rang 6 céim 6a - curriculum | ccea
TRANSCRIPT
1
IntreoirIs clár litrithe é seo a mhíníonn cód scríofa na Gaeilge. Faoi Chéim 6 ba chóir go mbeadh na páistí ábalta cuid mhór focal a léamh agus a scríobh. Sa chlár seo tá trí rannóg i gCéim 6; na gutaí fada, na gutaí gairide agus na consain. Níl sna rannóga seo ach dóigh leis na fuaimeanna a eagrú, níl sé sin déanta in ord tábhachta. Ní gá na leabhair ná na fuaimeanna a dhéanamh in ord áirithe. Is féidir bogadh ó leabhar go leabhar agus fuaimeanna a chlúdach de réir mar a fheiceann an múinteoir go bhfuil gá leo don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht. Tá leabhar breise ann chomh maith do Rang 6 ina ndéanfar na ‘píosaí coitianta’ a bhíonn i bhfocail Ghaeilge, m.sh. aith, mhar, eoir, tha.
Is sa leabhar seo a amharcfaidh na páistí ar na féidearthachtaí a bhaineann leis na gutaí fada. Tá bealach amháin le guta fada a léiriú déanta go dtí seo ach, anseo, amharcfar ar na féidearthachtaí éagsúla atá ag na fuaimeanna céanna. Is leis na gutaí fada sa Ghaeilge a bhaineann an rogha is mó maidir leis an dóigh lena scríobh, m.sh. mé/tae, talamh/madadh, mamaí/tógfaidh.
Liostaí FocalMoltar faoi Chéim 6 go mbeidh liosta focal le foghlaim gach seachtain ag gach páiste. Is liosta é seo a fhoghlaimeoidh an páiste trí ghníomhaíochtaí agus straitéisí éagsúla agus ansin, triail, nó scrúdú ar an Aoine. Déanfar gach fuaim, ceann ar cheann, agus moltar seachtain a chaitheamh ar gach fuaim, gníomhaíochtaí ranga agus obair bhaile san áireamh. Sna liostaí seo tá focail radhairc nó focail mhinice ann agus iad ag teacht le fuaim na seachtaine sin. Rinneadh cinnte de go bhfuil na focail is coitianta ann de réir thaighde Breacadh agus COGG chomh maith leis na focail atá sa chlár Féasta Focal de chuid CCEA. Mar sin, beidh na scileanna ag na páistí dul i ngleic le focail trí fhuaimeanna agus trí radharc, agus na straitéisí cuí a chur i bhfeidhm san fhoghlaim. In amanna, níl ann ach sampla amháin d’fhéidearthacht áirithe ar fhuaim ach tá sé ar an liosta de thairbhe gur focal tábhachtach é.
Cód na Gaeilge Rang 6Ag Fiosrú Focal
Na Gutaí Fada
2
Obair BhaileTá cúig cheacht ann do gach fuaim don tseachtain. Tá obair bhaile molta ó lá 2 ar aghaidh. Moltar gan an liosta focal a chur abhaile go dtí go mbeidh cúpla ceacht déanta ar scoil agus tuiscint cheart ag an pháiste ar an fhuaim chuí. Má tá tú ag iarraidh an liosta focal a chur abhaile ar an chéad lá, déan cinnte de go bpléitear an fhuaim ar scoil agus go mbíonn seans ag an pháiste an fhuaim chuí a chluinstin sa sliocht.
DifrealúTá roghanna breise anseo ar an eolas a bhí ann ag Rang 5 nuair is féidir. Tá na liostaí focal leagtha amach de réir roghanna agus tá spásanna i ngach liosta le go dtig leis na páistí a bhfocail féin a chur isteach. Léirítear na roghanna seo ag barr gach liosta. Tá athchleachtadh ar na roghanna a rinneadh i Rang 3, 4 agus 5, tá roghanna nua ann agus, nuair is féidir é, tá rogha bhreise ann mar dhúshlán do pháistí áirithe. Ansin, tá boscaí folamha ann le gur féidir focail a bhaineann le téama nó focail eile atá de dhíth agus atá ag teacht le fuaim na seachtaine sin, a chur leis an liosta. Is féidir níos lú roghanna a thabhairt do pháistí eile agus ar an dóigh seo is féidir ábaltachtaí éagsúla a theagasc san aon cheacht amháin.
