intouchjune13 dc layout 1 21/05/2013 12:38 page 54 ...intouch june 2013 55 teaching matters m luath...

2
54 InTouch June 2013 Cúrsaí Teagaisc Aistear – creat churaclam lu T á breis is 6,000 oide agus príomhoide taréis freastal ar chúrsaí agus ar cheardlanna chun cabhrú leo a gcleachtas múinteoireachta a chur i dtreo mhodhanna Aistear: Creat Chura- clam Luath Óige. An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) i bpáirt le hIonaid Oideachais ar fud na tíre atá ag eagrú na gceardlanna seo ó 2010 i leith. Cur síos í seo ar thaithí Shiobháin Uí Bhraoin, duine de na túitéirí bainteach le hIonad Oideachais na Carraige Duibhe, agus í i mbun athruithe curaclaim agus meastóireachta ina rang naíonán. “Ba cheart duitse cur isteach ar seo” arsa an príomhoide, ag teacht i mo threo le bileog eolais ag lorg daoine a léireodh spéis i bhfiontar nua, “nach í seo go díreach an nósmhaireacht a bhíonn sa rang seo?” B’shin mar a chuireasa aithne ar Aistear don chéad uair. Nuair a fhreastail mé ar an gcéad lá traenála b’fhacthas dom go raibh iomlán na fírinne aici. Bhí sé cinnte fíor i rangan- na naíonán na scoile seo, faoi chúram oidí eile a bhí sa seomra romham. Déarfainn go bhfuil sé fíor freisin do mhórán oidí i mbun ranganna ghaelscoileanna na tíre, ach go háirithe iad siúd a chleachtaíonn an luath thumoideachas iomlán. Níl bealach ar bith le tú féin a chur in iúl ach trí gheáitsíocht agus nach í an imirt (féin treoraithe ag an bpáiste) le fíor nithe, a chuireann le sealbhú na teanga? An méid sin ráite áfach, bhí go leor le foghlaim agam go foirmeálta faoi theo- raicí agus faoi mhodh an imeartha, agus cé nach raibh sé stráinséartha dom bhí athruithe bunúsacha go leor le cur i bhfeidhm sa tseomra ranga sula raibh sé de dhánaíocht agam a mhaíomh gur ar mhodh an aistir a fhoghlamaíonn na gasúir faoi mo chúram. Dhíbríos na málaí scoile as an seomra féin chun spás urláir a shaoradh chun imeartha, fuair mé réidh le méid áirithe bord, agus an méid atá ann is le falla atáid ag gobadh isteach sa tseomra agus pluaiseanna imeartha cothaithe eatartha. Creideann na himreoirí go bhfuil siad do-fheicthe ag na hudaráis ina leithéid de spás. Laghdaíomar go suntasach ar chlárú i leabhair oibre agus mhéadaigh an cúinne baile a cheannas ar spás an tseomra. Bhí bord an mhúinteora brúite chun balla le fada ach tá an chathaoir féin imithe ar strae ó fuaireas na cuisíní. Pé scéala é is fearr i bhfad do dhroim duine, a bheith suite ar aon leibhéal le daoine beaga atá ag caint nó ag imirt liom. aitin an cur chuige atá ar Aistear liom ón gcéad stracfhéachaint. Ní ábhar eile í le cur le hualach na hoibre, a mha- lairt ar fad, mar nascann i gcreat chura- clam, ábhair uile na bliana ionas go bhfuil (buíochas le Dia) níos lú spriocanna fogh- lama san iomlán le comhlíonadh. Caith- fidh mé a rá freisin gur árdaigh mo chroí nuair a bhí béim á chur ar shaorántacht an linbh mar chuid de phrionsabail Aistear. Tá sé tábhachtach dar liom a leithéid a mhionnú, rud a thuigeann lucht na gaelscolaíochta go rí-mhaith agus a gcearta á lorg acu as pota airgeadais an oideachais. Ba chóir a thabhairt faoi ndeara freisin go bhfuil lámhleabhar agus leathanaigh eolais Aistear ar fáil i ndá theanga gnáth-usáide na tíre seo ón gcéad lá agus go deimhin mórán de bhileoga cú- naimh do thuistí ar fáil anois i dteangacha teallaigh