naomh brid

11
Naomh Bríd Is duine d’éarlaimh na hÉireann í Naomh Bríd. Tá a féile ar 1 Feabhra, an chéad lá den Earrach.

Upload: ambaiste

Post on 12-Jan-2015

281 views

Category:

Education


17 download

DESCRIPTION

 

TRANSCRIPT

Page 1: Naomh Brid

Naomh BrídIs duine d’éarlaimh na hÉireann í

Naomh Bríd. Tá a féile ar 1 Feabhra, an chéad lá den Earrach.

Page 2: Naomh Brid

Naomh Bríd A hÓigeRugadh Naomh Bríd i bhFochaird, in aice le Dún Dealgan, Contae Lú. Ba í Broicseach a máthair agus ba é Dubhtach a hathair; ba thaoiseach é. D’oibrigh Bríd ar an bhfeirm le linn a hóige, ag tabhairt aire do na caoirigh agus ag tabhairt bia dos na hainmhithe.

Page 3: Naomh Brid

Grá do na Bochtáin

Fiú nuair a bhí sí ina leanbh, bhí grá mór ag Bríd do na bochtáin. Nuair a fuair sí rud éigin thug sí uaithi é. Nuair a chuir a máthair amach í chun im a bhailiú, thug sí uaithi an t-im.

Page 4: Naomh Brid

Thug athair Bhríde cuairt ar Rí Laighean. D’fhág sé Bríd sa charbad chun aire a thabhairt dá chlaíomh. Bhí bochtán ag dul thar bráid agus d’iarr sé cabhair ar Bhríd. Ní raibh ag Bríd ach claíomh luachmhar a hathar, agus thug sí sin dó. Bhí Dubhtach ar buile nuair a fuair sé amach cad a rinne Bríd.

Page 5: Naomh Brid

Bríd an Bhean Rialta Nuair a bhí sí óg shocraigh Bríd go mbeadh sí ina bean rialta. Thaistil sí ar fud na hÉireann ag tógáil clochard. Chuaigh Bríd chuig Rí Laighean agus d’iarr sí roinnt talún air chun clochar a thógáil. Níor mhian leis an rí aon talamh a thabhairt di. Ach d’inis sé di a clóca a chur ar an dtalamh agus gheall sé fad agus leithéad na talún faoina clóca di.

Page 6: Naomh Brid

Nuair a chuir Bríd a clóca ar an dtalamh d’fhás sé, agus d’fhás sé, go dtí go raibh réimse mór clúdaithe aige. Bhain sin an anáil as an Rí ach choinnigh sé a fhocal.

Page 7: Naomh Brid

Bhunaigh sí a céad chlochar ar an talamh sin. Bhí crann mór darach sa áit agus tháinig an t-ainm Cill Dara (Eaglais an Chrainn Daraigh) as sin. Tá an t-ainm céanna ar an áit anois.

Page 8: Naomh Brid

Cros Bhríde Bhí taoiseach págánach ag fáil bháis agus thug Bríd cuairt air. Shuigh sí le taobh a lea agus ghuigh sí. Thóg sí roinnt luachra den urlár agus rinne sí cros astu. D’oscail an Taoiseach a shúile agus d’iarr sé cad a bhí sí á dhéanamh. D’inis Bríd scéal Chríost dó – conas a fuair sé bás ar an gcros. D’iompaigh an Taoiseach ina Chríostaí sula bhfuair sé bás.

Page 9: Naomh Brid

Ceapann siad go bhfuair Naomh Bríd bás ar an 1 Feabhra 525. Deir siad gur thóg siad a corp as Cill Dara go Dún Phádraig níos déanaí agus gur chuir siad í le hais Naomh Pádraig, atá ina éarlamh ar Éirinn, cosúil le Bríd.

Page 10: Naomh Brid

Bhí an chros an-tábhachtach do Bhríd. Tá cros áirithe ainmnithe ina diadh- Cros Bhríde. Is siombail choitianta in Éirinn í sin.

Page 11: Naomh Brid

Roghnaigh an scéal is fearr leat agus tarraing pictúir nó dein dráma as.

Scríobh an comhrá idir Bríd agus an bochtán. Inis conas a mhínigh sí dá hathair cén fáth a raibh an chlaíomh ar iarraidh