guardian - ccea.org.uk · grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na...

119
roid muid ina n-éadan lenár gcuid ceoil. Ba é sin an t-aon arm a bhí againn. léaráidí le Michael Foreman AN CUMADÓIR SCÉALTA IS FEARR LEIS AN NÁISIÚN

Upload: others

Post on 27-Mar-2020

4 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

MIC

HA

EL

MO

RP

UR

GO

A

N C

HE

IST FA

OI M

OZ

AR

T

“Ón chÉad abairt i leabhar de chuid Michael Morpurgo,

tuigeann tÚ go bhfuil tÚ i lÁmha scÉalaÍ nÁdúrtha.”

Guardian

Nuair a chuirtear Lesley, tuairisceoir úr, chun na Veinéise le hagallamh a chur ar veidhleadóir a bhfuil clú domhanda air,

insítear don iriseoir go dtig léi ceist a chur ar Paolo Levi faoi rud ar bith faoina shaol agus a shaol mar cheoltóir, ach nach féidir léi ar ór ná ar airgead ceist Mozart a chur; ceist

Mozart in am ar bith. Tuigeann Paolo, áfach, go gcaithfidh sé an fhírinne a

nochtadh sa deireadh.

“Scéal corraitheach faoina léaráidí galánta, ina bhfuil rúin, bréaga agus stair.”

The Independent Throid muid ina n-éadan lenár gcuid ceoil.Ba é sin an t-aon arm a bhí againn.

léaráidí le Michael Foreman

AN CUMADÓIR SCÉALTA IS FEARR LEIS AN NÁISIÚN

COUNCIL FOR THE CURRICULUM, EXAMINATIONS AND ASSESSMENT29 Clarendon Road, Clarendon Dock, Belfast BT1 3BGTel: +44 (0)28 9026 1200 Fax: +44 (0)28 9026 1234Email: [email protected] Web: www.ccea.org.uk

Page 2: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 3: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 4: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

Michael Morpurgoléaráidí le

Michael Foreman

Page 5: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

Téacs © 2006 Michael MorpurgoLéaráidí © 2007 Michael Foreman

Arna fhoilsiú den chéad uair 2006 in Singing for Mrs Pettigrew: A Story-maker’s Journey

le Walker Books Ltd, 87 Vauxhall Walk, Londain SE11 5HJ

Arna fhoilsiú trí shocrú le Walker Books Limited,

Londain SE11 5HJ.

Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den leabhar seo a atáirgeadh, a tharchur ná a choinneáil i gcóras aisghabhála faisnéise ar aon mhodh ná slí, bíodh sin grafach, leictreonach nó meicniúil, ar a n-áirítear fótachóipeáil, téipeadh agus taifeadadh, gan cead a

fháil i scríbhinn roimh ré ón fhoilsitheoir.

Aistriúchán © CCEA 2017

Pádraig de Bléine, ar Léachtóir Sinsearach éle Roinn na Gaeilge i gColáiste Ollscoile Naomh Muire

i mBéal Feirste, a d’aistrigh an t-úrscéal seo

Page 6: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

Do Christine Baker M.M. & M.F.

Page 7: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 8: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

7

á ceist amháin ann a chuirtear orm go

han-mhinic agus tá sé furasta a fhreagairt.

An cheist: cad é mar a thosaigh tú amach mar

scríbhneoir? An freagra: aisteach go leor,

thosaigh mé amach leis an cheist chéanna sin, a

bheag nó a mhór, a chur ar dhuine éigin eile.

Caithfidh mé a rá go raibh an t-ádh dearg orm

go raibh mé ábalta an cheist sin a chur air.

Ba chóir dom an scéal a mhíniú.

T

Page 9: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

8

Ar ndóigh mar a tharlaíonn go minic, nuair

a bhí an t-ádh dearg orm, bhí mí-ádh ar dhuine

éigin eile. Bhí sí trína chéile ar an ghuthán.

Tháinig an scairt tráthnóna Domhnaigh. Ní

raibh mé ag obair leis an nuachtán ach le trí

seachtaine. Tuairisceoir óg a bhí ionam, ba é sin

an chéad phost le pá a bhí agam.

“A Lesley?” Mo shaoiste a bhí ann, a scríobh

tuairiscí ar na healaíona. Meryl Monkton

an t-ainm a bhí uirthi agus bean a bhí inti a

chuirfeadh eagla ort in amanna. Níor chuir sí a

cuid ama amú ag déanamh comhrá, níor chuir

riamh. “Éist, a Lesley, tá fadhb agam. Bhí mé le

dul chun na Veinéise amárach le hagallamh a

chur ar Paolo Levi.”

Page 10: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

9

“Paolo Levi?” arsa mise “An veidhleadóir?”

“An bhfuil Paolo Levi ar bith eile ann?”

Ní dhearna sí iarracht ar bith a míshásamh a

cheilt. “Éist liom, a Lesley. Tharla taisme dom

nuair a bhí mé ag sciáil agus tá mé san ospidéal

san Eilvéis. Beidh ortsa dul chun na Veinéise i

m’áit.”

“Ó, tá sé sin go dona,” arsa mise, agus mé

ag déanamh mo dhíchill an lúcháir a bhí orm

a cheilt. Ní raibh mé ach trí seachtaine sa

phost agus bhí mé ag dul a chur agallamh ar an

veidhleadóir mór le rá Paolo Levi sa Veinéis!

Labhair léi faoin taisme, arsa mise liom féin.

Lig ort go bhfuil tú buartha – iontach buartha.

“Cad é mar a tharla sé?” a d’fhiafraigh mé di.

Page 11: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

10

“An taisme sciála, atá mé a rá.”

“Ag sciáil,” ar sise go borb. “Cuireann sé

isteach go mór orm nuair a bhíonn trua ag

daoine dom.”

“Mo leithscéal,” arsa mise.

“Chuirfinn siar é dá

dtiocfadh liom, a Lesley,” ar

sise ag leanúint uirthi, “ach

tá eagla orm sin a dhéanamh.

Thóg sé breis agus bliain é a

fháil. A chéad agallamh le

blianta a

bheas ann.

Agus fiú

Page 12: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

11

ansin bhí orm m’fhocal a thabhairt dó gan ceist

a chur air faoi Mozart. Mar sin de, ná cuir ceist

air faoi Mozart, an bhfuil sé sin soiléir? Má

chuireann tú, cuirfidh sé an t-agallamh ar ceal –

chuir sé agallaimh ar ceal roimhe mar gheall air

sin. Tá an t-ádh dearg orainn é a fháil, a Lesley.

Ba mhian liom féin go dtiocfadh liom a bheith

ann leis an agallamh a chur air. Ach níl an dara

rogha againn ach tú féin é a dhéanamh.”

“An cheist faoi Mozart?” a d’fhiafraigh mé

go stadach.

Bhí tost fada ar an taobh eile den líne

ghutháin.

“An bhfuil tú ag iarraidh a rá nach bhfuil

tú eolach ar Paolo Levi agus an cheist faoi

Page 13: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

12

Mozart? Cá háit a raibh tú, a ghirseach? Nach

bhfuil a fhios agat rud ar bith faoi Paola Levi?”

Go tobann mhothaigh mé go mbeadh an

seans caillte agam. Bhí orm ligean orm féin go

raibh a fhios agam faoi, go raibh a fhios agam

cuid mhór faoi.

“Bhuel, rugadh é am éigin sna naoi déag

caogaidí,” a thosaigh mé. “Caithfidh sé go

bhfuil sé thart faoi chaoga bliain d’aois anois.”

“Caoga go díreach i gceann coicíse,” arsa

Meryl Monkton ag cur isteach orm agus í ag

ligean osna. “Beidh sé ag ceiliúradh a bhreithlá

caoga bliain ag a cheolchoirm i Londain. Is é

sin an fáth a mbeidh an t-agallamh ann. Lean

ort.”

Page 14: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

13

D’inis mé di gach rud a bhí ar eolas agam

faoi. “Páiste fíorchumasach agus ríchliste, dála

Yehudi Menuhin. Sheinn sé ag ceolchoirm

mhór den chéad uair agus é trí bliana déag

d’aois. Is dócha gurb é an fáth is mó a bhfuil clú

air ná an dóigh a seinneann sé ceol Bach agus

Vivaldi. Dála Menuhin, is minic a sheinn sé le

Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó

le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn

sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme

an domhain, os comhair uachtarán, ríthe agus

banríonacha. Chuala mé ag an Royal Festival

Hall i Londain é cúig bliana ó shin anois, sílim.

Bhí sé ag seinm Coinséartó Veidhlín de chuid

Beethoven; bhí sé thar barr. Ní thaitníonn

Page 15: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

14

bualadh bos leis. Ní fhanann sé le bualadh bos

in am ar bith. Ní chreideann sé ann, is cosúil.

An oíche a chonaic mise é, d’imigh sé ón ardán

agus níor tháinig sé ar ais. Síleann sé má tá

bualadh bos le bheith ann gur chóir go mbeadh

sé ann don cheol, nó b’fhéidir don chumadóir

ceoil, ach gur cinnte nár chóir bualadh bos a

thabhairt don cheoltóir. Deir sé gur cuid den

cheol é an ciúnas ag deireadh an chur i láthair

agus nár chóir cur isteach air. Ní thaifeadann sé

rud ar bith ach oiread. Creideann sé gur chóir

ceol a sheinm beo, in áit é a bheith taifeadta

roimh ré. Tá sé iontach príobháideach mar

dhuine. Aonarach. Ciúin. Cónaíonn sé leis féin

sa Veinéis, áit ar rugadh é. Is dócha go bhfuil sé

Page 16: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

15

ar na ceoltóirí is clúití ar domhan, agus —”

“An ceoltóir is clúití, a Lesley, ach ní maith

leis an plámás ar chor ar bith. Is maith leis

daoine a bheith ag labhairt go hionraic leis.

Mar sin de, ná bí ag umhlú dó, ná bíodh do

shúile lán iontais, agus thar rud ar bith eile, ná

Page 17: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

16

bí neirbhíseach. An mbeidh tú ábalta é sin a

dhéanamh?”

