réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna deis. maoiniú chun píolótú a...

40

Upload: others

Post on 27-May-2020

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil
Page 2: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

1

Réamhrá

Leagtar amach sa Plean Gniomhaiochta don Oideachas 2016-2019 ar Raiteas Straiteise ina bhfuil sprioc uaillmhianach chun an tseirbhis oideachais agus oiliúna is fearr san Eoraip a dheanamh de sheirbhis oideachais agus oiliuna na hEireann faoin mbliain 2026.

I mi Feabhra na bliana seo, d’fhoilsigh muid ar bPlean Gniomhaiochta don Oideachas 2017. Ag éirí as straiteis agus plean 2016-2019, leagtar amach sa Phlean Gniomhaiochta bliantuil breis agus 400 gniomh atá dirithe go sonrach ar ar spriocanna a bhaint amach chun:

1. Feabhas a chur ar an eispeireas foghlama agus ar rath na bhfoghlaimeoiri

2. Feabhas a chur ar dhul chun cinn foghlaimeoiri ata i mbaol mibhuntaiste oideachais no foghlaimeoiri a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

3. Cabhru leo siud a chuireann seirbhisi oideachais ar fáil chun a bheith ag feabhsú de shíor.

4. Naisc nios laidre a dheanamh idir an t-oideachas agus an pobal i gcoitinne

5. Feabhas a chur ar sheirbhisi naisiunta pleanala agus tacaiochta

Léirítear sa Phlean Gniomhaiochta don Oideachas 2017 an clar suntasach um athchoiriu straiteiseach ata ar bun san oideachas agus san oiliuint, agus aithnitear leis an tabhacht ata le feidhmeanna gno rithabhachtacha chun leanunachas gno agus caighdean seirbhise a airithiu dar bpairtithe leasmhara go leir. Ta muid ag feidhmiu i dtimpeallacht atá dushlanach agus casta, arna munlu go hairithe ag athruithe eacnamaiochta, soisialta, teicneolaiochta, culturtha agus deimeagrafacha. Ta muid tiomanta i dtreo cur chuige comhairliuchain a bheith againn maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm ar bpolasaithe. Is leiriu iad na gniomhartha ar thionchar, ar chastacht agus ar ilchinealacht na gcoras oideachais agus oiliuna in Eirinn, chomh maith leis na dushlain agus na ceisteanna a bhaineann leis na hearnalacha eagsula amhail na luathbhlianta, an bhunscolaiocht agus an iar-bhunscolaiocht agus breisoideachas agus ardoideachas agus oiliuint. Airitear sraith tascairi agus spriocanna le faireachán a dheanamh ar fhorbairt i dtreo na torthai agus na spriocanna a bhaint amach. Ta dul chun cinn á dhéanamh ar an obair atá ar siúl chun forbairt bhreise a dhéanamh ar na tascairi cui agus ar bhearta d’fhonn faireachan a dheanamh ar thionchar agus ar thorthai.

Is e seo an ceathru tuarascail ar dhul chun cinn Phlean Gniomhaiochta don Oideachas 2017. Tugtar achoimre ar an dul chun cinn ata deanta ar na bearta agus fo-bhearta ata le solathar le linn an cheathru raithe den bhliain 2017, agus leantar den fhoilseachán a rinneadh ar an tríú tuairisc, i mí Dheireadh Fómhair, maidir leis an dul chun cinn do 2017 . Cuirtear sonrai ar fail maidir leis an meid a baineadh amach le linn na treimhse seo, chomh maith le tuarascáil suas chun data a chur ar fail maidir leis an dul chun cinn suntasach a rinneadh, ach leiritear inti cas ar bith ina raibh ga an spriocdhata a leasu go sprioc tar eis raithe 4.

Léargas Ginearálta

Seo a leanas na bearta ata le seachadadh faoi dheireadh raithe 4, 2017

Bhi 191 beart agus fo-bheart sa phlean Gniomhaiochta don Oideachas 2017 le seachadadh faoi dheireadh raithe 4 (lena n-áirítear bearta ar lean ó ráithe 1 go 3). Ar an iomlán, as na 191 beart agus fo-bheart atá le seachadadh i ráithe 4, baineadh amach 141 ar fad astu sin, ar rata criochnaithe 74% é sin.

Ar na bearta ata bainte amach le linn raithe 4 den phlean Gniomhaiochta don Oideachas 2017, airitear:

Page 3: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

2

Sprioc 1: Eispeireas foghlama agus rath na bhfoghlaimeoiri a fheabhsu

Leagtar amach i Ráiteas Beartais Oideachais ETIM 2017-2026 agus i bPlean chur chun feidhme ETIM 2017 -2019, a foilsíodh ar an 27 Samhain go bhfuil sé beartaithe ceannródaí Eorpach a dhéanamh d’Eirinn in oideachas ETIM faoi 2026.

Nasc idir Theangacha - Foilsíodh Straitéis na hÉireann um Theangacha Iasachta san Oideachas 2017 - 2026 agus Plean chur chun feidhme 2017 - 2022 ina leagtar amach bearta chun líofacht a fheabhsú, méadú ar líon na dteangacha a mhúintear agus cláir thumoideachais a mhéadú.

Eolaíocht Ríomhaireachta na hArdteistiméireachta á tabhairt isteach den chéad uair, agus leis sin eisíodh glao chuig scoileanna i mí na Samhna ag iarraidh orthu iarratas a dhéanamh chun páirt a ghlacadh i bhfeidhmiú céimneach chéim 1 ó Ráithe 3, 2018.

Bronnadh Próifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) ar an gcéad chohórt d'fhoghlaimeoirí, thart ar 60,000 mac léinn ar fad ann.

Tús curtha leis an gcuid den mheasúnacht phraiticiúil sna sonraíochtaí nua le haghaidh Bhitheolaíocht, Fhisic agus Cheimic na hArdteistiméireachta

Uasghrádú ar an leathanbhanda curtha i gcrích ar 1,100 bunscoil faoi Scéim Rochtana Leathanbhanda na Scoileanna.

Tosaíodh ar chlár píolótach de Chreatlach Inniúlachta TFC UNESCO i 50 scoil. Féachann an clár píolótach le cur síos a dhéanamh ar na hinniúlachtaí a chaithfidh múinteoir TFC a neadú go héifeachtach sa teagasc agus san fhoghlaim agus cabhrú le forbairt ghairmiúil múinteoirí a chur ar an eolas.

Cuireadh tús le próiseas tairisceana le haghaidh soláthar na gclár BEd agus MEd do mhúinteoirí uaillmhianacha agus do mhúinteoirí atá ag obair cheana féin i scoileanna lán-Ghaeilge mar chuid de straitéis Oideachas na Gaeltachta.

Seoladh an Ciste Sármhaitheasa Scoile agus €1.8m de mhaoiniu ar fail le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil.

Sprioc 2: Feabhas a chur ar dhul chun cinn na bhfoghlaimeoiri ata i mbaol mibhuntaiste oideachais no na bhfoghlaimeoiri a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) ag tacú le

scoileanna chun an múnla leithdháilte nua maidir le Riachtanais

Speisialta Oideachais a chur chun feidhme chomh maith le tacaíocht

bhreise, treoir, forbairt ghairmiúil leanúnach agus oiliúint a chur ar fáil.

Sprioc 3: Cabhrú leo siud ata ag solathar seirbhisi oideachais d’fhonn feabhsu ar bhonn leanunach

Rinne an Roinn athbhreithniú ar na Nósanna Imeachta um Chosaint

Leanaí a foilsíodh in am chun tús a chur leis an Acht um Thús Áite do

Leanaí an 11 Nollaig 2017.

Réimse tacaíochtaí atá ar fáil tríd an An Lárionad um Cheannaireacht

Scoile a leathnú amach chun clár iarchéime a chur san áireamh le

haghaidh ceannairí scoile a spreagadh. Traenáil agus meantóireacht

bunaithe mar chuid den chóras.

Samhail oiliúna maidir le seachadadh an Chláir SafeTalk faoi

fhéinmharú, clár arna fhorbairt agus arna chur ar fáil trí líonra an Ionaid

Oideachais.

Page 4: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

3

Samhail nua meastóireachta curaclaim agus samhail meastóireachta ar

sholáthar do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

príomhshruthaithe i mbunscoileanna.

Measúnú ar an gcúrsa iar-Ardteistiméireachta a foilsíodh, lena

ndearbhaítear ról dearfach an chláir agus ina leagtar amach moltaí le

haghaidh tuilleadh forbartha.

Tosaíodh ar mheasúnacht ar na Cláir Oiliúna iar-Ardteistiméireachta

agus Sainscileanna SDOG, d’fhonn tionchar na sceimeanna seo a

fheabhsú.

Sprioc 4: Naisc nios laidre a thogail idir an t-oideachas agus an pobal i gcoitinne

26 printíseacht náisiúnta nua ceadaithe d'fhorbairt bhreise i réimsí ó Bheochan go Cúram Sláinte agus an dara glao ar thograí maidir le forbairt printíseachtaí nua fógartha.

Tá 8 gcúrsa nua oiliúna forbartha agus anois 222 duine cláraithe orthu faoi seo. Tá oiliúintí ar fáil anois i réimse de thionsclaíochtaí, lena n-áirítear cúram, foirgníocht, innealtóireacht, faisean agus áilleacht, airgeadas, TFC, spórt agus lóistíocht.

Cuireadh amach tairiscintí maidir le Forbairt Bainistíochta Athbhreithnithe chuig breis agus 800 de FBManna atá faoi bainistíocht úinéara, i réimsí ar nós straitéis agus fás gnó.

Seoladh an Óige Chruthaitheach ar an 6 Nollaig 2017 agus é mar aidhm aige a chinntiú go mbíonn rochtain phraiticiúil ag gach leanbh in Éirinn ar theagasc, eispéireas agus rannpháirtíocht i gceol, drámaíocht, ealaín agus códú faoi 2022

An tríú fóram náisiúnta ar Oideachas um Fhorbairt Inbhuanaithe a tionóladh ar an 15 Samhain 2017 chun cuidiú leis an Roinn an t-athbhreithniú meántéarma a ullmhú ar an Straitéis Náisiúnta um Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe in Éirinn, 2014-2020

Foilsíodh Creat Feidhmíochta an Chórais Ardoideachais 2018-2020 ar an 15 Eanáir agus leagtar amach ann príomhchuspóirí an Rialtais don chóras ardoideachais sna trí bliana amach romhainn.

Sprioc 5: Feabhas a chur ar sheirbhisi naisiunta pleanala agus tacaiochta

Suíomh oibríochtúil faighte le haghaidh na Seirbhíse Gnó um Oideachas Comhroinnte agus an léas sínithe.

Dul chun cinn déanta ar Straitéis TFC de chuid na Roinne Oideachais agus Scileanna 2015-2019, agus cur chun feidhme ríomhaighneachtaí agus aistriú shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais agus Scileanna chuig an Néal

An obair dheiridh déanta ar Bhunachar Sonraí Daltaí Iarbhunscoile ar Líne lena gcuirtear ar chumas scoileanna measúnuithe daltaí a thaifeadadh don Bhearla, do ghearrchursai eile agus d’aonaid fhoghlama tosaíochta (AFTanna) agus chun Próifíl na Sraithe Sóisearaí de ghradam gnóthachtála a íoslódáil

Tugadh chun críche Suirbhé Custaiméirí 2017 a rinneadh i mí na Nollag 2017 chun measúnú a dhéanamh ar na leibhéil sástachta agus tuairimí, maidir leis na seirbhísí a sholáthraíonn an Roinn, lena gcomhlíontar tiomantas na Roinne maidir le caighdeán seachadta na seirbhíse a fheabhsú dá chustaiméirí.

Bhí an Roinn ar an ngearrliosta i dtrí chatagóir de Dhuaiseanna Feabhais agus Nuálaíochta na Státseirbhíse, agus bhain amach an chéad áit sa chatagóir Nuálaíochta don tionscadal, Samhail Nua le haghaidh Múinteoirí Oideachais Speisialta a Leithdháileadh ar Scoileanna

Ar phriomhfhorbairti agus fógraí eile a rinneadh le linn an cheathrú raithe ta:

Page 5: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

4

Bhí daltaí bunscoile na hÉireann i measc na ndaltaí is airde gnóthachtáil san AE agus an ECFE i dtástáil idirnáisiúnta na bunlitearthachta PIRLS 2016 (a foilsíodh in 2017). Rinne daltaí Éireannacha go rímhaith ar an measúnú nua ar an léitheoireacht ar líne in ePIRLS, agus Singeapór amháin a bhain áit níos airde ná Éire amach sa triail seo.

Léirítear sa Tuarascáil ar Rátaí Coinneála Daltaí i Scoileanna Dara Leibhéal go bhfuil rátaí coinneála na hArdteistiméireachta ag an leibhéal is airde riamh agus go bhfuil rátaí críochnaithe scoile Ardteistiméireachta agus an Teastais Shóisearaigh in Éirinn ar na cinn is airde san Eoraip. Tá feabhsuithe suntasacha ar leith le sonrú i scoileanna DEIS, mar a luaitear sa tuarascáil.

