. Ní ghlacfar le foirmeacha a chomhlántar de láimh.

Ní mór gach ceist a fhreagairt.

Ná hathraigh uimhreacha ná ord na gceisteanna.

Is féidir boscaí a mhéadú de réir mar a theastaíonn sé – ach ná gabh thar an líon focal atá leagtha síos.

Déanfar d’iarratas a mheas i bhfianaise na faisnéise a chuireann tú ar an bhfoirm iarratais oifigiúil.

Cinntigh go gcomhlánaíonn tú gach rannán go hiomlán agus go cruinn, agus go dtugann tú fianaise

shoiléir maidir le cáilíochtaí, scileanna agus taithí.

Níor cheart aon litir iarratais, CV ná teistiméireacht scríofa a bheith istigh leis an bhfoirm seo.

NUAIR ATÁ AN FHOIRM IARRATAIS COMHLÁNAITHE AGAT, LEAN NA TREORACHA RIACHTANACHA SEO:

1. Le do thoil, cinntigh go mbíonn rochtain agat ar https://portal.gretb.ie:8443/Forms/Apply. Is ceart an tairseach seo a thástáil roimh ré agus ní fágtar é go dtí an nóiméad deiridh. Tabhair faoi d’aire go gcuireann roinnt cuideachtaí bac le rochtain ar thairsí. Má bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach.

2. Dúnfaidh an córas go huathoibríoch ach a mbeidh an sprioc-am le hiarratais a bheith faighte dulta i léig. Ní ghlacfar le haon iarratas nach mbíonn istigh faoin sprioc-am sin. Is ceart duit, dá bhrí sin, am dóthanach a cheadú chun d’fhoirm iarratais agus do dhoiciméadacht tacaíochta a uaslódáil in am.

3. Le do thoil, tabhair faoi d’aird go mbeidh ort na doiciméid seo a leanas a uaslódáil, agus is ceart duit mar sin a chinntiú go mbíonn leagan leictreonach ar fail agat:

a. Deimhniú de Ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána

b. Deimhniú do Chlárúchán na Comhairle Múinteoireachta (le sonraí na n-ábhar cláraithe)

4. Is gá forimeacha iarratais, móide doiciméid tacaíochta, a chur isteach i bhformáid Microsoft Word nó I bhFormáid Doiciméad Iniompartha Adobe [PDF].

5. Gheobhaidh tú admháil uathoibrithe ach a mbeidh d’iarratas curtha isteach go rathúil. Mura bhfaigheann tú an admháil seo Laistigh de 24 uair an chloig, dean teagmháil le [email protected]

Tá tuilleadh eolais faoin BHOOG&RC, lena n-áirítear sonraí faoinár scoileanna, ionaid

oideachais agus cláir, ar fáil ar ár suíomh gréasáin www.gretb.ie

AN DÁTA DEIRIDH LE hAGHAIDH FOIRMEACHA IARRATAIS COMHLÁNAITHE:

12.00 i.n. DÉ MÁIRT 3Ú LÚNASA, 2021

Page 1

Page 2: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

Ní ghlacfar le hiarratais atá deireanach. Dícháileofar an té a dhéanann canbhasáil.

Is fostóir comhdheiseanna Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin.

Tá Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin cláraithe mar Rialaitheoir Sonraí.

Page 2

Page 3: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

FOIRM IARRATAIS Tagairt/Ref: GR21-DP2

AG LÍONADH FOIRM IARRATAIS AR BHONN INNIÚLACHTA

Éilíonn Foirm Iarratais ar Bhonn Inniúlachta go gcuirfeása, an t-iarrthóir, síos ar roinnt éachtaí pearsanta atá déanta agat go nuige seo a léiríonn inniúlachtaí áirithe (scileanna agus tréithe

riachtanacha) atá de dhíth don phost a bhfuil tú ag cur isteach air (.i. Ceannaire Teagaisc agus Foghlama, Ceannaire ar Fhorbairt Scoileanna, Scileanna Cumarsáide srl.) Caithfear freagra a

thabhairt ar gach ceist.

Tugtar sainmhíniú ar scil nó tréith do gach inniúlacht. Iarrtar ort ansin cur síos a dhéanamh ar chás, ó do thaithí féin, a gceapann tú arb é an sampla is fearr é den rud atá déanta AGATSA a léiríonn an scil nó an tréith seo. Tá sé riachtanach go gcuirfeá síos ar an gcaoi ar léirigh tusa an scil nó an tréith atá i gceist.

Moltar duit scríobh ar bhealach a thugann eolas sainiúil ar a bhfuil déanta agat – mar shampla, ná scríobh díreach ‘d’éirigh le X’. Déan cur síos beacht ar a ndearna tú agus ar an gcaoi ar léirigh tú an scil nó an tréith atá i gceist.