StraitéisíÚsáidtear straitéisí éagsúla anseo don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht do gach cineál foghlaimeora. Tá gníomhaíochtaí fisiciúla ann chomh maith le gníomhaíochtaí ‘peann agus páipéar’. Tá cleasanna éagsúla molta chomh maith agus oibreoidh na páistí amach cé acu straitéis is fearr leo. Is ionann breacscríbhneoireacht agus focal a scríobh arís is arís eile, é ceangailte nó i bpatrún éigin. Is ionann focal a scríobh i mbolgán cainte agus carachtar a dhéanamh le bolgán cainte agus an focal áirithe a chleachtadh sa bholgán sin. Moltar cearnóga fuaime a úsáid in amanna. Is é sin cearnóga páipéir réamhghearrtha a dtig leis na páistí na focail a chleachtadh orthu. Moltar chomh maith clár bán a bheith ag na páistí le rudaí a thriail agus a chleachtadh gan mothú gur rud buan é. Moltar leis na gaothráin agus le fuaimeanna atá
3
le gearradh amach go ndéanfaidh an páiste focail leo. Ba chóir sna ceachtanna seo go mbeadh duine eile ag tacú leis an pháiste leis na focail seo a léamh amach go fadálach.
Tá patrún sa dóigh a gclúdaítear an t-eolas ar gach fuaim. Tiocfadh páistí agus múinteoirí isteach air sin agus déanfar na ceachtanna níos gasta dá réir sin. Baineann Ceacht 5 gach seachtain le teist nó dul siar ar obair na seachtaine sin. Déantar fuaimeanna in ord minicíochta sa Ghaeilge sna focail is mó atá de dhíth ar pháistí don léitheoireacht. Níor chóir níos mó na 10 nó 15 bhomaite a chaitheamh ar na ceachtanna seo.
MeasúnúTá sleachta ag cúl an leabhair don deachtú i ndiaidh gach fuaim a chlúdach. Is féidir focail ón liosta nó deachtú a úsáid le dul siar ar obair na seachtaine. Tá leathanach taifid ann chomh maith don mhúinteoir.
Tréimhse AmaTá 6 seachtaine oibre sa phacáiste seo ar fhuaimeanna na Gaeilge, cé gur féidir cuid de na cluichí a imirt i níos mó ná aon cheacht amháin má tá athchleachtadh agus daingniú de dhíth.
Má dhéantar Gaeilge agus Béarla go comhthreomhar caithfear 6 seachtaine ag an leibhéal seo. Má dhéantar Gaeilge agus Béarla gach dara seachtain caithfear a dhá oiread ama ag an leibhéal seo. Tá an tréimhse ama ag bráth ar thaithí an ranga, an mhúinteora agus ar pholasaí na scoile.
4
Fónaic an BhéarlaMoltar an clár Linguistic Phonics a úsáid don Bhéarla nó is é sin an clár is cóngaraí maidir le cur chuige le Fónaic na Gaeilge. Déanfaidh sin na ceachtanna sa dá theanga níos fusa a eagrú agus a leanúint sa bhainistíocht ranga. Le ceachtanna gairide gasta is féidir an dá chlár a dhéanamh gach seachtain. Faoi Chéim 6/Stage 5/6 tá fuaimeanna agus focail áirithe le clúdach agus beidh liosta Gaeilge agus liosta Béarla le déanamh. Ach, is ionann na straitéisí agus an cur chuige agus, mar sin, ní gá mórán ama a chaitheamh air. Má dhéantar an dá chód, Gaeilge agus Béarla go comhthreomhar is féidir an t-eolas atá sa Chéim seo a dhéanamh níos gasta.