Cuirfear tús le hábhar nua inscrúdaithe Ardteistiméireachta, an Corpoideachas (AC) i scoileanna i mí Mheán Fómhair 2018, agus is féidir le scoileanna iarratas a dhéanamh anois chun páirt a ghlacadh sa chéad chéim den chur chun feidhme. Tabharfar isteach ag an am céanna Creat do Chorpoideachas na Sraithe Sinsearaí (SSC), nach bhfuil le scrúdú.

Iompaíodh an fód ar Thionscadal Coiriochta do Mhic Leinn, ar fiu €30 milliún é, ag Teach Oisín, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Soláthróidh sé sin 250 spás leapa, seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas, aonaid mhiondíola, aonad sláinte, áiseanna spóirt agus áineasa agus spás tacaíochta Eastát agus Áiseanna nuair a bheidh sé críochnaithe.

Tá 130 cúntóir riachtanais speisialta breise curtha ar fáil le leithdháileadh ar scoileanna an chuid eile den scoilbhliain (Eanáir - Meitheamh 2018) mar chuid d'ardú foriomlán 1,000 cúntóir riachtanais speisialta in 2018.

Beidh an tIonad Náisiúnta Acmhainní um Thaighde Frithbhulaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath ag treorú tionscadal nua Eorpach go ceann dhá bhliain, ar a dtugtar DisAbuse, agus díreofar ar cheist na bulaíochta ar dhaoine faoi mhíchumas trí straitéisí oiriúnacha coisctheacha agus frithbhulaíochta a aithint. Tá an tionscadal maoinithe ag an Údarás um Ard-Oideachas agus Clár Erasmus+ an Aontais Eorpaigh.

Foilsíodh dhá thuairisc um Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann, Cáilíocht laistigh den Ard-Oideachas agus Creidiúnú Comhlacht Gairmiúil in Institiúidí Ardoideachais in Éirinn. Soláthraítear leo fianaise ar ghníomhaíochtaí um dhearbhú cáilíochta agus feabhsaithe cáilíochta in institiúidí ardoideachais atá maoinithe go poiblí, agus, den chéad uair, tugtar pictiúr soiléir ar an gcaoi ina bhfuil creidiúnú gairmiúil san Ard-Oideachas.

Déanfaidh Éire óstáil ar an 10ú Comhdháil Eorpach maidir le Comhionannas Inscne san Ardoideachas in 2018, an chéad uair don chomhdháil mhórbhliantúil seo a bheith ar siúl in Éirinn. Ó 1998 i leith, thug na comhdhálacha Eorpacha seo na céadta cleachtóir comhionannais idirnáisiúnta, taighdeoirí agus riarthóirí ón Eoraip le chéile chun plé a dhéanamh ar na dúshláin a bhaineann le cúrsaí inscne sa saol acadúil, cur chun cinn comhionannas inscne, agus idirghabhálacha san Ard-Oideachas.

Fógraíodh maoiniú €6.3 milliún chun tacú le hathstruchtúrú leanúnach ar chúrsaí ardoideachais trí chéile, lena n-áirítear forbairt ar thionscadail cuibhreannas atá ag iarraidh dul i dtreo a n-ainmnithe mar Ollscoileanna Teicneolaíochta.

Beidh níos mó ná dhá oiread an mhaoinithe ar fáil le cur chun feidhme na Straitéise Oideachais Gaeltachta, ó €1m in 2017 go €2.3m in 2018. Tabharfaidh sé seo tacaíocht do scoileanna a ghlacann páirt i scéim Aitheantas Scoile Gaeltachta agus do chur chun feidhme gníomhartha beartais eile Gaeltachta.

Fógraíodh athruithe chun tacú le ceannairí scoile, lena n-áirítear 1,300 post breise a chur chun cinn maidir le ceannaireacht in iarbhunscoileanna. Tógann na poist seo ar na 1,300 post breise a cuireadh chun feidhme cheana féin i mbunscoileanna.

D'éirigh leis an mBille Ollscoileanna Teicneolaíochta gach céim a chríochnú sa Dáil, agus thángthas céim níos cóngaraí don achtú. Cuideoidh cruthú Ollscoileanna Teicneolaíochta leis an bhforbairt réigiúnach a threorú agus níos mó deiseanna a sholáthar do dhaoine aonair, d'fhiontair agus do phobail.

Foilsíodh an tAthbhreithniú ar Chigireachtaí Dírithe ar an Oideachas sna Luathbhlianta agus léiríodh ann go soláthraíonn go leor seirbhísí réimse saibhir d’eispeiris fhoghlama do leanaí chomh maith le deiseanna taitneamhacha spraoi a dhéanann dul chun cinn ar fhorbairt thábhachtach an mheoin agus scileanna foghlama.

Page 6: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

5

Page 7: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

6

TABLA GNIOMHAÍOCHTAÍ

Sprioc 1: Eispeireas foghlama agus rath na bhfoghlaimeoiri a fheabhsu

Cuspoir 1.1 Feabhas a chur ar sheirbhisi agus acmhainni chun follaine a chur chun cinn inar bpobail scoile d’fhonn tacu leis an rath ar scoil agus sa saol

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

1 Coiste Stiúrtha um Fholláine ROS a bhunú a

dhéanfaidh, in 2017, roinnt tascanna tosaíochta, mar

atá mionsonraithe sna fo-bhearta thíos.

1.1 Athbhreithniú agus atheisiúint a dhéanamh ar ráiteas

beartais agus creat cleachtais ROS maidir le cur chun

cinn na Folláine i scoileanna, Ógtheagmháil agus

ionaid eile oideachais, i gcomhréir leis an gCreat

Cáilíochta do scoileanna 2016, “An Fholláine in Iar-

Bhunscoileanna: Treoirlínte Scoile do Chothú na

Meabhairshlainte agus do Chosc an Fheinmharaithe”

(2013), agus “Follaine i mBunscoileanna: Treoirlinte do

Chothú na Meabhairshlainte” (2015) agus na

Treoirlínte um Fholláine sa Teastas Sóisearach (2017).

Bainte amach

1.2 Athbhreithniú a dhéanamh ar an réimse tacaíochtaí

atá ar fáil faoi láthair agus ar na cláir a thairgeann an

Roinn do scoileanna i réimse na Folláine agus moltaí a

dhéanamh maidir le hailíniú níos fearr a dhéanamh ar

sholáthar agus ar thacaíochtaí éifeachtacha a bheith

ar fáil.

Bainte amach

1.3 Athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar

Chiorcláin 22/2010 agus 23/2010 chun treoir níos

cuimsithí agus níos láidre a chur ar fáil do scoileanna

maidir le húsáid éifeachtach a bhaint as cláir

sheachtracha.

Bainte amach

1.4 Treoir agus ábhair thacaíochta a fhorbairt le húsáid ag

scoileanna chun bearnaí i gcleachtas scoile a aithint i

ndáil le folláine. Tabharfaidh an próiseas seo guth

sainiúil don pháiste/duine óg agus dá dtuismitheoirí.

Bainte amach

1.5 Sraith de tháscairí folláine a fhoilsiú lena dtomhaisfear

torthaí. Bainte amach

Page 8: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

7

2 An réimse foghlama nua sa tSraith Shóisearach dar

teideal Folláine a chur chun feidhme, a dhéanfaidh

forbairt ar obair a rinneadh go dtí seo in iar-

bhunscoileanna chun tacú le folláine na ndaltaí.

2.2 Cuirfidh Foireann na Sraithe Sóisearaí clár

cuimsitheach ar Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach ar fáil

chun tacú le scoileanna maidir le cur chun feidhme na

dTreoirlínte um Fholláine

Bainte amach

2.3 Beidh síceolaithe NEPS ar fáil chun dul i gcomhairle le

scoileanna chun tacú le cur i bhfeidhm a gcláir um

Folláine na Sraithe Sóisearaí, de réir mar is cuí, lena n-

áirítear eolas a chur ar fáil maidir le tacaíochtaí atá ar

fáil.

Bainte amach

3 Tacú le gach scoil maidir le cur i bhfeidhm

"Treoirlínte um Fholláine in iar-Bhunscoileanna

maidir le Cothú Sláinte Mheabhrach agus Cosc

Féinmharaithe" (2013) agus na "Treoirlínte um

Shláinte i mBunscoileanna maidir le Cothú Sláinte

Mheabhrach" (2015).

3.1 Clár tacaíochta comhtháite a fhorbairt do gach scoil

chun na Treoirlínte um Fholláine a chur chun feidhme

agus plean feidhmiúcháin chun an clár seo a chur i

láthair gach bunscoil agus iar-bhunscoil, ar bhonn

céimnithe. Cuirfidh na Treoirlínte struchtúr soiléir

agus réasúnach ar fáil chun tacú le sláinte

mheabhrach dhearfach agus folláine a chur chun cinn i

ngach scoil.

Gan a bheith bainte amach

Tosófar ar an bPlean Feidhmiúcháin seo a sheachadadh ó mhí Mheán Fómhair 2018, ag tabhairt tosaíochta do scoileanna DEIS, ar an gcéad dul síos. Bhí an gníomh ag brath ar 1.1

6 Foirne Tacaíochta Daltaí Scoile a fhorbairt trí shraith

gníomhaíochtaí.

6.3 An tionscadal um Thacaíocht do Mhic Léinn a leathnú

chuig braisle breise de 20 Iar-bhunscoil SSP.

Bainte amach

10 Tá ROS le bheith ag obair leis an Lárionad Náisiúnta

um Threoir san Oideachas (LNTO) chun sonraí a

bhailiú maidir le cén chaoi a leithdháiltear acmhainní

treorach faoi láthair i scoileanna agus chun an Creat

um Fhorbairt Ghairme agus Foghlama LNTO do

Threoir na Scoile Uile a thabhairt chun críche.

Bainte amach

Page 9: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

8

12 Comhoibriú go dlúth leis an Roinn Sláinte agus le

Ranna eile ar an Tascfhórsa Náisiúnta maidir le

Meabhairshláinte na nÓg agus an Tionscadal

Pathfinder a bhreithníonn an dóigh is fearr le

hathléimneacht a thabhairt isteach agus a mhúineadh,

bealaí chun rudaí a láimhseáil, feasacht níos fearr a

thabhairt do leanaí agus do dhaoine óga, agus cén

dóigh don aos óg teacht ar sheirbhísí tacaíochta dá

dtoil féin.

Bainte amach

13 Tacu le tionscnaimh maidir le feasacht

frithbhulaiochta tri thacu le forbairt agus feidhmiu

céimneach ábhar oiliuna frithbhulaiochta do

thuismitheoiri, muinteoiri agus boird bhainistiochta.

13.5 Tacú leis an NPC maidir le cúrsaí oiliúna faoi fheasacht

bulaíochta a sholáthar do thuismitheoirí.

Bainte amach

14 Dearbhú cáilíochta maidir le soláthar folláine a chur i

bhfeidhm i scoileanna.

14.2 Déanfaidh an Chigireacht athbhreithniú ar an modúl

maidir le folláine i gcreat cigireachta na Luathbhlianta

mar chuid den athbhreithniú níos leithne ar

chigireachtaí atá dírithe ar oideachas sna suíomhanna

seo.

Bainte amach

14.3 Leanfaidh cigireachtaí atá dírithe ar an oideachas de

bheith ag tuairisciú ar sholáthar folláine sna

suíomhanna uile sna luathbhlianta a ndearnadh

cigireacht orthu.

Bainte amach

14.4 Cuirfear na meastóireachtaí scoile uile agus

Meastóireachtaí Curaclaim OSPS i mbunscoileanna ar

an eolas faoi na caighdeáin ábhartha atá leagtha

amach i "Ag Breathnú ar ár Scoil" chun tacú le folláine

na ndaltaí agus déanfaidh cigirí moltaí agus tacaí

tráchta do scoileanna de réir mar is cuí agus is gá.

Bainte amach

Cuspoir 1.2 “Morathru” a sholathar i bhforbairt scileanna, eolais agus inniulachtai rithabhachtacha chun an bunus a sholathar do rannphairtiocht san obair agus sa tsochai

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

15 Acmhainni curaclaim a sholathar i suiomhanna luathbhlianta chun spreagadh a thabhairt d'fheidhmiú céimneach Aistear, creat curaclaim ata ceaptha le leanai a ghabhail san fhoghlaim faoi fheiniulacht agus muintearas, fiosrú agus smaointeoireacht, follaine agus cumarsaid a dheanamh ar bhealach taitneamhach agus

Page 10: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

9

dushlanach. Tugtar treoirlinte sa Chreat freisin maidir le tacu le foghlaim leanai tri chomhphairtiochtai le tuismitheoiri.

