feasta | samhain 2013

28
Samhain 2013 Samhain 2013 Samhain 2013 • Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh • Gearrscéal: ‘Dídeanaí’ le hAodh Ó Domhnaill • Dánta le Mícheál Ó hUanacháin, Liam Prút • Scannánaíocht le Muiris Ó Meara agus go leor eile • Íomhá chlúdaigh: ‘Siúlach Scéalach’ le Bob Ó Cathail Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 11 ISSN 0014-8946 €5

Upload: conradh-na-gaeilge

Post on 20-Mar-2016

300 views

Category:

Documents


22 download

DESCRIPTION

 

TRANSCRIPT

Page 1: Feasta | Samhain 2013

Samhain 2013Samhain 2013Samhain 2013

• Smaointe Polaitíochta le Seán Ó Loingsigh

• Gearrscéal: ‘Dídeanaí’ le hAodh Ó Domhnaill

• Dánta le Mícheál Ó hUanacháin, Liam Prút

• Scannánaíocht le Muiris Ó Meara agus go leor eile

• Íomhá chlúdaigh: ‘Siúlach Scéalach’ le Bob Ó Cathail

Feasta, Imleabhar 66, Uimhir 11ISSN 0014-8946

€5

Page 2: Feasta | Samhain 2013
Page 3: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 20133

— Clár —— Clár —• Eagarfhocal: Sárbhliain Spóirt ag CLG ........................ 3• Smaointe Polaitíochta: An Saol Iar-Bhuiséid, le Seán Ó

Loingsigh .................................................................... 4• Amárach, Amanathar, le Mícheál Ó hUanacháin: Some

day I will go to Aarhus, Heaney, ‘The Tollund Man’.Dán: Tír gan Teorainn le Sylvia Bledow ...................... 6

• Dídeanaí, gearrscéal le hAodh Ó Domhnaill .............. 7• Casúireacht (Dán i ndilchuimhne ar Mhaidhc Dainín Ó

Sé) le Liam Prút .......................................................... 9• Siúlach Scéalach, Philip Nolan, Béal Feirste

(1771-1801), le Mícheál Ó hAodha ........................... 10• The Guts le Roddy Doyle, á mheas ag P. Bairéad ..... 12 • Duaiseanna Liteartha an Oireachtais .......... 12, 13 & 16• Léirmheas le Síle Ní Mhurchú ar Irisleabhar Mhá Nuad

2013 in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta ..................... 14• Lán Dóchais is Grá, le Máirtín G. Ó Maicín ............... 15• Tomás Bairéad; Rogha Scéalta, in eagar ag Aingeal Ní

Chualáin, á léirmheas ag Brian Ó Curnáin ................ 17• Saol na mBailte Fearann (Splancfhíric, 10 Iúil 2013) le

Simon Ó Faoláin ........................................................ 18• Ar Thóir ár Sinsear le Niall Ó Murchadha ................. 19• Dancing at Lughnasa, An Bealach ’na Bhaile trí Mheán

na Scannánaíochta le Muiris Ó Meara ...................... 22• Séamus Ruiséal, 1934 - 2013, le Donnchadh Ó hAodha,

Uachtarán Chonradh na Gaeilge ............................... 25• Blúiríní le Pádraig Mac Fhearghusa ........................... 26

© Feasta agus na Scríbhneoirí• Clúdach: ‘Siúlach Scéalach’ le Bob Ó Cathail

Stiúideo Ealaíne SolamarBaile an tSléibhe, Fionn Trá, Co. Chiarraí

Fón: 353 (0)66 9159716 Rp: [email protected] S: www.bobcahill.com

EagarfhocalEagarfhocalSamhain 2013Samhain 2013

REIVIÚREIVIÚden Smaointeachas Éireannachden Smaointeachas Éireannachlitríocht, eolaíocht, polaitíochtlitríocht, eolaíocht, polaitíocht

• Feasta tríd an bpost!12 eagrán tríd an bpost ar €75

(€100 lasmuigh den Eoraip)Donnchadh Ó hAodha,

Cúil Aodha, Maigh Chromtha Co. Chorcaí.353-(0)87-2421267

Suíomh idirlín: www.feasta.ie• Eagarthóir

Pádraig Mac Fhearghusa, Feasta, 43 Na Cluainte, Trá Lí, Co. Chiarraí, Éire.

Fón: 353-(0)66-7124169.Ríomhphost: [email protected]

• FoilsitheoiríCONRADH NA GAEILGE

Ní gá gurb ionann na tuairimí a nochtar in aon áitsan iris seo agus tuairimí Chonradh na Gaeilge.

Bhíodh sean­nath acu i dTiobraid Árann fadó ag druidim idtreo dheireadh an tSamhraidh agus a gcúrsaí, dar leo, ar adtoil acu: ‘The hay saved and Cork bet’, a deiridís. Cúrsaí

iomána na Mumhan a bhíodh i gceist, gan amhras, agus b’shintráth go mba thábhachtaí ag muintir Thiobraid Árann an bua abhreith ar Chorcaigh i gCraobh na Mumhan ná aon ‘all Ireland’. Arndóigh, níos minicí ná a mhalairt b’ionann an dá rud.

Conas mar atá an saol athraithe? Níorbh é bua an Chláir ar Chorcaigh i gcraobhchluiche na hiomána an t­ionadh ba mhóriamh, ach níl aon amhras ná gurbh ábhar iontais an cumas iománaa léirigh an fhoireann óg scafánta seo sa dá chluiche i bPáirc anChrócaigh i mbliana. Tá a gcáil imithe i bhfad i gcéin. Féach go raibhan Guardian féin, scothnuachtán Shasana, ag déanamh iontais denócáid.

Bua mór, mar sin, a bhí ann agus bua a bhí tuillte go maith, níhamháin ag foireann óg an Chláir, ach bua a bhí ann freisin do Chumann Lúthchleas Gael, a bhfuil oiread sin déanta acu le bliantafada chun an iomáint a fhorbairt agus a chur chun cinn i measc nahóige, sna bunscoileanna agus sna clubanna ó cheann ceann natíre. Ní miste smaoineamh nach é bua an Cháir i mbliana amháina léiríonn dul chun cinn seo na hiomána. Caithfidh gur ábhar sásaimh ar leith do CLG go bhfuil ag éirí chomh maith leis angcluiche ársa i mBaile Átha Cliath. Níl aon amhras ná gur toradh ésin ar an obair agus ar an dícheall seo atá déanta go deonach ag alán daoine san ardchathair.

Más dea­scéala ar fad staid na hiomána faoi láthair cadfaoin bpeil? Tá sé de nós anseo againn le scaitheamh abheith ag clamhsán faoi ghnéithe míthaitneamhacha

agus mí­sportúla den sárchluiche seo, gnéithe a tháinig chun cinnle deich mbliana anuas. Murab é go bhfuil aon mhaolú mór tagthaar na gnéithe seo, ar a laghad d’fhéadfaí a rá nach raibh siadchomh follasach agus a bhíodh blianta eile.

Tá go leor nach n­athraíonn ó bhiain go bliain. Ceann de rúndiamhra an tsaoil sea cathain arís a bhuafaidh Maigh Eo CornMhig Uidhir, a gcéad cheann ó 1951. Ní hé nach raibh sár­imreoiríagus sárfhoirne acu ó shin. Go deimhin, thar na blianta ba bheagcontae a bhí inchurtha leo ó thaobh scile agus cumais peile a n­imreoirí. Níor leor fiú teacht i réim an Taoisigh, mac an scoth­pheileadóra Henry Kenny, chun a ngeasa droma draíochta ascaoileadh. Agus gan i gceist in aghaidh na nDubanna ach an t­aonchúilín beag suarach amháin!

Ach pé a bhuaigh nó a chaill, ba shárbhliain spóirt a bhí ann aríseile. Táimid faoi chomaoin arís ag Cumann Lúthchleas Gael.

Page 4: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 20134

An baol is mó anois ná go bhfágfar an Seanad gan leasú!An baol is mó anois ná go bhfágfar an Seanad gan leasú!

II s faoiseamh don rialtas é, ganamhras, go bhfuil buiséad na blianaseo curtha tharstu acu. Mar a

b’amhlaidh riamh ní fhéadfaí gachdream a shásamh, iadsan is mó a luíonnan bhróg orthu dá thoradh, an sean­dream, b’fhéidir, agus i gcodarsnachtleosan, an dream óg a ndeirtear linn gobhfuil eiseamláir de litir le fáil dóibh óroinn éigin, más áil leo seoladh tharcuan amach ar thóir oibre.

Ní ag filleadh ar an drochshaol é,b’fhéidir, ach ar chuma éigin tá buiséadna bliana seo tar éis a chur ina luí ardhaoine cad is brí le déineas mar leor­leigheas ar ár gcúlú eacnamaíoch. B’fhearrde dóibh, mar a dúradh roimheseo, dá dtugtaí an buiséad seo isteachan chéad bhliain i gceannas dóibh, nóan fíor go bhfuil cuimhne an phobailchomh gairid agus a luaitear leis?

Ba dhóigh leat go raibh lucht anfhreasúra níos bríomhaire i mbliana agdíriú a ndíbhirce ar an rialtas, Sinn Féinagus neamhspleáigh, go háirithe, achfiú Fianna Fáil féin, a bhí i mbaol ascólta pé huair a mbeadh sé de dhánaíocht in aon duine díobh a bhéala oscailt maidir lenár ndrochstaid eacnamaíoch, bhí níos mó géire agusfaobhair fúthu ag ionsaí an rialtais agusa mbearta crua sa bhuiséad.

Uaireanta rithfeadh leat go bhfuil an rialtas seo ag éirí róshochma ar fad agusiad de shíor ag déanamh gairdis lechéile as a bhfuil déanta acu chun an tíra thabhairt slán as an ngábh inar fhágFianna Fáil sinn. Tá cuimhne mhaith agan bpobal ar an ngábh sin. Tá a iarsmaíthart timpeall orthu gan a bheith á churi gcuimhne dóibh gach ré sholais, agustá a ndíoltas agartha ar Fhianna Fáil acugar do thrí mbliana ó shin. Tá sé tharam, mar a deirtear, bualadh ar aghaidh.

De ghnáth is féidir brath ar na meáinchumarsáide, pé acu meáin chlóite nómeáin chraolta, chun srian a choinneáilar mhóiréis agus ar bhogás lucht rialaithe, ach is beag fianaise go bhfuil aleithéid ag tarlú faoi láthair. B’fhéidir sabhfadthréimhse nach é leas aon rialtaisé nach mbeadh súil ghéar á coimeádagus léirmheastóireacht, pé moltach nódímholtach, á déanamh ar a n­iomparagus a gcur chuige.

Is ábhar iontais é maidir leis anmbuiséad seo, agus ag tagairt arís dontsochmaíocht a luadh níos luaithe, a

Rabbitte a leanúint, nó fiú dul níos faidená é agus a shlán a fhágáil go huile leisan saol polaitíochta. Pé ní a deirtear, níhé saol na bhfuíoll ar fad é.

——◊————◊——

An é an easpa léirmheasa, a raibhtagairt do níos luaithe, muran adh mhol ­adh lom a bhíonn i gceist, ba chúis leteip an rialtais ina n­iarracht deireadh achur le Seanad Éireann? Níl amhras nágur baineadh geit astu, ach i dtaca lenaraibh le rá faoin mbuiséad nach féidirgurb é leas an rialtais é? Níl aonchruthú ann go gcuirfidh an diúltú seoas dóibh sa bhfadtéarma. Is é is cosúilnach le cion ar fad ar an Seanad, nó aonmhór chinnteacht maidir lena thairbhe,a vótáil daoine ar a shon, ach go raibhsiad in amhras faoi cad chuige i ndáirírea bhí an rialtas agus nach raibh ann achstróc polaitíochta, nuair gurbh é leasúar mhí­éifeacht na Dála agus forlámhasan rialtais maidir lena riar an t­ábhar araibh práinn leis i ndáiríre.

II s é an baol is mó anois ná go bhfág­far an Seanad gan leasú, gan ath ­nuachan, díreach mar atá ó

bunaíodh é, ach ina theannta sin nachraghfar i ngleic ach oiread leis na fadhb ­anna a bhaineann le riar na Dála ná aneaspa feidhme a bhaineann leis vis a visairí Rialtais agus a mbaiclí comhairleoirí.Ní hionadh go bhfuil cúlbhinseoirí, iadsan i bpáirtithe an rialtais goháirithe, míshásta de bharr an easpationchair nó ionchuir atá acu sa Dáil,agus go mbíonn orthu feidhmiú mar aordaíonn príomhaoire dóibh faoithreoir ag Taoiseach nó Tánaiste.

D’fhéach sé do go leor daoine go raibhan bealach inar ruaigeadh teachtaí aspáirtí Fhine Gael thar fóir, agus bhí a leithéid chéanna i gceist i gcás an LuchtOibre. Bíodh go nglacfaí leis go bhfuilcóras réasúnta smachta riachtanach,nuair atáthar ag brath ar leagan amachna bpáirtithe polaitiúla chun an tír arialú, níor mhiste leis go mbeadhsaoirse réasúnta i gceist, gan an córas abheárnú agus a chur ó mhaith. Shílfeágo mba leor go gcaillfeadh leithéid Lucinda Creighton a post mar Aire Stáitin áit í a dhíbirt as an bpáirtí ar fad.

——◊————◊——

Tá an tAire Airgeadais go coitianta nalaethanta seo ag cur ina luí orainnconas mar atá an tír tugtha slán ó ansmacht na Triúrachta ón AE agus an

laghad tionchair a bhí ag an LuchtOibre, agus ag an Tánaiste féin air. Nachbhfuil cás sách láidir ann go bhfuilualach na ngearrtha agus na gciorruitheag luí thar cuimse orthusan is goilliúnaínó is lú atá in ann iad a iompar, agus gobhféadfaí a bheith ag súil le tacaíochtníos bríomhaire ón bPáirtí agus ón Tánaiste araon maidir leis an ngné sinden bhuiséad.

Is cinnte go bhfuil go leor i bPáirtí anLucht Oibre, agus go háirithe i meascteachtaí dála an pháirti i mBaile ÁthaCliath, a shíleann amhlaidh agus níorbhionadh mór dá mbeadh níos mó le closuathu san sna míosa atá romhainn.Lena gceart a thabhairt do na meáin, arabhthas ag fáil lochta orthu níos luaithe, tá aird dírithe acu ar an gceistseo sa mhéid go bhfuil tagairtí déantaacu don iomaíocht ghéar atá ag teachtchun cinn le tamall anuas idir an Tá­naiste agus an tAire Coimirce Sóisialaí,Joan Burton.

Ceist eile ar fad , ar ndóigh, céard ashíleann an Tánaiste féin nó an mbeidhaon fhonn mór air téarma eile a chur isteach fiú mar Thánaiste. B’fhéidir gobhfuil ag rith leis gur chiallmhaire dóeiseamláir a chomhghleacaí Pat

SmaointeSmaointePolaitíochtaPolaitíochta

Seán Ó Loingsigh

Page 5: Feasta | Samhain 2013

Feasta, Samhain 2013

Coinníollacha dochta, mar ualach orainn féin agus ar ár sliochtCoinníollacha dochta, mar ualach orainn féin agus ar ár sliochtIMF. Táimid mar a mhaíonn sé gocoitianta ar tí ár bhflaithiúnas a bheithbainte ar ais arís againn. Ní dócha guraon ionadh mór é, ná aon rólocht air, godtugann sé le tuiscint dúinn gur gaiscedá chuid féin ar fad atá curtha i gcríchaige, sea b’fhéidir, le beagán beagcabhrach óna chomhghleacaí an tAireHowlin. Is polaiteoir é a bhfuil aistearfada curtha de aige agus más fíor é féin,níl deireadh a chúrsa tugtha go fóill.

II s cuid den scéal seo leis, ar ndóigh,go raibh an polasaí déineachta achuir an Triúracht úd i bhfeidhm

orainn riachtanach chun sinn a chur ar

bhóthar ár leasa. Is fíor nach raibh aonéaló ach an t­easnamh inár mbuiséad achealú tar éis na tubaiste eacnam aíche.Ba chúram dúinn féin é sin, le pé cúnamh a bheadh ar fáil dúinn ón Eoraip, ón IMF nó pé áit eile. Ach níraibh an cúnamh sin thar cuimse fial nógan coinníollacha dochta ag gabháil leis,coinníollacha a bheidh mar ualachorainn féin agus ar ár sliocht sna bliantarómhainn. Níl aon ní thar cuimse fial achoiread leis an bhfaoiseamh a bhain leisna nótaí gealltanais úd, ná go deimhin lehaon fhaoiseamh a fhéadfadh a bheithar fáil ar ball maidir leis na billiúin a caitheadh ar tharrtháil na mbanc.

Is fiú cuimhneamh go raibh na rátaí úisa bhí i bhfeidhm sna bliantarabairneacha an­íseal agus iad curtha inoiriúint don Ghearmáin go háirithe agan am sin. Ní raibh siad in oiriúint dontír seo. Bhí, mar is eol dúinn, airgead óniasacht agus ón nGearmáin go háiritheá infheistiú go trom anseo, airgeadatáimid ag aisíoc anois. Ní hiad na baincatá á aisíoc ach cáiníocóirí. Ní, achoiread, chun éaló ó aon fhreagracht dárgcuid féin atáthar, ach d’fhonn a bheithníos soiléire faoi conas mar a tharla. Níorainn amháin a bhí an locht.

Níor mhiste a bheith ag súil go ndéanfaíiniúchadh ceart ar an scéal seo ar fad agpé fiosrúchán a deirtear linn a dhéanfaruair éigin amach anseo. An dtarlóidh anfiosrúchán seo go deo? Ní féidir abheith cinnte faoi. Is féidir nach n­oirfeadh a leithéid do pholaiteoirí, péan iad polaiteoirí an lae inniu iad nó andream a bhí ann rompu, bíodh nachchun an milleán a leagan orthu nó aroinnt eatarthu a bhaineann a thábhacht. D’fhéadfaí a bheith ag súilleis go mbeadh páirtí an Lucht Oibreníos gníomhaí faoin gceist seo ach gur roghnaigh siad bealach eile, bealachFrankfurt, gan amhras.

——◊————◊——

TTá na tréanfhir ag imeacht uainngo tiubh. Tharla dom a bheith inospidéal le déanaí in aon bharda

le Maidhc Dainín. Mura raibh sé i mbarra shláinte, ba é mar ba ghnách leiscroílár an chomhluadair é, ag cur gachduinne ar a s(h)uaimhneas, idir othairagus bhanaltraí, agus é idir Ghaelainnagus Bhéarla. I measc a thréithe eile isaige a bhí bua na cumarsáide. Cúplaseachtain ina dhiaidh san bhuaileas leisarís agus sinn ag freastal ar an dochtúircéanna i gCorcaigh agus gan aonchoinne againn, nó agamsa go háirithe,gurbh é sin ár gcómhrá deireanach.

Cúpla seachtain ina dhiaidh sciob anbás Séamus Ruiséal, tréanfhear eile achaith oiread sin díchill agus dúthrachtaleis an nGaelainn agus leis an múin­teoireacht, agus gan dearmad adhéanamh ar na blianta a chaith sé inaeagarthóir cumasach ar an iris seo.Agus ba bhreá an comhluadar Séamusleis.