Ar ndóigh, má tá rang/múinteoir atá ag leanúint an cur chuige seo den chéad uair is féidir seachtain a chaitheamh ar gach fuaim ann féin, Gaeilge agus Béarla. Glacfaidh sé seo a dhá oiread an ama ach, cothóidh sé muinín sna cleachtóirí don chéad bhliain eile leis an chlár.
Tá 16 fhuaim ar fad le clúdach sa Bhéarla agus tá 10 bhfuaim le clúdach sa Ghaeilge idir ghutaí fada agus ghutaí gairide. Is féidir na píosaí coitianta a chlúdach sa Ghaeilge chomh maith ach ní gá seachtain iomlán a chaitheamh ar gach ceann acu seo.
5
á, eá, ái, áth, fhá, éa, a, ai, ea (roimh ch, rd, litir dhúbailte)
tá, breá, tháinig, fáth, ar fhás, déan, nach, teach, cairde, fearr
é, éi, éa, ao, ae, agh, aei, ogha, ei, aghaidh, aidh
mé, léim, méar, a haon, tae, laghad, Gaeilge, rogha, ceird, aghaidh, i ndiaidh
í, ío, aí, aoi, igh, aigh, idh, aidh, io, oí, uí, i, aith, aighidh
sí, níor, mamaí, aois, nigh, mothaigh, titfidh, tógfaidh, iontach, croí, suí, rith, culaith, bhfaighidh
ó, ói
stól, fóill
ó, a, ea, eo, o, aibh
rón, gabh, leabhar, leon, bodhar, raibh
ú, iú, úi, odh, omh, amh, u, adh, eadh, om, ubh
tú, siúl, dúirt, bíodh, príomh, talamh, acu, stánadh, briseadh, dom, dubh
Seo iad na féidearthachtaí ar fad atá ag na gutaí fada. Déanfar gach fuaim sa leabhar seo. Tá roinnt féidearthachtaí ag an leibhéal seo agus roghnaíodh na cinn is mó a measadh a bheadh de dhíth don léitheoireacht agus don scríbhneoireacht. Tá 6 fhuaim ann san iomlán.
6
oasnow, boat, old, toe, note, soul, though
ownow, cloud, drought
erfaster, shirt, work, hurt, colour, collar, learn, centre
eehe, sleep, eat, Pete, money, funny, chief, ski, weird
eaget, head, said
ayplay, rain, gate, April, they, break, eight, straight, vein, ballet
oodo, too, full, you, would, fruit, through, glue, flute, flew
i-eride, night, cry, find, pie
u-enew, menu, tune, issue, Europe
oytoy, boil
aw was, saw, walk, bought, taught, August
usun, touch, won, come
islit, build, mystery, pretty
arcar, heart
orfor, door, war, more, four
airstare, chair
le Jacqueline de Brún
Déanfar na fuaimeanna Béarla atá cláraithe thíos go comhthreomhar leis an dá leabhar; Na Gutaí Fada, Na Gutaí Gairide. Is féidir leathchuid acu a dhéanamh agus tú ag dul don leabhar seo agus an leathchuid eile a dhéanamh leis an leabhar Na Gutaí Gairide. Tá 16 fhuaim ar fad ann.
7
Gach íomhá agus léaráid © thinkstock.com
Clár
Ceacht 1–5: í 8–13
Ceacht 1–5: ú 14–19
Ceacht 1–5: ó (mór) 20–25
Ceacht 1–5: ó (dó) 26–31
Ceacht 1–5: á 32–37
Ceacht 1–5: é 38–43
Sleachta don deachtú 44
Leathanach Taifid an Mhúinteora 45
8
Céim 6aCeacht 1: í
Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim í.