15.3 Athbhreithniú a dhéanamh ar chlár píolótach de

ghne Aistear d’Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach de

chuid an tionscnaimh Síolta/Aistear Náisiúnta agus

moltaí a dhéanamh don chéad chéim eile.

Bainte amach

16 Tógáil ar fheabhsuithe suntasacha sa litearthacht

agus san uimhearthacht a baineadh amach ó

glacadh leis an Straitéis Náisiúnta Litearthachta

agus Uimhearthachta i 2011.

16.2 Gníomhartha a chur chun feidhme chun na spriocanna athbhreithnithe/litearthachta agus uimhearthachta nua a sheachadadh go dtí 2020

Bainte amach

17 Athbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr an churaclaim bunscoile agus dáileadh ama i gclár na scoile chun a chinntiú go léiríonn an leithdháileadh riachtanais na bhfoghlaimeoirí i mbunscileanna nua a theastaíonn uathu i sochaí atá ag athrú. Is é Ráithe 4, 2018 an spriocdháta le haghaidh a chríochnaithe.

17.1 Próiseas comhairliúcháin a sheoladh suas go dtí

Earrach 2017, leis na geallsealbhóirí poiblí agus

oideachais, maidir le struchtúr an churaclaim

bunscoile, agus leithdháileadh ama i gcuraclam na

bunscoile (le cur ar an eolas ag doiciméad

comhairliúcháin an CNCM). Ansin déanfaidh torthaí

an chomhairliúcháin obair níos mionsonraithe a chur

ar an eolas ag an CNCM chun forbhreathnú a

fhorbairt ar churaclam bunscoile athfhorbartha.

Beidh an forbhreathnú seo mar bhunús le haghaidh

tuilleadh comhairliúcháin in 2018.

Bainte amach

18 Abhair agus cursai nua a thabhairt isteach agus a chur i bhfeidhm ar bhonn ceimnithe.

18.3 Foráil a dhéanamh d'Oideachas faoi Reiligiún agus

Creidimh agus Eitic ag leibhéal bunscoile i

gcomhthéacs an athbhreithnithe ar struchtúr agus ar

leithdháileadh ama sa churaclam bunscoile atá

leagtha amach i nGníomh 17.

Bainte amach

18.9 Tús a chur le comhairliúchán ar an gcuraclam nua

bunscoile don mhata, lena n-áirítear

smaointeoireacht ríomhaireachtúil, scileanna

smaointeoireachta cruthaitheacha agus códú.

Bainte amach

Page 11: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

10

18.10 Roghanna nua a fhorbairt lena n-áirítear

gearrchúrsaí agus eispéiris foghlama eile ag an

tSraith Shóisearach. Le linn na bliana 2017 déanfaidh

CNCM samplaí d'obair na ndaltaí a fhorbairt do na

gearrchúrsaí a bhaineann le folláine.

Bainte amach

19 Tabhairt faoi sonraiochtai nua a thriail d’abhair

Ardteistimeireachta: Bitheolaiocht, Fisic agus

Ceimic, d'fhonn líon na ndaltaí a dhéanann iad a

mhéadú.

19.1 Tosú ar thriail i roinnt scoileanna de na sonraíochtaí

nua le haghaidh Bhitheolaíocht, Fhisic agus Cheimic

na hArdteistiméireachta, d'fhonn líon na ndaltaí a

dhéanann iad a mhéadú.

Bainte amach

20 Sonraiochtai nua a chur i gcrich agus a chur chun feidhme d’abhair Ardteistimeireachta: Eacnamaiocht, Ealain, Mata Fheidhmeach, Eolaiocht Talmhaiochta agus Corpoideachas.

20.3 Tús a chur le comhairliúchán maidir le dréacht-

shonraíocht don Ardteistiméireacht Fheidhmeach

Matamaitic.

Bainte amach

22 I ndiaidh fhoilsiu na tuarascala on nGrupa Athbhreithnithe um Oideachas ETIM i Samhain na bliana 2016, dul chun cinn a dheanamh ar straiteis a fhorbairt chun inniulacht a mheadu san Eolaiocht, Teicneolaiocht, Innealtoireacht agus Mata (ETIM) agus spriocanna a shocru le go roghnofar iad.

22.4 Raiteas Beartais naisiunta comhthaite um Oideachas ETIM a chruthu le hionchur o, agus abharthacht do, na pairtithe leasmhara go leir thar chontanam an oideachais in Eirinn (bunscoil, iarbhunscoil agus triu leibheal).

Bainte amach

22.5 Plean forfheidhmithe mionsonraithe a chruthu don Raiteas Beartais Naisiunta um Oideachas ETIM agus freagrachtai agus amlinte leirithe go soileir ann.

Bainte amach

22.7 Cleachtadh scóipe a dhéanamh chun na deiseanna a

thapú chun rannpháirtíocht na ndaltaí a fhíorú in

imeachtaí agus gníomhaíochtaí neamhfhoirmiúla

(seach-churaclaim) ETIM.

Gan a bheith bainte amach

Bhí an gníomh ag brath ar

fhoilsiú Phlean

Forfheidhmithe ETIM

(Nollaig 2017)

Gníomh gaolmhar nua i bplean chur chun feidhme ETIM

Page 12: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

11

22.8 Athbhreithniú a dhéanamh ar an mbonn taighde atá

ann faoi láthair ar bhacainní maidir le glacadh le

gairmeacha ETIM ag mná lena n-áirítear glacadh le

hábhair ag leibhéal iar-bhunscoile.

Gan a bheith bainte amach

Bhí an gníomh ag brath ar

fhoilsiú Phlean

Forfheidhmithe ETIM

(Nollaig 2017)

Gníomh gaolmhar nua i bplean chur chun feidhme ETIM

22.9 Déanfar beart scóipeála a chur i gcrích chun a fháil

amach cad iad na gníomhaíochtaí agus na

hacmhainní atá de dhíth chun an moladh a chur i

bhfeidhm gur chóir do mhúinteoirí cáilithe ETIM

(mar atá sainmhínithe ag an gComhairle

Mhúinteoireachta) an mhúinteoireacht ETIM go léir

in iar-bhunscoileanna a sheachadadh, gur cheart

aghaidh a thabhairt ar an éagothroime i gcomhréir

na múinteoirí cáilithe sa bhitheolaíocht, san fhisic

agus sa cheimic agus go ndéanfaí forbairt ar chláir

oiliúna ETIM san fhisic, sa cheimic agus sa

bhitheolaíocht do mhúinteoirí eolaíochta iar-

bhunscoile.

Bainte amach

22.10 Beart mapála a chur i gcrích maidir le soláthar reatha

agus soláthar beartaithe ag leibhéal bunscoile agus

iar-bhunscoile do mhúinteoirí oideachais ETIM.

Gan a bheith bainte amach

Bhí an gníomh ag brath ar

fhoilsiú Phlean

Forfheidhmithe ETIM

(Nollaig 2017)

Gníomh gaolmhar nua i bplean chur chun feidhme ETIM

22.11 Bearnaí le sainaithint i soláthar seirbhísí agus

straitéisí a fhorbairt i gcomhar le comhpháirtithe

ábhartha chun aghaidh a thabhairt orthu lena n-

áirítear bearta chun tacú le cur i bhfeidhm foghlama

bunaithe ar fhiosrúchán.

Gan a bheith bainte amach

Bhí an gníomh ag brath ar

fhoilsiú Phlean

Forfheidhmithe ETIM

(Nollaig 2017)

Gníomh gaolmhar nua i bplean chur chun feidhme ETIM

22.12 Foghlaim bunaithe ar fhiosrúchán agus foghlaim

bunaithe ar fhadhbanna a chur chun cinn ag leibhéal

churaclam na bunscoile, i gcomhar leis an CNCM.

Bainte amach

22.13 Teagmháil a dhéanamh leis an CNCM maidir le

polasaí a fhorbairt chun ábhair churaclaim a

Gan a bheith bainte amach

Bhí an gníomh ag brath ar

fhoilsiú Phlean

Page 13: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

12

sholáthar do mhúinteoirí i gcomhairle le seirbhísí

tacaíochta agus le páirtithe ábhartha eile.

Forfheidhmithe ETIM

(Nollaig 2017)

Gníomh gaolmhar nua i bplean chur chun feidhme ETIM

22.14 Beidh sé riachtanach go mbeidh TFC mar chuid

lárnach de gach clár ETIM ar Fhorbairt Ghairmiúil

Leanúnach.

Bainte amach

22.15 Beart mapála a dhéanamh ar sholáthar reatha ábhair

oideachais ilmheán ETIM.

Gan a bheith bainte amach

Bhí an gníomh ag brath ar

fhoilsiú Phlean

Forfheidhmithe ETIM (mí

na Nollaig 2017)

Gníomh gaolmhar nua i bplean chur chun feidhme ETIM

22.16 Measúnú a dhéanamh ar na gníomhartha is gá chun

bealach amháin a sholáthar d'ábhar oideachais

ilmheán ETIM.

Gan a bheith bainte amach

Bhí an gníomh ag brath ar

fhoilsiú Phlean

Forfheidhmithe ETIM

(Nollaig 2017)

Gníomh gaolmhar nua i bplean chur chun feidhme ETIM

22.17 Treoir a fhorbairt chun tacú le bunú pobal cleachtais

ar líne.

Gan a bheith bainte amach

Treoir le forbairt ar chur i gcríoch na Trialach um an gCreat Foghlama Digití in 2018.

22.18 Measúnú a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí is gá

chun lántairbhe a bhaint as an teicneolaíocht

dhigiteach agus iad a scrúdú/a shainaithint maidir le

naisc nua a éascú idir scoileanna agus fiontair ag

tarraingt ar thaithí na dtionscnamh den chineál

céanna atá ar bun cheana féin.

Gan a bheith bainte amach

Prótacail chomhpháirtíochta agus treoir thacaíochta le forbairt in 2018.

22.19 Nuashonrú a dhéanamh ar acmhainn phleanála

"ríomhfhoghlaim i do Scoil" agus é a chomhcheangal

le Féinmheastóireacht Scoile agus an Creat

Inniúlachta Digití atá á bhforbairt faoi láthair.

Bainte amach

22.20 Treoir a sholáthar do scoileanna maidir le roghanna

tacaíochta teicniúla.

Gan a bheith bainte amach

Páipéar measúnaithe le forbairt – roghanna agus moltaí le measúnú le linn 2018.

Page 14: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

13

22.21 Tosófar treoirlínte maidir le gairmeacha ETIM a chur

chun cinn do dhaoine óga agus do thuismitheoirí

(leanaí bunscoile agus iar-bhunscoile) i gcomhar le

Fondúireacht Eolaíochta Éireann, tuismitheoirí,

comhairleoirí treorach, Institiúidí Ardoideachais,

earnáil an Bhreisoideachais, mic léinn agus tionscal

ag féachaint go háirithe d'éagothroime inscne. Ba

cheart go gcuirfí eiseamláirí ar dhea-chleachtas agus

ar impleachtaí acmhainne san áireamh sna

treoirlínte.

Gan a bheith bainte amach

Bhí an gníomh ag brath ar

fhoilsiú Phlean

Forfheidhmithe ETIM

(Nollaig 2017)

Gníomh gaolmhar nua i

bplean chur chun

feidhme ETIM

22.22 Plé ar Chomhpháirtíocht ETIM 2020 i gcomhairle leis

an Roinn Fostaíochta, Fiontar agus Nuálaíochta agus

an fócas tosaigh ar fhís chomhchoiteann agus ar chur

chuige maidir le tacú le hoideachas ETIM ar fud na

fiontraíochta agus san earnáil oideachais.

Gan a bheith bainte amach

Bhí an gníomh ag brath ar fhoilsiú Phlean Forfheidhmithe ETIM (Nollaig 2017)

Gníomh gaolmhar nua i

bplean chur chun

feidhme ETIM

22.23 Táscairí a fhoirmiú chun an rath a bhaineann le cur i

bhfeidhm na Tuarascála ETIM a thomhas.

Bainte amach

Cuspóir 1.3 Cur le rogha na n-abhar ata ar fail d’fhoghlaimeoiri sa tSraith Shinsearach chun go mbeidh na scileanna agus an t-eolas a theastaíonn uathu acu le bheith rannpháirteach i ndomhan atá de shíor ag athrú.

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

23 Eolaíocht Ríomhairí a thabhairt isteach mar ábhar ag

an timthriall sinsearach (le haghaidh cur chun

feidhme i mí Mheán Fómhair 2018), tar éis an beart

scóipeála a chríochnú in 2016.

23.1 An Grúpa Stiúrtha chun an plean cur chun feidhme a

fhorbairt agus a mhaoirsiú chun Ríomh-Eolaíocht na

hArdteistiméireachta a thabhairt isteach i scoileanna ó

mhí Mheán Fómhair 2018.