Leaba i measc na naomh dóibh beirtagus ár gcomhbhá lena muintir araon.

— Críoch— Críoch

Page 6: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 20136

ICú ar leith a aithníonnbolaithe iomadúla an bháis,feo na bhféithleoga,dreo na matán,fiú galúnú na feola.Imíodh na blianta,tabharfaidh a shoc suntasdon searbhú ithreach,do chailciú na gcnámh,do na poill dhorchaar shúile lá iad.

Tá col gairid aigeleis an mbrocaire loirg,a chuartódh nead in uachaisar shála easóige,nó le Cŵn Annwngo fíochmhari mbun réimeas na gcoillteag lorg fia nó sionnach féin,agus le Garmr trodachnár leasc leisa chuid féin a mharú.

Is fada scoite a chineón madra caorach,a shúil ghéar ar an tréadis a bhith féinina chomhartha treorach dóibh,nó le cú na tairsíatá sásta an lá a chaitheamhle hais an gheataach fainic a fhógairtroimh theacht strainséara.

Ach an méid seo i gcoiteann:ní dhéanann tuairiscar obair an lae;ní shamhlaíonn malairt.An gcuimhníonnar a sinsear mactíre?

II

Suímid thart ar thine chnámhmar a suítí fadóle haois gadhair,le cuimhne na ndaoine,an chreach­ainmhí á róstadh,na madraí ina luí sa teas,saothar anála orthui ndiaidh na seilge,fuil le soc an alfa cheannasaigha phrioc an ghreim marfachi scornach an fhia.

Tar éis na fleábeidh damhsa á dhéanamha inseoidh scéal an laemar a insítí fadóle cuimhne na ndaoine,i gcuimhne na ndaoine.

Seo é an searmanas,an pátrún diamhair á fhíi lasracha na tine,in éirí an deataigh.Seo í an íobairt laethúila thairgimid do na déithea bhí is a bheidh,Balor cois teallaighas an nuaár mealladh lena ghealltanais.

Agus diaidh ar ndiaidh,i ndeireadh na hoíche,in ídiú an deataighos solas na gcoinnleis iad ag tráthadh,cumtar na haislingí nualena gcur in áit na bhfíseannaa bheidh á gcaitheamh uainn.

Ach in imeacht na gcoinnleimíonn an ócáid.

Imíonn cuimhne na hócáide,imíonn íomhá na cuimhne,imíonn samhail na híomhá,agus sprioc na samhlaagus ócáid na spricei ngealadh an lae.

Agus is timpeall mar sinagus timpeall a théannna coinbhleachtaí caoine.Gach éinne go discréideachag iarraidh discréidan duine eile

a shárú.

IIIRiascach cladaigh a bheidh ann,an móinéar breá gleanna,agus cíb is seisc is giolcaighó bhun an chnoica fhásfaidhar chiumhais an chuain.

Beidh an ithir dhúrabháinina glóthach shailltelán le cac lachan is bualtrach bó,taos a dhéanfaidhréabán láibe in ionadpáirceanna barraícois trá.

Ní bhainfear fómhar ar bith san áitó chuir an miléarachruaig ar an bhféarachis an lugach ar a chomhphéist talún.Blide mhara agus bundún leicea chífearin áit sheilide is chaisearbháin.

An uair sin, séideann an stoirmgan faoiseamhagus is é tuileáil an mhonsúincomhartha sóirt na séasúr.

Is níl tú annle samhlú dúinncén cineál marú deasghnách a fhágfadh corpán diamhrachsa phortach nua sin.

Mícheál Ó hUanacháin

Amárach, AmanatharAmárach, AmanatharSome day I will go to Aarhus

Heaney, ‘The Tollund Man’

Tír gan Teorainn le Sylvia BledowTír gan Teorainn le Sylvia BledowTá sé ina bhrádán gan stad,Deora éadroma boga san aer.Ceanglaíonn snáitheanna míne an spéir don talamh,Do­aitheanta bun na spéire.Bogann imlínte an domhain inár dtimpeall

le caoineas an cheobhráin.Níl aon ghleo ann

ach mionchnagaireacht shéimh na fearthainne.Tá boladh torthúil an earraigh ag éirí aníos as an úir.’Sé an bogach báite ár leaba is an ceo dlúth ár bpluid.Ár súile dúnta,Osclaímid ár mbéil,Fáisctear ár ngéaga, iad ag cuartú a chéile

Agus aimsímid.Cá bhfuil an teorainn idir mo bhéal agus do bhéalsa?Idir mo chuid craicinn agus do chuidse?Idir mo chroí agus do chroíse?Cé thusa?Cé mise?Cé muidne?Níl aon domhan ann ach an domhan s’againneNó is dochuimsithe an domhan seo.Ní uair ghoidte ár gcoinne­seAch turas taiscealaíochta,Turas isteach

Sa tsíoraíocht é.

Page 7: Feasta | Samhain 2013

A ceathair a clog tráthnóna.Teach tábhairne i nDaingean UíChúis. Suite ag bord ann tá fearóg gorm, pionta os a chomhairagus é ag féachaint ar chluichesacair ar an teilifís in airde. Isteach le Máire agus Joan, beirtóg­bhan sna déaga. Suíonn siadag bord trasna an tseomra uaidh.Is go ciúin a thosnaíonn agcomhrá.

———◊———

‘Sin thall é.’

‘Nílim dall, a Mháire.’

‘Bhí sé suite anseo tráthnóna innéchomh maith. Cad is dóigh leat?’

‘Nílim cinnte, cén fáth gur tharraing túisteach anseo mé?’

‘Bhí fhios agam go ndéanfása léamh airníos fearr ná mise’.

‘Déarfainnse gurb as an gCongó dó’.

‘Nó as an Nigéir...?’

‘An Congó, cinnte’.

‘Conas mar a bheadh fhios agat, ganceist a chur air?’

‘Aon ghá le ceist, má dheineann duineléamh ar na comharthaí sóirt’.

‘Cé na comharthaí sóirt?’

‘Na sainchomharthaí, mar a déarfá.Bíonn marcanna beaga gearrtha ar an­aghaidheanna. Ar an gcliabhrachchomh maith, uaireanta. Ná bí ag stánadh, ’Mháire’.

‘Ní léimse orthu ach na súile móra.Agus na fiacla geala bána nuair adheineann siad gáire, cé nach bhfuilaon gháire déanta ag mo dhuine gofóill.’

‘Siad na comharthaí treibhe atá i gceistagam. Creid uaim é – is as an gCongó dósiúd. Nach ansin a bhí mo sheanuncail.Katanga, sna seascaidí.’

‘Cad a rug ann é? Bhí sé ina shagart arna missions, is dócha?’

‘Leis an Arm a bhí sé... leis na fórsaísíochána ag na Náisiúin Aontaithe. Tána grianghrafanna sa bhaile againn.Agus mhínigh Uncail Tommy dúinn cadiad na difríochtaí idir lucht Balonga aguslucht Bemba agus na Balotsaigh agus naBalúbaigh. B’iad na Balúbaigh bamheasa ar fad acu. Gránna amach isamach. B’shin a deireadh sé i gcónaí.

‘An dóigh leat gur Balúbach é siúdthall? Níl cuma ró­ghránna air.

‘Ní déarfainn é. Balongach, b’fhéidir, nóó cheann de na treibheanna sa deis­ceart. Tá cuma an teifigh air, nach bhfuil. Tagtha anseo ar thóir dídine.’

‘Níl cuma an bhochtanais air. Ar thugaisna Pumas fé ndeara?’

‘Curtha ar fáil ag an HSE, déarfainn.’

‘Agus na chinos. Ní ón mBord Sláinte atháinig a leithéid.

‘Ach d’aithneoinn gur dídeanaí é óngcuma sórt buailte atá air. Tá níos móden saol feicthe aige siúd ná mar a fheicfidh tusa ná mise go deo, ’Mháire.Marú. Gorta. Cogadh. Cine­scrios.’

‘Cén “cine­scrios”?’

‘Más leis na Balongaigh a bhaineann sé,mar a shílimse, is beag dá mhuintir abheadh fágtha beo.’

‘Conas san?’

‘De bharr gur tháinig na treibheanna aduaidh sa mhullach orthu go minic leblianta beaga anuas. Bhí Uncail Tommyá insint dom.

‘Inis tusa domsa.’

‘Gach seans gur ina gcodladh a bhíodar.É féin is a mhuintir ina gcodladh sabhothán aon­seomra inar mhaireadar iChilúbí, gan fhios acu go raibh suas lecéad namhad chucu sa dorchadas. Níraibh muscailte ar an mbaile achcoileach nó dhó. Bhí na madraí fós inasuan cois luaithrigh, nuair a tosnaíodhar an ionsaí. Piléir á scaoileadh. Tóirsítine á gcaitheamh in airde ar na díontaluachra. Páistí ag muscailt is ag glaoch

ar a máithreacha. Fir ag rith amach aran tsráid gan ina lámha acu ach bata nótua, b’fhéidir. Cad a b’fhiú tua inaghaidh Khalashnikov!’

‘Cad is ‘Khal­ash­nikov’ ann?’

‘’Chríost,’ Mháire, tá’s ag gach éinnegurb é an raidhfil automatic is saoireagus is coitianta san Afraic é. Cúpla scórBhalongach marbh ar an toirt. AgusTotsi bocht istigh sa bhothán ag iarraidhaire a thabhairt dá Mham agus dádheirfiúracha beaga. Ní raibh aige achan cúig déag is bhí a Dhaid sínte amuighar an tsráid.’

‘Ach cérbh é Totsi?’

‘Mo dhuine thall, cé eile.’

‘Cá bhfios duit cén t­ainm atá air?’

‘I measc na mBalongach, sé sin ant­ainm is coitianta ag an mac is sine. Araon nós, bhrúigh a mháthair amach archúl é, é féin is na cailíní beaga, amachtrí pholl sa bhfalla cúil. Is rith siad tríghort an arbhair i dtreo na foraoise, nacailíní ag caoineadh de bharr nár lean aMam iad. Is dócha nár thuig ach Totsicén fáth gur fhan sí siar. An bheanbhocht.’

‘Cén fáth gur fhan sí siar?’

‘Chun moill a chur ar na saighdiúirí aduaidh! Thuig sí gur fearr an seans abheadh ag na páistí dá bhfanfadh síféin ar na barbaraigh, dá ndéanfadh sían íobairt sin. Thug Totsi ashracfhéachaint dheireanach ar abhaile dúchais – bladhmanna tine gospéir agus madraí buile ag rás ar fud naháite – agus dheifrigh isteach sa choill.Millie ar láimh amháin aige agus greimag Nakamba ar an láimh eile. Do rith isdo ritheadar go dtí nach raibh timpeallorthu ach an ciúnas. Ar shlí, ba mheasaan caoineadh ag Millie agus Nakambanuair nach raibh mórthimpeall ach anciúnas. Shiúil siad leo, ar chosáinchaola na foraoise, gan de threoir faoiTotsi ach treo na gealaí, ón gcorr­rad­harc a bhí aige uirthi trí bharr nagcrann. Siar leo i gcónaí is gan le

www.feasta.ie Feasta, Samhain 20137

DÍDEANAÍDÍDEANAÍScéal le hAodh Ó DomhnaillScéal le hAodh Ó Domhnaill

Page 8: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 20138

cloisint ó na cailíní ach snag nó pusaílanois is arís.

‘Cén fáth gur siar, seachas soir, ’Joanie?’

‘Bhí sórt tuairime ag Totsi gur thiar abhí cónaí ar sheanmhuintir a mháthar,ach ní raibh sé cinnte. Aon éiginteacht abhí air, cheil sé ar na cailíní é. Threabh ­aigh sé leis, ag iarraidh misneach achoimeád leo. Bhíodar maith go leor godtí gur shroiseadar an Abhainn Mhóragus sin sa tslí orthu ar maidin. Abhainnmhór ghlas­liath agus í seachtó nóochtó méadar ar leithead.’

‘Ní raibh aon droichead, is dócha, nábád farantóireachta?

‘Nach raibh snámh acu, snámh maithláidir. Water­babies cearta b’ea iad. Isteach leo triúr, Totsi chun tosaigh, Millie díreach ina dhiaidh agusNakamba ag lapadáil léi ar chúl. BhíTotsi á ngríosadh thar a ghualainn chléagus é ag snámh níos moille ná a chumas, ar mhaithe leo, nó gur shroissé an bruach thall. D’éirigh Totsi amachas an uisce, rug sé greim láimhe arMhillie, ach nuair a d’iarr sé an cúnamhcéanna a thabhairt do Nakamba, níraibh ann ach… Ó, Nakamba bocht! Táscná tuairisc!’

‘Cá raibh sí? An raibh an sruth ró­láidir di?’

‘Crogall! Bí cinnte gur crogall a sciob!Shleamhnaigh an bastard go ciúin inadiaidh, gan le feiscint os cionn uisce ach a smut, nó go raibh sé i riocht aghialla gránna a leathadh mórthimpealluirthi. Sneap mear sarar thuig sí gurbann dó agus ansin slogadh mall fothoinn!

‘Go bhfóire Dia uirthi! Bás gránna!’

‘Bás tapaidh. Ach ba dheacair sin amhíniú do Mhillie. Bhí Millie thuas aigeanois, ag marcaíocht ar a ghuaillí. ThuigTotsi go mba gheal léi marcaíocht inairde agus a deartháir mór á stiúrú aici,de ghreim an dá chluais air, mar adhéanfá ar eilifint. Siar leis i gcónaí idtreo na gréine tráthnóna, agus ranntabeaga agus stéibheanna amhrán án­aithris aige chun croí Mhillie d’ardú.De réir a chéile, bhraith sé a ualach níostroime agus níos troime. Agus, cuimhnigh nach raibh innti ach cailínbeag in aois a cúig bliana.’

‘Thiocfadh tuirse ar eilifint, tar éis láchomh dian. Arbh é go raibh sí tititheina codladh?

‘B’shin a cheap Totsi chomh maith, godtí gur shleamhnaigh sí anuas ina

bhaclainn agus is ansin a thuig sé goraibh a dhá súil ar leathan­oscailt.Chraith sé í. Labhair sé léi. Chraith séarís í. Ansin sea tháinig sé ar an dáspota bheaga dhearga ar chúl a muiníl.Mar a bheadh dhá pholl bheaga, dhábhraon fola, agus an fheoil mór­ thimpeall ataithe ag an nimh.’

‘Cén nimh?’

‘Ag nathair éigin nimhe, cad eile! Milliein airde ansin ar a ghuaillí agus géaga nagcrann crochta anuas i ngar di – isdócha gur chuimil sí nó gur mhuscail sí íagus níor ghá di ach a ceann a ghobadhis a fiacla beaga géara a shá i gcúlmuiníl. Gach seans gur mamba dubh abhí ann. Is iad is measa ar fad. Ceithrenó cúig nóiméad, a deirtear.’

‘Bhrisfeadh sé sin do chroí!’

‘Bhuel, níor bhris sé croí Totsi. Bhí mianach crua ann. Chuir sé Millie bochtfaoin gcré rua agus roinnt cloch samhullach uirthi chun nach ndéanfadhhyena aththochailt uirthi. Dhá lá inadhiaidh sin, tháinig sé ar an mBótharMór agus is suite lena ais sin a bhí sénuair a thángthas air. Ní mó ná buíoch abhí sé nuair a thuig sé cérbh iad lucht a‘shlánaithe’. Na Balúbaigh, an babhtaseo.

‘An rabhadar sin go dona?’

‘De réir m’uncail, b’iad ba mheasa arfad. Agus fíoradh sin i gcás Totsi. Is é antrua nár cailleadh sa bhforaois é. Dádtuigfeadh sé cad a bhí i ndán dó arfeadh dhá bhliain....’

‘Bhuel, ar a laghad, níor dhein siadmarú air.

‘Níor dhein. Cén fáth go ndéanfaidís?Bhí sé ina dhéagóir lúfar láidir, go maithin ann Khalashnikov a iompar.

‘Ach tá súil agam nár úsáid sé riamh é.’

‘Aon rogha aige! Ní cumanncarthannachta ná seirbhís dídine a bhí áreachtáil ag na Balúbaigh chéanna.Creach a bhí uathu, eallach nó ór nóseoda luachmhara nó airm nó piléir.Agus mná á bhfuadach acu chun anstuif a iompar. Agus mar chomh luadaroíche. Ach go mba mheasa ar fad ag naleaids óga, na déagóirí fir. Brúdh drugaíagus alcól orthu. Múineadh dóibh conasmarú a dhéanamh, go neamh ­thrócaireach, ar éinne nárbh fhiú athabhairt leo.’

‘Tú ag rá liom gur mharaigh Totsi daoinebochta? Ní shamhlófá sin, ag féachaintair...’

‘Ina psycho ceart a bhí sé, ar feadhtamall de bhlianta. Ach go gcuirfeá anlocht ar an droch­chomhluadar. Sórtzombies a bhí iontu. Ainmhithe ógaallta. Fuair go leor acu bás ag troid inaghaidh treibheanna eile nó póilíní rialtais. Thit go leor eile le galairiomadúla.’

‘Ach mhair Totsi.’

‘Mhair, ar éigean. Ní fios cén chríoch abheadh leis murach gur dhein sé éalúgan réamhchoinne. Bhí ionsaí eiledéanta acu, ar bhaile neamh­urchóideach eile. Bhí na díonta tríthine, na fir ag béicíl, na leanaí agcaoineadh. Agus bhí Totsi istigh inameasc, é ag scaoileadh leis gan trua,nuair a chonaic sé an bhean seo chuige.Amach as bhothán réabtha a shiúil síagus páiste á iompar ina baclainn, ciocubeo nó marbh ní bheidh fhios go deo.D’iompaigh Totsi ina treo, an Khalash­nikov sínte réidh, agus bhfuil fhios agatcad a rinne sí, an bhean anaithnidsin...?’

‘Scréachaíl? Mallacht a chur air?’

‘D’fhéach sí san aghaidh air, dheinmiongháire deas caoin, agus shín síchuige corp a linbh. Do shín, lemiongháire beag caoin!

‘Caithfidh go raibh sí glan as a meabhair!’

‘Níor fhan Totsi lena fháil amach. Chaithsé uaidh an gunna agus theich – amachón scliúchas, isteach sa bhforaois agusaway leis. Ba dhóigh leat go raibh anmháthair bhocht sin á leanacht nó ar athóir. Is dócha gur chuir sí a mháthairféin i gcuimhne dó, gur spreagadh náireúrnua ann. Ach bhí greim na mBalúbachbriste. Chaith sé na míonna sa choill,gan de chomhluadar aige ach an éanlaith agus na feithidí.’

‘Níor tháinig na Balúbaigh air arís?

‘Bhí an t­ádh dearg leis gurbh iad namisnéirí ó Sale Paldo a tháinig air, sean­sagairt ón bPortaingéil a bhí fós agsaothrú sa taobh sin d’Angóla.

‘Conas “Angola”. Dúirt tú gur sa Chongóa bhí sé.’