Cuir san áireamh iad seo a leanas maidir le gach sampla:

(a) nádúr an taisc, na faidhbe nó an chuspóra;

(b) a ndearna tú go díreach agus an chaoi ar léirigh tú an scil nó an tréith (agus nuair is cuí, an dáta ar léirigh tú an scil nó an tréith sin);

(c) toradh an cháis agus do mheastachán maidir leis an méid den chreidiúint atá ag dul duit as an toradh.

Ná húsáid an sampla céanna, le do thoil, chun freagra a thabhairt i gcás níos mó ná dhá scil.

Tabhair faoi deara, le do thoil, má ghlaotar chun agallaimh tú, go bhféadfadh an bord samplaí breise a iarraidh ort inar léirigh tú na scileanna atá de dhíth don phost seo, agus dá réir sin, gur cheart duit smaoineamh ar riar samplaí inar léirigh tú gach ceann de na scileanna.

Ní mór an Fhoirm Iarratais a CHLÓSCRÍOBH. Ní ghlacfar le foirmeacha lámhscríofa.

Ní mór gach ceist a fhreagairtNá hathraigh uimhreacha ná ord na gceisteanna.D’fhéadfaí na boscaí a mhéadú mar is gá – ach ná gabh thar an uaslíon focal.

Níor cheart aon litir iarratais, CV ná teistiméireacht scríofa a bheith istigh leis an bhfoirm seo. Déan an litir chlúdaigh seo a dhícheangal le do thoil agus an Fhoirm Iarratais a cúr isteach

Page 3

Page 4: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

IARRATAS AR AN BPOST MAR PHRÍOMHOIDE TÁNAISTEACH

COLÁISTE GHOBNAIT

INIS OÍRR, OILEÁIN ÁRANN

CO. NA GAILLIMHE

1. SONRAÍ PEARSANTA

Céadainm: Sloinne:

           

Seoladh Baile: Seoladh do Chomhfhreagras: (mura bhfuil siad mar a chéile)

           

Uimhir Theileafóin (Baile): Uimhir Fóin Póca:

           

Seoladh Ríomhphoist:

     

D’úsáid an fhostóra amháin: Tá NílIarratas faighte roimh an dáta deiridh

Cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta

Cáilíocht(aí) Iar-Mhúinteoireachta de réir Threoirlínte na Roinne Oideachais agus Scileanna:Ar a laghad 5 bliana de sheirbhís mhúinteoireachta lán-ama shásúil nó a cóibhéis

Page 4

Page 5: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

An bhfuil srian ort maidir le fostaíocht? Tá Níl

(más rud é go bhfuil, tabhair sonraí ar bhileog eile)

An bhfuil Cead Oibre de dhíth ort? Tá Níl

An bhfuil ar a laghad 5 bliana de sheirbhís mhúinteoireachta lán-ama shásúil nó a cóibhéis agat? Tá Níl (ETB: CL 06/02*)An bhfuil tú cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta? Tá Níl

Má tá, tabhair Uimhir Chláraithe na Comhairle Múinteoireachta:      

MURA bhfuil, an bhfuil tú incháilithe le haghaidh do chláraithe agus toilteanach clárú?      

Tabhair faoi deara go n-íocfaidh an Roinn Oideachais agus Oiliúna nó an Bord Oideachais agus Oiliúna an t-iarrthóir rathúil agus nach mór dó nó di coinníollacha na Roinne Oideachais agus Scileanna a chomhlíonadh, a n-áirítear leo a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta.

Gaeilge:

Eolas/Leibhéal Gaeilge: Go maith: _______ Réasúnta: _______ Lag: _______

Tabhair faoi deara le do thoil: go gciallaíonn “go maith” a bheith inniúil ar dhualgais uile an phoist i dtrácht a chomhlíonadh trí mheán na Gaeilge.

2. POST REATHA

Tabhair sonraí faoi do phost reatha:

Eagraíocht: Suíomh: Teideal an Phoist:

Cé mhéad d’fhógra atá ag teastáil ó d’fhostóir reatha?

3. CÁILÍOCHTAÍ

3.1 Bunchéimeanna/Dioplómaí::

Ollscoil/Institiúid/Coláiste:      

Cáilíocht (Pas/Onóracha):       Comhlacht Bronnta:      

Page 5

Page 6: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

Bliain Iontrála:       Bliain na Cáilíochta:      

Na hÁbhair a ndearna tú staidéar orthu:

           

           

3.2 Iarchéimeanna/Dioplómaí:Ollscoil/Institiúid/Coláiste:      

Cáilíocht (Pas/Onóracha):       Comhlacht Bronnta:      

Bliain Iontrála:       Bliain na Cáilíochta:      

Na hÁbhair a ndearna tú staidéar orthu:

           

           

