sraithpictiúr1...15 aonad a haon|mé féin agus mo theaghlach 1....

10
15 Aonad a haon | Mé féin agus mo theaghlach 1. Cuid 1 den Bhéaltriail: Fáiltiú 1 nóiméad (10 marc) Ceisteanna chun an t-iarrthóir a chur ar a s(h)uaimhneas – e.g. ainm, scrúduimhir, dáta breithe, rang. 2. Cuid 2 den Bhéaltriail: Cur síos ar shraith pictiúr – 3 nóiméad (30 marc) Tá cúig shraith pictiúr ann. Beidh na sraitheanna pictiúr go léir béal faoi ar an mbord ar lá an scrúdaithe. Roghnóidh an t-iarrthóir sraith pictiúr amháin go randamach as na cúig shraith pictiúr. Beidh nóiméad amháin ag an iarrthóir chun staidéar agus anailís a dhéanamh ar an tsraith a roghnóidh sé/sí. Ansin déanfaidh an t-iarrthóir cur síos ar ábhar na sraithe a roghnaigh sé/sí. Tá beirt daoine óga sa chéad phictiúr. Ceapaim go bhfuil siad thart ar chúig bliana déag d’aois. Bhí siad ina suí ag an mbord sa seomra suí sa bhaile. Bhí an seomra suí go deas néata. Bhí pictiúr gleoite de phlanda ar an mballa chomh maith le clog. Bhí lampa álainn in aice leis an gcailín. Bhí an bheirt acu an-chosúil lena chéile mar bhí gruaig dhubh orthu agus bhí an éide scoile chéanna á caitheamh acu freisin – geansaí, léine, bríste agus carbhat stríocach. Is dóigh liom go raibh obair bhaile á déanamh ag an mbeirt acu. Ceapaim go raibh an buachaill ag cuardach focal i bhfoclóir agus go raibh aiste Gaeilge á scríobh ag an gcailín ina cóipleabhar. Bhí an chuma ar an mbeirt acu go raibh siad ag obair go dian agus nár bhraith siad an t-am ag dul thart. Bhí sé a cúig a chlog cheana féin. Pictiúr 1 Is léir ón dara pictiúr gur thosaigh an teileafón ag bualadh ar a leathuair tar éis a cúig. Rug an cailín ar an bhfón. Bhí cara léi ar an líne agus d’inis sí di go raibh Bee Movie ar siúl sa phictiúrlann áitiúil. Thug sí cuireadh chuig an scannán don bheirt acu. Measaim go raibh cuma áthasach ar an gcailín agus go ndúirt sí lena cara gur bhreá leo dul chuig an bpictiúrlann in éineacht léi. Ghlac sí leis an gcuireadh go fonnmhar. Lean an buachaill ar aghaidh lena chuid oibre. Pictiúr 2 Sraith Pictiúr 1 An Bhéaltriail Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 5/17/11 11:59 AM Page 15

Upload: others

Post on 08-Jul-2020

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: SraithPictiúr1...15 Aonad a haon|Mé féin agus mo theaghlach 1. Cuid1denBhéaltriail:Fáiltiú1nóiméad(10marc) Ceisteannachunant-iarrthóirachuraras(h)uaimhneas–e.g.ainm,scrúduimhir,dáta

15

Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach

1. Cuid 1 den Bhéaltriail: Fáiltiú 1 nóiméad (10marc)

Ceisteanna chun an t-iarrthóir a chur ar a s(h)uaimhneas – e.g. ainm, scrúduimhir, dátabreithe, rang.

2. Cuid 2 den Bhéaltriail: Cur síos ar shraith pictiúr – 3 nóiméad (30marc)

Tá cúig shraith pictiúr ann. Beidh na sraitheanna pictiúr go léir béal faoi ar an mbord ar lá anscrúdaithe. Roghnóidh an t-iarrthóir sraith pictiúr amháin go randamach as na cúig shraithpictiúr. Beidh nóiméad amháin ag an iarrthóir chun staidéar agus anailís a dhéanamh ar antsraith a roghnóidh sé/sí. Ansin déanfaidh an t-iarrthóir cur síos ar ábhar na sraithe aroghnaigh sé/sí.

