nuachtlitir - bunscoil ráth chairn · ranganna naíonán go rang 3. Úsáideann muid é mar chuid...

6
1 Fáilte Tá fáilte romhaibh chuig eagrán Mhí na Nollag de Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as. Laethanta Leabharlainne Thug Rang 1 & Naíonáin Shinsearacha cuairt ar an leabharlann ag éisteacht leis an údar Carmel Uí Cheallaigh ar an 20/10/16. Bhí lá speisialta eile ag Rang 3 faoi Roald Dahl le Méadhbh Rúán, mar bhí ceiliúradh mór Roald Dahl ann i mbliana. Bhí ceardlann Origami ag Rang 4 freisin. Tá muid an-bhuíoch den leabharlannaí Treasa Uí Mháirtín a thugann chuile chúnamh don scoil i rith na bliana agus a eagraíonn ócáidí iontacha sa leabharlann dúinn. Déan cinnte an leabharlann a úsáid agus leanaigí leis an léitheoireacht i rith na Nollag! Gleacaíocht Bhí an-spraoi go deo ag páistí na scoile leis na ranganna gleacaíochta a bhí ar bun sa scoil ag deireadh mhí Mheán Fómhair 2016. Is cinnte go gcuireann gleacaíocht go mór le saol na bpáistí agus is cinnte go mbeidh Gary ón Ungair ar ais arís againn, le cúnamh Dé, i 2017! Rang 6 i mbun an rang gleacaíochta Lúthchleasaíocht Rinne na paistí scoile spréachadh ag Fr Murphys ar an Aoine 21/10/16. Thug siad leo an dá chorn, ceann na mBuachaillí & na gCailíní! Táimid fíor -bhródúil go deo astu. Buíochas do Ruairí Mac Conduibh & Brenda Ní Cheallacháin a bhí in éindí leo. Comhghairdeachas ó chroí leo ! Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh Ráth Chairn [email protected] www.bunscoilrathchairn.ie 046-9432837 Nollaig 2016

Upload: others

Post on 06-Feb-2020

1 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Nuachtlitir - Bunscoil Ráth Chairn · ranganna Naíonán go Rang 3. Úsáideann muid é mar chuid dár gcuid straitéisí Litearthachta agus dár bPlean Feabhsúchán Scoile. Bláthnaid

1

Fáilte

Tá fáilte romhaibh chuig eagrán Mhí na

Nollag de Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh

Tá súil againn go mbainfidh sibh taitneamh as.

Laethanta Leabharlainne

Thug Rang 1 & Naíonáin Shinsearacha cuairt ar

an leabharlann ag éisteacht leis an údar Carmel

Uí Cheallaigh ar an 20/10/16. Bhí lá speisialta

eile ag Rang 3 faoi Roald Dahl le Méadhbh

Rúán, mar bhí ceiliúradh mór Roald Dahl ann i

mbliana. Bhí ceardlann Origami ag Rang 4

freisin. Tá muid an-bhuíoch den leabharlannaí

Treasa Uí Mháirtín a thugann chuile chúnamh

don scoil i rith na bliana agus a eagraíonn ócáidí

iontacha sa leabharlann dúinn. Déan cinnte an

leabharlann a úsáid agus leanaigí leis an

léitheoireacht i rith na Nollag!

Gleacaíocht

Bhí an-spraoi go deo ag páistí na scoile leis na

ranganna gleacaíochta a bhí ar bun sa scoil ag

deireadh mhí Mheán Fómhair 2016. Is cinnte go

gcuireann gleacaíocht go mór le saol na bpáistí

agus is cinnte go mbeidh Gary ón Ungair ar ais

arís againn, le cúnamh Dé, i 2017!

Rang 6 i mbun an rang gleacaíochta

Lúthchleasaíocht

Rinne na paistí scoile spréachadh ag Fr

Murphys ar an Aoine 21/10/16. Thug siad leo an

dá chorn, ceann na mBuachaillí & na gCailíní!

Táimid fíor -bhródúil go deo astu. Buíochas do

Ruairí Mac Conduibh & Brenda Ní Cheallacháin a

bhí in éindí leo. Comhghairdeachas ó chroí leo !