Ollscoil/Institiúid/Coláiste:      

Cáilíocht (Pas/Onóracha):       Comhlacht Bronnta:      

Bliain Iontrála:       Bliain na Cáilíochta:      

Na hÁbhair a ndearna tú staidéar orthu:

           

           

a. Oiliúint Scileanna/Cúrsaí atá ábhartha don Phost seo:Bliain Teideal na hOiliúna Scileanna Comhlacht Oiliúna

                 

                 

                 

                 

                 

Page 6

Page 7: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

4. BAINISTÍOCHT PHROIFISIÚNTA/FORBAIRT CHEANNAIREACHTA

4.1 Bainistíocht Phroifisiúnta/Forbairt Cheannaireachta:Tabhair sonraí faoi aon chúrsa bainistíochta/ceannaireachta nár luaigh tú i Rannán 4. Cuir isteach dátaí agus fad na hoiliúna ábhartha chomh maith le cáilíochtaí eile. Tosaigh leis an gceann is déanaí agus téigh siar ón gceann sin.

Ainm an Chúrsa Ainm na hEagraíochta / na hInstitiúide a reáchtáil an cúrsa

Fad an Chúrsa Bliain

                       

                       

                       

                       

                       

                       

                       

4.2 Céard iad na scileanna agus an t-eolas atá forbartha agat mar thoradh ar na cúrsaí sin atá ábhartha don phost seo?

     

5. MÚINTEOIREACHT AGUS TAITHÍ ÁBHARTHA EILE

5.1 Tabhair sonraí faoi do stair oibre le do thoil. Tosaigh leis an bpost is déanaí:

Dátaí(Ó/Go

dtí)

Ainm & Seoladh an Fhostóra

Teideal an Phoist &

Lánaimseartha nó

Páirtaimseartha

Achoimre ar na Príomhdhualgais

Ná cúiseanna ar fhág tú

                                                                                       

Page 7

Page 8: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

5.2 Po(i)st Freagrachta nó a gcóibhéis ag tosú leis an gceann is deireanaí.Dátaí Ó/Go dtí

Post(Tabhair le fios leibhéal an Phoist – e.g. AP, SD and Teideal an Phoist)

Scoil nó institiúid eile Freagrachtaí

                                                                     

5.3 Taithí ábhartha eile (ie Sóisialta/Gnó) ag tosú leis an gceann is déanaí.

Dátaí(Ó/Go dtí) Post Scoil nó Institiúid eile Freagrachtaí

                                                                     

5.4 Déan cur síos gearr ar an trí rud is mó a bhain tú amach maidir leis na freagrachtaí thuasluaite:     

5.5 Tabhair sonraí agus dátaí faoi aon ghníomhaíocht sheachchuraclaim a bhfuil nó a raibh baint agat leo (tosaigh leis an gceann is déanaí):     

5.6 Céard iad na gnéithe de do thaithí le gairid, a bhfuil cur síos tugtha agat orthu thuas, a d’ullmhaigh tú don ról mar Leas-Phríomhoide?     

Page 8

Page 9: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

6. RÓL AGUS FEIDHM AN LEAS-PHRÍOMHOIDE

Aithníodh roinnt príomh-inniúlachtaí a bheith riachtanach chun ról agus feidhm an Leas-Phríomhoide a chomhlíonadh go héifeachtach.

Is iad seo a leanas na hinniúlachtaí sin:

6.1 Ceannaire – Oideachas agus Foghlaim6.2 Ceannaire – Forbairt Scoile6.3 Ceannaire – Daoine agus Foirne6.4 Cumarsáid6.5 Bainistíocht Eagrúcháin agus Scileanna Riaracháin6.6 Féinfheasacht agus Féinbhainistíocht

Tabhair sampla nó samplaí ar na leathanaigh seo a leanas faoin gcaoi ar thaispeáin tú gach ceann de na hinniúlachtaí sin, agus cén áit (ná bíodh níos mó ná 300 focal ann in aghaidh na hinniúlachta). Is féidir an sampla/na samplaí a tharraingt ó do thaithí i suíomhanna éagsúla, lena n-áirítear réimsí proifisiúnta, sóisialta, spóirt nó deonacha.

Page 9

Page 10: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

6.1 Ceannaire – Oideachas agus FoghlaimTuigeann sé nó sí gur teagasc agus foghlaim ar ardchaighdeán príomhchúram ionaid, agus léiríonn sé nó sí go bhfuil na scileanna acu feidhmiú mar cheannaire teagaisc.     

6.2 Ceannaire – Forbairt Scoile:Léiríonn sé nó sí go bhfuil an cumas aige nó aici peirspictíocht leathan fhadtéarmach a bheith acu ar chuspóir agus aidhmeanna na scoile.     