Tá beirt daoine óga sa chéad phictiúr. Ceapaim go bhfuilsiad thart ar chúig bliana déag d’aois.Bhí siad ina suí ag an mbord sa seomra suí sa bhaile. Bhí

an seomra suí go deas néata. Bhí pictiúr gleoite de phlandaar an mballa chomh maith le clog. Bhí lampa álainn in aiceleis an gcailín.Bhí an bheirt acu an-chosúil lena chéile mar bhí gruaig

dhubh orthu agus bhí an éide scoile chéanna á caitheamhacu freisin – geansaí, léine, bríste agus carbhat stríocach. Isdóigh liom go raibh obair bhaile á déanamh ag an mbeirtacu. Ceapaim go raibh an buachaill ag cuardach focal i

bhfoclóir agus go raibh aiste Gaeilge á scríobh ag an gcailín ina cóipleabhar. Bhí an chuma aran mbeirt acu go raibh siad ag obair go dian agus nár bhraith siad an t-am ag dul thart. Bhí séa cúig a chlog cheana féin.

Pictiúr 1

Is léir ón dara pictiúr gur thosaigh an teileafón ag bualadhar a leathuair tar éis a cúig. Rug an cailín ar an bhfón. Bhícara léi ar an líne agus d’inis sí di go raibh Bee Movie ar siúlsa phictiúrlann áitiúil. Thug sí cuireadh chuig an scannándon bheirt acu. Measaim go raibh cuma áthasach ar angcailín agus go ndúirt sí lena cara gur bhreá leo dul chuigan bpictiúrlann in éineacht léi. Ghlac sí leis an gcuireadhgo fonnmhar. Lean an buachaill ar aghaidh lena chuidoibre.

Pictiúr 2

Sraith Pictiúr 1

An Bhéaltriail

Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 5/17/11 11:59 AM Page 15

Page 2: SraithPictiúr1...15 Aonad a haon|Mé féin agus mo theaghlach 1. Cuid1denBhéaltriail:Fáiltiú1nóiméad(10marc) Ceisteannachunant-iarrthóirachuraras(h)uaimhneas–e.g.ainm,scrúduimhir,dáta

16

Aonad a haon |Mé féin agus mo theaghlach

Breathnaíonn an cailín (Bairbre) sona, ina suí os comhair anríomhaire sa tríú pictiúr. Scríobh sí ríomhphost chuig amáthair. Seo an méid a scríobh sí:

AMham,Tá mise agus Colm ag dul go dtí an phictiúrlann sa bhaile mór leSeoidín. Beimid ar ais timpeall a naoi a chlog.

Le grá,

Bairbre.

Le grá,

Bairbre.

An comhrá teileafóin

‘Haigh, a Bhairbre. Seoidín anseo.’

‘Aon scéal, a Sheoidín?’ arsa Bairbre.‘Fan go gcloise tú. Tá Bee Movie ar siúl anocht sa phictiúrlann! An dtiocfaidh tusa agus Colmliom?’ arsa Seoidín.‘Ba bhreá linn dul leat. Níl mo thuismitheoirí sa bhaile faoi láthair ach cuirfidh mé ríomhphostchuig Mam láithreach bonn,’ arsa Bairbre.‘Iontach. Feicfidh mé an bheirt agaibh taobh amuigh den Odeon ar a seacht. Slán go fóillín!’arsaSeoidín.

‘Ba dheas uait smaoineamh orainn, a Sheoidín. Beimid ann ar a seacht. Slán anois.’

Pictiúr 3

Is léir ón gceathrú pictiúr gur chuir an bheirt acu (Bairbreagus Colm) a n-éadaí galánta orthu sular thug siad aghaidhar an mbaile mór. Bhuail siad le Seoidín taobh amuigh denphictiúrlann. Bhreathnaigh na daoine óga sona sásta agusbhí an triúr ag caint agus ag gáire nuair a shiúil siad i dtreooifig na dticéad.

Pictiúr 4

Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 5/17/11 11:59 AM Page 16

Page 3: SraithPictiúr1...15 Aonad a haon|Mé féin agus mo theaghlach 1. Cuid1denBhéaltriail:Fáiltiú1nóiméad(10marc) Ceisteannachunant-iarrthóirachuraras(h)uaimhneas–e.g.ainm,scrúduimhir,dáta

