ionstraimÍ reachtÚla³ras-oideachais... · 2017. 6. 6. · 27. gníomhaíochtaí a dtagraítear...
TRANSCRIPT
IONSTRAIMÍ REACHTÚLA.
I.R. Uimh. 8 de 2017
————————
RIALACHÁIN AN AONTAIS EORPAIGH (RIALACHÁIN UM CHÁILÍOCHTAÍ
GAIRMIÚLA A AITHINT) 2017
2 [8]
I.R. Uimh. 8 de 2017
RIALACHÁIN AN AONTAIS EORPAIGH (RIALACHÁIN UM CHÁILÍOCHTAÍ
GAIRMIÚLA A AITHINT) 2017
SOCRUITHE NA RIALACHÁN
Cuid 1
Réamhráiteach
Rialachán
1. Lua.
2. Tosach Feidhme.
3. Léiriú.
4. Raon Feidhme na Rialachán.
Cuid 2
Údaráis inniúla, ionad náisiúnta comhordúcháin agus cúnaimh
5. Ainmniúchán údarás inniúil sa Stát.
6. Feidhmeanna údarás inniúil.
7. Comhordú náisiúnta
8. Ionad cúnaimh.
Cuid 3
Éifeachtaí aitheantais
9. Éifeacht ghinearálta aitheantais.
10. Páirt-rochtain.
Cuid 4
Soláthar saor in aisce seirbhísí ar bhonn sealadach agus ócáideach
11. Prionsabal soláthar saor in aisce seirbhísí.
12. Díolúintí, ceanglais agus cúlghairmeacha i ndáil le soláthar saor in aisce
seirbhísí.
13. Dearbhú le déanamh roimh ré.
14. Úsáid teideal gairmiúil nuair a bhítear ag soláthar seirbhísí sealadacha
agus ócáideacha.
15. Seiceáil cáilíochtaí gairmiúla.
[8] 3
16. Comhoibriú riaracháin.
17. Faisnéis a bheidh le tabhairt d'fhaighteoirí seirbhíse.
Cuid 5
Córas ginearálta i gcomhair fianaise ar oiliúint a aithint.
18. Raon feidhme Chuid 5.
19. Leibhéil cáilíochta.
20. Cóir chomhionann do cháilíochtaí.
21. Coinníollacha aitheantais.
22. Bearta cúitimh.
23. Tréimhse oiriúnaithe.
24. Triail Inniúlachta
Cuid 6
Aithint uathoibríoch taithí ghairmiúil in earnálacha ceardaíochta, tráchtála
agus tionsclaíochta
25. Raon feidhme Chuid 6.
26. Aithint uathoibríoch taithí gairmiúla.
27. Gníomhaíochtaí a dtagraítear dóibh i liosta I d'Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir.
28. Gníomhaíochtaí a dtagraítear dóibh i liosta II d'Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an
Treoir.
29. Gníomhaíochtaí a dtagraítear dóibh i liosta III d'Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an
Treoir.
Cuid 7
Aithint uathoibríoch — dochtúirí leighis
30. Aithint uathoibríoch dochtúirí.
31. Oiliúint dochtúirí.
32. Rochtain agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla dochtúirí.
33. Cearta a fuarthas a bhaineann go sonrach le dochtúirí speisialaithe.
34. Cearta a fuarthas a bhaineann go sonrach le cleachtóirí ginearálta.
Cuid 8
Aithint uathoibríoch — altraí atá freagrach as cúram ginearálta
35. Aithint uathoibríoch altraí atá freagrach as cúram ginearálta
36. Oiliúint altraí atá freagrach as cúram ginearálta.
37. Rochtain agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla altraí atá freagrach as
cúram ginearálta.
4 [8]
38. Cearta a fuarthas a bhaineann go sonrach le haltraí atá freagrach as cúram
ginearálta.
Cuid 9
Aithint uathoibríoch — cleachtóirí déidlíochta
39. Aithint uathoibríoch cleachtóirí déidlíochta.
40. Oiliúint déidlíochta.
41. Rochtain agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla cleachtóirí déidlíochta.
42. Cearta a fuarthas a bhaineann go sonrach le cleachtóirí déidlíochta.
Cuid 10
Aithint uathoibríoch — tréidlianna
43. Aithint uathoibríoch tréidlianna.
44. Oiliúint tréidlianna.
45. Rochtain agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla tréidlianna.
46. Cearta a fuarthas a bhaineann go sonrach le tréidlianna.
Cuid 11
Aithint uathoibríoch — cnáimhseacha
47. Aitheantas uathoibríoch cnáimhseach.
48. Oiliúint cnáimhseach.
49. Rochtain agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla cnáimhseach.
50. Cearta a fuarthas a bhaineann go sonrach le cnáimhseacha.
Cuid 12
Aithint uathoibríoch — cógaiseoirí
51. Aithint uathoibríoch cógaiseoirí.
52. Oiliúint cógaiseoirí.
53. Rochtain agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla cógaiseoirí.
54. Cearta a fuarthas a bhaineann go sonrach le cógaiseoirí.
[8] 5
Cuid 13
Aithint uathoibríoch — ailtirí
55. Aithint uathoibríoch ailtirí.
56. Oiliúint ailtirí.
57. Rochtain agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla ailtirí.
58. Cearta a fuarthas a bhaineann go sonrach le hailtirí.
Cuid 14
Aithint uathoibríoch — comhchearta a fuarthas
59. Oiliúint tosaithe roimh dhátaí tagartha
60. Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine.
61. Poblacht an Seice agus an tSlóvaic.
62. An Eastóin, An Laitvia agus an Liotuáin.
63. An tSlóivéin agus an Chróit.
64. Teideal difriúil i gcomhair cáilíochta.
Cuid 15
Iarratais ar aithint cáilíochtaí gairmiúla
65. Raon feidhme Chuid 15.
66. Nós imeachta iarratas.
67. Doiciméadú agus foirmiúlachtaí.
68. Amhrais dhlisteanaithe.
69. Malartú faisnéise.
70. Aitheantas cúrsa oiliúna gairmiúil.
Cuid 16
Cárta Gairmí Eorpach
71. Raon feidhme Chuid 16.
72. Ainmniúchán údarás inniúil i gcomhair iarratais ar Chárta Gairmí
Eorpach.
73. Feidhm agus éifeacht Chárta Gairmí Eorpach.
74. Iarratais ar Chárta Gairmí Eorpach — forálacha ginearálta.
6 [8]
75. Cárta Gairmí Eorpach i gcomhair seirbhísí sealadacha agus ócáideacha i
mBallstáit eile gan réamhsheiceáil.
76. Cárta Gairmí Eorpach i gcomhair seirbhísí sealadacha agus ócáideacha
sa Stát gan réamhsheiceáil.
77. Cárta Gairmí Eorpach i gcomhair seirbhísí bunaithe nó sealadacha agus
ócáideacha le réamhsheiceáil, i mBallstáit eile.
78. Cárta Gairmí Eorpach i gcomhair seirbhísí bunaithe nó sealadacha agus
ócáideacha le réamhsheiceáil, sa Stát.
79. Próiseáil agus rochtain ar shonraí maidir le Cárta Gairmí Eorpach.
Cuid 17
Cúlghairm doiciméad, freaschur cinntí agus achomhairc
80. Cúlghairm doiciméid ag údarás inniúil.
81. Freaschur cinneadh aitheantais.
82. Achomhairc.
Cuid 18
Saothrú gairme
83. Úsáid teideal gairmiúil.
84. Eolas ar theangacha.
85. Úsáid teideal acadúil.
Cuid 19
Foláirimh
86. Sásra foláirimh.
Cuid 20
Próiseáil leictreonach agus táillí
87. Nósanna imeachta trí mhodhanna leictreonacha.
88. Gearradh táillí ag údarás inniúil.
Cuid 21
Cúlghairmeacha, leasuithe agus socruithe eatramhacha
89. L e a s ú a n Achta Cógaisíochta 2007.
[8] 7
90. Leasú an Achta um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh 2005.
91. Leasú Acht na nAltraí agus na gCnáimhseach 2011.
92. Leasú Acht na bhFiaclóirí 1985.
93. Leasú Acht na Lia-Chleachtóirí 2007.
94. Bearta eatramhacha.
Sceideal 1
GAIRMEACHA RIALAITHE AGUS ÚDARÁIS INNIÚLA
Sceideal 2
GAIRMEACHA INAR GÁ D'ÚDARÁIS INNIÚLA FORÁIL I
gCOMHAIR CLÁRÚ SEALADACH UATHOIBRÍOCH AR AON
DUL LE RIALÚCHÁN 12(2)
Sceideal 3
GAIRMEACHA A bhFUIL IMPLEACHTAÍ SLÁINTE NÓ
SÁBHÁILTEACHTA POIBLÍ AGUS I nDÁIL LE CÉ NA hÚDARÁIS
INNIÚLA A D'FHÉADFADH CÁILÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA A
SHEICEÁIL ROIMH CHÉAD SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ AR BHONN
SEALADACH AGUS ÓCÁIDEACH
Sceideal 4
LEIBHÉIL CÁILÍOCHTA FAOIN gCÓRAS GINEARÁLTA
AITHEANTAS FIANAISE OILIÚNA
Sceideal 5
GAIRMEACHA AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA AR GÁ
EOLAS CRUINN AR DHLÍ NÁISIÚNTA CHUN IAD A SHAOTHRÚ
AGUS, I nDÁIL LEIS SIN, AR GNÉ RIACHTANACH AGUS BHUAN É
DEN GHNÍOMHAÍOCHT GHAIRMIÚIL SOLÁTHAR COMHAIRLE NÓ
CÚNAIMH MAIDIR LE DLÍ NÁISIÚNTA
Sceideal 6
GAIRMEACHA AGUS ÚDARÁIS INNIÚLA LENA mBAINEANN CUID 9 (CÁRTA
GAIRMÍ EORPACH)
8 [8]
I.R. Uimh. 8 de 2017
RIALACHÁIN AN AONTAIS EORPAIGH (AITHINT
CÁILÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA) 2017
Déanaimse, RICHARD BRUTON, an tAire Oideachais agus Scileanna, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí
a tugtar dom le hAirteagal 3 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972) agus chun éifeacht
a thabhairt do Threoir Uimh. 2005/36/CE de chuid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 7 Meán
Fómhair, 20051 mar a leasaíodh i dTreoir Uimh. 2013/55/CE de chuid Pharlaimint na hEorpa agus na
Comhairle an 20 Samhain, 20132 agus Cinneadh Tarmligthe an Choimisiún (CE) 2016/790 an 13 Eanáir
20163
agus chun éifeacht iomlán a thabhairt do Rialachán Forfheidhmiúcháin Coimisiúin (CÉ) 2015/983
an 24 Meitheamh 20154, agus chun éifeacht iomlán a thabhairt d'Airteagal 49 den Chonradh ar Fheidhmiú
an Aontais Eorpaigh sa mhéid a bhaineann an tAirteagal sin le haithint cáilíochtaí cógaiseoirí, leis seo na
rialacháin seo a leanas:
Cuid 1
Réamhráiteach
Lua
1. Féadfar Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Cáilíochtaí Gairmiúla a Aithint) 2017 a
ghairm de na Rialacháin seo.
Tosach Feidhme
2. Tiocfaidh na Rialacháin seo i ngníomh an 17ú lá de mhí Eanáir 2017
Léirmhíniú
3. (1) Sna Rialacháin seo—
ciallaíonn "tréimhse oiriúnaithe" an bhrí atá leis i Rialacháin 23;
ciallaíonn “triail inniúlachta” an bhrí atá leis i Rialacháin 24;
ciallaíonn “údarás inniúil” —
(a) sa Stát, an t-údarás a ainmnítear mar údarás inniúil i gcomhair gairme
nó gairmeacha faoi Rialachán 5, nó
(b) i mballstát eile, aon údarás nó foras arna chumhachtú ag an
mBallstát sin dioplómaí oiliúna, doiciméid nó faisnéis eile a
eisiúint nó a fháil, agus na hiarratais a dtagraítear dóibh sa Treoir a
fháil agus na cinntí a dhéanamh 1OJ Uimh. L 255, 30.9.2005, lch 22. 2OJ Uimh. L 354, 28.12.2013, lch. 132. 3OJ Uimh. L 134, 24.5.2016, lch. 135. 4OJ Uimh. L 159, 25.6.2015, lch. 27.
Foilsíodh fógra ar dhéanamh na hIonstraime Reachtúla seo in “Iris Oifigiúil” an 20ú Eanáir, 2017.
1 IO L 255, 30.09.2005, lch 22. 2 IO L 363, 20.12.2006, lch 141.
[8] 9
;
Ciallaíonn "Treoir" Treoir 2005/36/CE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an
7 Meán Fómhair1 mar a leasaíodh i dTreoir 2006/100/CE na Comhairle an 20
Samhain 20065, Rialachán Coimisiúin (CE) Uimh. 1430/2007 an 5 Nollaig 20076,
Rialachán Coimisiúin (CE) Uimh 755/2008 an 31 Iúil 20087, Rialachán Coimisiúin
(CE) Uimh. 1137/2008 Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 22 Deireadh
Fómhair 20088, Rialachán Coimisiúin (CE) Uimh 279/2009 an 6 Aibreán 20099,
Rialachán Coimisiúin (CE) Uimh. 213/2011 an 3 Márta 201110, Acht a bhaineann
le haontachas Phoblacht na Cróite11, Rialachán Coimisiúin (CE) 623/2012 an 11
Iúil 201212, Treoir Comhairle 2013/25/AE an 13 Bealtaine 201313, Treoir
2013/55/AE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 20 Samhain 20132 agus
Cinneadh Tarmligthe an Choimisiúin (AE) 2016/790 an 13 Eanáir 20163;
Ciallaíonn “ECTS” an Córas Eorpach d'Aistriú Creidmheasa, an córas creidmheasa
ardoideachais a úsáidtear sa Réimse Ardoideachais Eorpaigh;
Ciallaíonn “duine cáilithe”—
(a) náisiúnach de chuid Ballstáit,
(b) ball teaghlaigh de chuid náisiúnach Ballstáit, faoi mar a
shainmhínítear in Airteagal 2(2) de Threoir 2004/38/CE Pharlaimint
na hEorpa agus na Comhairle an 29 Aibreán 200414, dár tugadh ceart
cónaithe nó cónaí buan sa Stát de bhun na Treorach sin
(c) duine dár tugadh stádas teifigh nó coimirce thánaisteach sa Stát faoi
Threoir 2004/83/CE na Comhairle an 29 Aibreán 2013, nó ball
teaghlaigh cleithiúnach a leithéid de dhuine;
Ciallaíonn “Cárta Gairmí Eorpach” teastas leictreonach a chruthaíonn—
(a) go gcomhlíonann an gairmí na coinníollacha riachtanacha uile chun
seirbhísí a sholáthar i mBallstát aíochta ar bhonn sealadach nó
ócáideach i ngairm ar leith, nó
(b) aithint cáilíochtaí gairmiúla chun iad a bhunú i mBallstát aíochta; 5OJ Uimh. L 363, 20.12.2006, lch. 141. 6OJ Uimh.. L 320, 6.12.2007, lch. 3. 7OJ Uimh. L 205, 1.8.2008, lch. 10. 8OJ Uimh. L 311, 21.11.2008, lch. 1. 9OJ Uimh. L 93, 7.4.2009, lch. 11. 10OJ Uimh. L 59, 4.3.2011, lch. 4. 11OJ Uimh. L 112, 24.4.2012 lch. 6. 12OJ Uimh. L 180, 12.7.2012, lch. 9. 13OJ Uimh. L 158, 10.6.2013, lch. 368. 14OJ Uimh. L 304, 30.9.2004, lch. 12.
10 [8]
Ciallaíonn “fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla” dioplómaí, teastais agus fianaise eile
a eisíonn údarás i mBallstát a ainmnítear de bhun forálacha reachtaíochta, rialála nó
riaracháin sa Bhallstát sin agus a dheimhníonn comhlánú rathúil oiliúint ghairmiúil a
fuarthas, den chuid is mó, san Aontas Eorpach agus mar a bhfuarthas cáilíocht i stát nach
Ballstát é, i gcomhlíonadh Rialachán 4(1)(b);
Ciallaíonn “Ballstát baile” Ballstát ina bhfuair duine a c(h)áilíocht ghairmiúil nó
ina bhfuil sé nó sí bunaithe go dleathach i gcomhair a g(h)airm a shaothrú;
Ciallaíonn “Ballstát aíochta” Ballstát inar mian le duine gníomhaíocht ghairmiúil
a shaothrú de bhun na Treorach;
Ciallaíonn “IMI” an Córas Faisnéise Margadh Inmheánach a bunaíodh le Rialachán
(AE) Uimh. 1024/2012 na Parlaiminte agus na Comhairle an 25 Deireadh
Fómhair 201215;
Ciallaíonn “Rialachán Cur chun Feidhme” Rialachán Cur chun Feidhme ón
gCoimisiún (AE) 2015/983 an 24 Meitheamh 20154;
Ciallaíonn “foghlaim ar feadh an tsaoil” an uile oideachas ginearálta,
gairmoideachas agus gairmoiliúint, oideachas neamhfhoirmiúil agus foghlaim
neamhfhoirmiúil a rinneadh ar feadh an tsaoil, ar toradh dó feabhsú eolais, scileanna
agus inniúlachtaí, a bhféadfaí go n-áireofaí leo eitic ghairmiúil;
Ciallaíonn “bainisteoir gnóthais” aon duine a shaothraigh gníomhaíocht i
ngnóthas sa réimse gairme atá i gceist:
(a) mar bhainisteoir gnóthais nó mar bhainisteoir brainse gnóthais; nó
(b) mar thánaiste an úinéara nó an bhainisteora nuair a bhaineann
freagracht leis an bpost sin ar ionann í agus freagracht an úinéara nó
an bhainisteora atá i gceist; nó
i bpost bainistíochta ina bhfuil dualgais tráchtála agus/nó teicniúla agus
freagracht as rannóg amháin, nó níos mó, de chuid an ghnóthais;
Maidir le “lia-chleachtóir” i s i o n a n n a n c h i a l l a t á l e i s a g u s a n
c h i a l l a s a n n a d h d ó s a n A c h t L i a - C h l e a c h t ó i r í 2 0 0 7 (Uimh.
25 de 2007);
Ciallaíonn “Aire ” an tAire Oideachais agus Scileanna;
Ciallaíonn “Ballstát” —
(a) I ndáil le gach foráil seachas Rialachán 96(2), stát ar ballstát é den
Aontas Eorpach, agus
(b) I ndáil le Rialachán 96(2)— 15OJ No. L 316, 14.11.2012, p. 1.
[8] 11
(i) stát ar páirtí conarthach é sa Chomhaontú ar an Limistéar
Eorpach Eacnamaíoch a síníodh in Oporto ar 2 Bealtaine 1992,
nó
(ii) An Eilvéis;
Ciallaíonn “comhordaitheoir náisiúnta” an duine a cheapann an tAire de bhun
Rialachán 7;
Ciallaíonn “sárchúiseanna leasa ghinearálta” cúiseanna a aithnítear mar a
leithéid i gcás dhlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;
Ciallaíonn “taithí ghairmiúil” saothrú iarbhír agus dleathach lánaimseartha nó
cómhaith pháirtaimseartha na gairme atá i gceist i mBallstát;
Ciallaíonn “cáilíochtaí gairmiúla” cáilíochtaí dearbhaithe ag fianaise ar
cháilíochtaí foirmiúla, fianú inniúlachta nó taithí ghairmiúil;
Ciallaíonn “oiliúint ghairmiúil” gan dochar d'Airteagal 46(4) den Treoir,
tréimhse cleachtas gairmiúil a dhéantar faoi stiúir ar acht go bhforáiltear leis
coinníoll rochtana ar ghairm rialaithe, agus go bhféadann sé tarlú le linn nó i
ndiaidh cur i gcrích cúrsa oideachais ar toradh dó dioplóma;
Ciallaíonn “oideachas agus oiliúint rialaithe” aon oiliúint a dhírítear go sainiúil
ar shaothrú gairm ar leith agus ina gcuimsítear cúrsa nó cúrsaí a gcuirtear leo
trí, nuair is cuí, oiliúint ghairmiúil, nó cleachtas promhaidh nó gairmiúil, agus
struchtúr agus leibhéal na hoiliúna nó an chleachtais sin á mhonatóiriú nó á
fhaomhadh ag an údarás inniúil;
Ciallaíonn “gairm rialaithe ”—
(a) gairm nó gníomhaíocht ghairmiúil sa Stát a liostaítear i gcolún 1 i
Sceideal 1, nó
(b) gníomhaíocht sa Stát a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an
Treoir, a bhfuil rochtain uirthi nó a saothrú ag brath ar eolas agus
inniúlachtaí ginearálta, tráchtála nó gairmiúla;
Maidir le “tréidlia-chleachtóir” is ionann an chiall atá leis agus an chiall a sannadh dó i
mír 2 den Acht um chleachtadh tréidliachta 2005 (Uimh, 22 de 2005).
(2) Is ionann an chiall, ach amháin más gá sa chomhthéacs, atá le focal nó le
nath a úsáidtear sna Rialacháin seo, agus a úsáidtear sa Treoir.
Raon Feidhme na Rialachán
4. (1) Faoi réir mhír (2), baineann na Rialacháin seo le duine cáilithe—
(a) a fuair a c(h)áilíóchtaí gairmiúla i mBallstát seachas sa Stát, nó
12 [8]
(b) ar eisigh stás seachas Ballstát a c(h)áilíochtaí, mar ar dheimhnigh
Ballstát seachas an Stát go bhfuil taithí ghairmiúil trí bliana ina
chríocha ag an duine sa ghairm atá i gceist, an fhianaise sin ar
cháilíochtaí foirmiúla a bheith aitheanta ag an mBallstát sin de réir a
rialacha,
agus ar mian leis/léi gairm rialaithe a shaothrú sa Stát, ar bhonn féinfhostaithe
nó fostaithe.
(2) Ní bhaineann na Rialacháin seo le nótaire arna cheapadh ag acht oifigiúil
rialtais.
(3) Cuimsítear i raon feidhme Mhír (1)(a) duine cáilithe a shaothraigh cúrsa
oiliúna gairmiúil taobh amuigh dá B(h)allstát féin.
Cuid 2
Údaráis inniúla, Ionad náisiúnta comhordúcháin agus cúnaimh
Ainmniú údaráis inniúla sa Stát
5. (1) Tá na húdaráis a liostaítear i gcolún 2 de Sceideal 1 ainmnithe mar na
húdaráis inniúla sa Stát, maidir leis na Rialacháin seo, An Treoir agus an
Rialachán Cur chun Feidhme, i ndáil leis na gairmeacha rialaithe a liostaítear i
gcolún 1 den Sceideal sin.
(2) Tá an comhordaitheoir náisiúnta ainmnithe mar údarás inniúil gairmeacha
sa Stát nach bhfuil rialaithe.
(3) Faoi réir mhír (4), tá An tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scile- anna
(SOLAS) ainmnithe mar an údarás inniúil maidir leis na Rialacháin seo, an
Treoir agus an Rialachán Cur chun Feidhme, maidir leis na gníomhaíochtaí a
liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir a bhfuil rochtain air
agus a shaothrú ag brath sa Stát ar eolas agus inniúlachtaí ginearálta, tráchtála
nó gairmiúla.
(4) Sa chás a mbíonn gairm a liostaítear i gcolún 1 de Sceideal 1 ag gabháil
do ghníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir, is
é an t-údarás comhfhreagrach a liostaítear i gcolún 2 den Sceideal sin, seachas
an t-údarás dá dtagraítear i mír (3), an t-údarás inniúil.
Feidhmeanna údarás inniúil
6. (1) Gan dochar dá chumhachtaí agus feidhmeanna, tá d'fheidhm ag udarás
inniúil sa Stát iarratais a fháil agus a mheas ó iarratasóirí agus na bearta agus
cinntí dá dtagraítear sna Rialacháin, an Treoir agus an Rialachán chun Feidhme
seo a dhéanamh.
(2) Féadann údarás inniúil sa Stát comhairle a fháil ó thríú páirtí cuí maidir
lena fheidhmeanna a chur i gcrích faoi na Rialacháin, an Treoir agus an
Rialachán chun Feidhme seo, agus féadann an tríú páirtí íocaíocht a fháil ar a
leithéid de chomhairle.
[8] 13
(3) Cabhróidh údarás inniúil sa Stát, má iarrtar air, leis an Stát tuairisc a chur
i dtoll a chéile le cur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh de bhun Airteagal 60
den Treoir agus tiomsóidh sé achoimrí staitistice de chinntí atá déanta aige i
leith cheanglais an Airteagail sin.
(4) Oibreoidh údarás inniúil sa Stát i ndlúthpháirt leis an gComhordaitheoir
Náisiúnta, an tIonad Cúnaimh, Ranna Rialtais agus le forais bhainteacha eile sa
Stát le comhlíonadh na Treorach a éascú sa Stát.
(5) Oibreoidh údarás inniúil sa Stát i ndlúthpháirt le húdaráis inniúla i
mBallstáit eile agus tabharfaidh cúnamh le feidhmiú na Treorach a éascú.
(6) Cinnteoidh údarás inniúil sa Stát rúndacht an eolais a mhalartaíonn sé le
húdaráis inniúla i mBallstáit eile.
(7) Malartóidh údarás inniúil sa Stát, le húdaráis inniúla i mBallstáit eile,
faisnéis a bhaineann le gníomh smachtaithe nó smachtbhannaí coiriúla a tógadh
nó le cúinsí tromchúiseacha, sainiúla eile ar dócha go mbeidh tionchar acu ar
shaothrú gníomhaíochtaí faoin Treoir nó faoi na Rialacháin seo.
(8) Nuair a bhítear ag malartú faisnéise de bhun pharagraf (7), tabharfaidh
údarás inniúil sa Stát an aird chuí ar rialacha cosaint sonraí pearsanta a fhoráiltear
faoi Threoir 95/46/CE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 24 Deireadh
Fómhair 199516 agus Threoir 2002/58/CE Pharlaimint na hEorpa agus na
Comhairle an 12 Iúil 200217.
(9) Is é a dhéanfaidh údarás inniúil sa Stát, nuair a fhaightear faisnéis dá
dtagraítear i mír (7) —
(a) fírinneacht na n-imthosca a eascraíonn a scrúdú,
(b) cinneadh ar chineál agus raon feidhme na bhfiosrúchán ar gá iad a
dhéanamh, agus
(c) a chur in iúl don údarás inniúil a thug an fhaisnéis faoi na conclúidí
ar tháinig sé orthu ón bhfaisnéis atá ar fáil aige.
(10) Chun críche mhír (5) go (9), úsáidfidh údarás inniúil sa Stát feidhm as
IMI.
Comhordú náisiúnta
7. (1) Ceapfaidh an tAire oifigeach de chuid na Roinne Oideachais agus
Scileanna mar chomhordaitheoir náisiúnta an Stáit faoin Treoir arb é a
phríomhthasc gníomhaíochtaí na n-údarás inniúil sa Stát a chomhordú. 16OJ Uimh. L 281, 23.11.1995, lch. 31. 17OJ Uimh. L 201, 31.7.2002, lch. 37.
14 [8]
(2) Féadann an tAire ceapachán a chúlghairm faoi mhír (1) agus oifigeach
eile a cheapadh le teacht in ionad an oifigigh a ndearnadh a cheapachán a
chúlghairm.
(3) Is é a dhéanfaidh an comhordaitheoir náisiúnta, i gcomhar le
comhordaitheoirí náisiúnta a cheapann Ballstáit eile—
(a) feidhmiú aonfhoirmeach na Treorach a chur chun cinn,
(b) an fhaisnéis ar fad atá bainteach le cur i bhfeidhm na Treorach, amhail
coinníollacha rochtana gairmeacha rialaithe i mBallstáit, a bhailiú,
(c) moltaí le haghaidh creat comhoiliúna agus trialacha comhoiliúna faoin
Treoir a imscrúdú,
(d) faisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú chun críche barrfheabhsú forbairt
ghairmiúil leanúnach sna Ballstáit, agus
(e) faisnéis agus dea-chleachtas a mhalartú ar fheidhmiú bearta cúitimh faoi
Rialachán 22 agus Airteagal 14 den Treoir.
(4) Chun críche an tasc a leagtar amach i mír (3)(b), a dhéanamh, féadann an
comhordaitheoir náisiúnta cabhair a iarraidh ar na hionaid cúnaimh dá
dtagraítear in Airteagal 57b den Treoir.
(5) Oibreoidh an comhordaitheoir náisiúnta, Ranna Rialtais agus forais
bhainteacha eile sa Stát i ndlúthchomhar le comhlíonadh na Treorach sa Stát a
éascú.
Ionad cúnaimh
8. (1) Ceapfaidh an tAire duine nó eagras mar an ionad cúnaimh sa stát chun
críche na Rialachán seo agus na Treorach seo.
(2) Féadann an tAire ceapachán a chúlghairm faoi mhír (1) agus duine nó
eagras eile a cheapadh le teacht in ionad an duine nó an eagrais a ndearnadh a
cheapachán a chúlghairm.
(3) Is é sainchúram an ionaid cúnaimh cuidiú a thabhairt do shaoránaigh, chomh
maith le hionaid cúnaimh i mBallstáit eile, maidir le haithint cáilíochtaí foirmiúla
faoi na Rialacháin agus an Treoir seo, lena n-áirítear faisnéis ar an reachtaíocht
náisiúnta lena rialaítear na gairmeacha rialaithe agus saothrú na ngairmeacha sin,
reachtaíocht shóisialta agus, nuair is cuí, rialacha na heitice.
(4) Cuideoidh an t-ionad cúnaimh le daoine na cearta a tugadh dóibh mar
gheall ar na Rialacháin agus an Treoir seo sa Stát a fheidhmiú i gcomhar leis an
ionad cúnaimh sa Bhallstát baile agus leis na húdaráis inniúla agus na pointí
aonair teagmhála sa Stát, más cuí.
[8] 15
(5) Comhoibreoidh údarás inniúil sa Stát go hiomlán leis an ionad cúnaimh sa
Stát agus, nuair is cuí, leis an ionad cúnaimh sa Bhallstát baile, agus soláthróidh
sé an fhaisnéis ábhartha ar fad faoi chásanna aonair d'ionaid cúnaimh den sórt má
iarrtar í agus faoi réir rialacha cosaint sonraí ar aon dul le Treoir 95/46/CE
Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 24 Deireadh Fómhair 199516 agus
Treoir 2002/58/CE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 12 Iúil 200217.
(6) Ar iarratas ón gCoimisiún Eorpach, cuirfidh an t-ionad cúnaimh torthaí
fiosruithe a bhfuil sé ag plé leo in iúl don Choimisiún Eorpach faoi cheann dhá mhí
i ndiaidh a leithéid d'iarratas a fháil.