6.3 Ceannaire – Daoine agus FoirneLéiríonn sé nó sí go bhfuil siad toilteanach agus go bhfuil an cumas acu daoine aonair agus foirne sa phobal scoile trí chéile a fhorbairt agus ceannaireacht laistigh de na foirne sin a tharmligean.

     

6.4 CumarsáidTá an cumas aige nó aici tuairimí agus meonta a chur in iúl go soiléir trí chaidreamh éifeachtach cuí comhbhách le gach geallshealbhóir i réimse éagsúil suíomhanna agus comhthéacsanna.     

6.5 Bainistíocht Eagrúcháin agus Scileanna Riaracháin:Baineann sé nó sí úsáid as réimse acmhainní, ábhar tacaíochta agus próisis chun a chinntiú go reáchtálfar an scoil ar bhealach éifeachtach.     

6.6 Féinfheasacht agus FéinbhainistíochtTá sé nó sí feasach air nó uirthi féin agus tá an cumas aige nó aici bainistíocht a dhéanamh orthu féin agus tabhairt faoi fhorbairt phearsanta agus phroifisiúnta.     

Page 10

Page 11: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

7. RÁITEAS TACAÍOCHTA Tugtar cuireadh duit tuilleadh eolais a thabhairt anseo chun tacú le d’iarratas. Ba cheart duit na fáthanna ar chuir tú isteach ar an bpost a thabhairt agus cur síos a dhéanamh ar aon eolas/saineolas nó tréithe eile atá agat atá ábhartha don ról mar Leas-Phríomhoide.

     

8. MOLTÓIRÍ Tabhair ainmneacha, seoltaí agus post/slí bheatha beirt (ach amháin gaolta nó cairde) a bhfuil aithne acu ort agus ar do chuid oibre ar féidir teistiméireacht a fháil uathu. Ba cheart d’fhostóir reatha nó an fostóir is deireanaí a bhí agat a bheith sa liosta. [Tabhair faoi deara: d’fhéadfaí teagmháil a dhéanamh le do chuid moltóirí gan aon chumarsáid eile a dhéanamh leat].

D’fhostóir reatha nó an fostóir is deireanaí a bhí agat:

Ainm & Teideal: Post: Teileafón/Fón Póca:

Ríomhphost:

Seoladh iomlán:

Moltóir eile:

Ainm & Teideal: Post: Teileafón/Fón Póca:

Ríomhphost:

Seoladh iomlán:

Page 11

Page 12: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

9. DEARBHÚ

Ní dhéanfar breithniú ar d’iarratas mura gcomhlíonfar an rannán seo.An ndearna An Garda Síochána, Feidmheannacht na Seirbhíse Sláinte nó d’fhostóir imscrúdú ort i ndáil le gearáin a raibh bunús leo maidir leis an gcaoi a gcaitheann tú le leanaí?

RINNE NÍ DHEARNA

An ndearnadh líomhain i do leith maidir le hiompar coiriúil nó éagóir i leith duine/daoine aonair?

RINNEADH NÍ DHEARNADH

An bhfuil tú ar an eolas faoi aon tosca a bhaineann le hábhar maidir le d’iompar féin a d’imir tionchar/a imríonn tionchar ar leas mionaoisigh?

TÁ NÍL

An bhfuil tú ar an eolas faoi aon tosca a bhaineann le hábhar maidir le d’iompar féin a d’imir tionchar/a imríonn tionchar ar leas aosaigh?

TÁ NÍL

Tabhair sonraí le do thoil má tá marc curtha agat in aon cheann de na boscaí ar chlé thuas:

Tabhair faoi deara gur téarma bunúsach de do chuid fostaíochta é go ndéanfá nochtadh iomlán cuí maidir leis na ceisteanna thuasluaite. Tabhair faoi deara freisin go bhféadfaí tabhairt faoi bheart araíonachta i do leith, dífhostú san áireamh, má cheapann an t-ionad go bhfuil nochtadh neamhiomlán nó míchruinn déanta agat.

Tugann an scoil geallúint go gcaithfear go rúnda le gach freagra a thugann tú ar na ceisteanna thuas, faoi réir ag aon oibleagáid tuairiscithe a d’fhéadfaí a chur ar an ionad de bhun “Children First” arna fhoilsiú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, na Nósanna Imeachta do Bhunscoileanna agus Iarbhunscoileanna maidir le Cosaint Leanaí arna bhfoilsiú ag an Roinn Oideachais agus Scileanna nó de bhun aon oibleagáid dlí a fhorchuirtear ar an scoil chun imscrúdú éifeachtach coire a éascú.

Sa chás go molfaí go gceapfaí don phost seo tú, tá dualgas ar an mBord Bainistíochta comhlíonadh le téarmaí Chiorcláin reatha na Roinne Oideachais agus Scileanna.