Bainte amach

Cuspóir 1.4

An t-aistriu d’fhoghlaimeoiri a fheabhsu ag ceimeanna criticiula sa choras oideachais agus oiliuna

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

Page 15: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

14

24 Teimpléid tuairiscithe ar líne a chur i bhfeidhm chun

tacú le réamhscoileanna, bunscoileanna agus

tuismitheoirí, trí aistriú faisnéise maidir le dul chun

cinn agus gnóthachtáil foghlaimeoirí idir gach scoil

agus suíomhanna ECCE arna maoiniú ag an stát a

fheabhsú.

24.1 Teimpléid tuairiscithe le hullmhú chun tacú le

réamhscoileanna, bunscoileanna agus tuismitheoirí

agus iad bunaithe ar thaighde agus ar thrialacha.

Bainte amach

25 Próifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí (PGSS) a

chur chun feidhme ar bhealach céimneach, ag cinntiú

go gcothaítear agus go sainaithnítear réimse níos

leithne eispéireas agus inniúlachtaí foghlaimeoirí sa

chlár Sraithe Sóisearaí. Cuirfidh an PGSS eolas ar fáil

d'fhoghlaimeoirí agus dá dtuismitheoirí maidir lena

gcuid láidreachtaí faoi leith agus tacóidh sé leo

maidir le roghanna ábhair oiriúnacha a dhéanamh

don tSraith Shinsearach.

25.1 Bronnadh Próifíl Gnóthachtála na Sraithe Sóisearaí

(PGSS) ar an gcéad chohórt d'fhoghlaimeoirí - thart ar

60,000 dalta.

Bainte amach

28 Faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar dhul chun

cinn na nInstitiúidí Ardoideachais le líon na mbealaí

iontrála a laghdú chun dul isteach san ardoideachas.

Bainte amach

Cuspoir 1.5 Feabhas a chur ar usaid TFC sa teagasc, san fhoghlaim agus sa mheasunu sa chaoi go bhfuil foghlaimeoiri cumasaithe leis na scileanna riachtanacha chun aghaidh a thabhairt ar na dushlain a bhaineann le timpeallacht foghlama ata ag athru go tapa

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

29 An Straiteis Dhigiteach do Scoileanna 2015 - 2020 a chur i bhfeidhm chun feabhas a chur ar theagasc, ar fhoghlaim & ar mheasunu agus pleananna forfheidhmithe bliantula a fhorbairt lena chinntiu gur feidir lenar seirbhisi sa reimse seo freagairt de shior don dea-chleachtas agus do theicneolaiochtai ata ag athru. Feachann an Straiteis le lanacmhainneacht na dteicneolaiochtai digiteacha a chomhlionadh chun feabhas a chur ar theagasc, ar fhoghlaim agus ar mheasunu sa chaoi go ndeantar smaointeoiri rannphairteacha, foghlaimeoiri gniomhacha, cruthaitheoiri faisneise agus saoranaigh dhomhanda de dhaoine oga na hEireann chun pairt a ghlacadh go hiomlan sa tsochai agus sa gheilleagar.

Page 16: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

15

29.5 Comhpháirtíocht straitéiseach a fhorbairt le

comhlachtaí ábhartha cultúrtha, oideachais agus/nó

spóirt chun ábhar bainteach a oiriúnú mar acmhainní

úsáideacha foghlama agus teagaisc do scoileanna.

Bainte amach

29.7 Tús a chur leis an gclár píolótach de Chreat Inniúlachta

TFC UNESCO – déanfar cur síos ann ar na hinniúlachtaí

a theastaíonn ó mhúinteoirí chun TFC a neadú go

héifeachtach sa teagasc agus san fhoghlaim agus

cabhróidh sé le bonn eolais a chur faoi fhorbairt

ghairmiúil múinteoirí.

Bainte amach

29.8 Comhroinnt samplaí de dhea-chleachtas an tseomra

ranga a sholáthar agus a éascú maidir le húsáid

éifeachtach TFC i dteagasc, foghlaim agus measúnú,

lena n-áirítear tairseach ROS Scoilnet agus láithreáin

ghréasáin an PDST-TIE agus seirbhísí tacaíochta eile.

Bainte amach

29.9 Plean forfheidhmithe a chur i dtoll a chéile agus a

mholadh don Straitéis Dhigiteach do Scoileanna (arna

miondealú de réir ráithe) do 2018.

Gan a bheith bainte amach

Plean cur chun feidhme le comhaontú ag an nGrúpa Comhairliúcháin um Chur Chun Feidhme i Ráithe 1, 2018.

30 Grupa oibre a bhunu chun a chinneadh cen bealach is fearr le solathar a dheanamh don leathanbhanda ardluais do bhunscoileanna i gcomhar le DCCAE i gcomhtheacs an Phlean Naisiunta Leathanbhanda agus na Straiteise Idirghabhala. Forbroidh an grupa oibre an frama ama, i gcomhtheacs fheidhmiú céimneach an Phlean Naisiunta Leathanbhanda.

30.2 Leanúint de bheith ag feabhsú seirbhísí

leathanbhanda do scoileanna nuair atá siad ar fáil,

faoin Scéim Rochtana Leathanbhanda Scoileanna atá

ann cheana. Leanúint ar aghaidh ag uasghrádú

seirbhísí chuig 300 bunscoil eile faoi dheireadh na

bliana.

Bainte amach

30.3 Iniúchadh ar chomhairle agus treoir a fhorbairt chun

scoileanna a éascú atá ag obair le chéile ar churaclam

agus ábhair ghaolmhara ag baint úsáide as

teicneolaíocht, chun cianfhoghlaim a thabhairt isteach

sa seomra ranga.

Bainte amach

31 Obair a dhéanamh le SOLAS chun an Straiteis d’Fhoghlaim Fheabhsaithe le Teicneolaiocht sa Bhreisoideachais agus Oiliuint 2016-2019 a chur i bhfeidhm, tri na gniomhartha a luaitear thios. Sa Straiteis, leagtar amach 18 ngniomh praiticiuil, amlinte agus tascairi feidhmiochta a ghabhann leo chun forbairt a dheanamh ar an gcumas agus dea-chleachtas ata ann cheana san fhoghlaim ata feabhsaithe ag an teicneolaiocht, agus rochtain a leathnu ar sholathar Breisoideachais agus Oiliuna

Page 17: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

16

agus e a fheabhsu agus nualaiocht a dheanamh ann ar bhonn leanunach.

31.1 Bonneagar um chomhroinnt ábhair agus bainistithe a fhorbairt chun cuidiu le hacmhainni foghlama a chomhroinnt agus a fhorbairt i measc na múinteoiri uile.

Bainte amach

31.3 Bonnline 2016 a bhunu den solathar oideachais feabhsaithe le teicneolaiocht i ngach BOO ag baint usaide as gniomh tagarmharcala comhroinnte

Bainte amach

31.4 Úsáid a bhaint as treoirlínte maoinithe chun tacú le

leathnú rochtain an fhoghlaimeora ar fhoghlaim

fheabhsaithe teicneolaíochta, go háirithe

d'fhoghlaimeoirí faoi mhíbhuntáiste. Féach fo-bhearta

31.3 agus 31.4 freisin.

Bainte amach

31.5 Plean Gníomhaíochta Foghlama Feabhsaithe ag

Teicneolaíocht a fhorbairt i ngach ceann de na 16

Bhord Oideachais agus Oiliúna chun bonneagar,

oideolaíocht agus Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach a

chlúdach, cruthú ábhar agus comhroinnt agus

cleachtas eagrúcháin.

Bainte amach

32 Moltaí na Treorach um Fheabhsú i nDomhan

Digiteach 2015-2017 a chur chun feidhme. Féach

freisin gníomh 95.

32.1 Forbróidh institiúidí ardoideachais straitéisí chun tacú

le forbairt agus le neadú cumas digiteach ina

ngníomhaíochtaí teagaisc agus foghlama; beartas

náisiúnta agus creata cáilíochta ar bhealach a

thacaíonn le nuálaíocht le haghaidh tionchair.

Gan a bheith bainte amach

Cumas digiteach a

fheabhsú le cur san

áireamh sa Phlean

Gníomhaíochta TFC 2018-

2026.

32.2 Eispéireas digiteach leanúnach a fhorbairt do mhic

léinn agus dul i dteagmháil le mic léinn agus le

múinteoirí chun a gcuid scileanna agus eolas digiteach

a fhorbairt.

Gan a bheith bainte amach

Tá dul chun cinn ar an ngníomh seo le measúnú i gcomhthéacs an Fhóraim Teagaisc agus Foghlama agus i gcomhthéacs an Phlean Gníomhaíochta TFC.

32.3 Bunfhianaise láidir a fhorbairt d'oideolaíocht

fheabhsaithe trí thionscadail taighde agus forbartha

spriocdhírithe.

Gan a bheith bainte amach

Tá dul chun cinn ar an ngníomh seo le measúnú i gcomhthéacs an Fhóraim Teagaisc agus Foghlama agus i gcomhthéacs an Phlean Gníomhaíochta TFC.

Page 18: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

17

Cuspoir 1.6 Cur ar chumas na bhfoghlaimeoiri cumarsaid a dheanamh go heifeachtuil agus feabhas a chur ar a gcaighdeain inniulachta i dteangacha

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

33 Curaclam Teanga Bunscoile (Gaeilge agus Béarla) a

chur chun feidhme ar bhealach céimneach ar fud na

mbunscoileanna go léir

33.2 Leanúint le snáithe cainte an Churaclaim Teanga

Bunscoile nua (Gaeilge agus Béarla) a chur i bhfeidhm

ar bhealach céimneach le Naíonáin Shóisearacha suas

go dtí Rang 2 (cuireadh tús leis an gcur chun feidhme

céimneach i Meán Fómhair 2016).

Bainte amach

33.3 Dréacht-sonraíocht a fhorbairt do Churaclam Teanga

na Bunscoile (Gaeilge agus Béarla) don CNCM rang a 3

go rang a 6 (Ráithe 2, 2017), le comhairliúchán maidir

leis an dréacht-sonraíocht a dhéanamh i Ráithe 4

2017.

Gan a bheith bainte amach

Comhairliúchán ar Dhréacht-churaclam Teanga na Bunscoile/ le go dtosóidh na ranganna sinsearach air i Ráithe 3 2018 ar fhoilsiú an churaclaim nua a bhfuil súil leis I Ráithe 4 2018.

34 An Straiteis don Oideachas Gaeltachta a chur i bhfeidhm ar bhonn ceimnithe.

34.4 Tosú ar dhréachtú an phróisis tairisceana le haghaidh

forálacha ITE leathnaithe

Bainte amach

34.5 Treoir chomhairleach/dúshláin a cheapadh maidir le

cuairt Cigireachta chun tacú le scoileanna Gaeltachta

Bainte amach

36 Straiteis na dTeangacha Iasachta san Oideachas a chur i bhfeidhm agus tuairisciu a dhéanamh ar an dul chun cinn.

36.1 Straiteis na dTeangacha Iasachta san Oideachas a fhoilsiu.

Bainte amach

36.3 Tacú le cur i bhfeidhm an CEFR (Comhchreat Tagartha

Eorpach do Theangacha) chun tagarmharc

trédhearcach, cuimsitheach a sholáthar agus chun

tacú le méaduithe spriocdhírithe ar leibhéil

inniúlachta.

Bainte amach

Sprioc 2: Feabhas a chur ar dhul chun cinn na bhfoghlaimeoiri ata i mbaol mibhuntaiste oideachais no na bhfoghlaimeoiri a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu

Page 19: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

18

2.1 Feabhas a chur ar an eispeireas foghlama agus ar na torthai foghlama d’fhoghlaimeoiri ata faoi mhibhuntaiste

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

38 Cuairteanna cigireachta comhairliúcháin/dúshlán a dhearadh chun tacú le cur chun feidhme bheartas DEIS

38.1 An bhunobair forbartha a chur i gcrích maidir le cuairteanna comhairliúcháin/dúshláin na Cigireachta a cheapadh chun tacú le cur chun feidhme beartais DEIS

Bainte amach

38.2 Measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht chun úsáid tástála a dhéanamh maidir le cuairteanna comhairliúcháin/dúshláin Cigireachta a cheapadh d’fhonn tacu le cur chun feidhme beartais DEIS

Bainte amach

39 Tograí a fhorbairt le haghaidh Ciste Sármhaitheasa do Scoileanna

39.2 Tograí ó scoileanna a fhaomhadh agus tús a chur leis an gcéad triail de chlár píolótach um Chiste Sármhaitheasa do Scoileanna sa chéad ghrúpa de na scoileanna

Bainte amach

39.3 Tús a chur le seirbhísí tacaíochta/comhairliúcháin do scoileanna maidir le Ciste Sármhaitheasa na Scoileanna

Bainte amach

40 Snaitheanna den Phlean Naisiunta um Chothromas Rochtana ar an Ardoideachas a chur chun feidhme, sa chaoi go mbionn an t- ardoideachas ionadaioch ar an daonra i gcoitinne.