Cuid 3
Éifeachtaí aitheantais
Éifeacht ghinearálta aitheantais 9. (1) Faoi réir Rialachán 10, le haithint cáilíochtaí gairmiúla ag údarás inniúil sa
Stát, tá an tairbhí i dteideal rochtana sa Stát ar an ngairm chéanna ina bhfuil sé nó
sí cáilithe ina B(h)allstát baile agus í a shaothrú sa Stát faoi na coinníollacha céanna
agus atá ag náisiúnaigh an Stáit.
(2) Chun críche na Rialachán seo, is ionann an ghairm ar mian leis an
iarratasóir a shaothrú sa Stát agus an ghairm ina bhfuil sé nó sí cáilithe ina
B(h)allstát baile más inchomparáide na gníomhaíochtaí a chumhdaítear.
Páirt-rochtain 10. (1) Tabharfaidh údarás inniúil sa Stát páirt-rochtain, ar bhonn cás ar chás,
ar ghníomhaíocht ghairmiúil sa Stát nuair—
(a) atá an gairmí iomlán cáilithe sa Bhallstát baile an ghníomhaíocht
ghairmiúil a shaothrú dá bhfuil páirt-rochtain á hiarraidh sa Stát,
(b) atá difríochtaí sa ghníomhaíocht ghairmiúil a chleachtar go dleathach sa
Bhallstát baile chomh mór sin gurbh ionann feidhmiú bearta cúitimh
agus gur ghá don iarratasóir an clár iomlán oideachais agus oiliúna a
bhfuil gá leis sa Stát a chomhlánú le go mbeadh rochtain ar an ngairm
iomlán rialaithe sa Stát, agus
(c) is féidir an ghníomhaíocht ghairmiúil a scaradh go hoibiachtúil ó
ghníomhaíochtaí eile a thagann faoin ngairm rialaithe sa Stát.
(2) Chun críche mír (1)(c), cuirfidh údarás inniúil sa Stát san áireamh cé acu
is féidir nó nach féidir an ghníomhaíocht ghairmiúil a shaothrú go neamhspleách
sa Bhallstát baile.
(3) P
16 [8]
Féadann údarás inniúil diúltú do pháirt-rochtain a iarrtar faoin Rialachán seo
más inchosanta a leithéid de dhiúltú de gheall ar chúiseanna sáraitheacha leasa
ghinearálta, a oireann do ghnóthú an chuspóra a iarrtar agus nach dtéitear níos
faide ná mar is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach.
(4) D'ainneoin Rialacháin 15(8) agus 85(1), cleachtfar gníomhaíocht
ghairmiúil dár tugadh páirt-rochtain faoin Rialachán seo faoi theideal gairmiúil
an Bhallstáit baile agus féadann an t-údarás inniúil sa Stát úsáid an teidil
ghairmiúil sin a éileamh i dteanga an Bhéarla.
(5) Léireoidh gairmithe a bhaineann leas as páirt-rochtain faoin Rialachán seo go
soiléir do na faighteoirí seirbhíse raon feidhme a ngníomhaíochtaí gairmiúla.
(6) Ní bhainfidh an Rialachán seo le gairmithe a bhaineann leas as uath-aithint a
gcáilíochtaí gairmiúla faoi Chuid 6 go 14.
(7) Scrúdófar iarratais ar pháirt-rochtain ar ghairm sa Stát i gcomhréir le Cuid
4 nó 5, de réir mar is cuí.
Cuid 4
Soláthar seirbhísí saor in aisce ar bhonn sealadach nó ócáideach
Prionsabal soláthar seirbhísí saor in aisce
11. (1) Gan dochar d'fhorálacha na coda seo, ní chuirfidh údarás inniúil sa
Stát srian, ar aon chúis a bhaineann le cáilíochtaí gairmiúla, ar sholáthar
seirbhísí saor in aisce i ngairm rialaithe sa Stát ar bhonn sealadach agus
ócáideach nuair—
(a) atá an soláthraí seirbhíse bunaithe go dleathach i mBallstát seachas an
Stát chun críche an ghairm chéanna a shaothrú sa Bhallstát sin,
(b) a bhogann an soláthraí seirbhíse chun an Stáit chun an ghairm a
shaothrú ar bhonn sealadach agus ócáideach, agus
(c) mura bhfuil an ghairm ná an t-oideachas agus oiliúint ar gá ina leith
rialaithe ag an mBallstát baile, gur shaothraigh an soláthraí seirbhíse
an ghairm sin i mBallstát amháin nó san iomad díobh ar feadh bliain
amháin ar a laghad le linn na 10 mbliana deiridh roimh an soláthar
seirbhísí.
(2) Chun críche mír (1), measúnóidh údarás inniúil sa Stát nádúr sealadach
agus ócáideach an tsoláthair seirbhísí ar bhonn cás ar chás, go háirithe maidir
lena thréimhse ama, a mhinicíocht, a rialtacht agus a leanúnachas.
(3) Féadann údarás inniúil sa Stát doiciméadú nó faisnéis ó dhuine a
airbheartaíonn seirbhísí a sholáthar sa Stát de bhun an Rialacháin seo lena
shocrú ar comhlíonadh ceanglais na Coda seo.
[8] 17
(4) Nuair a bhogann soláthraí seirbhíse chun an Stáit agus soláthraíonn
seirbhísí i ngairm rialaithe sa Stát ar bhonn sealadach agus ócáideach de bhun
mhír (1), beidh sé nó sí faoi réir aon rialacha gairmiúla, reachtúla agus
riaracháin a bhaineann leis an ngairm sin, lena n-áirítear rialacha a bhaineann le
—
(a) sainmhíniú na gairme,
(b) úsáid teideal,
(c) míchleachtas tromchúiseach gairmiúil a bhfuil nasc díreach sainiúil aige
le cosaint agus sábháilteacht tomhaltóirí, agus
(d) smacht.
Eisceachtaí, ceanglais agus cúlghairmeacha a bhaineann le soláthar seirbhísí saor in aisce 12. (1) D'ainneoin Rialachán 11(4), mar a soláthraíonn soláthraí seirbhísí i
ngairm rialaithe sa Stát ar bhonn sealadach nó ócáideach faoin gCuid seo,
díolmhóidh údarás inniúil na gairme sin an soláthraí seirbhíse ó na ceanglais a
chuireann sé ar ghairmithe a shaothraíonn an ghairm sin sa Stát mar a bhaineann
sé le—
(a) údarú ag, clárú le nó ballraíocht d'eagras nó foras gairmiúil, agus
(b) clárú le foras poiblí coimirce sóisialaí chun críche cuntais a íoc le
hárachóir a bhaineann le gníomhaíochtaí a saothraíodh ar mhaithe le
daoine árachaithe.
(2) D'ainneoin mhír (1)(a), agus faoi réir mhír (3), d ' fhonn fe idhmiú
forá lacha sm achta s a Stá t a éascú i gcomhréi r l e Rialachán 11(4),
féadann an t-údarás inniúil socrú a dhéanamh maidir le clárú sealadach
uathoibríoch le, nó ballraíocht pro forma den eagras nó foras gairmiúil, a fhad
is nach gcuireann clárú ballraíochta den sórt moill ar sholáthar seirbhísí ná cur
as dóibh ar bhealach ar bith agus nach dtabhaítear aon chostas breise don
soláthraí seirbhísí.
(3) I gcás na ngairmeacha a liostaítear i Sceideal 2, forálfaidh na húdaráis
inniúla i gcomhair clárú uathoibríoch sealadach, i gcomhréir le mír (2).
(4) Chun críche mhír (2), nuair nach ionann an t-údarás inniúil agus an t-
eagras nó foras gairmiúil, is é an t-údarás inniúil a fheidhmeoidh clárú
uathoibríoch sealadach nó ballraíocht pro forma trí na nithe seo a leanas a chur
chuig an eagras nó foras gairmiúil—
(a) cóip den dearbhú agus, nuair is infheidhme, den athnuachan, dá
dtagraítear i Rialachán 13(1) agus (2), agus
(b) maidir le gairmeacha a liostaítear i Sceideal 3 nó a bhaineann leas as
aithint uathoibríoch Chuid 7 go 14, cóip de na doiciméid dá
dtagraítear i Rialachán 13(3).
18 [8]
(5) D'ainneoin mhír (1)(b), cuirfidh soláthraí seirbhíse in iúl don chomhlacht
dá dtagraítear sa mhír sin roimhe nó, i gcás práinne, ina dhiaidh, faoi na seirbhísí
a sholáthraíonn sé nó sí ar bhonn sealadach nó ócáideach faoin gCuid seo.
(6) Déanfaidh údarás inniúil sa Stát clárú sealadach uathoibríoch nó
ballraíocht pro forma duine a sholáthraíonn seirbhísí sealadacha agus
ócáideacha faoin gCuid seo a chúlghairm nuair—
(a) atá an dearbhú nó na doiciméid dá dtagraítear i Rialachán 13
míchruinn nó easnamhach.
(b) nach gcuireann sé nó sí ar fáil don údarás inniúil dearbhú athnuaite i
gcomhréir le Rialachán 13(2),
(c) a éiríonn sé nó sí bunaithe sa ghairm bhainteach sa Stát,
(d) nach n-éiríonn sé nó sí bunaithe sa ghairm bhainteach i mBallstát
eile,
(e) a bhíonn cosc air nó uirthi, go buan nó go sealadach, ó shaothrú na
gairme i mBallstát eile,
(f) nach bhfuil na seirbhísí atá an Stát a sholáthar sealadach ná
ócáideach, nó
(g) nach gcomhlíontar ceanglais na Coda seo ar bhealach eile.
(7) D'ainneoin mhír (6), féadann údarás inniúil a shocrú gan clárú sealadach
uathoibríoch ná ballraíocht pro forma duine a sholáthraíonn seirbhísí sealadacha
nó ócáideacha a chúlghairm faoin gCuid seo nuair—
(a) is údar gearáin é an duine atá fós gan réiteach nó nár pléadh leis faoi na
nósanna imeachta iomchuí smachta, lena n-áirítear nósanna imeachta
feidhmiúlacht chun cleachtadh, agus
(b) is le leas an phobail gan clárú ná ballraíocht a chúlghairm.
Dearbhú le déanamh roimh ré
13. (1) Nuair a bhogann soláthraí seirbhíse chun an Stáit ó Bhallstát eile an chéad
uair chun seirbhísí a sholáthar faoin gCuid seo, cuirfidh sé nó sí in iúl don údarás
áitiúil sa Stát faoina leithéid de bhogadh, de dhearbhú scríofa roimh ré agus arna
sholáthar trí aon mhodh, lena n-áirítear mionsonraí aon chumhdach árachais nó
modhanna eile cosaint phearsanta nó comhchosanta maidir le dliteanas gairmiúil.
(2) Déanfar an dearbhú dá dtagraítear i mír (1) a athnuachan uair sa bhliain má
bheartaíonn an soláthraí seirbhíse seirbhísí sealadacha nó ócáideacha a
sholáthar sa Stát i rith na bliana sin.
[8] 19
(3) Maidir leis an gcéad soláthar seirbhísí, nó má tá athrú ábharach ar na
cúinsí a léiríodh sna doiciméid, beidh na doiciméid seo a leanas le dearbhú a
chuirtear ar fáil de bhun an Rialacháin seo:
(a) cruthúnas ar náisiúntacht an tsoláthraí seirbhíse;
(b) fianú a dheimhníonn go bhfuil an sealbhóir bunaithe go dleathach i
mBallstát seachas an Stát chun críche na gníomhaíochtaí bainteacha
a shaothrú agus nach bhfuil cosc air ná uirthi ó chleachtadh, fiú go
sealadach, tráth seachadta an fhianaithe;
(c) fianaise ar cháilíochtaí gairmiúla;
(d) nuair is Rialachán 11(1)(c) atá infheidhme aon mhodh cruthúnais gur
shaothraigh an soláthraí seirbhíse an ghníomhaíocht atá i gceist ar
feadh ar a laghad bliain amháin de na 10 mbliana roimhe;
(e) maidir le gairmeacha in earnáil na slándála, earnáil na sláinte agus
gairmeacha a bhaineann le hoideachas ógánach, lena n-airítear cúram
leanaí agus oideachas luath-óige, fianú a dheimhníonn nach ann
d'fhionraíochtaí sealadacha nó deiridh ó shaothrú na gairme nó
ciontuithe coiriúla;
(f) maidir le gairmeacha ina bhfuil impleachtaí sábháilteacht othar, dearbhú
faoi eolas an tsoláthraí seirbhíse ar an teanga atá riachtanach chun an
ghairm a chleachtadh sa Stát.
(4) Faoi réir Rialachán 15, má chuireann soláthraí seirbhíse isteach dearbhú
riachtanach de bhun an Rialacháin seo, beidh sé nó sí i dteideal rochtain ar an
ngairm atá i gceist agus an ghairm sin nó gníomhaíocht ghairmiúil a shaothrú
ar fud chríocha iomlána an Stáit.
Úsáid teideal gairmiúil nuair a bhíonn seirbhísí sealadacha agus ócáideacha á soláthar
14. (1) Faoi réir mhír (3) and (4) agus Rialachán 15(8), is faoin teideal
gairmiúil a úsáidtear sa Bhallstát baile a sholáthrófar seirbhísí sa Stát faoin
gCuid seo.
(2) Léireofar an teideal gairmiúil dá dtagraítear i mír (1) i dteanga oifigiúil
nó i gceann de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ar bhealach ina seachnófar aon
mhearbhall ó thaobh an teidil ghairmiúil a úsáidtear sa Stát.
(3) Nuair nach ann do theideal gairmiúil ar an ngairm atá i gceist, léireoidh
soláthraí seirbhíse a sholáthraíonn seirbhísí sa Stát faoin gCuid seo a
c(h)áilíochtaí foirmiúla i dteanga oifigiúil nó i gceann de theangacha oifigiúla
an Bhallstáit.
(4) I gcás gairmeacha atá faoi réir aithint uathoibríoch faoi Chuid 7 go 14,
soláthrófar seirbhísí faoin gCuid seo sa Stát faoin teideal oifigiúil atá in úsáid sa
Stát.
20 [8]
Seiceáil cáilíochtaí gairmiúla
15. (1) Faoi réir mhír (2), don chéad soláthar seirbhísí, i gcás daoine a
sholáthraíonn seirbhísí sa Stát ar bhonn sealadach agus ócáideach sna gairmeacha
a liostaítear i Sceideal 3, nár bhain leas as aithint uathoibríoch faoi Chuid 6 go 14,
féadann an t-údarás inniúil sa Stát cáilíochtaí gairmiúla an tsoláthraí ghairmiúil
roimh an gcéad soláthar seirbhísí faoin gCuid seo a sheiceáil.
(2) Ní féidir an tseiceáil tosaigh dá dtagraítear i mír (1) a dhéanamh ach nuair
is aidhm don tseiceáil díobháil thromchúiseach ar shláinte nó sábháilteacht an
fhaighteora seirbhíse a sheachaint mar gheall ar easpa cáilíocht ghairmiúil an
tsoláthraí seirbhíse agus nuair nach dtéann an tseirbhís níos faide ná an méid atá
de dhíth maidir leis an aidhm sin.
(3) Faoi réir mhír (4), nuair a bhaineann an Rialachán seo le soláthar seirbhísí,
tráth nach moille ná mí amháin i ndiaidh go bhfaightear dearbhú agus doiciméid a
ghabhann leis a chuirtear ar fáil i gcomhréir le Rialachán 13, cuirfidh an t-údarás
inniúil in iúl don soláthraí seirbhíse a chuir a leithéid de dhearbhú agus doiciméid
ar fáil faoin gcinneadh atá déanta acu maidir le—
(a) gan a c(h)áilíóchtaí gairmiúla a sheiceáil, nó
(b) tar éis a c(h)áilíóchtaí gairmiúla a sheiceáil—
(i) iallach a chur ar an soláthraí seirbhíse triail inniúlachta a
dhéanamh, nó
(ii) an soláthar seirbhísí a cheadú.
(4) Nuair a bhíonn deacracht ann ar toradh di moill ar chinneadh a dhéanamh
faoi mhír (3), cuirfidh an t-údarás inniúil in iúl don soláthraí seirbhíse faoin gcúis
atá leis an moill laistigh den sprioc-am céanna agus réiteofar an deacracht faoi
cheann míosa den chur in iúl sin agus déanfar an cinneadh deiridh faoi cheann dhá
mhí de réiteach na deacrachta.
(5) Nuair a bhíonn difear suntasach idir cáilíochtaí gairmiúla an tsoláthraí
seirbhíse agus an oiliúint is gá sa Stát sa ghairm bhainteach, a oiread agus go
bhfuil an difear chomh mór sin go mbeadh sé díobhálach do shláinte nó
sábháilteacht an phobail agus nach féidir é a chúiteamh trí thaithí, scileanna
agus cumais ghairmiúla an tsoláthraí seirbhíse a fuarthas trí fhoghlaim ar feadh
an tsaoil a dheimhníonn foras bainteach chuige sin, tabharfaidh an t-údarás
inniúil deis don soláthraí seirbhíse a léiriú, trí thriail inniúlachta, dá dtagraítear
i mír (3)(b)(i), go bhfuil an t-eolas, scileanna nó cumas a bhí in easnamh faighte
aige nó aici agus déanfaidh an t-údarás inniúil cinneadh ar an mbonn sin cé acu
atá nó nach bhfuil an soláthar seirbhísí le ceadú.
(6) Pé scéal é, is gá gur féidir an tseirbhís a sholáthar faoi cheann míosa den
chinneadh i gcomhréir le míreanna (3) agus (4) chun an soláthar seirbhísí a
cheadú.
[8] 21
(7) Mura bhfuil aon fhreagairt ann ón údarás inniúil laistigh de na sprioc-amanna
a leagtar sa Rialachán seo, d'fhéadfaí go soláthrófaí an tseirbhís a bhítear ag iarraidh
a sholáthar.
(8) I gcásanna nuair a dheimhnítear cáilíochtaí gairmiúla faoin Rialachán seo,
soláthrófar an tseirbhís faoin teideal gairmiúil a úsáidtear sa Stát.
Comhoibriú riaracháin 16. (1) Féadann údarás inniúil sa Stát a iarraidh ar údarás inniúil an Bhallstáit baile,
i gcás amhrais inchosanta, aon fhaisnéis a thabhairt a bhaineann le dlíthiúlacht bhunú
agus dea-iompar soláthraí seirbhíse, le cois easnamh aon phionós smachta nó coiriúil
gairmiúil.
(2) Sa chás go gcinneann údarás inniúil cáilíochtaí gairmiúla soláthraí seirbhíse a
sheiceáil de bhun Rialachán 15, d'fhéadfadh sé faisnéis a iarraidh ar údarás inniúil an
Bhallstáit baile faoi chúrsaí oiliúna an tsoláthraí seirbhíse a oiread agus is gá chun
difríochtaí suntasacha a d'fhéadfadh a bheith díobhálach do shláinte nó sábháilteacht
phoiblí a mheas.
(3) Údarás inniúil sa Stát a n-iarrtar faisnéis air i dtaobh soláthraí seirbhíse atá
bunaithe sa Stát, de bhun Airteagal 8 den Treoir, cuirfidh sé ar fáil an fhaisnéis sin i
gcomhréir le hAirteagal 56 den Treoir.
(4) I gcás soláthar seirbhísí sa Stát faoin gCuid seo i ngairm nach bhfuil rialáilte sa
Bhallstát baile, féadann an t-údarás inniúil sa Stát faisnéis a iarraidh ó ionad cúnaimh
a ainmnítear faoi Airteagal 57b den Treoir.
(5) Cuirfidh an t-ionad cúnaimh a ainmnítear faoi Rialachán 8, má iarrtar orthu,
faisnéis ar fáil d'údarás inniúil i mBallstát eile maidir le hiarratais ar sholáthar
seirbhísí sa stát sin ag soláthraí seirbhíse i ngairm nach bhfuil rialáilte sa Stát agus a
fuair a c(h)áilíochtaí gairmiúla sa Stát.
(6) Cinnteoidh údarás inniúil sa Stát go malartófar an fhaisnéis ar fad a bhfuil gá
léi i gcomhair gearán ag faighteoir seirbhíse i gcoinne soláthraí seirbhíse faoin gCuid
seo, má táthar le plé leis mar is ceart, agus cuirfear toradh an ghearáin in iúl
d'fhaighteoirí.
Faisnéis atá le tabhairt d'fhaighteoirí seirbhíse 17. I gcásanna nuair a sholáthraítear seirbhís faoin gCuid seo faoi theideal gairmiúil
an Bhallstáit baile nó faoi cháilíochtaí foirmiúla an tsoláthraí seirbhíse, féadann an t-
údarás inniúil sa Stát iallach a chur ar an soláthraí seirbhíse aon chuid nó gach cuid
den fhaisnéis seo a leanas a chur ar fáil don fhaighteoir seirbhíse:
an bhfuil an soláthraí seirbhíse cláraithe i gclár tráchtála nó clár
poiblí eile den sórt, an clár ina bhfuil sé nó sí cláraithe, a (h)uimhir
chlárúcháin, nó modhanna coibhéiseacha aitheantais sa chlár sin;
(a) má tá an ghníomhaíocht faoi réir údarú sa Bhallstát baile, ainm agus
seoladh an údaráis inniúil maoirseachta;
(b) aon chomhlachas gairmiúil nó foras cosúil lena bhfuil an soláthraí
seirbhíse cláraithe;
(c) an teideal oifigiúil nó, murar ann dá leithéid de theideal, cáilíochtaí
gairmiúla an tsoláthraí seirbhíse agus an Ballstát inar bronnadh é;
(d) má shaothraíonn an soláthraí seirbhíse gníomhaíocht atá faoi réir CBL,
22 [8]
an uimhir aitheantais CBL dá dtagraítear in Airteagal 22(1) den Séú
Treoir Chomhairle 77/388/CEE an 17 Bealtaine 197718;
(e) mionsonraí faoi aon chumhdach árachais nó aon mhodh eile cosaint
phearsanta nó chomhchosanta maidir le dliteanas gairmiúil.
Cuid 5
Córas ginearálta i gcomhair fianaise ar oiliúint a aithint.
Raon feidhme Chuid 5
18. Baineann an chuid seo le duine atá ag iarraidh gníomhaíocht ghairmiúil
a shaothrú sa Stát in—
(a) gairm rialaithe sa Stát nach bhfuil cumhdaithe ag Cuid 6 go 14 nó,
(b) cás de na cásanna seo a leanas nuair nach sásaíonn an t-iarratasóir ar
aithint, ar chúiseanna sainiúla agus eisceachtúla, na coinníollacha le
haghaidh aitheantais a fhoráiltear ina leith sna forálacha dá dtagraítear i
mír (a):
(i) maidir le gníomhaíocht a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis
an Treoir nuair nach gcomhlíonann an t-imirceach na ceanglais
bhainteacha a leagtar amach i Rialachán 27, 28 nó 29;
(ii) maidir le dochtúirí a bhfuil bunoiliúint acu, dochtúirí speisialaithe,
altraí atá freagrach as cúram ginearálta, cleachtóirí déidliachta,
chleachtóirí déidliachta speisialaithe, tréidlianna, cnáimhseacha,
cógaiseoirí agus ailtirí, nuair nach gcomhlíonann an t-imirceach
ceanglais bhainteacha cleachtas éifeachtach, dleathach gairmiúil dá
dtagraítear i Rialachán 33, 38, 42, 46, 51 nó 59 nó Cuid 14;
(iii) maidir le hailtirí, nuair atá fianaise ag an imirceach ar cháilíocht
fhoirmiúil nach liostaítear i pointe 5.7.1 d'Iarscríbhinn V a
ghabhann leis an treoir; 18OJ Uimh. L 145, 13.6.1977, lch. 1.
[8] 23
(iv) Gan dochar do Rialacháin 30, 35, 39, 43, 47, 52 agus 56 agus Cuid
14, maidir le dochtúirí, altraí, cleachtóirí déidliachta, tréidlianna,
cnáimhseacha, cógaiseoirí agus ailtirí a bhfuil fianaise acu ar
cháilíochtaí gairmiúla mar speisialtóir ar gá dóibh páirt a ghlacadh
san oiliúint ar toradh dó sealbhú teidil a liostaítear i bpointí
5.1.1, 5.2.2, 5.3.2, 5.4.2, 5.5.2, 5.6. agus in Iarscríbhinn V a
ghabhann leis an Treoir agus chun críche aithint speisialtacht
bhainteach agus í sin amháin;
(v) maidir le haltraí atá freagrach as cúram ginearálta agus sainaltraí a
bhfuil fianaise acu ar cháilíochtaí gairmiúla mar speisialtóir a ghlac
páirt san oiliúint ar toradh dó sealbhú teidil a liostaítear i
bpointe 5.2.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir, nuair a
iarrann an t-imirceach aithint i mBallstát eile mar a saothraíonn
sainaltraí, nach bhfuil oiliúint acu mar altraí cúram ginearálta, na
gníomhaíochtaí gairmiúla bainteacha;
(vi) maidir le sainaltraí gan oiliúint mar altraí cúram ginearálta, nuair a
iarrann an t-imirceach aithint i mBallstát eile mar a saothraíonn altraí
atá freagrach as cúram ginearálta, na gníomhaíochtaí gairmiúla
bainteacha, sainaltraí gan oiliúint mar altraí cúraim ghinearálta nó
sainaltraí a bhfuil fianaise acu ar cháilíochtaí gairmiúla mar
speisialtóir a ghlac páirt san oiliúint ar toradh dó sealbhú na dteideal
a liostaítear i bpointe 5.2.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an
Treoir; agus
(vii) imirceach as stát nach Ballstát é a chomhlíonann na ceanglais a
leagtar amach i Rialachán 4(1)(b).
Leibhéal cáilíochta
19. Chun críche Rialacháin 21 agus 22, grúpálfar cáilíochtaí i leibhéil cáilíochta
a leagtar amach i Sceideal 4.
Cóir chomhionann cáilíochtaí
20. (1) Aon fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla nó tacar d'fhianaise ar cháilíochtaí
foirmiúla arna eisiúint ag údarás inniúil i mBallstát seachas an Stát, a dheimhníonn
comhlánú rathúil oiliúna i mBallstát nó Ballstáit, ar bhonn lánaimseartha nó
páirtaimseartha, laistigh no lasmuigh de chláir fhoirmiúla, a aithníonn an Ballstát
sin go bhfuil sé ar chomhleibhéal agus trína mbronntar ar an sealbhóir na cearta
céanna rochtana nó saothrú gairme nó a ullmhaíonn i gcomhair shaothrú na gairme
sin, caithfidh údarás inniúil leis mar fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla dá
dtagraítear i Sceideal 4, lena n-áirítear an leibhéal atá i gceist.
(2) Aon cháilíocht ghairmiúil, d'ainneoin nach gcomhlíonann sí na ceanglais atá
sna forálacha reachtaíochta, rialála nó riaracháin atá i bhfeidhm sa Bhallstát baile i
leith rochtain nó saothrú gairme, a bhronnann ar an sealbhóir cearta faighte de bhua
na bhforálacha seo, caithfear leo freisin mar fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla faoi
na coinníollacha céanna mar a leagtar amach i mír (1).
24 [8]
(3) Feidhmítear mír (2) go háirithe má ardaíonn an Ballstát baile an leibhéal
oiliúna is gá i gcomhair iontráil ar ghairm agus í a chleachtadh, agus má tá
oiliúint fhoirmiúil déanta ag duine aonair nach gcomhlíonann ceanglais na
cáilíochta nua agus má bhaineann sé leas as cearta faighte de bhua forálacha
náisiúnta reachtaíochta, rialála nó riaracháin; ina leithéid de chás, déanfaidh
údarás inniúil sa Stát an oiliúint seo a rinneadh cheana a mheas, chun críche
fheidhmiú Rialachán 21, mar oiliúint atá coibhéiseach le leibhéal na hoiliúna
nua.
Coinníollacha aitheantais
21. (1) Má bhraitheann rochtain nó saothrú gairm rialaithe sa Stát ar shealbhú
cáilíochtaí sainiúla gairmiúla, tabharfaidh an t-údarás gairmiúil sa Stát cead
d'iarratasóirí an ghairm sin a rochtain agus a shaothrú faoi na coinníollacha céanna
agus a bhaineann le náisiúnaigh an Stáit má tá dearbhú inniúlachta acu nó fianaise
cáilíochtaí gairmiúla dá dtagraítear i Sceideal 4, atá de dhíth ar Bhallstát eile leis an
ngairm sin a rochtain agus a shaothrú ina chríocha.
(2) Faoi réir mhír (4), ceadófar rochtain agus saothrú gairm rialaithe sa Stát
freisin d'iarratasóirí a shaothraigh an ghairm atá i gceist ar bhonn lánaimseartha ar
feadh bliana nó ar feadh tréimhse fhoriomlán den fhad céanna ar bhonn
páirtaimseartha le linn na 10 mbliana roimhe i mBallstát eile nach rialaíonn an
ghairm sin agus a shealbhaíonn dearbhú inniúlachta amháin nó níos mó nó fianaise
cáilíochtaí foirmiúla a d'eisigh Ballstát eile nach rialaíonn an ghairm sin.
(3) Chun a bheith aitheanta ag údarás inniúil sa Stát, is é is gá maidir le
dearbhuithe inniúlachta agus fianaise cáilíochtaí foirmiúla—
(a) go n-eiseoidh údarás inniúil i mBallstát eile, a ainmnítear i gcomhréir
le dlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an Bhallstáit sin, agus
(b) dearbhófar gur ullmhaíodh an sealbhóir i gcomhair shaothrú na
gairme atá i gceist.
(4) D'fhéadfadh sé nach dteastódh an taithí ghairmiúil bliana dá dtagraítear i mír
(2) ón údarás inniúil sa Stát má dheimhníonn an fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla
atá ag an iarratasóir oideachas agus oiliúint rialaithe.
(5) Glacfaidh údarás inniúil sa Stát an leibhéal a dhearbhaítear faoi Sceideal 4 ag an
mBallstát baile, le cois an teastais trína ndeimhníonn an Ballstát gur ionann an t-oideachas
agus oiliúint nó an ghairmoiliúint ina bhfuil struchtúr sainiúil dá dtagraítear i leibhéal
(c)(ii) i Sceideal 4 agus an leibhéal a fhoráiltear ina leith i leibhéal (c)(i) i
Sceideal 4.
(6) D'ainneoin mhíreanna (1) go (4) den Rialachán seo agus de Rialachán 22,
d'fhéadfadh údarás inniúil sa Stát rochtain agus saothrú na gairme a dhiúltú do
shealbhóirí dearbhú inniúlachta a aicmítear faoi leibhéal (a)
[8] 25
i Sceideal 4 má aicmítear an cháilíocht náisiúnta ghairmiúil atá de dhíth chun an
ghairm a chleachtadh ina chríocha faoi leibhéal (e) i Sceideal 4.