“Tá sé seo go hiontach!” arsa an t-eolaí agus é sa phríosún. Tiocfaidh mo mhamaí ar cuairt agus tabharfaidh sí anraith léi. D’éirigh sé agus d’imigh sé anonn chuig na barraí. “Is trua nach bhfuil draíocht agam. Níor mhaith liom bheith i mo chónaí anseo agus an chulaith seo orm. Déanfaidh mé rud iontach faoi seo amárach!”
Scríobh na focail leis an fhuaim í. Déan an fhuaim le dath difriúil. Aimsigh focail eile i do leabhar léitheoireachta.
9
Céim 6a Ceacht 2: í
Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: í, ío, aí, uí, i, aoi + io, (a)igh + (a)idh, aith (agus spás d’fhocail eile).
i mo chónaí
uirthi amuigh draíocht
d’éirigh anraith smaoinigh éirigh
culaithgo
hiontachlíofa tiocfaidh
thosaigh príosún d’imigh déanfaidh
iontas uaidh i mo shuí eolaí
tógfaidh
10
Céim 6aCeacht 2: í
Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.
_________ _________ _________ _________ _________
_________ _________ _________ _________ _________
Obair BhaileSórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile. Roghnaigh do straitéis féin.
Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus straitéis lena chleachtadh. 1. Cearnóga fuaime. 2. Breacscríbhneoireacht. 3. Fuaim le dath eile.
11
Céim 6a
Obair BhaileScríobh abairtí le ____ focal ó do liosta.
Ceacht 3: í
Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim í.
Roghnaigh focail ó do liosta atá deacair. Cleacht iad a scríobh sa bhosca thíos.
Tá í sa Ghaeilge a léiríonn go bhfuil briathar san aimsir fháistineach.m.sh. déanfaidh, tógfaidh, tiocfaidh, sílfidh, brisfidh.
In amanna bíonn aidh ann agus in amanna eile bíonn idh ann. Cad chuige?
Amharc i do leabhair. Scríobh samplaí eile.
12
Céim 6aCeacht 4: í
Níor tharla sé go fóill! Ach tarlóidh sé! Ní thig linn é a stopadh!Scríobh na habairtí seo arís san aimsir fháistineach. Bí cúramach le deireadh na bhfocal.
Déanaim mo chuid oibre ag an tábla.
............................................................................................................
Bhris mo dheartháir mo chluiche.
............................................................................................................
Tagann an múinteoir isteach ina bróga tí.
............................................................................................................
Thóg m’uncail an carr sin gan stró.
............................................................................................................
Síleann daoine go bhfuil mé glan ar mire.
............................................................................................................
Chuaigh mé chuig an chruinniú sin.
............................................................................................................
Obair BhaileCuir líne faoi gach í ar do liosta focal. Cleacht na focail le do rogha straitéis.
An Aimsir Fháistineach
13
Céim 6a Ceacht 5: í
Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim a scríobh.
Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.
Bain triail as na focail anseo.
14
Céim 6aCeacht 1: ú
Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim ú.
Is séasúr é an samhradh. Is é an samhradh an séasúr is teo sa bhliain. Bíonn grianstad ann sa samhradh nuair a bhíonn an ghrian ag soilsiú níos faide ná lá ar bith eile. Ar ndóigh, tá an ghrian contúirteach do na súile agus bíonn ort bheith cúramach. Bíodh a fhios agat nár chóir stánadh ar an ghrian. Déanann an ghrian dochar dom féin, bíonn mo shúile ag sileadh agus bím ag caoineadh.
Scríobh na focail leis an fhuaim ú. Déan an fhuaim le dath difriúil. Thig leat focail eile a fháil i do leabhar léitheoireachta más maith leat.
15
Céim 6a Ceacht 2: ú
i mo chodladh
súile fréamh deireadh
glúin agallamh rompu dúirt
príomh fúinn síniú ríomh
caoineadh ciúin bíodh saighdiúir
cosúil dom scríobh chucu
dubh
Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: ú, u, adh, iú, amh, úi, omh, odh + om, ubh, obh (agus spás d’fhocail eile).
16
Céim 6aCeacht 2: úG
earr
am
ach
na fo
cail
agus
sór
táil
ar a
n tá
bla
thío
s ia
d.