40.4 Forbairt a dhéanamh ar Phlean Sonraí maidir le

Rochtain chun a chinntiú go gcuirtear beartas

rochtana ar an eolas leis na sonraí is oiriúnaí agus is

iontaofa, agus chun athbhreithniú lárthéarma an

Phlean Rochtana Náisiúnta in 2017 a chur ar an eolas.

Bainte amach

40.5 Athbhreithniú meántéarma a dhéanamh ar an bPlean

Náisiúnta um Chothromas Rochtain ar Ard-Oideachas

Bainte amach

40.6 Bearta a fhorbairt chun neamh-chríochnú san Ard-

Oideachas a laghdú

Bainte amach

44 Polasaí náisiúnta a fhoilsiú maidir le haitheantas ar

réamhfhoghlaim

Gan a bheith bainte amach

Rinneadh réamhobair fhorleathan agus rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara le linn 2017. Cuirfear foilsiú beartais náisiúnta chun críche in 2018.

Page 20: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

19

45 A chinntiu go bhfuil Breisoideachas agus Oiliuint ag freastal ar riachtanais shainiula na ndaoine difhostaithe agus na ngrupai eile ata thios le mibhuntaiste:

45.3 Soláthar Breisoideachais agus Oiliuna a sheachadadh

ar ghrúpaí cliant DSP, i gcomhréir le Pathways to Work

2016-2020, trí na BOOanna a bheith ag obair go dlúth

le hOifigí Intreo faoi phrótacail nua, chun tacú le agus

forbairt a dhéanamh ar rannpháirtíocht na mBOO

agus ionaid Intreo agus oifigí brainse áitiúla, chun a

chinntiú go sainléirítear riachtanais oideachais agus

oiliúna cliant DSP agus go ndéantar freastal orthu trí

idirchaidrimh áitiúil.

Bainte amach

Cuspóir 2.2

Sprioc-bheartais agus tacaíochtaí d'fhoghlaimeoirí le riachtanais speisialta oideachais chun tacú lena

rannpháirtíocht agus dul chun cinn ar fud chontanam an oideachais

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

48 An tsamhail nua a thabhairt isteach maidir le leithdháileadh múinteoirí i scoileanna príomhshrutha d’fhonn tacu le paisti a bhfuil Riachtanais Speisialta acu.

48.4 Tabharfaidh an NCSE tacaíocht do scoileanna chun an

tsamhail nua um leithdháileadh RSO a chur i

bhfeidhm.

Bainte amach

Page 21: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

20

Sprioc 3: Cabhrú leo siud ata ag solathar seirbhisi oideachais d'fhonn feabhsu ar bhonn leanunach

Cuspóir 3.1 Cáilíocht na Luathbhlianta a mhéadú chun taithí foghlama níos fearr a sholáthar do leanaí óga

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

54 Tacu le cur chun feidhm Siolta, an Creat Naisiunta Cailiochta agus Aistear, creatchuraclam na Luath-Óige

54.5 Treoir Cleachtais Aistear Síolta ar líne a nuashonrú

agus a chothabhail d’fhonn tacu le lucht oibre na

Luathbhlianta ina gcuid oibre.

Bainte amach

55 Oibriú le DCYA chun gealltanais ROS a chur chun cinn faoi "Torthaí Níos Fearr, Todhchaí Níos Fearr: An Creat Beartais Náisiúnta do Leanaí agus Daoine Óga, 2014-2020".

Bainte amach

57 Clar naisiunta de chigireachtai dirithe ar oideachas na luathbhlianta a chur i bhfeidhm ina gcuirfear comhairle agus tacaiocht ar fail d’fheabhsu forasach sna caighdeain, ceannaireacht agus sna modheolaiochtai teagaisc le haghaidh nios mo na 4,000 suiomh luathbhlianta a chuireann an clar ECCE ar fail:

64 Saintacaíocht forbairt ghairmiúil a sholáthar do mhúinteoirí chun tacú le cur i bhfeidhm athruithe curaclaim agus beartais

64.2 FGL a sholáthar chun tacú le curaclam Teangacha na Bunscoile, sonraíochtaí ábhar leasaithe sa tsraith shinsearach, agus leasú na Sraithe Sóisearaí.

Bainte amach

65 Gairm na Múinteoireachta a rialáil.

65.2 Measúnú agus scrúdú a dhéanamh ar na himpleachtaí beartais a bhaineann leis na moltaí a d’fheadfadh an Chomhairle Mhuinteoireachta a chur chun tosaigh i dtaca le Cosán a fhorbairt.

Gan bheith bainte amach

Tá moltaí á gcur le chéile ag an gComhairle Mhúinteoireachta i dtaca le Cosán a fhorbairt.

66 Éascaíocht a dhéanamh, trí líonra na nIonad Oideachais, ar na cláir um oiliúint ar fhéinmharú, SafeTalk agus ASIST, a sholáthar do mhúinteoirí.

66.1 Samhail oiliúna a thabhairt isteach do mhúinteoirí, trí líonra na nIonad Oideachais, chun na cláir um oiliúint ar fhéinmharú, SafeTalk agus ASIST, a sheachadadh.

Bainte amach

Cuspóir 3.3 Ardchaighdeán, barr feabhais agus nuálaíocht a chur chun cinn, agus féinriar scoileanna a mhéadú

Page 22: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

21

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

69 Cuairteanna comhairleacha Féinmheastóireacht Scoile (FMS) a dhéanamh in 400 scoil.

Gan bheith bainte amach

Cuairteanna FMS tugtha ag leibhéal na hiar-bhunscoile mar a beartaíodh (192). Cuairteanna FMS teoranta ag leibhéal na bunscoile (10) de bharr gníomhaíocht thionsclaíoch ag ceardchumann na múinteoirí.

69.1 Scóip moladh taighde a mheas chun faisnéis níos fearr a fháil ar scoileanna agus le haghaidh scoileanna

Bainte amach

70 Tuairiscí cigireachta a fhoilsiú i gcomhréir le socruithe comhaontaithe do na samhlacha cigireachta éagsúla, lena n-áirítear samhlacha cigireachta nua do bhunscoileanna. Beidh an tuairiscí seo níos inrochtana ag tuismitheoirí, agus beidh breithiúnais mheastóireachta níos soiléire iontu.

Bainte amach

71 An mhonatóireacht ar scoileanna atá ag feidhmiú go lag, agus idirghabhálacha iontu a bhainistiú, tríd an Meitheal um Fheabhsúchán Scoileanna agus tríd an bpróiseas Monatóireachta ar Fheabhsúchán Scoile a dhéanann an Chigireacht.

Bainte amach

72 Moltaí a chur chun tosaigh chun go mbeidh caidreamh níos fearr ag príomhoidí le foirne cigireachta i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna.

Bainte amach

73 Na meicníochtaí a phríomhshruthú um dhearbhú cáilíochta i gcomhair obair chigireachta i scoileanna

Bainte amach

74 Na Nósanna Imeachta um Chosaint Leanaí do Bhunscoileanna agus d’Iar-Bhunscoileanna a nuashonrú agus a fhoilsiú agus na Treoirlínte Náisiúnta um Thús Áite do Leanaí a nuashonraíodh agus Treoir nua ar Ráitis Chosaint Leanaí (atá le foilsiú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus ag Tusla faoi seach) á gcur san áireamh. Mar ullmhúchán don uair a bheidh Aire na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige ag cur tús le feidhm an Achta um Thús Áite do Leanaí 2015. Tá dáta a bhainte sin amach ag brath ar threoir nuashonraithe um Thús Áite do Leanaí agus Tusla a bheith ar fáil mar aon le sceideal i gcomhair tosach feidhme an Achta um Thús Áite do Leanaí.

Bainte amach

Cuspóir 3.4 Eispéiris foghlama ardchaighdeáin a chothú sa Bhreisoideachas agus Oiliúint agus san Ardoideachas

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

75 Athbhreithniú a thosú ar cháilíocht an Ardoideachais

Page 23: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

22

75.1 Próiseas comhairliúcháin a lainseáil, mar an chéad chéim in Athbhreithniú a thosú ar cháilíocht an Ardoideachais.

Gan bheith bainte amach

Tá páipéar comhairliúcháin á chur i gcrích faoi láthair d’fhonn an chéad chéim a thosú in Athbhreithniú ar cháilíocht an Ardoideachais. Tá sé beartaithe an páipéar comhairliúcháin a fhoilsiú le haghaidh R1 2018.

76 An Straitéis um Fhorbairt Ghairmiúil Breisoideachais agus Oiliúna 2016-2019 a chur i bhfeidhm, chun feabhas a chur ar scileanna na ndaoine atá bainteach le soláthar, riar agus bainistiú chláir BO trí oiliúint agus trí thacaíocht spriocdhírithe sheasmhach.

76.1 Pleananna forbairt foirne a dhéanamh ag leibhéal an BOO, atá ag teacht le Próifíl Scileanna agus le Straitéis Forbairt Ghairmiúil BO.

Gan bheith bainte amach

Tá obair ag dul chun cinn ar theimpléid a fhorbairt chun cabhrú le pleananna forbairt foirne a dhéanamh mar chuid de Straitéis Forbairt Ghairmiúil an BO.

76.2 Córas a fhorbairt chun taifeadadh agus rianú a dhéanamh ar ghníomhaíocht forbairt ghairmiúil ag leibhéal an BOO agus ag an leibhéal náisiúnta.

Gan bheith bainte amach

Rinneadh dul chun cinn ar obair sa réimse seo. Táthar ag súil, in R2 de 2018, le comhaontú ar an gcur chuige chun forbairt ghairmiúil laistigh den BO a thaifeadadh agus a rianú ar bhonn bliantúil.

77 Togail ar chumas laistigh d’earnail an BOO chun a chinntiú go mbaintear amach na spriocanna i Straitéis an BO, agus aird ar leith á díriú ar Dhearadh na hEagraíochta, Bainistíocht Athruithe agus Dearbhú Cáilíochta. Féach freisin Gníomhartha 133 agus 134.

77.2 Próiseas Féinmheastóireachta Feidhmiúcháin an BOO mar aon le Plean Feabhsúcháin um DC a bheith curtha i gcrích ag gach BOO.

Gan bheith bainte amach

Próiseas Féinmheastóireachta Feidhmiúcháin an BOO agus Pleananna Feabhsúcháin um DC le seoladh isteach ag BOOnna in R1 2018.

77.3 Forbairt a dhéanamh ar Shamhail Earnála nua agus ar Phróiseas Modhnóireachta / Fíordheimhniúcháin Seachtrach.

Bainte amach

79 Feabhas a chur ar thionchar na scéimeanna PLC, VTOS agus BTEI, trí athbhreithniú a dhéanamh ar gach clár, an t-athbhreithniú a fhoilsiú, agus pleananna forfheidhmithe a bhfuil amchláir leo a leagan amach.

Page 24: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

23

79.1 Torthaí agus moltaí ón meastóireacht ar an gcúrsa Iar-Ardteistiméireachta (PLC), a fhoilsiú.

Bainte amach

79.2 Tús a chur le hathbhreithniú ar Chlár SDOG.

Bainte amach

79.3 Sonraíocht tairisceana don mheastóireacht ar SDOG a fhoilsiú.

Bainte amach

79.4 Conradh a bhronnadh agus obair allamuigh mheastóireachta (SDOG)a thosú.

Gan bheith bainte amach

Sonraíochtaí tairisceana foilsithe agus táthar ag súil le meastóireacht a bheith déanta ar na tairiscintí le linn Eanáir 2018 agus conradh le bronnadh ina dhiaidh sin.

80 An t-athbhreithniú ar an bhFóram Náisiúnta um Fheabhsú an Teagaisc agus na Foghlama san Ardoideachas a thabhairt chun críche. Slógann an Fóram saineolas agus ionchuir ó gach cearn den earnáil AO chun an dea-chleachtas a leathnú agus a mhúnlú sna hinstitiúidí uile.

80.1 An t-athbhreithniú ar an bhFóram Náisiúnta um Fheabhsú an Teagaisc agus na Foghlama san Ardoideachas a fhoilsiú mar aon le plean forfheidhmithe ina leagtar amach amlínte agus spriocanna le haghaidh gníomhartha aontaithe.

Gan bheith bainte amach

Tá an t-athbhreithniú ar an bhFóram Náisiúnta um Fheabhsú an Teagaisc agus na Foghlama san Ardoideachas ar siúl agus an tuarascáil le foilsiú in R1, 2018

81 Tús a chur le Dámhachtainí náisiúnta um thionchar ar an bhfoghlaim dírithe ar dhisciplíní (TRACE+) faoi chúram an Fhóraim Náisiúnta um Fheabhsú an Teagaisc agus na Foghlama san Ardoideachas. Tabharfaidh siad sin aitheantas do dhisciplíní ardoideachais i dtaobh a dtiomantais chun barr feabhais a bhaint amach sa teagasc agus san fhoghlaim.