Page 12

Page 13: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

Is é polasaí an Bhoird Bhainistíochta é go ndéanfadh An Garda Síochána grinnfhiosrú ar gach múinteoir agus ball foirne tacaíocha nuacheaptha agus go ndéanfaí breithniú ar an ngrinnfhiosrúchán i gcomhthéacs pholasaí grinnfhiosrúcháin na scoile. Tá feidhm leis seo i gcás gach ceapachán do phoist mhúinteoireachta, príomhoide agus leas-phríomhoide sa chás nach fostaí de chuid na scoile faoi láthair an duine, is cuma grinnfhiosrúchan a bheith déanta nó gan a bheith déanta ar an duine sin cheana.

10. DEARBHÚ AGUS SÍNIÚ

Éilítear ort an dearbhú thíos a shíniú lena ndeimhníonn tú go bhfuil gach eolas atá tugtha agat cruinn.

D’fhéadfadh sé gur mhian leis an gCoiste Roghnóireachta na sonraí atá tugtha agat a sheiceáil.

Sa chás go bhfuil eolas míchruinn tugtha nó gur ceileadh fíricí ábhartha in aon turas, d’fhéadfaí tú a dhícháiliú ón bpróiseas roghnúcháin nó, sa chás go dtagann an t-eolas chun solais tar éis tú a bheith ceaptha don phost, tú a dhífhostú go hachomair.

Dearbhaím go bhfuil an t-eolas atá tugtha agam ar an bhfoirm iarratais seo cruinn agus fíor.

Síniú       Dáta      

Page 13

Page 14: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

Tráth a ndéanann tú iarratas ar phost ar bith, bíodh sin ag obair nó go deonach le, nó ag dul i mbun

poist ar bith le GRETB, glacann tú go ndéanfaidh Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus

Ros Comáin (GRETB) próiseáil ar do shonraí pearsanta (sonraí pearsanta catagóire speisialta san

áireamh). Tá eolas úsáideach san Fhógra Príobháideachais seo fúinne, faoi na sonraí pearsanta a

bhailímid fút, an t-údar atá leis an mbailiú sin, iad siúd a roinnimid do chuid sonraí leo agus an t-

údar atá leis sin, an tréimhse a choinneoimid na sonraí, mar aon leis na cearta atá agat ina leith. Má

tá tuilleadh eolais uait, féach ar ár mBeartas Cosanta Sonraí a bhfuil fáil air ar www.gretb.ie

Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus

Ros Comáin

Fógra Príobháideachais d’Fhostaithe, Oibrithe Deonacha, Comhaltaí Boird, Comhaltaí Coistí etc.

1. Is muide Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB). Seo a

leanas ár seoladh agus sonraí teagmhála: Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus

Ros Comáin, An Coiléar Bán, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Teileafón: 091 874500.

Soláthraímid oideachas bunscoile, oideachas dara leibhéal, oideachas athdheise;

breisoideachas agus oiliúint lena n-áirítear printíseachtaí; cláir oibre don óige, cláir oideachais

phobalbhunaithe; oideachas príosúin, oideachas allamuigh; cláir fhor-rochtana, sainchláir e.g.

trí Music Generation agus cláir/cúrsaí eile a bhféadfaí iad a reáchtáil/a mhaoiniú/a urrú go

hiomlán nó i bpáirt le comhlachtaí/gníomhaireachtaí eile etc. Chun tuilleadh eolais a fháil,

féach rannán 1 dár mBeartas Cosanta Sonraí a bhfuil fáil air ag www.gretb.ie

2. Bailímid agus úsáidimid do shonraí pearsanta. I measc na sonraí pearsanta a bhailímid fút, tá a

leanas: d’ainm; dáta breithe; seoladh; sonraí teagmhála; CV agus cáilíochtaí; torthaí

grinnfhiosrúcháin; clárúchán Comhairle Mhúinteoireachta; clárúchán le haon fhoras

gairmiúil/creidiúnaithe eile; d’Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PPS); sonraí airgeadais;

íomhánna (cártaí foirne, TCI/CCTV); sonraí leighis, sláinte agus sláinte cheirde; faisnéis

inimirce/víosa oibre; faisnéis maidir le hearcú, arduithe céime, agus próisis cheapacháin; próisis

eile Caidrimh Oibreachais/Acmhainní Daonna; sonraí pinsin etc. Úsáidimid sonraí pearsanta

chun críocha ar a n-áirítear: seirbhís éifeachtúil a riaradh; ag comhlíonadh ár ndualgais mar

fhostóir; le haghaidh earcaíochta agus ceapachán; ag leithdháileadh acmhainní ar ár n-ionaid

oideachais; monatóireacht ar éifeachtacht ár bpolasaithe comhdheiseanna; ár ndualgais a

chomhlíonadh i leith fostaithe eile agus mic léinn; ag comhlíonadh ár ndualgais reachtúla maidir

le tuairisciú do chomhlachtaí Rialtais agus d’fhorais chistithe an Aontais Eorpaigh (AE); chun

díospóidí a réiteach agus chun dlíthíocht a chosaint etc. Braitheann an t-eolas a bhailímid fút ar