____
____
___
____
___
____
____
___
____
___
____
____
___
____
___
____
____
___
____
___
____
____
___
____
___
____
____
_
Ob
air
Bh
aile
Sórt
áil d
o lio
sta
foca
l arís
agu
s cl
each
t foc
ail e
ile. R
oghn
aigh
do
stra
itéis
féin
.
Rog
hnai
gh fo
cal n
ach
bhfu
il tú
cin
nte
faoi
agu
s st
raité
is le
na c
hlea
chta
dh.
1. C
earn
óga
fuai
me.
2. B
reac
scrí
bhne
oire
acht
. 3. F
uaim
le d
ath
eile
.
17
Céim 6a Ceacht 3: ú
Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim ú.
Obair BhaileScríobh abairtí le ____ focal ó do liosta.nóAimsigh samplaí eile d’fhocail le ú i do leabhair. Roghnaigh straitéis agus bain triail as focail ó do liosta a scríobh.
Scríobh ceann de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.
Léigh na focail seo.
acu chucu rompu orthuCad é a thug tú faoi deara faoin ú sna focail seo?
…………………………………………………….…………………….…………
18
Céim 6aCeacht 4: ú
Cuir an ú ceart sna focail seo. Ansin scríobh an focal iomlán.
Obair BhaileAmharc ar na focail chucu agus rompu. Scríobh abairt faoin ú sna focail seo agus cuir in abairtí iad. Cleacht … focail ó do liosta. Roghnaigh do straitéis féin.
d.....rt rí.....
caoin.....
fré.....
bí.....
agall.....
s.....le cos.....l
saighd....r
romp.....
sín.....nasc.....
d.....
Scríobh na roghanna atá agat le ú a scríobh.
19
Céim 6a Ceacht 5: ú
Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim a scríobh.
Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.
Bain triail as na focail anseo.
20
Céim 6aCeacht 1: ó (mór)
Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim ó.
Is gás gorm é ózón agus tá sé mar chuid d’atmaisféar an domhain ar leibhéal íseal. Is drochrud é ózón a bheith san atmaisféar ach is rud maith é an ciseal ózóin a chosnaíonn an domhan ó sholas ultraivialait. Baineann ózón san atmaisféar ar domhan le breosla iontaise. Beidh orainn bheith cúramach agus ár nósanna a athrú nó níl a fhios againn cad é atá romhainn agus muid inár gcónaí ar an domhan seo.
Scríobh na focail leis an fhuaim ó. Déan an fhuaim le dath difriúil. Thig leat focail eile a fháil i do leabhar léitheoireachta más maith leat.
21
Céim 6a Ceacht 2: ó (mór)
Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: ó, aibh, ea, a, o, omh + ói, eo(agus spás d’fhocail eile).
fómhar gabhair nócha
mórtasach domhain móin
ag tabhairt ní raibh leon
gheobhaidh comhrá chomh
Dé Domhnaigh
romham cónaí
ar fheabhas amhrán gabh
amhráin labhair
22
Céim 6aCeacht 2: ó (mór)
Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.
_________ _________ _________ _________
_________ _________ _________ _________
Obair BhaileSórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile. Roghnaigh do straitéis féin.
Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus straitéis lena chleachtadh. 1. Cearnóga fuaime. 2. Breacscríbhneoireacht. 3. Fuaim le dath eile.
23
Céim 6a Ceacht 3: ó (mór)
Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim ó.
Obair BhaileScríobh abairtí le … focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
Scríobh ceann de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.
24
Céim 6aCeacht 4: ó (mór)
Tá roinnt dóigheanna ann sa Ghaeilge le focail a chur san uimhir iolra.
Cuir na focail thíos san uimhir iolra agus ansin scríobh abairt faoin iolra áirithe seo.
………………………………………………………………………………………
Dathaigh an fhuaim ó i ngach iolra atá déanta agat.