“Beidh, a Meryl” a d’fhreagair mé agus a

fhios agam go mbeadh sé deacair go leor dom

mo bhéal a oscailt fiú agus mé in aice leis an

fhear iontach seo.

“Agus cibé rud a dhéanann tú, labhair ar

chúrsaí ceoil. Labharfaidh sé ar chúrsaí ceoil

agus ar chumadóirí ceoil go maidin. Ach ná

labhair ar chúrsaí pearsanta. Agus thar rud ar

bith eile ná cuir ceist air faoi Mozart. Agus rud

eile de, ná tabhair téipthaifeadán leat. Tá fuath

aige ar na giuirléidí. Scríobh síos nótaí. Thig

leat scríobh go gasta, nach dtig? Trí mhíle focal.

Is é seo do sheans mór, ná déan praiseach de, a

Page 18: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

17

Lesley.”

Níl brú ar bith orm, mar sin, dar liom féin.

Mar sin de, go díreach ar a sé a chlog an

tráthnóna ina dhiaidh sin, bhí mé taobh amuigh

d’árasán Paolo Levi sa Dorsoduro sa Veinéis.

Bhí mo sceadamán tirim agus bhí mo chroí

ag bualadh go trom agus mé ag déanamh mo

sheacht ndícheall a bheith ar mo shuaimhneas.

Page 19: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 20: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 21: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

20

Rith sé liom arís, mar a rith sé liom minic go

leor ar an eitleán, nach raibh barúil ar bith agam

cén fáth nár chóir ceist a chur air faoi Mozart.

Bhí a fhios agam go díreach nár chóir

dom ceist a chur air faoi Mozart. Bhí sé fuar

feanntach, an cineál sin fuachta a théann

go smior ionat agus a dhéanann do chluasa

nimhneach. Bhí an chuma ar an scéal nár

chuir an fuacht isteach ar na siamsóirí sráide

sa chearnóg taobh thiar díom: daoine a raibh

maisc ghránna ar a súile agus iad ar chosa croise

ag siúl trasna na cearnóige. Bhí fear míme ann in

éadaí a raibh dath an airgid orthu ina sheasamh

gan bogadh ar bith as taobh amuigh den chaifé

agus scaifte turasóirí ag stánadh air agus iad lán

Page 22: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

21

iontais. Osclaíodh an doras, agus bhí sé ansin os

mo chomhair, Paola Levi, fear néata tanaí agus

a chuid gruaige dubh ag titim ar a ghuaillí.

“Is mise Lesley McInley,” arsa mise. “Tháinig

mé anall ó Londain.”

“Ón nuachtán, is dócha.” Níor chuir sé fáilte

romham le haoibh an gháire. “Ba chóir duit

teacht isteach. Druid an doras i do dhiaidh; tá

fuath agam ar an fhuacht.” Bhí a chuid Béarla

foirfe, gan blas ar leith air. Bhí an chuma air go

raibh sé ábalta mo chuid smaointe a léamh. “Tá

Béarla measartha maith agam,” ar seisean agus

muid ag dul suas an staighre. “Tá teanga cosúil

le ceol. Foghlaimíonn tú níos fearr í agus tú ag

éisteacht léi.”

Page 23: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

22

Thug sé síos an halla mé agus isteach i seomra

mór a bhí folamh ach amháin go raibh tolg in

aice leis an fhuinneog a raibh cuid mhór cúisíní

air, mórphianó ina lár agus seastán ceoil in aice

láimhe. Ní raibh ach dhá chathaoir uilleacha

agus tábla ag an taobh eile. Ní raibh a dhath

ar bith eile ann. “Is maith liom é a choinneáil

folamh,” ar seisean.

Bhí sé an-aisteach. Bhí sé ag léamh mo

chuid smaointe. Má bhí mé míshuaimhneach

roimhe sin bhí mé níos measa anois.

“Tá spás de dhíth ar an fhuaim le hanálú, go

díreach ar an dóigh chéanna agus atá an t-aer

de dhíth orainne,” ar seisean.

Threoraigh sé chuig cathaoir mé agus

Page 24: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

23

shuigh sé. “Ólfaidh tú tae miontais?” ar seisean

agus é ag líonadh cupáin dom. Bhí a chairdeagan

dúghorm agus a bhríste liath caite ach galánta

ag an am chéanna. Ní raibh a shlipéir ag teacht

Page 25: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

24

leis na héadaí ach bhí an chuma orthu go raibh

siad compordach. “Is iad mo chosa is measa

nuair a bhíonn fuacht ann.” Bhí sé ag stánadh

orm anois, agus a shúile géar lonrach. “Tá tú

níos óige ná a shíl mé a bheifeá,” ar seisean.

“Fiche a trí?” Níor fhan sé gur thug mé freagra

– bhí a fhios aige go raibh an ceart aige. “Ar

chuala tú mé ag seinm?”

“Coinséartó Veidhlín de chuid Beethoven.

Sa Royal Festival Hall i Londain, roinnt blianta

ó shin. Bhí mé i mo mhac léinn.” Is ag an

bhomaite sin a thug mé faoi deara a veidhlín

agus a bhogha taobh leis an fhuinneog.

“Is maith liom a bheith ag cleachtadh in

aice leis an fhuinneog,” ar seisean, “sa dóigh go

Page 26: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

25

dtig liom breathnú ar an tsaol ag dul thart ar an

chanáil. Cuireann sé an t-am isteach. Fiú agus

mé i mo pháiste, ní raibh mórán dúil agam sa

chleachtadh. Ach is breá liom a bheith in aice le

huisce, le hamharc amach air. Nuair a théim go

Londain, caithfidh mé seomra a fháil in aice leis

an Tamais. I bPáras, caithfidh mé a bheith in aice

leis an tSéin. Is breá liom an solas a chruthaíonn

an t-uisce.” D’ól sé braon den tae miontais,

Page 27: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

26

agus é ag stánadh orm i rith an ama. “Nár chóir

duitse a bheith ag cur ceisteanna ormsa?” Lean

sé air. “Tá mise ag labhairt barraíocht. Cuireann

iriseoirí imní orm i gcónaí. Bím ag labhairt

barraíocht nuair a bhím neirbhíseach. Nuair a

théim chuig an fhiaclóir bím ag labhairt. Bím

ag labhairt roimh cheolchoirm. Mar sin de,

rachaidh muid i mbun na hoibre, an rachaidh?

Agus ná cuir barraíocht ceisteanna orm le do

thoil. An gcoinneoidh muid deas furasta é? Cuir

thusa ceist amháin orm agus lig domsa a bheith

ag labhairt liom. An mbainfidh muid triail as

sin?” Níor mhothaigh mé in am ar bith go raibh

sé seachantach ná maslach ach go raibh sé ag

iarraidh a bheith díreach liom. Ní dhearna sin

Page 28: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

27

an obair mórán níos fusa, mar sin féin.

Bhí an taighde uilig déanta agam, bhí cuid

mhór nótaí scríofa agam agus bhí cuid mhór

ceisteanna ullmhaithe agam; anois, áfach, agus

é ag amharc orm agus ag dúil le ceisteanna, ní

raibh mé ábalta mo chuid smaointe a chur le

chéile.

“Bhuel,” a thosaigh mé, “tá a fhios agam

nach dtig liom ceist a chur ort faoi Mozart, a

Uasail Levi, cionn is gur dhúirt siad liom gan

ceist a chur ort faoi. Níl a fhios agam fiú cén

fáth nár chóir ceist a chur faoi Mozart, agus

mar sin de ní thiocfadh liom ceist a chur ort

fiú dá mba mhaith liom; agus cibé ar bith, tá a

fhios agam nach maith leat ceist faoi, agus mar

Page 29: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

28

sin de ní chuirfidh mé ceist ort faoi.”

Bhí mé ag iarraidh níos measctha suas le

gach focal a labhair mé. Rinne mé iarracht

mhór agus labhair mé amach. Chuir mé an

chéad cheist a tháinig liom.

“A Uasail Levi,” arsa mise, “ar mhiste leat a

insint dom cad é mar a thosaigh tú amach. Is

é an rud atá mé ag iarraidh a rá, cad chuige ar

thóg tú veidhlín agus cad chuige ar thosaigh tú

a sheinm an chéad lá riamh?” Ceist shoiléir a

bhí ann, ach ceist phearsanta a bhí ann chomh

maith, go díreach an cineál ceiste nár chóir dom

a chur air.

Ba léir ón rud a rinne sé nár chuir mé ceist

cheart air. Shuigh sé siar sa chathaoir agus

Page 30: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

29

dhruid a shúile. Níor labhair sé focal ar feadh

cúpla bomaite. Bhí mise cinnte de go raibh sé

ag iarraidh fanacht socair nó fiú an fhearg a bhí

air a choinneáil faoi smacht, agus go raibh sé ag

dul a oscailt a shúl agus iarraidh orm imeacht.

Nuair a d’oscail sé a shúile, stán sé ar an

tsíleáil ar feadh tamaill. Bhí cuma dháiríre air

agus thiocfadh liom a fheiceáil go raibh sé ag

smaoineamh go domhain. Shíl mé go raibh mo

phort seinnte. Ach in áit mé a chur amach as a

theach, is é rud a sheas sé agus a shiúil sé anonn

go fadálach chuig an tolg a bhí in aice leis an

fhuinneog. Thóg sé a veidhlín agus shuigh arís

ar na cúisíní agus a veidhlín ar a ghlúine. Bhí sé

ag obair ar chúpla téad lena dhéanamh réidh.

Page 31: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

30

“Inseoidh mé scéal duit,” a thosaigh sé.

“Nuair a chríochnóidh mé, ní bheidh gá le

ceist ar bith eile a chur orm. D’inis duine éigin

domsa tráth gur bréaga iad na rúin uilig. Tá an

t-am ann, sílim, gan bréag ar bith eile a insint.”

Stad sé ar feadh bomaite. Mhothaigh mé go

raibh sé á neartú féin, go raibh sé ag cruinniú

misnigh.

“Tosóidh mé le

m’athair. Bearbóir

a bhí ann. Bhí

Papa i mbun

siopa beag bearbóra

díreach ar chúl an

Accademia, in aice

Page 32: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

31

leis an droichead, dhá bhomaite ón áit seo.

