Download - Lámhleabhar Sábháilteachta
1
Coláiste Lurgan, Ráiteas Misin 2012
Bunaíodh Coláiste Lurgan chun cúrsaí Gaeilge den scoth a chur ar
fáil do scoláirí gur mian leo cur lena gcumas labhartha Gaeilge.
Déantar é seo i dtimpeallacht spreagúil, shábháilte ina gcothaítear
meas ar an gcultúr gaelach agus grá don teanga Ghaeilge.
Baintear úsáid as cur i láthair ilmheánach agus cur chuige nua-
aimseartha chun foghlaim na Gaeilge a dhéanamh níos tarraingtí
do scoláirí an lae inniu.
Tá sé mar chuspóir ag Coláiste Lurgan féachaint chuige, go
mbrathfaidh aon scoláire a bhíonn ar chúrsa Gaeilge anseo, slán
sábháilte ó aon sórt mí-úsáid, tromaíocht, bulaíocht nó faillí.
Tugtar tús áite i gcónaí don scoláire i ngach gné den chúrsa agus
féachtar chuige gurb iad na cleachtais sábháilteachta is fearr a
leantar.
Déantar é freisin trí roghnú cúramach a dhéanamh ar fhoireann uile
an Choláiste idir mhúinteoirí agus eile.
Déantar roghnú agus maoirseacht an-chúramach ar na tithe lóistín
ina bhfanann na scoláirí, ar na múinteoirí agus ar an bhfoireann
uile a fhostaíonn an Coláiste.
Tá freagracht ar chuile oibrí sa Choláiste cearta an scoláire a
chosaint ar chuile bhealach.
Oibríonn chuile dhuine ar fhoireann an Choláiste, mná tí san
áireamh, as lámha a chéile, chun na críche seo.
2
Coláiste Lurgan, Ráiteas Sábháilteachta 2012 Tá sé mar chuspóir ag Coláiste Lurgan a chinntiú, i gcás scoláirí a
thagann ar aon cheann de chúrsaí Gaeilge an Choláiste, go
mbrathfaidh siad sábháilte agus cosanta, le linn a dtréimhse anseo,
ó aon mhí-úsáid nó faillí. Cuireann Coláiste Lurgan an cuspóir sin i
gcrích trí roghnú agus maoirseacht an-chúramach a dhéanamh, i
gcomhar leis An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, ar
na tithe lóistín ina bhfanann na scoláirí. Déantar roghnú cúramach
freisin ar na múinteoirí agus ar an bhfoireann eile a fhostaíonn an
Coláiste, lena chinntiú go bhfaigheann na scoláirí togha na haire
uathu siúd atá ina mbun. Tá freagracht ar chuile oibrí sa Choláiste
cearta an scoláire a chosaint ar chuile bhealach.
Déanann Coláiste Lurgan chuile iarracht chun timpeallacht a
chruthú, ina bhfuil meas ar na scoláirí agus a gcearta, ina spreagtar
iad le caidreamh oscailte, iontaofa, a bheith acu le chuile dhuine sa
Choláiste. Cothaítear an timpeallacht seo freisin, taobh amuigh den
Choláiste m.sh. ina measc siúd atá freagrach as aire a thabhairt do
na scoláirí, cothaítear timpeallacht ina gcaitear le chuile scoláire
acu mar dhuine ar leith.
Is é polasaí daingean Choláiste Lurgan déileáil láithreach, ina
iomláine, agus go cothrom, le haon cheist a thagann chun cinn faoi
leas aon scoláire.
Tá baill foirne i gColáiste Lurgan, agus is teagmhálaithe
ainmnithe iad, mar atá, An Bainisteoir, Mícheál Ó Foighil,
agus Príomhoide an Chúrsa, is é a gcúram a bheith ina
dteagmhálaithe le gníomhaireachtaí eile; cabhrú le agus treoir a
thabhairt do bhaill foirne/fostaithe a bhfuil imní orthu faoi chosaint
scoláirí. Tá na teagmhálaithe ainmnithe seo freagrach as polasaí
cosaint scoláirí an Choláiste a chur i bhfeidhm. Tá dualgas orthu
a chur in iúl láithreach, do Sheirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh,
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (F.S.S.) áitiúil, agus/nó
don Gharda Síochána faoi aon tuairisc, líomhain(tí), nó ábhar
imní maidir le mí-úsáid scoláire/í.
3
Coláiste Lurgan Ráiteas Rúndachta 2012
Tá sé mar pholasaí cosanta scoláirí i gColáiste Lurgan, cosaint a
thabhairt i gcónaí do leas chuile scoláire, trí chosaint a thabhairt
dóibh in aghaidh aon sórt díobháil coirp, gnéis nó mothúcháin.
Is ar bhonn riachtanais is cóir faisnéis faoi ábhar imní nó measúnú
faoi mhí-úsáid nó faillí ar scoláire a roinnt leis na húdaráis
reachtúla, ábhartha.Ní féidir aon ghealltanas rúndachta a thabhairt.
Déantar é seo soiléir dóibh siúd ba cheart a bheith ar an eolas faoi.
Áit a bhfuil imní faoi shábháilteacht scoláire(í), caithfear eolas a
roinnt ar bhonn ‘eolas ar bhonn riachtanais’ ar mhaithe le leas an
scoláire.
Ní bhreathnaítear ar roinnt eolais/faisnéise mar seo, leis na
gníomhaireachtaí reachtúla, ar mhaithe le scoláire(í) a chosaint,
mar shárú rúndachta.
Tá sé de cheart ag tuismitheoirí agus ag scoláirí a bheith ar an
eolas má tá aon eolas pearsanta fúthu á roinnt, ach amháin, i gcás
dá ndéanfaí a leithéid, go mbeadh an scoláire i gcontúirt bhreise.
Ní féidir faisnéis a fhaightear chun críche amháin a úsáid chun
críche eile, gan dul i gcomhairle leis an té a thug an fhaisnéis sin sa
gcéad áit.
Caithfear taifid agus eolas a bhailítear faoi aon scoláire a
choinneáil go sábháilte agus faoi rún in oifig an Choláiste áit nach
mbeidh fáil orthu ach ag Príomhoide an Chúrsa agus Bainisteoir an
Choláiste.
Coinneofar tuismitheoirí ar an eolas faoi aon imní a bheadh ann
maidir le leas a gclainne, agus iad ag freastal ar Choláiste Lurgan.
4
Treoirlínte d’Fhoireann Choláiste Lurgan
Céard is mí-úsáid ann? Tugtar mí-úsáid do dhaoine óga ar bhealaí éagsúla. Is féidir mí-úsáid a roinnt i gceithre chineál chatagóir: faillí, mí-úsáid mhothúchánach, mí-úsáid fhisiciúil agus mí-úsáid ghnéasach. Sainmhíniú ar ‘faillí’: Is féidir faillí a mhíniú i dtéarmaí easnaimh, nuair a fhulaingíonn páistí/daoine óga díobháil nó lagú suntasach forbartha trí bhia, éide, teas, sláinteachas, spreagadh intleachtúil, maoirsiú, sábháilteacht nó cúram leighis a cheilt orthu, nó nuair nach mbíonn ceangal acu le daoine fásta nó gean ag daoine fásta orthu. Is féidir díobháil a shainmhíniú mar dhrochíde nó lagú sláinte nó forbartha an pháiste/an duine óig. Déantar suntasacht na díobhála a mheas trí shláinte agus fhorbairt an pháiste/ an duine óg a chur i gcomparáid leis an leibhéal a mbeifí ag súil leis i gcás páiste/duine óg ar chomhaois leis nó léi. Sainmhíniú ar ‘mí-úsáid mhothúchánach’: Aimsítear drochúsáid mhothúchánach go hiondúil sa chaidreamh idir tuismitheoirí nó cúramóir agus páiste/duine óg seachas in eachtra amháin nó i bpátrún eachtraí. Tarlaíonn sé nuair nach sásaítear riachtanais forbartha an pháiste maidir le faomhadh (acceptance),comhsheasmhacht (consistency) agus slándáil (security). Mura bhfuil foirmeacha eile drochúsáide i gceist, is annamh a fheictear comharthaí nó airíonna fisiciúla. Seo roinnt samplaí: (i) saintréithe diúltacha a chur i leith páiste/duine óg, trí cháineadh seasmhach, searbhas, naimhdeas agus ag fáil lochta orthu;
5
(ii) gan tacaíocht mhothúchánach a bheith le fáil ag an bpáiste/duine óg óna thuismitheoirí nó óna chúramóir; (iii) freagracht a chur ar an duine óg ró-luath ina s(h)aol; (iv) ionchais (expectations) neamhréadúla ar inniúlacht an pháiste/an duine óg chun rud a thuiscint nó é féin a iompar nó a rialú ar bhealach áirithe; (v) bearta smachta atá ró-ghéar nó mí-réasúnta a úsáid; (vi) foréigean teaghlaigh a chur os comhair an pháiste; (vii) ábhar míchuí nó mí-úsáideach (abusive) a chur os comhair an pháiste/ an duine óg trí theicneolaíocht nua. Sainmhíniú ar ‘mí-úsáid fhisiciúil nó chorpartha’: Is éard atá i mí-úsáid fhisiciúil páiste/duine óg, ná iompar a bhfuil dochar fisiciúil iarbhír (actual) nó féideartha (potential) ag baint leis, de thoradh idirghníomhaíochta atá go réasúnta faoi smacht tuismitheora nó duine i bpost freagrachta nó cumhachta. D’fhéadfadh eachtra amháin a bheith i gceist nó eachtraí arís is arís eile. Is féidir na rudaí seo a leanas a bheith i gceist le mí-úsáid fhisiciúil: (i) píonós dian corpartha; (ii) plancadh, leangadh, bualadh nó ciceáil; (iii) brú, croitheadh nó caitheamh; (iv) an páiste a scanrú le bagairtí; (v) baol a cheadú, ceal dóthain curaim a thabhairt don duine óg, nó baol a chruthú go dtarlódh díobháil/dochar mór don pháiste/duine óg dá bharr. Sainmhíniú ar ‘mí-úsáid ghnéasach’: Tarlaíonn mí-úsáid ghnéasach nuair a bhaineann duine eile úsáid as páiste/duine óg dá shásamh nó dá fhloscadh (excitement) gnéasach féin, nó ar mhaithe le sásamh nó floscadh gnéasach daoine eile. Samplaí de mhí-úsáid ghnéasach a thugtar do pháistí/daoine óga is ea:
6
(i) gníomh gnéasach ar bith a dhéantar d’aon turas i láthair an pháiste/duine óg nó ar pháiste/duine óg (ii) nochtadh na mball gnéasach nó gníomh gnéasach ar bith a dhéantar d’aon turas i láthair an pháiste/duine óg (iii) glacaireacht i láthair an pháiste/duine óg nó páirtíocht an pháiste/duine óg i ngníomh na glacaireachta (iv) aon chaidreamh collaí le páiste/duine óg (v) Chomh fada agus a bhaineann leis an dlí coiriúil, is seacht mbliana déag d’aois (17), do bhuachaillí agus do chailíní araon an aois toilithe do chaidreamh collaí/gnéasach Tuairisciú ar Mhí-Úsáid Scoláirí agus ar Amhras faoi Mhí-Úsáid Scoláirí Má thugann scoláire tuairisc faoi mhí-úsáid, do dhuine atá ag obair
sa Choláiste, ba cheart gníomhú mar seo a leanas láithreach:
Tá sé tábhachtach an scoláire a chur ar a shuaimhneas agus a
rá leis go raibh an ceart aige labhairt le duine éigin faoin
scéal.