na nua-ghaeil. Faraoir nach mar sin a bhíodh an cleachtas ag gach fiontar oideachais lenár dtaithí. Uair imeartha? Sea, creid é nó ná creid caithimíd uair a chloig gach lá, idir an sos beag agus am lóin, ag imirt! Gnó táb- hachtach é, an sain mhodh foghlama do pháistí óga. Pleanáilimid ar feadh tamaillín: cén ábhar tógála a bheidh in usáid agam féin agus mo chomh scoláirí? Cad a thóg- faimid? Dearaimid nó déanaimíd pictiúr den túr ar mian linn a thógáil. Uaireanta scríobhaimid plean gnímh (cé le fírinne gur annamh a chloítear go dlúth leis). Bailímid ansin na cógaisí agus déanaimid spás dúinn féin, ag staiceáil na gcathaoireacha, chun suíomh tógála a láinseáil. Caithimid an tréimhse súgartha go cabaireach i mbun gnótha, sula gcláraimíd ár saothar leis an gceamara digiteach scoile roimh leagadh go talamh arís dár saothar. Ní mór gach bloc a bheith curtha i dtaisce agus cathaoireacha an ranga a bheith curtha arís i dtreo sula gcríochnaíonn an ceol glanta agus go bhfillimid ar an gnáth shaol. Ní bhíonn gá ar bith againne le leabhar oibre chun na cruthanna dé nó trí thomhaiseacha a mhúineadh dúinn. Tá a gcuid ainmneacha mar ghnáth chaint inár measc. Tugaimid cuntas ar a ndearnamar i bhfoirm pic- tiúrtha, cuntas ó bhéal barraicín le barraicín le cara, nó léiriú ós comhair an ranga. Le líon mór daltaí? Le dhá bhliain anuas d’oibrigh sé go breá agus mé i m’aonar. Tá béim nach beag sa scoil s’againne ar an gcomh mhúinteoireacht agus i mbliana cinneadh go gcaithfeadh oide eile uair a chloig tacaíochta in aghaidh an lae i mo rangsa agus uair le naíonáin shóisir atá ag gabháil don uair imeartha freisin. Táimid ar mhuin na muice! Is íontach an deis a thugann sé an tarna duine fásta a bheith ar fáil don imirt, ach go háirithe sa chéad téarma nuair a bhíonn cúrsaí cumarsáide sa nua theanga baolach go leor. Muna mbíonn ann ach go gcloiseann siad an bheirt againne ag cur síos ar a bhfuil ar siúl: ag cur creatlaigh teangan ar a n-iarrachtaí féin. Tá grúpaí imithe léi ar chamcuairteanna i ngáirdíní na scoile ar lorg nithe spéisiúla, d’aistrigh an caifé go cistin na scoile ag déanamh agus ag ól seacláid the uair eile. Bhí síoga ón rang sinsearach ag rince sa halla léi seachtain amháin (imirt fhisiciúil) agus an téarma seo le gaineamh agus uisce faoin aer is féidir súil a choimeád amuigh is istigh go bhfuil rudaí ina cheart. Ár mbuíochas dár gcuairteoir laethúil! Más féidir é is fiú. Ualach eagrúcháni? Ní inseod bréag. Tá an t-uafás ‘stuif’ sa seomra. Ba bhreá liom ailéar a bheith ann. Agus ní mór lipéidí pictiúrtha a bheith ar gach rud ionas go gcuirfear i dtaisce a leath diobh. Réamh leitheoireacht í seo dár ndóigh gan trácht ar shortáil, ar mheaitseáil agus ar rangú na luath ghníomhaíochtaí mata- maitice. Bíonn taighde agus ullmhúchán riach- tanach …ach nach raibh riamh? Agus nuair atá an seó socraithe, maireann sé. Nuair a thagann siad isteach ar an gcóras léann siad amchlár imeartha na seach- taine iad féin. Smaoinigh mar seo air, le cúig ionad imeartha eagraithe sa rang ní bheidh páiste ach ag tógáil, ag gabháil don saol beag nó san ionad taois ach ceithre huaire in aghaidh na míosa ar a mhéid, agus fonn air filleadh. Mairfidh ionaid áirithe ar feadh na bliana más mian. Athraíonn an socdhrámaíocht ach fásann Ní chreidfeá an méid foghlama a thárlaíonn neadaithe ins an raoi.