Chónaigh muid os cionn an tsiopa, mé féin,

Mama agus Papa, ach chaith mé an chuid is mó

den am thíos staighre sa tsiopa bearbóra, i mo

shuí ar na cathaoireacha agus mé ag luascadh na

gcos, ag déanamh meangadh gáire le m’athair

agus lena chuid custaiméirí sa scáthán, go

díreach ag amharc air. Thaitin na laethanta sin

liom, bhí dúil mhór agam i m’athair. Caithfidh

sé go raibh mé thart faoi naoi mbliana d’aois ag

an am sin. Bhí mé beag go leor do m’aois. Bhí i

gcónaí. Tá go fóill.”

Labhair sé go mall agus go cúramach, amhail

is go raibh sé thiar san am sin arís, agus é ábalta

gach rud a fheiceáil mar a bhí an t-am sin agus

Page 33: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 34: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 35: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

34

é ag labhairt liom. Bhí mé maith ag scríobh

nótaí, agus mar sin de, bhí an t-am agam

amharc suas air ó am go ham agus é ag labhairt.

Mhothaigh mé láithreach bonn gur mise an

chéad duine ar inis sé an scéal seo dó, agus mar

sin de, bhí a fhios agam fiú agus é á insint cé

chomh mór agus cé chomh tábhachtach agus

a bhí an insint seo dó féin, agus domsa ach ar

leibhéal eile ar fad.

“Bhí méara gasta ag Papa, bhí a shiosúr ag

déanamh ceoil ina lámha. Shíl mé go raibh

tiúin nua aige do gach aon chustaiméir, agus

é chomh maith sin ag obair gan stad gan

staonadh go raibh mé faoi dhraíocht aige. Bhí

ciúnas iomlán ann nuair a bhí sé ag obair. Dar

Page 36: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

35

leat, bhí tiúin á seinm ag an tsiosúr agus bhí an

chíor á stiúradh. Bhí a fhios ag a chustaiméirí

nár mhaith an rud ar chor ar bith cur isteach ar

an taispeántas, agus bhí a fhios agam féin fosta.

Sílim go raibh a oiread céanna aithne agam ar

a chustaiméirí agus a bhí aige féin. D’fhás mé

aníos leo. Tháinig siad chuig an tsiopa go rialta.

Bhí cuid acu ina suí agus na súile druidte acu

agus Papa i mbun a chuid draíochta; d’amharc

cuid eile orm sa scáthán agus iad ag caochadh

súile orm.

“Bhí an bearradh féasóige chomh draíochtúil

agus chomh ceolmhar céanna: chuimil Papa an

scuab go gasta ar an aghaidh. Ansin chuir sé

faobhar ar an rásúr. Bhí ceol ann ansin fosta agus

Page 37: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

36

é ag cuimilt an rasúir den iall. Ansin, diaidh ar

ndiaidh, bhain Papa an fhéasóg den aghaidh go

sciliúil lena rásúr, go dtí go raibh aghaidh an

chustaiméara le feiceáil arís eile.

Page 38: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

37

“Nuair a bhí sé réidh, labhair sé féin agus

na custaiméirí, agus bhíodh siad ag caint ar an

pheil an t-am ar fad, ar Inter Milan go háirithe,

nó ó am go ham ar chúrsaí polaitíochta nó ar

mhná. Ní cuimhin liom go díreach cad é a dúirt

siad, b’fhéidir cionn is nár thuig mé an chuid is

mó de, ach tá a fhios agam go ndearna siad cuid

mhór gáire. Is maith is cuimhin liom sin. Ansin

bhí an chéad chustaiméir eile ina shuí agus thit

an ciúnas agus thosaigh taispeántas eile le tiúin

an tsiosúir. Tá mé cinnte de gur fhoghlaim mé

faoi chúrsaí rithime den chéad uair sa tsiopa sin,

agus faoin dóigh le d’aird a dhíriú ar rud éigin.

D’fhoghlaim mé fosta an dóigh le héisteacht.

“Ní hamháin go raibh Papa ar an bhearbóir

Page 39: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

38

ab fhearr sa Véineis – dúirt gach duine an méid

sin – ceoltóir a bhí ann fosta, veidhleadóir a bhí

ann. Ach aisteach go leor, veidhleadóir a bhí

ann nár sheinn an veidhlín. Ní fhaca mé riamh

é á sheinm. D’inis Mamaí gur cheoltóir a bhí

ann agus ní bheadh a fhios agam murab é sin.

Bhí na deora ina súile agus í ag insint dom faoin

veidhlín. Chuir sé sin iontas orm mar ní minic

a bhí sí ag caoineadh. Veidhleadóir den chéad

scoth a bhí ann, an veidhleadóir ab fhearr sa

cheolfhoireann ar fad. Nuair a d’fhiafraigh mé

di cén fáth nár sheinn sé níos mó, thiontaigh

sí a droim liom, d’éirigh sí iontach ciúin agus

dúirt liom go mbeadh orm féin ceist a chur ar

Papa. Mar sin de, chuir mé ceist air. Chuir mé

Page 40: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

39

ceist air arís agus arís eile, agus ní dhearna sé

ach a ghuaillí a chroitheadh agus rud éigin a rá

nach raibh mórán céille leis mar: ‘tagann athrú

ar dhaoine, a Paola. Tagann athrú ar an tsaol.’

Agus b’shin deireadh leis.

“Ní dhearna Papa cuid mhór cainte riamh,

fiú sa bhaile, ach bhí a fhios agam sa chás seo

go raibh sé ag ceilt rud éigin agus gur chuir mo

cheist isteach air. Níor chuir sé sin stop liom,

áfach, agus choinnigh mé ag cur na ceiste air.

Dhiúltaigh sé labhairt air agus mar sin d’éirigh

mé níos amhrasaí arís. Bhí mé iomlán cinnte de

go raibh sé ag ceilt rud éigin. Ní raibh ionam

ach páiste, ach thuig mé go raibh rud éigin

mícheart. Bhí a fhios agam i mo chroí istigh

Page 41: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

40

go raibh sé ag ceilt rud éigin. Mhothaigh mé

go raibh rún domhain aige, ach mhothaigh mé

fosta nach raibh Papa ag dul a insint dom. Dá

mbeinn leis an rún a chluinstin, ba í Mama a

d’inseodh an scéal dom.

“Mar a tharla sé, bhí an ceart ar fad agam

go raibh rud éigin mícheart. I ndeireadh na

dála chuir mé a oiread sin ceisteanna ar mo

mháthair gur ghéill sí – ach ní ar an dóigh a

raibh mé ag dúil leis. ‘Maith go leor, a Paolo,’ ar

sise i ndiaidh dom a bheith á ceistiú gan stad gan

staonadh maidin amháin. ‘Má thaispeánaim an

veidhlín duit an dtabharfaidh tú gealltanas dom

go gcuirfidh tú stop leis na ceisteanna gránna

sin? Agus rud eile de, níl cead agat a insint do

Page 42: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

41

Papa gur thaispeáin mé duit é. Bheadh fearg

mhór air. Tabhair gealltanas dom anois.’

“Mar sin de thug mé gealltanas, gheall mé go

daingean, agus ansin bhí mé i mo sheasamh ina

seomra leapa ag amharc uirthi agus í ag dul in

airde ar chathaoir le é a fháil ón áit a raibh sé ar

bharr an chófra. Bhí seanbhlaincéad liath thart

air. Chuaigh mé síos ar mo ghlúine ar a leaba

in aice léi nuair a bhí sí ag baint an bhlaincéid

de. D’oscail sí cás an veidhlín. Is cuimhin liom

go raibh boladh air. Seanbholadh taise. Bhí

an t-éadach ar an taobh istigh caite stróicthe.

Thóg Mama an veidhlín go hiontach cúramach.

Bhí urraim aici dó. Ansin thug sí domsa é.

“Leag mé mo mhéar ar an adhmad

Page 43: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

42

álainn. Bhí dath air mar a bheadh mil ann,

mil dhorcha ar an tosach agus dath órga ar

an chúl. Chuimil mé

mo mhéara ar na

pionnaí dubha, ar

an droichead

agus ar an

scrolla álainn.

Is cuimhin

liom go raibh

sé iontach

é a d r o m .

Bhí mé faoi

dhraíocht ag

a áilleacht. Bhí

Page 44: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

43

a fhios agam láithreach go raibh an veidhlín seo

lán de cheol an domhain, agus go raibh sé ag

dúil go mór le teacht amach. Ba mhian liom

go mór gur mise an duine a bheadh ábalta an

ceol a scaoileadh saor as, é a chur ina shuí faoi

mo smig, seinm ar na téada, triail a bhaint as an

bhogha. Bhí mé ag iarraidh é a dhéanamh beo

láithreach, ceol a bhaint as. Ba mhaith liom an

ceol uilig a thiocfadh linn a dhéanamh le chéile

a chluinstin. Ach nuair a d’iarr mé cead uirthi

é a sheinm, tháinig eagla ar Mama láithreach.

Dúirt sí go raibh seans ann go gcluinfeadh Papa

é thíos sa tsiopa bearbóra, agus go mbeadh sé

iontach míshásta léi gur thaispeáin sí dom é;

dúirt sí nach raibh sé ag iarraidh ceol ar bith a

Page 45: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

44

bhaint as choíche arís. Níor amharc sé air fiú

leis na blianta. Nuair a d’fhiafraigh mé di cad

chuige, chuir sí i gcuimhne dom gur thug mé

gealltanas gan ceisteanna ar bith eile a chur.

Is beag nár sciob sí an veidhlín as mo lámha,

chuir sí ar ais ina chás é, chuir an blaincéad

thart air agus chuir ar bharr an chófra arís é.

“ ‘Níl a fhios agat go bhfuil sé ann, a Paolo.

Ní fhaca tú riamh é, an dtuigeann tú? Agus as

seo amach níl mé ag iarraidh focal ar bith eile a

chluinstin faoi, an bhfuil sé sin soiléir? Thug tú

gealltanas dom, a Paola.’