Tá sé tábhachtach fanacht socair agus gan aon fhreagairt
mhíchuibheasach a léiriú faoinar dúradh leat.
D’fhéadfadh faitíos a bheith ar an scoláire, mar go
bhféadfadh bagairt a bheith déanta air gan focal a inseacht
d’aon duine faoinar tharla.
Is ceart a rá leis an scoláire nach bhfuil aon mhilleán air/
uirthi agus go ndearna sé/sí an rud ceart agus go bhfuil
moladh ag dul dóibh as labhairt le duine éigin faoin scéal.
Ná déan aon scrúdú fisiciúil ar an scoláire, ach scríobh síos
(gan an scoláire i láthair) aon chomharthaí seachtracha a
thugann tú faoi deara.
7
Ná leag lámh ar an bpáiste agus ná lig don scoláire éadaí a
bhaint nó a ardú - agus ná déan tú féin é ach an oiread.
Ní ceart rúndacht a ghealladh don scoláire, ach is ceart a rá
leo nach dtabharfar aon eolas faoin ngearán ach do dhuine nó
daoine go gcaithfidh an t-eolas a bheith acu, d’fhonn an scéal
a réiteach.
Caithfear gníomhú láithreach, go speisialta, má tá an scoláire
fós sa suíomh inar tharla an mhí-úsáid. Is ceart dul i
dteagmháil, láithreach, leis an teagmhálaí ainmnithe i.e.
Bainisteoir an Choláiste agus/nó Príomhoide an Chúrsa.
Déanfaidh seisean teagmháil leis an oifigeach cuí i Seirbhísí
Leanaí agus Teaghlaigh, Feidhmeannacht na Seirbhíse
Sláinte (F.S.S.) áitiúil, faoin scéal.
Seachain ceisteanna, chomh fada agus is féidir, go speisialta
saincheisteanna faoin sórt mí-úsáide a bhí i gceist.
Ná cuir focail i mbéal an scoláire.
Is ceart tuairisc a scríobh ar an eachtra, (gan an scoláíre i
láthair), tuairisc ina mbeidh na sonraí ar fad faoin eachtra
tugtha m.sh. céard a dúradh, agus tuairisc ar iompar an
scolaíre féin.
Is ceart síniú agus dáta a bheith ar an tuairisc agus í
thabhairt don Phríomhoide lena coinneáil in áit
shábháilte.
Tá sé de cheart ag Cúirt Dlí an tuairisc seo a lorg faoi sub
poena dá mbeadh cás dlí i gceist.
Tá sé de dhualgas ar aon duine, bean tí/fear tí san áireamh,
atá in amhras nó a gcuirtear in iúl dó/di gur tugadh nó go
8
bhfuiltear ag tabhairt mí-úsáid do scoláire, é sin a chur in iúl
do na húdaráis chuí, láithreach.
Is ceart a inseacht don scoláire céard a tharlóidh ina dhiaidh
sin. Ba cheart gur duine tuisceanach a dhéanfadh é seo sin nó
an duine ainmnithe.
Níor cheart don duine ar labhair an scoláíre leis ar dtús, éirí
ró-cheangailte leis an gcás, ach is ceart leanacht ag tabhairt
tacaíochta, go discréideach, don scoláire. Tá an scéal as do
lámhasa chomh luath agus a thuairiscíonn tú é.
Ná ceistigh an scoláire arís.
Is féidir go mbeadh tionchar pearsanta ar an éisteoir ag an
gcur síos ar an mí-úsáid a thugann an scoláire. Ba cheart don
éisteoir fáíl a bheith aige ar na daoine ainmnithe más gá, a
chuirfeadh comhairle air féin, gan rúndacht an cháis a shárú.
I gcás gur le bean tí a dhéantar an gearán:
Caithfidh an bhean tí cuntas scríofa a choinneáil ar pé gearán
nó líomhain a dhéanann an scoláire, an t-am agus an dáta ar
dearnadh é.
Ní mór aon rud a thugtar faoi deara maidir le mí-úsáid
scoláirí a thaifeadadh, mar aon le dátaí, amanna agus aon
eolas ábhartha eile faoin gcás.
Nuair a dhéanann scoláire gearán nó líomhain le duine
caithfear a fháil amach cár tharla an eachtra m.sh. sa mbaile,
sa teach lóistín, nó sa Choláiste.
Is ceart an méid eolais atá an scoláire sásta a thabhairt duit
faoin eachtra a scríobh síos, gan ceisteanna a chur.
Caithfidh an bhean tí/fear tí dul i dteagmháil láithreach le
Príomhoide an chúrsa.
9
Tá dualgas airsean/uirthise dul i dteagmháil le Seirbhísí
Leanaí agus Teaghlaigh, Feidhmeannacht na Seirbhíse
Sláinte, agus an scéal a chur in iúl freisin do Bhainisteoir an
chúrsa. I gcás nach bhfuil fáil ar an mBainisteoir ná ar an
bPríomhoide caithfidh bean an tí dul i dteagmháil le FSS.
Ról tacaíochta agus ní ról fiosraithe atá ag bean an tí.
Caithfear breithiúnas faoi mhí-úsáid a fhágáil faoi dhaoine
gairmiúla.
I gcás go ndéanann scoláire gearán faoi bhean tí nó aon bhall
eile den teaghlach, caithfidh Príomhoide an chúrsa an scéal a
fhiosrú láithreach.
Caithfear an scéal a chur i láthair bhean an tí ar dtús ach ainm
an té a rinne an gearán /líomhain a choinneáil faoi rún.
Coinneofar tuismitheoirí an scoláire ar an eolas faoin scéal ón
tús.
I gcás gur faoin bPríomhoide a dhéantar an líomhain nó an
gearán, caithfear an scéal a chur in iúl láithreach do
Bhainisteoir an chúrsa.
Más faoi mhúinteoir nó fostaí sa Choláiste an gearán nó an
líomhain is ceart dul chuig Príomhoide an chúrsa láithreach,
agus rachaidh seisean i dteagmháil le Seirbhísí Leanaí agus
Teaghlaigh, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus/nó na
Gardaí Síochána.
Cuirfidh an Príomhoide an múinteoir nó an fostaí sin ar
fionraí láithreach nó tabharfaidh sé malairt oibre dó/di.
10
Foirm chaighdeánach chun imní faoi chosaint nó leas scoláirí a
thuairisciú: 1 Dáta na tuairisce:
2 Ainm an tuairisceora:
3 Seoladh an tuairisceora:
4 An gaol atá ag an tuairisceoir leis an scoláire atá i gceist:
5 An modh tuairiscithe, glaoch teileafóin, glaoch pearsanta chuig
an bPríomhoide:
6 Mionsonraí teaghlaigh:
7 Mionsonraí faoin scoláire atá i gceist, cuir sa mbosca thíos
Freagracht maidir le mí-úsáid scoláire, nó faillí i scoláire, a thuairisciú
Má tá amhras ann go bhfuil mí-úsáid á thabhairt do scoláire nó
faillí á dhéanamh ann, tá sé tábhachtach é sin a inseacht do
Sheirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh FSS agus bonn a chur faoi na
cúiseanna imní leis an oiread faisnéise agus is féidir a fháil.
Ba chóir an méid a fheictear a thaifeadadh go cruinn ag cuimsiú
dátaí, amanna, ainmneacha, ionaid, comhthéacs agus faisnéis ar
bith eile a bheadh ábhartha. Sínigh agus cuir dáta leis.
Sloinne:
Ainm:
Dáta Breithe:
Fireann/Baineann:
Ainm Eile:
Seoladh:
Seoladh Poist (má tá difríocht ann):
Uimhir Theileafóin:
11
Ba chóir a bheith cúramach faoin gcaoi a ndéantar faisnéis den
tsórt sin a stóráil, agus faoi na daoine dá dtaispeántar í.