Upload: others

Post on 14-Oct-2020

2 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: IntouchJune13 DC Layout 1 21/05/2013 12:38 Page 54 ...InTouch June 2013 55 Teaching Matters m luath óige as téama amháin agus forbraíonn go nádurtha. Teilifís i seomra feithimh

54 InTouch June 2013

Cúrsaí Teagaisc

Aistear – creat churaclam lu

Tá breis is 6,000 oide agus príomhoidetaréis freastal ar chúrsaí agus archeardlanna chun cabhrú leo agcleachtas múinteoireachta a chur i

dtreo mhodhanna Aistear: Creat Chura-clam Luath Óige. An ChomhairleNáisiúnta Curaclaim agus Measúnachta(NCCA) i bpáirt le hIonaid Oideachais arfud na tíre atá ag eagrú na gceardlanna seoó 2010 i leith.

Cur síos í seo ar thaithí Shiobháin UíBhraoin, duine de na túitéirí bainteach lehIonad Oideachais na Carraige Duibhe,agus í i mbun athruithe curaclaim agusmeastóireachta ina rang naíonán.

“Ba cheart duitse cur isteach ar seo”arsa an príomhoide, ag teacht i mo threole bileog eolais ag lorg daoine a léireodhspéis i bhfiontar nua, “nach í seo godíreach an nósmhaireacht a bhíonn sarang seo?” B’shin mar a chuireasa aithnear Aistear don chéad uair.

Nuair a fhreastail mé ar an gcéad látraenála b’fhacthas dom go raibh iomlánna fírinne aici. Bhí sé cinnte fíor i rangan-na naíonán na scoile seo, faoi chúram oidíeile a bhí sa seomra romham. Déarfainngo bhfuil sé fíor freisin do mhórán oidí imbun ranganna ghaelscoileanna na tíre,ach go háirithe iad siúd a chleachtaíonnan luath thumoideachas iomlán. Nílbealach ar bith le tú féin a chur in iúl achtrí gheáitsíocht agus nach í an imirt (féintreoraithe ag an bpáiste) le fíor nithe, achuireann le sealbhú na teanga?

An méid sin ráite áfach, bhí go leor lefoghlaim agam go foirmeálta faoi theo-raicí agus faoi mhodh an imeartha, aguscé nach raibh sé stráinséartha dom bhíathruithe bunúsacha go leor le cur i bhfeidhm sa tseomra ranga sula raibh séde dhánaíocht agam a mhaíomh gur armhodh an aistir a fhoghlamaíonn nagasúir faoi mo chúram. Dhíbríos na málaíscoile as an seomra féin chun spás urláir ashaoradh chun imeartha, fuair mé réidh leméid áirithe bord, agus an méid atá ann isle falla atáid ag gobadh isteach sa tseomraagus pluaiseanna imeartha cothaitheeatartha. Creideann na himreoirí go bhfuilsiad do-fheicthe ag na hudaráis ina leithéidde spás. Laghdaíomar go suntasach archlárú i leabhair oibre agus mhéadaigh ancúinne baile a cheannas ar spás an tseomra.Bhí bord an mhúinteora brúite chun ballale fada ach tá an chathaoir féin imithe arstrae ó fuaireas na cuisíní. Pé scéala é isfearr i bhfad do dhroim duine, a bheith

suite ar aon leibhéal le daoine beaga atá agcaint nó ag imirt liom.

Thaitin an cur chuige atá ar Aistearliom ón gcéad stracfhéachaint. Ní ábhareile í le cur le hualach na hoibre, a mha-lairt ar fad, mar nascann i gcreat chura-clam, ábhair uile na bliana ionas go bhfuil (buíochas le Dia) níos lú spriocanna fogh-lama san iomlán le comhlíonadh. Caith-fidh mé a rá freisin gur árdaigh mo chroínuair a bhí béim á chur ar shaorántachtan linbh mar chuid de phrionsabail Aistear.Tá sé tábhachtach dar liom a leithéid amhionnú, rud a thuigeann lucht nagaelscolaíochta go rí-mhaith agus a gceartaá lorg acu as pota airgeadais anoideachais. Ba chóir a thabhairt faoindeara freisin go bhfuil lámhleabhar agusleathanaigh eolais Aistear ar fáil i ndátheanga gnáth-usáide na tíre seo ón gcéadlá agus go deimhin mórán de bhileoga cú-naimh do thuistí ar fáil anois i dteangachateallaigh na nua-ghaeil. Faraoir nach marsin a bhíodh an cleachtas ag gach fiontaroideachais lenár dtaithí.