81.2 Na chéad Dámhachtainí TRACE+ a chruthú ina dtabharfar aitheantas do dhisciplíní ardoideachais i dtaobh a dtiomantais chun barr feabhais a bhaint amach sa teagasc agus san fhoghlaim.

Gan bheith bainte amach

Tarlóidh bronnadh na gcéad Dámhachtainí TRACE+ in R2, 2018

Page 25: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

24

Sprioc 4: Naisc níos láidre a thógáil idir an t-oideachas agus an pobal i gcoitinne

Cuspóir 4.2 Ról na dtuismitheoirí agus na scoláirí a láidriú agus rogha scoile níos mó a sholáthar

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

84 Nós imeachta agus cairt gearán níos láidre do thuismitheoirí agus do scoláirí a thabhairt isteach.

84.1 Tá Scéim Ghinearálta an Bhille Oideachais (Cairt Tuismitheoirí agus Scoláirí) 2016 curtha faoi bhráid an Oireachtas le himscrúdú réamhreachtach a dhéanamh air. Braitheann an dáta a chuirtear an t-imscrúdú réamhreachtach i gcrích ar sceideal Choiste an Oireachtais. Táthar ag súil go mbeidh an t-imscrúdú curtha i gcrích sa chéad leath den bhliain le go mbeifí in ann faomhadh an Rialtais a lorg leis an mBille a dhréachtú.

Bainte amach

86 An reachtaíocht maidir le hiontrálacha chuig scoileanna a bhogadh chun cinn le go mbeidh an rollú níos éasca do leanaí agus do thuismitheoirí.

86.2 Foilsíodh an Bille Oideachais (Iontráil i Scoileanna) 2016 agus súil lena achtú faoi R3 2017. Tá an dáta lena chríochnú ag brath ar phróiseas reachtach an Oireachtais.

Gan bheith bainte amach

Tá an Roinn ag leanúint uirthi ag obair le hOifig an Ard-Aighne ar leasuithe le haghaidh Chéim Tuairiscithe. Tá dáta Achtú an Bhille ag brath ar thoradh na hoibre le AGO agus ar phróiseas reachtach an Oireachtais.

86.3 Tús a chur leis an mBille Oideachais (Iontráil i Scoileanna) 2016 ar bhonn céimnithe chun ligean do scoileanna teacht isteach ar na riachtanais nua, ag brath ar an obair ar rialacháin agus ar nósanna imeachta a bheith críochnaithe. Tá an dáta lena chríochnú ag brath ar phróiseas reachtach an Oireachtais.

Gan bheith bainte amach

Tá an gníomh seo ag brath ar 86.2 thuas.

86.4 Tar éis achtú an Bhille Oideachais (Iontráil i Scoileanna) 2016 cuirfear tús le comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara ábhartha ar mhionsonraí na rialachán agus na rialacháin ag bogadh i dtreo chéim an dréachtaithe. Tá an dáta lena chríochnú ag brath ar dháta an achtaithe.

Gan bheith bainte amach

Tá an gníomh seo ag brath ar 86.2 thuas

87 400 scoil il-sainchreidmheacha/ neamh-shainchreidmheacha a bhunú.

87.7 An Próiseas idirghabhála a chomhaontú do phátrúin maidir le haistriú scoileanna i dtaca leis an gcomhairliúchán le pobail scoile agus le forais pátrúnachta ionchasacha.

Gan bheith bainte amach

Tionóladh an chéad chruinniú den mheitheal oibre agus aontaíodh ar théarmaí tagartha. Is í an chéad chéim eile prótacail a

Page 26: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

25

bhunú ar Chéim an Forfheidhmithe.

Cuspóir 4.3 Feabhas a chur ar ár gcumas le riachtanais scileanna náisiúnta agus réigiúnacha a shásamh

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

90 Freagraí nuálacha do na bearnaí scileanna a fhorbairt i réimsí príomhthosaíochta an gheilleagair: TFC, teicneolaíochtaí agus an bhithchógaisíocht ina measc.

90.3 Cruinnithe ráithe a thionóil le IBEC, ICTU, CIF agus le príomhpháirtithe leasmhara eile chun feabhas a chur ar an gcaidreamh idir lucht oideachais agus lucht fiontar

Bainte amach

90.4 Athbhreithniú a choimisiúnú ar shlite chun a bheith rannpháirteach i gcúrsaí printíseachta (SOLAS). Aithneoidh an t-athbhreithniú bacainní ar rannpháirtíocht agus déanfar moltaí a chuimseoidh aon tionscnaimh reamhphrintiseachta a d’fheadfadh a bheith ag teastáil.

Bainte amach

90.5 Tuairisciú ar fhreagairtí do ghníomhartha aonair faoin Straitéis Náisiúnta Scileanna laistigh de chreat an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas.

Bainte amach

90.6 Tuarascálacha a lorg ó ranna agus ó ghníomhaireachtaí rialtais eile chun monatóireacht a dhéanamh ar fhorfeidhmhiú seachtrach na ngníomhartha faoin Straitéis Náisiúnta Scileanna.

Bainte amach

90.7 Ionadaíocht a dhéanamh don Roinn ar ghrúpaí idir-rannacha, earnála agus Thuaidh-Theas maidir le ceisteanna scileanna agus torthaí ábhartha a mheas a bheadh le cur isteach inár bplean oibre.

90.8 Freagairt a chomhordú i leith riachtanais a thagann chun cinn faoi Chlár Oibre Scileanna an AE.

Bainte amach

91.6 Tacaiocht a thabhairt d’obair na Comhairle Náisiúnta Scileanna, a úsáidfidh na sonraí ar na riachtanais scileanna chun dul i ngleic go réamhghníomhach leis na bearnaí scileanna éiritheacha.

Bainte amach

92 Maoirseacht a dhéanamh ar obair na bhFóram Réigiúnach Scileanna agus monatóireacht a dhéanamh ar an bhfeidhmíocht. Is é aidhm na bhfóram struchtúr comhtháite a chruthú atá á threorú ag an oideachas le go mbeidh fostóirí agus na córais Breisoideachais agus Ardoideachais ag obair le chéile chun riachtanais scileanna réigiúnacha a aithint agus a shásamh.

92.2 Obair na bhFóram a scaipeadh, le cabhair bhaill na bhfóram agus meicníochtaí scaipthe eile amhail suíomh gréasáin na bhFóram Réigiúnach Scileanna. (www.regionalskills.ie).

Bainte amach

Page 27: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

26

93 Cinntiú go mbíonn Bainisteoirí Réigiúnacha Scileanna ar choistí um Phlean Gníomhaíochta do Jabanna chun comhordú a éascú idir na Fóraim agus páirtithe leasmhara ábhartha i dtaca le tosaíochtaí réigiúnacha scileanna

Bainte amach

94 Suirbhe Naisiunta d’Fhostoiri a chur i gcrích chun treoir a thabhairt d’fhorbairt beartas agus clar.

Gan bheith bainte amach

Táthar ag súil leis an ÚAO soláthróir a aimsiú chun an suirbhé a reáchtáil in R1 2018.

95 Creat um Fheidhmíocht Córas don Ardoideachas a fhorbairt don tréimhse go dtí 2021.

Bainte amach

97 Athbhreithniú ar an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta reatha um Scileanna TFC 2014 – 2018 a chur i gcrích agus an plean leasaithe a fhoilsiú.

97.1 An plean athbhreithnithe a fhoilsiú chun freastal ar éileamh méadaitheach le haghaidh céimithe TFC ón soláthar intíre chun riachtanais scileanna fiontar a shásamh trí thionscnaimh phríomhshrutha agus spriocdhírithe lena n-áirítear Springboard+

Gan bheith bainte amach

Eiseofar dréachtpháipéar le haghaidh comhairliúcháin go luath in R1 agus súil lena fhoilsiú R1, 2018.

97.2 Na gníomhartha a chur i bhfeidhm sa Phlean Gníomhaíochta nuashonraithe do Scileanna TFC chun cur le soláthar intíre céimithe TFC chun riachtanais scileanna fiontar a shásamh

Gan bheith bainte amach

Tá comhairliúchán ar Phlean nua Gníomhaíochta TFC faoi lán seoil. Eiseofar dréachtpháipéar le haghaidh comhairliúcháin go luath in R1.

Cuspóir 4.4 Éagsúlacht níos mó i ndeiseanna foghlama lasmuigh den scoil a chruthú

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

98 Na córais phrintíseachta agus cúrsaí oiliúna a láidriú trí fheabhas a chur ar raon na gcúrsaí agus líon na n-áiteanna do scoláirí a mhéadú; spriocanna an Rialtais de bhreis agus 100 scéim phrintíseachta a bhaint amach, agus sprioc charnach de 50,000 duine cláraithe le scéim phrintíseachta agus ar chúrsaí oiliúna go 2020. Is ionann é sin agus méid iomlán de 31,000 clárúchán printíseachta agus 19,000 i gcúrsaí oiliúna thar an tréimhse go dtí 2020. Bheadh meán bliantúil 6,000 printíseacht i gceist agus 4,000 ar chúrsaí oiliúna.

98.5 Cúrsaí printíseachta nua atá le forbairt a fhógairt, bunaithe ar an dara glaoch le haghaidh moltaí.

Bainte amach

98.6 2 chlár eile i gcúrsaí oiliúint ghairme a sheoladh Bainte amach

Page 28: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

27

99 Leanúint den obair le Skillnets chun oiliúint a sholáthar atá á stiúradh ag an bhfiontar agus leanúint den fhorbairt ar an tsamhail i gcomhréir le Ráiteas Straitéise Skillnets 2016-2019. Dearadh an Straitéis le bheith ailínithe go dlúth leis an Straitéis Náisiúnta Scileanna (SNS) agus le riachtanais fiontar. Bunóidh Skillnets cúig líonra nua in 2017 le cois an 63 líonra atá ann cheana chun 43,000 fostaí a rochtain, líon níos mó ná an 40,000 a bhí ann in 2016. Cuirfidh Skillnets le forbairt na líonraí nua trí chomhoibriú leis na líonraí atá ann faoi láthair chun a gcumas siúd a fheabhsú.

99.4 Athbhreithniú a dhéanamh ar na cláir nua a ceadaíodh do 2017 faoin gClár Riachtanas Scileanna don Todhchaí agus tuarascáil a fhoilsiú orthu.

Bainte amach

99.5 Tosú ar an tairiscint leasaithe um Fhorbairt Bainistiochta a rolladh amach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) faoi bhainistíocht úinéara. Gheobhaidh 850 bainisteoir ar úinéirí iad oiliúint bhainistíochta struchtúrtha in 2017 i réimsí amhail fás straitéise agus gnó.

Bainte amach

Page 29: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

28

100 Creat beartais Breisoideachais agus Oiliúna d’Fhorbairt Fostaithe a fhoilsiu chun tacu le forbairt scileanna dóibh siúd atá fostaithe, i gcomhairliúchán leis na comhpháirtithe, atá ag teacht leis an Straitéis Náisiúnta Scileanna.

100.1 Creat beartais Breisoideachais agus Oiliúna d’Fhorbairt Fostaithe agus an plean cur i bhfeidhm a bhaineann leis a fhoilsiú. Is é aidhm an chreata gníomhaíochtaí Breisoideachais agus Oiliúna a dhéantar san earnáil Bhreisoideachais agus Oiliúna a threorú chun tacú le forbairt fostaithe in Éirinn agus ionchur a bheith aige sna cuspoiri d’fhorbairt an lucht oibre agus don fhoghlaim ar feadh an tsaoil mar atá leagtha amach i Straitéis Náisiúnta Scileanna 2025. San áireamh anseo tá an sprioc maidir leis an leibhéal rannpháirtíochta dóibh siúd atá idir 25 agus 64 bliain d’aois san fhoghlaim ar feadh an tsaoil (FFS) a mhéadú faoi 10% faoi 2020.

Gan bheith bainte amach

Tá dréacht déanta den Chreat beartais Breisoideachais agus Oiliúna. Tá obair bhreise ag teastáil sular féidir é a fhoilsiú. Tá sé beartaithe é a fhoilsiú roimh R1 2018.

Cuspóir 4.5 Feabhas a chur ar an tacaiocht d’fhoghlaimeoiri chun roghanna gairme oilte a dheanamh

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

102 Athbhreithniú a dhéanamh ar an taithí oibre ag an leibhéal iar-bhunscoile d’fhonn rochtain agus cáilíocht na taithí oibre do scoláirí a mhéadú.

Gan bheith bainte amach

Déanfar dul chun cinn ar athbhreithniú ar thaithí oibre ag leibhéal na hiar-bhunscoile (Idirbhliain, ATF agus GCAT) go comhuaineach leis an Athbhreithniú ar an tSraith Shinsearach agus an t-athbhreithniú le críochnú ag deireadh R4 2018.