Ba chóir do chuile dhuine a bheith san airdeall mar go bhféadfadh
mí-úsáid a bheith á tabhairt do na scoláirí a bhfuil siad i dteagmháil
leo nó go bhféadfadh faillí a bheith á dhéanamh orthu.
Ba chóir Seirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh FSS a chur ar an eolas i
gcónaí nuair atá ábhar réasúnta imní ag duine gur tugadh mí-
úsáid do scoláire, nó go bhfuil mí-úsáid á tabhairt dó nó di, nó go
bhfuil an baol ann go dtabharfar.
Coinneofar tuismitheoirí ar an eolas faoi aon imní a bheadh ann
maidir le leas a gclainne, agus iad ag freastal ar Choláiste Lurgan.
Seo coimriú ar na prionsabail ba chóir a leanúint maidir le mí-
úsáid nó faillí scoláire/í a thuairisciú:
(i) Caithfear tús áite a thabhairt do shábháilteacht agus leas an
scoláire
(ii) Ba chóir tuairiscí a sheoladh gan mhoill chuig Seirbhísí Leanaí
agus Teaghlaigh, FSS. An Príomhoide nó An Bainisteoir a
sheolfaidh iad.
(iii) Caithfidh teagmhálaithe ainmnithe a bheith ar an gcúrsa chun
faillí nó mí-úsáid a thuairisciú
Ní mór do chuile eagraíocht, idir phoiblí agus phríobháideach,
a sholáthraíonn seirbhísí do leanaí nó a bhíonn i dteagmháil
dhíreach le leanaí go rialta:
(i) Duine faoi leith a ainmniú le bheith ina theagmhálaí le
gníomhaireachtaí eile agus le cabhrú le baill foirne nó oibrithe
deonacha a bhfuil ábhar imní acu faoi chosaint leanaí.
(ii) Beidh an teagmhálaí ainmnithe freagrach as a chinntiú go
leantar an nós imeachta tuairiscithe caighdeánach.
(iii) Ba chóir don teagmhálaí ainmnithe a chinntiú go bhfuil cur
amach acu ar chosaint leanaí agus ní mór dó/di aon oiliúint a fháil
a mheastar a bheith riachtanach chun iad féin a choinneáil ar an
eolas maidir le forbairtí nua.
12
Nós Imeachta Tuairiscithe Caighdeánach Má tá ábhar imní maidir le mí-úsáid nó faillí le tuairisciú ag duine,
ba cheart don té sin dul i dteagmháil leis an bPríomhoide nó leis an
mBainisteoir láithreach. Caithfidh an Príomhoide/Bainisteoir dul i
dteagmháil le Seirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh, FSS.
Is féidir tuairisc a dhéanamh go pearsanta, ar an teileafón nó i
scríbhinn.
Ní ceart ar chúinse ar bith scoláire a fhágáil i riocht ina bhféadfaí
díobháil a dhéanamh dó/di nó go mbeadh sé/sí i mbaol díobhála ag
feitheamh ar idirghabháil FSS.
Nuair nach féidir leis an bPríomhoide nó an Bainisteoir dul i
dteagmháil le Seirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh, FSS, ba chóir
dóibh dul i dteagmháil leis na Gardaí.
Is féidir é sin a dhéanamh ag Stáisiún Garda ar bith.
Is ceart an Fhoirm Thuairiscithe Chaighdeánach a úsaid chun
ábhair imní maidir le cosaint agus leas leanaí a thuairisciú do
Sheirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh FSS.
Faisnéis atá le cur san áireamh agus tuairisc á tabhairt:
Ba chóir an méid agus is féidir de na sonraí seo a leanas a chur
ar fáil:
(i) ainm, seoladh agus aois an scoláire faoina bhfuil an tuairisc á
tabhairt;
(ii) ainm an choláiste ar a bhfuil an scoláire ag freastal;
(iii) ainm agus sonraí teagmhála an duine atá ag tuairisciú an
abhair imní;
(iv) cibé an gairmí, duine a oibríonn le gasúir nó duine den phobal
an té atá i mbun tuairiscithe;
(v) gaol an tuairisceora leis an scoláire;
13
(vi) cuntas iomlán faoin mbonn atá leis an ábhar imní maidir le
cosaint agus leas an scoláire, m.sh. mionsonraí faoin líomhain,
faoin eachtra, dátaí, tuairisc ar aon díobháil, srl.
(vii) ainmneacha agus seoltaí tuismitheoirí nó cúramóirí an
scoláire;
(viii) ainmneacha na ngasúir eile atá sa teaghlach;
(ix) ainm, seoladh agus sonraí an duine faoina líomhnaítear cúis
imní maidir leis an scoláire a thabhairt más eol
(x) tuairim an scoláire féin, agus na dtuismitheoirí nó na
gcúramóirí, más eol nó más ábhartha é;
(xi) ainmneacha agus seoltaí pearsanra nó gníomhaireachtaí eile a
bhfuil baint acu leis an scoláíre, m.sh.
dochtúir, oibrí sóisialta, altra sláinte poiblí, Gardaí, srl;
(xii) aon fhaisnéis ábhartha eile.
(xiii) Más foirm thuairiscithe atá in úsáid caithfidh síniú agus dáta
a bheith leis.
14
Comharthaí agus airíonna na mí-úsáide do
ghasúir
Ba chóir a bheith in amhras faoi fhaillí sna cásanna seo a leanas:
tréigean
gasúir a bheith á bhfágáil leo féin an t-am ar fad gan dóthain
cúraim ná maoirseachta
míchothú, easpa bia, bia mífheiliúnach, nó beathú taomach;
easpa teasa;
easpa éide leormhaith;
gan aird ar shláinteachas bunúsach;
easpa cosanta agus nochtadh do dhíobháil, a chuimsíonn
díobháil mhorálta nó easpa maoirseachta a d’oirfeadh d’aois
an ghasúir;
cliseadh leanúnach maidir le freastal ar scoil, nó ranganna;
easpa dóthain spreagadh intleachtúil i gcás scoláirí ar chúrsa
Gaeilge;
teip neamhorgánach forbartha, i.e. gasúr nach bhfuil ag cur
meáchain suas, ní hamháin mar gheall ar mhíchothú ach
freisin mar gheall ar dhíothacht mhothúcháin;
teip cúram leordhóthanach a chur ar fáil i gcomhair
fadhbanna leighis agus forbartha an ghasúir;
dúshaothrú, ró-oibriú.
(airíonna = symptoms)
15
Próiseas Earcaíochta Foirne
(i) Caithfear aon phost a bheadh le líonadh a fhógairt chomh
forleathan agus is féidir agus cursíos aontaithe a thabhairt ar phoist
foirne a bheadh le líonadh
(ii) Dea-chleachtas a chinntiú maidir le hearcú foirne, áisitheoirí
agus oibrithe deonacha, lena n-áirítear grinnfhiosrúchán i.e. foirm
imréitigh an Gharda Síochána, do chuile bhall foirne.
Caithfear litreacha molta (do Chinnirí) a éileamh agus a iniúchadh
(iii) Oiliúint ionduchtaithe a sholáthar mar aon le promhadh,
maoirseacht agus bainistiú leanúnach, nuair is gá
(iv) Caithfear a chinntiú go bhfuil baill foirne & fostaithe ar an
eolas faoi conas comharthaí mí-úsáide nó faillí gasúir a aithint;
(v) Treoir agus nósanna imeachta a fhorbairt do bhaill foirne agus
d’fhostaithe a bhféadfadh ábhar réasúnta imní a bheith acu faoi
shábháilteacht agus leas scoláirí a bhfuil baint acu leis an
gColáiste.
(vi) Duine amháin a ainmniú mar theagmhálaí le gníomhaireachtaí
eile agus le bheith ann le cabhrú le baill foirne a bhfuil imní orthu
faoi chosaint scoláirí. Beidh an duine ainmnithe freagrach as insint
do Sheirbhísí Leanaí & Teaghlaigh FSS nó don Gharda Síochána,
faoi líomhaintí nó ábhar imní maidir le mí-úsáid scoláirí.
(vii) Treoir maidir le tréimhse fionraíochta a leagan síos.
Leanann fionraíocht tréimhse fiosrúcháin faoi bhall foirne.
(viii) Caithfidh conarthaí fostaíochta a bheith aontaithe idir an
16
bhainistíocht agus na fostaithe.
Bainistíocht Foirne
Maoirseacht
Maidir le maoirseacht agus tacaíocht d’fhoireann atá ag obair
cheana nó d’fhoireann nua, caithfidh siad .i.e. na baill, a bheith ar
an eolas faoi chineál agus minicíocht na tacaíochta agus na
maoirseachta m.sh. cruinnithe foirne agus cruinnithe duine le
duine.
Ionduchtú
Maidir le hionduchtú foirne, ba cheart go bhfaigheadh chuile bhall
foirne, cinnirí agus cúntóirí san áireamh cuma páirtaimseartha nó
lánaimseartha iad, ionduchtú sa bPolasaí Cosaint Leanaí.
Caithfear an polasaí sábháilteachta a chur i láthair agus a mhíniú
do na baill foirne idir mhúinteoirí agus fostaithe eile. Caithfidh
chuile dhuine aontú leis an bPolasaí.
Caithfidh chuile bhall foirne, cinnirí agus cúntóirí, cuma
páirtaimseartha nó lánaimseartha iad, dearbhhú go nglacann siad
leis an bPolasaí Cosaint Leanaí
17
Cód Iompair/Iompraíochta do na scoláirí:
Is mian le Bainisteoir, Príomhoide, múinteoirí agus chuile
dhuine i gColáiste Lurgan go mbrathfadh tú slán anseo, agus
go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as do chúrsa linn.