Uair imeartha? Sea, creid é nó ná creidcaithimíd uair a chloig gach lá, idir an sosbeag agus am lóin, ag imirt! Gnó táb-hachtach é, an sain mhodh foghlama dopháistí óga. Pleanáilimid ar feadh tamaillín:cén ábhar tógála a bheidh in usáid agamféin agus mo chomh scoláirí? Cad a thóg-faimid? Dearaimid nó déanaimíd pictiúrden túr ar mian linn a thógáil. Uaireantascríobhaimid plean gnímh (cé le fírinnegur annamh a chloítear go dlúth leis).Bailímid ansin na cógaisí agus déanaimidspás dúinn féin, ag staiceáil nagcathaoireacha, chun suíomh tógála aláinseáil. Caithimid an tréimhse súgarthago cabaireach i mbun gnótha, sulagcláraimíd ár saothar leis an gceamaradigiteach scoile roimh leagadh go talamharís dár saothar. Ní mór gach bloc a bheithcurtha i dtaisce agus cathaoireacha anranga a bheith curtha arís i dtreo sulagcríochnaíonn an ceol glanta agus go bhfillimid ar an gnáth shaol. Ní bhíonn gá

ar bith againne le leabhar oibre chun nacruthanna dé nó trí thomhaiseacha amhúineadh dúinn. Tá a gcuid ainmneachamar ghnáth chaint inár measc. Tugaimid cuntas ar a ndearnamar i bhfoirm pic-tiúrtha, cuntas ó bhéal barraicín le barraicín le cara, nó léiriú ós comhair anranga.

Le líon mór daltaí? Le dhá bhliain anuas d’oibrigh sé go breá agus mé im’aonar. Tá béim nach beag sa scoil s’againne ar an gcomh mhúinteoireachtagus i mbliana cinneadh go gcaithfeadhoide eile uair a chloig tacaíochta inaghaidh an lae i mo rangsa agus uair lenaíonáin shóisir atá ag gabháil don uairimeartha freisin. Táimid ar mhuin namuice! Is íontach an deis a thugann sé antarna duine fásta a bheith ar fáil don imirt,ach go háirithe sa chéad téarma nuair abhíonn cúrsaí cumarsáide sa nua theangabaolach go leor. Muna mbíonn ann ach gogcloiseann siad an bheirt againne ag cursíos ar a bhfuil ar siúl: ag cur creatlaighteangan ar a n-iarrachtaí féin. Tá grúpaíimithe léi ar chamcuairteanna i ngáirdínína scoile ar lorg nithe spéisiúla, d’aistrighan caifé go cistin na scoile ag déanamhagus ag ól seacláid the uair eile. Bhí síogaón rang sinsearach ag rince sa halla léiseachtain amháin (imirt fhisiciúil) agus antéarma seo le gaineamh agus uisce faoinaer is féidir súil a choimeád amuigh isistigh go bhfuil rudaí ina cheart. Ármbuíochas dár gcuairteoir laethúil! Másféidir é is fiú.

Ualach eagrúcháni? Ní inseod bréag.Tá an t-uafás ‘stuif’ sa seomra. Ba bhreáliom ailéar a bheith ann. Agus ní mórlipéidí pictiúrtha a bheith ar gach rudionas go gcuirfear i dtaisce a leath diobh.Réamh leitheoireacht í seo dár ndóigh gantrácht ar shortáil, ar mheaitseáil agus arrangú na luath ghníomhaíochtaí mata-maitice.

Bíonn taighde agus ullmhúchán riach-tanach …ach nach raibh riamh? Agus nuair atá an seó socraithe, maireann sé.Nuair a thagann siad isteach ar an gcórasléann siad amchlár imeartha na seach-taine iad féin. Smaoinigh mar seo air, lecúig ionad imeartha eagraithe sa rang níbheidh páiste ach ag tógáil, ag gabháil donsaol beag nó san ionad taois ach ceithrehuaire in aghaidh na míosa ar a mhéid,agus fonn air filleadh. Mairfidh ionaidáirithe ar feadh na bliana más mian.Athraíonn an socdhrámaíocht ach fásann

�Ní chreidfeá an méidfoghlama athárlaíonn neadaitheins an spraoi.�

IntouchJune13_DC_Layout 1 21/05/2013 12:38 Page 54

Page 2: IntouchJune13 DC Layout 1 21/05/2013 12:38 Page 54 ...InTouch June 2013 55 Teaching Matters m luath óige as téama amháin agus forbraíonn go nádurtha. Teilifís i seomra feithimh

InTouch June 2013 55

Teaching Matters

m luath óige

as téama amháin agus forbraíonn go nádurtha. Teilifís i seomra feithimh inniu, an oigheann micrethonach a bhí sabhácús inné. Is gá spreagadh agus múnlúach is gá freisin leid an pháiste a ghlacadhd’ainneoin an méid a bhí i gceist saphlean. Ní chreidfeá an méid foghlama athárlaíonn neadaithe ins an spraoi. Isminic a bhíonn díol na míosa seochugainn tástálta agus tuigthe gan aonchur isteach uaimse.