103 Soláthraithe Breisoideachais agus Oiliúna agus Institiúidí Ardoideachais chun ráitis infhostaitheachta a chur ar fáil do chúrsaí / disciplíní le bheith mar bhonn eolais níos fearr do scoláirí, tuismitheoirí agus fostóirí.

Gan bheith bainte amach

Tá obair ar siúl idir ROS, SOLAS agus BOOÉ chun ráitis infhostaitheachta a sholáthar do chúrsaí / disciplíní agus tá socruithe á ndéanamh chun iad seo a chur isteach ar PLSS/FETCH.ie mar aon le torthaí foghlaimeora.

Cuspóir 4.6 Fócas níos láidre a chruthú ar Fhiontraíocht, Cruthaitheacht agus Nuálaíocht

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

Page 30: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

29

105 Tagarmharcáil a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí fiontraíochta san Ardoideachas agus comhoibriú le ÚAO chun plean uaillmhianach, infheidhmithe a chinntiú chun na bearnaí scileanna, agus riachtanais TFC agus ETIM a aithint agus dul i ngleic leo.

105.2 Creat nua um Fheidhmíocht Córas don Ardoideachas don tréimhse 2017 - 2021 a fhorbairt.

Bainte amach

108 An Chairt Ealaíon san Oideachas a chur i bhfeidhm, ag brath ar Mhaoiniú ó Chuntas Neamhfheidhmithe a tharraingt anuas.

108.5 Comhpháirtíocht idir Múinteoirí agus Ealaíontóirí a sholáthar mar Chúrsa Samhraidh i ngach ceann den 21 Cumann Múinteoirí/ Ionad Oideachais i gceantair na hÉireann, mar shamhail don FGL.

Bainte amach

108.6 Comhoibriú le R/Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta ar Chlár Éireann Chruthaitheach 2017-2022 a chur i bhfeidhm

Bainte amach

108.7 Mapa Náisiúnta Digiteach a chruthú de ghníomhaíocht i dtaca le hEalaíona san Oideachas ar fud na tíre.

Bainte amach

108.8 Stór Lárnach Taighde Náisiúnta do Thaighde na nEalaíon san Oideachas in Éirinn a fhorbairt.

Bainte amach

109 Straitéis Náisiúnta ar an Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur i bhfeidhm.

109.1 Iniúchadh a dhéanamh ar an Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe sna curaclaim bhunscoile agus iar-bhunscoile chun bonn eolais a chur faoin dul chun cinn ginearálta sa Straitéis Náisiúnta um Fhorbairt Inbhuanaithe 2014-2020.

Bainte amach

109.2 Athbhreithniú ar an dul chun cinn ginearálta ó 2014 a chur i bhfeidhm.

Bainte amach

109.3 An tríú fóram náisiúnta a reáchtáil ar an Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe.

Bainte amach

Cuspóir 4.7: Obair a dhéanamh le lucht fiontar chun líon na dtaighdeoirí a mhéadú agus clár nua maoinithe a thionscnamh i gcomhair Taighde beag beann ar Theorainneacha

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

110 Ciste nua iomaíochta a bhunú le go ndéanfaidh an chéad ghlúin eile de thaighdeoirí aistriú chuig stádas mar Phríomh-imscrúdaitheoir.

110.2 Dámhachtainí déanta faoin gClár chun a chur ar chumas na chéad ghlúine eile de thaighdeoirí aistriú chuig stádas mar Phríomh-imscrúdaitheoir.

Gan bheith bainte amach

Dámhachtain Laureate bunaithe agus iarratais faighte. Torthaí an phróisis roghnúcháin le bheith ann do R1, 2018. Bronnadh na ndámhachtainí le tosú faoi 31 Bealtaine, 2018

Page 31: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

30

111 Cuirfidh Clár Comhaltachta Iardhochtúireachta Marie Skłodowska-Curie de chuid an IRC (CAROLINE - Comhaltachtaí Taighde Comhoibríocha i dtreo na hEorpa Freagraí agus Nuálaí) cuirfidh sé deis ar fáil do 50 taighdeoir (trí dhá ghairm) Comhaltachtaí um shoghluaisteacht taighde agus forbairt gairme a fháil.

111.3 Tús a chur le Comhaltachtaí CAROLINE ón gcéad ghairm

Bainte amach

112 Straitéis a fhorbairt chun taighdeoirí domhanda den scoth a mhealladh go hÉirinn i gcomhthéacs an Bhreatimeachta. Chuimseodh an straitéis seo dámhachtainí breise a bheidh á maoiniú ag Comhairle Taighde na hÉireann do thaighdeoirí nó lucht acadúil a athlonnaíonn.

112.1 Straitéis a fhorbairt agus a fhoilsiú chun taighdeoirí domhanda den scoth a mhealladh go hÉirinn i gcomhthéacs an Bhreatimeachta.

Gan bheith bainte amach

Tá an straitéis chun taighdeoirí domhanda den scoth a mhealladh go hÉirinn i gcomhthéacs an Bhreatimeachta á dréachtú agus réidh lena foilsiú R1, 2018

112.2 Tosú ar ghníomhartha a chur i bhfeidhm a eascraíonn ón straitéis chun taighdeoirí domhanda den scoth a mhealladh go hÉirinn i gcomhthéacs an Bhreatimeachta.

Gan bheith bainte amach

Beart ag brath ar 112.1 thuas.

Cuspóir 4.8: Éire a shuíomh mar ionad inmhianaithe do scoláirí idirnáisiúnta

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

113 An Bille um Cháilíochtaí agus Dhearbhú Cáilíochta (Leasú) a dhréachtú. Braitheann an dáta a chuirtear é i gcrích ar sceideal ama agus ar phróiseas an Choiste. Tá Ceannteidil an Bhille á gcur i gcrích i láthair na huaire agus tá sé beartaithe iad a chur faoi bhráid an Rialtais chun iad a fhaomhadh in R1. Tar éis a bhfaofa, cuirfear Ceannteidil an Bhille isteach le himscrúdú reámhreachtach a bheith déanta ag coiste cuí an Oireachtais, sular féidir an dréachtú a thosú.

113.1 Na hathruithe reachtaíochta riachtanacha a dhéanamh chun tús a chur leis an Marc Oideachais Idirnáisiúnta. Tá an dáta chun é a chur i gcrích ag brath ar an bpróiseas reachtaíochta.

Gan bheith bainte amach

Rinne an Rialtas Scéim Ghinearálta an Bhille seo a fhaomhadh i mí na Bealtaine 2017. Shocraigh an Comhchoiste ar Oideachas agus Scileanna nár ghá imscrúdú réamhreachtach a dhéanamh ar an mBille. Tá dréachtóir reachtach

Page 32: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

31

ceaptha ag Oifig na Comhairle Parlaimintí. Táthar ag súil leis go n-achtófar an Bille in 2018. Ciallóidh sé sin gur féidir an IEM a thabhairt isteach.

Page 33: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

32

114 Straitéis Idirnáisiúnta Oideachais 2016-2020 a chur i bhfeidhm, tríd an nGrúpa Oibre Ardleibhéil freagrach.

114.2 Tacaíocht a thabhairt do shoghluaisteacht thaighdeoirí na hÉireann trí na modhanna a fhiosrú chun rannpháirtíocht a mhéadú sna gníomhartha a bhaineann le clár Marie Sklodowska-Curie atá ina chuid de Fís 2020, chun nascacht idirnáisiúnta na hearnála Ardoideachais a chinntiú.

Bainte amach

114.3 Iniúchadh a dhéanamh ar na deiseanna méadaithe atá ann le bheith rannpháirteach le Rialtais agus lena ngníomhaireachtaí i margaí spriocdhírithe thar lear, chun na timpeallachtaí cearta a chruthú agus a chur i bhfeidhm d’fhonn tionscadail chomhoibriocha a fhorbairt.

Bainte amach

114.4 Leanúint ar aghaidh leis an mbranda Oideachas in Éirinn a láidriú chun infheictheacht thairiscint oideachais idirnáisiúnta na hÉireann a mhéadú.

Bainte amach

114.5 Athbhreithniú a dhéanamh ar líon na ndaoine a mbíonn deontais acu mar sciar de na mic léinn Erasmus+ (nó an sciar díobh siúd a dhéanann cláir neamhéigeantacha Erasmus+) lena fháil amach an leor an ionadaíocht a dhéantar do mhic léinn faoi mhíbhuntáiste.

Gan bheith bainte amach

Tá ceist na mbacainní ar rannpháirtíocht i measc daoine le míchumas á scrúdú mar chuid de thionscadal Erasmus+. Le linn 2018, tabharfar faoi athbhreithniú ar na sonraí ar dhaoine a mbíonn deontas acu mar sciar de mhic léinn Erasmus+ (nó an sciar díobh siúd a dhéanann cláir neamhéigeantacha Erasmus+) d’fhonn sonraí a fheabhsú ar mhic léinn faoi mhíbhuntáiste atá ar chlár soghluaisteachta Erasmus+.

Page 34: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

33

Cuspóir 5: Feabhas a chur ar sheirbhísí náisiúnta pleanála agus tacaíochta

Cuspóir 5.1 Maoirseacht straitéiseach a threisiú agus díriú ar sheachadadh chun torthaí

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

115 Monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an “Plean Gniomhaiochta d’Oideachas agus Scileanna 2016-2019”, agus measunu a dhéanamh ar na dúshláin atá romhainn nuair a dhéanfar dínn an tseirbhís oideachais agus oiliúna is fearr san Eoraip.

115.5 Tuairisc R3 a fhoilsiú ar dhul chun cinn ar fhorfheidhmiú "Plean Gníomhaíochta don Oideachas 2017"

Bainte amach

116 Feabhas a chur ar inniúlacht ár mbeartas straitéiseach, maoirseacht, meastóireacht ar chláir agus ar bheartas, rialachas agus struchtúir bhainistíochta clár agus tionscadal chun tiomantais i dtaca le hathchóiriú ar fud sheirbhís phoiblí an Rialtais a chomhlíonadh, mar aon le tuairisciú ar an bPlean Seachadta Athchóirithe Comhtháite (IRDP) agus ar na tiomantais sa Chlár do Rialtas Comhpháirtíochta, i gcomhréir leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta.

116.3 Tuairisc a ullmhú gach ráithe ar dhul chun cinn maidir leis an bPlean Seachadta Athchóirithe Comhtháite (IRDP).

Bainte amach

116.4 Na tiomantais tuairiscithe maidir le Clár an Rialtais a bhaint amach

Bainte amach

116.5 Measúnachtaí fócasaithe beartais agus meastóireacht ar chláir a thabhairt chun críche chun freagra a fháil ar shaincheisteanna leagan amach agus seachadadh beartais

Bainte amach

116.6 Traenáil ar bhainistiú tionscadail ar fud na Roinne a chur ar fáil agus traenáil ar bhainistiú cláir a thabhairt isteach

Bainte amach

116.7 Táscairí a fhorbairt chun éifeachtacht na bpríomhghníomhaíochtaí a léiriú faoi gach ceann de na cuspóirí ardfheidhmeacha sa Phlean Gníomhaíochta don Oideachas, i gcomparáid le dea-chleachtas san Eoraip

Bainte amach

117 Treo straitéiseach níos fearr a sholáthar i rialachas, bainistíocht agus úsáid sonraí na Roinne.

117.5 Cur chuige na Roinne i dtaca le Bainistíocht Sonraí a neartú trí Chreat Bainistiú Sonraí Corparáideach a fhorbairt chomh maith le treoirlínte ag gach céim de shaolré na sonraí.

Bainte amach

Page 35: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

34

117.6 Seirbhís tacaíocht chorparáideach a chur ar fáil chun bheith ag obair le haonaid ghnó chun acmhainn agus inniúlacht sonraí a thógáil, aghaidh a thabhairt ar cheisteanna sonraí ar leith, úsáid sonraí agus deiseanna comhoibrithe a fhorbairt.

Bainte amach

118 Athbhreithniú a dhéanamh ar an tsamhail mhaoinithe ardoideachais (Samhail um Leithdháileadh Deontas Athfhillteach) le bheith mar bhonn faoin seachadadh ar fud na hearnála.

118.1 Athbhreithniú a chur i gcrích ar shamhail mhaoinithe ardoideachais le taca a chur faoin seachadadh ar fud na hearnála agus feabhas a chur ar dhul chun cinn na spriocanna sa Phlean Gníomhaíochta seo.

Bainte amach

118.2 Beidh samhail mhaoinithe ardoideachais nua i bhfeidhm do leithdháileadh buiséid 2018.

Bainte amach

121 Athchóiriú reachtaíochta a chur chun cinn san earnáil Ardoideachais.

121.1 Saincheisteanna a bhfuiltear le tabhairt fúthu sa Bhille Athchóirithe Ardoideachais a athbhreithniú agus a chur in ord tosaíochta agus dréachtú na scéime ginearálta a chur i gcrích.