Nuachtlitir Scoil Uí Ghramhnaigh Ráth Chairn

[email protected] www.bunscoilrathchairn.ie

046-9432837 Nollaig 2016

Page 2: Nuachtlitir - Bunscoil Ráth Chairn · ranganna Naíonán go Rang 3. Úsáideann muid é mar chuid dár gcuid straitéisí Litearthachta agus dár bPlean Feabhsúchán Scoile. Bláthnaid

2

Lá Bándearg

Bhí lá bándearg againn ar an Aoine 21/10/16.

Ghléas chuile dhuine in éadaí bándearg agus

bhailigh páistí na scoile €240 ar son Cumann

Ailse na hÉireann. Go raibh míle maith agaibh

as ucht bhur dtacaíocht ar fad.

Suíomh Idirlín Nua

Tá athchóiriú déanta ar suíomh idirlín na scoile

agus tá sé ar fheabhas! Tá sé i bhfad níos

éasca rudaí a aimsiú air agus tá feilire

idirghníomhach ann gur féidir imeachtaí

laethúil na scoile a fheiceáil. Míle buíochas do

Ruairí Mac Conduibh a rinne an oiread oibre

leis. Is féidir libh breathnú air ag:

www.bunscoilrathchairn.ie

Féile Rugbaí:

Bhí féile rugbaí ag Rang 5 & 6 ar an 27ú Meán

Fómhair agus bhí an-lá go deo acu.

Tá muid fíor bhuíoch do Ruairí Bond agus na

múinteoirí a thug ann iad.

Aisteoirí Áth Buí

Bhí cuairteoirí an-speisialta againn i mí

Dheireadh Fómhair Hugh de Lacy agus Tiarnáin

Ó Ruairc! Bhí troid fiachmhar acu i halla na

scoile!

Cigire Teagacs Críostaí Máirín Ní Ainín

Thug an Cigire Teagacs Críostaí Máire Ní

Ainín cuairt ar an scoil ar an Aoine 9ú

Nollaig . Bhí sí an-sásta leis an méid oibre

atá dhá dhéanamh sa scoil ó thaobh an

Teagasc Críostaí de. Labhair sí leis na

páistí ar fad agus mhol sí go mór iad.

Lá Inseirbhíse Curaclam Teanga

Bhí Lá Inseirbhíse Curaclam Teanga ag

foireann na scoile ar an 6/12/16. Beidh

muid ag súil go mór le cur leis an teanga

labhartha i nGaeilge agus i mBéarla.

Page 3: Nuachtlitir - Bunscoil Ráth Chairn · ranganna Naíonán go Rang 3. Úsáideann muid é mar chuid dár gcuid straitéisí Litearthachta agus dár bPlean Feabhsúchán Scoile. Bláthnaid

3

Féile na Mí

Comhghairdeachas leis na páistí ar fad a ghlac

páirt i bhFéile na Mí . Chas siad go hálainn

ceolmhar. Bhí buaiteoirí ón scoil sa gcomórtas

damhsa freisin! Déanann muid

comhghairdeachas ó chroí leo. Táimid an –

bhródúil astu.

Uaireannta Breise Pháirc an Chrócaigh

Déanann foireann na scoile ar fad uaireannta

breise Pháirc an Chrócaigh. Is

minic go mbíonn an fhoireann ar fad istigh ar an

Máirt ón 8.15-9.15 agus bíonn aoichainteoirí nó

cúrsaí eile ar siúl againn i rith na bliana ar

laethanta éagsúla ón 3-5.

Beidh cúrsa Cleachtas Aisiríoch ar bun ag

foireann na scoile ag tosú ar an 10/1/17 ar

feadh ceithre seachtainí le cúnamh Dé ón 3-5.

Iníon Uí Ghuidhir ag obair le Rang 1

Léim sa Litearthacht

Tá an Léim sa Litearthacht faoi lán tseoil sna

ranganna Naíonán go Rang 3. Úsáideann muid é

mar chuid dár gcuid straitéisí Litearthachta

agus dár bPlean Feabhsúchán Scoile.