“Is dócha gur shásaigh sé m’fhiosracht ar

feadh tamaill gur tugadh deis dom seanveidhlín

Papa a láimhseáil agus amharc air le hiontas mar

Page 46: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

45

choinnigh mé mo ghealltanas. Ansin agus mé

i mo luí múscailte go mall oíche shamhraidh

amháin, chuala mé ceol an veidhlín. Shíl mé gur

tháinig athrú intinne ar Papa, b’fhéidir, agus go

raibh sé á sheinm arís faoi dheireadh. Ansin,

áfach, chuala mé é féin agus Mama ag caint sa

chistin thíos, agus thuig mé go raibh an ceol ag

teacht ó áit níos faide ar shiúl.

“D’éist mé leis an

cheol ag an fhuinneog.

Ní thiocfadh liom

é a chluinstin ach

anois agus arís cionn

is go raibh daoine

ag caint agus ag

Page 47: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 48: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 49: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

48

siúl ar an tsráid thíos agus cionn is go raibh

innill na mbád uisce le cluinstin agus iad ag

dul thar bráid. Ach bhí mé measartha cinnte de

go raibh ceol an veidhlín ag teacht ó áit éigin

ar an taobh thall den droichead. Bhí orm fáil

amach. Chuir mé orm mo phitséamaí agus

shleamhnaigh mé thart ar dhoras na cistine,

síos an staighre agus amach ar an tsráid. Bhí an

oíche te agus measartha dorcha. Rith mé trasna

an droichid agus cé a chonaic mé ach seanduine

ina sheasamh leis féin ag lampa sa chearnóg ag

seinm ar an veidhlín agus a chás veidhlín ina luí

oscailte ag a chosa.

“Ní raibh duine ar bith eile ann. Níor stop

duine ar bith le héisteacht leis. Shuigh mé ar

Page 50: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

49

mo ghogaide chomh cóngarach dó agus a bhí sé

de mhisneach agam a dhéanamh. Bhí sé chomh

sáite sin sa cheol nár thug sé mé faoi deara i

dtosach. Thiocfadh liom a fheiceáil anois go

raibh sé i bhfad níos sine ná Papa. Ansin chonaic

sé mé i mo shuí ar mo ghogaide ag amharc air.

Chuir sé stop leis an cheol. ‘Dia duit,’ ar seisean.

‘Tá tú amuigh go mall. Cad é an t-ainm atá

ort?’ Bhí cuma chineálta ar a shúile; thug mé an

méid sin faoi deara láithreach.

“ ‘Paolo is ainm dom,’ arsa mise. ‘Paolo Levi.

Seinneann m’athair ar an veidhlín. Sheinn sé i

gceolfhoireann i bhfad ó shin.’

“ ‘Sheinn mise fosta,’ arsa an seanduine,

‘sheinn mé i rith mo shaoil ar fad. Anois, seinnim

Page 51: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 52: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

51

i m’aonar, agus is é sin an mhian a bhí i gcónaí

agam. Seinnfidh mé ceol de chuid Mozart duit.

An bhfuil dúil agat i gceol Mozart?’

“ ‘Níl a fhios agam,’ a d’fhreagair mé. Chuala

mé an t-ainm Mozart roimhe, ar ndóigh, ach ní

dóigh liom gur éist mé le ceol ar bith dá chuid

riamh roimhe.

“ ‘Scríobh sé an píosa seo nuair a bhí sé níos

óige ná tusa fiú. Déarfainn go bhfuil tusa thart

faoi seacht mbliana.’

“ ‘Naoi mbliana,’ arsa mise.

“ ‘Bhuel, scríobh Mozart an píosa seo nuair

nach raibh sé ach sé bliana d’aois. Scríobh sé

don phianó é, ach thig liomsa é a sheinm ar an

veidhlín.’

Page 53: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

52

“Mar sin de sheinn sé ceol de chuid Mozart

agus d’éist mé leis. Agus é á sheinm, bhailigh

daoine eile thart air ar feadh tamaill. Chaith siad

bonn nó dhó ina chás veidhlín sular shiúil siad

ar aghaidh. Níor shiúil mise ar aghaidh. D’fhan

mé. Chuaigh an ceol a sheinn sé an oíche sin go

croí ionam. Ba í sin an oíche a d’athraigh mo

shaol go deo.

“Uair ar bith a chuaigh mé trasna Dhroichead

an Accademia ina dhiaidh sin, bhí mé i gcónaí ag

iarraidh é a fheiceáil. Nuair a chuala mé é ag

seinm i bhfad uaim, chuaigh mé chuige. Níor

inis mé riamh do Mama ná Papa. Sílim gurbh

é sin an chéad rud nár inis mé dóibh, an chéad

rud a cheil mé orthu. Ach níor mhothaigh mé

Page 54: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

53

ciontach faoi ar chor ar bith. I ndeireadh na

dála, nár cheil siadsan rún orm? Ansin tharla

oíche amháin gur lig an seanduine – ar tugadh

Benjamin Horowitz air agus a bhí trí scór agus

dhá bhliain d’aois – tharla sé gur lig sé dom

a veidhlín a láimhseáil. Thaispeáin sé dom an

dóigh le greim mar is ceart a fháil air, an dóigh

leis an bhogha a tharraingt trasna na dtéad,

an dóigh le ceol a bhaint as. An uair amháin

a bhain mé ceol as, bhí a fhios agam go raibh

mé ag iarraidh a bheith i mo veidhleadóir. Ní

raibh mé ag iarraidh slí bheatha ar bith eile ón

bhomaite sin ar aghaidh.

“Mar sin de, ba é Benjamin – nó Signor

Horowitz mar a thug mise i gcónaí air – an

Page 55: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

54

chéad mhúinteoir a bhí agam. Gach uair ina

dhiaidh sin nuair a rith mé trasna an droichid le

é a fheiceáil, thug sé ceacht eile dom, an dóigh

leis an bhogha a theannadh mar is ceart, an

dóigh leis an roisín a úsáid, an dóigh le greim

mar is ceart a fháil ar an veidhlín faoi mo smig

gan mo lámha a úsáid agus an t-ainm a bhí ar

gach téad.

“Ba é sin an uair a d’inis mé dó faoin

veidhlín a bhí ag Papa sa bhaile, agus faoin

dóigh nár sheinn sé air níos mó. ‘Ní thiocfadh

leis ar aon nós,’ arsa mise, ‘as siocair go bhfuil

sé giota beag briste. Sílim go gcaithfidh duine

éigin é a dheisiú. Tá dhá théad ar iarraidh, téad

A agus E, agus tá an bogha chóir a bheith maol.

Page 56: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

55

Ach thiocfadh liom cleachtadh air dá mbeadh

sé deisithe, nach dtiocfadh?’

“ ‘Tabhair leat é chuig mo theach am éigin,’

arsa Benjamin, ‘agus fág agam é. Déanfaidh mé

iarracht é a dheisiú.’

“Ní raibh sé deacair sleamhnú amach as

an teach gan duine ar bith mé a thabhairt

faoi deara. Ní dhearna mé ach fanacht go dtí i

ndiaidh am scoile. Bhí Mama go fóill san ionad

níocháin thart an coirnéal in Rio de le Romite

áit a raibh sí ag obair. Bhí Papa thíos staighre

lena chustaiméirí. B’éigean dom cás a chur ar

an chathaoir agus dul in airde air le greim a

fháil ar an veidhlín ar bharr an chófra. Ní raibh

sé furasta ach d’éirigh liom. Rith mé síos na

Page 57: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

56

sráideanna agus greim daingean agam air. Níl

an Dorsoduro i bhfad ar shiúl ó Arsenale áit ar

chónaigh Benjamin má tá eolas do bhealaigh

agat – níl áit ar bith i bhfad ar shiúl sa Veinéis, tá

sí chomh beag sin - agus bhí eolas an bhealaigh

agam cionn is gur chónaigh m’Aint Sophia

ansin agus is minic a thug mé cuairt uirthi. Ní

raibh le déanamh agam ach teacht ar an tsráid a

raibh áras Benjamin uirthi. B’éigean dom ceist

Page 58: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

57

a chur ar chúpla duine, ach tháinig mé ar an áit

maith go leor.

“Bhí áras Benjamin suite ag barr staighre

a bhí iontach cúng ar fad. Ní raibh ann le

fírinne ach seomra amháin a raibh leaba ann i

gcoirnéal amháin agus báisín láimhe sa cheann

eile. Bhí cuid mhór póstaer ar na ballaí a raibh

pictiúir de cheolchoirmeacha orthu. ‘Sin cuid

de na ceolchoirmeacha a raibh mise páirteach

iontu,’ ar seisean. ‘Milano, Londain, Nua-

Eabhrac. Áiteanna iontacha, daoine iontacha,

ceol iontach. Is iontach an saol é atá amuigh

ansin. In amanna is doiligh é sin a chreidiúint.

Ach creid uaim é, a Paola, mar tá sé fíor. Agus

cuidíonn an ceol le saol iontach a chruthú.

Page 59: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

58

Anois, taispeáin dom an veidhlín sin atá agat.’

“D’amharc sé go géar air, chuir sé suas chuig

an tsolas é agus, chuimil sé é. ‘Is uirlis den chéad

scoth é an veidhlín sin,’ ar seisean. ‘An ndeir tú

liom gur le d’athair é?’

“ ‘Ba mhaith liom féin é a sheinm anois,’ arsa

mise leis.

“ ‘Tá sé giota beag rómhór duitse,’ ar seisean,

agus é ag neadú an veidhlín faoi mo smig. Shín

sé mo lámh amach lena fháil amach cé chomh

fada a bhí sé. ‘Ach is fearr veidhlín mór ná tú

a bheith gan veidhlín. Éireoidh leat. Fásfaidh

tú.’

“ ‘Agus nuair a bheidh sé deisithe, an

dtabharfaidh tú ceachtanna dom?’ a d’fhiafraigh

Page 60: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

59

mé de. ‘Tá neart airgid sábháilte agam ón obair

ghlantacháin sa tsiopa; tá an oiread sin nótaí

airgid agam go gclúdaíonn siad barr mo leapa

Page 61: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

60

nuair a spréim amach iad ó bhun na leapa go dtí

mo cheannadhairt.’