Má tá faitíos nó imní ort faoi aon rud, má tá tú mí-shona nó
trí chéile ag aon duine nó rud, má tá mí-úsáid nó bulaíocht á
dhéanamh ort, labhair láithreach le duine éigin go bhfuil
muinín agat as m.sh. múinteoir, Príomhoide, nó cara maith.
Ná labhair ach le duine/daoine go bhfuil aithne agat air/orthu.
Má bhraitheann tú nach bhfuil tú sábháilte, téigh láithreach
go dtí duine nó áit lena/ina mbrathfaidh tú slán.
Labhair le duine éigin faoi bharróga, póga nó teagmhálacha
eile coirp mí-chuí nó aon imní eile a bheadh ort.
Má bhrathann tú in aon chontúirt, ó aon duine, nó ar aon
bhealach, lig béic, le aird a tharraingt & chun cúnamh a fháil.
Tá an scoláire freagrach as a iompar féin fad atá sé sa gColáiste.
Is ceart don scoláire meas a thaispeáint dá chomhscoláirí &
d’éinne go mbíonn sé i dteagmháil leo é ar an gcúrsa.
Caith le daoine eile mar ba mhaith leat go gcaithfí leat féin.
Tá an scoláire freagrach as a chuid rudaí féin.Caithfidh sé
aire a thabhairt dóibh, m.sh.éadaí, leabhra, málaí, bróga 7rl.
Caithfidh an scoláire a bheith in am don rang agus aire a
thabhairt dá chuid rudaí féin sa seomra ranga.
Níl sé de cheart ag scoláire cur isteach, ar bhealach ar bith, ar
mhúinteoir ná ar na scoláirí eile sa rang.
Caithfidh an scoláire glacadh le clárama an Choláiste maidir
le dul chuig an siopa, cois trá, chuig an bpáirc imeartha 7rl.
Leanfaidh an scoláire polasaí an Choláiste chun an áit a
choinneáil glan, m.sh. ná caith bruscar a timpeall na háite, sa
Choláiste féin, sa chlós, ná ar an gcosán.
Caithfidh scoláirí a bheith cúramach ar na bóithre & an
chontúirt a bhaineann le trasnú an bhóthair a thuiscint.
Fiú agus scoláirí in áiteacha poiblí, lasmuigh den Choláiste m.sh.
sa mbaile mór, tá rialacha an Choláiste fós i bhfeidhm.
18
Rialacha an Choláiste
Tá na rialacha ann le sábháilteacht na scoláirí agus na foirne a
chinntiú agus le cur le dea-riaradh Choláiste Lurgan.
Má bhriseann scoláire(í) rialacha an Choláiste, déileáil leis mar
seo:
Labhróidh múinteoir leis an scoláire/na scoláirí
Cuirfear in iúl don scoláire/na scoláirí nach bhfuiltear sásta
leis an iarracht atá siad a dhéanamh
Caithfear cead cainte a thabhairt dóibh agus a dtaobhsan den
scéal a chur i láthair
Má tá fadhb ag scoláire/scoláirí is ceart réiteach a fháil ar an
bhfadhb, más féidir
Má leanann an scoláire/na scoláirí ag briseadh na rialacha,
caithfear é/iad a chur chuig an bPríomhoide. Más gá,
labharfaidh an Príomhoide le Bainisteoir an Choláiste
Tabharfaidh an Príomhoide rabhadh don scoláire nach
nglacfar leis má bhriseann sé rialacha an Choláiste arís, agus
go dtarlódh go gcuirfí abhaile é
Labharfaidh an Príomhoide le tuismitheoirí/caomhnóirí an
scoláire
Gearrfar pionós cóir ar an scoláire
19
Cuirfear an scoláire/na scoláirí abhaile, más gá
Caithfear taifead scríofa, cruinn, ar an eachtra, bulaíocht, nó
pé briseadh rialacha a tharla, agus ar gach a mbaineann leis,
na céimeanna a glacadh i.e. plé leis na scoláirí,
tuismitheoirí/caomhnóirí, dlídóirí, gardaí 7rl, a choinneáil.
Caithfidh síniú agus dáta a bheith leis an taifead
Má tá an Príomhoide sásta gur bhris scoláire/scoláirí rialacha
a bhaineann le cosc ar alcól agus drugaí, nó imeacht ón teach
lóistín san oíche gan cead, níl an dara rogha ag an
bPríomhoide ach an scoláire/na scoláirí sin a chur abhaile.
20
Treoracha maidir le maoirseacht/sábháilteacht scoláirí, a thrasnaíonn an bóthar ag Coláiste Lurgan, chun dul go dtí Siopa an Phobail. Tugtar grúpa amháin scoláirí chuig Siopa an Phobail (Supervalue),
atá trasna an bhóthair ón gColáiste, chuile lá.
Roinntear na scoláirí i dtrí ghrúpa.
Déanann an grúpa atá le dul chuig an siopa, líne de
bheirteanna taobh istigh de bhalla an Choláiste, thart ar 5
mhéadar ón mbóthar.
Bíonn triúr múinteoirí agus beirt chúntóirí ar dualgas.
Bíonn múinteoir amháin agus cúntóir amháin ar dualgas ar
thaobh amháin i.e. taobh thall den bhóthar.
Bíonn múinteoir amháin agus cúntóir amháin ar dualgas ar an
taobh eile i.e. taobh an Choláiste den bhóthar.
Bíonn an tríú múinteoir ag coinneáil an líne siar, isteach ón
mbóthar.
Nuair atá an bóthar sábháilte téann na cúntóirí amach air lena
gcuid líreacáin (lollipops) ar a bhfuil an focal ‘Stop’ scríofa.
Scaoiltear uasuimhir de 20 scoláire sa turas trasna idir na
cúntóirí leis na líreacáin.
Níl cead ag aon scoláire rith ar an mbóthar
Níl cead acu aon mhoilleadóireacht a dhéanamh thart ar an
siopa.
Ag teacht ar ais ón siopa dóibh, siúlann na scoláirí ar ais
chuig an áit ónar thrasnaigh siad an bóthar nuair a bhíodar á
thrasnú ar dtús.
Nuair atá an grúpa scoláirí réidh sa siopa cuirtear ar ais
trasna an bhóthair arís iad de réir na dtreoracha i 2 thuas.
I gcás aon mhéiseáil nó iompar contúirteach, stopfar an cead
dul go dtí an siopa ar an/na scoláire/í sin don lá sin.
Meabhraítear na treoracha/rialacha seo go rialta do na
scoláirí, le linn an chúrsa.
21
Maoirseacht/Sábháilteacht scoláirí Choláiste Lurgan a
shiúlann ó thithe lóistín chuig an gColáiste
Siúlann cuid de scoláirí Choláiste Lurgan óna dtithe lóistín
chuig an gColáiste faoi dhó chuile lá agus ar ais chuig na
tithe lóistín, faoi dhó tráthnóna, le linn na gcúrsaí Gaeilge.
Siúlann na scoláirí, atá in aon teach lóistín le chéile, ina
ngrúpa ón teach lóistín chomh fada leis na soilse tráchta atá
gar don Choláiste.
De ghnáth bíonn an cinnire tí chun tosaigh orthu agus fanann
sé/sí ag na soilse tráchta go dtí go dtagann chuile dhuine sa
ghrúpa chomh fada leis na soilse.
Nuair a cheadaíonn na soilse dóibh é, siúlann siad ar fad
trasna an bhóthair chuig an gcosán coisithe ar an taobh eile,
agus as sin isteach sa Choláiste.
Ag am dinnéir i.e. ag a 5 a chlog tráthnóna, agus arís tar éis
imeachtaí an tráthnóna ag 9.30 p.m. bíonn beirt chúntóirí lena
gcuid líreacáin ar dualgas ar an mbóthar. Bíonn siad ansin
chun na scoláirí a shiúlann chuig a dteach lóistín a chur
trasna an bhóthair i.e. go dtí an cosán coisithe ar an taobh eile
den bhóthar ó Choláiste Lurgan.
Nuair atá na scoláirí ar fad atá ag siúl, bailithe le chéile ag an
mballa ag béal an bhóthair, agus an bóthar glan ó thrácht,
seasann na cúntóirí/cinnirí i lár an bhóthair, duine thoir agus
duine thiar, agus líreacán in airde ag chaon duine acu.
Ansin siúlann na scoláirí trasna an bhóthair idir an dá
líreacán chuig an gcosán coisithe ar an taobh eile.
22
Leanann siad ag siúl ar an gcosán nó go sroicheann siad an
teach lóistín.
Ní ghlactar le haon mhíchúram ná mí-iompar ar na bóithre.
Caithfidh sliotair agus liathróidí pé acu do pheil,
iománaíocht, sacar nó eile, a bheith istigh i mála agus iad á
dtabhairt chun páirce.
Níl aon cead ag scoláire aonair dul amach ar an mbóthar mór.
Níl cead ag scoláire síob a ghlacadh le haon duine ach
amháin ball foirne a bhfuil údarás aige/aici chuige sin.
Níl cead ag scoláire a bheith ach san áit atá ceaptha dó gan
cead ó údaráis an Choláiste.
Meabhraítear na treoracha/rialacha seo go rialta do na
scoláirí, le linn an chúrsa.
Maoirseacht/Sábháilteacht scoláirí Lurgan a thaistealaíonn
ar bhusanna ó thithe lóistín chuig an gColáiste
Tá treoracha cinnte nach mór a leanacht chun sábháilteacht
scoláirí a thaistealaíonn ar bhusanna an Choláiste a chinntiú.