‘Toisc go bhfuil Angola taobh leis angCongó, a Mháire. An id chodladh abhís sa rang tíreolais? Tháinig na sean­sagairt air agus thugadar an­aire dó.Tháinig sé chuige féin de réir a chéile.Níor labhair sé ar feadh i bhfad.’

‘Ní raibh an Phortaingéilis aige, arndóigh.’

Page 9: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 20139

CasúireachtCasúireachti ndilchuimhnei ndilchuimhne

ar Mhaidhc Dainín Ó Séar Mhaidhc Dainín Ó SéMhair sé sa chasúireachtfaoi ord agus eagar an oird:ceithre ballaí adhmaidina thimpeall,clár dín os a chionn:

Mhair sé sa chasúireachtag cur tairní trí na ballaí,á dtairneáil dá chéileis don díon adhmaid.

San idirshuan bhaineadh amachna tairní le ladhracha an chasúirceann ar cheannagus leanadh na ballaí ag titimisteach ina chéile ina mhullach,

an clár dínag seimint na gaoitheag fanacht go dtitfeadhsról na hoíchemar bhlaincéad,go dtitfeadh tigh an chnagaire:

Mhair sé sa chasúireacht:nuair nach raibh tairnefágtha le bualadhle camadh, ná le stoitheadhd’éisteadh sé leis an gceolsna crainntimpeall an tíagus thosaíodh ag smaoineamhar ghaibhneacht na mbodhrán,na ndrumaí laimbeig mór,na dtiompán.

Mhair sé sa chasúireacht chrainna lom an fómharmar chaoraag cur tairní sna géagade réir mar d’fhéad singéag ar ghéagina gcros adhmaidgan díon

Dhuilligh an t­earrach a chrann,a dhair gan chríchgur chroch sé seolsa ghaoith a bhíonns ag seimintle gíoscán clársa suaill mhórfharraigeag a chasúireacht bhinn:

Sin é a thugas sólás dó,an chasúireacht,go gcur a chéasadh i gcrích:atann is crapann éosclaíonn is dúnann éamhail fear le consairtín

Is an uair fhánach a dtéid sé ina cheanngo bhfuil a lóistín róphollta le tairníamhail criathar an chócaireis nach bhfanfaidh na ballaí a thuilleadhag suirí lena mhullach catach crainncuireann fógra le bioráin sa ghaoithgo bhfuil an tigh ar díol:

Ar maidin nuair a dhúisíonn sé túlena bhog­chasúireacht chaointá an t­áras ina shuíomhgan maide is gan sreanggan ballaí is gan cheannlán macallaí na ngleann.

Liam PrútLiam Prút03/09/201303/09/2013

‘Ná mórán eile, ar feadh tamaill. Biablasta agus grá gan cheist, b’shin a thugna seansagairt dó. Ansin, maidinamháin, d’éirigh sé agus d’imigh leis, aghitch­eáil siar i dtreo an chósta. Bhíodhgo leor leoraithe móra ag dul siar, le lastaí copair nó guail. Thóg sé coicís arTotsi an cósta a bhaint amach agus nachair a bhí an t­iontas. An fharraige, andtuigeann tú – ní fhaca sé a leithéidriamh cheana. Ach b’é an calafort a bhíuaidh. Long a bhéarfadh i bhfad óbhaile é.

‘Cén long a bhéarfadh ó Angóla gohÉirinn é?’

‘Ceann ar bith, ach go hindíreach.Sclábhaíocht sa chistin a rinne sé arsheanbhád meirgeach. Trí seachtaine athóg sé orthu dul go dtí an Phortaingéil.Ní raibh pas ná páipéirí aige. Bhí air bogadh leis de shíor, siar ó thuaidh, tharna sléibhte isteach san Fhrainc, obair álorg nuair a bhuaileadh an t­ocras é.Faoi dheireadh, bhain sé Normandyamach. Tuigeann tú cad a tharla ansin,ar ndóigh...’

‘Ní thuigim.’

‘Lidl, cad eile.’

‘Cén ‘Lidl’?’

‘Leoraí mór le Lidl, lan d’earraí oll ­mhargaidh! D’imigh Totsi i bhfolachann, i lár na hoíche sa chalafort, agus

nuair a mhuscail sé ar an mbád, ní raibhfhios aige cá raibh a thriall an babhtaseo. Faoi ghlas sa container a bhí sé,gan fáilt amach aige go mbainfidísceann scríbe amach.

‘Caithfidh go raibh sé préachta!’

‘Níorbh aon leoraí bia é. Púdairníocháin agus clúidíní agus a leithéid.Sioc ar bith air. Luigh sé siar i gcúl anleoraí, is dhein cogaint ar chuimhní aóige gur éalaigh sé amach, luath armaidin, i gcarrchlós anaithnid, sadúthaigh seo. Bhí sé landáilte. Deireadhleis an bhfánaíocht. Is dócha gur thuigsé nach bhféadfadh sé dul níos faidesiar ná seo.’

‘Suaimhneas faoi dheireadh.’

‘Agus sin tuillte go dian aige.’

‘An mbeadh aithne aige ar éinne anseotimpeall,’ Joanie?’

‘Ní déarfainn é, seachas ar chúplaoifigeach ón Údarás Sláinte. Cúpla banaltra.’

‘Agus bheidís siúd meánaosta.’

‘Bheadh.’

‘Caithfidh go mbíonn an­uaigneas air. Tásé thar am aige aithne a chur ar chúpladuine leathnormálta, nach bhfuil. Cuircaint air, Joanie.’

‘Níor mhaith liom cur isteach air.’

‘Ach bhí d’uncail sa Chongó agus tuigeann tusa cér díobh é agus conasmar a bhí an saol thall aige. ’Chríost,Joanie, nach bhfuil sórt aithne agatsaair cheana féin!’

‘Ní mór domsa bualadh le Mam, chunlift d’fháil abhaile.’

‘Bhfuil tú chun mé d’fhágaint anseo? Imaonar leis siúd?’

‘Íocfaidh mise as an gcaife. Slán go fóill.’

——◊——

Amach le Joan. Beireann Máiregreim ar a misneach agus téannsí trasna go dtí an bord eile.

‘Ga’ mo leithscéal. I’m sorry for yourtroubles, Mr. Totsi.’

‘I beg your pardon...?’

‘You came all this way. You must be exhausted.’

‘Yesterday. We flew in yesterday to Farranfore. From Sheffield.’

‘What?’

‘And I must say you have lovely golf­courses round here. George Randle’sthe name...’

Síneann sé lámh chuici. Cúlaíonnsí. Spréachann sí.

‘God, but you’ve an awful nerve! Sittingthere... confusing people!!!’

Page 10: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 201310

Tá an domhan ag éirí níos lú. Sin a deirtear. Ag tagairtdo dhomhan na cumarsáide atá mé. Tá domhandú arsiúl, a bhuíochas sin do chumhacht na teicneolaíochta

nua. An mbeidh ollchultúr coiteann amháin againn amachanseo? Cá bhfios? Seans nach dtuigimid i gceart fós anchumhacht atá ag an teilifís agus ag an scáileán – an íomháchorrach sin sa chúinne. Gach oíche nach mór, táimid agcoinneáil súile ar chúrsaí sa Bhruiséil agus i dtíortha atá ibhfad uainn. Feicimid pictiúir agus íomhánna cogaíochta óntSiria agus ón Liobáin, cuid acu a taifeadadh go rúnda,amhail is go rabhamar féin ansin, ar na sráideanna fuilteachagainmheacha céanna.

Fuaireamar spléachadh ar an bpláinéad Mars féin ní fada óshin. Ealaín thar a bheith cumhachtach is ea an scannán ­aíocht. B’in tuairim an scannánóra Rúisigh Andrei Tarkovsky(1932­1986) ar aon chuma. Ba ghnó thar a bheith dáiríre é

agus bhí dualgais chomh maith le deiseanna féiniúlachtaagus déanamh airgid fite fuaite leis. Seans maith gurb í anscannánaíocht an ealaín is meallacaí riamh, í ag dul i ngleicleis an tsúil agus leis an gcluas, leis an aigne agus leis ananam.

Os comhair an scáileáin i ndorchadas an tseomra dúinn, fágtar muid amhail cairde Phlatón sa phluais Ghréagach sinfadó. Ar an leibhéal áitiúil, meabhraíonn clár ar nós Reelingin the Years dúinn an luas uafar lena athraíonn an saol, mar aathraíonn muidne agus an domhan thart timpeall orainn.Chonaiceamar an tábhacht a bhaineann leis na hóráidí teilifíse d’uachtaránacht Mheiriceá nuair a craoladh ar namallaibh iad. Toisc an teilifís a bheith chomh cumhachtach

sin, seans go ndéanaimid dearmad uaireanta ar chumhachtna nuatheicneolaíochtaí eile atá fós i dtosach a réime.Cumhacht an idirlín, cuir i gcás.

Más in Iarthar an domhain atá tú ag cur fút, tá ar do chumasanois nath cainte nó ainm duine nó rud ar bith is mian leat achur isteach sa bhosca cuardaigh sin agus away leat. Is féidirleat ligean ort féin gur bleachtaire nó spiaire tú! InspectorClouseau, más neach beagáinín craiceáilte agus místuama túnó Columbo féin! (Bhí aithne agam féin ar fhear, ball denLucht Siúil i Luimneach, agus thaitin sé leis ligean air féin gomba é Columbo é. Théadh sé amach ar maidin agus é agmíogarnach leis féin faoi mar a bheadh sé ag obair ar chásbleachtaireachta an­tábhachtach ar fad! Mhair sé i ndomhanbrionglóideach na samhlaíochta formhór an ama agus cé athógfadh air é?) Is féidir eolas ar na sean­Ghaeil a bhailiúanois trí mheán an idirlín. Iad siúd ar dhíbir na Sasanaigh

chun na hAstráile iad,abair, nó na baill sin den diaspóra Éireannach nachgcloistear mórán fúthu salá atá inniu ann: na neachasin a raibh crógacht agusfuinneamh as an ngnáthsna cuislí acu. LeithéidíPhilip Nolan mar shampla.

——◊——

Trádálaí capall nómangaire ba ea PhilipNolan, fear a rugadh i

mBéal Feirste sa bhliain1771. Peter Nolan ab ainmdá athair agus ba í Eliza­beth Cassidy a mháthairagus is cosúil gur cuireadhoideachas maith ar Philipóg. An bád bán a bhí i ndándó, mar aon leis na mílteÉireannach eile sa tréimhsesin agus is i ndeisceart naStát Aontaithe a tháinig sé i

dtír, mar ar fostaíodh é mar rúnaí gnó don fhiontraí James Wilkinson, fear a raibh gnóthas ilchríochach aige in Kentuckyagus i Louisiana mar cheantálaí capall agus mangaire fionnaidh: ba mhinic é i mbun gnó le Meiric eánaighdhúchasacha na Chickasaw, na Shawnee agus na Cherokeeina measc.

Léirigh Nolan tréith na fiontraíochta a bheith ann go luathtar éis dó dul i mbun oibre, agus ní fada gur tugadh ardúcéime dó agus gurbh é príomhchúntóir díolacháin Wilkinsoné agus é ag taisteal fud fad New Orleans. Bhí tuiscint agNolan ar na teangacha dúchasacha agus ar an Spáinnis ganmhoill, agus chuir sé aithne ar rialtóirí stáit agus ceannairípolaitíochta na linne sin, Manuel Luis Gayoso de Lemos

SIÚLACH SCÉALACHSIÚLACH SCÉALACHPhilip Nolan, Béal Feirste (1771 Philip Nolan, Béal Feirste (1771 –– 1801), trádálaí capall1801), trádálaí capall

le Mícheál Ó hAodhale Mícheál Ó hAodha

Page 11: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 201311

Amorín y Magallanes, gobharnóir dúiche Natchez i stát Mississippi – tá Natchez ainmnithe as treibh bhundúchasachnach ann dóibh a thuilleadh, dream a raibh gaol acu leis naCreek tráth den saol.

Sa bhliain 1791, agus é fós faoi choimirce Wilkinson, bhronngobharnóir Spáinneach Louisiana agus Iarthar Florida Esteban Rodríguez Miró pas trádála ar Nolan, a cheadaigh dódul i mbun gnó sna críocha sin freisin. Shocraigh Nolan aghnó trádála féin a dhéanamh as sin amach; d’fhág sé comhlacht Wilkinson agus chuaigh i mbun trádála leis natreibheanna bundúchasacha a raibh ionaid cheantála acu arbhruacha an Mississippi.

Seans go raibh ag éirí go ró­mhaith le gnó nua Nolan,mar cuireadh a phas trádála ar neamhní i Texas aguschoigistigh údaráis Spáinneacha an stáit sin a chuid

earraí agus a threalamh taistil. Bhí an t­ádh ar Nolan go raibhcairde maithe aige i measc na mbundúchasach ann aguschuaigh sé chun cónaithe le treibh Indiach ar feadh dhá bhliain, sular fhill sé ar New Orleans arís agus caoga capallina sheilbh aige. Níor chuir a chéad droch­thaithí ar Texas isteach go rómhór ar Nolan is léir, mar d’fhill sé ar Texas aríssa bhliain 1794.

Bhí ceadúnas trádála dleathach faighte aige an uair seo, aguschaith sé bliain iomlán ag ceannach agus ag díol capall fudfad Texas, stát ollmhór ina bhfuil 268,820 míle cearnach agusdaonra 24.6 milliún inniu. D’éirigh go maith le Nolan ar anturas seo, agus d’fhill sé ar New Orleans arís agus 250 capallina sheilbh aige. Toisc a chuid eolais ar réigiúin agus teangacha na gcríocha sin tugadh post nua do Nolan ar fhilleadh dó. Ba é Andrew Ellicott, Coimisinéir Teorann naStát Aontaithe a fhostóir nua, fear a bhí i mbun mapála snaréigiúin sin. An dualgas a cuireadh ar Nolan ná léarscáil adhéanamh d’abhainn an Missouri. Níor cuireadh fáilte rómhór roimh Nolan agus a bhuíon suirbhéireachta, ach iscosúil gurbh fhear deisbhéalach é, fear a bhí go maith imbun taidhleoireachta.

Mar thoradh ar stocaireacht pholaitiúil fhadálach fuair Nolanpas eile chun dul i mbun trádála trasna Texas arís, an uairseo le vaigíní. Chuir sé aithne ar uasaicme Texas, ar deshliocht na Spáinne a bhformhór ag an tréimhse sin, agusphós an dara huair. Bean darbh ainm di Frances Lintot aphós sé an uair seo, bean a raibh gaolta léi go hard i bpobalSpáinneach­Texas na linne sin. Cé go raibh bac i bhfeidhm igcónaí ag rialtas na Spáinne ar thrádáil idir Louisiana agusTexas, chabhraigh na teagmhálacha a bhí aige i measc namóruaisle le Nolan agus lean sé air i mbun gnó, cé go raibhgobharnóir Natchez agus na réigiún máguaird ina choinneanois agus iad ag iarraidh stop a chur leis.

Cheapadar go raibh Nolan róchairdiúil leis na bundúchasaighagus go raibh an t­eachtrannach seo, nach de bhunús naSpáinne é, ag cur ina luí ar na bundúchasaigh go mba cheartdóibh éirí amach i gcoinne rialtas na Spáinne. B’fhear cróga éNolan mar sin féin, agus d’fhág sé a bhean chéile nua agus ainíon in Texas agus thaistil sé go Natchez arís agus 1,200 capall le díol aige sa bhliain 1799.

Níor cuireadh isteach ná amach air feadh an turais seo; achairde in uasaicme Texas a thug cosaint dó, ionas go raibhsé in inmhe an turas seo a chur de. Ar ais i mbun suirbhéir ­eachta a chuaigh Nolan arís, agus deirtear gurbh é an chéadduine a rinne léarscáil den teorainn mhór fhada sin ashíneann idir Louisiana agus Texas, agus gur bhronn arWilkinson é. Níor thángthas riamh ar an léarscáil sin, faraor,cé gur cinnte gur úsáid Wilkinson taighde Uí Nualláin agus éag cur le chéile an chéad léarscáil den cheantar céanna afoilsíodh sa bhliain 1804.

Trí bliana roimhe sin a thug Nolan a ruathar deiridh archríocha Texas. In ainneoin a chuid iarrachtaí níor tugadh pastráchtála eile dó, agus toisc gan cead a bheith aige taistealgo Texas arís, shocraigh sé ar bhuíon fear a eagrú a thabhar­fadh faoi thuras taiscéalaíochta, mídhleathach, go Texas agusceantair eile a bhí faoi smacht Mheicsiceo an uair úd. Ní fiosgo cinnte cad a bhí ar intinn ag Nolan leis an turas seo, anturas deireanach aige ar an saol seo. Deirtear gur gheallNolan don tríocha fear a bhí in éineacht leis go dtógfadh siadseilbh ar dhúiche éigin a raibh talamh shaibhir inti, agus gogcruthódh siad ríocht nua dóibh féin ann. Pé bunús a bhí leisan turas sin, is léir gur chuir Nolan ina luí ar a chomh ­ghleacaithe gurbh fhiú an turas go Texas a dhéanamh agusgo mbeadh saibhreas acu dá bharr.

Thrasnaigh siad an teorainn idir Louisiana agus Texas imí Dheireadh Fómhair na bliana 1800 agus chuadar aggabháil na mustangs, na capaill fhiáine, lastuaidh de

chathair Nacogdoches. Ní fada go raibh na Spáinnigh ar aneolas faoi bhuíon Nolan, áfach, agus chuireadar 120 fearamach chun Nolan agus a bhuíon a ghabháil. Ar an 21ú lá deMhárta, 1801, tháinig fórsa míleata Spáinneach ar bhuíonNolan ar bhruach na habhann a dtugtar Nolan River uirthisan Hill County i stát Texas an lae inniu.

Dhiúltaigh Nolan agus formhór na bhfear géilleadh do naSpáinnigh agus thosaigh caismirt fhíochmhar idir an dádhream. Maraíodh Nolan agus ba ansin a ghéill fir eile Nolando na Spáinnigh. Bhí an bhrúidiúlacht chéanna ar an saol sanam sin agus atá inniu. Ghearr na Spáinnigh na cluasa deNolan bocht mar fhianaise go raibh an t­eisreachtaí Éireann ­ach marbh. Deireadh suarach le fear a raibh fuil chróga anfhiontraí go smior ann. An mbeidh a leithéid arís ann?