Obair BhaileScríobh abairtí le … focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
Aimsigh samplaí eile den iolra seo i do leabhar agus scríobh sa bhosca thíos iad.
leabhar
....................
gabhar
....................
amhrán
....................
domhan
....................
fómhar
....................
25
Céim 6a Ceacht 5: ó (mór)
Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim a scríobh.
Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.
Bain triail as na focail anseo.
26
Céim 6aCeacht 1: ó (dó)
Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim ó.
Chríochnaigh Samuel Johnston an chéad fhoclóir Béarla sa bhliain 1755. Bhí foclóirí gairide ann roimhe sin ach ní raibh an t-eolas iomlán iontu. Roimhe sin bhí argóintí agus agóidí ann faoin dóigh le focail a litriú. An cuspóir a bhí leis an fhoclóir go mbeadh daoine ag litriú focalar an dóigh chéanna agus go mbeadh deireadh leis na hargóintí.
Scríobh na focail leis an fhuaim ó. Déan an fhuaim le dath difriúil. Thig leat focail eile a fháil i do leabhar léitheoireachta más maith leat.
27
Céim 6a Ceacht 2: ó (dó)
Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: ó, ói, o, eo (agus spás d’fhocail eile).
an t-eolaí eolaí eolach paróiste
argóint calóga cuspóir foclóir
glórmhar go deo dóigh cóta
camóg dóibh trócaire stócach
ordóg óige rógaire ordaithe
agóid
28
Céim 6aCeacht 2: ó (dó)
Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.
_________ _________ _________ _________
Obair BhaileSórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile. Roghnaigh do straitéis féin.
Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus straitéis lena chleachtadh.1. Cearnóga fuaime. 2. Breacscríbhneoireacht. 3. Fuaim le dath eile.
29
Céim 6a Ceacht 3: ó (dó)
Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim ó.
Obair BhaileScríobh abairtí le … focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
Scríobh ceann de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.
Léigh an dá fhocal seo go cúramach. Cad é an difear?
donn dónn………………………………………………………………………………………
30
Céim 6aCeacht 4: ó (dó)
In amanna bíonn sé níos fusa focail a litriú má bhristear ina bpíosaí iad.Scríobh na píosaí sna boscaí faoi na focail. Ansin, scríobh sa bhosca mhór thíos iad agus tú ag smaoineamh ar na píosaí.
Obair BhaileCuir líne faoi gach ó ar do liosta focal. Cleacht na focail ar chearnóga páipéir.
eolach foclóir glórmhar
agóid cuspóir eolaí
dóigh
ordaithe
camóg
paróiste
rógaire
trócaire
31
Céim 6a Ceacht 5: ó (dó)
Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim a scríobh.
Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.
_______ _______ _______ _______
Bain triail as na focail anseo.
32
Céim 6aCeacht 1: á
Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim á.
Is álainn ar fad iad cuid de na bláthanna a d’fhás go nádúrtha i mo ghairdín. Is maith liom an caisearbhán ach go háirithe. D’fhás siad go hard i mí Bealtaine i mbliana. Tá maitheas mór sa chaisearbhán. Is féidir na duilleoga a chur i sailéad agus is féidir fíon a dhéanamh leo. Tá vitimíní iontu agus is maith leis na beacha an neachtar atá iontu.
Scríobh na focail leis an fhuaim á. Déan an fhuaim le dath difriúil. Thig leat focail eile a fháil i do leabhar léitheoireachta más maith leat.
33
Céim 6a Ceacht 2: á
Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: á, eá, ea, éa, ai, ái + áth (agus spás d’fhocail eile).
tháinig fágtha d’fhás go háirithe
meán álainn ag fágáil d’fhás
sneachta náisiúnta tairne maitheas
nádúrtha d’fhág úsáid de dhéantús
leáite a fháil teachtaireacht fáth
déanta
34
Céim 6aCeacht 2: á
Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.
_________ _________ _________ _________
_________ _________ _________
Obair BhaileSórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile. Roghnaigh do straitéis féin.
Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus straitéis lena chleachtadh. 1. Cearnóga fuaime. 2. Breacscríbhneoireacht. 3. Fuaim le dath eile.
35
Céim 6a Ceacht 3: á
Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim á.
Níl difear san fhuaim idir á agus a. Tá ceann acu fada agus tá an ceann eile gairid. Ní i gcónaí a bhíonn síniú fada ar an á!
In amanna bíonn á sa chaint ach scríobhtar mar a gairid é. Tarlaíonn seo roimh litreacha dúbailte, ch, rn, rd, rl.
Tá fuaim á san fhocal teacht ach scríobhtar gairid é!
Obair BhaileScríobh abairtí le … focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
Scríobh cuid de na focail ó do liosta féin mar bhreacscríbhneoireacht.
Áááá-Aaa!
36
Céim 6aCeacht 4: á
Nuair atá rud déanta tá sé déanta!Léigh na habairtí seo agus cuir isteach an focal atá ar iarraidh.Bí cúramach leis an á!
Bhí mé ag déanamh mo chuid oibre anseo an lá ar fad.
Anois, tá sé ............
Bhí an sneachta ag leá ó bhí an Luan ann.
Anois, tá sé ............
Bhí na caisearbháin ag fás leo sa ghairdín.
Anois, tá siad ............
Bhí mé ag ithe na milseán sin an lá ar fad.
Anois, níl ach beirt ............
Obair BhaileCuir líne faoi gach á ar do liosta focal. Cleacht na focail ar chearnóga páipéir. Déan an focal déan.
Cad é atá suimiúil faoin á atá san fhocal seo?
37
Céim 6a Ceacht 5: á
Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim a scríobh.
Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.
Bain triail as na focail anseo.
38
Céim 6aCeacht 1: é
Léigh an sliocht seo os ard le do chara. Cuir líne faoi na focail ina bhfuil an fhuaim é.
Tá nós ag éin eitilt le chéile i ngrúpa nó in ealta. In amanna bíonn na céadta éan ag eitilt le chéile mar seo. Is dócha go mbaineann sé leis an seanfhocal ‘ar scáth a chéile a mhairimid’ agus go mbíonn na héin cosanta in ealta. Sa Danmhairg tugtar Grian Dhubh (sort sol) ar thréimhsí sa bhliain nuair a thagann éin le chéile sa spéir agus nuair a dhéanann siad cruthanna éagsúla le chéile.
Scríobh na focail leis an fhuaim é. Déan an fhuaim le dath difriúil. Thig leat focail eile a fháil i do leabhar léitheoireachta más maith leat.
39
Céim 6a Ceacht 2: é
Seo liosta focal na seachtaine seo. Na roghanna: é, éi, éa, ae, ei, ao, agh, aghaidh + aidh, ogha (agus spás d’fhocail eile).
fréamh gné aerfortar a
laghad
éin rogha i ndiaidh éan
a haon aghaidh céadta aonaid
gléasta éigin ní bheidh le chéile
féidir bheith slaghdán féin
néata
40
Céim 6aCeacht 2: é
Gearr amach na focail agus sórtáil ar an tábla thíos iad.
_________ _________ _________ _________ _________
_________ _________ _________ _________ _________
Obair BhaileSórtáil do liosta focal arís agus cleacht focail eile. Roghnaigh do straitéis féin.
Roghnaigh focal nach bhfuil tú cinnte faoi agus straitéis lena chleachtadh.1. Cearnóga fuaime. 2. Breacscríbhneoireacht. 3. Fuaim le dath eile.
41
Céim 6a Ceacht 3: é
Amharc i do leabhar léitheoireachta. Léigh os ard é. Scríobh na focail ina bhfuil an fhuaim é.
Obair BhaileScríobh abairtí le ____ focal ó do liosta.Roghnaigh straitéis agus bain triail as na focail a scríobh.
Léigh na focail seo go cúramach.
bear béar cead céad fear féar leacht léacht teann téann
Cad é an difear? …………………………………………………………………
Roghnaigh …… de na péirí focal agus cuir in abairtí iad.