Bíonn tromlach scoláirí Choláiste Lurgan ag taisteal go
laethúil, ar a laghad ceithre huaire sa lá, ar bhusanna.
Tugtar scoláirí, atá i dtithe lóistín atá ró-fhada ón gColáiste
lena shiúl, nó atá i dtithe lóistín nach bhfuil cosán coise idir
iad agus an Coláiste, chuig an gColáiste ar bhusanna.
23
Bíonn scoláirí ag taisteal go háiteanna eile freisin ar
bhusanna m.sh. ag dul ag rianóireacht go Coill Bhearna;
ar thuras m.sh. go Cnoc Leitir Móir, An Spidéal, nó Gaillimh.
Bíonn an cinnire tí freagrach as na scoláirí a thabhairt slán
mar ghrúpa ón teach lóistín go dtí an áit a dtéann siad ar an
mbus.
Níl cead ag éinne a bheith ina sheasamh ar an mbus
nuair atá an bus ag gluaiseacht.
Ní cheadaítear níos mó ná duine amháin in aon suíochán agus
caithfear crios sábhála a chaitheamh nuair is ann dó.
Ní ghlacfar le haon mhí-iompar ná le haon chur isteach
ar an tiománaí bus.
An cinnire/cúntóir a thuirlingíonn ar dtús agus fanann sé ag
doras an bhus nó go mbíonn na scoláirí ar fad éirithe amach.
Meabhraítear na treoracha/rialacha seo go rialta do na scoláirí
le linn an chúrsa.
24
Maoirseacht/Sábháilteacht scoláirí a thaistealaíonn ar
bhusanna, ag dul abhaile dóibh, idir Coláiste Lurgan agus
na tithe lóistín
Fágann na scoláirí an halla sa Choláiste de réir tithe.
Siúlann na scoláirí amach as an halla.
Seasann an cúntóir ag doras an bhus go dtí go mbíonn na
scoláirí ar fad istigh air. Cinntíonn sé/sí go bhfuil chuile scoláire
ar bord.
Nuair atá siad ar fad istigh ar an mbus, cinntíonn an cúntóir go
bhfuil na scoláirí ina suí i gceart sna suíocháin.
Má tá criosanna sábhála ar an mbus is ceart do na scoláirí iad a
chaitheamh. Labhraíonn an cuntóir leis na scoláirí más gá sin.
Nuair a shroicheann an bus an stop don teach lóistín, cinntíonn
an cúntóir go bhfágann na scoláirí an bus, duine ar dhuine, ar
bhealach sábháilte. Siúlann siad le chéile ansin, ina mbeirteanna
go dtí an teach lóistín.
Meabhraítear na treoracha/rialacha seo go rialta do na scoláirí,
le linn an chúrsa.
25
Maoirseacht/Sábháilteacht Scoláirí Choláiste Lurgan a
thrasnaíonn an bóthar ag ‘An Poitín Stil’
Scoláirí as trí theach a thrasnaíonn an bóthar ag ‘An Poitín Stil’ sin iad scoláirí Tigh Mhic Dhiarmada, Tigh Mháire Uí
Thuairisg, Tigh Mhaoláin agus Tigh Chonaire.
Tá áit ar leith roghnaithe, agus marcáilte le saighead, ar an
gcosán coisithe, trasna ón bPoitín Stil, go dtagann na scoláirí le
chéile ann, sula dtrasnaíonn siad an bóthar.
Fanann na scoláirí le chéile ansin. Cuireann an cúntóir faoi
ndeara dóibh fanacht isteach go maith ón mbóthar agus gan aon
mhéiseáil ná mí-iompar a bheith ar siúl acu.
Nuair atá an bóthar glan treoraíonn sé trasna an bhóthair iad, áit
a bhfanann siad go dtagann bus an Choláiste.
Téann siad ar an mbus ag an bPoitín Stil.
Meabhraítear na treoracha/rialacha seo, go rialta, do na scoláirí,
le linn an chúrsa.
26
Treoir maidir le Maoirseacht/Sábháilteacht Scoláirí Choláiste
Lurgan, ag an Trá
Ná téigh riamh in aice le trá nó le habhainn i d’aonar.
Beidh cead agat dul ag snámh ach cead a bheith tugtha ag an
duine atá ag maoirseacht ar na scoláirí ag an trá.
Nuair a bhíonn tú ag snámh, snámh comhthreormhar le agus
in aice an chladaigh, ná téigh amach domhain san uisce.
Ná húsáid balúin nó bréagáin san uisce.
Ná himigh aon áit gan é sin a inseacht roimh ré don té atá ag
tabhairt aire duit
Ní cheadaítear do scoláirí dul ar an trá, in aice na farraige, ná
in aice le haon uisce gan múinteoir, cúntóir agus cinnire a
bheith in éineacht leo.
Níl cead ag scoláirí dul ag snámh gan cead a fháil ó
mhúinteoir, agus múinteoir, cúntóir agus cinnire a bheith in
éineacht leo.
27
Maoirseacht/Sábháilteacht Scoláirí Choláiste Lurgan sa
Choláiste agus ar Pháirc na hImeartha
Níl glacadh le haon mhí-iompar ó scoláirí sa Choláiste ná ar
pháirc na himeartha.
Caithfidh na scoláirí i gcónaí, glacadh le treoir agus ordaithe
an Phríomhoide agus na múinteoirí, nó an duine/daoine atá
ag gníomhú ina n-áit
Caithfear seomraí ranga, pasáistí, an halla, an puball, an clós
agus timpeallacht an Choláiste a choinneáil saor ó bhruscar,
ar mhaithe le glaineacht agus sábháilteacht coirp agus sláinte
Cuir do chuid bruscair sa chiseán nó sa bhosca bruscair
Ní cead scríobh ar bhallaí ná ar shuíocháin an Choláiste ná
aon damáiste a dhéanamh dóibh
Caithfear cluichí agus chuile chineál spóirt a imirt ar
bhealach sábháilte, in áit cheadaithe agus de réir
gnáthrialacha spóirt agus aon rialacha eile atá leagtha síos ag
an gColáiste.
Caithfear aon trealamh spóirt nó trealamh de chuid an
Choláiste a úsáid le cúram agus go sábháilte.
Nuair atá tú réidh leis an trealamh, fág mar a fuair tú é.
Is ceart, i gcónaí, meas a thaispeáint ar chomhscoláirí pé acu
sa Choláiste, sa teach lóistín, nó ar pháirc na himeartha atá
siad.
Níl aon ghlacadh le bulaíocht ó aon duine, in aon áit, ag aon
am, ar aon duine.
28
Tuairisciú ar aon Ionsaí nó ar aon Eachtra Mí-úsáide
nó Timpiste a tharla do Scoláire/Scoláirí
Má thuairiscítear eachtra den chineál seo do Chinnire, do
Chúntóir, do Mhúinteoir nó do Bhean Tí, caithfear an scéal a
chur in iúl don Phríomhoide láithreach.
Caithfear cóir leighis a chur ar fáil d’éinne le gortú coirp,
láithreach.
Caithfidh an Príomhoide an scéal a fhiosrú agus duine
údaraithe in éineacht leis.
Is mar seo a leanas is ceart déileáil leis an bhfiosrú:
Labhair astu féin leis na daoine a bhí bainteach leis an
eachtra
Labhair le haon fhinnéithe ar an eachtra/ionsaí
Labhair le duine ar bith go mbeadh aon eolas aige faoin
eachtra/ionsaí/timpiste
Caithfear a chur in iúl don duine /daoine a bhfuiltear ag cur
líomhain(tí) ina leith, céard go díreach atáthar a chur ina
leith, agus a chinntiú go dtuigeann siad na himpleachtaí a
ghabhann léi/leo.
Caithfear cead cainte a thabhairt don té a bhfuiltear ag cur
líomhain(tí) ina leith, & a dtaobhsan den scéal a chur i láthair
Tabharfaidh an Príomhoide tuairisc ar gach ar tharla, don
Bhainisteoir & más gá do na húdaráis stáit cuí m.sh.
Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte agus/nó na Gardaí
29
Más gá leanfaidh an Príomhoide agus an Bainisteoir na
céimeanna seo a leanas maidir leis an ionsaí/eachtra/timpiste:
Gheobhaidh siad comhairle dlí gairmiúil, más gá
Labharfaidh siad le tuismitheoirí/caomhnóirí an scoláire/na
scoláirí atá i gceist
Gearrfaidh siad pionós cuí ar an scoláire/na scoláirí seo a
faightear ciontach
Cuirfidh siad an scoláire/na scoláirí ciontach(a) abhaile
Caithfear taifead scríofa, cruinn, le síniú & dáta, ar an
ionsaí/an eachtra mí-úsáide & a mbaineann leis, m.sh. plé le
scoláirí, tuismitheoirí, dlídóirí, gardaí 7rl, a choinneáil
Céard is ceart a dhéanamh i gcás timpiste?
Ar dtús, cinntigh nach bhfuil aon duine i riocht go ngortófaí a
thuilleadh é, má tá, bog go dtí láthair shábháilte é/iad.
Cuir fios ar dhochtúir/banaltra & seirbhísí éigeandála más gá.
Cuir scéal chuig an bPríomhoide chomh luath agus is féidir.
Is ceart na scoláirí nach bhfuil gortaithe, i gcás m.sh. timpiste
bus/bóthair, a thabhairt go dtí láthair shábháilte, agus duine
freagrach a fhágáil leo.
Más gá labharfaidh an Príomhoide le tuismitheoirí na scoláirí
Tabharfaidh an Príomhoide tuairisc ar an timpiste do
Bhainisteoir an Choláiste & do na húdaráis stáit cuí.
Coinnítear taifead scríofa, le síniú agus dáta, ar an timpiste.