63

A. Líon na bearnaí trí úsáid a bhaint as na focail thíos.

1. Ní dhearna mé m’obair bhaile aréir ach ní raibh mé in annar mo mhúinteoir.

2. Ní raibh m’uncail in ann post a fháil in Éirinn agus bhí air .

3. Gortaíodh cara liom i dtimpiste mí ó shin ach tá air anois.

4. Tá saol an dalta scoile níos déine ná ariamh mar bíonn orthule scrúduithe agus go leor rudaí eile.

5. Tá mo sheanathair ina shláinte toisc go n-itheann sé bia .

6. Ní théim ag snámh san abhainn mar tá sé .

7. Tá áiseanna do mhuintir na háite sa lárionad pobail nua.

8. Bhí mé in ann na ticéid don phictiúrlann ar an Idirlíon.

dul ar imirce – neart – dul i ngleic – biseach – róchontúirteachan dubh a chur ina gheal – folláin – a chur in áirithe

B. Ceap abairtí a léireoidh brí agus ceartúsáid na bhfocal/na nathannaseo a leanas.

tráth dá raibh – ar an ngannchuid – ré – daonraar an drabhlás – gan dídean

Aonad a dó |Mo cheantar féin

An Bhéaltriail

Is léir ón gcéad phictiúr gur cailín ard gleoite í Fionnuala.Bhí gruaig fhionn dhíreach uirthi agus bhí éadaí áille ágcaitheamh aici. B’fhéidir go raibh an-suim go deo aici igcúrsaí faisin. Ba ghnách léi T-léine, sciorta agus bróga lesála ísle a chaitheamh nuair a bhí an aimsir go deas.

Bhuail a cara Cian cloigín an dorais agus d’oscailFionnuala an doras dó. Is léir go raibh áthas uirthi a cara afheiceáil mar bhí aoibh an gháire ar a haghaidh agus bhían buachaill díreach mar an gcéanna. Buachaill ard, tanaí

ba ea Cian. Bhí gruaig dhubh ghearr air agus bhí sé dathúil freisin. Bhí T-léine dubh agusbríste deinim á gcaitheamh ag Cian chomh maith lena bhróga reatha. Lig Fionnuala isteachsa teach é gan a thuilleadh moille.

Pictiúr 1

Sraith Pictiúr 2

Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 5/17/11 11:59 AM Page 63

Page 4: SraithPictiúr1...15 Aonad a haon|Mé féin agus mo theaghlach 1. Cuid1denBhéaltriail:Fáiltiú1nóiméad(10marc) Ceisteannachunant-iarrthóirachuraras(h)uaimhneas–e.g.ainm,scrúduimhir,dáta

Aonad a dó |Mo cheantar féin

64

Sa dara pictiúr bhí an bheirt acu ina suí ar chathaoireachauilleann sa seomra suí. Bhí an seomra go hálainn. Bhíbláthchuach/vása costasach ar an mbord caife agus bhí an-chuidleabhar sa leabhragán. Bhí teilifiseán mór sa chúinne chomhmaith le pictiúr breá de bhád seoil ar an mballa. Thug Ciancuireadh chuig dioscó dá cara. Bhí cuma an-áthasach arFhionnuala agus ghlac sí leis an gcuireadh go fonnmhar:

An cuireadh‘An dtiocfaidh tú go dtí dioscó liom anocht, a Fhionnuala?’ arsaCian.‘Tiocfaidh, cinnte. Ba dheas uait smaoineamh orm,’ arsa Fionnuala.‘Iontach,’ar seisean.‘Tá fadhb bheag agam, a Chian,’ arsa Fionnuala.‘Cad tá cearr?’ ar seisean.

Pictiúr 2

Sa tríú pictiúr mhínigh Fionnuala dá cara nach raibh atuismitheoirí sa bhaile agus go gcaithfeadh sí nóta a fhágáildóibh sula n-imeoidís chuig an dioscó.

‘Níl mo thuismitheoirí sa bhaile i láthair na huaire, ’ arsaFionnuala.‘Fág nóta dóibh, a Fhionnuala. Nach ndéanfaidh sé sincúis?’ ar seisean.‘Togha fir, a Chian,’ arsa Fionnuala.

Pictiúr 3

Is léir ón gceathrú pictiúr go bhfuair Fionnuala peann aguspíosa páipéir agus gur scríobh sí nóta dá tuismitheoirí agmíniú dóibh go raibh sí ag imeacht le Cian chuig an gclub.Bhreathnaigh Cian sona sásta.