“Rinne sé gáire faoi sin agus dúirt go

dtabharfadh sé ceachtanna dom saor in aisce

cionn is gur mise an t-éisteoir ab fhearr a bhí

aige agus gur mise a chuir an t-ádh air. ‘Nuair

nach mbíonn tusa ann,’ ar seisean, ‘siúlann gach

duine thart orm agus bíonn mo chás veidhlín

folamh. Ansin tagann tusa agus suíonn tú in aice

liom. Sin an uair a stopann siad le héisteacht

liom agus sin an uair a thugann siad airgead

dom. Mar sin de, ní bheidh sna ceachtanna ach

luach saothair, a Paolo. Beidh an veidhlín réidh

chomh luath agus is féidir liom agus thig linn

tús a chur leis na ceachtanna.’

Page 62: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

61

“Chuaigh seachtain nó dhó thart sular

dheisigh sé an veidhlín. Bhí eagla mo chroí orm

go bhfaigheadh Mama nó Papa amach go raibh

sé ar iarraidh. Bhí an t-ádh liom, áfach, agus ní

bhfuair siad amach agus thosaigh mo

cheachtanna ceoil. Bhí

an veidhlín deisithe

anois agus téada úra

air. Nuair nach raibh

ceachtanna ceoil

agam le Benjamin,

chuir mé veidhlín

Papa i bhfolach ar

bharr an chófra

ina seomra leapa,

Page 63: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

62

é ina chás agus an blaincéad liath thart air. Bhí

mo rún ceilte go maith agam, nó sin a shíl mise.

Ach ní féidir rún ar bith a choinneáil slán, is

cuma cé chomh maith agus atá sé ceilte. Luath

nó mall tiocfaidh an fhírinne amach agus sa

chás seo níorbh fhada gur tháinig sí amach.

“Chuir mé spéis mhillteanach sa veidhlín

amhail is gur chuid de mo chorp féin é a bhí

ar iarraidh ar feadh i bhfad. Bhí an chuma ar

an scéal gur fhoghlaim mé gach rud a theagasc

Benjamin dom go furasta. Ní raibh deacracht

ar bith agam agus ba chosúil go raibh bua an

cheoil agam. Tháinig rath agus bláth ar mo

chuid ceoil faoi stiúir Benjamin. Mhothaigh

mé go dtiocfadh liom ceol binn a bhaint as mo

Page 64: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

63

veidhlín – nó as veidhlín Papa ba chóir dom

a rá. Bhí Benjamin chomh tógtha céanna is a

bhí mé féin leis an dul chun cinn a bhí déanta

agam. ‘Sílim gur tháinig an uirlis cheoil seo ar

an tsaol duitse, a Paolo,’ ar seisean liomsa lá. ‘Nó

b’fhéidir gur tháinig tusa ar an tsaol leis an uirlis

cheoil seo a sheinm. Ar scor ar bith, is binn

an ceol é nuair a bhíonn sibh beirt le chéile.’

Bhain mé sult mór as gach ceacht ceoil agus bhí

díomá orm gach lá nuair a tháinig deireadh leis.

Chuir muid deireadh le gach ceacht le cúpan

tae miontais. Thaitin sé liom. Ó shin i leith, is

mór an pléisiúr a bhainim as cupán tae miontais

a ól ag deireadh gach ceachta. Bím i gcónaí ag

dúil go mór leis.

Page 65: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

64

“Is cuimhin liom lá amháin agus muid

ag ól tae ag an tábla le chéile ag deireadh an

cheachta gur amharc sé orm go tobann agus

cuma dháiríre air. ‘Tá sé an-aisteach, a Paolo,’

ar seisean, ‘ach, agus mé ag amharc ort ag seinm

bomaite ó shin, mhothaigh mé go raibh aithne

agam ort le fada fada an lá. Agus ansin rith

sé liom gurb é Levi an sloinne atá ort. Ainm

Page 66: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

65

measartha coitianta atá ann, tá a fhios agam,

ach ba é Levi an sloinne a bhí airsean fosta.

Cuireann tú eisean i gcuimhne dom. Tá mé

cinnte de. Ba é an veidhleadóir ab óige inár

gceolfhoireann é. Ní raibh ann i ndáiríre ach

gasúr óg. Gino an t-ainm a bhí air.’

“ ‘Is é Gino an t-ainm atá ar m’athair,’ arsa

mise leis. ‘B’fhéidir gurbh eisean a bhí ann.

B’fhéidir gur sheinn tú le m’athair. B’fhéidir go

bhfuil aithne agat air.’

“ ‘Ní féidir sin a bheith fíor,’ arsa Benjamin

agus é ag análú go domhain. Bhí sé ag stánadh

orm anois amhail is gur thaibhse mé. ‘Ní féidir

sin a bheith fíor. Caithfidh sé go bhfuil an Gino

Levi a raibh aithne agam air ar shlí na fírinne

Page 67: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

66

anois, tá mé cinnte de. Is fada ó chuala mé

trácht air. Ach, ní bhíonn a fhios agat, is dócha.

B’fhéidir gur chóir dom bualadh le d’athair,

agus le do mháthair fosta. Tá sé thar am ar scor

ar bith. Tá tú ag teacht faoi choinne ceachtanna

le breis agus sé mhí anois. Caithfidh mé a insint

dóibh go bhfuil a mac ina veidhleadóir iontach.’

“ ‘Ná hinis!’ arsa mise de ghlór ard.

‘Gheobhadh Papa amach! Ná hinis dó. Ná hinis

le do thoil.’ Ansin d’inis mé an scéal uilig dó

agus na deora ag sileadh asam, faoin dóigh ar

thaispeáin Mama an veidhlín dom agus faoin

ghealltanas a thug mé di gan focal ar bith a rá

choíche go deo le Papa; agus faoin dóigh ar

choinnigh mé an rún faoi dheisiú an veidhlín,

Page 68: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

67

faoi na ceachtanna, faoi gach rud.

“ ‘Is ionann rúin, a Paolo,’ arsa Benjamin,

‘agus bréaga ach ainm eile a chur orthu. Ní

insíonn tú bréaga dóibh siúd a bhfuil grá agat

orthu. Níor chóir do mhac rudaí a cheilt ar a

athair ná ar a mháthair. Caithfidh tú an rún a

scaoileadh, a Paolo. Má tá tú ag iarraidh leanúint

ar aghaidh ag seinm ar an veidhlín, beidh ort an

rún a scaoileadh leo. Má tá tú ag iarraidh orm

tuilleadh ceachtanna a thabhairt duit, beidh ort

an rún a scaoileadh leo. Agus is fearr an rún a

scaoileadh láithreach nuair is gá é a scaoileadh,

go háirithe nuair nach bhfuil tú ag iarraidh é a

scaoileadh.’

“An dtiocfaidh tú liom?’ a d’impigh mé air.

Page 69: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

‘Ní thig liom é a scaoileadh mura dtiocfaidh

tusa liom.’

“ ‘Más maith leat,’ ar seisean agus aoibh an

gháire air.

“D’iompair Benjamin veidhlín Papa dom an

lá sin, agus choinnigh sé greim ar mo láimh an

bealach ar fad ar ais chuig an Dorsoduro. Bhí

eagla mo chroí orm an rún a scaoileadh leo.

Bhí a fhios agam go gcuirfeadh sé olc orthu.

Page 70: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

Smaoinigh mé ar na focail a déarfainn leo arís

agus arís eile i m’intinn ar an bhealach.

Page 71: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

70

Bhí Mama agus Papa thuas staighre sa

chistin nuair a tháinig muid isteach. Chuir mé

Benjamin in aithne dóibh agus sula raibh deis

ag duine ar bith rud ar bith a rá, sular chaill mé

mo mhisneach ar fad, thosaigh mé a scaoileadh

mo rúin leo. D’inis mé dóibh nár ghoid mé

veidhlín Papa, ní raibh ann ach gur thóg mé

ar iasacht é lena dheisiú agus le bheith ag

cleachtadh air. Ach ba é sin an méid a d’éirigh

liom a rá. Ábhar mór iontais a bhí ann domsa

nach raibh siad feargach liom ar chor ar bith.

Le fírinne, ní raibh siad fiú ag amharc orm. Bhí

siad ag stánadh ar Benjamin gan focal ar bith

a rá. Labhair Benjamin sular labhair siadsan.

‘Sílim go bhfuil aithne agam ar d’athair agus ar

Page 72: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

71

do mháthair, sílim go bhfuil aithne againn ar a

chéile,’ ar seisean. ‘Sheinn muid i gcuideachta a

chéile tráth, nár sheinn? Nach bhfuil cuimhne

agat orm, a Gino?’

“ ‘Benjamin, an é?’ Agus Papa ag éirí ina

sheasamh, thit an chathaoir siar uaidh.

“ ‘Agus mura bhfuil dul amú orm, is tusa

Signora,’ arsa Benjamin agus é ag amharc ar

Mama, ‘caithfidh sé gur tusa Laura bheag Adler

– muidne uilig ag seinm ar an veidhlín, muidne

uilig thiar ansin, agus muidne uilig anseo

anois. Tá sé mar a bheadh míorúilt ann. Leoga,

míorúilt atá ann.’

“Agus an méid a tharla ina dhiaidh sin, thig

liom an méid sin a fheiceáil go fóill amhail

Page 73: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

72

is gurb é inniu féin a tharla sé. Go tobann,

mhothaigh mé nach raibh a fhios acu go raibh

mé sa tseomra ar chor ar bith. Bhí an chuma ar

an chistin nach raibh fairsinge ar bith inti agus

an triúr acu ag tabhairt barróg dá chéile, agus

Page 74: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

73

iad ag caoineadh agus ag gáire san am chéanna.

Bhí mise i mo sheasamh ansin agus níor thuig

mé ar chor ar bith cad é a bhí ag dul ar aghaidh.

Rinne mé iarracht ciall a bhaint as gach rud a

chuala mé agus a chonaic mé. Sheinn Mama ar

an veidhlín fosta! Níor inis sí an scéal sin domsa

riamh!

“ ‘An bhfeiceann tú, a Paolo,’ arsa Benjamin,

agus aoibh an gháire air, ‘nár inis mé duit tráth

gurb iontach an saol é? Fiche bliain. Tá breis

agus fiche bliain imithe thart ó chonaic mé

d’athair agus do mháthair. Ní raibh a fhios agam

fiú go raibh siad beo go fóill. Bhí dóchas agam

i gcónaí go dtiocfadh siad slán, bhí dóchas

agam go raibh siad le chéile, an lánúin óg sin a

Page 75: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

74

raibh a oiread sin grá acu dá chéile, ach níor

chreid mé go raibh, níor chreid i ndáiríre.’