Bláthnaid Libh

Bhí an-tráthnóna ag cuid de na páistí i Rang 1

agus 2 nuair a rinne siad léirmheastóireacht ar

leabhair Ghaeilge don Nollaig do chlár radio

RnaG, 'Bláthnaid Libh', ar an Satharn

17/12/16. Is iarscoláire na scoile í Bláthnaid

agus cuireann sí Ráth Chairn ar an mapa i gcónaí

bail ó Dhia uirthi!

Page 4: Nuachtlitir - Bunscoil Ráth Chairn · ranganna Naíonán go Rang 3. Úsáideann muid é mar chuid dár gcuid straitéisí Litearthachta agus dár bPlean Feabhsúchán Scoile. Bláthnaid

4

Oíche Shamhna

Comhghairdeachas leis na páistí agus na

tuismitheoirí ar fad a rinne a gcuid cultacha

athchúrsáilte féin le haghaidh Oíche Shamhna.

Bhí seó faisin galanta scanrúil againn sa halla

agus bhí an-spraoi ag an scoil ar fad. Is breá le

páistí na scoile seo spórt na Samhna.

Cruinnithe Tuismitheoirí Múinteoirí

Bhí na Cruinnithe Tuismitheoirí

Múinteoirí againn ar an Déardaoin 24/11/16 ón

3-6.30. Tá mé cinnte go raibh sibh an-sásta le

dul chun cinn bhur bpáistí.

Síntiús Deonach

Tá muid an-bhuíoch do na tuismitheoirí ar fad

a thugann síntiús deonach don scoil. Is mór

againn an cúnamh agus an tacaíocht a thugann

sibh don scoil i gcónaí. Caitear an t-airgead ar

fad ar leabhair agus fearas scoile do na páistí

agus tá muid chomh buíoch as bhur gcúnamh ar

fad.

Féilire na Scoile

Tá féilire álainn scoile againn i mbliana le

haghaidh 2017! Tá muid an-bhuíoch do Áíne

Máire Uí Laoire, Lisa Uí Bheig agus Michaella Uí

Dhúlainne a chuir an-obair ann ag cuartú

urraithe dhó. Is iontach an áis é i dteach agus

chomh maith le sin tá deis agaibh a bheith

breathnú ar pháistí iontacha na scoile!

Boscaí Bróg na Nollag do Hope

Ghlac páistí na scoile páirt i bhFeachtas Boscaí

Bróg na Nollag. Chruinnigh siad 107 bosca bróg

do Team Hope. Tá muid fíor bhuíoch díobh ar

fad.

Ceardlann Mata

D’éagraigh Bn Uí Thuama agus Rang 6 ceardlann

Mata don scoil ar fad i rith seachtain na

Matamaitice. Bhí siad ar fheabhas. Bhí staisiúin

éagsúla ann idir Am, Toilleadh, Fad, Rangú ,

Fadhbanna, Airgead agus go leor rudaí eile.

Bhain muid an-taitneamh as agus is breá le

páistí Scoil Uí Ghramhnaigh MATA!

Page 5: Nuachtlitir - Bunscoil Ráth Chairn · ranganna Naíonán go Rang 3. Úsáideann muid é mar chuid dár gcuid straitéisí Litearthachta agus dár bPlean Feabhsúchán Scoile. Bláthnaid

5

Cumann Naomh Uinseann de Pól

Go raibh míle maith ag chuile dhuine a thug bia,

brioscaí agus seacláidí isteach le haghaidh

Cumann Naomh Uinseann de Pól.

Déanfaidh sé difríocht mhór do dhaoine an

Nollaig seo.

Díolachán Earraí

Bhí Díolachán Éarraí dochreidthe sa scoil ar an

Domhnach 4/12/16. Bhí cór na scoile ag casadh

ag Aifreann an lae agus ansin tháinig muid ar

fad ar ais chuig halla na scoile le haghaidh an

spóirt agus an spraoi.