An nótaA Mhamaí agus a Dhaidí,Tá mé imithe chuig an dioscó sa chlub óige le Cian. Fillfidh méabhaile thart ar a haon déag a chlog. Gheobhaidh mé síob ónaathair.Slán tamall,Fionnuala

Pictiúr 4

Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 5/17/11 11:59 AM Page 64

Page 5: SraithPictiúr1...15 Aonad a haon|Mé féin agus mo theaghlach 1. Cuid1denBhéaltriail:Fáiltiú1nóiméad(10marc) Ceisteannachunant-iarrthóirachuraras(h)uaimhneas–e.g.ainm,scrúduimhir,dáta

110

Aonad a trí | Ar scoil

An Bhéaltriail

Lá deas a bhí ann i lár an earraigh, b’fhéidir. Bhí beirtdaoine óga darbh ainm Liam agus Sinéad ar shiúlóidfaoin tuath sa chéad phictiúr. Ceapaim go raibh an bheirtacu ag caint faoi na radharcanna áille a bhainfeadh ananáil díot.

Bhí gruaig dhubh ar Liam agus bhí gruaig fhionn arShinéad. Bhí seaicéid agus bríste deinim á gcaitheamh agan mbeirt acu agus bhí málaí droma acu. Shroich siadloch beag. B’áit iargúlta í agus bhí fógra curtha in airde ag

duine éigin ar an mbruach ag rá go raibh an loch an-domhain agus an-dainséarach.

Bhí fear meánaosta a raibh gruaig dhubh chatach agus féasóg air ina shuí í mbád beag a bhíar ancaire. Fear ciallmhar a bhí ann mar go raibh seaicéad tarrthála á chaitheamh aige.

Pictiúr 1

Sa dara pictiúr is léir gur bheartaigh an bheirt acu dul ag snámhsa loch agus chuir siad a gcultacha snámha orthu. Thosaigh anbheirt acu ag snámh. Bhí snámh brollaigh á dhéanamh ag Sinéadach b’fhearr le Liam an tsaorstíl. Thosaigh sé ag snámh amach saloch ach bhí Sinéad níos ciallmhaire agus shnámh sí i dtreobhruach an locha.

Pictiúr 2

Bhí Liam i gceartlár an locha sa tríú pictiúr. Go tobannbhuail crampa é.

Mar bharr ar an donas bhuail scanradh é agus bhí a fhiosaige go raibh sé i mbaol a bháite. Scread sé in ard a chinn isa ghutha ‘Cabhair,’ a bhéic sé ach shíl sé go raibh a phortseinnte. Ar ámharaí an tsaoil, chuala an bádóir é.

Pictiúr 3

Sraith Pictiúr 3

Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 5/17/11 11:59 AM Page 110

Page 6: SraithPictiúr1...15 Aonad a haon|Mé féin agus mo theaghlach 1. Cuid1denBhéaltriail:Fáiltiú1nóiméad(10marc) Ceisteannachunant-iarrthóirachuraras(h)uaimhneas–e.g.ainm,scrúduimhir,dáta

111

Aonad a trí | Ar scoil

Is léir ón gceathrú pictiúr nach ndearna an bádóir moill. Rug sé ara mhaidí rámha agus thosaigh sé ag rámhaíocht i dtreo anbhuachalla. Shroich an bádóir Liam agus sheas sé suas. Rug ségreim ar lámha Liam agus tharraing isteach sa bhád é. Thosaigh séag rámhaíocht go dtí bruach an locha. Bhí slua daoine bailithe anncheana féin. Tháinig Liam bocht amach as an mbád agus bhí crithcos agus lámh air leis an scanradh a bhí air. Bhí a fhios aige go raibhan t-ádh dearg air nár bádh é. Bhí ceacht dóite foghlamtha ag anleaid óg. Bhí áthas an domhain ar Shinéad go raibh a cara slánsábhailte.

Pictiúr 4

RólghlacadhCaitheamh AimsireTasc a haonDalta (an t-iarrthóir) ag lorg eolais faoi bhallraíocht i gclub óige. Labhraíonn an dalta (an t-iarrthóir) le rúnaí anchlub óige (an scrúdaitheoir). Cumann an dalta (an t-iarrthóir) ceisteanna bunaithe ar an gcárta seo chun eolas abhailiú faoin gclub óige:

Club ÓigeBaile na hInse

Daoine Óga idir 12 agus 16

Imeachtaí • Cluichí Páirce • Spóirt Uisce •Drámaíocht • Dioscónna • Snúcar

Beárbaiciú sa Samhradh

Táille Ballraíochta €20Ar oscailt

Gach oíche7.00 p.m. – 10.00 p.m.