30
Bulaíocht
Séard is bulaíocht ann ná ionsaí leanúnach, bíodh sin i bhfoirm briathrach,
siceolaíoch nó fisiciúil, a dhéanann duine amháin nó grúpa ar dhuine nó ar
dhaoine eile. Samplaí den iompar a bhíonn i gceist le bulaíocht, is ea
spochadh, tarcaisniú, bagairt, bualadh nó sracaireacht a dhéanann duine
amháin nó níos mó, ar dhuine nó ar dhaoine eile.
Mar sin má tá tú mí-shocair, trína chéile, faiteach faoi, nó i gcontúirt ag
aon rud, déan rud éigin faoi! Labhair le duine éigin sa gColáíste, le bean
an tí nó le cara leat. Tá sé de cheart agat a bheith slán sábháilte pé áit a
bhfuil tú. Tá muide ann chun cabhrú leat agus a chinntiú go bhfuil tú
sábháilte fad atá tú ar chúrsa i gColáiste Lurgan..
Má dhéanann éinne iarracht bulaíocht a dhéanamh ar
scoláire, is ceart don scoláire sin imeacht ón láthair chomh
luath agus is féidir leis agus labhairt le cinnire, múinteoir,
bean an tí nó leis an bPríomhoide.
Má dhéantar bulaíocht ar chara leat inis é sin láithreach do
chinnire, múinteoir, bean an tí nó don Phríomhoide.
Má thuairiscítear eachtra bulaíochta do chinnire, do
mhúinteoir, nó do bhean an tí, is ceart dóibhsean an scéal a
chur in iúl don Phríomhoide láithreach.
Má iarrtar ort rud éigin a dhéanamh a chuireann faitíos ort nó
a d’fhágfadh mí-chompordach tú, diúltaigh láithreach dó.
Má thugann tú faoi deara scoláire/duine á chur féin nó duine
eile i mbaol inis é sin láithreach do chinnire, múinteoir nó do
bhean an tí.
Ná coinnigh ‘rún’ ina ‘rún’, má cheapann tú go bhfuil
contúirt ar bith sa ‘rún’ sin. Níl aon dualgas ort rud áirithe a
choinneáil ina rún mar gur iarr duine éigin sin ort.
Má leagan duine lámh ort nó má dhéanann siad rud éigin a
fhágann mí-chompordach ar aon bhealach tú abair leo ‘Fan
amach uaim’ agus tuairiscigh an eachtra láithreach do
chinnire, múinteoir nó do bhean an tí.
31
Is ceart don Phríomhoide, nó do dhuine ainmnithe aige, an
bhulaíocht a fhiosrú láithreach trí:
labhairt astu féin leis na daoine bainteach leis an eachtra
labhairt le finnéithe ar an eachtra, más ann dóibh
labhairt le haon duine eile go mbeadh eolas ábharach acu
caithfear a chur in iúl don duine /na daoine a bhfuiltear ag cur
líomhaint(í) ina leith, céard go díreach atáthar a chur ina leith
7 a chinntiú go dtuigeann siad na himpleachtaí a leanann é
caithfear cead cainte a thabhairt dóibh seo, agus a dtaobhsan
den scéal a chur i láthair
labharfaidh an Príomhoide, i gcomhar leis an té a
d’fhiosraigh an scéal, le tuismitheoirí/caomhnóirí an
scoláire/na scoláirí
gearrfaidh siad pionós cóir ar an scoláire/na scoláirí ciontach
cuirfidh siad scoláire/scoláirí abhaile ón gColáiste más gá sin
Caithfear taifead scríofa, cruinn, ar an eachtra bulaíochta
agus ar gach a mbaineann léi, na céimeanna a glacadh i.e
plé leis na scoláirí, tuismitheoirí/caomhnóirí, dlídóirí, gardaí
7rl a choinneáil.
Caithfidh siniú agus dáta a bheith leis an taifead.
32
Iompar Frithshóisialta Eile
ní ghlacfar le hiompar frithshóisialta de chineál ar bith ó
éinne i gColáiste Lurgan.
ciallaíonn iompar frithshóisialta aon sórt iompair a chuireann
isteach ar scoláire eile, ar bhean tí, ar mhúinteoir ranga, ar
thiománaí bus nó ar dhuine ar bith d’fhoireann nó d’oibrithe
an Choláiste. Seo a leanas samplaí d’iompar frithshóisialta:
torann nó gleo a dhéanamh san óiche
mí-iompar, drochbhéasa sa teach lóistín
glaoch ainmneacha ar scoláirí, magadh faoi scoláirí, nó
scoláirí eile a spreagadh lena leithéid a dhéanamh
trealamh nó áiseanna sa teach lóistín, sa gColáiste nó le
daoine eile, a bhriseadh nó dochar a dhéanamh dóibh
neamhaird a thabhairt ar bhall foirne nó ar bhean an tí
mí-iompar, nó iompar contúirteach ar bhóthar, ar an mbus, ar
an trá, sa halla nó ag imeachtaí spóirt nó in aon áít eile
rud a thógáil gan cead an úinéara
droch-chaint a úsáid go rialta
bruscar a fhágáil i do dhiaidh/a chaitheamh thart in aon áit
is ceart meas a bheith agat ar do chomhscoláirí, ar fhoireann
oibre an Choláiste agus ar na daoine atá sa teach lóistín leat.
33
Má tharlaíonn iompar frithshóisialta is ceart don
Phríomhoide/nó do dhuine ainmnithe aige an scéal a fhiosrú
láithreach trí:
labhairt astu féin leis an duine nó na daoine atá/a bhí
bainteach leis an iompar frithshóisialta
labhairt le finnéithe faoin iompar/eachtra, más ann dóibh
labhairt le haon duine eile go mbeadh eolas ábharach aige
caithfear a chur in iúl don duine /na daoine a bhfuiltear ag cur
líomhaint(í) ina leith, céard go díreach atáthar a chur ina
leith, agus a chinntiú go dtuigeann siad na himpleachtaí a
leanann é. Is ceart éisteacht lena dtaobhsan den scéal.
caithfear a chur in iúl d’aon scoláire a bhí páirteach in iompar
frithshóisialta nach bhfuil aon ghlacadh lena léithéid
labharfaidh an Príomhoide, i gcomhar leis an té a d’fhiosraigh an scéal, le tuismitheoirí/caomhnóirí an
scoláire/na scoláirí
gearrfaidh siad pionós cóir ar an scoláire/na scoláirí atá
ciontach
cuirfidh siad scoláire/scoláirí abhaile ón gColáiste, más
ceart/gá sin
Caithfear taifead scríofa, cruinn, ar an eachtra bulaíochta
agus ar gach a mbaineann léi, na céimeanna a glacadh i.e. plé
leis na scoláirí, tuismitheoirí/caomhnóirí, dlídóirí, gardaí 7rl,
a choinneáil.
Caithfidh siniú agus dáta a bheith leis an taifead.
34
Dualgais an Phríomhoide maidir le Sábháilteacht Scoláiri i gColáiste Lurgan
Caithfidh an Príomhoide glacadh leis gurb é leas an scoláire
an ghné is tábhachtaí dá c(h)uid oibre i gColáíste Lurgan.
Caithfidh eolas maith a bheith aige/aici ar an gColáiste.
Caithfidh scileanna maithe éisteachta agus cumarsáide a
bheith aige/aici
Caithfidh sé/sí a bheith in ann rudaí pearsanta a phlé, ar
bhealach ciúin, socair agus aon eolas a thugtar a choinneáil
aige féin
Caithfidh sé/sí a bheith ar an eolas faoi na prionsabail agus na
nósanna imeachta a bhaineann le cosaint gasúir, mí-úsáid
gasúir, dualgais reachtúla san áireamh.
Beidh dualgas ar an bPríomhoide tuairisc a thabhairt do na
seirbhísí sláinte, nó/agus don Gharda Síochána, faoi aon
líomhaintí nó amhras mí-úsáide.
Caithfidh teagmháil leanúnach a bheith ag an bPríomhoide le
foireann uile an Choláiste & fáil éasca a bheith acusan air.
Caithfidh an Príomhoide a bheith ar an eolas faoin gcur
chuige a bhaineann leis an tuairisciú a chaithfidh sé/sí a fháil
agus a dhéanamh maidir le mí-úsáid d’aon tsórt ar scoláirí.
Caithfidh sé/sí gníomhú i gcónaí nuair a fhaightear gearán nó
líomhain (líomhain = allegation)
Caithfidh sé/sí nósanna soiléire imeachta a chur i bhfeidhm, i
gcomhar le foireann an Choláiste, maidir le bulaíocht,
forrántacht agus iompraíocht.
Caithfidh sé dul i dteagmháil le tuismitheoirí an
scoláire(í) agus iad a choinneáil ar an eolas faoi aon
tinneas, timpiste nó aon fhadhb a bheadh aige/acu fad atá
sé/siad ar an gcúrsa Gaeilge.
Caithfidh uimhreacha teagmhála a bheith ag an bPríomhoide,
do thuismitheoirí na scoláirí, do na seirbhísí sláinte agus do
na Gardaí.
35
Dualgais an Mhúinteora Tugtar tús áite i gcónaí don scoláire i ngach gné den chúrsa i
gColáiste Lurgan agus chuige seo féachtar chuige gurb iad na
cleachtais is fearr a leantar. Caithfidh an múinteoir glacadh
leis gurb é leas an scoláire an ghné is tábhachtaí dá c(h)uid
oibre i gColáiste Lurgan.
Caithfidh sé/sí a bheith ar an eolas faoi na prionsabail agus na
nósanna imeachta a bhaineann le cosaint gasúir, mí-úsáid gasúir,
dualgais reachtúla san áireamh.