Maidir le meastóireacht an rud is móatá suntasach i mo thuairim ná gur meast-óireacht ar pháiste atá i gceist seachasmarcáil spriocanna acadúla bunaithe arshraithleabhar chaighdeánta. Is ar aistearfoghlama saoil atá na gasúir agus mise agféachaint conas is fearr a thacód leo.

Ról an mhuinteora? Is imreoir mé,anois níos mó ná ariamh. Nuair a bhídrochlá againn coicís ó shoin, áit ardoirteadh iomar uisce sa mhullach archarn gainimhe ar urláir an phasáiste, bhí mise ar an aineolas go dtí gur shroichan taoide donn an cairpéad faoi mo chosa!Leithscéal an lae agamsa é, go raibh miseag an am sáite ag ól caifé imbialann nua oscailte sachúinne baile/socdhrá-maíochta. (Sé an riail atáann ná gur féidir teachtum lorg an fhaid is atáimle grúpa eile, má tá eilifint sa tóir ar dhuinenó do bhrístí trí thine).Ní raibh agus níortháinig! Ach féach airmar seo, cuireann aleithéid de lá igcuimhne do

mhúinteoir gur fada ó thárla tubaist dáleithéid, comhartha ar fhorbairt na ndaltaíó thús na bliana.

Caidreamh le tuistí. Sain-chomharthaar ghaelscoileanna is ea dlúth bhaint nadtuistí le reachtáil na scoile agus a dta-caíocht don fhoireann mar iomlán. Ní inniu ná inné a tharla sé. Luíonn an bhéimatá sa gcaidreamh seo in Aistear go compórdach linn. Tá cúram ar leith déantaagainn tuistí a thabhairt chun na scoile luath sa bhliain, chun a mhíniú dóibhnach droch rud é go mbeidh a gcuid gasúirag inseacht dóibh gur ag imirt a chaitheadaran lá. Tuigeann siad freisin go mbeidhmoill ar chlárú agus ar léitheoireachtfhoirmeálta an fhaid is a bhíonn fionnachtanfoghlama agus sealbhú teanga chumarsáideagus téarmaíocht theicniúil na n-ábharmar chéad chloch ar ár bpaidrín. Seo-laimíd nótaí rialta ag míniú cad atá idirlámhaibh againn agus fáiltímid i gcónaíroimh fhiosracht nó roimh cheist.

Tacaíocht udaráis na scoile. Ní dóighliom go raibh seo luaite go foirmeálta archeardlanna ar ar fhreastal mé. B’fhéidir

nár thugas faoi ndeara é toisc gurcuireadh fearadh na fáilte roimh

Aistear sa scoil s’agamsa óngcéad lá, agus mar sin

go ndearna mé ta-lamh slán de.

Nuair a tha-gann an

príomhoide isteach sa seomra cuireann síspéis i ngnó an imeartha, ag ceistiú nabpáistí agus iad gafa inti. Tá oidí eile istighar an rún, go mbíonn cluichí craiceáilte arbun sa chúinne thíos ansin agus tacaíonndaltaí sinsireacha na scoile le himirt faoinaer am lóin. Fiú na glantóirí bochta: nídeir siad focal faoin gciseach cártphár,péint agus boscaí bróg afheiceann saidrompu trathnóntaí, in ainm nacruthaíochta.

Cén fáth go ndéanfá Aistear ingaelscoil? Cén fáth nach ndéanfá? Nalaethannta seo ní ar son an airgid abheifeá i mbun oibre; árdú croí agusmeanma í an dul chun cinn rí-fheiceálacha dhéanann na gasúir i bhforbairt ambuanna uathúla féin agus mar bharr arsin go léir, is mór an spórt é! Táim níoscinntí inniu ná mar a bhí trí bliana ó shoingur mar seo is cóir a bheith.

Seo libh, bainigí ceol as. �

Is i Scoil Chualann i mBré atá Siobhán UíBhraoin ag múineadh agus í mar thúitéirbainteach le Ionad Oideachais an CarraigeDuibhe. Ríomhphost: [email protected], fón:

. Féach le tuil-leadh eolais a fháil faoi

cheardlanna Aistear ód’ionad oideachaislogánta.

IntouchJune13_DC_Layout 1 21/05/2013 12:38 Page 55