— Críoch— Críoch

Page 12: Feasta | Samhain 2013

BUAITEOIRÍ OIREACHTAISBUAITEOIRÍ OIREACHTAISCeiliúradh Scríbhneoireachta

D’fhógair Liam Ó Maolaodha, stiúrthóirOireachtas na Gaeilge, buaiteoiríChomórtais Liteartha an Oireachtais ibPáirc an Chrócaigh ar an 1 DeireadhFómhair. Bronnadh duaiseanna ar scríbh ­neoirí aitheanta na Gaeilge agus ar nua ­scríbhneoirí araon ag an ócáid.Is iad Comórtais Liteartha an Oireachtaisna gradaim is airde scríbhneoireachtaGaeilge. Tá cúig chatagóir déag san iom­lán iontu, ficsean, gearrscéalaíocht,cumadóireacht amhrán agus iriseoir ­eacht san áireamh. Bronnadh gradam arChathal Ó Searcaigh, an file Conallach, asa chnuasach filíochta, Aimsir Ársa. Is iad Majella Ní Dhomhnaill agus Rónán MacCon Iomaire, na comh bhuaiteoirí igComórtas na Scríbhneoirí Úra. Rug LiamÓ Muirthile, an chéad áit leis i gcatagóiran phróis dá phíosa, ‘An Colm Bán’.‘Teastaíonn smaointe nua, cruthaíochtagus díospóireacht ón bpobal. Tugann anlitríocht deis do dhaoine a gcumascruthaitheachta a neartú, ’ arsa Liam ÓMaolaodha, stiúrthóir Oireachtas naGaeilge. ‘Príomhsprioc na ngradam seo,deis a thabhairt do scríbhneoirí iad féina chur in iúl, agus nasc a chothú leis anbpobal. Ábhar bróid d’Oireachtas naGaeilge tacú leis na gradaim seo arbhonn leanúnach’, ar seisean.Bhain Áine Ní Ghlinn dhá ghradam, anchéad áit sa chatagóir ‘Ficsean doDhaoine Óga’, agus dara háit don dráma‘Scéal na Nollag’. Bhí Orna Ní Choileáinagus Mícheál Ó Ruairc i measc nambuaiteoirí dá saothair ficsin.‘Nochtadh na Fírinne’, le Bríd Dáibhís abhain an chéad duais i gcatagóir nagearrscéalaíochta. Chuir Aodh Ó Domh­naill lena stór gradam: bhain sé an chéadduais don Agallamh Beirte, ‘Lá Spóirt’.Seo an 9ú gradam ag Aodh i gComórtaisLiteartha an Oireachtais. Rug ProinsiasMac a’ Bhaird agus Doiminic Mac GiollaBhríde an duais leo sa chomórtascumadóireachta amhrán.Bhí scríbhneoirí óga as gach cearn den tíri láthair chomh maith chun glacadh lenanduaiseanna sna catagóirí éagsúla dodhaoine óga, an ghearrscéalaíocht agusan iriseoireacht san áireamh. Comórtais Liteartha an Oireachtas nacomórtais liteartha is iomráití saGhaeilge. Tá cuid de mhórscríbhneoirí nateanga, Pádraig Mac Piarais, Máirtín ÓCadhain (agus Nuala Ní Dhomhnaill), imeasc iar­bhuaiteoirí na gcomórtas seo.

www.feasta.ie Feasta, Samhain 201312

Úrscéal ÚrÚrscéal Úr

Ní hé seo an chéad úrscéal a shilchugainn ó pheann líofa an údair iltréitheach, Áthcliathach, seo, nó baliosta le háireamh é iad uilig a luaanseo, ach tá mé cinnte, gur cuimhinlinn uilig teidil mar: The Commitments,The Snapper, The Van, agus Oh, PlayThat Thing, gan ach cúpla ceann acu alua.

Sea, agus b’fhéidir freisin, gur léigh sibhcuntas éicint fúthusan, siar thar nablianta. Ní call dom a rá, go bhfuil cáilidirnáisiúnta bainte amach ag an údarseo cheana féin, agus sa leabhar seotéann sé siar ar na seanlaethe, faoi mara léirítear iad sna Commitments, ach goháirithe, agus déanann sé iarracht archaractair ó na laethe sin a aistriú ó naseanlaethe úd len iad a chur isteach imilieu an lae inniu.

Ar éirigh leis sin a dhéanamh? Caithfidhan léitheoir a bhreith fhéin a thabhairtar an gceist sin. Mo chuidse de, déar­fainn gur éirigh go seoigh leis sa mhéidsin.

The CommitmentsThe Commitments

Is dócha gurb é Jimmy Rabitte anpríomhcharachtar sa scéal seo, aguscuirtear Jimmy, bunaitheoir na Commit­ments, in aithne don léitheoir go breáluath sa scéal agus é anois seachtmbliana is dhá scór d’aois, bean aige,agus ceathrar clainne mar chúramorthu, agus lena chois sin, tá sé tar éis afháil amach go bhfuil ailse inne tolgthaaige.

Tá air anois an scéal sin a roinnt lenamhuintir is lena chairde, agus é ag iarraidh, ag an am céanna, dul siarbóithrín na smaointe agus bualadh arísleis na daoine a raibh aithne aige orthu

an tráth úd fadó. Ach anois, agus méarag an mbás ar a ghualainn, tuigtear dó,nach bhfuil am gan teorainn fágthaaige, agus dá bharr sin, cuireann sé tuairisc ar chairde a bhí aige an t­amsin.

Éiríonn sé mór arís le Imelda Quirke,stuaire a raibh aithne mhaith aige uirthilaethe na Commitments. Sea, aguscuireann sé tuairisc a dhearthár ‘Les’,fear nach raibh teangmháil aige leis, lebreis is scór bliain.

Éiríonn leis freisin, scéal na hailse a insint dá chlann is dá athair, bíodh nachléiríonn a fhoclóir doimhneas amhothúcháin sa chuid seo den scéal,toisc go bhfuil an doimhneas sin ceiltefaoi ghairbhe a gcomhrá, marúsáideann sé an ghairbhe chéanna sinmar bhréagriocht, le géire agus doimh­neas na mothúchán sin a cheilt.

Ag an ‘Rock Festival’Ag an ‘Rock Festival’

Ba é an chuid den scéal ba mhó achuaigh i gcionn orm fhéin an cur síossin ar roinnt den seandream i láthair agRock Festival nua­aimseartha, agus iadag baint súlaigh, toite, agus taitnimh asan ócáid sin, agus mac le Jimmy Rabbitte agus a bhanna fhéin aige,‘Moanin’ at Midnight’, ag ligint orthu gomba bhanna ón mBulgáir iad, agus ‘I’mgoing to Hell’, amhrán nuachumtha, áchanadh acu, faoi mar b’amhrán é achéadchanadh sa bhliain 1932!

Ach le taitneamh ceart a bhaint as anscéal seo, caithfidh tú é a léamh duitféin, agus bíodh gur bhain mé féin tait­neamh as an leabhar, agus bíodh gurthaitin cur chuige agus stíl an údair agusan chaoi ar bhain sé úsáid nádúrtha ascomhrá tíriúil na gcarachtar liom, ag anam céanna b’fhearr liom go mór fadadá bhféadfaí srian níos rite a choinneáilar fhoclóir an chomhrá chéanna sin.

Mar sin féin, tá mé cinnte, go bhfuildaoine ann a déarfadh gur maise mórar an leabhar a leithéid de chomhrátíriúil nádúrtha a bheith ann. Fágfaidhmé breith an dá rogha sin agatsa.

— Críoch— Críoch

THE GUTSTHE GUTSle Roddy Doylele Roddy Doyle

á mheas ag Peadar Bairéad

RoddyDoyle

Page 13: Feasta | Samhain 2013

NNí raibh gíog ón bpobal ar Shráid naSiopaí i nGaillimh ar an Satharn 5

Deireadh Fómhair nuair a tháinig grúpadamhsóirí ar an sean­nós agus boscadóiraniar aduaidh orthu. Bhí an slua faoigheasa le linn an taispeántais a eagraíodhar an toirt mar ghné de sheoladh fhéile bhliantúil an Oireachtais a bheidh ar siúl igCill Airne ón 29 Deireadh Fómhair –díreach agus FEASTA ag teacht ón gclódóir.Tá an comórtas damhsa ar an sean­nós,‘Steip’, i measc imeachtaí móra na féileagus craolann TG4 beo é. Fuair pobal naGaillimhe blaiseadh den spraoi agus denscléip a bhíonn ar siúl ag an Oireachtasnuair a thosaigh níos mó ná tríocha damh­sóir, idir óg agus aosta, ag damhsa le chéilear an tsráid. ‘Tá Oireachtas na Samhna maroilithreacht Útóipeach ag daoine a bhfuildúil acu sa chultúr Gaelach, idir dhamhsa,amhrán aíocht ar an sean­nós, agusscéalaíocht ,’ arsa Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir. San INEC i gCill Airne agus i gcúpla ionad eile ar an mbaile sin a bheidh nacomórtais ar siúl. Bíonn Corn Uí Riada, an comórtas amhránaíochta ar an seannós ina bhuaicphointe: craolfar an comórtas seobeo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar is gnáth agus beidh sruthú idirlín ar fáil ag www.tg4.tv freisin. Breis eolais ag: www.antoireachtas.ie (Thíos, agus lgh 12, 16, 25 & 26: Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais 2013).

www.feasta.ie Feasta, Samhain 201313

Tobshlua damhsóirí ar an sean-nósar shráideanna na Gaillimhe

Buaiteoirí Chomórtais Liteartha an Oireachtais in aon bhuíon i bPáirc an Chrócaigh, 1 Deireadh Fómhair. • Tosach, ó chlé:• Tosach, ó chlé:Rónán Mac an Iomaire; Marie Whelton; Eithne Ní Ghallchobhair; Proinsias Mac a’ Bhaird; Máirín De Brún, cathaoirleach anOireachtais; Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir; Bríd Dáibhís; Bláthnaid Ó Brádaigh, uachtarán an Oireachtais; Brian Ó Baoill; MícheálÓ Ruairc; Liam Ó Muirthile. • Dara líne, ó chlé:• Dara líne, ó chlé: Mícheál Ó Gallchóir; Conor Ó Maonaigh; Máire Uí Dhufaigh; Orna Ní Choileáin;Majella Ní Dhomhnaill; Seán Mac Sheáin Mac Eochaidh; Áine Ní Ghlinn; Dónal Ó Baoill; Micheál Ó Conghaile; Brian Ó Meacháin;Brian Ó Tiomáin. • Ar chúl, ó chlé:• Ar chúl, ó chlé: Féilim Ó Brádaigh; Lisa Ní Dhoinnléibhe; Colm Ó Néill; Faolán Dáibhis; Áine Treasa NíDhéirg; Muireann Ní Bhaoill; Natasha Ní Dhugáin; Lucy Ághas; Liadan Ní Chearbhaill.◊

An file Conallach, Cathal Ó Searcaigh, aCathal Ó Searcaigh, a ghnóthaigh príomh dhuais fhilíochta an ghnóthaigh príomh dhuais fhilíochta anOireachtais, 2013Oireachtais, 2013, ar a shaothar AimsirAimsirÁrsaÁrsa, an cnuasach téagartha ‘is foirfe friotail’ a bhí istigh ar an gcomórtas imbliana. Thug ‘miotas pearsanta an fhileaontas don iomlán’ agus de bhíthin ‘cumasliriciúil’ agus ‘cruinneas teanga’ an fhiled’éirigh leis é féin a chur in iúl ‘ar bhealachníos ealaíonta ná éinne dá chomhfhilí’.Arlen House a d’fhoilsigh.

Orna Ní Choileáin,Orna Ní Choileáin, Ard Aidhin, archlé, a ghnóthaigh an chéad duais de€2,000 i gComórtas A3, Ficsean doDhaoine Óga, (13 – 15), maoinithe agForas na Gaeilge, ar Vaimpír sanVaimpír sanÁiléar. Áiléar. Foilsithe ag Cois Life.(Máire Uí DhufaighMáire Uí Dhufaigh, Inis Oírr,Oileáin Árann, Co. na Gaillimhe, a ghnóthaigh an dara duais de €750 arRaicRaic.)

Page 14: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 201314

An t­alt is faide in eagrán na bliana so d’IrisleabharMhá Nuad ná ‘Mo Chuimhní Cinn 10’ le Pádraig Ó Fiannachta ina dtugann sé cuntas ar thurais a thug sé

ar an Ind agus ar an gCéinia i seachtóidí an chéid seo caite.Dhein sé cuid mhaith taistil ar fuaid na limistéar so fara luchtmisinéireachta agus tugtar léargas don léitheoir ar na daoinea bhuail leis agus a raibh ar bun acu, ar radhairc a chonaicsé, agus ar ghnéithe de stair agus de chultúr na n­áiteannaar thug sé cuairt orthu.

Chímid Críostaithe san Ind ag dul i ngleic le rialacháin Vatacáin II; tá aighneas ar bun eatarthu siúd a dteastaíonnuathu dúchasú a dhéanamh ar an liotúirge, á cur in oiriúintdo chultúir dhúchasacha na hInde, agus iad siúd ná fáiltíonnroim athruithe dá shórt (lch 113). Tá Ó Fiannachta báúil donchéad dream acu so agus go deimhin, cáineann sé liotúirgena Gaeilge leis, liotúirge nach bhfuil inti ach aistriúchán agusnach bhfuil blas an dúchais uirthi, dar leis (lch 136). Bhí ceistan dúchasaithe ina chnámh spairne sa Chéinia leis ag an am:bhí ‘Turcánú’ á dhéanamh ar an gCríostaíocht chun í a

chraobhscaoileadh imeasc na dTurcánach amhaireann in iar­ thuaisceart na Céinia(lch 199).

Tá ceist ‘an dá chultúr’ina ábhardíospóireachta i mbaileKaiboi: míníonn fear ógamháin go ndeireadhan teagascóir leo diúltúdo na gnásanna traidis­iúnta a bhí ann roimtheacht na

Críostaíochta, ach deir fear eile go bhfuil athrú tagtha archúrsaí ó shin agus nach bhfuil an déine chéanna á éileamha thuilleadh. Tá eagla ar fhear eile fós go bhfuil daoine agdiúltú don gcóras traidisiúnta agus don gCríostaíocht araon(lgh 163­4). Cuntas taitneamhach é seo, mar sin, a bhfuilábhar machnaimh ann leis.

Tá caibidil as Ar Drywydd Waldo (Ar Gewn Beic) le Hefin Wynsan irisleabhar, aistrithe ag Ó Fiannachta ón mBreatnais.Leabhar mar gheall ar an bhfile Waldo Williams atá anso:thug an t­údar Wyn agus cara leis cuairt ar dhaoine ar chaithWilliams seal ina measc agus tá Ó Fiannachta ar dhuine acuso. Tugtar cuntas mar sin ar chuairt a thugadar ar annDaingean chun an aidhm seo a bhaint amach.

Tá cúpla scéilín ann ar Williams féin leis, agus chímid tuairimína mBreatnach maidir le cúrsaí teanga sa Daingean. Is truanár aistrigh Ó Fiannachta dán nó dhó le Williams le cur maraguisín leis an gcaibidil d’fhonn éachtaint níos fearr a thabhairt don léitheoir Gaeilge ar an bhfile féin. Ar an ábhareile san iris ó pheann an Mhoinsíneora Ó Fiannachta, tá

dánta ócáidiúla agus blúirín eile dírbheathaisnéiseach margheall ar an uair a d’fhág sé Maigh Nuad.

Baineann Caitríona Ní Churtáin úsáid as teoiric an iar­choilíneachais chun comparáid a dhéanamh idir shaotharSheáin Uí Ríordáin agus Léopold Sédar Senghor, file mór naSeineagáile. Deineann sí cíoradh ar théamaí coiteanna isaothar na beirte, téamaí a eascraíonn ó eispéireas an fhile abhaineann le pobal coilínithe, dar léi – (1) an deoraíocht, (2)ríocht na hóige agus filleadh ar an dtraidisiún mar bhealaíéalaithe ón deoraíocht agus (3) an métissage culturel inameasctar gnéithe den gcultúr dúchais agus de chultúr nagcoilíneach.

Míníonn sí go beacht an réasúnaíocht atá taobh thiar de nahuirlisí anailíse a roghnaíodh agus léiríonn sí go bhfuilcosúlachtaí suntasacha idir saothar an Ríordánaigh agus Senghor. Tá difríochtaí eatarthu leis, ar ndóigh; míníonn sí go bhfuil Senghor, a scríobh as Fraincis agus ní ina theangadhúchais, sásta tabhairt faoin métissage ach áitíonn sí gurdhiúltaigh an Ríordánach dó so (lch 53). Tá an aiste bunaithear mhiontráchtas a scríobh an t­údar agus an céim BA á baintamach aici agus léiríonn sí go bhfuil an cumas inti dul i ngleicle dhá ghort fhairsinge – deintear cíoradh ar shaothar nabeirte file agus ar thráchtaireacht lucht critice orthu chomhmaith.

Ar shlí, braithim go raibh aidhmeanna na haiste ró­leathanagus go ngluaiseann an anailís ró­thapaidh ó dhán go dán,rud a fhágann go bhfuil an léamh a dheintear orthuéadomhain in áiteanna. Tá mórán ceisteanna le cur agus lefreagairt ar an ábhar seo fós, mar a admhaíonn an t­údarféin (lgh 56­7); beimid ag súil lena thuilleadh a chlos uaithiamach anso.

Scrúdaíonn aiste Sheáin Uí Éineacháin stádas na Gaeilgei Maigh Nuad ó bunaíodh é go dtí tús na hAthbheo ­chana. Tá nótaí aige ar shaol agus saothar na n­ollúna

Gaeilge a bhí ann sa tréimhse seo: Pól Ó Briain, Máirtín ÓLachtnáin, Seán Mac Éil, Séamas Ó Maoltuile, Eoghan ÓGramhnaigh agus Mícheál Ó hIcí. Díríonn sé go háirithe arshaothar an Athar Uí Ghramhnaigh, mar atá i gcló i Leabharan Athar Eoghan a foilsíodh i ndiaidh a bháis. Molann ÓhÉineacháin, mar shampla, na haistriúcháin Ghaeilge a chuirÓ Gramhnaigh ar ‘Auld Land Syne’, ‘The Wearing of theGreen’ agus ‘The Star Spangled Banner’ (lgh 310­311).

Is minic a luann Ó hÉineacháin an focal ‘loighciúil’ leis natráchtais ghramadaí a scríobh Ó Gramhnaigh, cé gombraithim féin go gcaithfí iad a chur i gcomparáid le trách­tais ghramadaí eile de chuid na linne chun pé nuálaíocht abhaineann leo a mhíniú i gceart. Caibidil as tráchtas M.Litt.atá san aiste agus tharlódh gur deineadh anailís mar seo igcuid eile den dtráchtas céanna. Go deimhin, is deacairadhmad a bhaint as an gcaibidil seo toisc ná tugtar eolasdúinn ar a bhfuil sa chuid eile den dtráchtas; is maith an rudé an taighde a bhíonn ar siúl ag mic léinn ollscoile a chur faoi

Léirmheas le Síle Ní Mhurchú ar

Irisleabhar Mhá NuadIrisleabhar Mhá Nuad 20132013in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta. I gcló ag An Sagart.

PádraigÓ Fiannachta

Page 15: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 201315

bhráid an phobail ach de ghnáth, bíonn cóiriú sa bhreis agteastáil sular féidir é seo a dhéanamh, rud nár deineadhanso.