Tuilleadh eolaisRúnaí an chlub – Cáit Ní Néill

Teileafón 065 689324Suíomh gréasáin – www.cluboigenahinse.ie

Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 5/17/11 11:59 AM Page 111

Page 7: SraithPictiúr1...15 Aonad a haon|Mé féin agus mo theaghlach 1. Cuid1denBhéaltriail:Fáiltiú1nóiméad(10marc) Ceisteannachunant-iarrthóirachuraras(h)uaimhneas–e.g.ainm,scrúduimhir,dáta

164

Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt

Sa chéad phictiúr bhí beirt daoine óga darbh ainm Cáitínagus Darach ag siopadóireacht san ionad siopadóireachta.Bhreathnaigh siad sona sásta lena chéile. Bhí gruaig fhionnar an mbeirt acu agus bhí éadaí deinim á gcaitheamh acuchomh maith le bróga reatha. Bhí mála láimhe dubh agCáitín.

Bhí sé a trí a chlog agus bhí an bheirt acu ag féachaint arearraí leictreacha i siopa crua-earraí Uí Mhurchú atá suitedíreach in aice le Siopa Seodóra Uí Shé. Bhí teilifíseán,seinnteoir dlúthdhioscaí agus raidió san fhuinneog agus

cheap siad go raibh cuid de na hearraí sin an-saor. Bhí an seinnteoir dlúthdhioscaí 80 euro agusbhí an raidió 50 euro. Bhí beirt seanfhear ag caint lena chéile ar bhinse taobh thiar díobh.

Pictiúr 1

Sa dara pictiúr chuala siad cailin beag ag caoineadh in aiceleo. Bhí an chuma ar an scéal go raibh an cailín caillte. Brídab ainm di a dúirt sí leo agus d’inis sí dóibh go raibh síceithre bliana d’aois. Bhí gruaig dhubh uirthi agus bhígúna, geansaí stríocach, riteoga agus bróga reatha bána ágcaitheamh aici. Bhí Bríd bheag ag caoineadh agus bhícuma an-bhuartha uirthi.

Pictiúr 2

Sa tríú pictiúr rug Cáitin agus Darach ar lámha an chailín bhigagus chuaigh siad go dtí an deasc eolais. Bhí bean ard thanaí inaseasamh ag an deasc agus thug siad an t-eolas ar fad faoin gcailíndi. D’fhógair sí ar mhicreafón go raibh cailín beag darbh ainmBríd a bhí ceithre bliana d’aois ag an deasc eolais. Bhí an fógra lecloisteáil ar an gcallaire ar fud an ionaid.

Pictiúr 3

Sraith Pictiúr 4An Bhéaltriail

Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 5/17/11 11:59 AM Page 164

Page 8: SraithPictiúr1...15 Aonad a haon|Mé féin agus mo theaghlach 1. Cuid1denBhéaltriail:Fáiltiú1nóiméad(10marc) Ceisteannachunant-iarrthóirachuraras(h)uaimhneas–e.g.ainm,scrúduimhir,dáta

165

Aonad a ceathair | Cúrsaí Spóirt

Is léir ón gceathrú pictiúr go raibh críoch shona leis anscéal seo. Chuala tuismitheoirí Bhríd an fógra ar angcallaire. Ní dhearna siad stad ná staonadh gur bhain siadan deasc eolais amach. Ba mhór an faoiseamh dóibh énuair a chonaic siad Bríd bheag. Thug a hathair €20 doCháitín agus Darach. Bhí Bríd bheag spíonta amach achbhí aoibh an gháire ar a haghaidh. Bhí sí slán arís i lámha amáthar.

Pictiúr 4

RólghlacadhCaitheamh AimsireTasc a dóDalta (an t-iarrthóir) ag lorg eolais faoi cheolchoirm. Labhraíonn an dalta (an t-iarrthóir) le gníomhaire ticéad(an scrúdaitheoir). Cumann an dalta (an t-iarrthóir) ceisteanna bunaithe ar an gcárta seo chun eolas a bhailiúfaoin gceolchoirm:

Ceolchoirm02

BlurDé hAoine 09/10/10 - 12/10/10

Bannaí Ceoil Taca:Rage Against the Machine

Kings of LeonThe ProdigyThe Verve

Láthair Champála€20 ar champáil thar oíche

Ticéid ar fáil:Ticketmaster

Praghas - €224.50

Tuilleadh EolaisTeileafón - 0404 98345

Suíomh gréasáin - www.feilebhailephuinse.ieCaithfidh duine fásta a bheith le déagóirí faoi 17 mbliana

Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 5/17/11 11:59 AM Page 165

Page 9: SraithPictiúr1...15 Aonad a haon|Mé féin agus mo theaghlach 1. Cuid1denBhéaltriail:Fáiltiú1nóiméad(10marc) Ceisteannachunant-iarrthóirachuraras(h)uaimhneas–e.g.ainm,scrúduimhir,dáta

210

Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil

An Bhéaltriail

Pictiúr 1

Sa dara pictiúr d’inis Diarmaid do Chonchúr nach raibhAoife sa bhaile.

‘Níl. Chuaigh sí amach lena cara Siabhra uair an chloig óshin’ arsa Diarmaid.

Is léir ón tríú pictiúr gur thug Aoife cuireadh do Chonchúr dulchuig dioscó. Bhí áthas ar Chonchúr an cuireadh a fháil uaithiach ní raibh sé ábalta dul léi. Scríobh sé an nóta seo di:

Tá brón orm a Aoife ach ní bheidh mé ábalta dul go dtí an dioscó sa chlubóige leat. Caithfidh mé aire a thabhairt do mo dheirfiúr bheag Órlaithanocht. Ba dheas uait smaoineamh orm nuair a thug tú an cuireadh dom.

Beir bua,Conchúr

Pictiúr 3

Bhí Diarmaid sa bhaile leis féin nuair a tháinig Conchúr godtí an teach. Teach gleoite a bhí ann gan aon agó agus bhícnagaire breá práis ar an doras. Chnag Conchúr ar an dorasagus chuala Diarmaid é.

D’oscail Diarmaid an doras agus chonaic sé Conchúr inasheasamh ann. Bhí an aimsir go breá agus bhí T-léine bhánghalánta á chaitheamh ag Diarmaid agus bhí ceann dubh arChonchúr. Bhí gruaig Dhiarmada fionnbhán agus bhí gruaigdhubh chatach ar Chonchúr. Bheannaigh siad dá chéile:

‘Dia duit, a Chonchúir,’arsa .Diarmaid.‘Dia is Muire duit, a Dhiarmaid. Aon scéal?’arsa Conchúr.‘Deabhal scéal mura bhfuil,scéal agatsa,’ arsa Diarmaid. ‘‘An bhfuil Aoife istigh?’ arsa Conchúr.

Pictiúr 2

Sraith Pictiúr 5

Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 5/17/11 11:59 AM Page 210

Page 10: SraithPictiúr1...15 Aonad a haon|Mé féin agus mo theaghlach 1. Cuid1denBhéaltriail:Fáiltiú1nóiméad(10marc) Ceisteannachunant-iarrthóirachuraras(h)uaimhneas–e.g.ainm,scrúduimhir,dáta

211

Aonad a cúig | Cúrsaí Ceoil

Sa cheathrú pictiúr d’iarr Conchúr ar Dhiarmaid an nóta athabhairt d’Aoife.

‘Tabhair é sin d’Aoife le do thoil’ arsa Conchúr.

‘Tabharfaidh, cinnte. Slán leat, a Chonchúir,’ arsa Diarmaid.

D’fhág Conchúr slán ag Diarmaid agus d’imigh sé abhaile.

Pictiúr 4

RólghlacadhLaethanta SaoireTasc a haonDalta (an t-iarrthóir) ag lorg eolais faoi shaoire i Maidrid. Labhraíonn an dalta (an t-iarrthóir) le gníomhaire (anscrúdaitheoir). Cumann an dalta (an t-iarrthóir) ceisteanna bunaithe ar an gcárta seo chun eolas a bhailiú faoi shaoire iMaidrid.

MaidridSaoire faoin ngrian

ÓstánVilla Real

Saoire choicíse - Mí lúilBeirt daoine fásta agus beirt pháistí - €3000

ÁiseannaClub do naíonáinClub do dhéagóirí

Seomra cluichíBialann

Teilifís satailíteTurais eagraithe

Tabhair cuairt ar:Tarbhchomhrac

agusCamp Nou

Tuilleadh eolaisGníomhaire Taistil Uí Néill

Teileafón - 094 98345Suíomh gréasáin - www.gníomhairetaistiluineill.ie

Maoin 3 Chap 1 – 5.qxp:Maoin 5/17/11 11:59 AM Page 211