Page 14

Page 15: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

chúinsí éagsúla, e.g. beidh leibhéil dhifriúla faisnéise againn faoi iarratasóir poist i gcomparáid le

fostaí seanbhunaithe. Bailítear agus comhiomlánaítear sonraí pearsanta áirithe lena n-úsáid ar

bhealach/i gcaoi gan ainm, e.g. chun monatóireacht a dhéanamh ar ár ngéilliúlacht do

pholasaithe comhdheiseanna agus polasaithe frith-idirdhealaithe. Chun tuilleadh eolais a fháil

faoi na sonraí a bhailímid, an t-údar atá againn iad a bhailiú, an chaoi a mbainimid úsáid astu,

agus an bunús dlíthiúil atá leis an mbailiú sin, féach ar rannán 2 dár mBeartas Cosanta Sonraí a

bhfuil fáil air ag www.gretb.ie

3. Roinnimid do chuid sonraí pearsanta le tríú páirtithe, a n-áirítear leo sin comhlachtaí Rialtais eile.

Ag brath ar nádúr do róil laistigh de GRETB, tharlódh go roinnfí sonraí le comhlachtaí cosúil leis

an Roinn Oideachais agus Scileanna, Na Coimisinéirí Ioncaim, An Roinn Gnóthaí Fostaíochta

agus Coimirce Sóisialaí, An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste, TUSLA, An Garda Síochána,

Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), An Chomhairle Mhúinteoireachta, nó aon

chomhlacht rialála eile lena mbaineann tú, do Cheardchumann (le haghaidh ceisteanna

Caidrimh Thionsclaíoch/Acmhainní Daonna), bancanna/forais airgeadais (chun pá a íoc),

riarthóirí pinsin agus iontaobhaithe pinsin, fostóir(í) sa todhchaí (le haghaidh teistiméireachtaí

etc.), soláthraithe seirbhíse eile (lena n-áirítear soláthraithe TFC/IT, soláthraithe slándála,

comhairleoirí dlí) etc. Úsáidfidh na comhlachtaí Rialtais lena roinnimid do shonraí pearsanta na

sonraí sin chun a gcuspóirí féin (lena n-áirítear: chun eolas eile fút atá ina seilbh a dhearbhú, le

haghaidh bearta cosc calaoise, etc.) agus d’fhéadfadh siad an t-eolas sin a chomhiomlánú

[aggregate] le heolas eile fút atá ina seilbh. Chun tuilleadh eolais a fháil fúthu sin a roinnimid do

chuid sonraí leo, faoin uair a ndéanfaimid é agus faoi na cúinsí a bheadh i gceist, féach ar

rannán 3 dár mBeartas Cosanta Sonraí a bhfuil fáil air ag www.gretb.ie

4. Ní aistrímid do shonraí pearsanta chuig tríú tír ná chuig eagraíocht idirnáisiúnta. D’fhéadfadh

roinnt cuideachtaí a phróiséalann sonraí pearsanta thar ceann GRETB sonraí pearsanta a aistriú

le haghaidh próiseála lasmuigh den Aontas Eorpach (AE). Ní tharlóidh seo, áfach, ach amháin le

comhaontú GRETB agus le dearbhú go mbíonn bearta cumhdaigh cuí i bhfeidhm chun na sonraí

a chosaint. Cuirfimid comhairle ar dhaoine is ábhar do na sonraí má táthar lena gcuid sonraí a

aistriú lasmuigh den AE.

5. Ní dhéanaimid cinnteoireacht uathoibrithe/próifíliú.

6. I gcás roinnt sonraí pearsanta, ní choinnítear ach ar feadh tréimhse ghearr iad (e.g. sonraí a

scriosaimid ag deireadh bliana acadúla mar nach gá iad a choinneáil a thuilleadh). Coinnímid

roinnt sonraí ar feadh tréimhse níos faide (e.g. tar éis duit Bord Oideachais agus Oiliúna na

Gaillimhe agus Ros Comáin a fhágáil). Chun tuilleadh eolais a fháil faoi na tréimhsí coinneála,

féach ar rannán 6 dár mBeartas Cosanta Sonraí a bhfuil fáil air ag www.gretb.ie

7. Tá na cearta reachtúla seo a leanas agat agus is féidir leat iad a fheidhmiú tráth ar bith:

Page 15

Page 16: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

(a) An ceart gearán a dhéanamh le húdarás maoirseachta.

(b) An ceart rochtain a fháil.

(c) An ceart go gceartófaí earráidí.