Bearta cúitimh 22. (1) Ní chuirfear cosc mar gheall ar Rialachán 21 ar údarás inniúil sa Stát
iallach a chur ar iarratasóir tréimhse oiriúnaithe suas le trí bliana a chomhlánú
nó triail inniúlachta a dhéanamh más amhlaidh—
(a) go gcumhdaíonn an oiliúint a fuair an t-iarratasóir nithe atá difriúil ar bhonn
suntasach leo siúd atá cumhdaithe san fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla
faoi mar is gá sa Stát, nó
(b) go bhfuil gníomhaíocht rialaithe amháin nó níos mó sa ghairm rialaithe sa Stát
nach ann dóibh sa ghairm choibhéiseach i mBallstát baile an iarratasóra, agus
go gcumhdaíonn an oiliúint is gá sa Stát nithe atá difriúil ar bhonn
suntasach leo siúd atá cumhdaithe i ndearbhú inniúlachta an iarratasóra nó
san fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla.
(2) Faoi réir mhíreanna (3), (4) agus (5), nuair a úsáideann údarás inniúil sa Stát an
rogha atá ar fáil i mír (1), ní mór dó rogha idir an tréimhse oiriúnaithe agus an triail
inniúlachta a thairiscint d'iarratasóir.
(3) Tá d'iallach ar iarratasóir dul i mbun triail inniúlachta i gcás na ngairmeacha agus
na ngníomhaíochtaí gairmiúla a liostaítear i Sceideal 5 a bhfuil eolas cruinn ar an dlí
náisiúnta de dhíth i leith a saothraithe agus ar gné riachtanach, bhuan í den ghníomhaíocht
ghairmiúil soláthar comhairle agus cúnaimh a bhaineann leis an dlí náisiúnta.
(4) Féadann údarás inniúil sa Stát t réimhse oiriúnaithe nó triail
inniúlachta a shonrú sna cásanna seo a leanas:
(a) na cásanna dá bhforáiltear i Rialachán 18(b)(ii) agus (iii);
(b) na cásanna dá bhforáiltear i Rialachán 18(b)(iv) maidir le dochtúirí agus
cleachtóirí déidliachta;
(c) na cásanna dá bhforáiltear i Rialachán 18(b)(vi);
(d) na cásanna dá bhforáiltear i Rialachán 18(b)(vii);
(e) na cásanna dá bhforáiltear i Rialachán 18(b)(i), má tá beartaithe ag an
imirceach gníomhaíochtaí gairmiúla a shaothrú ar bhonn féinfhostaithe nó mar
bhainisteoir gnóthais inar gá an t-eolas ar agus feidhmiú na rialacha sainiúla
náisiúnta atá i bhfeidhm, a fhad is atá eolas ar agus feidhmiú na rialacha seo de
dhíth ar an údarás inniúil sa Stát i gcomhair rochtain a lei théid
de ghníomhaíochtaí ag náisiúnaigh an Stái t;
(f) I gcás sealbhóir cáilíocht ghairmiúil dá dtagraítear i leibhéal (a) i Sceideal 4 a iarrann
aithint a c(h)áilíochtaí gairmiúla nuair a aicmítear an cháilíocht ghairmiúil atá de dhíth
faoi leibhéal (c) i Sceideal 4; agus
(g) I gcás sealbhóir cáilíocht ghairmiúil dá dtagraítear i leibhéal (b) i
Sceideal 4 a iarrann aithint a c(h)áilíochtaí gairmiúla nuair a aicmítear an
cháilíocht ghairmiúil atá de dhíth faoi leibhéal (d) nó (e) i Sceideal 4.
(5) I gcás sealbhóir cáilíocht ghairmiúil dá dtagraítear i leibhéal (b) i Sceideal 4
a iarrann aithint a c(h)áilíochtaí gairmiúla nuair a aicmítear an cháilíocht
ghairmiúil atá de dhíth faoi leibhéal (d) i Sceideal 4, féadann an t-údarás
inniúil sa Stát tréimhse oiriúnaithe le cois triail inniúlachta a fhorchur.
26 [8]
(6) D'fhonn cinneadh a dhéanamh cé acu ba chóir nó nár chóir iallach a chur
ar iarratasóir tréimhse oiriúnaithe a chomhlánú nó triail inniúlachta a dhéanamh
faoi pharagraf (1), is é a dhéanfaidh údarás inniúil—
(a) an aird chuí a thabhairt ar phrionsabal na comhréireachta, agus
(b) a fháil amach an bhfuil an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí
a fuair an t-iarratasóir le linn a t(h)aithí gairmiúla nó trí fhoghlaim ar
feadh an tsaoil agus a bhailíochtaigh foras cuí go foirmiúil chuige sin,
in aon Bhallstát eile nó i stát nach Ballstát é, ag leibhéal a
chumhdaíonn, go hiomlán nó go páirteach, na nithe atá difriúil ar
bhonn suntasach.
(7) Tabharfar údar cuí do chinneadh ag údarás inniúil sa Stát iallach a chur
tréimhse oiriúnaithe nó triail inniúlachta a dhéanamh faoin Rialachán seo agus
tabharfar an t-eolas seo a leanas don iarratasóir:
(a) an leibhéal cáilíocht ghairmiúil a bhfuil gá leis sa Stát agus an leibhéal
cáilíocht ghairmiúil atá ag an iarratasóir i gcomhréir leis an aicmiú a leagtar
amach i Sceideal 4; agus
(b) na nithe atá difriúil ar bhonn suntasach agus ná fáthanna nach féidir
na nithe sin a chúiteamh ag eolas, scileanna agus inniúlachtaí a
fhaightear le linn taithí ghairmiúil nó trí fhoghlaim ar feadh an tsaoil
a bhailíochtaíonn foras cuí chuige sin.
(8) Cinnteoidh údarás inniúil sa Stát go bhféadfaidh iarratasóir an triail
inniúlachta a dhéanamh faoin Rialachán seo tráth nach déanaí ná sé mhí i
ndiaidh an chinnidh tosaigh a chuir iallach ar an iarratasóir triail inniúlachta a
dhéanamh.
(a) Sa Rialachán seo ciallaíonn "nithe atá difriúil ar bhonn suntasach"
nithe ar gá eolas, scileanna agus inniúlachtaí ina leith chun an ghairm
a shaothrú agus a bhfuil difríochtaí suntasacha idir iad agus an oiliúint
a fuair an t-imirceach i dtéarmaí inneachair agus an oiliúint a bhfuil
gá léi sa Stát.
[8] 27
Tréimhse oiriúnaithe
23. (1) Is é a bheidh i dtréimhse oiriúnaithe dá dtagraítear sa chuid seo
tréimhse shaothrú na gairme rialaithe baintí sa Stát faoi mhaoirseacht agus
freagracht ball cáilithe den ghairm sin.
(2) D'fhéadfadh breis oiliúna dul le tréimhse cleachtas maoirsithe dá
dtagraítear i mír (1).
(3) Beidh an tréimhse cleachtas maoirsithe dá dtagraítear i mír (1) faoi réir
measúnaithe.
(4) Is é an t-údarás inniúil a leagfaidh síos na rialacha mionsonraithe faoina
rialófar an tréimhse oiriúnaithe agus a measúnú chomh maith le stádas
iarratasóra faoi mhaoirseacht.
(5) Is iad na húdaráis bhainteacha sa Stát a bhunóidh, i gcomhréir le dlí
infheidhme an Aontais Eorpaigh, an stádas atá ag duine atá ag gabháil do
thréimhse oiriúnaithe sa Stát de bhun na coda seo, go háirithe maidir le ceart
cónaithe chomh maith le hoibleagáidí, cearta agus leas sóisialta, liúntais agus
luach saothair.
Triail inniúlachta
24. (1) Is é a bheidh i dtriail inniúlachta dá dtagraítear sa Chuid seo, triail
nach mbaineann ach le heolas gairmiúil an iarratasóra, arna eagrú nó arna aithint
ag an údarás inniúil, ar aidhm di cumas an iarratasóra a mheasúnú chun an
ghairm rialaithe atá i gceist a shaothrú sa Stát.
(2) D'fhonn triail inniúlachta a éascú, cuirfidh údarás inniúil liosta ábhar i
dtoll a chéile nach bhfuil cumhdaithe ag dioplóma nó fianaise eile cáilíochtaí
foirmiúla atá ag an iarratasóir, bunaithe ar chomparáid idir an t-oideachas agus
oiliúint a bhfuil gá leo sa Stát agus a bhfuil faighte ag an iarratasóir.
(3) Ní mór go gcuirfí san áireamh sa triail inniúlachta gur gairmí cáilithe an
t-iarratasóir sa Bhallstát baile nó sa Bhallstát ar as dó/di.
(4) Cumhdófar i dtriail inniúlachta ábhair a bheidh le roghnú uathu sin atá ar
an liosta dá dtagraítear i mír (2), ar gá eolas a bheith orthu le gur féidir an ghairm
ar leith a shaothrú sa Stát.
(5) Le cois na nithe dá dtagraítear i mír (4), d'fhéadfaí a chuimsiú i dtriail
inniúlachta eolas ar na rialacha gairmiúla a bhaineann leis na gníomhaíochtaí
atá i gceist sa Stát.
(6) Is iad na húdaráis bhainteacha sa Stát a shocróidh an stádas sa Stát atá ag
iarratasóir a dhéanfaidh triail inniúlachta de bhun na Coda seo.
28 [8]
Cuid 6
Aithint uathoibríoch taithí ghairmiúil in earnálacha ceardaíochta,
tráchtála agus tionsclaíochta
Raon Feidhme Chuid 6 25. Baineann an chuid seo le duine atá ag iarraidh gníomhaíocht ghairmiúil a
shaothrú sa Stát i ngníomhaíocht amháin a liostaítear in Iarscríbhinn IV a
ghabhann leis an Treoir.
Aithint uathoibríoch taithí ghairmiúil 26. (1) Más amhlaidh—
(a) g o m b r a i t h e a n n r o c h t a i n , s a o t h r ú c h e a n n a m h á i n d e n a
g n í o m h a í o c h t a í a l i o s t a í t e a r i n I a r s c r í b h i n n I V a
g h a b h a n n l e i s a n T r e o i r , s a S t á t a r s h e a l b h ú e o l a i s
a g u s c u m a i s g h i n e a r á l t a , t h r á c h t á l a n ó g a i r m i ú i l
agus
(b) gur saothraíodh an ghníomhaíocht i gcomhréir le Rialachán 27, 28
nó 29,
aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát saothrú na gníomhaíochta roimhe seo i
mBallstát eile mar dhóthain cruthúnais ar a leithéid d'eolas agus cumais.
(2) Eiseoidh an t-údarás inniúil teastas ina ndeimhneofar gur aithníodh taithí
ghairmiúil duine i gcomhréir le mír (1).
Gníomhaíochtaí dá dtagraítear i liosta I d'Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir
27. (1) Faoi réir mhíreanna (2) agus (3), do na gníomhaíochtaí i liosta I
d'Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir, is gá gur saothraíodh cheana an
ghníomhaíocht atá i gceist—
(a) ar feadh sé bliana i ndiaidh a chéile ar bhonn féinfhostaithe nó mar
bhainisteoir gnóthais.
(b) ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile ar bhonn féinfhostaithe nó mar
bhainisteoir gnóthais, má chruthaíonn an tairbhí go bhfuair sé/sí oiliúint
roimhe seo dar fad trí bliana ar a laghad sa ghníomhaíocht atá i gceist agus
fianaise teastais a aithnítear sa Bhallstát eile nó a measann foras inniúil
gairmiúil é a bheith iomlán bailí.
(c) ar feadh ceithre bliana i ndiaidh a chéile ar bhonn féinfhostaithe nó mar
bhainisteoir gnóthais, má chruthaíonn an tairbhí go bhfuair sé/sí oiliúint
roimhe seo dar fad dhá bhliain ar a laghad sa ghníomhaíocht atá i gceist a
dhearbhaítear le teastas a aithnítear sa Bhallstát eile nó a measann foras
inniúil gairmiúil é a bheith iomlán bailí.
(d) ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile ar bhonn féinfhostaithe má
chruthaíonn an tairbhí gur shaothraigh sé nó sí an ghníomhaíocht atá i gceist
ar bhonn fostaithe ar feadh cúig bliana ar a laghad, nó
[8] 29
(e) ar feadh cúig bliana i ndiaidh a chéile i ról feidhmeannaigh agus ar
a laghad trí bliana acu sin ag baint le dualgais theicniúla agus
freagracht as ar a laghad rannóg amháin de chuid an chomhlachta,
má chruthaíonn an tairbhí go bhfuair sé nó sí, maidir leis an
ngníomhaíocht atá i gceist, oiliúint roimhe seo dar fad trí bliana ar
a laghad, a dhearbhaítear le teastas a aithnítear sa Bhallstát eile nó a
measann foras inniúil gairmiúil é a bheith iomlán bailí.
(2) Sna cásanna dá dtagraítear i mír (1)(a) agus (d), ní mór nár tháinig
deireadh leis an ngníomhaíocht níos mó ná 10 mbliana roimh an dáta ar chuir
an duine atá i gceist an t-iarratas faoi bhráid an údaráis inniúil.
(3) Ní bhainfidh mír (1)(e) le gníomhaíochtaí i nGrúpa ex 855, gnóthais
gruaigeadóireachta, den Ainmníocht Aicmiú idirnáis iúnta Caighdeán de
réir t ionscail (ISIC).
Gníomhaíochtaí dá dtagraítear i liosta II d'Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir
28. (1) Faoi réir mhír (2), maidir leis na gníomhaíochtaí i liosta II d'Iarscríbhinn
IV a ghabhann leis an Treoir, ní mór gur saothraíodh an ghníomhaíocht atá i gceist
cheana—
(a) ar feadh cúig bliana i ndiaidh a chéile ar bhonn féinfhostaithe nó
mar bhainisteoir gnóthais
(b) ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile ar bhonn féinfhostaithe nó mar
bhainisteoir gnóthais, má chruthaíonn an tairbhí go bhfuair sé/sí
oiliúint roimhe seo dar fad trí bliana ar a laghad sa ghníomhaíocht atá
i gceist agus fianaise teastais a aithnítear sa Bhallstát eile nó a
measann foras inniúil gairmiúil é a bheith iomlán bailí.
(c) ar feadh ceithre bliana i ndiaidh a chéile ar bhonn féinfhostaithe nó mar
bhainisteoir gnóthais, má chruthaíonn an tairbhí go bhfuair sé/sí oiliúint
roimhe seo dar fad dhá bhliain ar a laghad sa ghníomhaíocht atá i gceist a
dhearbhaítear le teastas a aithnítear sa Bhallstát eile nó a measann foras
inniúil gairmiúil é a bheith iomlán bailí,
(d) ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile ar bhonn féinfhostaithe má
chruthaíonn an tairbhí gur shaothraigh sé nó sí an ghníomhaíocht atá i gceist
ar bhonn fostaithe ar feadh cúig bliana ar a laghad,
(e) ar feadh cúig bliana i ndiaidh a chéile i ar bhonn fostaithe má chruthaíonn
an tairbhí go bhfuair sé nó sí, maidir leis an ngníomhaíocht atá i gceist,
oiliúint roimhe seo dar fad trí bliana ar a laghad, a dhearbhaítear le teastas
a aithnítear sa Bhallstát eile nó a measann foras inniúil gairmiúil é a bheith
iomlán bailí, nó
(f) f
30 [8]
ar feadh sé bliana i ndiaidh a chéile ar bhonn fostaithe má
chruthaíonn an tairbhí go bhfuair sé nó sí, maidir leis an
ngníomhaíocht atá i gceist, oiliúint roimhe seo dar fad dhá bhliain
ar a laghad, a dhearbhaítear le teastas a aithnítear sa Bhallstát eile
nó a measann foras inniúil gairmiúil é a bheith iomlán bailí
(2) Sna cásanna dá dtagraítear i mír (1)(a) agus (d), ní mór
nár tháinig deireadh leis an ngníomhaíocht níos mó ná 10
mbliana roimh an dáta ar chuir an duine atá i gceist an t-
iarratas faoi bhráid an údaráis inniúil.
.
Gníomhaíochtaí dá dtagraítear i liosta III d'Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir
29. (1) Faoi réir mhír (2), maidir leis na gníomhaíochtaí i liosta III
d'Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Treoir, ní mór gur saothraíodh an
ghníomhaíocht atá i gceist cheana —
(a) ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile ar bhonn féinfhostaithe nó mar
bhainisteoir gnóthais,
(b) ar feadh dhá bhliain i ndiaidh a chéile ar bhonn féinfhostaithe nó
mar bhainisteoir gnóthais, má chruthaíonn an tairbhí go bhfuair sé/sí
oiliúint roimhe seo dar fad dhá bhliain ar a laghad sa ghníomhaíocht
atá i gceist a dhearbhaítear le teastas a aithnítear sa Bhallstát eile nó a
measann foras inniúil gairmiúil é a bheith iomlán bailí,
(c) ar feadh dhá bhliain i ndiaidh a chéile ar bhonn féinfhostaithe nó
mar bhainisteoir gnóthais, má chruthaíonn an tairbhí gur shaothraigh
sé nó sí an ghníomhaíocht atá i gceist ar bhonn fostaithe ar feadh trí
bliana ar a laghad, nó
(d) ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile ar bhonn fostaithe, má
chruthaíonn an tairbhí go bhfuair sé/sí oiliúint roimhe seo dar fad dhá
bhliain ar a laghad sa ghníomhaíocht atá i gceist a dhearbhaítear le
teastas a aithnítear sa Bhallstát eile nó a measann foras inniúil
gairmiúil é a bheith iomlán bailí,
(2) Sna cásanna dá dtagraítear i mír (1)(a) agus (d), ní mór nár tháinig
deireadh leis an ngníomhaíocht níos mó ná 10 mbliana roimh an dáta ar
chuir an duine atá i gceist an t-iarratas faoi bhráid an údaráis inniúil.
Cuid 7
Aithint uaithoibríoch — dochtúirí leighis
Aithint uathoibríoch dochtúirí
30. (1) Faoi réir mhíreanna (2) agus (5), aithneoidh an t-údarás inniúil
sa Stát do lia-chleachtóirí fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla san oiliúint
bhunúsach leighis a liostaítear i bpointe 5.1.1 d'Iarscríbhinn V a ghabhann
leis an Treoir a shásaíonn na coinníollacha íosta oiliúna dá dtagraítear in
Airteagal 24 den Treoir agus tabharfar an éifeacht chéanna dá leithéid
d'fhianaise sa Stát, de bhun rochtain agus shaothrú ghairm an lia-
chleachtóra sa Stát mar fhianaise choibhéiseach ar cháilíocht fhoirmiúil a
fuarthas sa Stát.
Ní mór fianaise ar cháilíocht fhoirmiúil dá dtagraítear i mír (1) a eisiúint tríd an
[8] 31
údarás cuí sa Bhallstát bainteach agus ní mór aon teastas a liostaítear i bpointe
5.1.1 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir i leith na cáilíochta a bheith
leis an bhfianaise.
(2) Faoi réir mhíreanna (4) agus (5), aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát do
lia-chleachtóirí fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla mar dhochtúir speisialaithe a
liostaítear i bpointe 5.1.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir a shásaíonn
na coinníollacha íosta oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 25 den Treoir agus
tabharfar an éifeacht chéanna dá leithéid d'fhianaise sa Stát, de bhun rochtain
agus shaothrú ghairm an lia-chleachtóra sa Stát mar fhianaise choibhéiseach ar
cháilíocht fhoirmiúil a fuarthas sa Stát.
Ní mór fianaise ar cháilíocht fhoirmiúil dá dtagraítear i mír (3) a eisiúint tríd an
údarás cuí sa Bhallstát bainteach agus ní mór aon teastas a liostaítear i bpointe
5.1.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir i leith na cáilíochta a bheith
leis an bhfianaise.
(3) Ní théann Míreanna (1) agus (3) i bhfeidhm ar na cearta a fuarthas dá
dtagraítear i Rialachán 33 agus Cuid 14.
(4) Faoi réir mhír (7), aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát do lia-
chleachtóirí, chun críche lia-chleachtas ginearálta a shaothrú sa Stát i gcreat chóras
slándála sóisialta an Stáit, fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla a liostaítear i bpointe
5.1.4 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir agus a eisítear i gcomhréir leis
na coinníollacha íosta oiliúna a leagtar amach in in Airteagal 28 den Treoir.
(5) Ní théann Mír (6) i bhfeidhm ar na cearta a fuarthas dá dtagraítear i
Rialachán 34.
(6) Sa Rialachán seo, is é is "fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla mar dhochtúir
speisialaithe" ann ná fianaise a bhronnann an t-údarás inniúil, dá dtagraítear i
bpointe 5.1.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir, a chomhfhreagraíonn,
maidir leis an tsainoiliúint atá i gceist, leis na teidil atá in úsáid i mBallstáit
éagsúla eile agus dá dtagraítear i bpointe 5.1.3 den Iarscríbhinn sin.
Oiliúint Dochtúirí
31. Cinnteoidh an t-údarás inniúil do dhochtúirí sa Stát do lia-chleachtóirí go
sásaíonn oiliúint lia-chleachtóirí sa Stát ceanglais Airteagail 24, 25 agus 28 den
Treoir.
Rochtain agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla dochtúirí
32. Cinnteoidh an t-údarás inniúil sa Stát do lia-chleachtóirí go mbeidh
rochtain agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla sa Stát faoi réir sealbhú fianaise
ar cháilíochtaí foirmiúla dá dtagraítear i bpointe 5.1.1, 5.1.2 nó 5.1.4
d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir, a dhearbhaíonn go bhfuair an t-
iarratasóir, le linn a (h)oiliúna, mar is cuí, an t-eolas, na scileanna agus na
hinniúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 24(3) den Treoir.
32 [8]
Cearta a fuarthas a bhaineann go sainiúil le dochtúirí speisialaithe
33. (1) D'fhéadfadh an t-údarás inniúil sa Stát do lia-chleachtóirí iallach
a chur ar dhochtúirí speisialaithe, arbh iad forálacha reachtaíochta, rialála
agus riaracháin a bhí i bhfeidhm faoi 10 Mheitheamh 1975 a rialaigh a
sainoiliúint pháirtaimseartha leighis agus a thosaigh ar a sainoiliúint tráth
nach déanaí ná 31 Nollaig 1983, teastas a bheith lena bhfianaise ar
cháilíochtaí foirmiúla ina maítear go bhfuil siad i mbun na
ngníomhaíochtaí bainteacha ar bhonn éifeachtach agus dlíthiúil ar feadh
ar a laghad trí bliana i ndiaidh a chéile le linn na gcúig bliana roimh
bhronnadh an teastais sin.
(2) Aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát do lia-chleachtóirí cáilíocht
dochtúir speisialaithe a bronnadh sa Spáinn ar dhochtúirí a chomhlánaigh
a n-oiliúint speisialaithe roimh 1 Eanáir 1995, fiú mura sásaíonn an
oiliúint sin na riachtanais íosta oiliúna a fhoráiltear ina leith in Airteagal
25 den Treoir, a fhad is atá teastas arna eisiúint ag údaráis inniúla na
Spáinne a dhearbhaíonn gur éirigh leis an duine atá i gceist sa scrúdú san
inniúlacht shainiúil ghairmiúil a tionóladh i gcomhthéacs na mbeart
eisceachtúil a bhain le haithint faoi mar a leagadh anuas i bhForaithne
Ríoga1497/99, d'fhonn go bhfaighfear amach go bhfuil ag an duine atá i
gceist leibhéal eolais agus scile atá inchomparáide leo sin atá ag dochtúirí
a bhfuil cáilíocht acu mar dhochtúir speisialaithe mar a shainmhínítear
don Spáinn i bpointí 5.1.2 agus 5.1.3 in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an
Treoir.
(3) Aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát do lia-chleachtóirí cáilíocht
dochtúir speisialaithe a bronnadh san Iodáil agus a liostaítear i bpointí
5.1.2 agus 5.1.3 in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir, ar dhochtúirí
a thosaigh ar a n-oiliúint speisialaithe i ndiaidh 31 Nollaig 1983 agus roimh
1 Eanáir 1991, d'ainneoin nach sásaíonn an oiliúint atá i gceist na riachtanais
oiliúna uile a leagtar amach in Airteagal 25 den Treoir, má tá teastas arna
eisiúint ag údaráis inniúla na hIodáile ag gabháil leis an gcáilíocht a
mhaíonn go bhfuil an dochtúir atá i gceist ag saothrú go héifeachtach agus
go dleathach gníomhaíochtaí dochtúir speisialaithe sa réimse speisialaithe
chéanna atá i gceist, ar feadh ar a laghad seacht mbliana i ndiaidh a chéile
le linn na 10 mbliana roimh bhronnadh an teastais.
Cearta a fuarthas a bhaineann go sainiúil le cleachtóirí ginearálta
34. (1) Aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát do lia-chleachtóirí an ceart
gníomhaíochtaí cleachtóra ghinearálta i gcreat chóras slándáil shóisialta
an Stáit, gan an fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla dá dtagraítear i bpointe
5.1.4 Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir, a bhronntar ar gach
dochtúir a bhaineann leas as an gceart sin ón dáta tagartha a luaitear sa
phointe sin de bhua forálacha a bhaineann le gairm an leighis a thugann
rochtain ar ghníomhaíochtaí gairmiúla dochtúra a bhfuil bunoiliúint
aige/aici agus atá bunaithe ón dáta sin sa Stát agus a bhfuil leas bainte acu
as Airteagal 21 nó 23 den Treoir.
(2) Eiseoidh an t-údarás inniúil sa Stát do lia-chleachtóirí, má éilítear,
teastas ina maítear ceart an tsealbhóra gníomhaíochtaí cleachtóra
ghinearálta a shaothrú i gcreat chóras slándáil shóisialta an Stáit, gan an
fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla dá dtagraítear i bpointe 5.1.4
Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir do dhochtúirí atá bunaithe sa Stát
a bhaineann leas as cearta a fuarthas de bhun mhír (1).
[8] 33
(3) Aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát do lia-chleachtóirí teastais a eisíonn
na húdaráis inniúla i mBallstáit eile de bhun Airteagal 30 den Treoir agus
tabharfaidh siad dá leithéid de theastais an éifeacht chéanna sa Stát mar
fhianaise cáilíochta foirmiúla a bhronnann sé agus a cheadaíonn saothrú
gníomhaíochtaí cleachtóra ghinearálta i gcreat chóras slándáil shóisialta an
Stáit.
Cuid 8
Aithint ua thoibr íoch —altraí atá freagrach as cúram ginearálta
Aithint uathoibríoch altraí atá freagrach as cúram ginearálta
35. (1) faoi réir mhíreanna (2) agus (3), Aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát
d'altraí ginearálta fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla mar altra atá freagrach as
cúram ginearálta a liostaítear i bpointe 5.2.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an
Treoir a shásaíonn na coinníollacha íosta dá dtagraítear in Airteagal 31 den
Treoir agus, chun críche rochtain agus shaothrú ghairm an altra ghinearálta sa
Stát, tabharfar an éifeacht chéanna dá leithéid d'fhianaise sa Stát agus a thugtar
d'fhianaise choibhéiseach ar cháilíocht fhoirmiúil a fhaightear sa Stát.
(2) Ní mór gurb é an t-údarás cuí sa Bhallstát bainteach a eiseoidh fianaise ar
cháilíocht fhoirmiúil dá dtagraítear i mír (1).
(3) Ní théann mír (1) i bhfeidhm ar na cearta a fuarthas dá dtagraítear i Rialachán
38 agus i gCuid 14.
Oiliúint altraí atá freagrach as cúram ginearálta
36. Cinnteodh an t-údarás inniúil sa Stát d'altraí ginearálta go sásaíonn
oiliúint altraí ginearálta sa Stát riachtanais Airteagal 31 den Treoir.
Rochtain ar agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla altraí atá freagrach as
cúram ginearálta
37. Cinnteoidh an t-údarás inniúil sa Stát d'altraí ginearálta go bhfuil rochtain ar
agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla altraí atá freagrach as cúram ginearálta sa
Stát faoi réir sealbhú fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla dá dtagraítear i bpointe 5.2.2
d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir, a dhearbhaíonn go bhfuil faighte ag an
iarratasóir, le linn a (h)oiliúna, mar is cuí, an t-eolas, na scileanna agus na
hinniúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 31(6) agus (7) den Treoir.
Cearta a fuarthas a bhaineann go sainiúil le haltraí atá freagrach as cúram ginearálta
38. (1) D'ainneoin Chuid 14, Is le haltraí atá freagrach as cúram ginearálta
amhain a bhaineann na cearta a fuarthas a fhoráiltear ina leith sa Chuid sin má
chuimsítear sna gníomhaíochtaí gairmiúla iomlán freagrachta as pleanáil, eagrú
agus riar cúram altrachta a thugtar don othar.
34 [8]
(2) Aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát d'altraí ginearálta fianaise ar
cháilíochtaí foirmiúla altrachta—
(a) a bronnadh sa Pholainn ar altraí a chuir oiliúint i gcrích roimh 1 Bealtaine
2004, nár chomhlíon na coinníollacha íosta oiliúna a leagtar síos in
Airteagal 32 den Treoir, agus
(b) a dhearbhaítear tríd an dioplóma “baitsiléir” a fuarthas ar bhonn clár
speisialta uasghrádúcháin in —
(i) Airteagal 11 d'Acht an 20 Aibreán 2004 ar leasú an Achta ar
ghairm an altra agus na cnáimhsí agus ar roinnt achtanna
dlíthiúla eile (Iris Oifigiúil Phoblacht na Polainne 2004 Uimh
92, pos. 885 agus 2007, Uimh 176, pos. 1237) agus Rialachán an
Aire Sláinte an 11 Bealtaine 2004 ar choinníollacha sonracha
soláthar staidéir d'altraí agus do chnáimhseacha a bhfuil teastas
meánscolaíochta acu (scrúdú ceann cúrsa — matura) agus ar
céimithe iad de choláiste leighis agus de theagasc altra nó
cnáimhsí gairmscoileanna leighis (Iris Oifigiúil Phoblacht na
Polainne 2004 Uimh 110, pos. 1170 agus 2010 Uimh 65, pos.
420); nó
(ii) Airteagal 52.3 pointe 2 d'Acht an 15 Iúil 2011 ar ghairmeacha
altra agus cnáimhsí (Iris Oifigiúil Phoblacht na Polainne 2011
Uimh 174, pos. 1039) agus Rialachán an Aire Sláinte an 14
Meitheamh 2012 ar choinníollacha sonracha soláthar cúrsaí
ardoideachais d'altraí agus do chnáimhseacha a bhfuil teastas
meánscolaíochta acu (scrúdú ceann cúrsa — matura) agus ar
céimithe iad de mheánscoil nó d'iar-mheánscoil leighis i ngairm
altra agus cnáimhsí (Iris Oifigiúil Phoblacht na Polainne 2012,
pos. 770),
chun críche a dheimhniú go bhfuil ag an altra atá i gceist leibhéal eolais agus
inniúlachta atá inchomparáide le haltraí a bhfuil na cáilíochtaí acu a liostaítear don
Pholainn i bpointe 5.2.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir.