Tá trí cinn d’aistí le Liam Prút san Irisleabhar. Aisteléirmheasta ar Anois tacht an eala le Tadhg Ó Dúshláineatá sa chéad cheann acu so. Tríd is tríd, tugann Prút

ardmholadh don bplé a dheintear ar fhilíocht Michael Davitt,Liam Ó Muirthile, Colm Breathnach agus Louis de Paor saleabhar agus go háirithe, ar an gcíoradh a dheineann Ó Dúshláine ar an dtraidisiún liteartha lenar bhain an ceathrarfile (lch 82). Cuireann Prút cuid dá thuairimí féin ar shaotharna bhfilí seo in iúl chomh maith, rud a chuireann le luach nahaiste. Is é atá san aiste ‘Máirtín Ó Direáin i mBaile ÁthaCliath’ ó pheann Phrút arís ná giotaí beathaisnéiseacha ar an nDireánach i gcathair na Gaillimhe agus san ardchathairchomh maith le plé ar chuid dá luathshaothar.

In aiste eile fós, tugann Prút athchuairt ar Dhialann Deoraíagus ar théacsanna eile le Dónall Mac Amhlaigh. Má thuigim igceart an méid a scríobhann sé, áitíonn sé go bhfuil saibhreasi scríbhneoireacht Mhic Amhlaigh toisc ná sásaíonn MacAmhlaigh é féin le bheith ag bailiú focal ó leabhair nó óchaint eoirí dúchais (mar a dheineann scríbhneoirí eile,thuigfeá uaidh) ach go saothraíonn sé an teanga agus gogcuireann sé ‘ag obair go domhain’ í, á húsáid chun cur síos adhéanamh ar áiteanna nár labhradh Gaeilge iontu (lch 213).

Díríonn Prút ansan ar leaganacha cainte agus ar fhocailáirithe a léiríonn an prionsabal seo, ‘Gaeilge na hOibre’. Seoleagan de cheist a bhíonn ag dó na geirbe ar léirmheastóirígo minic – an Ghaeilge á húsáid chun léiriú a thabhairt ar ansaol lasmuigh de shaol na Gaeilge. Luann Prút focail atá agMac Amhlaigh nár tháinig sé orthu in aon fhoinse eile.Ceann acu seo ná an focal ‘pinsirí’ (lch 220). Is dócha gurbiad seo na ‘pinchers’ céanna a luaitear sa leabhar The menwho built Britain le Ultan Crowley (1).

Focal eile a chuaigh do Phrút a aimsiú in aon áit eile ná‘seanpheiltire’ (lch 222). Luaitear na ‘walking pelters’ i leabhar Crowley arís (2) agus déarfainn gurb in é an bunúsatá leis an dtéarma san. Pléann Prút mórán gnéithe eile deshaothar Mhic Amhlaigh san aiste seo, agus cé gur dócha náhaontódh gach léitheoir gur fearr de scríbhneoir Mac Amhlaigh ná an Cadhnach mar a cheapann Prút féin anois(lch 212), chuirfeadh an aiste seo fonn orthu cuairt nóathchuairt a thabhairt ar a bhfuil scríte aige.

Tá éagsúlacht mhaith in Irisleabhar Mhá Nuad na bliana2013 mar sin – gura fada buan é!

TAGAIRTÍTAGAIRTÍ(1) Crowley, Ultan, The men who built Britain : a history of the

Irish navvy (Dublin, 2001), lch 188. (2) Ibid., lch 234.

LÁN DÓCHAIS IS GRÁLÁN DÓCHAIS IS GRÁMáirtín G. Ó MaicínMáirtín G. Ó Maicín

AAnois is arís léann tú leabhar athéann go mór i bhfeidhm ort.

Tharla sin dom le déanaí: léigh mé AnImperfect Storm le Kevin Haugh.Iar­phríomhoide bunscoile is ea Kevinatá ina chónaí i gcathair Luimnigh, achgurbh as iarthar an Chláir ó dhúchas é.Tá Kevin ar chomhaois liom féin agusbhíomar sa choláiste oiliúna le chéilesna seachtóidí.Séard atá sa leabhar ná cur síos ar ashaol nuair a buaileadh tinn le hailse éroinnt blianta ó shin. Ní raibh nithe gomaith, ach tháinig sé slán as, buíochasmór le Dia. Ar an mbóthar as dó,b’iomaí casadh gan choinne os achomhair. Tháinig focail Raifteiríchugam, ‘lán dóchais is grá’, arís agusarís eile agus mé ag léamh an leabhair.Níor thug Kevin droim láimhe dondóchas agus is ar dhaoine eile a bhí séag machnamh an t­am uilig, ar a bhean,Máire, is a bheirt mhac agus a mháthairAnnie. Ghoill sé air go raibh siadsan agfulaingt mar gheall ar a thinneas. Níorghéill sé ó thús deireadh don tinneas abhí ag réabadh a choirp, mar níor theastaigh uaidh an teorainn a thrasnúagus a chlann a fhágáil.Scéal é a léiríonn gur féidir le creid ­eamh an lámh in uachtar a fháil aranachain, gur féidir le dóchas an lámh

in uachtar a fháil ar éadóchas, gur féidirle solas an lae an bua a fháil ar dhorch ­adas na hoíche. Scéal é atá lán dedhóchas, grá, misneach agusbuanseasmhacht. Caithfidh gur duineláidir é, láidir ó thaobh intinne, mar bhísé thar a bheith lag ó thaobh choirp de.Tagann an misneach is an dóchas, an tuiscint is an grá chun cinn i gcónaí. Cábhfuair sé na tréithe seo agus dorch ­adas an tsaoil ina éadan.Chum sé nó chruthaigh sé cleasanna dóféin chun cabhrú leis dul ar aghaidh,chun fanacht ar an mbóthar ceart, cé goraibh neart comharthaí ann nach raibhan bóthar ar aghaidh i ndán dó. D’fhansé dílis dó féin agus dá mhuintir is achairde. Déarfadh sé nach mbeadh ar achumas teacht tríd gan a mhuintir is achairde, agus luann sé roinnt acu.I dtús an leabhair déanann sé tagairt dochomhairle a athar dó. Rinne seiseancompar áid idir an saol seo, a bhí agsíor athrú, agus peann luaidhe. Tháinigíomhá an phinn luaidhe sin ar aischugam arís agus arís eile agus an leabhar seo á léamh agam. Táim féinden bharúil go bhfuil Kevin féin cosúil lepeann luaidhe.Sé gnó an phinn luaidhe ná marc afhágáil. D’fhág Kevin marc, a mharc féinar a shaol agus ar an saol i gcoitinne. Nílamhras ach go bhfágfaidh an leabharseo marc ar éinne a léann é. Tharla sédomsa agus tarlóidh sé do dhaoine eile.

Fágfaidh sé marc go háirithe orthu siúda thaistil turas na hailse, agus ar nadaoine atá fós ar an mbóthar sin.Is scéalaí den scoth é Kevin. Tá tréithean tseanchaí le feiscint go soiléir ann.Ag an am céanna tá tréithe an linbh gosmior ann. Tá scil ar leith aige le focailagus is iontach go deo an chaoi aúsáideann sé iad chun dul i bhfeidhimar dhaoine. Tógadh é in iarthar an Chláir agus fill ­eann sé ar a óige sa taobh sin tíre chuna fhealsúnacht féin a léiriú. Bhí tioncharar leith ag saol na tuaithe air mardhuine. Tuigeann sé go bhfuil acharachtar is a phearsantacht féin fáiscthe as saol na tuaithe agus saol nafarr aige. Tugann an dúlra is an timpeall ­acht seo neart is cúnamh dó chun anlámh in uachtar a fháil ar an nathair atáag réabadh a choirp is a intinne. Nílim cinnte go n­éireodh leis teacht slán ganiad, agus gan an dóchas agus an grá aluaigh mé.Tá carachtar eile sa leabhar, Buddy. Bhíról ar leith ag Buddy ina fhuascailt. Céhé Buddy? Caithfidh an léitheoir féin ésin a fháil amach ach an leabhar aléamh. Is fiú go mór é a léamh. Léamhden scoth is ea é agus tá sé dodhéantaan leabhar a chur uait.

An Imperfect Storm An Imperfect Storm Outside the Box Learning Resources Ltd.

ISBN 9781906926366. €14.95

Page 16: Feasta | Samhain 2013

I measc na mBuaiteoiríI measc na mBuaiteoiríBronnadh Duaiseanna Liteartha an OireachtaisBronnadh Duaiseanna Liteartha an Oireachtais

i bPáirc an Chrócaigh, 1 Deireadh Fómhairi bPáirc an Chrócaigh, 1 Deireadh Fómhair• Thíos, Liam Ó Muirthile, Páirc na Rós, Dún Laoghaire, ar ghnóthaigh a shaothar próis AnColm Bán an duais €1,250 dó i gComórtas 10, maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge. • Ar dheis, i gComórtas A2, ficsean do Dhaoine Óga (9/10–12), maoinithe ag Foras na Gaeilge, Ghnóthaigh Áine Ní Ghlinn, Glenbrook Park, BÁC 14, an chéad duais de €2,000 ar Daideo.• Proinsias Mac a’ Bhaird, Leitir Ceanainn, a ghnóthaigh an dara duais de €750 le Oileán nanDraoithe. Ní hamháin san, i gComórtas A6 ar Dhán, maoinithe ag Craobh Aimhirgin de Conradh na Gaeilge, ghnóthaigh Proinsias, i lár baill thíos, an duais de €200 ar Míol Mór Bhreandáin; agus i gComórtas A16,maoinithe ag Oireachtas na Gaeilgeagus ag an gCumann Scoildrámaíochta,Roinn C i gcuimhne Dhonncha Uí Shúill ­eabháin, ghnóthaigh an Proinsias Maca’ Bhaird céanna an chéad duais de€300 ar Am ar Dóigh! Agus chun bailchríoch a chur ar an lá, i gComórtasA20, Cumadóireacht Amhrán,maoinithe ag an Oireachtas, ghnóthaigh

sé féin agus DoiminicMac Giolla Bhríde,Leitir Ceanainn, anduais de €1,000 ar anamhrán Máire asÁrainn Mhór.

www.feasta.ie Feasta, Samhain 2013

Thuas, ó chlé, i gcomórtas gearr ­scéalaíochta an Mhaolánaigh, A5,maoinithe ag Oireachtas na Gaeilge, ghnóthaigh An Carria le hEithne Ní Ghallchobhair, Maigh Gumna, Ard anRátha, Tír Chonaill, duais €100 di; agus igcomórtas A4 (ábhar léitheoireachta donfhoghlaimeoir fásta, maoinithe ag Forasna Gaeilge), bhuaigh Marie Whelton, Institiúid Oideachais Marino, BÁC 9, andara duais de €750 lena saothar Nuair aStadann an Ceol.

DUAISEANNADUAISEANNALITEARTHALITEARTHA

OIREACHTASOIREACHTASNANA

GAEILGEGAEILGE20132013

Ar dheis, ghnóthaigh MicheálÓ Ruairc, Garrán an Úlloird,Baile Bhlainséir, BÁC, an chéadduais de €2,000 i gComórtasA4, Ábhar Léitheoireachta donFhoghlaimeoir Fásta, maoinitheag Foras na Gaeilge, ar ashaothar Fianaise.

Page 17: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 201317

Fiche scéal a roghnaigh Aingeal Ní Chualáin atá sa gcnuasach seo as cúig dhíolaim saothar saoil ThomáisBairéad, a foilsíodh idir 1936 agus 1973. Tá réamhrá

gearr beathaisnéise agus liosta tagairtí i dtosach an leabhairag an eagarthóir. Tomás Bairéad, náisiúnaí cultúrtha, a shaola choimriú ní hansa: 1893–1973, as Breac­GhaeltachtMhaigh Cuilinn ar bhruach thiar Loch Coirib; Conradh naGaeilge; Cogadh na Saoirse; iriseoireacht, i mBaile ÁthaCliath go háirithe; gearrscéalaíocht; suaimhneas aige igceartlár na tuaithe agus an dúlra, mar ar chónaigh sé arís indeireadh a shaoil.

Léiriú breá ar an gcuid is fearr dár scríobh sé is ea an cnuasach seo: scéalta grinn, scéalta uafáis, scéalta cathrach(láthair oilc an mhargaidh), scéalta tuaithe (láthair mhaitheas an tréadachais), scéalta faoi ainmhithe, scéaltafaoi chogadh na saoirse i dtús an fichiú céad, coranna cinniúna agus gleacaíochta. Cuid de théamaí clasaiceacha anghearrscéil atá idir chamáin aige, agus claonadh chun an duaircis agus an bháis mar dheireadh leis na scéalta gominic, nó le deireadh a chur leo nó lena gcarachtair.

Spíonann an t­údar téamaí an bháis, na beatha agus anaiséirithe le linn dá chuid carachtar, idir dhaoine agus ainmhithe, dallamullóg a chur ar a chéile go minic agus ar anmbás fiú. An bhraistint ghrámhar atá ag Tomás Bairéad ileith an dúlra, chuirfeadh sé íogaireacht Dhúil Liam Uí Fhlaitheartaigh i gcuimhne duit. ‘Ceann de rigmaroles nahaimsire seo a dtugtar gearrscéalta orthu, a mheabhraigh’an chéad leagan dá chéad iarracht gearrscéalaíochta dó, adeir sé i leabhar a chuid cuimhní cinn Gan Baisteadh. Leid éseo ar umhlaíocht agus mhacántacht an Bhairéadaigh arminic gur scéal, eachtra, stairsheanchas nó aisteiriseoireachta a mheabhródh a ghearrscéalta do dhuine.

Tá paradacsa doréitithe in athbheochan mionteanga agus acaighdeánú ach níor scríbhneoir canúnach a bhí samBairéadach, le hais Mháirtín Uí Chadhain déarfaidh muid,agus tá an dá leabhar a d’fhoilsigh an Bairéadach den chéaduair sa gcló rómhánach i ndiaidh cheapadh an ChaighdeáinOifigiúil, tá siad gar go maith do ‘sprioc’ an Chaighdeáin.Chomh maith leis sin, cuireadh eagráin (scoile) amach, salitriú nua agus nótaí téacsúla leo, de chnuasaigh a tháinigamach sa gcló Gaelach i dtosach, agus sa leabhar Dán (1973)tá atheagar nua­chaighdeánaithe an Bhairéadaigh féinagainn de dhá shean­ghearrscéal leis.

Tá bonn substaintiúil ann mar sin le saothar an Bhairéadaigha thabhairt i dtreo an Chaighdeáin Oifigiúil, nó inaghaireacht chun sástachta ar aon chaoi, chun a nuafhoil­sithe. Dhá chúram ach go háirithe atá ar an eagarthóir sagcás seo: córas caighdeánaithe a bheachtú agus cloí leis gostuama. Éiríonn léi cuid mhaith mar tá téacs soléite curtha arfáil aici agus roinnt ceartúchán ar bhotúin a bhí sna sean ­eagráin. Ach ní móide gur eagrán deifinídeach é a thabhar­

fadh friotal an Bhairéadaigh leis sa litriú ‘nua’ caighdeán ­aithe. Bheadh cásanna fearacht cos in airde (in áit cosa inairde), strainséara /strainséir (leagan éigin a roghnú aguscloí leis), dá n­oibrightí → dá n­oibreofaí / dá n­oibrítí nó snapreaba tinte (in áit sna preaba tintí) le réiteach i gcur i bhfeidhm eagarthóireachta. Cé go bhfuil i dteannta sincoitianta sna buneagráin, leasaítear é go ina theannta sinsna heagráin dheireanacha ach coinníonn Ní Chualáin idteannta sin.

Chuir an Bairéadach leasuithe agus cealúcháin shuntasachachun feabhais ar dhá scéal a d’athfhoilsigh sé in Dán, scéaltatábhachtacha ban, ach cloíodh leis na chéad leaganachadíobh in Rogha Scéalta. Ó thaobh an chlóchuir de, tá jabslachtmhar déanta ag Cló Iar­Chonnacht ach go bhfuil spásáilna bhfocal mírialta, go háirithe i ndiaidh lánstaid.

Tá an béaloideas agus an seanchas fite fuaite go neamhleith­scéalach stuama trí scéalta an chnuasaigh: sna seanfhocail,sna comhráití, sna teidil, sna píosaí asamhráin. Thabharfaí ‘idirthéacsúlachtchomhfhiosach’ inniu air.Saoithiúlacht sheanchasúil shean ­fhoclach Ghaelach í atá bunaithe aran talmhaíocht phatrarc ach, sa scéal‘An Cliamhain’ mar a gcránn an córasseo fear nach bhfuil aon chlann mhacaige, agus ar an gceartchreideamhCaitliceach, sa scéal ‘Boladh an Anraith’ mar a gcránn coimhlintidirchreidmheach bean aimsir anDrochshaoil. Tá mná imeallach sagcóras seo, ar ndóigh, ach go bhfaigheann siad láthar as creid ­eamh, cleasaíocht agus collaíocht. Tábean tuaithe ar seachrán collaíochtaagus ólacháin sa gcathair, sa scéal‘Roghain an Dá Fhuascailt’ — céard is cuí do charachtar dáleithéid a dhéanamh murar aontú deiridh le huiscí na Life é?

Tá sé le sonrú go mór i saothar an Bhairéadaigh: an teil­gean teangeolaíochta, atá pléite ag Risteard A. Breatnach agus Pádraigín Riggs, a bhaineanns le cur

chuige idé­eolaíochta na hAthbheochana, gan téama adhéanamh d’idirphlé agus d’fhadhbanna an dátheangachaisBéarla agus Gaeilge. Cé fheidhmíonns an Béarla sa gcnuasach seo? Brathadóirí agus ‘RECEPTION’ príosúin agus‘Hands up’ de shainbhéic bhagartha le brathadóir. Léirítearaidhm an díchoilínithe agus an athshealbhaithe i logainm­neacha trédhearcacha tréadacha na scéalta: Oileán na Manach, Oileáinín na nÉan, Gleann an Uaignis, agus LeitirRua; agus dénárthacht choitianta an Bhairéadaigh: an TaobhMín agus an Taobh Garbh.

Tá tírdhreach na hÉireann inléite go cuí anseo ag tréad aseansealbhóirí. Tá an nasc idir na hamhráin agus na sinsir,

Tomás Bairéad; Rogha ScéaltaTomás Bairéad; Rogha ScéaltaAingeal Ní Chualáin a chuir in eagar. Cló Iar­Chonnacht. 2010. 233 lch

á léirmheas ag Brian Ó Curnáin

Page 18: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 201318

chomh maith le trédhearcacht na logainmneacha, tá sin inaon cheathrú amháin a bhaineanns le bá sheanathair ‘AnStiléara’. Agus féach gur féidir leis an gcinniúint tabhairt faoibhrí an logainm a shárú: ‘Léan agus liú bhí i gCluain an tSiamsa’. Is diocair an logainm a shárú ina dhiaidh sin, mar,tar éis dhroch­chinniúint an duine ar Oileáinín na nÉan, tá‘na héanacha fiáine ag neadú ann’ de chlabhsúr ar anngearrscéal.

Tá tréith theangeolaíochta eile a bhaineanns leis an Athbheochan feiceálach i stíl fhor­Ghaelach an Bhairéadaigh,tréith atá pléite, i measc daoine eile, ag Alan Titley. Frith­mhórtheanga gach mionteanga idé­eolaithe. Frith­Bhéarla ían Ghaeilge ag údair thréimhse na hAthbheochana agus cégo bhfuil foclóir réasúnta bunúsach ag Tomás Bairéad (achgo dtabharfar faoi deara logfhocail thábhachtacha aige:léana, léantracha, crích, breaclacha, muirthineacha (ón bhfocal boirinn)), is ar leibhéal na comhréire a bheartaíonnsé an chontrárthacht idirtheangach.