Tá ról lárnach ag múinteoirí i bhfeidhmiú an chleachtais seo.
Is iad na múinteoirí a mhúineann na ranganna Gaeilge ar
maidin.
Múineann na múinteoirí an cúrsa teagaisc mar atá leagtha
amach ag an gColáiste.
Bíonn tréimhsí maoirseachta leagtha amach ag an gColáiste
do chuile mhúinteoir.
Nuair atá múinteoirí ar dualgas tá siad freagrach as riail na
Gaeilge a chur i bhfeidhm.
Bíonn ar mhúinteoirí eagrú agus monatóireacht a dhéanamh
ar imeachtaí spóirt.
Bíonn ar na múinteoirí atá ar dualgas lámh a thabhairt in
eagrú imeachtaí tráthnóna m.sh. eagrú céilithe, maoirseacht a
dhéanamh ar dhioscóanna, moltóireacht a dhéanamh ar
chomórtais srl.
Déanann múinteoirí maoirseacht ar na tithe lóistín, ar na
laethanta go mbíonn siad ar dualgas. Caitheann siad cuairt a
thabhairt ar bhean an tí agus ar na scoláirí sna tithe lóistín.
Tugann sé seo deis do bhean an tí labhairt leis an múinteoir
faoi na scoláirí sa teach lóistín. Bíonn deis ag na scoláirí
labhairt leis an múinteoir faoi aon ábhar/údar imní atá acu.
Déanfaidh na múinteoirí measúnú ar obair na scoláirí ag
deireadh an chúrsa.
36
Treoirlínte do Chinnire(í), agus do Chúntóir(í)
Mar chúntóir /chinnire ar chúrsaí Gaeilge Choláiste Lurgan tá ról
an-tábhachtach agat i saol an Choláiste agus i saol na scoláirí.
Caithfidh leas, cosaint agus sábháilteacht na scoláirí a bheith mar
sprioc agat i gcónaí. Tá freagracht ortsa, mar chinnire/chúntóir, na
treoirlínte a leanacht chun a chinntiú go mbeidh chuile dhuine slán
Bíodh meas agat ar na scoláirí agus ar do chomhghleacaithe
Ná bíodh fábhar agat d’aon scoláire seachas a chéile
Bí san airdeall ar aon bhagairt ar shábháilteacht na scoláirí
Ná bíodh aon ghlacadh agat le hiompar frithshóisialta nó
contúirteach
Ná bíodh aon ghlacadh agat le bulaíocht ar, tarcaisne, nó
magadh faoi, aon scoláire
Ná déileáil le bulaíocht tú féin, faigh treoir i gcónaí
ón bPríomhoide faoi conas déileáil le cás bulaíochta
Tabhair aitheantas do cheart chuile scoláire ar
phríobháideachas agus cinntigh go n-aithníonn daoine eile an
ceart sin freisin
Tabhair éisteacht i gcónaí do scoláire a thagann chugat le
fadhb. Bí san airdeall ar thromaíocht nó mí-úsáid mar is
minic a choinnítear faoi cheilt iad.
Ba cheart go mbeadh cinnirí agus cúntóirí, ag caint agus ag
éisteacht go rialta, leis na scoláirí.
Is féidir cinnire/cúntóir a chúisiú san éagóir faoi mhí-iompar.
Ná bí i d’aonar le scoláire, más féidir leat ar chor ar bith.
Má tharlaíonn go mbíonn tú i seomra leat féin le scoláire, fág
an doras ar oscailt. Ná fág an teach lóistín nó an Coláiste i
dteannta scoláire amháin. Má iarrann an Príomhoide nó
múinteoir ort dul abhaile le scoláire, bíodh duine eile in
éineacht leat.
37
Tabhair dea-shampla tú féin i gcónaí, le d’iompar pearsanta,
agus leis an gcaoi a gcaitheann tú leis na scoláirí atá faoi do
chúram.
Má thugtar tuairisc/eolas faoi rún duit, faoi dhochar nó baol
dochair do scoláire/í, mínigh dó/dóibh go gcaithfidh tú an
t-eolas a thabhairt don Phríomhoide nó do dhuine údarásach.
Téigh ansin, láithreach, chuig an bPríomhoide leis an scéal
Cuimhnigh go bhfuil díscréid an-tábhachtach sa gcás seo.
Má thagann tú ar eolas faoi aon eachtra nó má cheapann tú
go bhfuil aon mhí-úsáid ar siúl, inis a bhfuil cloiste agat don
Phríomhoide láithreach. Déan nóta de chomh luath agus is
féidir leat, sínigh é, cuir an dáta air agus tabhair don
Phríomhoide é lena choinneáil slán.
Ná cuir iachall ar an scoláire dul siar ar scéal nó ar eachtra
arís gan fáth maith a bheith leis.
Ná fiosraigh an eachtra nó an tuairisc tú féin, fág é sin faoi
dhaoine níos údarásaí.
38
Treoirlínte do Bhean an Tí Tá dualgas ar bhean an tí, faire amach, ar chuile bhealach, do
na scoláirí ar fad, a bhíonn faoina cúram.
Caithfidh bean an tí faire amach do riachtanais fhisiciúla na
scoláirí. Caithfidh sí freisin a bheith san airdeall ar
bhulaíocht, ar aon trí chéile, imní nó buairt a bheadh ar
scoláirí. Má tá aimhreas uirthi faoina leithéid, ní mór di
labhairt leis an bPríomhoide, láithreach.
Ní mór do bhean an tí a bheith sa teach i gcónaí nuair atá
na scoláirí ann. Má chaitheann sí a bheith as láthair ar
chúis ar bith, ní mór duine fásta a fhágáil ag tabhairt aire
do na scoláirí. Níl sé ceadaithe duine faoi bhun 21 bliain
d’aois, fiú más duine den teaghlach é, a fhágáil ag
tabhairt aire do na scoláirí.
Nuair atá scoláire tinn, más cailín an scoláire sin, agus gur
fear atá i mbun an tí, sa gcás sin, caithfidh an cinnire fanacht
sa teach, leis an gcailín tinn.
Is féidir glacadh leis má bhíonn teocht ard ag scoláire go
bhfuil sé/sí tinn. Ba cheart teomheá a bheith ag bean an tí
chun teocht scoláirí a léamh i gcás go mbeadh duine acu tinn.
Is ceart freisin súil a choinneáil ar scoláire nach bhfuil ag ithe
mar is ceart, b’fhéidir nach bhfuil sé/sí ar fónamh.
Ná tabhair paracetemol do scoláire, má tá sé/sí tinn glaoigh
ar an dochtúir.
Ba cheart fearas garchabhrach a bheith sa teach agat i gcás go
dteastódh sé.
39
Coinnigh súil freisin ar scoláire a bhíonn ag cur amach, ag
éagaoine tinneas cinn nó aon phian nó tinneas eile.
Is ceart na scoláirí a chur ar an airdeall faoi aon rud
contúirteach sa teach lóistín nó taobh amuigh de, mar
shampla tainc uisce nó sruthán/loch domhain.
Ba cheart go mbeadh córas rabhadh dóiteáin sa teach, agus sé
dualgas bhean an tí na scoláirí a chur ar an eolas faoi céard ba
cheart a dhéanamh, i gcás dóiteáin sa teach.
Tá dualgas ar bhean an tí nó a hionadaí, glaoch ar
thuismitheoirí scoláire(í) agus na tuismitheoirí a
choinneáil ar an eolas, má tá mac/iníon leo tinn, nó ag
fanacht sa teach lóistín de bharr tinnis, nó má tá aon imní
ann faoi leas a gclainne, agus iad ag freastal ar Choláiste
Lurgan.
Caithfidh bean an tí a bheith san airdeall go bhféadfaí
líomhain a dhéanamh fúithi féin nó faoi dhuine dá clann.
40
I gcás go mbíonn scoláire tinn caithfidh bean an tí
cuntas a scríobh ina mbeidh an t-eolas seo a leanas:
Ainm an té atá i gceannas:
Ainm agus sloinne an scoláire:
Dáta:
Tuairisc ar an gcóir leighis a cuireadh air:
Ainm an dochtúra, má tugadh chuig dochtúir é:
Tuairisc ar aon eachtra/timpiste:
Tuairisc ar aon rud as an ngnáth a tharla do scoláire:
Ar glaodh ar na tuismitheoirí? Am agus dáta?
Ar glaodh ar an bPríomhoide? Am agus dáta?
Sínithe ag:
Dáta:
41
I gcás nach dtéann scoláire go dtí an Coláiste, caithfear
tuairisc a scríobh ina mbeidh an t-eolas seo a leanas:
Ainm agus sloinne an scoláire:
Dáta:
Cén fáth nach ndeachaigh sé/sí go dtí an Coláiste?
Má d’fhan sé/sí sa teach lóistín de bharr tinnis, inis céard a bhí ar
an scoláire:
Ar glaodh ar na tuismitheoirí? Luaigh am agus dáta?
Ar glaodh ar an bPríomhoide? Luaigh am agus dáta?
Má d’imigh sé/sí lena t(h)uismitheoirí, luaigh am agus dáta:
Má tá sé/sí imithe ar aon chúis eile ó limistéir an Choláiste, luaigh
an chúis /na cúiseanna:
Sínithe ag:
Dáta:
42
Drugaí
I gcás go bhfaightear amach go bhfuil scoláire(í) ag mí-úsáid
drugaí nó go bhfaightear drugaí i seilbh scoláire(í) is ceart
gníomhú mar seo a leanas:
Bain na drugaí den scoláire/de na scoláirí agus tabhair an
scoláire/na scoláirí go dtí an Príomhoide. Más bean tí a
thagann ar na drugaí cuir scéal láithreach chuig an
bPríomhoide nó Bainisteoir an Choláiste.