(3) I gcás iarratasóra ar a ndeachaigh oiliúint mar altra atá freagrach as cúram
ginearálta sa Rómáin agus nach gcomhlíonann a n-oiliúint na riachtanais íosta
oiliúna a leagtar amach in Airteagal 31 den Treoir, aithneoidh an t-údarás inniúil sa
Stát d'altra ginearálta an fhianaise seo a leanas ar cháilíochtaí foirmiúla mar altra
atá freagrach as cúram ginearálta mar dhóthain cruthúnais, a fhad is go mbíonn
teastas ag gabháil leis an bhfianaise ina maítear go raibh an t-iarratasóir go
héifeachtach agus do dleathach ag gabháil do ghníomhaíochtaí altra atá freagrach
as cúram ginearálta sa Rómáin, lena n-áirítear freagracht iomlán a ghlacadh as
pleanáil, eagrú agus cur i bhfeidhm cúram altrachta d'othair, ar feadh tréimhse trí
bliana i ndiaidh a chéile ar a laghad le linn na gcúig bliana roimh dháta eisiúna an
teastais:
(a) Certificat de competent,e profesionale de asistent medical generalist le
hiar-mheánscolaíocht a fuarthas ó scoala postliceala, a dhearbhaíonn oiliúint lenar cuireadh tús roimh 1 Eanáir 2007;
[8] 35
(b) Diploma de absolvire de asistent medical generalist le staidéar
gearrthréimhseach ardoideachais, a dhearbhaíonn oiliúint lenar cuireadh tús
roimh 1 Deireadh Fómhair 2003;
(c) Diploma de licent,a de asistent medical generalist le staidéar
fadtréimhseach ardoideachais, a dhearbhaíonn oiliúint lenar cuireadh tús roimh
1 Deireadh Fómhair 2003;
Cuid 9
Aithint uathoibríoch —cleachtóirí déidliachta
Aithint uathoibríoch cleachtóirí déidliachta
27. (1) Faoi réir mhíreanna (3) agus (4), aithneoidh an t-údarás inniúil sa
Stát d'fhiaclóirí fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla mar chleachtóir
déidliachta a liostaítear i bpointe 5.3.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis
an Treoir a shásaíonn na coinníollacha íosta dá dtagraítear in Airteagal
34 den Treoir agus, chun críche rochtain agus shaothrú ghairm an
fhiaclóra sa Stát, tabharfar an éifeacht cheann dá leithéid d'fhianaise sa
Stát agus a thugtar d'fhianaise choibhéiseach ar cháilíocht fhoirmiúil a
fhaightear sa Stát.
28. Faoi réir mhíreanna (3) agus (4), aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát
d'fhiaclóirí fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla mar chleachtóir
déidliachta speisialaithe a liostaítear i bpointe 5.3.3 d'Iarscríbhinn V a
ghabhann leis an Treoir a shásaíonn na coinníollacha íosta dá
dtagraítear in Airteagal 35 den Treoir agus, chun críche rochtain agus
shaothrú ghairm an fhiaclóra sa Stát, tabharfar an éifeacht chéanna dá
leithéid d'fhianaise sa Stát agus a thugtar d'fhianaise choibhéiseach ar
cháilíocht fhoirmiúil a fhaightear sa Stát.
(2) Ní mór don údarás cuí sa Bhallstát bainteach fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla dá
dtagraítear i mír (1) nó (2) a eisiúint agus ní mór aon teastas dá leithéid de cháilíochta a
liostaítear i b p ointe 5.3.2 nó 5.3.3, de réir mar is cuí, d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis
an Treoir, a bheith leo.
(3) Ní théann Míreanna (1) agus (2) i bhfeidhm ar na cearta a fuarthas dá
dtagraítear i Rialachán 42 agus i gCuid 14.
Oiliúint déidliachta 29. (1) Cinnteoidh an t-údarás inniúil sa Stát d'fhiaclóirí go sásaíonn bunoiliúint
déidliachta sa Stát riachtanais Airteagal 34 den Treoir.
30. Cinnteoidh an t-údarás inniúil sa Stát d'fhiaclóirí go sásaíonn sainoiliúint
déidliachta sa Stát riachtanais Airteagal 35 den Treoir.
(2)
Rochtain ar agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla cleachtóirí déidliachta 31. (1)
Cinnteoidh an t-údarás inniúil sa Stát d'fhiaclóirí go bhfuil rochtain ar agus
saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla cleachtóirí déidliachta sa Stát faoi réir
sealbhú fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla dá dtagraítear i bpointe 5.3.2
d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir, a dhearbhaíonn go bhfuil faighte
ag an iarratasóir, le linn a (h)oiliúna, mar is cuí, an t-eolas, na scileanna agus
an hinniúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 34(3) den Treoir.
36 [8]
(2) Chun críche na Treorach agus na Rialachán seo, is iad gníomhaíochtaí
gairmiúla cleachtóirí déidliachta na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointe
5.3.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir.
(3) Cinnteoidh an t-údarás inniúil sa Stát d'fhiaclóirí go mbíonn cleachtóirí
déidliachta in ann, de ghnáth, gníomhaíochtaí coisc, diagnóise agus cóireáil
aimhrialtachtaí agus galair a théann i bhfeidhm ar na fiacla, béal, giall agus
fíochán atá buailte leo a rochtain agus a shaothrú, agus an aird chuí ar na
forálacha rialála agus ar rialacha na heitice gairmiúla ar na dátaí tagartha dá
dtagraítear i bpointe 5.3.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir.
Cearta a fuarthas a bhaineann go sainiúil le cleachtóirí déidliachta
32. (1) Faoi réir mhíreanna (2) agus (3), aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát
d'fhiaclóirí fianaise ar cháilíochtaí gairmiúla mar dhochtúir arna eisiúint san
Iodáil, s a Spáinn, s a n Ostair, i bPoblacht na Seice, s a t Slóvaic nó sa Rómáin
d'iarratasóir a chuir tús lena (h)oiliúint leighis ar nó roimh an dáta tagartha a
luaitear i bpointe sin 5.3.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir a
bhaineann leis an mBallstát atá i gceist, má bhíonn teastas leis arna eisiúint ag
údarás inniúil an Stáit sin a dheimhníonn na nithe seo i dtaobh an iarratasóra:
(a) go bhfuil sé nó sí go héifeachtach, go dleathach agus go príomha sa
Bhallstát sin ag gabháil do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i
Rialachán 41(3) ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile ar a laghad le
linn na gcúig bliana roimh bhronnadh an teastais; agus
(b) go bhfuil sé nó sí údaraithe na gníomhaíochtaí thuasluaite a shaothrú
faoi na coinníollacha céanna mar shealbhóir fianaise ar cháilíochtaí
foirmiúla a liostaítear don Bhallstát sin i bpointe 5.3.2 d'Iarscríbhinn
V a ghabhann leis an Treoir.
(2) Iarratasóir ar éirigh leis nó léi ar a laghad staidéar tri bliana a chur i gcrích,
arna dheimhniú ag údarás inniúil sa Bhallstát atá i gceist mar choibhéiseach na
hoiliúna dá dtagraítear in Airteagal 34 den Treoir, beidh sé/sí díolmhaithe ón
obair phraiticiúil trí bliana dá dtagraítear i mír (1)(a).
(3) Maidir le Poblacht na Seice agus an tSlóvaic, tabharfar an leibhéal aitheanta
chéanna d'fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla a fuarthas san iar-Sheicslóvaic le
fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla de chuid na Seice agus na Slóvaice agus faoi na
coinníollacha céanna faoi mar a leagtar amach i míreanna (1) agus (2).
(4) Faoi réir mhíreanna (5) agus (6), aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát
d'fhiaclóirí fianaise ar cháilíochtaí gairmiúla mar dhochtúir a eisítear san Iodáil
d'iarratasóir a chuir tús lena (h)oiliúint ollscoile leighis i ndiaidh 28 Eanáir 1980
agus tráth nach moille ná 31 Nollaig 1984, má bhíonn teastas leis, arna eisiúint ag
údaráis inniúla na hIodáile, a dheimhníonn na nithe seo a leanas i dtaobh an
iarratasóra—
[8] 37
(a) gur éirigh leis nó léi sa triail inniúlachta bhainteach a thionóil údaráis
inniúla na hIodáile chun críche a chinntiú go bhfuil leibhéal eolais agus
scileanna aige nó aici atá inchomparáide le daoine a bhfuil fianaise acu
ar cháilíochtaí foirmiúla a liostaítear don Iodáil i bpointe 5.3.2
d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir,
(c) go bhfuil sé nó sí go héifeachtach, go dleathach agus go príomha
ag gabháil do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Rialachán
41(3) san Iodáil ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile ar a laghad
le linn na gcúig bliana roimh bhronnadh an teastais; agus
(d) go bhfuil sé nó sí údaraithe a bheith ag gabháil do nó go bhfuil
sé nó sí go héifeachtach, go dleathach agus go príomha ag
gabháil do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Rialachán 41(3)
faoi na coinníollacha céanna a liostaítear don Iodáil i bpointe
5.3.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir.
(5) Iarratasóir ar éirigh leis nó léi ar a laghad staidéar trí bliana a chur i
gcrích, arna dheimhniú ag údarás inniúil na hIodáile atá i gceist mar
choibhéiseach na hoiliúna dá dtagraítear in Airteagal 34 den Treoir, beidh
sé/sí díolmhaithe ón obair phraiticiúil trí bliana dá dtagraítear i mír (1)(a).
(4) Iarratasóir a chuir tús lena (h)oiliúint leighis ollscoile i ndiaidh 31 Nollaig
1984, caithfear leis nó léi ar an gcaoi chéanna le duine lena mbaineann mír
(4), a fhad is a chuir sé nó sí tús leis na trí bliana staidéir dá dtagraítear i mír
(5) roimh 31 Nollaig 1994.
(7) Maidir le fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla cleachtóirí déidliachta,
aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát d'fhiaclóirí a leithéid d'fhianaise de bhun
Airteagal 21 den Treoir i gcásanna nuair a chuir an t-iarratasóir tús lena
(h)oiliúint ar nó roimh 18 Eanáir 2016.
(8) Aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát d'fhiaclóirí cáilíochtaí foirmiúla mar
dhochtúir a eisítear sa Spáinn d'iarratasóir a chuir tús lena (h)oiliúint leighis
ollscoile idir 1 Eanáir 1986 agus 31 Nollaig 1997 má bhíonn teastas leis, arna
eisiúint ag údaráis inniúla na Spáinn, a dheimhníonn na nithe seo a leanas i dtaobh
an iarratasóra —
(a) go bhfuil trí bliana staidéir curtha i gcrích aige nó aici, arna dheimhniú
ag údarás inniúil na Spáinne mar choibhéiseach na hoiliúna dá
dtagraítear in Airteagal 34 den Treoir,
(e) go bhfuil sé nó sí go héifeachtach, go dleathach agus go príomha
ag gabháil do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Rialachán
41(3) sa Spáinn ar feadh trí bliana i ndiaidh a chéile ar a laghad
le linn na gcúig bliana roimh bhronnadh an teastais; agus
(f) go bhfuil sé nó sí údaraithe a bheith ag gabháil do nó go bhfuil
sé nó sí go héifeachtach, go dleathach agus go príomha ag
gabháil do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Rialachán 41(3)
faoi na coinníollacha céanna a liostaítear don Iodáil i bpointe
5.3.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir.
38 [8]
Cuid 10
Aithint uathoibríoch — tréidlianna
Aithint uathoibríoch tréidlianna
33. (1) Faoi réir mhíreanna (2) agus (3), aithneoidh an t-údarás
inniúil sa Stát do thréidlianna fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla
mar thréidlia a liostaítear i bpointe 5.4.2 d'Iarscríbhinn V a
ghabhann leis an Treoir a shásaíonn na coinníollacha íosta dá
dtagraítear in Airteagal 38 den Treoir agus, chun críche rochtain
agus shaothrú ghairm an tréidlia sa Stát, tabharfar an éifeacht
chéanna dá leithéid d'fhianaise sa Stát agus a thugtar d'fhianaise
choibhéiseach ar cháilíocht fhoirmiúil a fhaightear sa Stát.
(4) Ní mór don údarás cuí sa Bhallstát bainteach fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla
dá dtagraítear i mír (1) a eisiúint agus ní mór aon teastas dá leithéid de cháilíochtaí
a liostaítear i b p ointe 5.4.2 de réir mar is cuí, d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis
an Treoir, a bheith leo.
(2) Ní théann míreanna (1) agus (2) i b h f e i d h m a r n a c e a r t a a
f u a r t h a s d á d t a g r a í t e a r i R i a l a c h á n 4 6 a g u s C u i d 1 4 .
Oiliúint tréidlianna
34. Cinnteoidh an t-údarás inniúil sa Stát do thréidlianna go sásaíonn
bunoiliúint tréidlianna sa Stát riachtanais Airteagal 38 den Treoir.
Rochtain ar agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla tréidlianna
35. Cinnteoidh an t-údarás inniúil sa Stát do thréidlianna go bhfuil
rochtain ar agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla tréidlianna sa Stát
faoi réir sealbhú fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla dá dtagraítear i bpointe
5.4.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir, a dhearbhaíonn go
bhfuil faighte ag an iarratasóir, le linn a (h)oiliúna, mar is cuí, an t-eolas,
na scileanna agus an hinniúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 38(3) den
Treoir.
Cearta a fuarthas a bhaineann go sainiúil le tréidlianna
35. Gan dochar do rialachán 63, aithneoidh an an t-údarás inniúil sa Stát
do thréidlianna cáilíochtaí iarratasóra ar eisíodh a c(h)áilíochtaí foirmiúla
nó ar thosaigh a (h)oiliúint san Eastóin roimh 1 Bealtaine 2004, má bhíonn
teastas leis arna eisiúint ag údarás inniúil an Stáit sin a dheimhníonn go bhfuil
an t-iarratasóir go héifeachtach agus go dleathach ag gabháil do na
gníomhaíochtaí atá i gceist san Eastóin ar feadh cúig bliana i ndiaidh a chéile
ar a laghad le linn na seacht mbliana roimh dháta eisiúna an teastais.
Cuid 11
Aithint uathoibríoch — cnáimhseacha
Aithint uathoibríoch cnáimhseach
36. (1) Faoi réir mhír (2),
37. aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát do chnáimhseacha fianaise
ar cháilíochtaí foirmiúla mar thréidlia a liostaítear i bpointe 5.5.2
d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir a shásaíonn na
coinníollacha íosta dá dtagraítear in Airteagal 40 den Treoir
agus, chun críche rochtain agus shaothrú ghairm na cnáimhsí sa
[8] 39
Stát, tabharfar an éifeacht chéanna dá leithéid d'fhianaise sa Stát
agus a thugtar d'fhianaise choibhéiseach ar cháilíocht fhoirmiúil a
fhaightear sa Stát.
(2) N í t h é a n n mír (1) i bhfeidhm ar na cearta a fuarthas dá dtagraítear i
Rialachán 51 agus i gCuid 14.
Oiliúint cnáimhseach
27. Cinnteoidh an t-údarás inniúil sa Stát do chnáimhseacha go sásaíonn
bunoiliúint tréidlianna sa Stát riachtanais Airteagal 40 den Treoir
Rochtain ar agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla cnáimhseach
28. (1) Bainfidh an chuid seo le gníomhaíochtaí cnáimhseach sa Stát, gan
dochar do mhír (3), a shaothraítear faoi theideal ‘cnáimhseach chláraithe
(RM[CC])’.
(2) Cinnteoidh an t-údarás inniúil sa Stát do chnáimhseacha go bhfuil rochtain
ar agus saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla sa Stát faoi réir sealbhú fianaise ar
cháilíochtaí foirmiúla dá dtagraítear i bpointe 5.5.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis
an Treoir, a dhearbhaíonn go bhfuair an t-iarratasóir le linn a (h)oiliúna, de réir mar
is cuí, an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 40(3)
den Treoir.
(3) Cinnteoidh an t-údarás inniúil sa Stát do chnáimhseacha go dtig le
cnáimhseacha na gníomhaíochtaí seo a leanas ar a laghad a rochtain agus a
shaothrú:
(a) soláthar faisnéis agus comhairle iomchuí pleanáil clainne;
(b) diagnóis toircheas agus monatóireacht toirchis normálta;
(c) na scrúduithe is gá a dhéanamh i gcomhair monatóireacht forbairt
toirchis normálta;
(d) oideasú nó comhairliú ar na scrúduithe is gá a dhéanamh i leith na
diagnóise is luaithe agus is féidir ar thoirchis atá i mbaol;
(e) soláthar cláir ullmhúchán tuismitheoireachta agus ullmhúchán
cuimsitheach i gcomhair breith linbh, lena n-áirítear comhairle ar
shláinteachas agus cothú;
(f) cúram agus cúnamh a thabhairt don mháthair le linn tinneas clainne
agus bail an fhéatais san útaras a mhonatóiriú trí na modhanna cuí
cliniciúla agus teicniúla;
(g) saoluithe spontáineacha a dhéanamh lena n-áirítear, nuair is gá,
eipeasatóimí agus, i gcásanna éigeandála saoluithe tóna;
(h)
40 [8]
comhartha rabhaidh mínormáltachta sa mháthair nó sa leanbh
a aithint ar gá atreorú chuig dochtúir ina leith agus cuidiú leis
an dochtúir nuair is cuí; na bearta éigeandála a bhfuil gá leo a
dhéanamh mura bhfuil an dochtúir i láthair, go háirithe
glanadh na placainte de láimh, agus scrúdú féideartha útarais
de láimh ina dhiaidh sin;
(i) scrúdú a dhéanamh agus cúram a thabhairt don leanbh nuabheirthe;
gach beart is gá a thionscnamh i gcás riachtanais agus athbheochan
láithreach a dhéanamh nuair is gá;
(j) cúram agus monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn na
máthar sa tréimhse iarbhreithe agus gach comhairle agus is gá
a thabhairt don mháthair ar chúram leanaí lena chur ar a cumas
a oiread dul chun cinn agus is féidir a chinntiú ag an leanbh
nuabheirthe;
(k) cóireáil a ordaíonn an dochtúir a fheidhmiú;
(l) na tuairiscí scríofa a bhfuil gá leo a dhréachtú.
Nósanna imeachta i gcomhair aithint fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla
cnáimhsí 29. (1) Beidh an fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla cnáimhsí dá
dtagraítear i bpointe 5.5.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an
Treoir faoi réir aithint uathoibríoch faoi Rialachán 47 sa mhéid go
sásaíonn siad critéar acu seo a leanas:
(a) oiliúint lánaimseartha mar chnáimhseach ar feadh trí bliana ar a
laghad, a d'fhéadfaí a chur in iúl freisin le creidiúintí
coibhéiseacha ECTS dar suim iomlán ar a laghad 4,600 uair an
chloig d'oiliúint theoiriciúil agus phraiticiúil, agus oiliúint
chliniciúil i gceist le trian, ar a laghad, den fhad íosta;
(b) oiliúint lánaimseartha mar chnáimhseach dar fad dhá bhliain ar a
laghad, a d'fhéadfaí a chur in iúl freisin le creidiúintí
coibhéiseacha ECTS dar suim iomlán ar a laghad 3,600 uair an
chloig, ag brath ar shealbhú fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla
mar altra atá freagrach as cúram ginearálta dá dtagraítear i
bpointe 5.2.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir;
(c) oiliúint lánaimseartha mar chnáimhseach ar feadh 18 mí, a
d'fhéadfaí a chur in iúl freisin le creidiúintí coibhéiseacha ECTS
dar suim iomlán ar a laghad 3,000 uair an chloig, ag brath ar
shealbhú fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla mar altra atá
freagrach as cúram ginearálta dá dtagraítear i bpointe 5.2.2
d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir, agus ina dhiaidh sin,
bliain cleachtas gairmiúil ar eisíodh teastas ina leith i gcomhréir
le mír (2).
(2) Maidir leis an teastas dá dtagraítear i mír (1)(c), ní mór —
(a) gurb é an t-údarás inniúil sa Bhallstát baile a d'eisigh, agus
(b) go ndearbhaítear ann gur shaothraigh an sealbhóir go sásúil, i
ndiaidh fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla a fháil, gach
gníomhaíocht de chuid cnáimhsí ar feadh tréimhse
chomhfhreagrach in ospidéal nó in ionad cúram sláinte a
[8] 41
fhaomhtar chuige sin.
Cearta a fuarthas a bhaineann go sainiúil le cnáimhseacha
30. (1)
I gcás iarratasóra a sásaíonn a f(h)ianaise ar íosriachtanais oiliúna a leagtar síos in
Airteagal 40 den Treoir ach, de bhua Rialachán 50, nach bhfuil aitheanta mura
bhfuil teastas cleachtas gairmiúil leis dá dtagraítear i Rialachán 50(2), aithneoidh
an t-údarás inniúil sa Stát do chnáimhseacha mar dhóthain cruthúnais fianaise ar
cháilíochtaí foirmiúla arna eisiúint sa Bhallstát bainteach roimh an dáta tagartha dá
dtagraítear i bpointe 5.5.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir don Bhallstát
sin, ma bhíonn teastas leis a mhaíonn go raibh an t-iarratasóir go héifeachtach agus
go dleathach ag gabháil do na gníomhaíochtaí atá i gceist ar feadh dhá bhliain i
ndiaidh a chéile ar a laghad le linn na gcúig bliana roimh bhronnadh an teastais.
(2) Aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát do chnáimhseacha go huathoibríoch na
cáilíochtaí sin nuair a thosaigh an t-iarratasóir ar oiliúint mar chnáimhseach roimh
18 Eanáir 2016 agus gurb é an riachtanas iontrála dá leithéid d'oiliúint ná 10 mbliana
d'oideachas ginearálta nó leibhéal coibhéiseach do shlí I in Airteagal 40(1) (a) den
Treoir, nó a comhlánaigh oiliúint mar altra atá freagrach as cúram ginearálta a
dhearbhaítear le fianaise ar cháilíocht fhoirmiúil dá dtagraítear i bpointe 5.2.2
d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir roimh thosú ar oiliúint cnáimhsí faoi shlí
II in Airteagal 40(1) (b) den Treoir.
(3) Bainfidh na coinníollacha a leagtar síos i mír (1) freisin le hiarratasóir a
ndeimhníonn a f(h)ianaise ar cháilíochtaí foirmiúla mar chnáimhseach comhlánú
oiliúna a fuarthas in iar-Phoblacht Dhaonlathach na Gearmáine agus a shásaíonn na
híosriachtanais oiliúna uile a leagtar síos in Airteagal 40 den Treoir, ach nach n-
aithnítear, de bhua Rialachán 50, fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla ach má tá teastas
taithí ghairmiúil leo dá dtagraítear i Rialachán 50(2) a dhearbhaíonn cúrsa oiliúna
ar cuireadh tús leis roimh 3 Deireadh Fómhair 1990.
(4) Aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát do chnáimhseacha fianaise ar
cháilíochtaí foirmiúla mar chnáimhseach—
(a) a bronnadh sa Pholainn, ar chnáimhseacha a chomhlánaigh oiliúint roimh
1 Bealtaine 2004, nár chomhlíon na híosriachtanais oiliúna a leagtar síos
in Airteagal 40 den Treoir, agus
(b) a dhearbhaítear le dioplóma 'baitsiléir' a fuarthas ar bhonn uasghrádú
speisialta a bhí in—
(i) Airteagal 11 d'Acht an 20 Aibreán 2004 ar leasú an Achta ar
ghairmeacha altra agus cnáimhsí agus ar roinnt achtanna dlíthiúla
eile (Iris Oifigiúil Phoblacht na Polainne 2004 Uimh. 92, pos.
885 agus 2007 Uimh. 176, pos. 1237) agus Rialachán an Aire
Sláinte an 11 Bealtaine 2004 ar choinníollacha mionsonraithe
staidéar a sholáthar d' altra agus cnáimhseacha, a bhfuil teastas
meánscolaíochta acu (scrúdú ceann cúrsa — matura) agus ar
céimithe iad d e choláiste leighis agus gairmscoileanna leighis
ag teagasc i ngairm altra agus cnáimhsí (Iris Oifigiúil Phoblacht
na Polainne 2004 Uimh. 110, pos. 1170 agus 2010 Uimh. 65, pos.
420), nó
42 [8]
(ii) Airteagal 53.3 d'Acht an 15 Iúil 2011 ar leasú an Achta ar
ghairmeacha altra agus cnáimhseacha (Iris Oifigiúil Phoblacht na
Polainne 2011 Uimh. 174, pos. 1039) agus Rialachán an Aire
Sláinte an 14 Meitheamh 2012 ar choinníollacha mionsonraithe
cúrsaí ardoideachais a sholáthar d'altraí agus cnáimhseacha, a
bhfuil teastas meánscolaíochta acu (scrúdú ceann cúrsa —
matura) agus ar céimithe iad d e mheánscoil leighis nó iar-
mheánscoil ag teagasc i ngairm altra agus cnáimhsí (Iris Oifigiúil
Phoblacht na Polainne 2012 pos. 770),
Chun críche a dheimhniú go bhfuil ag an gcnáimhseach atá i gceist leibhéal eolais
agus inniúlachta atá inchomparáide le cnáimhseacha a bhfuil na cáilíochtaí acu a
liostaítear don Pholainn i bpointe 5.5.2 d'Iarscríbhinn V a ghabann leis an Treoir.
(5) I gcás iarratasóra ar bronnadh a f(h)ianaise ar cháilíochtaí foirmiúla mar
chnáimhseach (asistent medical obstetrica -ginecologie/altra cnáimhseachais-
banliachta) sa Rómáin roimh 1 Eanáir 2007, agus nach sásaíonn na híosriachtanais
oiliúna a leagtar síos in Airteagal 40 den Treoir, aithneoidh an t-údarás inniúil sa
Stát do chnáimhseacha an fhianaise seo ar cháilíochtaí foirmiúla mar dhóthain
cruthúnais chun críche gníomhaíochtaí cnáimhsí a shaothrú má bhíonn teastas leo
a mhaíonn go bhfuil an t-iarratasóir go héifeachtach agus go dleathach ag gabháil
do ghníomhaíochtaí cnáimhsí sa Rómáin ar feadh cúig bliana i ndiaidh a chéile ar a
laghad le linn na seacht mbliana roimh eisiúint an teastais.
(6) Ní bheidh cearta a fuarthas i gceist leis na cáilíochtaí seo a leanas a fuarthas
sa Chróit roimh Iúil 2013: via medicinska sestra gineko- loko-opstetrikog smjera
(Ardaltra Banliachta-Cnáimhseachais), medicinska ses- tra ginekoloko-opstetrikog
smjera (Altra Banliachta-Cnáimhseachais), via medic- inska sestra primaljskog
smjera (Ardaltra ag a bhfuil Céim sa Chnáimhseachas), medicinska sestra
primaljskog smjera (Altra ag a bhfuil Céim sa Chnáimhseachas), ginekol- oko-
opstetrika primalja (Cnáimhseach Banliachta-Cnáimhseachais) agus
(Cnáimhseach).
Cuid 12
Aithint uathoibríoch - cógaiseoirí
Aithint uathoibríoch cógaiseoirí
39. (1) Faoi réir mhíreanna (2) agus (3), aithneoidh an t-údarás inniúil do
chógaiseoirí sa Stát fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla mar chógaiseoir a liostaítear i
bpointe 5.6.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir a shásóidh na coinníollacha
íosta oiliúna dá dtagraítear in Airteagal44 sa Treoir, agus tabharfar, chun críche
rochtain agus shaothrú ghairm an chógaiseora sa stát, an éifeacht chéanna sa Stát
don bhfianaise sin a thugtar dá chómhaith d'fhianaise ar cháilíocht ghairmiúil a
ghnóthaítear sa Stát.
[8] 43
(2) Is gá gurb é an t-údarás cuí sa Bhallstát bainteach a thabharfaidh cáilíochtaí
dá dtagraítear i mír (1) agus is gá go mbeidh aon teastas in éineacht leo a liostaítear
i bpointe* 5.6.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir do na cáilíochtaí sin.
(3) Ní bhaineann Mír (1) d'aon chearta a fuarthas dá dtagraítear i Rialachán
55 agus i gCuid 14.
Oiliúint Cógaiseoirí 40. Cinnteoidh an t-údarás inniúil do chógaiseoirí sa Stát go sásaíonn oiliúint
Cógaiseoirí sa Stát na riachtanais faoi Airteagal 44 den Treoir.
Rochtain agus Saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla cógaiseoirí 41. (1) Chun críche na Rialachán seo agus na Treorach, is ionann gníomhaíochtaí
cógaiseora agus gníomhaíochtaí ar a bhfuil gá sa Stát, le teacht orthu agus le hiad a
shaothrú, le cáilíochtaí gairmiúla agus atá oscailte dóibh siúd ag a bhfuil fianaise ar
cháilíochtaí foirmiúla de na cineálacha atá liostaithe i bpointe 5.6.2 d'Iarscríbhinn
V a ghabhann leis an Treoir.
(2) Déanfaidh an tÚdarás inniúil sa Stát do chogaiseoirí rochtain agus saothrú
gníomhaíochtaí cógaiseoirí sa Stát a chur faoi réir fianaise a bheith ann ar
cháilíochtaí foirmiúla dá dtagraítear i bpointe 5.6.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann
leis an Treoir, a thugann fianaise go bhfuair an t-iarratasóir, le linn a t(h)réimhse
oiliúna, mar is cuí, an t-eolas, na scileanna agus na hinniúlachtaí dá dtagraítear
in Airteagal 44(3) den Treoir.
(3) Déanfaidh an t-údarás inniúil sa Stát do chógaiseoirí a chinntiú go mbeidh
siad siúd ag a bhfuil fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla sa chógaisíocht ag leibhéal
ollscoile nó ag leibhéal a aithnítear mar chomhionann, a shásaíonn riachtanais
Airteagal 44 den Treoir, ábalta teacht ar na gníomhaíochtaí seo a leanas, agus iad a
shaothrú, faoi réir an riachtanais, nuair is cuí, le taithí ghairmiúil fhorlíontach:
(a) an leagan cógaisíochta de tháirgí míochaine a ullmhú;
(b) táirgí míochaine a dhéanamh agus a thástáil;
(c) tástáil ar tháirgí míochaine a dhéanamh i saotharlann le haghaidh táirgí
míochaine a thástáil;
(d) táirgí míochaine a stóráil, a chaomhnú agus a leithdháileadh ag céim an
mhórdhíola;
(e) táirgí míochaine sábháilte éifeachtacha den cháilíocht riachtanach a
sholáthar, a ullmhú, a thástáil, a stóráil, a leithdháileadh agus a
urghnamh i gcógaslanna atá oscailte don phobal;
(f) táirgí míochaine sábháilte éifeachtacha den cháilíocht riachtanach a
sholáthar, a ullmhú, a thástáil, a stóráil agus a urghnamh i
gcógaslanna in ospidéil;
(g) eolas agus comhairle a thabhairt maidir le táirgí míochaine, lena n-
áirítear iad a úsáid mar is cuí;
44 [8]
(h) tuairisc a dhéanamh do na húdaráis inniúla ar fhrithghníomhaíochtaí
díobhálacha in aghaidh táirgí cógaisíochta;
(i) tacaíocht phearsanta d'othair a thógann a gcógas;
(j) cur le feachtais sláinte poiblí áitiúla nó náisiúnta.