42
Céim 6aCeacht 4: é
Aimsigh focail ó do liosta ar an ghréasán thíos. Déan an fhuaim é le dath eile.
b t a t a é n rz r o g h a b sg o n é i n i éú p a ó f c v ár r i l p h s jl e d h d i e bm a g h a i d ho l n n a d l eí p é i n t m ia b s j z u b tc d f r é a m h
Scríobh na focail a d’aimsigh tú sa bhosca thíos.
Obair BhaileCuir líne faoi gach é ar do liosta focal. Cleacht na focail ar chearnóga páipéir.
43
Céim 6a Ceacht 5: é
Scríobh liosta de na dóigheanna ar féidir an fhuaim a scríobh.
Scríobh na focail/an sliocht sa chearnóg thíos nuair a léifidh an múinteoir iad/é.
Bain triail as na focail anseo.
Sleachta don deachtú
44
Céim 6a
Is féidir sliocht a léamh nó focail ó liosta na seachtaine a léamh ar an Aoine mar dhul siar. Is meascán d’fhocail ó na liostaí agus focail radhairc iad na focail atá sna sleachta seo.
í
Tá mé i mo chónaí le m’aintín agus déanann sí anraith iontach. Má bhím amuigh lá fuar déanfaidh sí anraith dom. Lá amháin, d’imigh sí le culaith a fháil ach de ghnáth bíonn gúna uirthi.
ú
Dúirt an saighdiúir gur scríobh sé scéal fúinn. Níor scríobh sé an deireadh go fóill nó bhí a shúile tuirseach. Chuir sé síniú ar an scéal agus chuaigh sé a chodladh.
ó (mór)
An fómhar a bhí ann agus bhí na gabhair chomh sásta le … gabhair! Bhí siad amuigh ar an chnoc romham Dé Domhnaigh agus cheol mé amhrán ar mo bhealach suas. Tá nócha gabhar agam.
ó (dó)
Is duine an-eolach é an stócach sin. Sílim gur eolaí é ach is cinnte gur rógaire é. Bhí foclóir an-mhaith aige agus é níos óige ach níl sé glórmhar anois.
á
An rud nádúrtha é nó an rud de dhéantús an duine é? Is rud nádúrtha é an sneachta. Tá sé álainn ach ní maith liom é nuair a bhíonn sé leáite. Níl ann ach uisce ansin!
é
Tá slaghdán orm anois i ndiaidh dom bheith san aerfort sin. Bhí na céadta duine ann agus iad cóngarach dá chéile. Ní bheidh mé ar ais san aerfort ar a laghad go dtí an bhliain seo chugainn.
45
Leathanach Taifid an MhúinteoraCéim 6a
Ainm an dalta –
An fhuaim……mar atá sna focail/
sna frásaí…Cláraigh, nótaí
í, ío, aí, uí, i, aoi, io, aigh, aidh, aith
bígí síoda eolaí guí fiche saoirse iontas
mothaigh tógfaidh culaith
ú, u, adh, iú, amh, úi, omh,
odh, om, ubh, obh
lúth cumha toradh ísliú sásamh fúinn
príomh sníodh dom dubh scríobh
ó, aibh, a, ea, o, omh, ói, eo
mórtas raibh gabhair ar fheabhas bodhar
Domhnach tóin leonta
ó, o, ói, eotrócaire ordaithe
dóite ceo
á, eá, ea, éa, ai,
ái, áth
cábla seál gearr déanfar tairne tháinig
tráth
é, éi, éa, ae, eiao, agh, aghaidh,
aidh, ogha
gné aréir tréan aerfort eitilt aostaar a laghad aghaidh
i ndiaidh rogha
Iarr ar an pháiste an fhuaim a rá agus na focail shamplacha a léamh. Cláraigh an rud a deir an páiste ag úsáid an chóid.
t – tosaithe/ – dul siar déantax – daingnithe