Deis ní ligeann sé uaidh gan ainm a chur i dtosach nahabairte, agus ní lena dhiúltú aniar ina dhiaidh, agusis feasach don léitheoir, ag léamh an tsaothair dó, a

thugtha is atá an t­údar don chopail (is) chomh maith leis anréamhfhocal do roimh chéad argóint an chlásail. (Mareiseamláir: (i) ‘Leath an mhéid a thug sé leis cheana ní raibhaige’, ‘duine ní raibh ann nár cheap gur tusa a bhí ann’, ‘Achsaighdiúir fhéin ní raibh ag faire uirthi’, ‘agus cuibhreach níbhogfaí orthu go lá a ndíolta’; (ii) ‘B’eagal léi go gcaithfeadh’,‘b’fhaitíos leis’, ‘gurbh fhonn léi’, ‘B’fhonn leis cuid acu adhiúl’, ‘Ba leisce leis ceist a chur’, ‘nuair ab eol dóibh’, ‘gurbhfhios dóibh’, ‘B’fhios dó gur minic’, ‘B’fhéidir dóibh a bheithbásaithe’; (iii) ‘ag fágáil an tsaoil seo dóibh’, ‘ag teachtamach faoin droichead di … ag gearradh amach as anstáisiún dó’, ‘tar éis a ghabháil ar ais go Baile Átha Cliathdhó’, ‘tar éis a theacht ar ais don teach aíochta dó’, ‘tá afhios againn gur Máire Ní Cheannabháin a bhí uirthi sa taobheile den bhaile mór di’.)

Ina dhiaidh sin féin, tá ciútaí cainte aige atá faoi anáil anBhéarla, ba dóichí leat: bíonn leagan fearacht ‘daoine áiritheag éirí imníoch’ go minic aige in áit a bheith ag malartú le‘imní ag teacht ar dhaoine’ (ach go leasaíonn sé cuid acu seosa dá athleagan athfhoilsithe in Dán). Coincheap mór aige‘imní’ agus í ‘ag cur ar’ a chuid carachtar.

An scéal ‘Sé Dia a Rathaíonns’ faoi chaora ghlas a tháinig slánaníos as brat domhain sneachta (bás / aiséirí, arís), tugann anBairéadach a bhunúdar in Gan Baisteadh, agus léiríonn an dáinsint atá ar an scéal aige modh ficsin ealaíonta anBhairéadaigh ar féidir cur chuige rómánsúil a thabhairt air. Sambuneachtra saoil tá cur síos ar ais­imirce uncail anBhairéadaigh ón Astráil go ceantar iargúlta i measc choillteMhaigh Cuilinn, agus ar a thuiscintí nuálacha arfheirmeoireacht caorach agus mar a tarrtháladh tréad de mhianach strainséartha caorach, agus uain nuabheirthe, aimsir shneachta dhomhain, de thimpiste i ngeall ar spraoiagus ábhailleacht an Bhairéadaigh óig agus a chomrádaí nuaira chuaigh an bheirt acu suas ar sconsa ard a bhain le tíorá­nach de thiarna talúna.

Scéal ina bhfuil snáithí spéisiúla go leor, shílfeá, achdénárthaíonn an Bairéadach i gcontrárthachtaí é lena fhicseanú: talamh bocht / talamh méith, caoirigh sléibhe /caoirigh móinéir, muintir na tuaithe / muintir an bhaile mhóir,agus coranna cinniúnacha bás / beatha. I ndeireadh na dála

Saol na mBailte Fearann(Splancfhíric, 10 Iúil 2013)le Simon Ó Faoláin

Foilsíodh tuarascáil nua de chuid na hInstitiúide TaighdeEacnamaíochta agus Sóisialta nó ESRI ar maidin, is cosúil.Triúr sa ghrianghraf ar bhrollach an Times, iad ag gáire.Seanfhondúir féasógach a bhí mar chomhairleoir ag an rialtasblianta an rachmais atá mar cheannasaí ar an ‘meithealmachnaimh’ seo. Fearaibh óga is ea an bheirt eile acu,céimeanna den chéadscoth in asarlaíocht naheacnamaíochta bainte amach acu, is dócha. Tithe sa chrioscomaitéireachta acu gach seans, agus é ar a gcumas acu anmorgáiste a dhíol gan dua rómhór. I mbruachbhaile éigin igCill Dara abair, nó oirthear na Mí: an chuid san den tír gurféidir neamhaird a dhéanamh ann fós ar an mbánú, ar anbhfolús atá ag fás ar fud na tuaithe. Chím go bhfuil molta agan triúr go leanfaidh an rialtas ar aghaidh le polasaithe nadéine ar mhaithe leis an ngeilleagar. Casaim ón nuachtán óirtá cúram orm. Buailim an doras amach. Dá mhéid a thoirt, tá cúl an veain lán ó bhun go barr. Boscaígo díon agus málaí balcaisí pulctha isteach i ngach scoilteatarthu. Thógamar roinnt ualaí go dtí an dumpa i rith naseachtaine ghabh tharainn agus ualaí eile go dtí stórasfadtréimhseach – pé fada gearr an tréimhse. N’fheadairéinne! Iad ag dul go Ros Láir, gan fágtha ach a dhóthain spáischun tosaigh dom chara, a bhean agus a mbunóc.Teannaimid na strapaí thar na rothair ar an díon. Beidh anveain trom agus támáilte, ní mór tiomáint go mall. Dúnaimidan doras sleamhnáin is fágaimid slán ag a chéile. Guím gachrath orthu thall. Ansan tógaim an cóngar thar na bánta idiran dá thigh. Gach seans nach dtógfad an tslí seo go brácharís, ní bheidh aon chúis chuige as seo amach. Na bealaí siúilgo léir ag imeacht, ceann ar cheann. Féachaim ar na bláthanna fiáine ar mo shlí abhaile, agmeabhrú a n­ainmneacha dom féin, na feidhmeanna abhaintí astu mar leigheas, mar ruaim, mar chosaint ar androchshúil. Caithfidh duine éigin fanacht chun na cuimhní achoimeád slán, chun bheith ina fhinné ar scáthanna nanéalta ag gluaiseacht thar chliatháin na gcnoc, ar gháirmhiotalach na cáige coisdeirge, ar chraoiseacha áilne corcrana n­eireaball caitíní sa díg. Seo a bhfuil anois de chosaint aran gciorrú atá ar siúl. Ag a baile, seasaim tamall ag féachaint ar ghrianghraifchlúdaigh an Times arís. Na fir sna cultacha fós ag gáire. Agbreathnú síos dom, feicim mo dheasóg ina dorn docht igcoinne mo chliatháin i nganfhios dom.

——◊——I lár na hoíche le déanaí luím im’ dhúiseacht ag éisteacht legadhar mo chomharsan ag sceamhaíl gan stad sa scioból, aghuth is a mhacalla ag ímpí fuascailte. Tá fuar aige. ◊

ficseanaithe, bíonn an bua ag an gcaora shuaite de mhianachcrua an tsléibhe ar an mbás; faoi mar a déarfadh an sean­rá:‘is cuma sa diabhal ar aonach é is é an fear aniar a dhéanfas é’.‘Dearcadh siar’ tréadach an údair, san am agus sa spás, a thagann i dtreis sa ngearrscéal; cé nárbh aniar ach anoir óChúige Laighean, ar an traein, agus ina núíosaigh a tháinigcaoirigh na heachtra fíriciúla agus iad á mbeathú ar fhéar ad’fhás ar an leasú mála! — Críoch— Críoch

Page 19: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 201319

Is fíorchorr dhuine nach bhfuil ar alaghad spéis éigin aige ina shinsir, snadaoine dár díobh é, nach bhfuil

fiosrach fúthu. Feictear an­dúil san eolassin ach go háirithe i measc daoine aglacadh ar altramas agus ar ceileadheolas orthu faoina dtuistí, go mór mórfaoina máthair. Is ábhar aiféala dóibh ant­aineolas, agus mothaíonn cuid díobhneamhiomlán gan fios a sinsearachta abheith acu.

Ar an gcaoi chéanna sliocht na nGael achuaigh ar deoraíocht le cúpla céad bliain bíonn an­tóir acu ar fhaisnéisfaoina sinsir, faoina gcuid fréamhacha mar a deir siad, agusfaoin gcineál saoil a chaithidís sa tseantír. Tagann mórándíobh go hÉirinn d’fhonn a gcuid fréamhacha abhus achuardach agus caitheann idir am agus airgead sa tóir.

Muide a chaith ár n­óige in éineacht le duine nó beirt dárdtuismitheoirí, nó a raibh d’ádh orainn aithne a bheithagainn ar ár seantuistí, shílfeá go mbeadh muid an­eolach aran dream a chuaigh romhainn. Ach faraor ní hamhlaidh abhíonn go minic: chuala muid faoin ngaol seo, faoin gcolceathrar / cúigear / seisear siúd le linn dúinn a bheithinár gcónaí sa bhaile. Ach ar thug muid aird ar a leithéid?

Ar bhealaí b’éasca teacht ar an eolas ó bhéal faoin seansaolroimh ré na teilifíse, roimh theacht don ríomhaire, donbhfón póca agus do na giúirléidí leictreonacha cumarsáidego léir a chuireann cosc dáiríre ar an gcaidreamh daonna.D’imigh na scéalta cois teallaigh ar fán agus tháinig ant­eolas ar an scáileán.

Fad a mhair na hainmneacha sinsearachta, leithéidí JimínMháire Thaidhg mar shampla, bhíothas in ann dul siar a sénó a seacht de ghlúnta. Ach amháin sna limistéirGhaeltachta is traidisiúnta, ní mhaireann an nós sin ach aréigean.

Sa lá atá inniu ann tá formhór na ndaoine dífhréamhaithe,iad ina gcónaí in áiteacha seachas mar ar tógadh iadsan nó adtuismitheoirí agus gan ach tearc­theagmháil acu le daoine achuirfeadh ar an eolas iad i dtaobh cé dár díobh iad, an seandream ar shlí na fírinne agus a gcuid seanchais curtha igcré na cille in éindí leo.

Ba mhar sin a bhíos féin nuair a bhaineas comhaois leseanathair amháin de mo chuid amach agus bloghannascáinte dícheangailte eolais faoin muintir a chuaigh romhamag snámh thart im chuimhne faoi na seantuistí, mo chuid uncailí agus aintíní.

Ach ba réigiún anaithnid ar fad é scéal na sinsear roimhe sin.Agus is dóigh go mba mhar a chéile é ag an gcuid ba mhó demo ghlúin féin. Is é sin, go dtí go ndearnadh digitiú ar an dádhaonáireamh do na blianta 1901 agus 1911 agus gurcuireadh ar fáil do chách iad saor in aisce ar an idirlíon.

Spreag sé sin na sluaite chun eolas a lorg agus a aimsiúfaoina muintir a bhí beo ag tús an chéid seo caite. Ba é bachúis le nach ndearnadh amhlaidh leis na daonáirimh eile arinneadh in Éirinn ó 1841 i leith ná gur scriosadh iad sadóiteán a tharla i dTeach an Chustaim in 1921, agus gurimigh croinicí as cuimse le pléasc agus deatach le lot na gCeithre Chúirteanna i dtús Chogadh na gCarad.

Ach bhí raidhse eolais sa dá dhaonáireamh a cuireadh ar fáilar an idirlíon, ainmneacha, seoltaí, aoiseanna, stádas pósta,cineál tithíochta, agus thug siad sochaí iomlán os árgcomhair. Ar cheann de na torthaí ba shuntasaí bhí gurspreagadh dúil i ndaoine chun tuilleadh cuardaigh adhéanamh agus dul siar ar stair a muintire. Agus níor thaisedom féin é.

De bhrí gur bhain mo mhuintir leis an eaglais Chaitliceachchomh fada le mo bharúil, thug mé faoi na taifid iomchuíphósta agus breithe a choinnigh na paróistí Caitliceacha,taifid ar cuireadh tús leo ó thart ar lár an 18ú haois go dtí lárna haoise dár gcionn, cuid acu níos iomláine ná a chéile,agus iad go léir beagnach le fáil sa Leabharlann Náisiúnta. Arndóigh tá neart foinsí eile ar fáil freisin faoi chúrsaíginealaigh: na taifid náisiúnta a coinníodh ar bhreitheanna,phóstaí agus bhásanna ó 1864 go dtí an lá inniu san OifigChlárúcháin, Suirbhéanna na nDeachúna, Suirbhé an Ghríofaigh, seantaifid thiarnaí talún 7 rl.

Cé nach mbaineann aon cheann de na foinsí réamh ­luaite sin le cúinsí ginealaigh mórán roimh an mbliain1800, léiríonn siad go maith cúinsí teaghlaigh le linn

ceann de na haoiseanna ba choscraí i stair na nGael.Formhór mhuintir na hÉireann atá beo inniu, tá siad beotoisc gur mhair a sinsir trí bhlianta an Ghorta Mhóir agus tríghortaí eile, chomh maith le cogaí, galraí ar an mórchóir,brúidiúlacht thiarnaí talún agus géarleanúint na n­údaráspoiblí.

De réir mar a thochail mé i ndoiléire na staire chun fíricí athabhairt chun solais, d’fhás meas thar cuimse ionam ar andream a choinnigh beo traidisiúin, stair agus saíocht nahÉireann d’ainneoin ‘príosúin is claímh is dó’ A bhuí leo siúdatá an píosa seo á scríobh agam.

Ar Thóir ár SinsearAr Thóir ár Sinsearle Niall Ó Murchadha

Sliocht as cóip den admháil arna rátaí a d’íoc Thomas Murphy, Gabhlán, An Domhnach Mór,Co. Chorcaí in 1847 – a rinneadhdon tiarna talún.

(Ón Leabharlann Náisiúnta)

Page 20: Feasta | Samhain 2013

Ar a laghad luadh ainmneacha na ngnáthdhaoine i gcáipéisíéagsúla. Ach céard faoi na haoiseanna roimh an naoú haoisdéag: ar tugadh aitheantas ar bith don chosmhuintir? De réira chéile is go drogallach a chuas siar trí ré na bpéindlíthe,nuair nárbh fhiú pobal mór na nGael ach mar fhoinse cíosaagus saothair ag an gcinsealacht shotalach neamh ­thrócaireach a raibh gach cineál cumhachta ar a dtoil acu.

Go deimhin bhí dlíthe peannaideacha i réim abhusriamh anall ó ghlac na Gaill seilbh ar ár dtír. Ach baiad na plandálacha a cuireadh i bhfeidhm sa séú agus

sa seachtú haois déag a chniog cine Gael ar fad: i dtús báire igCúige Laighean, ansin sa Mhumhain agus in Ulaidh ina dhiaidh sin, agus Plandáil Chromail, an phlandáil ba éifeachtaí plean, a raibh mar aidhhm oscailte aige cinedhíothú agus creideamh dhíothú iomlán a chur i bhfeidhm. Agus ba bheag nár éirigh léi san aidhm sin.

De bhrí gurbh iad Muintir Mhurchadha, Chárthaigh, Cheall acháin, Dhuibhir, Riain agus Chlumháin as trí chontaeach go háirithe na hainmneacha is mó atá luaite le mo shinsir le blianta fada, dhírigh mé mo chuardach ar nabarúntachtaí sin sna contaetha as a dtáinig mo mhuintir:Barúntacht Mhúscraí chomh maith le Pobal Uí Cheallacháin igContae Chorcaí; Barúntacht Choill na Manach i gCo. Thiobraid Árann agus Barúntacht Cionraoi i gCo. Luimnigh.

Bhí torthaí na Suirbhéireachta Sibhialta a rinneadh ar thailtena hÉireann ar fáil le tamall, agus nuair a cuireadh an Down Survey le Petty ar fáil le deireanas ar an idirlíon nochtadh idirléarscáileanna agus chur síos, léargas úr ar shochaí na hÉireann i lár an tseachtú haois déag.

Bhí fúm a fháil amach dá bhféadfainn cérbh iad na teaghlaigh a bhí i seilbh na dtailte sna limistéir sin sa bhliain1641 i dtús an Éirí Amach, conas mar a caitheadh leo sanuafás a lean caithréim fhórsaí na gCromalach, agus staid nandúthaí de bharr an chogaidh sin. Is léanmhar dearóil anléargas a thugtar sna taifid chomhaimseartha, idir chur síosna nGael agus chuntais na nGall. Más féidir dhá thubaiste achur i gcomórtas lena chéile, i dtéarmaí coibhneasta bamheasa go mór an scrios a rinneadh ar chine Gael de bharrchogadh, choigistiú agus chos ar bholg rialtas ChomhlathasShasana a raibh Cromail agus a dhrong i gceannas air.

Lom láithreach tar éis do na Cromalaigh na Gaeil a chloí,cuireadh suirbhé ar bun chun achar agus luach na dtailte satír a fháil amach d’fhonn cúiteamh a dhéanamh leis nasaighdiúirí a throid ar son an Chomhlathais agus leis na fiontraithe i Sasana a thug iasachtaí airgid don rialtas chuníoc as an gcogadh. Tugtar an Suirbhé Sibhialta air sin. I dtúsan chogaidh sin bhí 70% de thalamh na hÉireann i seilbh nagCaitliceach. Thart ar sheasca bliain ina dhiaidh sin bhí Protastúnaigh ina sealbhóirí ar bhreis is 90% den tír i ngeallar choigistiú agus scrios.

Mar a dúramar, níorbh é sin an chéad iarracht dá shórt: rinneadh plandáil i lár na tíre le linn réimeas na BanríonaMáire agus i nDeasmhumhan tar éis éirí amach eile in aimsirna banríona Éilís, nuair a fuair leithéidí Edmund Spenser agusWalter Raleigh talamh méith ar bhruach na hAbhann Móiremar luach saothair. Ach ba é Plandáil Chromail an ceann abfhearr ar éirigh leis i gCúige Mumhan, agus an ceann babhuaine a d’fhág rian láidir ar shícé agus ar thírdhreach naMumhan, ar na Muimhnigh féin agus ar chine Gael fré chéile.

Sliocht as cuntas a thuggníomhaire tiarna talún archíosanna agus riaráistí abhailigh sé i bParóiste anDomhnaigh Mhóir, Co. Chorcaí sa bhliain 1847. (Ón Leabharlann Náisiúnta)

Page 21: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 201321

Cés moite de Chúige Uladh, áit a raibh seasamh sách láidirag na Preisbitéirigh, ní móide gur léargas iomrallach a thabharfaí dá ndéarfaí nach raibh i sochaí tuaithe na hÉireann le linn an dá chéad bliain ó 1650 go 1850 ach dhámhóraicme, an saibhir agus an daibhir. Is ag na tiarnaí talúnagus an lucht riaracháin a bhí an saibhreas go léir geall leis,iad uilechumhachtach agus míthrócaireach, iad i gceannasgo hiomlán, agus saothraithe na talún a bhí faoi chois ar fad,agus gan meas ag an dá aicme ar a chéile agus deighilteatarthu i gcúrsaí creidimh agus cine agus cultúir.