Cearta a fuarthas a bhaineann go sonrach le cógaiseoirí 42. Aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát do chógaiseoirí cáilíocht fhoirmiúil mar
chógaiseoir dar bhain an maolú in Airteagal 2(4)(a) den Treoir Chomhairle
85/432/EEC 16 Meán Fómhair 1985,19 agus a mbeadh a sealbhóir, murach
aisghairm na Treorach sin ag Airteagal 62 den Treoir um Cháilíochtaí Gairmiúla, i
dteideal aitheantais mar dhuine ag a bhfuil cáilíocht chuí le haghaidh cleachtais.
Cuid 13
Aithint uathoibríoch - Ailtirí
Aithint Uathoibríoch - ailtirí 43. (1) Faoi réir mhíreanna (2) agus (3), aithneoidh an t-údarás inniúil d'ailtirí sa
Stát fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla mar ailtire a liostaítear i bpointe 5.7.1
d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir a shásóidh na coinníollacha íosta oiliúna
dá dtagraítear in Airteagal 46 nó 47 sa Treoir, agus tabharfar, chun críche rochtain
agus shaothrú ghairm ailtire sa Stát, an éifeacht chéanna sa Stát don fhianaise sin a
thugtar dá chómhaith d'fhianaise ar cháilíocht ghairmiúil a ghnóthaítear sa Stát.
(2) Is gá gurb é an t-údarás cuí sa Bhallstát bainteach a thabharfaidh cáilíochtaí
dá dtagraítear i mír (1) agus is gá go mbeidh aon teastas in éineacht leo a liostaítear
i bpointe 5.7.1 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir do na cáilíochtaí sin.
(3) Ní bhaineann Mír (1) do na cearta faighte dá dtagraítear i Rialachán 59
agus i gCuid 14.
(4) Tugann fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla mar ailtire dá dtagraítear i bpointe
5.7.1 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir, atá faoi réir aitheantais
uathoibríoch de bhun mhír (1), cruthúnas gur críochnaíodh cúrsa a tosaíodh tráth
nach luaithe ná le linn na bliana acadúla dá dtagraítear san Iarscríbhinn sin.
Oiliúint Ailtirí 44. Cinnteoidh an tÚdarás inniúil sa Stát d'ailtirí go sásaíonn oiliúint ailtirí sa
Stát riachtanais Airteagal 46 nó 47 den Treoir.
Saothrú gníomhaíochtaí gairmiúla ailtire 45. (1) Chun críche na Rialachán seo, is ionann gníomhaíochtaí gairmiúla an
ailtire agus na gníomhaíochtaí a dhéantar go rialta faoin teideal gairmiúil 'ailtire'. 19OJ No. L 253, 24.9.1985, p. 34.
[8] 45
(2) Measfar, i leith duine atá údaraithe an teideal 'ailtire' a úsáid de bhun dlí
a thugann an chumhacht do Bhallstát an teideal sin a bhronnadh ar dhaoine atá
cáilithe ag caighdeán a gcuid oibre i réimse na hailtireachta, go sásaíonn an
duine sin na coinníollacha riachtanacha do ghníomhaíochtaí ailtire, faoin teideal
gairmiúil 'ailtire'.
(3) Tabharfar fianaise ar nádúr ailtireachta gníomhaíochtaí duine lena
mbaineann mír (2) le teastas a bronnadh sa Bhallstát baile.
Cearta a fuarthas a bhaineann go sonrach le hailtirí
46. (1) Aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát d'ailtirí na nithe seo a leanas —
(a) fianaise ar cháilíochtaí gairmiúla mar ailtire atá liostaithe in Iarscríbhinn
VI a ghabhann leis an Treoir, a thugann fianaise ar chúrsa oiliúna a
thosaigh tráth nach déanaí ná an bhliain acadúil dá dtagraítear san
Iarscríbhinn sin, cé acu a shásaíonn nó nach sásaíonn siad na riachtanais
íosta atá leagtha síos in Airteagal 46 den Treoir,
(b) teastais a d'eisigh na húdaráis inniúla i bPoblacht Chónaidhme na
Gearmáine a thugann fianaise gurb ionann cáilíochtaí gairmiúla a eisíodh
ar an 8 Bealtaine 1945 nó roimhe ag údaráis inniúla Phoblacht
Dhaonlathach na Gearmáine agus fianaise atá liostaithe in Iarscríbhinn
VI a ghabhann leis an Treoir, agus
(c) fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla mar ailtire atá liostaithe in Iarscríbhinn
V a ghabhann leis an Treoir nach sásaíonn na riachtanais íosta atá leagtha
síos in Airteagal 46 den Treoir, nuair a thosaigh an oiliúint roimh an 18
Eanáir 2016.
(2) Gan dochar do mhír (1) agus faoi réir mhír (3), aithneoidh an t-údarás
inniúil sa Stát d'ailtirí teastais a d'eisigh na húdaráis inniúla sna stáit a leanas ó
na dátaí a leanas:
(a) 1 Eanáir 1995 don Ostair, don Fhionlainn agus don tSualainn;
(b) 1 Bealtaine 2004 do Phoblacht na Seice, don Eastóin, don Chipir, don
Laitvia, don Liotuáin, don Ungáir, do Mhálta, don Pholainn, don
tSlóivéin agus don tSlóvaic;
(c) 1 Iúil 2003 don Chróit; agus
(d) 5 Lúnasa 1987 do gach Ballstát eile.
(3) Ní mór do na teastais dá dtagraítear i mír (2) na nithe a leanas a dhearbhú—
(a) gur údaraíodh an sealbhóir, tráth nach déanaí ná an dáta bainteach
teideal gairmiúil an ailtire a úsáid, agus
(b) go bhfuil an sealbhóir páirteach go gníomhach, faoi na rialacha
infheidhme sa Bhallstát bainteach, sna gníomhaíochtaí atá i gceist le trí
bliana i ndiaidh a chéile ar a laghad le linn na gcúig bliana roimh
bhronnadh an teastais.
46 [8]
(4) Aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát d'ailtirí fianaise gur críochnaíodh
oiliúint má ba ann di ar an 5 Lúnasa 1985, agus ar tosaíodh í tráth nach déanaí ná
an 17 Eanáir 2014, a thug 'Fachhochschulen' i bPoblacht Chónaidhme na
Gearmáine thar thréimhse trí bliana, a shásaíonn na riachtanais atá leagtha amach
in Airteagal 46(2) sa Treoir agus a thugann rochtain ar na gníomhaíochtaí a dhéantar
sa Bhallstát áirithe sin faoin teideal gairmiúil 'ailtire', sa mhéid gur leanadh an
oiliúint le tréimhse ceithre bliana de thaithí gairmiúil i bPoblacht Chónaidhme na
Gearmáine, arna dhearbhú le teastas a bhronn an t-údarás inniúil a bhfuil ainm an
ailtire atá ag iarraidh leas a bhaint as an mír seo le feiceail ina rolla.
Cuid 14
Aithint uathoibríoch - comhchearta a fuarthas
Oiliúint a tosaíodh roimh na dátaí tagartha
47. Sa chás nach sásóidh fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla mar dhochtúir ag
tabhairt rochtana ar ghníomhaíochtaí gairmiúla dochtúra le bunoiliúint nó dochtúir
speisialaithe, mar altra atá freagrach as cúram ginearálta, mar fhiaclóir, mar
fhiaclóir speisialaithe, mar thréadlia, mar chnáimhseach nó mar chógaiseoir, gach
riachtanas dá dtagraítear in Airteagail 24, 25, 31, 35, 38, 40 nó 44 den Treoir, mar
is cuí, aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát mar dhóthain cruthúnais fianaise ar
cháilíocht fhoirmiúil a eisíodh sa Bhallstát bainteach sa mhéid go gcruthaíonn an
fhianaise sin gur críochníodh oiliúint a thosaigh roimh an dáta tagartha atá leagtha
síos i bpointe 5.1.1, 5.1.2, 5.3.2, 5.3.3, 5.4.2, 5.5.2 nó 5.6.2 d'Iarscríbhinn V a
ghabhann leis an Treoir agus a bhfuil in éineacht léi teastas a dhearbhaíonn go bhfuil
an sealbhóir páirteach go gníomhach agus go dleathach sna gníomhaíochtaí atá i
gceist le trí bliana i ndiaidh a chéile as na cúig bliana roimh bhronnadh an teastais.
Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine
48. Aithneoidh an t-údarás inniúil sa Stát gur leordhóthanach fianaise ar
cháilíocht fhoirmiúil mar dhochtúir a thugann rochtain ar ghníomhaíochtaí
gairmiúla dochtúra le bunoiliúint agus dochtúra speisialaithe, mar altra freagrach as
cúram ginearálta, mar fhiaclóir, mar fhiaclóir speisialaithe, mar thréadlia, mar
chnáimhseach nó mar chógaiseoir, a fuarthas i gcríocha Phoblacht Dhaonlathach na
Gearmáine mar a bhí, nach sásóidh na híosriachtanais oiliúna atá leagtha amach in
Airteagail 24, 25, 31, 34, 35, 38, 40 nó 44 den Treoir, mar is cuí, nuair a thugann
gníomhaíocht den sórt sin dearbhú gur críochnaíodh oiliúint a thosaigh roimh—
(a) an 3 Deireadh Fómhair 1990 do dhochtúir le bunoiliúint, mar altra
freagrach as cúram ginearálta, mar fhiaclóir le bunoiliúint, mar
fhiaclóir speisialaithe, mar thréidlia, mar chnáimhseach nó mar
chógaiseoir, nó
(b) an 3 Aibreán 1992 do dhochtúir speisialaithe.
[8] 47
Poblacht na Seice agus an tSlóvaic
49. (1) Gan dochar do Rialachán 42(1) go (3) agus faoi réir mhír (2), aithneoidh
an t-údarás inniúil sa Stát fianaise ar cháilíocht fhoirmiúil mar dhochtúir ag tabhairt
rochtana ar ghníomhaíochtaí gairmiúla dochtúra le bunoiliúint nó dochtúra
speisialaithe, mar altra atá freagrach as cúram ginearálta, mar thréidlia, mar
chnáimhseach, mar chógaiseoir nó mar ailtire sna cásanna seo a leanas—
(a) más údarás cuí san iar-Sheicslóvaic a d'eisigh an fhianaise ar cháilíocht
fhoirmiúil, nó
(b) más údarás cuí i bPoblacht na Seice nó sa tSlóvaic a d'eisigh an fhianaise
ar cháilíocht fhoirmiúil, agus má thosaigh an duine lena mbaineann a
(h)oiliúint don cháilíocht sin roimh an 1 Eanáir 1993,
agus sa chás go dtugann an t-údarás cuí i gceachtar den dá Bhallstát dearbhú
gurb ionann bailíocht dhleathach na fianaise sin ar cháilíocht ghairmiúil taobh
istigh dá chríocha féin agus atá ag an bhfianaise sin ar cháilíocht ghairmiúil atá
sonraithe do na Ballstáit sin i bpointe 6 d'Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an
Treoir, i ngeall ar rochtain ar ghníomhaíochtaí gairmiúla dochtúra le bunoiliúint,
dochtúir speisialaithe, altra atá freagrach as cúram ginearálta, tréidlia,
cnáimhseach, cógaiseoir i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i
Rialachán 54(3) nó ailtire i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i
Rialachán 58(1) agus saothrú na ngníomhaíochtaí sin.
(2) In éineacht leis an dearbhú dá dtagraítear i mír (1) is gá go mbeidh teastas
a d'eisigh an t-údarás dá dtagraítear sa mhír sin á ra go raibh an duine i gceist
gníomhach go héifeachtach agus go dleathach sna gníomhaíochtaí i gceist ar
feadh trí bliana ar a laghad de na cúig bliana roimh dháta eisiúna an teastais sin.
An Eastóin, An Laitvia agus an Liotuáin
50. (1) Faoi réir mhíreanna (2) agus (3), aithneoidh an t-údarás inniúil fianaise
ar cháilíocht fhoirmiúil mar dhochtúir ag tabhairt rochtana ar ghníomhaíochtaí
gairmiúla dochtúra le bunoiliúint nó dochtúra speisialaithe, mar altra atá freagrach
as cúram ginearálta, mar fhiaclóir, mar fhiaclóir speisialaithe, mar thréidlia, mar
chnáimhseach, mar chógaiseoir nó mar ailtire sna cásanna seo a leanas—
(a) más é an t-údarás cuí san iar-Aontas Sóivéadach, a thug an fhianaise
ar cháilíocht fhoirmiúil,
(b) má thosaigh an duine atá i gceist ar a (h)oiliúint san Eastóin roimh an 20
Lúnasa 1991
(c) má thosaigh an duine atá i gceist ar a (h)oiliúint sa Laitvia roimh an 21
Lúnasa 1991
(d) má thosaigh an duine atá i gceist ar a (h)oiliúint sa Liotuáin roimh an 11
Márta 1990
48 [8]
agus sa chás go ndearbhaíonn an t-údarás cuí in aon cheann de na Ballstáit
réamhluaite go bhfuil an bhailíocht chéanna ag an bhfianaise sin ina
chríocha féin agus atá ag fianaise a eisíonn sé féin agus, i ndáil le hailtirí,
ag an bhfianaise ar cháilíocht fhoirmiúil atá sonraithe do na Ballstáit sin i
bpointe 6 d'Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir, maidir le rochtain
ar ghníomhaíochtaí gairmiúla dochtúra le bunoiliúint, dochtúra
speisialaithe, altra atá freagrach as cúram ginearálta, fiaclóir, fiaclóir
speisialaithe, tréidlia, cnáimhseach, cógaiseoir i ndáil leis na
gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Rialachán 54(3) nó ailtire i ndáil leis na
gníomhaíochtaí dá dtagraítear i Rialachán 58(1) agus saothrú na
ngníomhaíochtaí sin.
(2) Is gá go mbeidh in éineacht le dearbhú dá dtagraítear i mír (1)
teastas a d'eisigh an t-údarás dá dtagraítear sa mhír sin á rá go raibh an
duine atá i gceist gníomhach go héifeachtach agus go dleathach sna
gníomhaíochtaí atá i gceist ina chríocha féin ar feadh ar a laghad trí bliana
i ndiaidh a chéile le linn na gcúig bliana roimh dháta eisiúna an teastais.
(3) Maidir le fianaise ar cháilíocht ghairmiúil mar thréidlia lena
mbaineann mír (1)(a) nó (b), is gá go mbeidh in éineacht le dearbhú dá
dtagraítear i mír (1) ón údarás cuí san Eastóin teastas a d'eisigh an t-údarás
sin á rá go raibh an duine i gceist gníomhach go héifeachtach agus go
dleathach sna gníomhaíochtaí atá i gceist ina chríocha féin ar feadh ar a
laghad cúig bliana i ndiaidh a chéile as na seacht mbliana roimh dháta
eisiúna an teastais.
An tSlóivéin agus an Chróit
51. (1) Gan dochar do Rialachán 51(6) agus faoi réir mhír (2), aithneoidh
an t-údarás inniúil sa Stát fianaise ar cháilíocht fhoirmiúil mar dhochtúir ag
tabhairt rochtana ar ghníomhaíochtaí gairmiúla dochtúra le bunoiliúint nó
dochtúra speisialaithe, mar altra atá freagrach as cúram ginearálta, mar
fhiaclóir, mar fhiaclóir speisialaithe, mar thréidlia, mar chnáimhseach, mar
chógaiseoir nó mar ailtire sna cásanna seo a leanas——
(a) más é an t-údarás cuí san iar-Iúgslaiv a d'eisigh an fhianaise ar
cháilíocht ghairmiúil
(b) má thosaigh an duine atá i gceist a (h)oiliúint sa tSlóivéin roimh
an 25 Meitheamh 1991, nó
(c) má thosaigh an duine atá i gceist a (h)oiliúint sa Chróit roimh an 8
Deireadh Fómhair 1991,
agus sa chás go ndearbhaíonn an t-údarás cuí in aon cheann de na Ballstáit
réamhluaite go bhfuil an bhailíocht chéanna ag an bhfianaise sin ina chríocha
féin agus atá ag fianaise a eisíonn sé féin agus, i ndáil le hailtirí, ag an bhfianaise
ar cháilíocht fhoirmiúil atá sonraithe do na Ballstáit sin i bpointe 6
d'Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Treoir, maidir le rochtain ar
ghníomhaíochtaí gairmiúla dochtúra le bunoiliúint, dochtúra speisialaithe, altra
atá freagrach as cúram ginearálta, fiaclóir, fiaclóir speisialaithe, tréidlia,
cnáimhseach, cógaiseoir i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i
Rialachán 54(3) nó ailtire i ndáil leis na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i
Rialachán 58(1) agus saothrú na ngníomhaíochtaí sin.
(1) Is gá go mbeidh in éineacht le dearbhú dá dtagraítear i mír (1) teastas a
d'eisigh an t-údarás dá dtagraítear sa mhír sin á rá go raibh an duine atá i gceist
[8] 49
gníomhach go héifeachtach agus go dleathach sna gníomhaíochtaí atá i gceist
ina chríocha féin ar feadh ar a laghad trí bliana i ndiaidh a chéile le linn na gcúig
bliana roimh dháta eisiúna an teastais.
Teideal difriúil ar an gcáilíocht
52. (1) Faoi réir mhír (2), aithneoidh an t-údarás cuí sa Stát mar dhóthain
cruthúnais, do dhaoine nach dtagann a bhfianaise ar cháilíocht fhoirmiúil mar
dhochtúir, mar altra atá freagrach as cúram ginearálta, mar fhiaclóir, mar thréidlia,
mar chnáimhseach nó mar chógaiseoir, leis an teideal don Bhallstát bainteach a
thugtar i bpointe 5.1.1, 5.1.2, 5.1.3, 5.1.4, 5.2.2, 5.3.2, 5.3.3, 5.4.2, 5.5.2 nó 5.6.2
d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir, fianaise ar cháilíocht fhoirmiúil a
d'eisigh an t-údarás cuí sa Bhallstát sin in éineacht le teastas a d'eisigh an t-údarás
nó an foras inniúil.
(2) Déanfaidh an teastas dá dtagraítear i mír (1) a lua gur teastas é ar cháilíocht
ghairmiúil a dhearbhaíonn gur críochnaíodh oiliúint go rathúil de réir Airteagail 25,
25, 28, 31, 34, 35, 38, 40 nó 44 den Treoir, mar is cuí, agus go gcaitheann an t-
údarás eisithe leis ar bhealach comhionann leis an gcáilíocht a liostaítear a dteideal
i bpointe 5.1.1, 5.1.2, 5.1.3, 5.1.4, 5.2.2, 5.3.2, 5.3.3, 5.4.2, 5.5.2 nó 5.6.2
d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir, mar is cuí.
Cuid 15
Iarratas ar aithint cáilíochtaí gairmiúla
Raon Feidhme Chuid 15
53. Baineann an Chuid seo le hiarratais ar aithint cáilíochtaí gairmiúla faoi
Chodanna 5 go dtí 14.
Nós Imeachta Iarratais
54. (1) Déanfar iarratas leis an údarás inniúil sa Stát don ghairm atá i gceist.
(2) Tabharfaidh údarás inniúil sa Stát admháil go bhfuarthas iarratas tráth nach
déanaí ná aon mhí i ndiaidh a fháil agus cuirfidh an t-iarratasóir ar an eolas má
tá aon eolas gann.
(3) Faoi réir mhír (4), cuirfear an nós imeachta i leith iarratas a scrúdú i gcrích
chomh tapa agus is féidir agus, in aon chás, beidh cinneadh i leith iarratais ón
údarás inniúil sa Stát tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis an dáta a cuireadh isteach
an comhad comhlánaithe iarratais.
(4) D'fhéadfaí síneadh aon mhí amháin a chur leis an tréimhse ama dá
dtagraítear i mír (3) i gcás iarratais faoi Chuid 5 nó 6.
50 [8]
Doiciméadú agus Foirmiúlachtaí
55. (1) D'fhéadfadh údarás inniúil sa Stát a éileamh go ngéillfí na doiciméid
agus na teastais seo a leanas chun críche iarratas a mheas:
(a) cruthúnas gur duine bailí é an t-iarratasóir;
(b) cóipeanna de na dearbhuithe ar inniúlacht ghairmiúil nó den fhianaise ar
cháilíochtaí foirmiúla a thugann rochtain ar an ngairm atá i gceist, agus
dearbhú ar thaithí ghairmiúil an duine atá i gceist, nuair is cuí;
(c) eolas maidir le hoiliúint an iarratasóra oiread agus is gá lena dhéanamh
amach cé na difríochtaí substaintiúla, más ann, leis an oiliúint
riachtanach sa Stát, mar a leagtar síos i Rialachán 22;
(d) i gcás iarratais de bhun Chuid 6, teastas faoi nádúr agus fad na
gníomhaíochta eisithe ag an údarás nó ag an bhforas inniúil sa
Bhallstát baile nó sa Bhallstát ónar tháinig an t-iarratasóir;
(e) sa chás go n-éilíonn an t-údarás inniúil sin ar dhaoine ar mian leo dul
le gairm faoi riail a chruthú go bhfuil carachtar agus clú maith acu,
nár dearbhaíodh féimheach iad, nó go dtoirmeascann sé saothrú na
gairme sin nó go gcuireann sé ar fionraí é i gcás mí-iompar mhóir
ghairme, nó coire coiriúla, doiciméid eisithe ag údaráis inniúla sa
Bhallstát baile nó sa Bhallstát ónar tháinig an t-iarratasóir, á léiriú go
bhfuil na riachtanais sin comhlíonta;
(f) sa chás go n-éilíonn an t-údarás inniúil sin cruthúnas ar na
saincheisteanna dá dtagraítear i bhfomhír (e) agus nach n-eisíonn an
Ballstát baile nó an Ballstát ónar tháinig an t-iarratasóir na doiciméid
dá dtagraítear san fhomhír sin, ráiteas faoi mhionn déanta ag an duine
atá i gceist os comhair údaráis chuí dlí nó riaracháin nó, nuair is cuí,
nótaire nó foras cáilithe gairmiúil de chuid an Bhallstáit baile nó an
Bhallstáit ónar tháinig an t-iarratasóir, agus in éineacht leis teastas ón
údarás nó ón nótaire sin a dhearbhaíonn bailíocht an ráitis sin faoi
mhionn;
(g) sa chás go n-éilíonn an t-údarás inniúil ar náisiúnaigh an Stáit ar mian
leo dul leis an ngairm, doiciméad a bhaineann le sláinte fhisiciúil nó
mheabhrach an iarratasóra, an doiciméad riachtanach sa Bhallstát
baile nó, sa chás nach n-eisíonn an Ballstát baile an doiciméad sin,
teastas eisithe ag údarás inniúil sa Bhallstát baile;
(h) sa chás go n-éilíonn an t-údarás inniúil ar náisiúnaigh an Stáit ar mian
leo dul leis an ngairm na nithe seo a chur ar fáil—
[8] 51
(i) cruthúnas maidir le stádas airgeadais an iarratasóra, nó
(ii) cruthúnas go bhfuil árachas ar an iarratasóir in aghaidh rioscaí
airgeadais a eascraíonn óna d(h)liteanas gairmiúil de réir na ndlíthe
agus na rialacha atá i bhfeidhm sa Stát i dtaca le téarma agus síneadh
an chumhdaigh,
dearbhú chuige sin eisithe ag bainc agus ag geallúintí árachais
Ballstát eile;
(i) sa chás go n-éilíonn an t-údarás inniúil ar náisiúnaigh an Stáit ar mian leo
dul leis an ngairm, dearbhú nach bhfuil fionraí sealadach nó iomlán ó
shaothrú na gairme, nó nach bhfuil aon chiontú coiriúil ann;
(j) i gcás iarratas faoi Chodanna 7 go dtí 14, agus sa chás go sásóidh an t-
iarratasóir na coinníollacha riachtanach oiliúna, teastas ó údarás inniúil
an Bhallstáit baile á rá gurb ionann an fhianaise ar cháilíochtaí foirmiúla
agus é sin a chlúdaítear sa Treoir.
(2) Glacfaidh údarás inniúil leis na doiciméid agus na teastais dá dtagraítear
i mír (1) mar dhóthain fianaise ar na riachtanais lena mbaineann siad, mura
gcruthaítear a mhalairt.
(3) Sa chás nach féidir le hiarratasóir an t-eolas a thabhairt dá dtagraítear i
mír (1)(c), rachaidh an t-údarás inniúil i dteagmháil leis an údarás inniúil sa
Bhallstát baile, nó le haon fhoras eile bainteach sa Bhallstát baile, nó leis an
bpointe aonair teagmhála sa stát sin, arna shannadh de réir Airteagal 6 de
Threoir 2006/123/CE de chuid Pharlaimint na hEorpa agus de chuid na
Comhairle dar dáta 12 Nollaig 2006.20
(4) I gcás iarratais ar údarás inniúil sa Stát, ó dhuine lenar mian dul le gairm
i mBallstát eile de bhun na Treorach, doiciméid a eisiúint a léiríonn gur sásaíodh
na riachtanais dá dtagraítear sa chéad mhír de phointe 1(d) d'Iarscríbhinn VII a
ghabhann leis an Treoir, agus gurb é cleachtas an údaráis inniúil é na doiciméid
sin a chur ar fáil, cuirfidh an t-údarás inniúil na doiciméid sin ar fáil taobh istigh
de dhá mhí.
(5) Sa chás go mbíonn dlíodóir nó coimisinéir mionnaí sa Stát mar fhinné ar
ráiteas faoi mhionn de bhun an dara paragraf de phointe 1d d'Iarscríbhinn VII a
ghabhann leis an Treoir, ag duine lenar mian gairm a shaothrú i mBallstát de
bhun na Treorach, tabharfaidh sé nó sí teastas a dhearbhaíonn bailíocht an ráitis
faoi mhionn.
(6) I gcás iarratais ar údaráis inniúil sa Stát, ag duine lenar mian gairm a
shaothrú i mBallstát eile de bhun na Treorach, teastas a eisiúint dá dtagraítear i
bpointe 1(e) d'Iarscríbhinn VII leis an Treoir, eiseoidh an t-údarás inniúil an
teastas sin taobh istigh de dhá mhí. 20OJ Uimh. L 376, 27.12.2006, lch. 36.
52 [8]
(7) Ní ghlacfaidh údarás inniúil sa Stát leis na doiciméid dá dtagraítear i mír
(1)(e), (f), (g) nó (h) má bhíonn siad níos mó ná trí mhí d'aois faoin dáta a thugtar
isteach iad.
(8) Tabharfaidh údarás inniúil sa Stát barántas faoi rúndacht an eolais a
fhaigheann sé faoin Rialachán seo.
(9) Sa chás go n-éilítear ar iarratasóir ráiteas faoi mhionn a dhéanamh, agus
sa chás nach féidir le náisiúnaigh Ballstát eile foclaíocht an mhionna a rinne
náisiúnaigh an Stáit a úsáid, cinnteoidh an t-údarás inniúil go n-úsáidfear
foclaíocht mhalartach chuí.
Amhrais dhlisteanaithe
56. (1) I gcás amhras dlisteanaithe, d'fhéadfadh údarás inniúil sa Stát a
éileamh ar údaráis inniúla Ballstát eile dearbhú a thabhairt faoi údaracht
dearbhuithe agus fianaise ar cháilíochtaí foirmiúla a bronnadh sa Bhallstát eile
sin, chomh maith, nuair is cuí, le dearbhú go gcomhlíonann an tairbhí, i leith na
ngairmeacha dá dtagraítear i gCodanna 7 go dtí 14, na coinníollacha íosta
oiliúna atá leagtha amach in Airteagail 24, 25, 28, 31, 34, 38, 40, 44 agus 46
den Treoir.
(2) I gcásanna go bhfuil amhras dlisteanaithe ann, nuair atá fianaise ar
cháilíochtaí foirmiúla eisithe ag údarás inniúil i mBallstát nach é an Stát céanna
é, agus nuair atá san áireamh ann oiliúint a fuarthas go hiomlán nó i bpáirt in
institiúid atá bunaithe go dleathach i gcríocha Ballstát eile, d'fhéadfadh údarás
inniúil sa Stát na nithe a leanas a dhearbhú leis an bhforas inniúil sa Stát arb as
an cháilíocht—
(a) cé acu atá an cúrsa oiliúna san institiúid a thug an oiliúint dearbhaithe
go foirmiúil ag an institiúid oideachais atá bunaithe sa Bhallstát arb
as an cháilíocht, nó nach bhfuil;
(b) cé acu is ionann an fhianaise eisithe ar cháilíochtaí foirmiúla agus an
cháilíocht a bhronnfaí dá mba sa Bhallstát arb as an cháilíocht a leanfaí
an cúrsa ina iomláine, nó nach ionann;
(c) cé acu a bhronnann an fhianaise ar cháilíochtaí gairmiúla na cearta
gairme céanna i gcríocha an Bhallstáit arb as an cháilíocht, nó nach
mbronnann.
(3) I gcás amhras dlisteanaithe, d'fhéadfadh sé go n-éileodh údarás inniúil sa
Stát ó údaráis inniúla i mBallstát eile dearbhú nach bhfuil an t-iarratasóir ar
fionraí nó faoi chosc ó shaothrú na gairme i ngeall ar mhí-iompar tromchúiseach
gairme nó ar chiontú i gcoireanna coiriúla i ndáil le saothrú a ghníomhaíochtaí
gairmiúla.
Malartú Faisnéise
57. Trí mheán IMI a dhéanfar faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla sa Stát
agus údaráis inniúla Ballstát eile faoin gCuid seo, agus Teideal III, Caibidil IV
den Treoir.
[8] 53
Aithint cúrsa oiliúna gairmiúil 58. (1) Má bhíonn rochtain ar ghairm faoi riail sa Stát ag brath ar chúrsa
oiliúna gairmiúil, aithneoidh an t-údarás inniúil, agus iarratas á mheas aige,
cúrsaí oiliúna gairmiúla a rinneadh i mBallstát eile ar acht go mbeidh an cúrsa
oiliúna ag teacht leis na treoirlínte foilsithe dá dtagraítear i mír (3), agus
tabharfar aird ar chúrsaí oiliúna a rinneadh i stát nach Ballstát é.