(d) An ceart go ndéanfaí dearmad ort.

(e) An ceart go srianfaí próiseáil.

(f) An ceart ar iniomparthacht sonraí.

(g) An ceart cur in aghaidh na cinnteoireachta uathoibrithe agus an phróifílithe.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar rannán 7 dár mBeartas Cosanta Sonraí a bhfuil fáil air

ag www.gretb.ie nó mar rogha air sin, déan teagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí.

8. Tá Oifigeach Cosanta Sonraí (DPO) ceaptha againn ar bhonn eatramhach. Seo a leanas na

sonraí teagmhála: Oifigeach Cosanta Sonraí, Príomhoifig Bhord Oideachais agus Oiliúna na

Gaillimhe agus Ros Comáin, An Coiléar Bán, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Teileafón:

091 874548, ríomhphost: [email protected] Má tá aon cheist agat, féach ar ár

mBeartas Cosanta Sonraí (a bhfuil fáil air ar www.gretb.ie) nó déan teagmháil lenár

nOifigeach Cosanta Sonraí.

Page 16

Page 17: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

FÓGRA PRÍOBHÁIDEACHAIS COVID-19

Is aguisín é an fógra seo le Fógra Príobháideachais phríomhúil Bhord Oideachais agus Oiliúna naGaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) agus míníonn sé an chaoi a bhféadfadh GRETB (mar RialaitheoirSonraí) do shonraí pearsanta a úsáid, go sonrach i gcomhthéacs na paindéime COVID-19 (Coróinvíreas).Is muidne Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB). Seo a leanas árseoladh agus sonraí teagmhála: Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB),An Coiléar Bán, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe. Teileafón: 091 874500. Soláthraímid oideachasbunscoile, oideachas dara leibhéal, oideachas athdheise; breisoideachas agus oiliúint, lena n-áirítearprintíseachtaí; cláir oibre don óige, cláir oideachais phobalbhunaithe; oideachas príosúin, oideachasallamuigh; cláir fhor-rochtana, sainchláir e.g. trí Music Generation agus cláir/cúrsaí eile a bhféadfaí iada reáchtáil/a mhaoiniú/a urrú, go hiomlán nó i bpáirt, le comhlachtaí/gníomhaireachtaí eile etc. Chuntuilleadh eolais a fháil, féach rannán 1 dár mBeartas Cosanta Sonraí, ag www.gretb.ieAg an am seo, is mian linn sonraí pearsanta catagóra speisialta a bhailiú agus a phróiseáil mar fhreagairtar an ráig úrnua den Choróinvíreas, atá sa bhreis ar na sonraí a bhaileodh GRETB uait ar na gnáthbhealaí.San áireamh sna sonraí pearsanta breise atá á mbailiú, tá, cé acu mar dhuine is ábhar do na sonraí, anraibh, nó an bhfuil, comharthaí sóirt/siomptóim de Covid-19 ort, nó an bhfuil tú in aon cheann de nacatagóirí ardriosca is mó atá i mbaol an galar a fhabhtú agus/nó duine atá go dona tinn, nó atá faoichomhairle dochtúra leithlisiú/aonrú nó cocúnú, nó a bhí i ndlúth-theagmháil le duine a bhfuil diagnóisde Covid-19 amhrasta nó deimhnithe air/uirthi. Tharlódh go mb’fhéidir go mbeadh eolas breise i gceist,cosúil le taisteal thar lear le déanaí, má iarrann nó má chomhairlíonn an Rialtas agus/nó eagraíochtaísláinte náisiúnta nó idirnáisiúnta a leithéid. Is é is cuspóir do bhailiú na sonraí seo ná sábháilteacht agusfolláine ár bhfostaithe, ár bhfoghlaimeoirí agus an pobal i gcoitinne a chinntiú agus cloí le treoirlínteagus reachtaíocht an Rialtais maidir le fostaithe ag filleadh ar a gcuid oibre etc. Tá an t-eolas atá a lorguaitse teoranta don mhéid atá i gcomhréir agus riachtanach, ag cur san áireamh an treoir is déanaí ónRialtas agus ó lucht gairme sláinte, é sin uile chun gur féidir an víreas a bhainistiú agus a shrianadh.Éilíonn an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí [GDPR] go gcomhlíonfaí sainchoinníollachadleathacha chun a chinntiú go mbíonn próiseáil sonraí pearsanta dleathach. Is iad na coinníollachaábhartha do GRETB a bheith ag próiseáil na sonraí i dtrácht ná iad seo a leanas: Airteagal 6 (1)(c) - is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáid dhlíthiúil a bhfuil anrialaitheoir faoina réir a chomhlíonadh; Airteagal 6(1)(d) - is gá an phróiseáil a dhéanamh chun leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraínó duine nádúrtha eile a chosaint.Deir Réamhaithris 46 “Le roinnt cineálacha próiseála, d'fhéadfaí fónamh do leas tábhachtachan phobail agus do leasanna ríthábhachtacha an ábhair sonraí araon, mar shampla nuair is gáan phróiseáil a dhéanamh chun críocha daonnúla, lena n-áirítear chun faireachán a dhéanamhar eipidéimí agus ar a leathadh….” Airteagal 6(1)(e) - is gá an phróiseáil a dhéanamh chun cúram a chur i gcrích a dhéantar armhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe don rialaitheoirLena chois sin, chomh fada is a bhaineann le próiseáil catagóirí speisialta de shonraí pearsanta, achuimsíonn sonraí a bhaineann le sláinte duine, tá siad toirmiscthe mura féidir sainchoinníollacha eilesa bhreis a chomhlíonadh. Is iad na coinníollacha breise seo atá ábhartha do GRETB a bheith ag próiseáilna sonraí i dtrácht ná iad seo a leanas: Airteagal 9(2)(b) - is gá an phróiseáil a dhéanamh chun oibleagáidí an rialaitheora nó an ábhairsonraí a chomhlíonadh agus chun cearta sonracha an rialaitheora nó an ábhair sonraí a fheidhmiúi réimse dhlí na fostaíochta agus na slándála sóisialta agus cosanta sóisialta a mhéid atá údaraithele dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó le comhaontú comhchoiteann de bhun dlí Ballstáit lenabhforáiltear do choimircí iomchuí do chearta bunúsacha agus leasanna an ábhair sonraí; Airteagal 9(2)(i) – is gá an phróiseáil a dhéanamh ar chúiseanna a bhaineann le leas an phobail i