Bhain na Protastúnaigh le saíocht an Bhéarla, idir theanga,cheol, litríocht agus chreideamh. Bhí teacht acu freisin archeol clasaiceach agus ar scríbhneoireacht na Mór­Roinne.B’shin iad na Gaill.

I mbothán suarach an tsaothraí, go dtí gur tréigeadh anteanga shinseartha ar an mórchóir, bhíodh mar chaitheamhaimsire ag na Gaeil bheith ag éisteacht le seanchas, filíocht,ceol agus amhráin na Gaeilge. Ina theannta sin, bhí tóir andomhain acu ar na rincí agus ar na cluichí dúchasacha. Agusmhair an dóchas iontu i gcónaí go gcloífí an dream a thóg agcuid tailte agus a choinnigh faoi dhiansmacht iad. Murachan dóchas sin is ar éigean go bhféadfaidís cora crua a saoil asheasamh.

Ar ndóigh mar is léir ó na corraíolacha a bhain lehagóidí talún agus leis na gluaiseachtaí míleata, bhían fonn chun saoirse ag coipeadh i gcónaí iontu. Ach

an léirsiú ba shíochánta nó éirí amach ar bith cuireadh faoichois gan trua gan taise iad, agus íocadh go daor as iarrachtar bith chun an ceart daonna ba lú a bhaint amach, idir rópaan chrochadóra, an díshealbhú agus an loch amach chun nanIndiacha Thiar nó chun na hAstráile.

Ní fada a bhíos sa tóir ar mo mhuintir gur tuigeadh dom andeighilt mhór a bhí idir iad siúd a bhí i seilbh gabháltaistalún, dá dhonacht é, agus iad siúd a bhí gan talamh ar bith.Bíodh go gcaitheadh an tionónta formhór a c(h)uid ama achaitheamh le ainchíos an tiarna talún a chruinniú, ba ónlámh go dtí an béal a mhair an té a bhí gan talamh ar bith –

cónaí air i mbothán suarach agus é i dtuilleamaí a bhfaigh ­eadh sé as saothar lae, nuair ab ann dá leithéid. Nuair atháinig an gorta agus an ghannchuid, mar ba mhinic a tharla,ba iad lucht na mbothán ba thúisce a d’fhaigheadh bás denocras. Agus nuair a thit an lug ar an lag ar fad le teacht anGhorta Mhóir, is iad na coiteoirí bochta ba thúisce agus bamheasa a d’fhulaing i ngeall ar an nganntanas bia. Agusbhain mo shinsir leis an dá fho­aicme sin.

Cé go bhfuair siad uile, sealbhóirí talún agus an dreamgan mhaoin an aird chéanna sna taifid eaglasta agusstáit, idir bhreitheanna, phóstaí agus bhásanna, is

deacair teacht ar aon eolas breise i dtaobh lucht na mbothán,na coiteoirí. De bhrí nár íoc siad cíos, ráta ná dleacht ar bithgo dtí gur tógadh tithe dóibh sna 1880aidí, níl siad luaite achgo hannamh i gcroinicí na dtiarnaí talún agus sna cáipéisí abhaineann le sealbhú talún sa naoú haois déag.

Sa Domhnach Mór i gContae Chorcaí sa bhliain 1847, i gclár­leabhar bhaistí an pharóiste scríobh an sagart paróiste, antAthair Micheál Ó Laighin, an cuntas is léanmhaire agus isscáfaire atá le fáil, measaim, ar thubaiste an Ghorta:

‘Idir Samhain 1846 agus Feabhra 1847 (míonna angheimhridh), cailleadh breis is 1,400 duine den ghortaagus den fhiabhras maraon le sagart amháin an tAthairDan Ó hArgáin. D’fhan go leor de na mairbh gan adhlacadh ar feadh breis agus coicís agus cuireadh alán díobh i ndíoga gar dá dtithe. Fostaíodh ceathrar fearchun na mairbh a chur agus bhí idir beirt agus ceathrarsiúinéirí fostaithe chun na cónraí a dhéanamh.’

Agus i lár an léin sin go léir íocadh agus bailíodh na cíosannaagus na rátaí mar ba ghnách ó na tionóntaí de bhrí go mbathábhachtaí só an tiarna talún agus ioncam a ghníomhairená beatha an tionónta.

Muide, sliocht na nGael a mhair beo trí chlampar agus rachlas agus angar na n­aoiseanna, ní hamháin gur pribhléiddúinn a bheith in ann taighde a dhéanamh ar ár sinsir: tá dualgas orainn freisin ina leith. — Críoch

Blazing Saddles arís eile!

LaraeDóLaraeDó á léiriú ag Aisteoirí Bulfiná léiriú ag Aisteoirí Bulfin• IONAD:• IONAD: The New Theatre, 43 Sráid Essex Thoir, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2

DÁTAÍ:DÁTAÍ: 3, 4, 5, 6 & 7 Nollaig @ 7.30 pm Áirithintí: (01) 670 3361• IONAD:• IONAD: An Taibhdhearc, An tSráid Láir, Gaillimh

DÁTAÍ:DÁTAÍ: 14 Nollaig @ 8 pm. Áirithintí: (091) 562024. Ticéid: €15 (mic léinn agus OAP €12)Eolas:Eolas: Sinéad Ní Uallacháin, 087 9512831. [email protected]

Méabh Ní Loingsigh, 087 2940476. [email protected]•• Beidh Aisteoirí BulfinAisteoirí Bulfin chugainn arís roimh Nollaig chun splanc a bhaint as ardáin i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh leis an

seó is déanaí acu, LaraeDó, dráma ceolmhar grinn le hAodh Ó Domhnaill. Is é Barry Barnes an léiritheoir. Moltar ticéad a churin áirithe go luath! Suite san Iarthar Fiáin sna 1880­daí atá LaraeDó. Tagann Buddy, fear óg cathrach ón Oirthear, go baileLaraeDó. Tugann sé cuairt ar Fitzies, an salún, agus buaileann sé le muintir na háite – rainséar mór áitiúil, seanmóirí Laraedó,bean tí an tsalúin, marcaigh, cailíní salúin agus muintir bundúchasach na háite – nó na ‘Bundúcs’ mar a thugtar orthu. Fonntroda ar chuid acu. Fonn rómáns ar chuid eile. Fonn óil, ceoil agus ragairne ar gach éinne … Mar is gnách, tá cliar láidir i seóna bliana seo. Aodán Ó Ceallaigh, an t­amhránaí sean­nóis ón Rinn atá i bpáirt Buddy. Páirteach sa seó freisin tá seanfhondúiríBulfin, Micheál Ó Gruagáin, Tadhg Ó Conchubhair agus Con Ó Tuama.

• Foireann Laraedó• Foireann Laraedó — Aisteoirí: Aodán Ó Ceallaigh, (An Rinn); Mícheál Ó Gruagáin, (An Clár + Baile Átha Cliath); Con Ó Tuama, (Baile ÁthaCliath); Aoife Ní Ghlaicín Riain, (Luimneach); Gearóid Ó Mordha, (Baile Átha Cliath); Caoileann Ní Dhonncha, (Ráth Chairn); Lionel MacCárthaigh, (Baile Átha Cliath); Oisín Ó Cualáin, (Conamara); Tadhg Ó Conchubhair, (Ciarraí + Baile Átha Cliath); Sinéad Ní Uallacháin, (Ciarraí);Niamh Ní Thuama, (Baile Átha Cliath); Aoileann Ní Chonchubhair, (Baile Átha Cliath); Kate Finnegan, (Co. na Mí). Léiritheoir: Barry Barnes,(Loch Garman); Bainisteoir Léirithe: Lelia Ní Chinnéide, (Ciarraí + BÁC); Soilse agus Fuaim: Mike Donoghue, (Conamara); Criú Stáitse: GráinneNic Fhirléinn, (Béal Feirste); Stiúrthóir Ceoil: Bríd Ní Ghruagáin, (BÁC).

Aodh ÓDomhnaill

BarryBarnes

Page 22: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 201322

TTá an scannán Dancing at Lughnasa (O’Connor 1998)11

suite sa bhaile samhailteach, Ballybeg, i nDún na nGallsa bhliain 1936. Ar ‘fhilleadh abhaile arís’ go Ballybeg

don Athair Jack Mundy (Michael Gambon) tagann mearathalair agus ar fhágaint an bhus dó is í an cheist is túisce aritheann leis ná ‘… Am I home?’ Is aisteach an cheist í ach isléir nach ndeineann fearann a bhaile féin fianaise ar bith doJack agus dealraíonn sé nach bhfuil cuimhne aige ar Bhallybeg a thuilleadh. Tugann a dheirfiúr, Kate (MerylStreep), é chun suaimhnis láithreach, áfach, nuair a dheimhníonn sí dó go bhfuil sé sa bhaile arís go siúrálta.D’fhéadfaí neamhiontas a dhéanamh do cheist Jack, arndóigh, mar tá seachrán beag air ó buaileadh breoite é sanAfraic, dhealródh. Is fiú ceann a thógaint dá cheist, áfach,mar tá ábhar folaigh inti a shainíonn cruachás eiseach anuile imircigh .i. an féidir leis an imirceach ‘filleadh abhailearís’ go deo? Nó lena chur ar bhealach eile, cá mbíonn ant­imirceach sa bhaile? San alt gairid seo tá fúm féachaint aran tslí ina réalaítear gnéithe áirithe d’eispéireas nan­imirceach Jack, Agnes agus Rose d’fhonn freagra asholáthar ar na ceisteanna réamhluaite.

An féidir linn ‘filleadh abhaile arís’? Aisling Mheabhail?

Nuair a théann an scannánaíocht i bhfeidhm ar chéadfaíagus / nó ar réasún an lucht féachana go héiritheach is minica thugann eispéireas draíochtúil na scannánaíochta orthu a

cheapadh go bhfuilid tar éis ‘fil­leadh abhaile arís’ ar an statusquo ante. Baineann an scanná­naíocht mealladh físiúil asainn sachás úd, áfach, agus baineadh amhacashamhail de mhealladhfísiúil as Aogán Ó Rathaille22, leis,tráth dá raibh cumha air i ndi­aidh an tsaoil Ghaelaigh a bhíann roimh ‘tonnbhriseadh’ nagCárthach. Arsa an Rathailleach(2007:40) ‘...mo chumha níorbriseadh … go feiscint broigThaidhg a’ Dúna’. Nuair a fhe­iceann sé Caisleán an Tóchairagus a bhfuil ann measann sé gobhfuil an status quo ante inasteillbheatha os comhair a dháshúil amach: ‘Do mheasas im’aigne is fós im’ chroí an marbh

ba mharbh gur beo do bhí’ (ibid.). Bhí breall air, ar ndóigh,ach tá ceacht físiúil le foghlaim anseo, mar atá, ní dheineannfís fírinne i gcónaí.

Tairseach teamparálta is ea an scannánaíocht a thugann deisdon lucht féachana ‘filleadh abhaile arís’ ar temps perdu an

ama chaite go minic. Ní mór dúinn a bheith aireach anseo,áfach, mar is ‘le ealaín atá muid ag plé agus ní leis an saol’ (ÓCadhain 2003:11) agus ní hionann temps perdu na scanná­naíochta agus fírinne— nó fírinní, b’fhéidir —an ama chaite.Dá réir sin, nóstos samhalta a bhíonn i gceist le healaín nascannánaíochta i gcónaí. Murab ionann is an scannánaíocht,áfach, ní féidir le neach sláintiúil comhfhiosach ar bith ‘filleadh abhaile arís’ ar an am atá caite sa domhan iarbhírmar claochlaíonn rotha móra an ama, na staire agus ardeireadh, an bháis, claochlaíonn siad an uile dhuine, an uileáit agus an uile rud sa saol ábhartha. Is í an anagnairisis seo,an aithne dhrámata, an léargas seo, a bhaineann deora as anAthair Jack nuair a thuigtear dó, ar deireadh, go bhfuil amháthair ar shlí na fírinne agus nach mbeidh aon ‘fhilleadhabhaile arís’ i ndán dó ar an mbaile mar a bhí.

I 1688 dhein Johannes Hofer paiteolú (pathologize) ar anngalar Heimweh nó nostalgia (cumha na Gaeilge). Comh ­fhocal is ea an focal Béarla nostalgia atá comhdhéanta de nafocail Ghréigise nóstos (filleadh abhaile arís) + algós (pian).Ba é an leigheas a bhí ar phian (algós) an ghalair Heimwehná filleadh abhaile arís (nóstos). Le himeacht aimsiredeineadh díphaiteolú ar an ngalar agus ó lár an 19ú haois ileith d’athraigh an tuiscint a bhí suas i dtaca le Heimweh‘...from a form of over­ attachment to the past … to a meansof letting go, a mode of remembrance which allowed one toescape from the past’ (Gibbons 2002:47).

Tá an chuma ar an scéal nach cuimhin leis an Athair JackBallybeg ar fhilleadh abhaile arís dó. Má tá aimnéise ar Jack isféidir linn an díchuimhne sin a thuiscint mar ‘...[an] over­ attachment to the past’ (ibid.) .i. an t­am a raibh a mháthairbeo. Dealraíonn sé go raibh coinne ag Jack lena mháthairnuair a tháinig sé abhaile agus ní aithníonn sé Ballybeg inahéagmais. Tá sé le tuiscint, dar liom, go bhfuil cuimhne Jackteanntaithe fós san am ar cailleadh a mháthair agus nach bhfuil an próiseas mairgní curtha de i gceart aige rud a fhágann nach féidir leis dúiseacht ón tromluí trámach úd(Féach Freud33 Mourning and Melancholia). Is féidir linnmearathal Jack a thuiscint i dtéarmaí an ghalair nostalgia maris mian leis ‘filleadh abhaile arís’ ar an mbaile mar a raibh amháthair, ach níl an leigheas sin i ndán dó a thuilleadh.

NNuair a fhilleann an tAthair Jack agus na deirfiúrachaMundy abhaile cloistear an t­amhrán ‘The Homes ofDonegal’44 ar an raidió sa tigín. Cuma nó tráchtair ­

eacht íorónta iad na liricí a chloistear ar an tsáinn eiseach inabhfuil an tAthair Jack agus é ‘idir dhá bhaile’: ‘I’m happy tobe back again … there’s no place else on earth just like thehomes of Donegal’. I gcaitheamh an scannáin, léirítear gurgeall le hÚtóipe55 ag an Athair Jack an Afraic. Go deimhin, nímór dúinn éisteacht go cúramach leis na línte réamhluaited’fhonn an t­ionannú íorónta a dheintear idir ‘no place’ (.i.

An Bealach ’na BhaileAn Bealach ’na Bhailetrí Mheán na Scannánaíochtatrí Mheán na Scannánaíochta

Nóstos Nóstos (<Gréigis: Filleadh abhaile arís)

le Muiris Ó Mearale Muiris Ó Meara

Page 23: Feasta | Samhain 2013
Page 24: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Lúnasa 201324

Útóipe) agus ‘homes of Donegal’ a aibhsiú.66 Ar ndóigh, is í anfhadhb atá ag Jack ná go bhfuil dhá bhaile idéalach aige, arshlí, ach níl aon bhaile aige sa saol iarbhír.

Ag deireadh an scannáin cloistear an t­amhrán ar an raidióarís ach múchann Agnes (Brid Brennan) an raidió go hobannagus deir sí ‘I can’t stick that song’. Is geall le diostóipe anbaile s’acu anois, príosún atá bun os cionn ar fad leis anmbaile idéalach réamh­nua­aimseartha a shamhlaigh DeValera i 1943, cuirim i gcás : ‘... cosy homesteads …[with] thelaughter of happy maidens... The home, in short, of a peopleliving the life that God desires’ (liomsa an bhéim) (De Valerai MacArthur 1999:219). Ní mar pharthas tréadach útóipeacha chuirtear Ballybeg inár láthair, áfach, agus amhailcomhthionól fuinniúil fuinte Uí Chadhain (2003:10) tá ‘...achuid suáilcí agus duáilcí [ag Ballybeg] mar chomhthionól’.

Áitíonn Joe Cleary (2007:215) gur baile idir dhá ré ab eaBallybeg ar dtús, ‘...a crepesecular rural world about to bepulverized by the imminent arrival of industrial modernity’(Cleary 2007:215). Faoi dheireadh an scannáin tá an monarcha nua i Leitir Ceanainn agus fágann an ‘dul chuncinn’ seo Agnes agus Rose (Sophie Thompson) dífhostaithetoisc nach mbeidh aon éileamh feasta ar lámhainní dedhéantús baile. Is go meatonaimeach a fheidhmíonn annóisean ‘baile’ sa scannán seo d’fhonn aontacht orgánach anGemeinschaft a chiallú i gcomórtas le fórsa scriosach na nua­aimsearthachta. Tá an baile traidisiúnta ag saothrú an bháistoisc go bhfuil claochlú eacnamaíoch tagtha ar chúrsaí imBallybeg. Nó lena chur i dtéarmaí Marxacha, is iad nahathruithe sa bhonneagar eacnamaíoch a chlaochlaíonn anforstruchtúr sóisialta.

II s féidir linn nasc eile a dhéanamh idir an bonneagar eacnamaíoch agus an forstruchtúr sóisialta mar ó thaobhna sanasaíochta de díorthaítear an focal eacnamaíocht

ón bhfocal Gréigise oikos, focal a chiallaíonn ‘teach’ nó‘baile’. I gcomhthéacs an scannáin seo, tá fírinne shearbhíorónta san aontacht shanasaíoch úd mar is é an nua­aoisiúeacnam aíoch a fhágann Agnes agus Rose iomarcach inadteach féin. Thug Yeats ‘taoide bhreán na nua­ aimsearthachta’ ar an nua­aoisiú seo, tráth, agus tugann antaoide seo ar Agnes agus ar Rose éalú go Londain mar agcríochnaíonn siad gan dídean, fiú, ‘...ending as shadows …scraping a living together, dying alone’ (liomsa an bhéim).Damnaíonn an reacaire luachanna an Gemeinschaft— .i.Londain — go caolchúiseach anseo nuair a deireann sé gobhfuaireadar bás ina n­aonar, damnú atá préamhaithe i luachanna comhchoitianta an Gessellschaft,77 ar ndóigh. Siúdis go raibh Agnes agus Rose gan dídean ar shráideannaLondain ní fhéadfaidís ‘filleadh abhaile arís’ mar ní raibh aonáit dóibh sa bhaile (oikos) nó sa chóras eanamaíochta(oikonomia) a thuilleadh agus amhail cruachás Jack, níorbhann don bhaile sin a thuilleadh, pé scéal, mar bhí an baileclaochlaithe as cuimse ag an nua­aoisiú eacnamaíoch agusag dul chun cinn na staire.

Dearcadh soirbhíoch a bhí ag an bhfealsamh Georg Hegel idtaca le ‘dul chun cinn’ na staire agus shamhlaigh sé ‘...themarch of the human spirit homeward’ leis (Neubauer1998:265). Sa scannán seo, áfach, fágtar Agnes, Rose agus antAthair Jack stoite dífhréamhaithe coimhthithe agus is léirnach bhfuil aon leigheas nó ‘filleadh abhaile arís’ i ndándóibh riamh seachas an bás. Ar an léamh seo, más ea, isféidir linn an próiseas nua­aoisithe agus dul chun cinn na

staire a thuiscint mar thromluí trámach .i. algós ganfaoiseamh faoi mar a dhein Stephen Dedalus, tráth.