(2) Ní thiocfaidh aithint cúrsa oiliúna de bhun mhír (1) in ionad aon
riachtanas atá socraithe maidir le pas a fháil i scrúdú le rochtain a fháil ar an
ngairm atá i gceist.
(3) Foilseoidh na húdaráis inniúla sa Stát lena mbaineann an Rialachán seo
treoirlínte faoin eagraíocht agus aithint cúrsaí oiliúna a rinneadh i mBallstát eile
nó i stát nach Ballstát é, go háirithe maidir le ról stiúrthóir an chúrsa oiliúna.
Cuid 16
Cárta Gairmí Eorpach
Raon Feidhme Chuid 16 59. (1) Baineann an Chuid seo leis na gairmeacha atá liostaithe i gcolún 1 de Sceideal 6.
(2) Beidh feidhm ag na rialacha i dtaca le heisiúint Cárta Gairmí Eorpach atá
sa Rialachán Feidhmithe i leith na ngairmeacha dá dtagraítear in Airteagal (1).
Ainmniúchán údarás inniúil i gcomhair iarratais ar Chárta Gairmí Eorpach 60. (1) Ainmnítear na húdaráis inniúla i gcolún 2 de Sceideal 6 mar na
húdaráis inniúla, chun críche na Rialachán seo, na Treorach agus an Rialacháin
Forfheidhmithe, a bhfuil freagracht acu as iarratais ar Chárta Gairmí Eorpach i
ndáil leis na gairmeacha comhfhreagracha atá liostaithe i gcolún 1 sa Sceideal
sin.
(2) Cuirfidh na húdaráis inniúla ainmnithe faoin Rialachán seo, agus an t-ionad
cúnaimh ainmnithe faoi Rialachán 8, daoine ar an eolas, iarratasóirí ionchasacha
san áireamh, faoi fheidhmiú agus faoi luach breise Cárta Gairmí Eorpach.
Feidhm agus Éifeacht Chárta Gairmí Eorpach 61. (1) Is féidir go gcuirfeadh sealbhóir cáilíochta gairmiúla i ngairm lena
mbaineann an Chuid seo isteach ar Chárta Gairmí Eorpach de réir na Coda seo,
na Treorach agus an Rialacháin Forfheidhmithe nó is féidir go mbainfeadh sé
úsáid as nósanna imeachta i gCodanna 4 go dtí 15 na Rialachán seo agus na
Treorach.
(2) Chun críche bunaithe sa Stát i ngairm faoi riail de bhun na Rialacha seo
agus na Treorach, ní thabharfaidh eisiúint Chárta Gairmí Eorpach ag údarás
inniúil i mBallstát eile ceart uathoibríoch gairm áirithe a chleachtadh sa Stát
más ann do riachtanais chlárúcháin nó nósanna imeachta eile rialaithe atá
socraithe sula dtugtar isteach Cárta Gairmí Eorpach don ghairm sin.
54 [8]
Iarratais ar Chárta Gairmí Eorpach - forálacha ginearálta
62. (1) Cuirfidh iarratasóir ar Chárta Gairmí Eorpach a (h)iarratas isteach tríd
an uirlis ar líne a chuireann Coimisiún na hEorpa ar fáil de bhun Airteagal 4b
den Treoir agus cuirfidh ar fáil freisin doiciméid agus faisnéis tacaíochta a
éilítear faoin Rialachán Forfheidhmithe.
(2) Tráth nach déanaí ná aon seachtain ón iarratas ar Chárta Gairmí Eorpach
a fháil ag údarás inniúil sa Stát, admhóidh an t-údarás sin go bhfuarthas an t-
iarratas agus cuirfidh an t-iarratasóir ar an eolas faoi aon doiciméad atá ar
iarraidh.
(3) Eiseoidh údarás inniúil sa Stát, trí chomhad IMI an iarratasóra, aon teastas
nó aon fhaisnéis tacaíochta nó riachtanach, i ndáil le hiarratas ar Chárta Gairmí
Eorpach, lena n-áirítear dearbhú bhunús dleathach an iarratasóra sa Stát agus
dearbhú go bhfuil gach doiciméad riachtanach a eisíodh sa Stát bailí agus
údarach.
(4) I gcás amhras dlisteanaithe maidir le cúrsaí dá dtagraítear in Airteagal (3),
rachaidh an t-údarás inniúil i gcomhairle le haon fhoras bainteach agus is féidir
go n-iarrfaidh sé cóipeanna dearbhaithe de dhoiciméid ar iarratasóirí.
(5) I gcás iarratas ina dhiaidh sin ar Chárta Gairmí Eorpach ag an iarrthóir
céanna, ní féidir le húdarás inniúil sa Stát a iarraidh go gcuirfí isteach arís
doiciméid atá i gcomhad IMI an iarratasóra cheana féin.
Cárta Gairmí Eorpach i gcomhair seirbhísí sealadacha agus ócáideacha i
mBallstáit eile gan réamhsheiceáil
63. (1) Sa chás—
(a) gur rún le duine seirbhísí a sholáthar ar bhonn sealadach nó ócáideach
i ngairm atá faoi riail i mBallstát eile faoi Theideal II sa Treoir,
(b) agus go bhfuil ceachtar díobh seo thíos fíor—
(i) níl na seirbhísí i ngairm faoi riail atá liostaithe ag Ballstát faoi
Airteagal 57(1)(c) den Treoir mar ghairm ag a bhfuil impleachtaí
sláinte nó sábháilteachta poiblí, nó
(ii) tá tairbhe ag an duine ó aithint uathoibríoch faoi Chaibidil II nó
III na Treorach,
déanfar iarratas ar Chárta Gairmí Eorpach i leith sholáthar na
seirbhísí sin a dhéanamh leis an údarás inniúil sa Stát agus beidh
feidhm ag forálacha an Rialacháin seo.
[8] 55
(2) Déanfaidh an t-údarás inniúil sa Stát seiceáil ar an iarratas agus na
doiciméid tacaíochta sa chomhad IMI agus eiseoidh an Cárta Gairmí Eorpach
taobh istigh de thrí seachtaine.
(3) Tosóidh an tréimhse ama dá dtagraítear in Airteagal (2) ar na doiciméid
atá ar iarraidh a fháil, dá dtagraítear i Rialachán 75(2) nó, murar iarradh aon
doiciméid bhreise, ar thréimhse aon seachtaine a bheith ídithe dá dtagraítear san
Airteagal sin.
(4) Déanfaidh an t-údarás inniúil sa Stát an Cárta Gairmí Eorpach a aistriú
láithreach go dtí an t-údarás inniúil i ngach Ballstát aíochta atá i gceist agus
cuirfidh an t-iarratasóir ar an eolas dá réir.
(5) Más mian le sealbhóir Cárta Gairmí Eorpach a eisíodh faoin Rialachán seo—
(a) seirbhísí a sholáthar i mBallstáit eile seachas na cinn a luadh san
iarratas ar an gcárta, nó
(b) leanúint de sheirbhísí a chur ar fáil i mBallstá(i)t eile, go ceann tréimhse
níos faide ná 18 mí,
cuirfidh an sealbhóir iarratas isteach ar an údarás inniúil sa Stát dá réir agus
cuirfidh ar fáil freisin aon fhaisnéis ar athruithe bainteach sa chás a dearbhaíodh
sa chomhad IMI a d'fhéadfaí bheith ag teastáil ón údarás inniúil sa Stát de réir
an Rialacháin Forfheidhmithe.
(6) Déanfaidh údarás inniúil sa Stát, a fhaigheann iarratas faoi Airteagal (5),
an Cárta Gairmí Eorpach nuashonraithe a aistriú go dtí na Ballstáit Aíochta atá
i gceist.
Cárta Gairmí Eorpach i gcomhair seirbhísí sealadacha agus ócáideacha sa Stát
gan réamhsheiceáil 64. (1) Sa chás—
(a) gur rún le duine seirbhísí a sholáthar ar bhonn sealadach agus
ócáideach i ngairm faoi riail sa Stát faoi Chuid 4,
(b) agus go bhfuil ceachtar díobh seo thíos fíor—
(i) níl na seirbhísí i ngairm faoi riail atá liostaithe i Sceideal 3 mar
ghairm ag a bhfuil impleachtaí sláinte nó sábháilteachta poiblí, nó
(ii) tá tairbhe ag an duine ó aithint uathoibríoch faoi Chodanna 6 go
dtí 14,
déanfar iarratas ar Chárta Gairmí Eorpach le haghaidh na seirbhísí sin a
sholáthar leis an údarás inniúil sa Bhallstát baile de réir Airteagal 4b agus 4c(1)
sa Treoir, agus nuair a eisíonn an t-údarás inniúil sin an cárta agus aistríonn é
go dtí an an t-údarás inniúil sa Stát, mar Bhallstát aíochta, beidh feidhm ag
forálacha an Rialacháin seo.
56 [8]
(2) Beidh an Cárta Gairmí Eorpach, nuair is infheidhme, mar dhearbhú faoi
Rialachán 13 agus ní féidir leis an údarás inniúil sa Stát aon dearbhú breise a
éileamh faoin Rialachán sin go ceann 18 mí.
(3) Beidh an Cárta Gairmí Eorpach bailí i gcríocha iomlána an Stáit fad agus
a bheidh de cheart ag a shealbhóir cleachtadh, de réir na ndoiciméad agus na
faisnéise atá sa chomhad IMI.
Cárta Gairmí Eorpach i gcomhair seirbhísí bunaithe nó sealadacha agus
ócáideacha le réamhsheiceáil, i mBallstáit eile 65. (1) Nuair a bhíonn rún ag duine—
(a) é/í féin a bhunú i mBallstát eile faoi Chaibidlí I go dtí III de Theideal
III sa Treoir, nó
(b) seirbhísí a sholáthar ar bhonn sealadach agus ócáideach i ngairm faoi
riail i mBallstát eile faoi Theideal II sa Treoir agus—
(i) nuair a bhíonn an ghairm liostaithe ag an mBallstát faoi Airteagal
57(1)(c) sa Treoir mar ghairm ag a bhfuil impleachtaí sláinte nó
sábháilteachta poiblí, agus
(ii) níl tairbhe ag an duine ó aithint uathoibríoch cáilíochtaí gairmiúla
faoi Chaibidil II nó III de Theideal III sa Treoir,
déanfar iarratas ar Chárta Gairmí Eorpach leis an údarás inniúil sa Stát, a
chomhlánóidh na céimeanna uile ullmhúcháin i dtaca le comhad aonair an
iarratasóra a cruthaíodh sa chomhad IMI de réir an Rialacháin seo.
(2) Déanfaidh an t-údarás inniúil sa Stát, taobh istigh d'aon mhí amháin,
údaracht agus bailíocht na ndoiciméad tacaíochta sa chomhad IMI a dhearbhú.
(3) Tosóidh an tréimhse ama dá dtagraítear in Airteagal (2) ar na doiciméid
atá ar iarraidh a fháil dá dtagraítear i Rialachán 75(2) nó, murar iarradh
doiciméid bhreise, ar an tréimhse aon seachtaine a bheith ídithe dá dtagraítear
san Airteagal sin.
(4) Tar éis dearbhaithe de réir Airteagal(2), déanfaidh an t-údarás inniúil sa
Stát an t-iarratas a aistriú láithreach go dtí an t-údarás inniúil sa Bhallstát aíochta
agus, ag an am céanna, cuirfidh an t-iarratasóir ar an eolas faoi stádas an
iarratais.
(5) Nuair a iarrann údarás inniúil i mBallstát eile faisnéis bhreise nó cóip
dhearbhaithe de dhoiciméad ar údarás inniúil sa Stát de bhun Airteagal 4d(2) nó
(3) den Treoir, cuirfidh an t-údarás inniuil sa stát an fhaisnéis nó an doiciméad
sin ar fáil tráth nach déanaí ná dhá sheachtain tar éis an t-iarratas a fháil.
[8] 57
Cárta Gairmí Eorpach i gcomhair seirbhísí bunaithe nó sealadacha agus
ócáideacha le réamhsheiceáil, sa Stát
66. (1) Sa chás go bhfuil rún ag duine—
(a) é/í féin a bhunú i ngairm faoi riail sa Stát faoi Chodanna 5 go dtí 14, nó
(b) seirbhísí a sholáthar ar bhonn sealadach nó ócáideach i ngairm faoi riail
sa Stát faoi Chuid 4 agus—
(i) tá an ghairm liostaithe i Sceideal 3 mar ghairm ag a bhfuil
impleachtaí sláinte nó sábháilteachta poiblí, agus
(ii) níl tairbhe ag an duine ó aithint uathoibríoch cáilíochtaí gairmiúla
faoi chodanna 6 go dtí 14,
déanfar iarratas ar Chárta Gairmí Eorpach leis an údarás inniúil sa Bhallstát
baile, a chomhlánóidh na céimeanna ullmhúcháin uile i dtaca le comhad aonair
an iarratasóra a cruthaíodh sa chomhad IMI de réir Airteagail 4b agus 4d(1) den
Treoir agus aistreoidh an t-iarratas go dtí an t-údarás inniúil sa Stát, agus beidh
feidhm ansin leis an Rialachán seo.
(2) Faoi réir Airteagal (8), i gcás duine ag a bhfuil rún é/í féin a bhunú i ngairm
faoi riail sa Stát faoi Chodanna 6 go dtí 14, déanfaidh an t-údarás inniúil sa Stát an
cinneadh, tráth nach déanaí ná aon mhí amháin ó fuarthas an t-iarratas aistrithe ón
údarás inniúil sa Bhallstát baile, cé acu Cárta Gairmí Eorpach a eisiúint nó gan sin
a dhéanamh.
(3) Faoi réir Airteagal (8), i gcás duine ag a bhfuil rún—
(a) é/í féin a bhunú i ngairm faoi riail sa Stát faoi Chuid 5, nó,
(b) na seirbhísí a chur ar fáil dá dtagraítear in Airteagal (1)(b)
déanfaidh an t-údarás inniúil sa Stát cinneadh, tráth nach déanaí ná dhá mhí ó
fuarthas an t-iarratas aistrithe ón údarás inniúil sa Bhallstát baile, cé acu ba chóir
Cárta Gairmí Eorpach a eisiúint nó beartas cúitimh a chur i bhfeidhm i leith an
duine sin.
(4) I gcás amhras dlisteanaithe, d'fhéadfadh an t-údarás inniúil sa Stát faisnéis
bhreise a iarraidh ar an údarás inniúil sa Bhallstát baile, nó cóip dhearbhaithe
de dhoiciméad a lorg uathu.
(5) Faoi réir Airteagal (8), beidh feidhm ag na tréimhsí ama dá dtagraítear in
ailt (2) agus (3) ainneoin aon iarratais faoi Airteagal (4).
(6) Sa chás nach bhfaigheann an t-údarás inniúil sa Stát an fhaisnéis a
d'fhéadfadh bheith de dhíth air de réir na Treorach, an Rialacháin
Forfheidhmithe agus na Rialachán seo maidir le cinneadh a dhéanamh faoi
eisiúint Cárta Gairmí Eorpach ón mBallstát baile nó ón iarratasóir, d'fhéadfadh
sé a dhiúltú an cárta a eisiúint agus is amhlaidh a bheidh an diúltú sin
dlisteanaithe.
58 [8]
(7) Sa chás go dteipfidh ar an údarás inniúil sa Stát cinneadh a dhéanamh
taobh istigh den teorainn ama atá leagtha amach in Airteagal (2) nó (3) no go
dteipeann air triail inniúlachta a eagrú de réir Rialachán 15(5), measfar go bhfuil
an Cárta Gairmí Eorpach eisithe agus cuirfear é go huathoibríoch, trí IMI, chuig
an iarratasóir.
(8) Faoi réir Airteagal (9), d'fhéadfadh an t-údarás inniúil sa Stát síneadh dhá
sheachtain a chur leis na spriocanna ama atá leagtha amach in ailt (2) agus (3)
le haghaidh eisiúint uathoibríoch Cárta Gairmí Eorpach.
(9) Nuair a chuirfidh an t-údarás inniúil sa Stát síneadh le sprioc ama faoi
Airteagal (8), tabharfaidh sé míniú ar an síneadh agus cuirfidh an t-iarratasóir ar an
eolas dá reir.
(10) Ní féidir síneadh faoi Airteagal(8) a dhéanamh arís ach uair amháin, agus
sa chás amháin go bhfuil sé barr-riachtanach, go háirithe ar chúinsí a bhaineann leis
an tsláinte phoiblí nó a sábháilteacht siúd a mbeidh na seirbhísí ag riar orthu.
(11) Tiocfaidh gníomhartha leis an údarás inniúil sa Bhallstát baile de réir
Airteagal 4d(1) sa Treoir in ionad aon iarratais ar aithint cáilíochtaí gairmiúla
sa Stát faoi na Rialacháin seo.
Próiseáil agus rochtain ar shonraí maidir le Cárta Gairmí Eorpach
67. (1) Gan dochar do thoimhde na neamhchiontachta, déanfaidh údarás
inniúil sa Stát nuashonrú tráthúil ar an gcomhad comhfhreagrach IMI le faisnéis
i dtaca le gníomhartha pionóis nó toirmisc choiriúla a bhaineann le cosc nó le
srian agus a bhfuil iarmhairtí acu maidir le saothrú gníomhaíochtaí ag sealbhóir
Cárta Gairmí Eorpach faoi na Rialacháin seo agus faoin Treoir.
(2) Nuair a bhíonn an comhad IMI á nuashonrú faoi réir Airteagal (1), cuirfidh
údarás inniúil sa Stát rialacha maidir le cosaint sonraí san áireamh, de réir
fhorálacha i dTreoir 95/46/CE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle an 24
Deireadh Fómhair 1995/6 agus i dTreoir 2002/58/CE Pharlaimint na hEorpa agus
na Comhairle an 12 Iúil 200217.
(3) Beidh san áireamh le nuashonruithe faoi Airteagal (1) faisnéis a scriosadh
nach bhfuil riachtanach a thuilleadh.
(4) Cuirfear sealbhóir Cárta Gairmí Eorpach, chomh maith leis na húdaráis
inniúla i mBallstáit a bhfuil rochtain acu ar an gcomhad comhfhreagrach IMI,
ar an eolas láithreach faoi aon nuashonruithe de bhun Airteagal (1), gan dochar
do na hoibleagáidí rabhaidh sna forálacha i Rialachán 87.
(5) Bainfidh na nuashonruithe dá dtagraítear in Airteagal (1) leis na hábhair seo
a leanas amháin:
[8] 59
(a) sonraí aitheantais an ghairmí;
(b) an ghairm i gceist;
(c) faisnéis faoin údarás náisiúnta nó faoin gcúirt a rinne an cinneadh
faoin gcosc nó faoin srianadh;
(d) raon feidhme an choisc nó an tsrianta; agus
(e) an tréimhse a mhairfidh an cosc nó an srianadh i bhfeidhm.
(6) Cuirfidh údarás inniúil sa Stát sealbhóir Cárta Gairmí Eorpach ar an eolas
faoi ábhar an chomhaid IMI ach an sealbhóir sin a iarraidh.
(7) D'fhéadfadh sealbhóir Cárta Gairmí Eorpach, am ar bith, gan aon chostas
don sealbhóir sin, iarratas a dhéanamh leis an údarás inniúil sa Stát go gceartófaí
sonraí atá neamhiomlán nó míchruinn, nó go scriosfaí nó go mblocálfaí a
c(h)omhad.
(8) Cuirfear an sealbhóir ar an eolas faoina c(h)eart faoi Airteagal (7) ag an
am a n-eiseoidh údarás inniúil sa Stát an Cárta Gairmí Eorpach, agus cuirfear é
i gcuimhne dó/di gach re bliain ina dhiaidh sin, trí IMI.
(9) I gcás iarratais comhad IMI a scriosadh maidir le Cárta Gairmí Eorpach a
eisíodh faoi Rialachán 79, cuirfidh an t-údarás inniúil sa Stát fianaise ar fáil don
duine atá i gceist a dhearbhóidh gur aithníodh a c(h)áilíochtaí gairmiúla.
(10) Maidir le próiseáil sonraí pearsanta sa Chárta Gairmí Eorpach agus i
ngach comhad IMI, measfar an t-údarás inniúil sa Stát mar rialaitheoir taobh
istigh de bhrí phointe (d) d'Airteagal 2 de Threoir 95/46/CE Pharlaimint na
hEorpa agus na Comhairle an 24 Deireadh Fómhair 1995/6.
(11) Gan dochar d'Airteagal (6), is féidir le fostóirí, custaiméirí, othair,
údaráis phoiblí agus páirtithe leasmhara eile údaracht Cárta Gairmí Eorpach a
thaispeánfaidh a shealbhóir dóibh a dhearbhú de réir Airteagal 22 den Rialachán
Forfheidhmithe.
Cuid 17
Cúlghairm doiciméad, freaschur cinntí agus achomhairc
Cúlghairm doiciméad ag údarás inniúil
68. (1) Faoi réir Airteagal (2) agus (3), is féidir go ndéanfadh údarás inniúil
doiciméad a chúlghairm a d'eisigh sé de bhun na Rialachán seo agus na Treorach,
ceachtar acu údarás inniúil de chuid an Bhallstáit aíochta nó an Bhallstáit baile, sa
chás go mbeidh sé sásta nach cruinn ar fad doiciméad ar a raibh eisiúint an
doiciméid ag brath, nó nach cruinn é i bpointe bainteach, agus nach bhfuarthas an
taithí nó na cáilíochtaí a dhearbhaíonn an teastas.
60 [8]
(2) Nuair a bhíonn sé i gceist ag údarás inniúil doiciméad a chúlghairm de
bhun Airteagal(1), déanfaidh sé na nithe seo a leanas i scríbhinn chuig an té lena
mbaineann an doiciméad—
(a) é/í a chur ar an eolas faoina rún an doiciméad a chúlghairm agus na
fáthanna leis seo,
(b) an fhaisnéis mhíchruinn a bhaineann leis an doiciméad a shainaithint,
agus
(c) cuireadh a thabhairt don duine ionadaíocht a dhéanamh don údarás
inniúil le linn tréimhse nach lú ná dhá sheachtain ó dháta an fhógra.
(3) Más amhlaidh, ag deireadh na tréimhse a ndéantar foráil ina leith in
Airteagal (2)(c), i ndiaidh aon ionadaíocht a rinne an duine i gceist nó a
ndearnadh ar a s(h)on, go mbíonn an tuairim chéanna ag an údarás inniúil gur
chóir an doiciméad a chúlghairm, is féidir leis an údarás inniúil, trí fhógra
scríofa, an doiciméad a chúlghairm agus na fáthanna leis an gcúlghairm a lua.
Freaschur cinneadh aitheantais
69. (1) Faoi réir Airteagal (2) agus (3), is féidir go ndéanfadh údarás inniúil sa
Stát cinneadh a fhreaschur fianaise a aithint ar cháilíochtaí gairmiúla faoi na
Rialacháin seo nuair a bhíonn sé sásta nach cruinn faisnéis áirithe, nó nach cruinn í
i bpointe bainteach, ar a bhfuil cinneadh a rinne an t-údarás inniúil ag brath.
(2) Nuair a bhíonn sé i gceist ag údarás inniúil cinneadh a fhreaschur de bhun
Airteagal (1), déanfaidh sé na nithe seo a leanas i scríbhinn chuig an duine atá i
gceist—
(a) é/í a chur ar an eolas faoina rún an cinneadh a fhreaschur agus na
fáthanna leis seo,
(b) an fhaisnéis mhíchruinn a bhaineann leis an gcinneadh a shainaithint,
agus
(c) cuireadh a thabhairt don duine ionadaíocht a dhéanamh don údarás
inniúil le linn tréimhse nach lú ná 2 sheachtain ó dháta an fhógra
(3) Más amhlaidh, ag deireadh na tréimhse a ndéantar foráil ina leith in
Airteagal (2)(c), i ndiaidh aon ionadaíocht a rinne an duine i gceist nó a ndearnadh
ar a s(h)on, go mbíonn an tuairim chéanna ag an údarás inniúil gur chóir an
cinneadh a fhreaschur, is féidir leis an údarás inniúil, trí fhógra scríofa, an
cinneadh a fhreaschur agus na fáthanna leis an bhfreaschur a lua.
Achomhairc
70. (1) Faoi réir Airteagal (5), nuair a dhéanann údarás inniúil sa Stát na
nithe seo a leanas—
(a) cinneadh páirt-rochtain a thabhairt d'iarrthóir ar ghairm faoi
Rialachán 10, nó cinneadh gan sin a thabhairt,
(b) cinneadh clárúchán sealadach nó ballraíocht pro forma a chúlghairm
faoi Rialachán 12(6),
[8] 61
(c) cinneadh iallach a chur ar iarratasóir beartas cúitimh a ghabháil faoi
Rialachán 22
(d) cinneadh gan cáilíochtaí gairmiúla iarratasóra a aithint faoi Chodanna 5
go dtí 14,
(e) gan a admháil go bhfuarthas iarratas ar aithint cáilíochtaí gairmiúla roimh
dheireadh na tréimhse a ndéantar foráil ina leith i Rialachán 67(2),
(f) gan cinneadh a dhéanamh i leith iarratais ar aithint cáilíochtaí gairmiúla
roimh dheireadh na tréimhse a ndéantar foráil ina leith i Rialachán 67(3),
nó aon tréimhse shínte faoi Rialachán 67(4),
(g) cinneadh gan Cárta Gairmí Eorpach a eisiúint faoi Rialachán 76,
(h) gan cinneadh a dhéanamh i leith iarratais ar Chárta Gairmí Eorpach
faoi Rialachán 76 roimh dheireadh na tréimhse a ndéantar foráil ina
leith in Airteagal (2) den Rialachán sin,
(i) gan údaracht agus bailíochta na ndoiciméad tacaíochta i gcomhad IMI
a chinntiú i leith iarratais ar Chárta Gairmí Eorpach roimh dheireadh
na tréimhse a ndéantar foráil ina leith i Rialachán 78(2),
(j) gan iarratas ar Chárta Gairmí Eorpach a aistriú, de réir Rialachán
78(4),
(k) cinneadh gan Cárta Gairmí Eorpach a eisiúint faoi Rialachán 79,
(l) gan cinneadh a dhéanamh i leith iarratais ar Chárta Gairmí Eorpach
faoi Rialachán 79 roimh dheireadh na tréimhse infheidhme ama a
ndéantar foráil ina leith in Airteagail (2), (3) nó (8) den Rialachán sin,
(m) cinneadh doiciméad a chúlghairm faoi Rialachán 81,
(n) cinneadh a fhreaschur faoi Rialachán 82,
(o) cinneadh rialuithe teanga a dhéanamh de bhun Rialachán 85, nó
(p) rabhadh a chur amach faoi Rialachán 87
Is féidir leis an duine atá i gceist achomharc a dhéanamh ar an gcinneadh sin nó ar
an teip an cinneadh a thógáil leis an Ard-Chúirt faoi dháta nach déanaí ná 42 lá ó
dháta an fhógra faoin gcinneadh sin nó ídiú na tréimhse ar cheart an cinneadh nó an
admháil a dhéanamh lena linn.
(2) Cuirfidh údarás inniúil duine ar an eolas faoi chinneadh faoi Airteagal( 1)
a bhaineann leis/léi i scríbhinn agus na fáthanna leis an gcinneadh sin agus
cuirfidh an duine sin ar an eolas faoin gceart atá aige/aici ar achomharc faoin
Airteagal sin.
62 [8]
(3) Ar an achomharc a chloisteáil faoin Rialachán seo d'fhéadfadh an Ard-
Chúirt aon ní díobh seo a dhéanamh:
(a) cinneadh an údaráis inniúil a dhearbhú nó a chur i leataobh,
(b) cinneadh nó aithint a dhéanamh nár éirigh leis an údarás inniúil a
dhéanamh le linn na tréimhse a leagadh síos,
(c) ordú a thabhairt don údarás inniúil cinneadh a dhéanamh taobh istigh
de thréimhse áirithe,
(d) an cheist a chur chuig an údarás inniúil, bíodh treoir leis nó ná
bíodh, le go measfaí athuair é agus go ndéanfaí cinneadh nua,
(e) cinneadh leis an údarás inniúil a leasú nó a chur ina cheart,
(f) cinneadh nua a chur in áit chinneadh an údaráis inniúil,
(g) leigheas cuí a thabhairt i dtaca le haon dochar a tháinig as foláireamh
bréige, nó
(h) aon ghníomh eile ba chuí chun críche an chirt.
(4) Cinneadh deiridh críochnúil a bheidh i gcinneadh na hArd-Chúirte i leith
achomhairc faoin Rialachán seo.
(5) Ní bhainfidh an Rialachán seo le gairm sláinte nó cúraim shóisialta ainmnithe
faoi Airteagal 4 den Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta 2005
(Uimh. 27 2005) ar bunaíodh clár ina leith faoi Airteagal 36(1) den Acht sin agus
ar ainmníodh an bord clárúcháin ina údarás inniúil de bhun Airteagal 27A (a chuir
Airteagal 5 isteach den Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta
(Leasaithe) 2012) san Acht sin.
Cuid 18
Saothrú Gairme
Úsáid Teideal Gairmiúil
71. (1) Sa chás go bhfuil rialú ar úsáid teideal gairmiúil a bhaineann le
gníomhaíochtaí gairme atá faoi riail sa Stát, úsáidfidh duine ar aithníodh a
c(h)áilíochtaí faoi Chodanna 5 go dtí 14 an teideal gairmiúil is riachtanach a úsáid
sa Stát, agus úsáidfidh aon inisealacha bainteacha.
(2) Sa chas gur riachtanach ag daoine atá ag cleachtadh gairm rialaithe sa Stát
bheith mar bhall de chumann nó d'eagraíocht áirithe, ní bheidh cead ag duine dá
dtagraítear in Airteagal (1) an teideal gairmiúil a úsáid a eisíonn an cumann nó
an eagraíocht sin, ná a leagan giorraithe, ach amháin má chuireann an duine
cruthúnas ar fáil gur ball den chumann nó den eagraíocht sin é.
[8] 63
(3) Má bhíonn ballraíocht cumainn nó eagraíochta dá dtagraítear in Airteagal (2)
teagmhasach le cáilíochtaí faoi leith, is féidir leis an gcumann nó an eagraíocht sin
a dhéanamh amhlaidh sa chás amháin go gcomhlíontar na coinníollacha sa
Rialachán seo agus sa Treoir, i leith daoine incháilithe a bhfuil cáilíochtaí gairmiúla
acu.
Inniúlacht ar theangacha 72. (1) Beidh ag aon duine a fhaigheann tairbhe ó aithint cáilíochtaí gairmiúla
faoi na Rialacháin seo eolas ar theangacha is riachtanach leis an ngairm
bhainteach a chleachtadh sa Stát.