Page 17

Page 18: ACCS IN-SERVICE 2007/2008 – BOOKING FORM · Web viewMá bhíonn seo amhlaidh, le do thoil, úsáid líonra eile e.g. banda leathan baile nó móibíleach. 2. Dúnfaidh an córas

réimse na sláinte poiblí, amhail cosaint i gcoinne bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar antsláinte nó chun ardchaighdeáin cáilíochta agus slándála a áirithiú do chúram sláinte.Sa phaindéim reatha seo, tharlódh go mb’fhéidir go roinnfimis do shonraí le húdaráis phoiblí eile agusseirbhísí éigeandála, nuair is gá, agus ar bhealach atá i gcomhréir agus slán. Ní bheidh sé riachtanachteagmháil a dhéanamh leat chun toiliú a fháil nuair nach bhfuil toiliú mar bhonn dlíthiúil le próiseáilsonraí dá leithéid, mar atá leagtha amach thuas. Gealltar duit leis seo go bhfuil tosaíocht á tabhairt dochosaint sonraí pearsanta ag an am seo. Ní roinnfimid d’eolas pearsanta ach amháin nuair a cheadaíonnan dlí sin a dhéanamh, agus féachaimid chuige gan ach an méid sonraí is lú is gá a roinnt chun an cuspóiratá riachtanach a chur i gcrích. Ní roinnfear an t-eolas lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch[EEA]. Sa bhreis air sin, ní úsáidfear an t-eolas ach amháin do na cuspóirí atá luaite sa bhFógraPríobháideachais seo agus i Ráiteas Beartais Cosanta Sonraí GRETB. Dá bhrí sin, ní úsáidfear aon eolassláinte a chuireann tú ar fáil maidir leis an ráig Covid-19/Coróinvíreas do chuspóir ar bith eile. Chomhmaith leis sin, ní choinneofar eolas sláinte dá leithéid ach ar feadh achair áirithe shonraithe, i.e. níchoinneoimid do chuid eolais ach ar feadh an achair is gá sin a dhéanamh, ag cur san áireamh comhairlean Rialtais agus an riosca leanúnach a ghabhann le Covid-19/Coróinvíreas. Nuair nach dteastaíonn an teolassin a thuilleadh don chuspóir sin, scriosfar é ar bhealach iomlán slán.Ní dhéanaimid cinnteoireacht/próifíliú uathoibrithe.Tá cearta agat maidir le do shonraí peasanta, a fhanann slán le linn na paindéime Coróinvíris. Lehaghaidh tuilleadh eolais, le do thoil, féach ar alt 7 dár Ráiteas Beartais Cosanta Sonraí, ar www.gretb.ieMá bhíonn tuilleadh eolais uait faoin gcaoi a bpróiseálaimid do shonraí pearsanta, féadfaidh tú dul idteagmháil lenár nOifigeach Cosanta Sonraí trí ríomhphost chuig [email protected] nó sa phostchuig Oifigeach Cosanta Sonraí, Príomhoifig Riaracháin Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimheagus Ros Comáin (GRETB), An Coiléar Bán, Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe.

Page 18