“Bhí Mama ag triomú a súl lena naprún.

Baineadh geit chomh mór sin as m’athair nach

dtiocfadh leis labhairt. Shuigh siad ag an tábla,

greim láimhe acu ar a chéile agus an chuma

orthu go raibh eagla orthu an greim a scaoileadh

ar eagla nach raibh sa teacht le chéile seo ach

brionglóid.

“Ba é Benjamin an chéad duine acu a

tháinig chuige féin. ‘Sílim go raibh Paolo ag dul

a insint rud éigin daoibh. ‘Nach raibh, a Paolo?’

D’inis mé iomlán an scéil dóibh: an dóigh a

ndeachaigh mé faoi choinne ceachtanna agus

gurbh é Benjamin an múinteoir ab fhearr a bhí

Page 76: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

75

agam riamh. Ní raibh sé de mhisneach agam

amharc orthu go dtí gur chríochnaigh mé mo

scéal. Shíl mé go mbeadh díomá agus fearg ar

Mama agus ar Papa. Ina áit sin, áfach, bhí idir

áthas agus bhród orthu.

“ ‘Nár dhúirt mé leat go n-inseodh Paolo

an scéal dúinn?’ ar sise. ‘Nár dhúirt mé leat gur

chóir muinín a bheith againn as? A Paolo, le

tú a chur ar an eolas, is minic a thugaim mo

veidhlín anuas go díreach le mo mhéara a

chuimilt air, le hamharc air. Ní thaitníonn sé le

Papa nuair a thugaim anuas é, ach tugaim anuas

é mar sin féin, cionn is gurb é an veidhlín seo

an cara is sine atá agam. Tuigeann Papa dom,

de thairbhe go bhfuil a fhios aige go bhfuil grá

Page 77: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

76

agam don veidhlín seo, gur cuid díom féin é.

An cuimhin leat gur thaispeáin mé duit é an lá

sin, a Paolo? Bhí a fhios agam gur tusa a thóg é.

Tháinig sé ar ais ina dhiaidh sin agus é deisithe

amhail is gur tharla míorúilt. Agus i ndiaidh

am scoile bhí tú i gcónaí imithe áit éigin agus

bhí an veidhlín i gcónaí imithe

fosta. Dúirt mé le Papa, nár

dhúirt, a Papa? Dúirt mé leis

go n-inseofá an scéal dúinn

nuair a bheifeá réidh lena

insint. D’oibrigh muid

amach cad é a bhí ag tarlú;

shíl muid go raibh tú ag

cleachtadh air áit éigin,

Page 78: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

77

ach níor shíl muid riamh go raibh tú ag fáil

ceachtanna, ná go raibh múinteoir agat – agus

níor shamhlaigh muid riamh gurbh é Benjamin

Horowitz do mhúinteoir, an múinteoir a bhí

againn féin agus a thug aire mhaith dúinn

amhail is gurbh é ár n-athair féin é na blianta

fada ó shin.’ Thosaigh sí a chaoineadh arís agus

a cloigeann ar ghualainn Papa.

“ ‘Ach d’inis tú dom gurbh é veidhlín Papa é,

gur chuir sé i bhfolach é agus nach raibh sé ag

iarraidh seinm air choíche arís,’ arsa mise.

“Nuair a dúirt mé sin d’amharc an triúr acu

ar a chéile. Bhí a fhios agam go raibh rud éigin

ina rún idir an triúr acu, agus cé nár labhair

duine ar bith acu focal, bhí a fhios agam go

Page 79: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

78

raibh siad ag iarraidh cinneadh a dhéanamh

cé acu a d’inseodh siad an scéal dom nó nach

n-inseodh; ag iarraidh a fháil amach óna chéile

cé acu a bhí an t-am ceart ann lena insint dom

nó nach raibh. Is minic ó shin agus mé ag

smaoineamh ar an lá sin a shílim nach raibh

siad ag dul a insint dom choíche murab é gur

tháinig Benjamin abhaile liom. Mar a tharla,

d’amharc Benjamin agus Mama ar Papa leis an

chinneadh a dhéanamh, agus ba é Papa a d’iarr

orm teacht chuig an tábla ina gcuideachta. Sílim

go raibh a fhios agam ansin, fiú sular thosaigh

Papa a labhairt, go raibh a fhios agam go raibh

mise mar chuid den rún a bhí eatarthu.

“Déanaim féin agus Mama,’ a thosaigh

Page 80: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

79

Papa, ‘déanann muid iarracht gan labhairt air

ar chor ar bith, cionn is go bhfuil na cuimhní

atá againn ar an am sin mar a bheadh tromluí

ann, agus déanann muid iarracht dearmad

a dhéanamh air. Ach scaoil tú do rún linne.

Tagann an t-am nuair is gá an fhírinne a insint,

agus tá an chuma ar an scéal go bhfuil an t-am

sin ann. B’fhéidir ar an ábhar gur inis tusa an

fhírinne dúinne go bhfuil an t-am ann leis an

fhírinne a insint duitse.’

“Mar sin de, chuir siad tús leis an scéal is

brónaí, ach fosta an scéal is áthasaí dár chuala

mise riamh. Nuair a d’éirigh insint an scéil

róbhrónach, mar a d’éirigh go minic, thosaigh

duine acu ag an áit ar fhág an duine eile é, sa

Page 81: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

80

dóigh gur inis siad uilig a gcuid féin den scéal.

Chuir an scéal uafás orm, ach ag an am chéanna,

ba mhór an onóir dom gur chuir siad a muinín

ionam agus gur inis siad an scéal dom, scéal

a saoil. D’inis gach duine acu a gcuid féin go

cúramach, iad ag míniú rudaí de réir mar a bhí

siad á insint, sa dóigh go dtuigfinn gach rud, ó

tharla nach raibh ionam ach gasúr naoi mbliana

d’aois nach raibh ró-eolach ar uafáis an tsaoil

seo. Ba bhreá liom a bheith ábalta cuimhneamh

go díreach ar na focail uilig a dúirt siad, ach níl

mé ábalta. Mar sin de ní bhainfidh mé fiú triail

as. Is é an rud a dhéanfaidh mé ná a scéal a

insint i mo chuid focal féin, an cineál saoil a bhí

acu, an dóigh a raibh siad i gcontúirt a mbáis

Page 82: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

81

agus an dóigh ar tháinig siad slán as de thairbhe

a gcuid ceoil.

“Tháinig an triúr acu ar bord traenach

chuig an tsluachampa as áiteanna éagsúla ar

fud na hEorpa; Benjamin as Páras, Mama as

Vársá, Papa as an Veinéis; gach duine acu ina

cheoltóir, gach duine acu ina Ghiúdach, agus

an seomra gáis i ndán do gach duine acu mar

a bhí sé i ndán do na milliúin eile. Mhair siad

beo de bhrí go raibh siad ábalta ‘seinnim’ a rá

nuair a chuir oifigeach de chuid an SS ceist

Page 83: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 84: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 85: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

84

orthu nuair a bhain siad an sluachampa amach.

‘An seinneann duine ar bith agaibh anseo ar

uirlis cheoil i gceolfhoireann, an seinneann

duine ar bith go profisiúnta?’ Ní raibh a fhios

acu go scarfadh siad óna dteaghlach ar an toirt

iad nuair a ghlac siad céim chun tosaigh; ná

ní raibh a fhios acu go mbeadh orthu amharc

ar bhaill eile an teaghlaigh ag siúl chuig na

simléirí ifreanda sin mar a bheadh ba ann, agus

nach bhfeicfí arís go deo iad.

“Bhí trialacha ann, ar ndóigh, agus faoin am

seo bhí a fhios acu go raibh siad ag seinm lena

mbeo a shábháil. Bhí cleachtaí ann ina dhiaidh

sin, agus casadh ar a chéile iad den chéad uair

le linn ceann de na cleachtaí seo. Bhí Benjamin

Page 86: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

85

breis agus fiche bliain

ní ba shine ná Mama agus Papa.

Bhí an bheirt acusan ar na daoine ab óige sa

cheolfhoireann, iad go díreach fiche bliain

d’aois. Ní raibh a fhios acu cén fáth a raibh

cleachtaí ag an cheolfhoireann, ná na daoine a

mbeadh siad ag seinm dóibh, agus níor chuir

Page 87: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

86

siad ceist. Dá gcuirfeá ceist, bheifeá ag tarraingt

aird ort féin. Níorbh é sin an dóigh le teacht

slán as an champa, agus sa champa ba é sin an

rud ba thábhachtaí – teacht slán as. Sheinn siad

ceol de chuid Mozart, cuid mhór de chuid ceoil

Mozart. Bhí an ceol beo bríomhar den chuid

is mó – Eine kleine Nachtmusick, Coinséartó

Clairinéad in A mór, minití, damhsaí,

máirseálacha. Sheinn siad ceol de chuid Strauss

fosta, válsaí, i gcónaí válsaí. Chuir an tseinm brú

mór orthu mar go raibh a méara chomh fuar sin

go raibh sé doiligh orthu iad a bhogadh, cionn

is go raibh siad lag le hocras agus go raibh

tinneas orthu go minic. Bhí orthu an tinneas

a cheilt, cionn is gur chuir oifigigh an SS na

Page 88: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

87

daoine a bhí tinn chun báis nuair a fuair siad

amach. Bhí oifigigh an SS i gcónaí ina seasamh

thart ag amharc orthu, agus bhí a fhios ag gach

duine cad é a tharlódh dóibh mura mbeadh a

gcuid ceoil maith go leor.