(2) Le heolas ar an mBéarla nó ar an nGaeilge amháin a bhainfidh aon rialú
a dhéanfaidh údarás inniúil, nó a dhéanfar ar a shon, maidir le comhlánú na
hoibleagáide faoi Airteagal (1).
(3) Ní féidir rialuithe de réir Airteagal (2) a chur i bhfeidhm ach amháin sna
cásanna a leanas—
(a) má bhíonn impleachtaí sábháilteachta d'othair ag an ngairm atá le cleachtadh, nó
(b) i dtaca le gairmeacha eile, i gcásanna ina mbíonn amhras tromchúiseach
daingean faoi eolas an duine ar theangacha i dtaca leis na gníomhaíochtaí
gairmiúla is rún dó/di a shaothrú,
agus sa chás amháin gur eisíodh Cárta Gairmí Eorpach de réir Chuid 16 nó tar éis
gur aithníodh cáilíocht ghairmiúil, sa chás.
(4) Beidh aon rialuithe faoin Rialachán seo comhréireach leis an
ngníomhaíocht atá le saothrú.
(5) Is féidir le sealbhóir Cárta Gairmí Eorpach, chun críche an Rialacháin seo,
aon doiciméad riachtanach le heolas ar theanga a chruthú a chur isteach trí IMI.
Úsáid teideal acadúil 73. (1) Gan dochar do Rialacháin 14, 15 agus 84, tá duine a fhaigheann tairbhe ó
aithint cáilíochtaí gairmiúla faoi na Rialacháin seo i dteideal teidil acadúla a
bronnadh air/uirthi sa Bhallstát baile, nó ina riocht giorraithe, i dteanga an Bhallstáit
baile.
(2) Sa chás go n-úsáidfidh duine teideal acadúil de bhun Airteagal (1), i
ndiaidh an teidil sin beidh ainm agus seoladh na hinstitiúide nó an bhoird
scrúdúcháin a bhronn í.
(3) Nuair a úsáidfidh duine teideal acadúil de bhun Airteagal (1), ar féidir go
mbeadh mearbhall idir é agus teideal a úsáidtear sa Stát ar ghá go mbeadh
oiliúint bhreise ag teastáil ón duine nach bhfuil aige/aici, úsáidfear teideal
acadúil an Bhallstáit baile i bhfoirm chuí, a leagfaidh an t-údarás inniúil síos
don ghairm bhainteach rialaithe.
64 [8]
Cuid 19
Foláirimh
Sásra foláirimh
74. (1) Déanfaidh an t-údarás inniúil sa Stát comhordú agus láimhseáil ar
gach foláireamh isteach agus amach i leith a ghairme faoin Rialachán seo,
Airteagal 56a(1) den Treoir agus Caibidil II den Rialachán Forfheidhmithe agus
comhlíonfaidh sé, chun na críche sin, gach nós imeachta atá leagtha síos sa
Chaibidil sin den Rialachán Forfheidhmithe.
(2) Déanfaidh an comhordaitheoir náisiúnta comhordú agus láimhseáil ar
gach foláireamh isteach sa Stát faoi Airteagal 56a(3) den Treoir agus Caibidil
II den Rialachán Forfheidhmithe agus comhlíonfaidh sé, chun na críche sin,
gach nós imeachta atá leagtha síos sa Chaibidil sin den Rialachán
Forfheidhmithe.
(3) I gcás na ngníomhaíochtaí gairmiúla a leanas, cuirfidh an t-údarás inniúil
sa Stát na húdaráis inniúla i ngach Ballstát eile ar an eolas faoi aon ghairmí ar
cuireadh cosc nó srian, go sealadach féin, ar a g(h)níomhaíochtaí sa Stát ina
iomláine nó i gcodanna de, ag údaráis nó ag cúirteanna sa Stát:
(a) dochtúir leighis nó cleachtais ghinearálta ag a bhfuil fianaise ar cháilíocht
fhoirmiúil dá dtagraítear i bpointí 5.1.1 agus 5.1.4 d'Iarscríbhinn V a
ghabhann leis an Treoir;
(b) dochtúir speisialaithe leighis ag a bhfuil teideal dá dtagraítear i bpointe
5.1.3 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir;
(c) altra freagrach as cúram ginearálta ag a bhfuil fianaise ar cháilíocht
fhoirmiúil dá dtagraítear i bpointe 5.2.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis
an Treoir;
(d) cleachtóirí déidliachta ag a bhfuil fianaise ar cháilíocht fhoirmiúil dá
dtagraítear i bpointe 5.3.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir;
(e) fiaclóirí speisialaithe ag a bhfuil fianaise ar cháilíocht fhoirmiúil dá
dtagraítear i bpointe 5.3.3 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir;
(f) tréadlia ag a bhfuil fianaise ar cháilíocht fhoirmiúil dá dtagraítear i
bpointe 5.4.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir;
(g) cnáimhseach ag a bhfuil fianaise ar cháilíocht fhoirmiúil dá dtagraítear i
bpointe 5.5.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir;
(h) cógaiseoir ag a bhfuil fianaise ar cháilíocht fhoirmiúil atá liostaithe i
bpointe 5.6.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir;
(i) sealbhóirí teastas luaite i bpointe 2 d'Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an
Treoir a dhearbhaíonn gur chríochnaigh an sealbhóir oiliúint a shásaíonn
an t-íosriachtanas atá liostaithe in Airteagail 24, 25, 31, 34, 35, 38, 40 nó
44 faoi seach den Treoir, ach a thosaigh níos luaithe ná na dátaí tagartha
do na cáilíochtaí atá liostaithe i bpointí 5.1.3, 5.1.4, 5.2.2, 5.3.2, 5.3.3,
5.4.2, 5.5.2, 5.6.2 d'Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Treoir;
[8] 65
(j) sealbhóirí teastas ar chearta a fuarthas dá dtagraítear in Airteagail 23, 27,
29, 33, 33a, 37, 43 agus 43a den Treoir;
(k) gairmithe eile ag saothrú gníomhaíochtaí ag a bhfuil impleachtaí
sábháilteachta othar, nuair a bhíonn an gairmí ag saothrú gairme faoi riail
sa Stát;
(l) gairmithe ag saothrú gníomhaíochtaí a bhaineann le hoideachas
mionaoiseach, lena n-áirítear cúram leanaí agus luathoideachas páistí,
nuair a bhíonn an gairmí ag saothrú gairme faoi riail sa Stát.
(4) Cuirfidh an t-údarás inniúil sa Stát an fhaisnéis dá dtagraítear in
Airteagal(3) mar fholáireamh trí IMI tráth nach déanaí na trí lá ó dháta an
chinnidh a chuir srian nó cosc ar an ngníomhaíocht ghairmiúil, ina hiomláine
nó i bpáirt, a shaothrú ag an ngairmí atá i gceist.
(5) Ní chuirfear mar fhaisnéis de bhun Airteagal(3) ach an méid seo a leanas
amháin:
(a) sonraí aitheantais an ghairmí;
(b) an ghairm atá i gceist;
(c) faisnéis faoin údarás nó faoin gcúirt sa Stát a thóg an cinneadh faoi
chosc nó faoi shrianadh;
(d) raon feidhme an choisc nó an tsrianta;
(e) an tréimhse arb infheidhme an cosc nó an srianadh lena linn.
(6) Nuair a chiontófar duine i gcúirt sa Stát as uirlis bhréige a úsáid mar fhianaise
ar cháilíochtaí gairmiúla faoi na Rialacháin seo nó faoin Treoir, déanfaidh an t-
údarás inniúil sa Stát, tráth nach déanaí ná trí lá ó glacadh le cinneadh na cúirte,
gach Ballstát eile a chur ar an eolas trí IMI faoi shonraí aitheantais an duine a
ciontaíodh.
(7) Déanfar próiseáil sonraí pearsanta chun críche an mhalartaithe faisnéise dá
dtagraítear in Airteagail (1) go dtí (6) de réir Threoir 95/46/CE Pharlaimint na
hEorpa agus na Comhairle an 25 Deireadh Fómhair 1995/6 agus Threoir
2002/58/CE Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle 12 Iúil 2002. 17.
(8) Déanfaidh údarás inniúil sa Stát, a chuir faisnéis ar fáil de bhun Airteagal
(3), údaráis inniúla gach Ballstát eile a chur ar an eolas gan mhoill faoi na nithe
seo a leanas—
66 [8]
(a) aon athrú ina dhiaidh sin ar dháta ídithe an tsrianta nó an choisc ar
thug sé faisnéis fúthu, agus
(b) dáta ídithe an tsrianta nó an choisc sin.
(9) Déanfar gairmí a gcuireann údarás inniúil foláireamh ina leith de bhun an
Rialacháin seo a chur ar an eolas i scríbhinn faoin gcinneadh an tráth céanna a
chuirtear an foláireamh.
(10) Sa chás go ndéanfar achomharc faoi chinneadh ar fholáireamh,
déanfaidh an t-údarás inniúil sa Stát an foláireamh a cháiliú lena thabhairt le
fios go bhfuil sé faoi réir imeachtaí ag an ngairmí.
Cuid 20
Próiseáil Leictreonach agus Táillí
Nósanna imeachta trí mhodhanna leictreonacha
75. (1) De bhun Airteagal (3), beifear ábalta gach riachtanas, nós imeachta
agus foirmiúlacht a bhaineann le hábhair atá clúdaithe ag na Rialacháin seo agus
ag an Treoir, a chríochnú go leictreonach agus go cianda, tríd an bpointe aonair
teagmhála bainteach ainmnithe faoi Rialachán 31(1) de Rialacháin an Aontais
Eorpaigh (Soláthar Seirbhísí) 2010 (S.I. Uimh. 533 2010) nó tríd an údarás
inniúil sa Stát.
(2) Ní chuirfidh Airteagal (1) aon chosc ar údarás inniúil sa Stát ó chóipeanna
dearbhaithe de dhoiciméid a iarraidh a cuireadh isteach go cianda agus trí mheán
leictreonach ar ball, sa chás go mbeidh amhras dlisteanaithe agus gur géarghá.
(3) Ní bhainfidh mír (1) le tréimhse aistrithe ná le triail inniúlachta.
(4) Sa chás gur dlisteanaithe ag údarás inniúil sa Stát sínithe leictreonacha
ardleibhéil a iarraidh, mar a shainmhínítear in Airteagal 2 den Acht um Thráchtáil
Leictreonach 2000 (Uimh. 27 2000), le haghaidh nósanna imeachta a chríochnú dá
dtagraítear in Airteagal (1) den Rialachán seo, glacfaidh an t-údarás inniúil le sínithe
leictreonacha mar chomhlíonadh le Cinneadh an Choimisiúin 2009/767/CE 16
Deireadh Fómhair 2009 agus déanfar foráil i leith modhanna leictreonacha le
doiciméid a phróiseáil le sínithe leictreonacha ardleibhéil i bhformáidí sainmhínithe
ag Cinneadh an Choimisiúin 2001/130/AE an 25 Feabhra 2011.22
(5) Déanfar gach nós imeachta faoi na Rialacháin agus an Treoir seo i
gcomhréir le hAirteagal 8 de Threoir 2006/123/CE de chuid Pharlaimint na
hEorpa agus na Comhairle an 12 Nollaig 2006.20
(6) Tosóidh na teorainneacha ama do nósanna imeachta leagtha amach i
Rialacháin 15 agus 67 an t-am a gcuirfear isteach an t-iarratas nó aon doiciméad
ar iarraidh ó shaoránach chuig an bpointe aonair teagmhála nó go díreach chuig
an údarás inniúil.
21OJ Uimh. L 274, 20.10.2009, lch. 36. 22OJ Uimh. L 53, 26.2.2011, lch. 66.
[8] 67
(7) Ní mheasfar gurb ionann iarratas ar chóipeanna dearbhaithe dá dtagraítear i mír
(2) agus iarratas ar dhoiciméid atá ar iarraidh.
Gearradh táillí ag údarás inniúil 76. (1) Is féidir go ngearrfadh údarás inniúil sa Stát táille as aon fheidhm nó seirbhís
a dhéanamh nó a chur á dhéanamh faoi na Rialacháin seo nó faoin Treoir.
(2) Nuair a ghearrfar aon táille de bhun Airteagal (1)—
(a) beidh sé réasúnta, comhréireach agus ar cóimhéid leis na costais a thabhaigh
an t-údarás inniúil i leith na seirbhíse nó na feidhme sin faoi leith,
(b) ní bheidh sé níos mó ná fíorchostas na feidhme nó na seirbhíse a tugadh,
(c) ní shocrófar é ag leibhéal a d'fhágfadh nárbh indéanta i bhfírinne na cearta
seo a chleachtadh a ndéantar foráil ina leith faoi na Rialacháin seo agus
faoin Treoir, agus
(d) is gá, i gcás bunráta, an táille a dhlisteanú ag tagairt do mheánchostas na
feidhme agus na seirbhíse a chuirtear ar fáil.
Cuid 21
Cúlghairmeacha, leasuithe agus socruithe eatramhacha
Cúlghairmeacha 77. (1) Faoi réir Rialachán 96, déantar iad seo a leanas a chúlghairm:
(a) Rialacháin um Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla (Treoir 2005/36/CE) 2008 (S.I.
139 2008);
(b) Rialacháin um Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla Altraí agus Cnáimhseach (Treoir
2005/36/CE) 2008 (S.I. 164 2008)
(c) Rialacháin um Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla (Gairmeacha Sláinte agus Cúraim
Shóisialta) 2008 (Treoir 2005/36/CE) (S.I. 166 2008), seachas Rialachán 5 de
na Rialacháin sin;
(d) Rialacháin um Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla Fiaclóirí (Treoir 2005/36/CE)
2008 (S.I. 263 2008);
(e) Rialacháin Comhphobal Eorpach (Treoir 2006/100/CE) (Aithint Cáilíochtaí
Míochaine na Bulgáire agus na Rómáine) 2008 (S.I. 393 2008);
(f) Rialacháin Comhphobal Eorpach (Rialacháin um Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla
i dtaca le Gairm an Chógaiseora) (Uimh. 2) Rialacháin 2008 (S.I. 489 2008)
seachas Rialachán 9 sa mhéid go dtéann sé isteach díreach san Acht um
Chógaisíocht 2007 (Uimh. 20 2007);
(g) Rialacháin um Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla (Gairmeacha Sláinte agus
Cúraim Shóisialta) (Treoir 2005/36/CE) (Leasaithe) 2011 (S.I. 109
2011);
(h) Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla i dtaca le
Gairm an Chógaiseora ) 2012 (S.I. 235 2012);
(i) Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla i dtaca le
Gairm an Chógaiseora) 2013 (S.I. 377 2013);
68 [8]
(j) Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla i dtaca le
Gairm an Fhiaclóra, an Lia-Chleachtóra, Altra agus Cnáimhsí) 2014
(S.I. 7 2014);
(k) Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla) (Treoir
2005/36/CE) (Leasú) 2014 (S.I. 368 2014)
(l) Rialacháin um Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla (Gairmeacha Sláinte agus
Cúraim Shóisialta) (Treoir 2005/36/CE) (Leasú) 2014 (S.I. 315 2014)
(2) Glacfar mar thagairtí do na Rialacháin seo aon tagairtí in achtacháin i
Rialacháin a aisghairmeadh faoi mhír (1), nuair a admhaíonn an comhthéacs
sin.
Leasú ar an Acht um Chógaisíocht 2007
78. Déantar an tAcht um Chógaisíocht 2007 a leasú—
(a) in Airteagal 2(1) trí na sainmhínithe a leanas a chur isteach:
"'tá ag 'Treoir Cáilíochtaí Gairmiúla' an bhrí a shanntar do 'Treoir' sna
Rialacháin um Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla';
ciallaíonn 'Rialacháin Cáilíochtaí Gairmiúla' Rialacháin (Aithint
Cáilíochtaí Gairmiúla) an Aontais Eorpaigh 2017 (Uimh. 8 2017);"
(b) in Airteagal 7(2)(a)(vi), trí 'Coimisiún Forfheidhmithe Rialachán (AE)
2015/983 an 24 Meitheamh 2015 agus na Rialacháin um Cháilíochtaí
Gairmiúla," tar éis "Treoir um Cháilíochtaí Gairmiúla",
(c) in Airteagal 14—
(i) i bhfo-Airteagal (1), tríd an méid a leanas a chur in ionad Airteagal
(h):
[8] 69
“(h) mar náisiúnach de chuid an Stáit nó de chuid Ballstát
eile, go bhfuil an Chomhairle sásta go bhfuil an
inniúlacht is riachtanach sa teanga aige nó aici le
bheith mar chógaiseoir cláraithe sa Stát." agus
(ii) t r í f ho - Ai r te a ga l (3) a scriosadh,
(d) in Airteagal 16 (mar a leasaíodh ag Rialacháin 3 agus 4 de chuid
Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla i dtaca le
Gairm an Chógaiseora) 2013 (S.I. 377 2013)—
(i) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fho-Airteagal (1):
“(1)Tá cáilíocht chuí don chleachtas ag duine má bronnadh
cáilíocht fhorordaithe sa Stát air nó uirthi, de réir oiliúna agus
oideachais fhorordaithe.",
(ii) i bhfo-Airteagal (2), tríd an méid a leanas a chur in ionad mhír (a):
“(a) "is náisiúnach é nó í de chuid stáit bhaintigh agus
aithníonn an Chomhairle a c(h)áilíochtaí faoi na
Rialacháin Cáilíochtaí Gairmiúla, nó",
(iii) trí na fo-ailt a leanas a chur in ionad fho-ailt (3) go (10):
“(3) D'fhéadfadh an Chomhairle na nithe seo a dhéanamh—
(a) lena cur féin ar an eolas chun críche fho-Airteagal
(2)(b) faoi chaighdeán na hoiliúna, an oideachais,
scrúduithe agus cáilíochtaí i stát eile, iallach a chur ar
dhuine ar cosúil go mbaineann an fhoráil sin leis/léi,
scrúdú a shuí,
(b) i gcás ar bith go bhfuil sé in amhras faoi cheist dá
dtagraítear san fhoráil sin, iallach a chur ar dhuine ar
cosúil go mbaineann an fhoráil sin leis/léi cur isteach
ar aon oiliúint a dhéanamh a shaineodh an
Chomhairle.
(4) Déantar foráil bhreise i Sceideal 2 faoi aithint cáilíochtaí
gairmiúla sa chógaisíocht.
(5) San Airteagal seo-
folaíonn 'náisiúnach de chuid stáit bhaintigh' duine nach
náisiúnach de chuid stáit bhaintigh é, ach ar duine incháilithe é,
mar a shainmhínítear i Rialachán 3 de na Rialacháin um Aithint
Cáilíochtaí Gairmiúla;
ciallaíonn 'stát bainteach'—
70 [8]
(a) Ballstát,
(b) stát ar stát conartha é leis an gComhaontú AEE de réir
na brí a thugann an tAcht um Chomhphobail
Eorpacha (Leasaithe) 1993 (seachas Ballstát nó an
Stát)
(c) an Eilvéis;
ciallaíonn 'an tríú tír' tír nach stát bainteach é."
(e) trí aisghairm a dhéanamh ar ailt 21A agus 24A (curtha isteach le
Rialacháin 8 agus 9 de na Rialacháin Comhphobal Eorpach (Aithint
Cáilíochtaí Gairmiúla i dtaca le Gairm an Chógaiseora) (Uimh. 2) 2008
(S.I. 489 2008),
(f) in Airteagal 24b (curtha isteach ag Rialachán 9 de chuid Rialacháin
Comhphobal Eorpach (Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla i dtaca le Gairm an
Chógaiseora) (Uimh. 2) 2008 (S.I. 489 2008), trí na fo-ailt a leanas a
chur in ionad fho-ailt (2) go dtí (5):
“(2) Cuirfidh an Chomhairle isteach i gCuid B den Chlár
Cógaiseoirí, ainmneacha daoine a chuireann seirbhísí cógaiseora
ghairmiúil ar fáil sa Stát ar bhonn sealadach agus ócáideach de bhun
Chuid 4 de na Rialacháin um Cháilíochtaí Gairmiúla.
(3) Ainneoin fhorálacha Chuid 6 faoin Acht seo, is féidir go gcuirfeadh
an Chomhairle clárú ar neamhní faoi Chuid B den Chlár Cógaiseoirí faoi
aon imthosca dá dtagraítear i Rialachán 12(6) de na Rialacháin um
Cháilíochtaí Gairmiúla faoi dhá mhí den dáta a fhoilsítear an fhaisnéis i
gceist don Chomhairle.",
(g) i mír 20(1)(f) de Sceideal 1, trí "nó na Rialacháin um Cháilíochtaí
Gairmiúla" a chur isteach tar éis 'an tAcht seo' agus
(h) i Sceideal 2, trí mhíreanna 1, 2, 3, 4, 5 agus 10 a chealú.
Leasú ar an Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta 2005
79. Déantar an tAcht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta a leasú—
(a) in Airteagal 3(1) (mar a leasaíodh ag an Acht Sláinte (Forálacha
Ilghnéitheacha) 2014 (Uimhir 33 2014))—
(i) tríd an méid a leanas a chur in ionad an tsainmhínithe ar "Treoir
2005/36/CE":
“'Tá le Treoir 2005/36/CE ' an bhrí an shanntar do "Treoir" i
Rialachán 3(1) de na Treoracha um Cháilíochtaí Gairmiúla;", agus
(ii) tríd an sainmhíniú a leanas a chur isteach:
[8] 71
"Ciallaíonn 'Rialacháin um Cháilíochtaí Gairmiúla' Rialacháin an
Aontais Eorpaigh (Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla) 2017 (S.I.
Uimhir 8 2017);"
(b) i mír 42(2) (mar a leasaíodh ag Airteagal 8 den Acht um Ghairmithe
Sláinte agus Cúraim Shóisialta (Leasaithe) 2012 (Uimhir 46 2012))—
(i) i mír (a)—
(I) trí 'fo-Airteagal 27A(2)(a) nó (b)" a chur in ionad "mír
27A(2)(a)", agus
(II) trí 'an cinneadh a chealú, nó' a chur in ionad 'an cinneadh a
chealú'
(ii) i mír (b), trí 'an cinneadh a chealú, nó.' a chur in ionad 'an
cinneadh a chealú."
(iii) tríd an mír a leanas a chur isteach tar éis mhír (b)
“(c) más cinneadh dá dtagraítear i mír 42B(2A) é an
cinneadh, faisnéis i dtaca leis an gceart ar chur isteach
don Chomhairle faoi threoir na míre sin.”,
(c) in Airteagal 42A(1)(a) (curtha isteach ag Airteagal 9 den Acht um
Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta (Leasaithe) 2012), trí
'Airteagal27A(2)(a) nó (b) a chur in ionad (Airteagal27A(2)(b)”,
(d) in Airteagal 42B (curtha isteach ag Airteagal 9 den Acht um Ghairmithe
Sláinte agus Cúraim Shóisialta (Leasaithe) 2012)—
(i) i bhfo-alt(1)—
(I) trí "Airteagal 27A(2)(a) nó (b) a chur in ionad "Airteagal
27A(2)(b)", agus
(II) t r í m h í r (a) a chealú,
(ii) i bhfo-Airteagal (2)—
(I) i mír (a), trí 'le measúnú a dhéanamh ar a c(h)áilíochtaí gairmiúla
faoi roinn 27A(2)(b)' a chur isteach tar éis "déanta ag an duine",
agus
(II) i mír (b), trí "i dtaca le measúnú ar a c(h)áilíochtaí gairmiúla
faoi Airteagal 27A(2)(b)" tar éis "an duine a chur ar an eolas
faoi chinneadh”,
(iii) tríd an bhfo-Airteagal a leanas a chur isteach in ionad fho-Airteagal (2):
72 [8]
“(2A) D'fhéadfadh duine cur isteach don Chomhairle ar
threorú ón gComhairle go dtí bord clárúcháin sa chás go
ndéanfadh an Chomhairle na nithe seo a leanas—
(a) cinneadh páirt-rochtain ar ghairm a thabhairt, nó gan a
thabhairt, d'iarratasóir faoi Rialachán 10 de na
Rialacháin um Cháilíochtaí Gairmiúla,
(b) cinneadh clárúchán sealadach nó ballraíocht pro forma
a chúlghairm faoi Rialachán 12(6) de na Rialacháin um
Cháilíochtaí Gairmiúla,
(c) cinneadh iallach a chur beartais cúitimh a fheidhmiú ar
iarratasóir faoi Rialachán 22 de na Rialacháin um
Cháilíochtaí Gairmiúla,
(d) cinneadh gan cáilíochtaí gairmiúla iarratasóra a aithint
faoi Chodanna 5 go dtí 14 de na Rialacháin um
Cháilíochtaí Gairmiúla,
(e) gan a admháil go bhfuarthas iarratas ar aithint cáilíochtaí
gairmiúla taobh istigh den tréimhse a ndéantar foráil ina
leith i Rialachán 67(2) de na Rialacháin um Cháilíochtaí
Gairmiúla,
(f) gan cinneadh a dhéanamh i dtaca le hiarratas ar aithint
cáilíochtaí gairmiúla taobh istigh den tréimhse a
ndéantar foráil ina leith i Rialachán 67(3) de na
Rialacháin um Cháilíochtaí Gairmiúla, ná aon tréimhse
shínte faoi Rialachán 67(4) de na Rialacháin sin.
(g) cinneadh gan Cárta Gairmí Eorpach a eisiúint faoi
Rialachán 76 de na Rialacháin um Cháilíochtaí
Gairmiúla,
(h) gan cinneadh a dhéanamh i dtaca le hiarratas ar Chárta
Gairmí Eorpach faoi Rialachán 76 de na Rialacháin
um Cháilíochtaí Gairmiúla taobh istigh den tréimhse
a ndéantar foráil ina leith i mír (2) den Rialachán sin,
(i) gan údaracht bhailíocht doiciméad tacaíochta sa
chomhad IMI a dhearbhú do Chárta Gairmí Eorpach
taobh istigh den tréimhse a ndéantar foráil ina leith i
Rialachán 78(2) de na Rialacháin um Cháilíochtaí
Gairmiúla,
(j) gan iarratas ar Chárta Gairmí Eorpach a aistriú de réir
Rialachán 78(4) de na Rialacháin um Cháilíochtaí
Gairmiúla,
[8] 73
(k) cinneadh gan Cárta Gairmí Eorpach a eisiúint faoi
Rialachán 79 de na Rialacháin um Cháilíochtaí
Gairmiúla,
(l) gan cinneadh a dhéanamh i dtaca le hiarratas ar Chárta
Gairmí Eorpach faoi Rialachán 79 de na Rialacháin
um Cháilíochtaí Gairmiúla taobh istigh den tréimhse
a ndéantar foráil ina leith i mír (2), (3) nó (8) den
Rialachán sin,
(m) cinneadh doiciméad a chúlghairm faoi Rialachán 81 de
na Rialacháin um Cháilíochtaí Gairmiúla,
(n) cinneadh a fhreaschur faoi Rialachán 82 de na
Rialacháin um Cháilíochtaí Gairmiúla,
(o) cinneadh rialuithe teanga a fheidhmiú de bhun
Rialachán 85 de na Rialacháin um Cháilíochtaí
Gairmiúla, nó
(p) cinneadh foláireamh a chur faoi Rialachán 87 de na
Rialacháin um Cháilíochtaí Gairmiúla”,
(iv) an méid seo a leanas a chur in ionad fho-Airteagal (3)(a):
“(a)
más iarratas faoi fho-Airteagal (1) nó (2A) é an t-iarratas—
(i) tráth nach déanaí ná 30 lá ón uair a fhaigheann
an duine an scéala faoin gcinneadh ón mbord
clárúcháin,
(ii) tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis don tréimhse
ídiú, nó
(iii) i gcás iarratais faoi fho-Airteagal (2A)(j), tráth
nach déanaí ná 30 lá ón uair a dhearbhaítear
bailíocht agus údaracht na ndoiciméad tacaíochta
de réir Rialachán 78(2),
mar is cuí, nó”
(v) i bhfo-Airteagal (4)(a)—
(I) trí "nó (2A) a chur isteach tar éis (fo-Airteagal (1)", agus
(II) i bhfomhír (i), trí "nó" a chealú,
(III) i gclásal (III) d'fhomhír (ii), trí 'nó' a chur isteach tar éis 'a
mheastar is cuí', agus
(IV) tríd an bhfomhír a leanas a chur isteach tar éis fhomhír (ii):
74 [8]
“(iii) in aon chás eile, aon treoir a thabhairt don
bhord clárúcháin a mheasann an Chomhairle
is cuí”
(vi) tríd fho-Airteagal (6) a chealú,
(e) in Airteagal 44 (mar a leasaíodh ag Airteagal 10 den Acht um Ghairmithe
Sláinte agus Cúraim Shóisialta (Leasú) 2012, tríd an méid seo a leanas a
chur isteach tar éis fho-Airteagal (3);
“(5) beidh cinneadh leis an gComhairle tar éis achomhairc in aghaidh
treorach ón gComhairle faoi Airteagal 42B(2A) ina chinneadh críochnúil
deiridh.", agus
(f) in Airteagal 79(4)(b) (mar a leasaíodh ag Airteagal 12 den Acht um
Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta (Leasú) 2012), trí 'de bhun
Chuid 4 de na Rialacháin um Cháilíochtaí Gairmiúla a chur in ionad "a
c(h)áilíochtaí gairmiúla a mheasúnú taobh istigh de bhrí Airteagal 7.4 de
Threoir 2005/36/CE".
Leasú Acht na nAltraí agus na gCnáimhseach
80. Déantar Acht na nAltraí agus na gCnáimhseach 2011 (Uimhir 41 2011) a
leasú—
(a) in Airteagal 2 (mar a leasaíodh ag Rialachán 4 de Rialacháin an Aontais
Eorpaigh (Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla i dtaca le Gairmeacha an
Fhiaclóra, an Lia-Chleachtóra, Altra agus Cnáimhsí) 2014—
(i) tríd an méid a leanas a chur in ionad an tsainmhínithe ar 'Treoir
2005/36/CE":
“‘tá ag Treoir 2005/36/CE an bhrí a shanntar do "Treoir" i
Rialachán 3(1) de Rialacháin 2017”,
(ii) trí shainmhíniú 'Rialacháin 2008" a chealú agus
(iii) tríd an sainmhíniú a leanas a chur isteach:
ciallaíonn "Rialacháin 2017" Rialacháin an Aontais Eorpaigh
(Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla) 2017 (S.I. 8 2017) ”,
(b) in Airteagal 9(2)(e)(i) trí 'faoi Rialacháin 2017' a chur in ionad 'a
bhronntar nó a aithnítear i mBallstáit nó i stáit eile taobh istigh de
bhrí Rialacháin 2008", agus
(c) in Airteagal 41(2), trí 'Rialacháin 2017" a chur in ionad 'Rialacháin
2008".