Gan bheith bainte amach

Tá obair mheasúnaithe ar siúl chun ceisteanna ar gá aghaidh a thabhairt orthu sa Bhille Athchóirithe Ardoideachais

121.2 An Bille Ollscoileanna Teicneolaíochta a achtú le bheith mar bhonn agus mar thaca ag an bhforbairt a dhéantar ar shamhail ardoideachais nua in Éirinn. Tacaíocht a thabhairt do chuibhreannas atá ag déanamh iarratais ar stádas OT. Braitheann an dáta a chuirfear é seo i gcrích ar thosaíochtaí reachtaíochta an Rialtais.

Gan bheith bainte amach

Tá Dara Céim an tSeanaid beartaithe don Mháirt 19 Nollaig. Ag súil le Céim Choiste an tSeanaid, agus b’fhéidir Céim Thuairiscithe, a bheith ar siúl le linn na seachtaine dár tús 29 Eanáir.

122 Tacú le feidhmiú córas scoile ardchaighdeáin trí thacaí teagaisc agus airgeadais a chur ar fáil gach bliain do scoileanna, bunaithe ar chritéir chomhaontaithe agus ar shonraí rollaithe.

Bainte amach

123 Seirbhísí párolla agus pinsin a chur ar fáil do mhuinteoiri agus d’fhoireann scoile i ngach scoil (ach amháin in earnáil an BOO), íocaíochtaí a eisiúint chuig níos mó ná 104,000 duine ar bhonn coicísiúil.

Bainte amach

124 Cur chuige caighdeánaithe i leith an rialachais agus na cuntasachta a fhorbairt ar fud na hearnála oideachais lena chinntiú go bhfuil na riachtanais um chomhlíonadh an rialachais chorparáidigh á gcur i bhfeidhm go seasmhach ar fud na hearnála oideachais.

124.3 Forbairt a dhéanamh ar chlár oiliúna agus tús a chur lena rolladh amach chun scileanna nua a theagasc don fhoireann atá i Rannóga Líne freagracha chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna i rialachas corparáideach, agus ina measc iniúchadh na gcuntas airgeadais.

Bainte amach

Page 36: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

35

Cuspóir 5.2 Infreastruchtúr cuí a sholáthar do thimpeallachtaí foghlama

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

125 Cur i bhfeidhm Chlár Tógála 2016-2021.

125.1 46 tionscadal tógála mórscála a chur i gcrích. Bainte amach

125.2 Soláthar a dhéanamh don chéad bhabhta eile de chlár Oibreacha an tSamhraidh.

Bainte amach

126 An chéad chéim eile de Thionscnamh Athsholáthair na bhFoirgneamh Réamhdhéanta a rolladh amach, ag tabhairt faoin réamhobair i scoileanna ina bhfuil foirgnimh réamhdhéanta níos sine a ceannaíodh, chun tús a chur le cóiríocht bhuan a thógáil in 2019.

126.1 Tús a chur leis an réamhobair chun scoileanna a aithint ina bhfuil foirgnimh réamhdhéanta a ceannaíodh agus atá le hathsholáthar.

Bainte amach

127 Leanúint ar aghaidh leis an infheistíocht caipitil san Ardoideachas.

127.1 Bronnadh an chonartha a bhaint amach agus tús a chur leis an gcéim tógála de thionscadal PPP Ghráinseach Ghormáin.

Gan bheith bainte amach

Rinneadh dul chun cinn suntasach i treo bronnadh conartha a bhaint amach, atá le titim amach in R1 2018

127.2 Plean Caipitil 2016- 2021 a chur i bhfeidhm i dtaca leis an Ardoideachas. Airitear leis sin solathar €150m de mhaoiniú an Státchiste agus cur chun cinn luach €200m de thionscadail Chomhpháirtíochta Príobháidí Poiblí don earnáil ar feadh na tréimhse

Bainte amach

Cuspóir 5.3 Feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí tacaíochta náisiúnta agus na seirbhísí comhroinnte

Beart/ Fo-bheart

Bearta/Fo-bhearta le haghaidh Ráithe 4 Bainte amach/ Gan a bheith bainte amach

Nota Trachta

129 Córais bhainistíochta ROS a láidriú trí sheirbhísí comhroinnte.

129.3 Plé a dhéanamh le Lárionad Sheirbhísí Comhroinnte na Bainistíochta Airgeadais sa chéim Dearaidh, Tógála & Tástála de Thionscadal Sheirbhísí Comhroinnte na Bainistíochta Airgeadais.

Bainte amach

131 Feabhas a chur ar cháilíocht na seirbhísí ar fud na hearnála trí sheirbhísí comhroinnte a thabhairt isteach, i gcomhréir leis an bPlean Seirbhísí Comhroinnte.

131.2 Mol Soláthair na hEarnála Oideachais agus tionscnaimh soláthair na hearnála a fhorbairt tuilleadh chun na buntáistí a uasmhéadú a bhaineann leis an soláthar lárnach do gach cuid den earnáil ó na scoileanna go dtí na hInstitiúidí Ardoideachais.

Bainte amach

131.3 Córais TFC a thabhairt suas chun dáta do AD/Párolla an Ardoideachais chun tacú le clár oibre na seirbhísí comhroinnte.

Bainte amach

Page 37: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

36

133 Seirbhísí Gnó Oideachais Comhroinnte (SGOC) a bhunú.

133.1 Suiomh oibriochta d’fheidhmeanna nua an SGOC a fhorbairt.

Bainte amach

133.2 Tacaí ón Roinn do na seirbhísí nua a chomhaontú. Bainte amach

133.3 Rialachas oibríochta a fhorbairt do na tionscadail seirbhísí comhroinnte tosaigh.

Bainte amach

133.4 Tús a chur le forbairt a dhéanamh ar na struchtúir bhainistíochta do na Seirbhísí Comhroinnte.

Bainte amach

134 Cur i bhfeidhm céimnithe de na seirbhísí comhroinnte do na BOOnna a thosú.

134.3 Cur i bhfeidhm céimnithe na seirbhísí comhroinnte Airgeadais do na BOOnna a thosú.

Bainte amach

Page 38: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

37

137 Leas a bhaint as inniúlachtaí na dTeicneolaíochtaí Faisnéise agus Cumarsáide (TFC) ar mhaithe le haonaid ghnó agus custaiméirí na Roinne

137.4 Ríomh-chomhfhreagras a chur i bhfeidhm a d’fhorbair Oifig Phriomhoifigeach Faisneise an Rialtais (OPOFR), faoin snáithe Tóg le Comhroinnt de Straitéis TFC na Seirbhíse Poiblí.

Gan bheith bainte amach

Cuireadh tús le clár piolotach d’fheidhmchlar ríomh-chomhfhreagrais agus cuireadh oiliúint ar fáil. Tarlóidh an rolladh amach chuig Oifigí an Aire, Airí Stáit agus Ard-Rúnaí le linn 2018.

137.5 Straitéis TFC na Roinne 2015 - 2019 a sheachadadh, a thugann tús áite don nuálaíocht, córais chomhtháite, rialachas faisnéise treisithe, eispéireas feabhsaithe do chustaiméirí, barrfheabhsú costas agus feidhmchláir in-athúsáidte.

Bainte amach

137.6 Feabhas a chur ar an mBunachar Sonraí Iar-bhunscoileanna Ar Líne chun cur i bhfeidhm chlár Leasaithe na Sraithe Sóisearaí a éascú, trínar féidir gearrchúrsaí agus measúnuithe a thabhairt isteach, agus Próifíl Ghnóthachtála na Sraithe Sóisearaí a ghiniúint ina dhiaidh sin.

Bainte amach

137.7 Tacaíocht leanúnach do phárollaí fostaithe na scoileanna chun solathar a dheanamh d’athruithe reachtula, d’athruithe nua no d’athruithe ar bheartais atá ann cheana féin srl.

Bainte amach

137.8 Leanúint ar aghaidh le tacaiocht TFC d’fheidhmchlair ghnó riachtanacha lena n-áirítear an Córas Bainistíochta Airgeadais, bunachair sonraí daltaí, Córas Faisnéise Bainistíochta Cigireachta, suíomh gréasáin srl.

Bainte amach

137.9 Leanúint ar aghaidh le tacaíocht TFC d’fheidhmchlair ghnó riachtanacha lena n-áirítear an Córas Bainistíochta Airgeadais, Bunachair sonraí daltaí, Córas Faisnéise Bainistíochta Cigireachta, suíomh gréasáin srl.

Bainte amach

138 Seirbhísí iompair scoile atá sábháilte, éifeachtach agus costéifeachtúil a chur ar fáil do leanaí incháilithe.

138.2 Oibriú i gcomhar le Bus Éireann chun tuairim is 114,000 leanbh a iompar, lena n-áirítear timpeall 10,000 leanbh a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu, ar bhonn laethúil don scoilbhliain 2017/18.

Bainte amach

139 A bheith i mbun na hidirbheartaíochta um chaidreamh tionsclaíoch thar ceann na Roinne agus na hearnála oideachais chun comhairle i dtaca le caidreamh tionsclaíoch agus dlíthe fostaíochta a chur ar fáil don Aire, do chomhghleacaithe na Roinne agus d’fhostoiri na hearnala.

Bainte amach

140 Bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar Acmhainní Daonna na Roinne.

140.4 Deiseanna oiliúna agus forbartha a chur ar fáil don fhoireann.

Bainte amach

Page 39: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

38

140.5 Monatóireacht a dhéanamh ar líon na mball foirne i gcomhthéacs an Cheadaithe Tharmligthe agus tuairiscí ráithiúla a chur ar fáil don RCPA.

Bainte amach

140.6 Straitéis AD nua a fhorbairt. Bainte amach

141 Plean Athnuachana na Státseirbhíse a chur i bhfeidhm, i gcomhréir le riachtanais RCPA.

141.2 Comhordú a dhéanamh ar rannpháirtíocht an ROS i nGradaim Barr Feabhais agus Nuálaíochta na Státseirbhíse.

Bainte amach

141.3 Rannpháirtíocht an ROS i socruithe Soghluaisteachta na Státseirbhíse a mhéadú.

Bainte amach

143 Bainistiú a dhéanamh ar chláir chómhaoinithe de chuid an AE agus leas a bhaint as deiseanna cómhaoinithe.

143.3 Na hÚdaráis Bainistíochta agus Deimhnithe a ainmniú don Chlár um Infhostaitheacht, Chuimsiú agus Fhoghlaim 2014-2020 (PEIL) arna chómhaoiniú ag an AE tríd an CSE agus an Tionscnamh Fostaíochta Déagóirí (TFD).

Gan bheith bainte amach

Cuireadh faisnéis ar fáil agus tá plé leanúnach ar siúl leis an Údarás Iniúchta chun go mbeidh ar a chumas sin tuairisc agus tuairimí a ullmhú ar a éifeachtaí is a chomhlíon na hÚdaráis Bainistíochta agus Deimhnithe na riachtanais rialachais chuí chun ainmniúchán a éascú

143.4 Meastóireacht Mheántéarmach a fhoilsiú maidir leis an gClár um Infhostaitheacht, Chuimsiú agus Fhoghlaim 2014-2016 (PEIL).

Gan bheith bainte amach

Rinneadh cinneadh an mheastóireacht seo a chur ar an méar fhada agus go dtabharfar faoi ag an am céanna leis an meastóireacht ar an Tionscnamh Fostaíochta do Dhéagóirí atá le comhlíonadh in 2018.

143.5 An caiteachas deiridh faoin gClár Idirnáisiúnta EGF PWA arna chómhaoiniú ag an AE a dhearbhú.

Bainte amach

144 Freagairt na Roinne a fhorbairt don tionchar a d’fheadfadh a bheith ag an mBreatimeacht ar ar gcóras oideachais agus do sheachadadh an Phlean Gníomhaíochta don Oideachas 2016- 2019

144.3 Comhairliúchán breise leis an earnáil de réir mar a thagann seasamh ar shaincheisteanna chun cinn le linn na tréimhse idirbheartaíochta.

Bainte amach

145 Feabhas a chur ar chaighdeán na seirbhísí do chustaiméirí laistigh den Roinn.

145.2 Tus a chur le clar piolotach d’fheidhmchlar riomh-chomhfhreagras Oifig Phríomhoifigeach Faisnéise an Rialtais (OPOFR) arb é a aidhm feabhas a chur ar an rianú agus ar an mbainistiú a dhéantar ar an gcomhfhreagras a thagann isteach agus ar na freagraí a théann amach.

Bainte amach

Page 40: Réamhrá¡in... · le haghaidh clár nuálacha i scoileanna DEIS. Maoiniú chun píolótú a dhéanamh ar chuir chuige nuálacha chun aghaidh a thabhairt ar an míbhuntáiste oideachasúil

39

145.3 Monatóireacht a dhéanamh ar shásamh custaiméirí trí aiseolas a lorg go rialta ar shuíomh gréasáin na Roinne.

Bainte amach