Page 89: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

88

“Níor sheinn siad ach d’oifigigh an SS ag an

tús. Dúirt Papa go raibh ort ligean ort féin nach

raibh siad ann ar chor ar bith. Bhí tú chomh sáite

sin sa cheol go ndearna tú neamhaird orthu – ba

é sin an t-aon bhealach éalaithe amháin. Agus

nuair a thug siad bualadh bos, níor thóg tú do

cheann. Níor amharc tú idir an dá shúil orthu

riamh. Sheinn tú chomh maith agus a thiocfadh

Page 90: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

89

leat. Gach uair a sheinn tú, bhí tú níb fhearr

ná an t-am deireanach, ní leis na hoifigigh a

shásamh, ach go díreach lena thaispeáint dóibh

cad é a thiocfadh leat a sheinm. Ba mhaith leat

Page 91: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

90

a chur in iúl dóibh cé chomh maith agus a bhí

tú in ainneoin a gcuid iarrachtaí le tú a náiriú, le

tú a scrios go iomlán. ‘Throid muid ina n-éadan

lenár gcuid ceoil,’ arsa Papa. ‘Ba é an ceol an

t-aon arm a bhí againn.’

“Ní raibh focal Polainnise ag Papa ná ní

raibh Iodáilis ar bith ag Mama, ach d’amharc

siad ar a chéile go grámhar agus iad ag seinm –

chomh minic agus a thiocfadh leo, arsa Mama.

Ag an tús is dócha nach raibh ann ach go raibh

siad sásta leis an cheol a sheinn siad le chéile,

ach ba ghairid ina dhiaidh sin gur aithin siad go

raibh grá acu dá chéile. Bhí a fhios ag gach duine

sa cheolfhoireann, fiú sula raibh a fhios acu

féin, arsa Benjamin liom. ‘An lánúin ghrámhar’

Page 92: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

91

a thug muid orthu. Comhartha dóchais a bhí

iontu do gach duine eile den cheolfhoireann;

agus bhí gach duine iontach deas leo agus

iontach cosantach ina leith. Laghdaigh an grá

a bhí ag Mama agus Papa dá chéile an phian

a mhothaigh siad sa champa. Dídean a bhí sa

ghrá a bhí acu dá chéile ón eagla a bhí i gcónaí

orthu agus ón uafás a bhí ag tarlú thart orthu.

“Ach bhí náire orthu fosta. Bhí siadsan ag

fáil bia agus bhí ocras an domhain ar an chuid

eile. Bhí siadsan beo agus an chuid eile ag dul

chuig na seomraí gáis. Mhothaigh a lán acu

iontach ciontach. Bhí an chiontacht a bhí orthu

míle uair níos measa nuair a fuair siad amach

an fáth ar cuireadh an cheolfhoireann le chéile,

Page 93: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

92

an fáth a raibh siad ag cleachtadh an t-am ar

fad. Ní raibh sna ceolchoirmeacha d’oifigigh an

SS ach cleachtaí do rud éigin a bhí ag teacht a

bheadh míle uair níos measa.

“Maidin fhuar amháin agus an sneachta ina

luí ar an talamh, fuair siad ordú teacht le chéile

sa chlós agus a gcuid uirlisí a thabhairt leo. Ina

dhiaidh sin tugadh ordú dóibh suí agus ceol a

sheinm cóngarach do gheataí an champa. Ansin

tháinig na traenacha, agus na carráistí plódaithe

le príosúnaigh nua. Chomh luath agus a tháinig

siad amach as na traenacha, chuir siad na

príosúnaigh i líne agus roinneadh ina dhá leath

iad. Chuir siad na seandaoine, na daoine óga

agus na daoine laga thart ar an cheolfhoireann

Page 94: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

93

ar a mbealach, a dúirt siad leo, chuig bloc na

gcithfholcadán; na daoine aclaí láidre, na

daoine a bhí ábalta obair a dhéanamh, thug siad

iadsan amach as an líne agus chuir siad chuig na

botháin iad. Agus i rith an ama seo ar fad, sheinn

Page 95: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

94

Mama agus Papa agus Benjamin agus an chuid

eile ceol de chuid Mozart. Thuig siad roimh i

bhfad an fáth a bhí leis – leis na príosúnaigh a

chur ar a suaimhneas, le cuma shuaimhneach

bhréagach a chur ar an áit sa dóigh go mothódh

na príosúnaigh slán sábháilte. Bhí siad féin mar

chuid den bhréag. Bhí a fhios acu go maith gurb

é an bloc cithfholcadán an seomra gáis.

“Sheinn siad leo seachtain i ndiaidh na

Page 96: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

95

seachtaine, mí i ndiaidh na míosa agus traein

i ndiaidh na traenach. Tháinig toit agus

tine agus boladh lofa amach as simléirí an

chréamatóiriam ceithre huaire is fiche sa lá. Seo

mar a bhí an saol go dtí gur tháinig deireadh

leis na traenacha, go dtí gur tháinig an lá nuair

a scaoileadh saor iad. Ba é sin an lá deireanach

a chonaic Benjamin Mama agus Papa. Bhí siad

uilig iontach lag faoin am sin agus an chuma

Page 97: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 98: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 99: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

98

orthu nach dtiocfadh siad slán as. Ach tháinig.

Shiúil Mama agus Papa amach as an champa

le chéile. Sheinn siad le chéile ar son aráin agus

foscaidh in áiteanna ar fud na hEorpa.

Bhí siad ag seinm le fanacht beo go

fóill.

“Nuair a tháinig siad abhaile

chun na Veinéise faoi dheireadh,

bhris Papa a veidhlín ina

phíosaí beaga agus chuir

sé trí thine é. Thug sé

mionna nach seinnfeadh

sé ar an veidhlín choíche

arís. Ach choinnigh

Mama a veidhlín

98

Page 100: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

99

féin. Shíl sise go raibh an t-ádh ag baint leis,

gurbh é a cara é agus gurbh é an veidhlín a thug

slán í. Ní dhíolfadh sí é ná ní scarfadh sí leis.

Dúirt sí gurbh é an veidhlín a thug slán as uafás

an champa í, gurbh é a thug slán iad trasna na

hEorpa, ar ais chun na Veinéise. Ba é a shábháil

ar an bhás iad.

“Choinnigh Papa a ghealltanas. Níor sheinn

sé oiread is nóta ceoil ina dhiaidh sin. I ndiaidh

an méid ar tháinig sé tríd, is ar éigean a bhí sé

ábalta éisteacht leis. Is é sin an fáth nár sheinn

Mama ar a veidhlín ar feadh na mblianta sin

ach oiread. Mar sin féin, ní raibh sí sásta

scaradh leis an veidhlín agus choinnigh sí slán

sábháilte é ar bharr an chófra ina seomra leapa,

Page 101: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

100

agus í ag súil le Dia, ar sise, go dtiocfadh athrú

intinne ar Papa lá éigin, go gcuirfeadh sé dúil

sa cheol arís agus go seinnfeadh sé é. Níor

chuir agus níor sheinn. Ach bhí siad slán, agus

i ndiaidh tamaill rugadh leanbh dóibh, gasúr,

ar thug siad Paola air – deireadh maith leis an

scéal, arsa Benjamin. Agus ba mise an duine a

thug an triúr acu le chéile arís, ar seisean. Mar

sin de, deireadh maith faoi dhó.

“I dtaca le Benjamin de, rinne sé a bhealach

ar ais go Páras i ndiaidh tamaill, agus sheinn

sé arís ina shean-cheolfhoireann. Phós sé bean

as an Fhrainc, Françoise, dordveidhleadóir a

fuair bás tamall gearr roimhe sin. Tháinig sé chun

na Veinéise cionn is gur thaitin sé go mór leis

Page 102: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

101

cuairt a thabhairt ar an chathair. B’aoibhinn

leis riamh bheith ina chónaí san áit go buan, ag

amharc amach ar an fharraige, agus thaitin sé leis

cionn is gur rugadh Vivaldi ann – bhí dúil mhór

riamh aige in Vivaldi thar na cumadóirí ceoil

eile. Sheinn sé ar na sráideanna, ní hamháin

faoi choinne an airgid, cé gur mhór an cuidiú é

sin, ach mar gheall ar an tsásamh a bhain sé as

ceol a sheinm. Bhí sé ag baint sult as ceol aonair

a sheinm sa deireadh thiar thall. Bhí sé cosúil le

Mama, a dúirt sé. Ba é an ceol a choinnigh beo

sa champa é, agus ba chara dá chuid é an ceol ó

shin i leith. Ní thiocfadh leis a shaol a shamhlú

gan é. Ba é sin an fáth, a dúirt sé, ar bhreá leis

leanúint ar aghaidh ag tabhairt ceachtanna ceoil

Page 103: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 104: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

103

dom, ach Mama agus Papa cead a thabhairt dó.

“ ‘An seinneann sé go maith air, a Benjamin?’

a d’fhiafraigh Mama. ‘An dtig linn éisteacht

leis, a Papa? Le do thoil.’

“Ba léir dom go raibh Papa ag streachailt

leis féin. ‘Fad agus nach seinneann sé ceol de

chuid Mozart,’ ar seisean sa deireadh. Mar

sin de, sheinn mé gluaiseacht an Gheimhridh

as Na Ceithre Shéasúr de chuid Vivaldi, an

ghluaiseacht ab fhearr le Benjamin. Shuigh

Papa ag éisteacht leis agus a shúile druidte i rith

an ama.

“Nuair a chríochnaigh mé, arsa Benjamin,

‘Bhuel, a Gino, cad é do bharúil? Tá bua an

cheoil ag do mhac, bua iontach a fuair sé ón

Page 105: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

104

bheirt agaibh.’

“ ‘Níor chóir an bua a chur amú,’ arsa Papa

go ciúin.

“Mar sin de gach lá gan teip ina dhiaidh sin,

chuaigh mé chuig teach Benjamin in Arsenale

do mo cheachteanna veidhlín. Ní raibh sé de

mhisneach ag Papa éisteacht liom ag seinm

ach anois agus arís. Tháinig Mama liom gur

shuigh sí ag éisteacht liom, agus ag deireadh

an cheachta thug sí croí mór isteach dom

chomh teann sin gur ghortaigh sé mé; ach ba

chuma liom, ba chuma sa tsioc liom. Thosaigh

mé a sheinm ar na sráideanna i gcuideachta

Benjamin, agus nuair a sheinn mé leis, d’éirigh

na sluaite níos mó agus níos mó. Bhí Papa sa

Page 106: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 107: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

106

tslua lá ag amharc orainn agus ag éisteacht linn.