Go raibh míle míle maith ag na tuismitheoirí ar

fad a d’eagraigh an ócáid iontach. Bhailigh siad

síntiúis ó na gnóthaí ar fad timpeall an

cheantair agus ó na comhlachtaí ar fad a

mbíonn an scoil ag plé leo. Bhí an halla ag

breathnú go hiontach. Bhí fógraí nua ann i

mbliana a bhreathnaigh go hálainn.

Bhí aghaidheanna dhá bpéinteáil agus bhí

iongacha dhá maisiú .

Seomra nua Dhaidí na Nollag!

Bhailigh Cumann na dTuismitheoirí €9,500.

Comhghairdeachas ó chroí leo agus go raibh

míle maith ag chuile dhuine a tháinig agus chuile

dhuine a cheannaigh earraí ar an lá.

Ceolchoirm na Nollag

Bhí ceolchoirm na scoile againn ar an Mháirt

20ú agus Dé Céadaoin 21ú Nollaig ag 7 a chlog.

Bhí páistí na scoile ar fad páirteach ann.

Chomh maith leis na haisteoirí iontacha a bhí ar

an stáitse ar an dá oíche sin bhí amhránaithe

agus ceoltóirí na scoile.

Chas an grúpa sean-nóis agus an grúpa Spáinise.

Bhí drámaí na Nollag iontach againn ó Rang na

Naíonáin Shinsearacha agus ó Rang 4.

Page 6: Nuachtlitir - Bunscoil Ráth Chairn · ranganna Naíonán go Rang 3. Úsáideann muid é mar chuid dár gcuid straitéisí Litearthachta agus dár bPlean Feabhsúchán Scoile. Bláthnaid

6

Bhí chuile rang ar fheabhas. Molann muid go

mór iad. Tá buíochas mór millteach tuillte ag

na múinteoirí ranga a dhéanann an oiread oibre

le páistí na scoile , chomh maithe leis na

cúntóirí ranga agus cuntóirí teangan.

Go raibh míle maith agaibh ar fad!

Is breá linn an crannchur!

Seomraí Nua

Tá an seomra nua acmhainne faighte againn

agus tá sé go hálainn. Tá oifig an rúnaí curtha in

aice leis an doras tosaigh anois agus tá seomra

tacaíochta foghlama nua ag Bn. Uí Riain chomh

maith. Tá leithreas nua sa halla againn freisin .

Teastaionn níos mó áit stórála don stáitse ,

cathaoireacha, trollaithe & rl. Tá plean curtha

le chéile ag an ailtire Pat Weafer dhúinn. Beidh

muid ag tabhairt faoin seomra stórais i 2017 le

cúnamh Dé.

Seomra Suaimhneach

Tá seomra Suaimhneach againn sa scoil anois do

pháistí na scoile. Tá muid faoi chomaoin ag

Cumann na dTuismitheoirí a thug an maoiniú ar

fad dúinn. Míle buíochas le Trudi de Brún a

rinne an oiread oibre leis an dearadh ar fad. Tá

muid chomh buíoch do June Rayfus freisin a

chuir na cuirtíní ar fáil. Is iontach go deo an

spas é agus baineann agus bainfidh páistí na

scoile an oiread tairbhe as !

Plásóg Aclaíochta agus Gairdín na Scoile.

Is gearr go mbeidh plásóg aclaíochta ag an scoil

le cúnamh Dé agus beidh athchóiriú dhá

dhéanamh ar ghairdín na scoile. Má tá

tuismitheoirí sásta aon chúnamh a thabhairt le

réiteach nó glanadh níl ort ach do ainm a

thabhairt don scoil 0469432837 . Beidh

Cumann na dTuismitheoirí dhá mhaoiniú seo

freisin bail ó Dhia orthu. Nach aoibhinn Dia do

pháistí na scoile seo!

Beannachtaí na Nollag

Tá muid an-bhuíoch do chuile dhuine a thugann

cúnamh don scoil i rith na bliana. Bhí bliain

cheiliúrtha iontach againn i 2016! Guíonn muid

Nollaig faoi shéan is faoi mhaise ar chuile

dhuine agus feicfidh muid ar ais ar scoil sibh ar

an Luan 9ú Eanáir, 2017 le cúnamh Dé!