Leasú Acht na bhFiaclóirí 1985
81. Déantar an tAcht um Fhiaclóir 1985 (Uimhir 9 1985) a leasú—
[8] 75
(a) in Airteagal 2, tríd an sainmhíniú a leanas a chur isteach:
“ciallaíonn 'Rialacháin 2017' Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Aithint
Cáilíochtaí Gairmiúla) 2017 (S.I. 8 2017);”,
(b) in Airteagal 27(2), tríd an méid a leanas a chur in ionad mhír (c):
“(c) gur aithníodh a c(h)áilíochtaí gairmiúla mar fhiaclóir faoi
Rialacháin 2017, nó",
(c) in Airteagal 30(1) tríd an méid a leanas a chur in ionad mhír (c):
“(c) gach duine ar aithníodh a c(h)áilíocht ghairmiúil mar fhiaclóir
speisialaithe faoi Rialacháin 2017”.
Leasú Acht na Lia-Chleachtóirí 2007
82. (1) Déantar Acht na Lia-Chleachtóirí 2007 (Uimhir 25 2007) a leasú—
(a) in Airteagal 2 (mar a leasaíodh ag Rialachán 3 de Rialacháin an Aontais
Eorpaigh (Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla i dtaca le Gairmeacha an
Fhiaclóra, an Lia-Chleachtóra, Altraí agus Cnáimhsí) 2014)—
(i) tríd an méid a leanas a chur in ionad "Treoir 2005/36/CE":
“tá le 'Treoir 2005/36/CE' an bhrí a shanntar do 'Treoir' i
Rialachán 3(1) de Rialacháin 2017;" agus
(ii) tríd an sainmhíniú a leanas a chur isteach:
"ciallaíonn 'Rialacháin 2017' Rialacháin an Aontais Eorpaigh
(Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla) 2017 (S.I. 8 2017)",
(b) i bhfo-Airteagal 7(2)(g)(i), trí 'faoi Rialacháin 2017' a chur in ionad 'a
bhronntar nó a aithnítear i mBallstáit”,
(c) in Airteagal 37(b), trí 'faoi réir Airteagal 50' a chealú,
(d) in Airteagal 38, trí na míreanna a leanas a chur in ionad míreanna (e) go
(g):
“(e) ní chleachtann an cleachtóir míochaine ach amháin ar
dhuine i gcás éigeandála, nó
(f) ní chleachtann an cleachtóir míochaine ach in aon chumasc
dálaí a shonraítear i míreanna (a) go (e).”
76 [8]
(e) in Airteagal 45 (mar a leasaíodh ag Airteagal 7 d'Acht na Lia-
Chleachtóirí (Leasaithe) 2011 (Uimhir 12 2011), trí fho-ailt (4), (5)
agus (6) a chealú,
(f) in Airteagal46(b), tríd an méid a leanas a chur in ionad fho-
Airteagal(iii)::
gur aithníodh a c(h)áilíochtaí mar lia-chleachtóir faoi
Rialacháin 2017, nó”
(g) in Airteagal47(1)—
(i) tríd an méid a leanas a chur in ionad mhír (c):
“(c) gach lia-chleachtóir ar aithníodh a c(h)áilíochtaí mar
dhochtúir speisialaithe faoi Rialacháin 2017; nó",
(ii) trí mhíreanna (d) agus (e) a chealú,
(h) in Airteagal 48(2)—
(i) trí 'náisiúnach de chuid Ballstáit' a chealú, agus
(ii) tríd an méid a leanas a chur in ionad mhír (a):
“(a) ar a i thn íodh a c (h)á i l íoch t a í m ar l i a -
ch leac h tó i r f ao i R ia l achá in 2017 ”,
(i) tríd an méid a leanas a chur in ionad Airteagal 50:
“50.— (1) Sa chás go gcomhlíonann lia-chleachtóir
riachtanais uile Chuid 4 agus Rialachán 85 de chuid Rialacháin
2017, déanfaidh an Chomhairle na nithe seo a leanas—
(a) an cleachtóir a chlárú go sealadach i Rannóg na
gCleachtóirí Cuairte AEE
(b) na sonraí a chur sa chlár maidir le ráiteas an chleachtóra
a rinneadh de bhun Rialachán 13 de Rialacháin 2017,
agus d'fhéadfaí go ndéanfadh sé an clárú sealadach sin a
chúlghairm de réir Rialachán 12(6) de Rialacháin 2017.
(2) D'fhéadfadh cleachtóir AEE fógraíocht a dhéanamh ar a
s(h)eirbhísí mar lia-chleachtóir.
(3) Ní dhéanfaidh cleachtóir cuairte AEE míochaine a
chleachtadh sa Stát ach amháin de réir ráitis a rinne an
cleachtóir faoi Rialachán 13 de Rialacháin 2017 nó i gcás
éigeandála”,
[8] 77
(j) in Airteagal78(4)—
(i) i mír (a), trí "lia-cleachtóir" a chur in ionad lia-chleachtóir,
agus”,
(ii) i mír (b), trí 'ar fionraí' a chur in ionad 'ar fionraí, agus
(iii) t r í m h í r (c) a chealú,
(k) tríd an méid a leanas a chur in ionad Airteagal 87:
“87.— (1) Cinnteoidh an Chomhairle go gcomhlíonfaidh aon oideachas
agus oiliúint míochaine riachtanais Threoir 2005/36/CE agus Rialacháin
2017.
(2) Tabharfaidh an Chomhairle fógra gan mhoill don Aire faoi aon
bheartas riaracháin a chuireann sí i bhfeidhm chun críche an ailt seo”,
(l) in Airteagal 88(2)(a), trí 'Airteagal (87)(2)' a chur in ionad 'Airteagal87'
(m) in Airteagal 89(3), trí 'Airteagal 87(3)' a chur in ionad 'Airteagal 87'.
(2) Glacfar leis gur tagairtí d'Airteagal 47(1)(c) de chuid an Achta sin tagairtí
i rialacha 4, 5 agus 6 de Rialacha Clárúcháin na Comhairle Míochaine 2011 (S.I.
417 2011) d'Airteagal 47(1)(d) agus (e) d'Acht na Lia-Chleachtóirí 2007.
Beartais Eatramhacha 83. (1) Sa chás go mbeidh iarratas déanta ar údarás inniúil sa Stát seo ag
iarrthóir, díreach roimh theacht i bhfeidhm do na Rialacháin seo, faoi Rialacháin
dá dtagraítear i Rialachán 90, leanfar de chur i bhfeidhm na Rialachán seo
amhail is nár cúlghairmeadh iad ar na nithe seo a leanas—
(a) an t-iarratas sin, agus
(b) aon achomharc a dhéanfar i leith an iarratais sin.
(2) leanfar de chur i bhfeidhm na Rialachán dá dtagraítear i Rialachán 90 in
aon ghníomh a dhéanfar i leith na nithe a leanas-
(a) iarrthóir nó gairmí nach ballstát de chuid an Aontais Eorpaigh é a
B(h)allstát baile, agus
(b) aon chúrsaí a théann i bhfeidhm ar Bhallstát nach ballstát de chuid
an Aontais Eorpaigh é, sa mhéid go mbaineann an gníomh sin leis
an mBallstát sin.
78 [8]
Rialachán 5
Sceideal 1
GAIRMEACHA RIALAITHE AGUS ÚDARÁIS INNIÚLA
A. Gairmeacha agus gníomhaíochtaí gairmiúla rialaithe ag an dlí
Colún 1 Colún 2
Gairm nó gníomhaíocht ghairmiúil Údarás inniúil
Innealtóir Cothabhála Aerárthaigh Údarás Eitlíochta na hÉireann
Ailtire Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann
Seandálaí Aire na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta
Cuntais Comhlachta a iniúchadh Comhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte Institiúid na gCuntasóirí Poiblí Deimhnithe in Éirinn Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn Institiúid na gCuntasóirí Poiblí Corpraithe Institiúid na gCuntasóirí Cairte i Sasana agus sa Bhreatain Bheag Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Albain
Abhchóide Comhairle Chumann Onórach Óstaí an Rí
Measúnóir Rátála Fuinnimh Foirgneamh (BER) Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann
Suirbhéir Foirgneamh
Suirbhéir Cainníochta
Cumann Suirbhéirí Cairte na hÉireann
Tá na gníomhaíochtaí seo a leanas sa tógáil faoi réir seilbh a bheith ar Theastas SafePass agus teastas inniúlachta:
Tógáil Scafall — bunúsach Scafall —ardleibhéal Scafall túir shoghluaiste Craein túir a oibriú Craein túir féinseasaimh a oibriú Crochán/comharthaíocht Ionramhálaí teileascópach a oibriú Scartaire tarracóra a oibriú Craein shoghluaiste a oibriú Craein ráillí a oibriú Dumpaire altach a oibriú Dumpaire suímh a oibriú Tochaltóir 180a oibriú Miontochaltóir a oibriú Tochaltóir 360 a oibriú Cumhdra/Bratra díon agus balla Feiltiú Dín Comharthaíocht, soilsiú agus slándáil ar bhóithre Seirbhísí faoi thalamh a aimsiú Séideadh pléascán Sláinte agus Sábháilteacht ar Oibreacha Bóithre
An tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna (SOLAS)
[8] 79
Colún 1 Colún 2
Gairm nó Gníomhaíocht Ghairmiúil Údarás Inniúil
Tá na gníomhaíochtaí a leanas sa chairéalú faoi réir seilbh a bheith ar theastas inniúlachta
Cairéalú Crochán/Comharthaíocht Ionramhálaí Teileascópach a oibriú Tarracóir/Scartaire a oibriú Craein shoghluaiste a oibriú Craein ráillí a oibriú Dumpaire altach a oibriú Dumpaire righin a oibriú Dumpaire suímh a oibriú Tochaltóir 180a oibriú Miontochaltóir a oibriú Tochaltóir 360a oibriú Lódaire tosaigh a oibriú Séideadh pléascán Maoirseacht Pléascán
Innealtóir Cairte Institiúid Innealtóirí na hEireann
Éisteolaí1
Oifigeach Sláinte Comhshaoil1
Aire Sláinte
Bithcheimiceoir Cliniciúil1 An tAire Sláinte nó, arna ainmniú faoi
Airteagal 27A den Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta 2005, an Bord Clárúcháin Bithcheimiceoirí Cliniciúla
Ortoptach1 An tAire Sláinte nó, arna ainmniú faoi
Airteagal 27A den Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta 2005, an Bord Clárúcháin Ortoptach
Coslia1 An tAire Sláinte nó, arna ainmniú faoi
Airteagal 27A den Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta 2005, an Bord Clárúcháin Coslianna
Síceolaí1 An tAire Sláinte nó, arna ainmniú faoi
Airteagal 27A den Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta 2005, an Bord Clárúcháin Síceolaithe
Diaitéiteach An Bord Clárúcháin Diaitéiteach
Teiripeoir Saothair An Bord Clárúcháin Teiripeoirí Saothair
Teiripeoir Radaíochta
Radagrafaí
An Bord Clárúcháin Teiripeoirí Radagrafaithe
Teiripeoir Urlabhra agus Teanga An Bord Clárúcháin Teiripeoirí Urlabhra agus Teanga
Ard-pharaimhíochaineoir Teicneoir Míochaine Éigeandála
Paraimhíochaineoir
Comhairle Cúraim Éigeandála Réamh-
Otharlainne
80 [8]
Múinteoir Bunscoile1
Múinteoir Iar-Bhunscoile1
Múinteoir Breis-Oideachais1
An Chomhairle Mhúinteoireachta
Fostaithe soláthraithe seirbhísí réamhscoile a oibríonn go díreach le páistí2
Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige
[8] 81
Colún 1 Colún 2
Gairm nó Gníomhaíocht Ghairmiúil Údarás Inniúil
Príomhinnealtóir Príomhoifigeach innealtóireachta tancaeir ola, ceimiceán nó gáis leachtaithe Príomh-mháta Príomh-mháta tancaeir ola, ceimiceán nó gáis leachtaithe Oifigeach Leictrea-Theicniúil Rátáil Leictrea-Theicniúil Gach máistir, oifigeach, aicmeach agus eile dá mbíonn ag obair ar long phaisinéirí atá ainmnithe le dualgais a chur de mar atá leagtha amach sna rialacháin Gach máistir agus aicmeach ainmnithe le saindualgais a chur de a bhaineann le lastas nó le trealamh lastais ar thancaeirí ola, ceimiceáin nó gáis leachtaithe. Máistir Máistir tancaeir ola, ceimiceáin nó gáis leachtaithe Oifigeach i gCeannas ar Fhaire Loingseoireachta Oifigeach i gCeannas ar Fhaire Innealtóireachta Daoine atá ainmnithe le haon fheidhmeanna éigeandála, sábháilteachta saothair, slándala, cúram leighis agus teacht slán mar atá sainithe sna Rialacháin Daoine ar gá teastas a bheith acu de réir Rialachán III/10.4 den Choinbhinsiún Sábháilteachta. Daoine a bhfuil príomhfhreagracht orthu as lódáil, díchur, cúram le linn aistrithe, ionramháil lastais, glanadh taiscumair nó aon oibríochtaí a bhaineann le lastas ar thancaeirí ola, ceimiceáin nó gáis leachtaithe de réir an cháis. Oibreoir Raidió Aicmeach Máirneálach Inniúil Deic Aicmeach Máirneálach Inniúil Inneal Aicmeach mar chuid d'Fhaire Loingseoireachta Aicmeach mar chuid d'Fhaire Innealtóireachta Dara hInnealtóir Dara hoifigeach innealtóireachta tancaeir ola, ceimiceáin nó gáis leachtaithe Innealtóir Grád 1 iascaireacht Innealtóir Grád 2 iascaireacht Innealtóir Grád 3 iascaireacht Dara mairnéalach lán iascaireacht Dara mairnéalach teoranta iascaireacht Iascaireacht speisialta Scipéir Lán iascaireacht Scipéir Teoranta iascaireacht Oibreoir Innil mhuirí Máistir Bád Paisinéirí Cócaire Loinge
An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
Fiaclóir/Déidlia Fiacla Altra Fiacla3
Teicneoir Cliniciúil Déidliachta Teiripeoir Ortódóntórachta
Comhairle Fiaclóireachta
82 [8]
Súileolaí Dáiliúcháin
Radharceolaí
Bord Clárúcháin na nGairmithe
Radharceolaíochta
[8] 83
Colún 1 Colún 2
Gairm nó gníomhaíocht ghairmiúil Údarás inniúil
Dochtúir/Liachleachtóir Comhairle na nDochtúirí Leighis
Maoirseoir Dorais
Garda Slándála
An tÚdarás um Shlándáil Phríobháideach
Oide Tiomána An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre
Leachtaitheoir
Iniúchóir
An tÚdarás Éireannach um Mhaoirseacht ar Iniúchadh agus Chuntasóireachta Cumann na gCuntasóirí Dearbhaithe Cairte Cumann na gCuntasóirí Idirnáisiúnta Institiúid Cairte Cuntasóirí Bainisteoireachta Institiúid Cairte Airgeadais agus Cuntasóireachta Poiblí Institiúid Cuntasóirí Cairte i Sasana agus sa Bhreatain Bheag Institiúid Cuntasóirí Cairte in Éirinn Institiúid Cairte Cuntasóirí Cairte in Albain Institiúid Cuntasóirí Poiblí Dearbhaithe in Éirinn Institiúid Cuntasóirí Poiblí Corpraithe Dlí-Chumann na hÉireann
Cleachtóir Dócmhainneachta Pearsanta
Idirghabhálaí Faofa
Seirbhís Dócmhainneachta na hÉireann
Soláthraí Seirbhísí Maoine: • Díol maoine nach talamh. • Díol nó ceannach talaimh, beag
beann ar mhodh. • Ligean talaimh ar cíos. • Seirbhísí bainistithe maoine.
An tÚdarás Rialála Seirbhísí Maoine
Cigire Aerthimpistí Príomh-Chigire an Aonaid um Imscrúdú Aerthionóiscí le faomhadh ag an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
84 [8]
Eolaí Míochaine1 Acadamh na hEolaíochta Cliniciúla agus an
Mhíochaine Saotharlainne nó, ar a ainmniú faoi Airteagal 27A den Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialta 2005, An Bord Clárúcháin Eolaithe Míochaine
Gníomhaire Paitinní Gníomhaire trádmharcanna
Rialtóir Paitinní, Dearaí agus Trádmharcanna
Cógaiseoir Comhairle Chumann Cógaisíochta na hÉireann
Fisiteiripeoir Bord Clárúcháin Fisiteiripeoirí
Cnáimhseach/Cnáimhseach Chláraithe
Altra/Altra Cláraithe
Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann
Comhairleoir Lotnaidicídí Cigire Trealamh Lotnaidicídí Dáileoir Lotnaidicídí Oibreoir/Úsáideoir Gairmiúil Lotnaidicídí
An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara
Oibrí Sóisialta Bord Clárúcháin Oibrithe Sóisialta
Dlíodóir Dlí-Chumann na hÉireann
Cleachtóir Tréidliachta
Altra Tréidliachta
Comhairle Tréidliachta na hÉireann
[8] 85
B. Gairmeacha agus gníomhaíochtaí gairmiúla faoi riail foras gairmiúil a
aithníonn an Stát i bhfoirm speisialta
Colún 1 Colún 2 Colún 3
Gairm nó gníomhaíocht ghairmiúil
Giorrúchán Údarás Inniúil
Teicneoir Cuntasóireachta ICAI Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn
Teicneoir Cuntasóireachta CAT Cumann na gCuntasóirí Dearbhaithe Cairte
Innealtóir Cairte
Teicneoir Innealtóireachta Innealtóir Gairmiúil Céime Teicneoir (Innealtóireachta)
C Eng, MIEI Eng Tech IEI
A Eng, AMIEI MIEI Tech, IEI
Institiúid Innealtóirí na hÉireann
Cuntasóir Dearbhaithe Cairte
ACCA Cumann na gCuntasóirí Dearbhaithe Cairte
Cuntasóir Poiblí Dearbhaithe ICPAI Institiúid na gCuntasóirí Poiblí Dearbhaithe in Éirinn
Cuntasóir Cairte ICAI, FCA Institiúid na gCuntasóirí Cairte in Éirinn
Pleanálaí Cairte Baile MRTPI Institiúid Ríoga Pleanála Baile, Brainse na hÉireann, an Rannóg Theas
Ceimiceoir FICI, MICI Institiúid Ceimice na hÉireann
Cuntasóir Poiblí Corpraithe
IIPA Institiúid na gCuntasóirí Poiblí Corpraithe
Comhairleoir Cánach AITI Institiúid Cánach na hÉireann
Pleanálaí Baile / Spáis MIPI Institiúid Pleanála na hÉireann
86 [8]
1 Arna rialú chun críche rochtain ar fhostaíocht earnáil phoiblí amháin.
2 Faoi ré i r d íolú in t í i Rialacháin 9(5) agus (6) den Ach t um Ch ú ram Leana í 1991 (Seirbhísí Luath-
Óige) Rialacháin 2016 (S.I. Uimh. 221 de 2016).
3 . I gcás altraí fiaclóireachta a dhéanann X-gha amháin atá rialú éigeantach.
[8] 87
Rialachán 12
Sceideal 2
GAIRMEACHA INAR GÁ D'ÚDARÁIS INNIÚLA FORÁIL I
gCOMHAIR CLÁRÚ SEALADACH UATHOIBRÍOCH AR AON
DUL LE RIALACHÁN 12(2)
Ard-Pharaimhíochaine
Bithcheimiceoir Cliniciúil1
Teicneoir Fiaclóireachta
Sláinteolaí Fiacla
Altra Fiacla
Fiaclóir / Cleachtóir
Fiaclóireachta
Diaitéiteach
Súileolaí Dáiliúcháin
Dochtúir/Liachleachtóir
Teicneoir Éigeandála Míochaine
Eolaí Míochaine1 Cnáimhseach /
Cnáimhseach Chláraithe Altra /
Altra Cláraithe
Teiripeoir Saothair
Radharceolaí
Teiripeoir Órtodóntachta
Órtoptach1
Paraimhíochaine
Cógaiseoir
Fisiteiripeoir
Coslia1
Síceolaí1
Teiripeoir
Radaíochta
Radagrafaí
Teiripeoir Urlabhra agus
Teanga
Oibrí Sóisialta
1 Ar ainmniú, mar údarás inniúil, Bhord Clárúcháin na Gairme seo faoi Alt 27A den Acht um Ghairmithe
Cúram Sláinte agus Cúraim Shóisialta 2005.
88 [8]
Rialachán 15
Sceideal 3
GAIRMEACHA A bhFUIL IMPLEACHTAÍ SLÁINTE NÓ
SÁBHÁILTEACHTA POIBLÍ AGUS I nDÁIL LE CÉ NA hÚDARÁIS
INNIÚLA A D'FHÉADFADH CÁILÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA A
SHEICEÁIL ROIMH CHÉAD SOLÁTHAR SEIRBHÍSÍ AR BHONN
SEALADACH AGUS ÓCÁIDEACH
Ard-pharaimhíochaine Seandálaí1 Éisteolaí Suirbhéir Tógála Innealtóir Cairte Bithcheimiceoir Cliniciúil Teicneoir Cliniciúil Fiaclóireachta Sláinteolaí Fiacla Altra Fiacla Fiaclóir/Cleachtóir Fiaclóireachta1
Diaitéiteach Súileolaí Dáiliúcháin Dochtúir/Liachleachtóir1 Oide Tiomána Teicneoir Éigeandála Míochaine Oifigeach Sláinte Comhshaoil Eolaí Míochaine Cnáimhseach/Cnáimhseach Chláraithe1 Altra/Altra Cláraithe1 Teiripeoir Saothair Radharceolaí Teiripeoir Órtodóntachta Órtoptach Paraimhíochaine Comhairleoir Lotnaidicidí Dáileoir Lotnaidicidí Cigire Trealamh Lotnaidicidí Úsáideoir/Oibreoir Gairmiúil Lotnaidicidí Cógaiseoir Fisiteiripeoir Coslia Síceolaí Teiripeoir Radaíochta Radagrafaí Oibrí Sóisialta Teiripeoir Urlabhra agus Teanga Altra Tréadliachta Cleachtóir Tréadliachta1
1 Maidir leis na gairmeacha seo, ní cheadaítear réamhsheiceáil ach nuair a bha in du in e t a i rb he a s
a i th in t u a tho ib r í och c á i l í oc h ta í faoi Chodanna 6 go 14.
[8] 89
Rialacháin 19, 20, 21 agus 22
Sceideal 4
LEIBHÉIL CÁILÍOCHTA FAOIN gCÓRAS GINEARÁLTA AITHINT
FIANAISE OILIÚNA
(a) dearbhú inniúlachta eisithe ag údarás inniúil sa Bhallstát baile a
ainmníodh de bhun fhorálacha reachtaíochta, rialála nó riaracháin an
Bhallstáit sin, ar na bunúis seo a leanas—
(i) cúrsa oiliúna nach cuid de theastas nó de dhioplóma é faoi chiall
leibhéal (b), (c), (d) nó (e), ná scrúdú faoi leith gan oiliúint roimh
ré, ná saothrú lánaimseartha na gairme mBallstát ar feadh trí
bliana i ndiaidh a chéile nó seal comhionann ar bhonn
páirtaimseartha le linn na 10 mbliana roimhe, nó
(ii) oideachas ginearálta bunscoile nó meánscoile, a dhearbhaíonn go
bhfuil eolas ginearálta faighte ag an sealbhóir;
(b) teastas a dhearbhaíonn gur críochnaíodh cúrsa meánleibhéil go
rathúil—
(i) atá ginearálta, arna fhorlíonadh le cúrsa staidéir nó oiliúna
gairmiúla seachas iad sin a luaitear i leibhéal (c) agus/nó an
cleachtas promhaidh nó gairmiúil atá riachtanach le cois an
chúrsa sin, nó
(ii) atá teicniúil nó gairmiúil, arna fhorlíonadh nuair is cuí ag cúrsa
staidéir nó oiliúna gairmiúla dá dtagraítear i bpointe (i) agus/nó
an cleachtas promhaidh nó gairmiúil atá riachtanach le cois an
chúrsa sin.
(c) dioplóma a dhearbhaíonn gur críochnaíodh go rathúil—
(i) oiliúint dara leibhéal seachas sin dá dtagraítear i leibhéil (d) agus
(e) a mhair bliain ar a laghad nó fad comhionann ar bhonn
páirtaimseartha, ar coinníoll iontrála dá chuid, mar riail
ghinearálta, gur críochnaíodh cúrsa dara leibhéal go rathúil atá
riachtanach le dul isteach san ollscoil nó san ardoideachas, nó gur
críochnaíodh go rathúil a chómhaith d'oideachas meánscoile
leibhéal a dó, chomh maith leis an oiliúint ghairmiúil a
d'fhéadfadh bheith riachtanach le cois an chúrsa iar-
mheánleibhéil sin, nó
(c) oideachas agus oiliúint rialaithe nó, i gcás gairmeacha
rialaithe, gairmoiliúint le struchtúr speisialta, le hinniúlachtaí
a théann thairis siúd a ndéantar foráil ina leith i leibhéal (b),
cómhaith an leibhéil oiliúna a ndéantar foráil ina leith faoi
phointe (i), má chuireann an leibhéal sin oiliúna caighdeán
gairmiúil inchomparáide agus ullmhaíonn an t-oiliúnaí le
haghaidh leibhéal inchomparáide freagrachtaí agus
feidhmeanna ar acht go bhfuil an dioplóma á thionlacan ag
teastas ag an mBallstát baile;
90 [8]
(d) dioplóma a dhearbhaíonn gur chríochnaigh an sealbhóir go rathúil
oiliúint iar-mheánleibhéil a mhair fad trí bliana ach nach mó ná
ceithre bliana, nó a chómhaith d'fhad ar bhonn páirtaimseartha, a
bhféadfadh líon coibhéiseach pointí creidmheasa ECTS a chur in iúl,
ar ollscoil nó in institiúid ardoideachais nó in institiúid eile ar leibhéal
coibhéiseach agus, nuair is cuí, gur éirigh leis nó léi an oiliúint
ghairmiúil riachtanach a chríochnú le cois an chúrsa iar-
mheánleibhéil;
(e) dioplóma a dhearbhaíonn gur chríochnaigh an sealbhóir go rathúil
cúrsa iar-mheánleibhéil a mhair ar a laghad ceithre bliana, nó fad
coibhéiseach ar bhonn páirtaimseartha, a bhféadfadh líon
coibhéiseach pointí creidmheasa ECTS a chur in iúl, ar ollscoil nó in
institiúid ardoideachais nó in institiúid eile ar leibhéal coibhéiseach
agus, nuair is cuí, gur éirigh leis nó léi an oiliúint ghairmiúil
riachtanach a chríochnú le cois an chúrsa iar-mheánleibhéil.
[8] 91
Rialachán 22
Sceideal 5
GAIRMEACHA AGUS GNÍOMHAÍOCHTAÍ GAIRMIÚLA AR GÁ
EOLAS CRUINN AR DHLÍ NÁISIÚNTA CHUN IAD A SHAOTHRÚ
AGUS, I nDÁIL LEIS SIN, AR GNÉ RIACHTANACH AGUS BHUAN É
DEN GHNÍOMHAÍOCHT GHAIRMIÚIL SOLÁTHAR COMHAIRLE NÓ
CÚNAIMH MAIDIR LE DLÍ NÁISIÚNTA
Teicneoir Cuntasóireachta
Ailtire
Idirghabhálaí Faofa
Cuntais Comhlachta a
Iniúchadh
Cuntais Phoiblí Comhlachta a Iniúchadh
Abhchóide
Measúnóir Rátála Foirgneamh (BER)
Suirbhéir Foirgneamh
Cuntasóir Dearbhaithe
Cuntasóir Poiblí Dearbhaithe
Cuntasóir Cairte
Innealtóir Cairte
Oide Tiomána
Leachtaitheoir
Gníomhaire Paitinní
Cleachtóir Dócmhainneachta
Dlíodóir
Comhairleoir
Cánach
Gníomhaire
Trádmharcanna
92 [8]
Rialacháin 72 agus 73
Sceideal 6
GAIRMEACHA AGUS ÚDARÁIS INNIÚLA LENA mBAINEANN CUID
9 (CÁRTA GAIRMÍ EORPACH)
Colún 1 Colún 2
Gairm Údarás Inniúil
Altraí freagrach as cúram ginearálta Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann
Cógaiseoir (bunoiliúint) Comhairle Chumann Cógaisíochta na hÉireann
Fisiteiripeoirí Bord Clárúcháin Fisiteiripeoirí na hÉireann
Treoraithe Sléibhe Aire Oideachais agus Scileanna
Gníomhairí eastáit réadaigh Údarás Rialála Seirbhísí Maoine
ARNA thabhairt faoi shéala
m'oifige, 17 Eanáir 2017.
RICHARD BRUTON,
Aire Oideachais agus Scileanna.
[8] 93
NÓTA MÍNIÚCHÁIN
(Ní cuid den Ionstraim é an nóta seo agus ní iarrann bheith ina léirmhíniú
dlíthiúil)
Tugann na Rialacháin seo (1) feidhm do Threoir 2005/36/CE de chuid
Pharlaimint na hEorpa agus de chuid na Comhairle an 7 Meán Fómhair 2005, mar
a leasiagh Treoir 2013/55/AE de chuid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle
an 20 Samhain 2013 agus Cinneadh Tarmligthe an Choimisiúin (AE) 2016/790 13
Eanáir 2016 (2) tugann siad lánfheidhm do Chinneadh Tarmligthe an Choimisiúin
(EU) 2015/983 an 24 Meitheamh 2015, agus (3) tugann siad feidhm d'Airteagal 49
den Chonradh um Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh sa mhéid go mbaineann an
tAirteagal sin le haithint cáilíochtaí cógaiseora.
Déanann na Rialacháin seo aisghairm ar na Rialacháin um Aithint Cáilíochtaí
Gairmiúla (Treoir 2005/36/CE) 2008, chomh maith le líon Rialachán comhchosúil
i dtaca le gairmeacha sláinte áirithe.
Is féidir tagairt a dhéanamh do na Rialacháin seo mar Rialacháin an Aontais
Eorpaigh (Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla) 2017.
BAILE ÁTHA CLIATH
ARNA FHOILSIÚ AG OIFIG AN tSOLÁTHAIR
Le ceannach díreach ó
FOILSEACHÁIN RIALTAIS,
52 FAICHE STIABHNA, BAILE ÁTHA CLIATH 2 (Teil:
01 - 6476834 nó 1890 213434; Fax: 01 - 6476843)
nó trí aon díoltóir leabhar.
——————
DUBLIN
PUBLISHED BY THE STATIONERY OFFICE
To be purchased from GOVERNMENT
PUBLICATIONS,
52 ST. STEPHEN'S GREEN, DUBLIN 2.
(Tel: 01 - 6476834 or 1890 213434; Fax: 01 - 6476843)
or through any bookseller.
——————
€17.78
Wt. (B32525). 305. 1/17. Essentra. Gr 30-15.