Shiúil sé abhaile liom ina dhiaidh, gan focal

ar bith as go dtí go ndeachaigh muid trasna

Dhroichead an Accademia. ‘A Paola,’ ar seisean,

‘Is fearr leat an veidhlín a sheinm ná obair

ghlantacháin a dhéanamh sa tsiopa bearbóra,

nach fearr?’

“ ‘Is fearr, a Papa,’ a d’fhreagair mise. ‘is trua

liom a rá gur fearr.’

“ ‘Chím, mar sin de, go mbeidh orm féin an

obair ghlantacháin a dhéanamh.’ Stad sé ansin

agus chuir a lámha ar mo ghuaillí. ‘Inseoidh mé

rud éigin duitse, a Paolo, agus ná déan dearmad

air choíche. Nuair a bhíonn tusa ag seinm, thig

liom éisteacht le ceol arís. Chuir tú an pléisiúr

Page 108: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

107

isteach sa cheol dom arís, agus is iontach an

bronntanas é a thug tú dom. Imigh anois agus

seinn an ceol chomh maith agus a thig leat ar

an veidhlín. Tabharfaidh mé duit cibé cuidiú a

thig liom. Seinnfidh tú ceol binn agus beidh

dúil ag cuid mhór daoine ionat. Tiocfaidh

mise agus Mama chuig do cheolchoirmeacha

Page 109: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

108

uilig, nó chuig a oiread acu agus is féidir linn.

Ach caithfidh tú gealltanas amháin a thabhairt

dom: go lá mo bháis ní sheinnfidh tú ceol de

chuid Mozart go poiblí, uair ar bith a bhímse

ag éisteacht leat. Ba cheol de chuid Mozart a

sheinn muidne go minic sa champa. Ná seinn

ceol de chuid Mozart. Tabhair gealltanas dom.’

“Mar sin de, thug mé gealltanas dó.

Choinnigh mé an gealltanas a thug mé na blianta

sin uilig. Fuair sé bás dhá sheachtain ó shin, an

duine deireanach den triúr acu a chuaigh ar shlí

na fírinne. Beidh mé ag seinm ceol de chuid

Mozart ag an cheolchoirm i Londain nuair a

bheidh mé ag ceiliúradh mo bhreithlá caoga

bliain d’aois, agus seinnfidh mé é ar veidhlín

Page 110: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

109

Mama, agus seinnfidh mé chomh maith sin é

go mbeidh dúil mhór aige ann, go mbeidh dúil

mhór acu ann, cibé áit a bhfuil siad.”

Bhí mé go fóill ag cur deireadh le mo chuid

nótaí den agallamh nuair a d’amharc mé suas

agus chonaic mé é ag teacht chugam. Bhí sé ag

síneadh a veidhlín chugam.

“Seo duit,” ar seisean. “Veidhlín Mama. Mo

Veidhlín. Thig leat greim a fháil air más maith

leat agus muid ag ól tuilleadh tae miontais.

Beidh cupán eile agat, nach mbeidh? Déanaim

an tae miontais is deise sa Veinéis.”

Mar sin de, bhí greim agam ar veidhlín

Paolo Levi ar feadh roinnt bomaití luachmhara

Page 111: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

110

agus muid inár suí ag labhairt go ciúin agus ag

ól cupán tae. Níor chuir mé tuilleadh ceisteanna

air. Níorbh fhiú é, ní raibh ceist ar bith eile le

cur. Labhair sé ar an dúil mhór a bhí aige sa

Veinéis, agus ar an dóigh a mbeadh sé i gcónaí

ag dúil le bheith ar ais sa Veinéis, is cuma cén

áit ar domhan a mbeadh sé. Ba iad cloigíní

na heaglaise, an tsiúlóid agus an chaint, innill

na mbád agus an ceol ar na sráideanna na

fuaimeanna a chronaigh sé i gcónaí. “Is í an

tsráid an áit cheart don cheol, áit ar sheinn

Benjamin an ceol,” ar seisean, “ní sna hallaí

ceolchoirmeacha.”

Agus mé ag imeacht, d’amharc sé idir an dá

shúil orm, “Tá mé sásta gur inis mé mo scéal

Page 112: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

111

duit”, ar seisean agus greim láimhe aige orm go

fóill.

“Cad chuige ar inis?” a d’fhiafraigh mé de.

“Cad chuige ar inis tú domsa é?”

“De thairbhe go raibh an t-am ann an

fhírinne a insint. De thairbhe gurb ionann rúin

agus bréaga agus cionn is go bhfuil súile cineálta

agat, cosúil le súile Benjamin. Ach go príomha,

cionn is nár chuir tú ceist orm faoi Mozart.”

Page 113: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 114: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 115: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

Nóta ón údar

Is doiligh dúinn a shamhlú cé chomh huafásach agus a d’fhulaing na príosúnaigh i sluachampaí na Naitsíoch i rith an Dara Cogadh Domhanda. Tá an choir a rinne na Naitsígh chomh mór sin go bhfuil sé iontach doiligh dúinne í a thuiscint. Mharaigh siad sé mhilliún duine, ar Ghiúdaigh a bhformhór, agus iad ag iarraidh cinedhíothú a dhéanamh ar an chine Ghiúdach. Nuair a chluineann tú scéalta na ndaoine a mhair i rith an ama sin – Anne Frank, Primo Levi – tuigeann tú giota beag níos fearr cé chomh huafásach agus a bhí sé agus tugann na scéalta sin léargas agus tuiscint dúinn ar an olcas a bhí sna daoine ba chúis leis.

Go pearsanta, ní ón litríocht ná ó na scannáin a thagann an íomhá is uafásaí, ach ón cheol. Fuair mé amach tamall fada ó shin gur roghnaigh na Naitsígh príosúnaigh Ghiúdacha sna sluachampaí agus gur tugadh orthu ceol a sheinm sna ceolfhoirne; bealach a bhí ann do na ceoltóirí teacht slán as an tsluachampa. Tugadh orthu ceol a sheinm do na príosúnaigh nua a tháinig chuig an tsluachampa le iad a chur ar a suaimhneas sular cuireadh i líne iad. Seoladh cuid mhaith de na príosúnaigh nua chuig na seomraí gáis nuair a bhain

Page 116: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

siad an sluachampa amach. Is minic gur cheol de chuid Mozart a sheinn siad.

Bhí mé ag machnamh ar cé chomh huafásach agus a bhí sé do na ceoltóirí a sheinn ceol san áit uafásach sin, daoine a raibh dúil mhór acu in Mozart, mar atá agam féin – na smaointe a bhí acu agus iad ag seinm ceol de chuid Mozart sna blianta ina dhiaidh sin. Ba é sin an smaoineamh a spreag mo scéal, é sin agus an íomhá den ghasúr óg ina shuí ar a rothar ina phitseámaí oíche amháin sa chearnóg in aice le Droichead an Accademia sa Veinéis, ag éisteacht leis an tsiamsóir sráide. Bhí sé sáite sa cheol agus an chuma air gur shíl sé gur as na Flaithis a tháinig sé, rud a shíl mé féin fosta.

Michael Morpurgo”

Page 117: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

Michael Morpurgo – ba é Michael Craobh-údar na bPáistí 2003-2005. Scríobh sé corradh le céad leabhar agus bhain sé an iomad duais, lena n-áirítear Gradam Leabhar Páistí Whitbread, Gradam Leabhair Blue Peter, Gradam Leabhair Smarties agus Gradam Leabhar Paistí Red House. Déantar a chuid leabhar a aistriú agus a léamh ar fud an domhain agus maidir lena úrscéal War Horse a bhfuil ráchairt mhór air agus dea-cháil air cheana féin mar dhráma stáitse, tá sin anois ina scannán móréilimh. Bhunaigh Micheál agus a bhean chéile an carthanas Farms for City Children agus tá siad ina gcónaí in Devon.

Michael Foreman – tá Michael ar mhórmhaisitheoirí an domhain. Tá roinnt mhaith mórghradaim bainte aige lena n-áirítear Gradam Smarties, Bonn Kate Greenaway (faoi dhó), Gradam Francis WilLiams (faoi dhó) agus an Aigle d’Argent ag an Festival International du Livre sa Fhrainc. Ba é a rinne na léaráidí do Beowulf agus Sir Gawain and the Green Knight le Michael Morpurgo, chomh maith le seoda mar War Boy, Mia’s Story, Say Hello agus A Child’s Garden. Tá sé ina chónaí in iardheisceart Londan.

Page 118: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an
Page 119: Guardian - ccea.org.uk · Grappelli, tá sé ar a shuaimhneas le snagcheol nó le ceol fidile na hAlban nó le Beethoven. Sheinn sé sa chuid is mó de hallaí móra ceolchoirme an

MIC

HA

EL

MO

RP

UR

GO

A

N C

HE

IST FA

OI M

OZ

AR

T

“Ón chÉad abairt i leabhar de chuid Michael Morpurgo,

tuigeann tÚ go bhfuil tÚ i lÁmha scÉalaÍ nÁdúrtha.”

Guardian

Nuair a chuirtear Lesley, tuairisceoir úr, chun na Veinéise le hagallamh a chur ar veidhleadóir a bhfuil clú domhanda air,

insítear don iriseoir go dtig léi ceist a chur ar Paolo Levi faoi rud ar bith faoina shaol agus a shaol mar cheoltóir, ach nach féidir léi ar ór ná ar airgead ceist Mozart a chur; ceist

Mozart in am ar bith. Tuigeann Paolo, áfach, go gcaithfidh sé an fhírinne a

nochtadh sa deireadh.

“Scéal corraitheach faoina léaráidí galánta, ina bhfuil rúin, bréaga agus stair.”

The Independent Throid muid ina n-éadan lenár gcuid ceoil.Ba é sin an t-aon arm a bhí againn.

léaráidí le Michael Foreman

AN CUMADÓIR SCÉALTA IS FEARR LEIS AN NÁISIÚN

COUNCIL FOR THE CURRICULUM, EXAMINATIONS AND ASSESSMENT29 Clarendon Road, Clarendon Dock, Belfast BT1 3BGTel: +44 (0)28 9026 1200 Fax: +44 (0)28 9026 1234Email: [email protected] Web: www.ccea.org.uk