TAGAIRTÍ:TAGAIRTÍ:

• Cleary, J. (2007) Modernization and Aesthetic Ideology. I Out­rageous Fortune: Capital and Culture in Modern Ireland.Field Day Publications, Dublin, 203­231.

• Gibbons, L. (2002) The Quiet Man. Cork University Press,Cork.

• MacArthur, B. (ed.) (1999) The Penguin Book of ModernSpeeches. Penguin, London.

• Ó Cadhain, M. (2003) ‘Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca’.An Clóchomhar Tta., Baile Átha Cliath.

• O’Connor, P. (1998) Dancing at Lughnasa. Ireland, Capitol &Channel 4 & Ferndale Films & Irish Film Board & R.T.É.

• Ó Rathaille, A. (2007) Caisleán An Tóchair. I Aogán ÓRathaille: Curtha in Eagar ag Breandán Ó Buachalla (eag.Ó Buachalla). Field Day Publications, Baile Átha Cliath.

• Neubauer, J. (1998) Bakhtin versus Lukács: Inscriptions ofHomelessness in Theories of the Novel. I Exile and Creativity: Signposts, Travelers, Outsiders, BackwardGlances (Suleiman, S.R. (eag.). Duke University Press,Durham, 263­280.

TAGAIRTÍTAGAIRTÍ1 Tá an scannán iomlán ar fáil anseo:

http://www.youtube.com/watch?v=Xakx0u1bbiw 2 Úsáidim ainm Uí Rathaille anseo mar ghearrscríobh

d’fhonn inseoir an dáin a chiallú. 3 The Complete Psychological Works of Sigmund Freud, Vol

XIV (Hogarth Press): lgh 243 ­ 258, ‘Mourning and Melan­cholia’ ag http://www.english.upenn.edu/~cavitch/pdf­ library/Freud_MourningAndMelancholia.pdf

4 Tá iomrall aimsire i gceist anseo mar níor cheap an Conallach, Seán Mac Bride, na liricí don bhailéad seo godtí 1955. Dealraíonn sé go raibh an fonn féin i nDún naGall le 150 bliain roimhe seo. Nílim ag áiteamh gur botúnis ea é seo, per se, mar tá an scannán féin bunaithe ar nacuimhní atá ag an bhfear fásta, Michael Evans, ar Lúnasa1936. Sa chás seo, is í an cheist phríomha ná an bhfuil fianaise an reacaire seo intrust i gcónaí?

5 Útóipe <Gréigis: ou + topos = no place. [Ar ndóigh, tá ‘u’agus ‘eu’ mar réamh­mhíreanna sa Ghréigis, ceann aculeathan agus ceann acu caol. Is ionann ‘οὐ’ agus ‘neamh­’na Gaeilge, agus is ionann ‘εὐ’ agus a bheith maith. Dáréir, ciallaíonn ‘οὐτόπος’ / outopos nach bhfuil an áit ann,agus ciallaíonn ‘εὐτόπος’ / eutopos gur áit ar fónamh é.Imeartas focal atá i gceist mar a thuig Thomas Moore: anamhlaidh gur neamh­áit, áit neamh­insroiste an áit isfearr?]

6 Deintear ionannú idir an Afraic agus Útóipe anseo, darliom, rud a fhágann: ‘no place’ [is] ‘just like the homes of Donegal’.

7 Gemeinschaft v Gessellschaft: codarsnacht a dhein ansocheolaí Gearmánach Ferdinand Tönnies idir cineálachaidéalacha pobail. Is ionann an Gemeinschaft agus an pobalaghaidh ar aghaidh comhchoiteann lena luacha traidis­iúnta. Is ionann an Gessellschaft mar chodarsnacht agusan tsochaí réasúnach nua­aoiseach, lena maorlathasneamhphearsanta rialtais agus tionsclaíochta. ◊

Page 25: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 201325

CLÓ IAR-CHONNACHTCLÓ IAR-CHONNACHT& Scríbhneoirí an Oireachtais 2013& Scríbhneoirí an Oireachtais 2013 Tá ábhar gairdis ag an gcomhlacht foilsitheoireachta Cló Iar­Chonnacht de thoradh ghaisce scríbhneoirí an Chomhlachta imbliana. Ghnóthaigh scata acu duaiseanna i gComórtais

Liteartha Oireachtas na Gaeilge a fógraíodh i bPáirc an Chrócaigh ar an 1Deireadh Fómhair. Bronnadh duais i gComórtas na Scríbh­neoirí Úra ar Rónán Mac Con Iomaire dáshaothar nua Rocky Ros Muc a bheidhar fáil mar leabhar gan mhoill. Sachomórtas céanna ghnóthaigh an scríbhneoir agus aisteoir Diarmuid deFaoite duais ar a shaothar Tuatha DéDanainn in Éirinn.Bhí dea­scéala ann do Mhícheál Ó

Ruairc, údar Daoine a Itheann Daoine i measc saothar eile.Bronnadh an chéad duais sa chomórtas ÁbharLéitheoireachta Don Fhoghlaimeoir Fásta ar Mhícheál dáshaothar Fianaise. Rug Micheál Ó Conghaile duais leis dá ghearrscéal nua ‘AnBás Beo’. Tá bailiúchán nua gearrscéalta do dhaoine óga foilsithe ag Cló Iar­ Chonnacht le Micheál le deireanas, An

Diabhal ar an Ól. Athinsint ar scéalta béaloidis ón gCian­Oirt­hear atá sa leabhar, atá oiriúnach d’fhoghlaimeoirí fásta agusdo dhéagóirí. Thug an tOllamh John Walsh, comhúdar TG4 @10: DeichmBliana de TG4 an duais leis i gcomórtas ‘Cur Chun Cinn naGaeilge’ ar a shaothar Athchuairt ar an mBreac­Ghaeltacht.

Rocky Ros Muc – Seán Ó MainnínRocky Ros Muc – Seán Ó Mainnín , ,

le Rónán Mac Con Iomairele Rónán Mac Con IomaireScéal dornálaí as Conamara, arthug a chumas é ó Ros Muc igceartlár Chonamara go MadisonSquare Garden i Nua­Eabhrac, áitar throid sé do Chraobh Mheán­mheáchain Éadrom an Domhain i1984 an saothar seo. Cíortar aóige i Ros Muc, an chaoi ar chuirsé suim ar dtús sa dornálaíocht sagclub áitiúil agus a ndeachaigh séar imirce go Meiriceá, áit ar thugsé faoin spórt ar bhonn gairmiúil,na daoine éagsúla go léir a chasair thall, an bród, an brón, anbriseadh croí. Scéal é nach féidir aleagan uait. ◊

Dé Sathairn, 12 Deireadh Fómhair,leagamar corp Shéamuis Ruiséil sa chréi Reilig Naomh Fionnbarra i gCorcaigh.

Chaith Séamas mór­chuid dá am oibrear leas na Gaeilge, sa chóras oideachaisagus é ina mhúinteoir, agus i gConradhna Gaeilge ag saothrú go deonach arson na teanga. Bhí fís an­soiléir aiged’áit na teanga sa saol poiblí agus inashaol príobháideach chomh maith.

D’fhéach sé leis an bhfís sin a churchun cinn i gConradh na Gaeilge i gCorcaigh ar feadh a shaoil agus arfeadh tamall de bhlianta ar choistínáisiúnta na heagraíochta. Ba mhinic éag labhairt go diongbháilte ag ard­fheiseanna agus imeachtaí eile timpeallna tíre.

Bhí an dílseacht chéanna aige ina shaolpearsanta. Thuig sé go rí­mhaith athábhachtaí is a bhíonn sé an dea­shampla a thabhairt maidir le labhairtna Gaeilge, agus fuair sé tuiscint arleith ar shaol na Gaeltachta, agus ar riachtanas na Gaeltachta don athbheochan. Chaitheadh sé móránama lena bhean, Máirín, agus a gclannina háit dúchais i mBaile an Éanaigh,

Corca Dhuibhne. Chuir an ceangal beosan lena thuiscint agus lena láchas aguslena ghreann mar dhuine, mar is eol doscata an­mhór dá chairde. Chuireadh sébeocht iontach i gcónaí sna scéalta abhíodh aige. Beidh an dea­chuimhneagainn air.

I gCorcaigh, age baile in Ard Barra,Gleann Maghair, agus ag Áras anChraoibhín, Paráid na Díge, i gcathairChorcaí, bhí sár­aithne air mar dhuine adhein gaisce ar son na teanga agus arson Chonradh na Gaeilge. Níorbh ionadh le héinne dá réir, mar sin, gurcuireadh, ar iarratas uaidh féin, bratachan Chonartha ar a chomhrainn ar anmbóthar ón séipéal chun na reilige anlá úd.

Ní gnách in ao’chor go gcuirtear obit igcló ar Feasta, ach dar liom tá sé riachtanach sa chás áirithe seo tagairtbheag éigin a chur i gcló in ómós dó, igcuimhne ar chara le mórán againn, achaith tréimhse cúig bliana déag(1981 – 1996) ina eagarthóir ar an irisseo. Deineann gach eagarthóir gaiscear fhíorbheagán acmhainní agus geallleis i ngan fhios don saol mór. Dhein

Séamas an obair san go cumasach agusle héifeacht, mar ba dhual dó.

Tá an saol Gaelach go mór faoichomaoin ag Séamas agus is boichtesinn dá oireasa.

Deinimid comhbhrón arís lena bheanMáirín, lena gclann Neasa, Órlaith,Traolach, Máire agus Éimear agus lenamhuintir ar fad.

Suaimhneas síoraí dó.

Donnchadh Ó hAodha,Donnchadh Ó hAodha,Uachtarán,Uachtarán,

Conradh na GaeilgeConradh na Gaeilge

SÉAMUS RUISÉALSÉAMUS RUISÉAL1934 1934 –– 20132013

Rónán Mac an Iomaire

Page 26: Feasta | Samhain 2013

www.feasta.ie Feasta, Samhain 201326

BlúiríníBlúiríníle

PádraigMac

Fhearghusa

• An Daingean: Bille Gaeltachta• An Daingean: Bille GaeltachtaD’eagraigh Sinn Féin cruinniú in Óstán naSceilge, An Daingean, ar an 18 DeireadhFómhair mar chuid dá gcamchuairt argach Gaeltacht. Cruinniú poiblí a bhí annag a raibh ceist na Gaeltachta, pleanáilteanga agus tacaíocht don Ghaeilge agusdon Ghaeltacht á bplé. Táthar ag iarraidhtuairimíocht phobal na teanga a fháil ‘margo bhfuilimid ag obair ar Bhille Gaeltachtade chuid Shinn Féin faoi láthair,’ a deirLiadh Ní Riada, iarrthóir don pháirtí idtoghchán na hEorpa sa Deisceart: ‘Tá sétábhachtach go mbeadh ionchur ag anbpobal ar an mbille seo, mar baineann séle gnáthshaol phobal na Gaeltachta agustá sé práinn each go dtabharfaí aghaidh arshlánú ár dteanga,’ a deir sí. Bhí a chomh ­shamhail d’obair chomhairliúcháin ar siúlag an Seanadóir Trevor Ó Clochartaighagus Piaras Ó Dochartaigh TD i dTírChonaill ar an 25 Deireadh Fómhair legrúpaí pobail agus lucht gnó ar suim leocúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta maidir leisna deacrachtaí, na láidreachtaí, agus natacaíochtaí atá de dhíth. Is maith go bhfuilpáirtí polaitiúil ag díriú ar a leith éid ar nasaolta ‘ciorraithe’ seo. • Ráth Cairn, cónaí sa Ghaeltacht!• Ráth Cairn, cónaí sa Ghaeltacht!Seo do sheans! Teach deas agus cúplasuíomh ar díol ar phraghas an­réasúnta iRáth Chairn glas na Mí. Pobal fáilteachagus áiseanna den scoth: naíolann,naíonra, bunscoil, coláiste pobail, clubagus halla, siopa / caifé, leabharlann,seomra beag gleac aíochta, páirc thait­neamhach, páirc peile, iomáint aguscamógaíocht agus páirc chuimhneacháin.Seirbhís bhus den scoth ó go BÁC (gachuair a’ chloig) agus tá ceithre cinn debhailte móra gar don Ghaeltacht: Áth Buí,Baile Átha Troim, An Uaimh agus Cean ­annas Mór. Gach eolas ar www.daft.ie,Sherry Fitzgerald, Baile Átha Troim nó ag oifigí an Chomhar chumainn i Ráth Chairn,046­9432381 & www.rathchairn.net• An Seabhac, 1883­1964• An Seabhac, 1883­1964Pléifear le gnéithe éagsúla de shaol, deshaothar agus d’fhís Phádraig Uí Shioch ­fhradha ag siompóisiam idir dhisciplíneachar a fhód dúchais i mBaile an Ghóilín, AnDaingean. Díreofar aird don chéad uairriamh ar a thábhacht mar dhuine a ghlacpáirt lárnach i mbunú an Stáit, agus léir ­eofar saibhreas a chartlainne pearsantamar acmhainn don staraí, don

bhéaloideasóir agus don scoláire.Teagmháil: [email protected]: Coláiste Íde, Baile an Ghóilín, AnDaingean, Co. Chiarraí, 15­16 Samhain.• Lámhscríbhinní & Clocha Oghaim• Lámhscríbhinní & Clocha OghaimSheol an tOllamh Dáibhí Ó Cróinín, Roinnna Staire, OÉ Gaillimh dhá shuíomh nuaidirlín ar lámhscríbhinní Gaelacha na Mór­roinne ón tréimhse AD 600 – AD 850 agusar na clocha oghaim ar an 11 DeireadhFómhair sa seomra seimineár in Institiúidde Móra, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. • Léacht Uí Chadhain• Léacht Uí ChadhainAn Dr Diarmuid Ó Sé a thug Léacht UíChadhain i gColáiste na hOllscoile,Belfield, i mbliana: ‘Fiche blian ag fás marshaothar liteartha’ a ábhar cainte. Ciarr ­aíoch agus Léachtóir Sinsearach sa Nua­Ghaeilge san ollscoil céanna é Diarmuid.Tá sé ina chathaoirleach ar an gCoisteTéarmaíochta faoi láthair. Foilsíodh FicheBliain ag Fás Uí Shúill eabháin i 1933.Chuaigh Diarmuid i ngleic le cáilíochtaí anleabhair mar shaothar liteartha agus lecomh dhéanamh an téacs seo ar an mBlascaod, ‘mar a thug an t­eagarthóir,Seoirse Mac Tomáis, don phobal é’, arsaLiam Mac Amhlaidh, cathaoirleach, ina‘aistear trí bhéaloideas, beath aisnéis,scéalaíocht, foilsitheoireacht, scríbh­neoireacht, fantaisíocht agus fírinne…’• Axis: Baile Munna• Axis: Baile MunnaÓcáid chun ealaíontóirí agus cleachtóirícruthaitheacha a shaothraíonn i nGaeilgea cheiliúradh is ea Borradh Buan. Bhí‘tráthnóna ceoil, cuimhní cinn agus babh­taí cruthaitheachta’ ó Kila, Branar Drám ­aíochta agus scata eile ag Axis BaileMunna ar an 25 Deir. Fómh., mar a raibhDeirdre Davitt ina haoi onóra.• Iománaíocht / Camanachd • Iománaíocht / Camanachd Arbh eol duit go bhfuil comórtas Gaeilge/Gáidhlige iománaíochta nó camanachd arsiúl le seacht mbliana anuas. Bhí comór­

tas idirnáisiúnta na bliana seo ar siúl in Indreabhán na Gaillimhe, agus rug nabuaiteoirí Corn Cholmcille leo. Bhí ‘FirUladh’ rannpháirteach. ‘An bhféadfadhclub ar bith i gCiarraí nó i gCorcaigh foireann Gaeilgeoirí a chur le chéile?’ afhiaf raíonn mo chara Brian Caball díom!• Cumann Gaelach na hEaglaise• Cumann Gaelach na hEaglaise15 Nollaig: Seirbhís Charúl i dTeampallNaomh Seoirse, Béal Feirste ag 5.00pm.Beidh an tEaspag Alan Abernethy, an tUrrWilliam Crawley, agus an tArdmhéara,Máirtín Ó Muilleoir, ann. Tá CumannGaelach na hEaglaise ag tacú leis antseirbhís seo agus seolfar leabhar, AnChomaoineach Naofa agus Seirbhísí Eile.Ardteampall Chríost, BÁC: Úrnaí na Nóna,dá­theangach, ag 3.30pm ar an 24Samhain agus An Chomaoineach Naofa,as Gaeilge ar an 29 Nollaig 2013, 3.30pm.http://ireland.anglican.org/news/4720 • Ceardlann Scríbhneoireachta• Ceardlann ScríbhneoireachtaÁras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh,Dé Sathairn, 9 Samhain 2013, 10.30a.m. –5.00p.m. (le cúnamh ó Foras na Gaeilge).Táille cláraithe 20 euro; mic léinn 5 euro.(Lón ag 1p.m. san áireamh sa táille). Iscóir cóipeanna den saothar atá le plé (3dhán nó 2,500 focal de ghearrscéal,úrscéal, dráma, aiste léirmheasa nó eile) asheoladh go dtí: [email protected] faoin4 Samhain, i dtreo gur féidir iad adháileadh ar rannpháirtithe roimhréStiúrthóirí: Pádraig Ó Snodaigh, Mícheál ÓRuairc, agus an t­eagarthóir seo. • Peter & The Wolf• Peter & The WolfCuirfidh Ceolfhoireann Shiansach UCDscéal ceoil clasaiceach Prokofiev doleanaí, Peter & the Wolf, i láthair le scáth­phuipéadóireacht bheo ó AmharclannPhuipéad Julie­Rose McCormick, móidetráchtaireacht Ghaeilge, ar an 13Samhain, 1pm agus 7pm, Halla Astra,Belfield. Eolas: www.ucd.ie/orchestra.◊

Brian Ó Tiomáin,Willbrook, RáthFearnáin, BÁC 14,lena iníonacha,Ailbhe, ar chlé, agusCaoimhe i bPáirc anChróc aigh ar an 1Deireadh Fómhair,mar ar fógraíodhbuaiteoirí litearthaan Oireachtais2013. Rug Brian answae leis i gComór­tas A14, DrámaRaidió, maoinitheag RTÉ, comórtas inar ghnóthaigh sé an duais €500 ar a shaothar Teiripe. Ach ní fearan ghaisce aonair é Brian: ghnóthaigh Viriliter Age [Bí Fearúil] an duais €600 dondráma aon ghnímh i gComórtas A15, maoinithe ag Údarás na Gaeltachta, agus rugsé leis an duais €500 i gComórtas 17 don Script Teilifíse, maoinithe ag TG4, arshaothar dar teideal An tOileán, chomh maith.◊

Page 27: Feasta | Samhain 2013
Page 28: Feasta | Samhain 2013