Cuirfidh An Príomhoide nó Bainisteoir an Choláiste,
fios ar mhuintir an scoláire/na scoláirí agus déanfaidh sé
socraithe leo chun an scoláire/na scoláirí a chur abhaile, má
sin é an socrú/cinneadh a n-aontaítear air.
Cuir fios ar an nGarda Síochána má bhíonn go leor
drugaí i gceist.
I gcás go mbíonn scoláire faoi thionchur drugaí is ceart:
an scoláire a shuaimhniú, más féidir agus scéal a chur
láithreach chuig an bPríomhoide; fios a chur ar an dochtúir
nó/agus ar na seirbhísí éigeandála, de réir mar is gá
fios a chur ar thuismitheoirí an scoláire/na scoláirí agus
socraithe a dhéanamh chun an scoláire/na scoláirí sin a chur
abhaile má sin é an socrú/cinneadh a n-aontaítear air.
43
An Log Laethúil
Cúrsa:
Dáta:
Am:
Ainm an té atá i gceannas in áit bhean an tí:
I gcás go mbíonn scoláire tinn nó nach ndeachaigh sé/sí go dtí an Coláiste,
scríobh:
Ainm agus sloinne an scoláire:
Céard a choinnigh ón gColáiste é/í?
Má tá an scoláire tinn luaigh an chóir leighis a cuireadh air/uirthí:
Ainm an dochtúra, má bhí gá dul chuig dochtúir:
Ar glaodh ar na tuismitheoirí? Dáta/am?
Ar dearnadh teagmháil leis an bPríomhoide?
Tuairisc ar eachtra/timpiste/nó aon rud as an ngnáth a tharla do scoláire:
44
Ráiteas um Shábháilteacht Phearsanta i gColáiste Lurgan
Caithfear áit a bheith ar fáil:
ina mbrathann chuile dhuine sábháilte
agus nach bhfuil aon ghlacadh le bulaíocht ann,
nach bhfuil aon ghlacadh le glaoch leasainmneacha,
nach gcaithfidh aon duine cur suas le haon chineál mí-úsáide,
agus nach dtabharfar mí-úsáid d’aon duine;
áit ina dtugtar tacaíocht agus éisteacht do chuile dhuine,
áit ina bhfuil freagracht ar chuile dhuine a chinntiú go gcaitear go
cothrom le chuile dhuine eile,
áit go bhfuil freagracht ar chuile dhuine réiteach a fháil ar fhadhbanna.
Polasaí maidir le scoláirí ag úsáid an Idirlín agus an Teileafón i
gColáiste Lurgan:
Caithfidh múinteoir a bheith ag maoirseacht ar na scoláirí, má bhíonn
siad ar an idirlíon sa gColáiste. Coinneoidh an múinteoir súil ar pé
ábhar go mbíonn scoláirí ag breathnú air ar an idirlíon.
Tá fón in oifig an Phríomhoide i gColáiste Lurgan agus is féidir le
scoláire cead a fháil chun é a úsáid i gcás práinne, nó mar shampla, tar
éis do scoláire a bheith ag an dochtúir, agus gur mhaith leis/léi labhairt
lena t(h)uismitheoirí.
Níl cead ag na scoláirí fón póca a thabhairt leo agus iad ag teacht go
Coláiste Lurgan. Má bheirtear ar scoláire ag úsáid fón póca, tógfar
uaidh/uaithi é, agus tabharfar ar ais dó/di é nuair a bheidh sé/sí ag dul
abhaile.
45
Uimhreacha Teileafóin: Teagmhálaithe Seirbhísí Leanaí & Teaghlaigh, FSS.:
091-546366
Westdoc: 091-747700 /1850 365 000
Seoladh: An Oifig Sláinte Áitiúil:
25 Br an Chaisleáin Nua
Gaillimh
Uimhir Seirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh, FSS. :091-546366
Uimhir Íosghlao: 1850 241850
An Garda Síochána:
Indreabhán
091-593102
An Spidéal
091-553122
Bóthar na Trá
091-514720
Dochtúir Áitiúil:
Ionad Leighis an Spidéil
091-553135
Uimhir Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh:
091 524222
Oifig an Phríomhoide:
Uimhir na hOifige: 091-595941
Fón póca an Phríomhoide: 087-7841376;
Fón póca an Leas-Phríomhoide: 087-9761721
Fón póca an Bhainisteora: 087-8204406
46
Mná Tí 2012 - Treoracha faoi Chosaint Leanaí Polasaí Teaghlaigh do Thithe Lóistín a choinníonn Scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Is ionann teaghlach agus na daoine ar fad a mbíonn gnáthchónaí orthu sa teach lóistín. Beidh comhdhéanamh difriúil ar chuile theach. Beidh difríochtaí eile freisin, ó theach go teach, beidh m.sh. Mamó nó/agus Daideo i dteach amháin, gasúir níos sine nó níos óige i dteach eile, fear agus/nó bean an tí ag obair taobh amuigh den bhaile i gcás eile agus mar sin de. Cé a chaithfidh a bheith ar an eolas faoin bpolasaí? Caithfidh chuile dhuine a chónaíonn sa teach lóistín a bheith ar an eolas faoin bpolasaí teaghlaigh a bhaineann le cosaint foghlaimeoirí/scoláirí. Caithfear freisin aon daoine fásta, cúramóirí agus a gclann, gasúir a bheadh ar cuairt sa teach, gaolta mhuintir an tí agus cuairteoirí rialta chuig an teach a bheith ar an eolas faoin bpolasaí. Caithfidh chuile dhuine sa teach a bheith ar an eolas faoi na pointí seo a leanas m.sh. Nár cheart go mbeadh daoine eile ag fanacht sa teach thar oíche fad agus atá scoláirí ann. An t-am ar cheart do chuairteoirí an teach lóistín a fhágáil san oíche. Caithfidh srian a bheith ar dhaoine, seachas muintir an tí, teagmháil a bheith acu leis na scoláirí.
47
B’fhéidir go mbeidh gá polasaí a athrú ó am go chéile. Cleachtas Iompair: Bíodh sé soiléir ón bpolasaí cén sórt iompair a bhfuil glacadh leis idir mhuintir an tí agus scoláirí, sé sin, a bheith fáilteach, cineálta; meas a léiriú; gan a bheith bagarthach i gcaint ná in iompar; gan caint ná comhrá mí-oiriúnach a bheith ar siúl. Pléigh an cleachtas atá uait sa teach leis na scoláirí. Caithfidh na scoláirí, ar an gcuma chéanna, meas a léiriú ar mhuintir an tí agus ar an teach. Cúrsaí Disciplín: Céard is ceart a dhéanamh mura bhfuil scoláirí dá n-iompar féin mar is ceart? Is í bean an tí atá i gceannas sa teach agus is í atá freagrach as cúrsaí sa teach. Má tá aon deacracht agat le scoláire(í) déan teagmháil leis an bPríomhoide agus le tuismitheoirí an scoláire/na scoláirí. Ní ceadmhach riamh lámh a leagan ar, ná píonós a ghearradh ar scoláire(í). Príobháideacht: Níor cheart do scoláirí a bheith ag dul isteach i seomraí a chéile. I gcás gur cailíní atá i dteach, níor cheart d’aon fhear den líontí dul isteach i seomraí na gcailíní. Níor cheart ach oiread, i gcás gur buachaillí atá ar lóistín i dteach, go rachadh aon chailín den líontí isteach i seomraí na mbuachaillí. Tá cead ag
48
bean an tí dul isteach sna seomraí agus seiceáil ar na scoláirí iontu, mar chuid dá dualgas maoirseachta. Dualgaisí ar Scoláirí: Caithfidh scoláirí meas a léiriú ar a gcomhscoláirí agus ar mhuintir an tí lóistín. Níl aon ghlacadh le torann ná gleo sna seomraí codlata. Tá dualgas ar na scoláirí a gcuid seomraí a choinneáil glan agus néata. Caithfidh siad cloí leis an róta níocháin sa teach agus na boird a ghlanadh tar éis béile. Níl cead ag aon scoláire an teach lóistín a fhágáil san oíche, ná ag aon am eile, gan cead ó bhean an tí. Cúramóir(í) eile in áit bhean an tí I gcás nach mbíonn bean an tí í féin i láthair agus scoláirí sa teach lóistín, caithfear duine fásta, a bheith ainmnithe sula dtosaíonn an cúrsa, le dul i mbun cúram na scoláirí. Ní mór ainm /ainmneacha an duine/na ndaoine seo a chur chuig an gColáiste sula dtosaíonn cúrsaí an tsamhraidh. I gcás go mbeadh scoláire tinn, caithfidh bean an tí, nó cúramóir, a bheith sa teach an t-am ar fad, cúramóir a bhfuil a (h)ainm tugtha roimhré don Choláiste, i.e. sula dtosaíonn an cúrsa.
49
Fiú nuair nach bhfuil scoláirí sa teach i rith an lae, caithfidh an Coláiste a bheith in ann teacht ar bhean an tí, nó ar an duine ainmnithe/cúramóir atá ina háit, i gcás go gcaithfeadh scoláire dul go dtí an teach lóistín i rith an lae, de bharr tinnis, nó ar chúis ar bith eile. Sampla d’fhoirm dhearbhúcháin d’oibrí agus/ nó do chúramóir a bheadh ainmnithe in áit bhean an tí. Faoi Rún Dearbhúchán ó chuile oibrí agus/nó cúramóir a bheadh ag obair in áit bhean an tí (tógtha ón leagan atá in Ár nDualgas Cúraim, Tuaisceart
na hÉireann)
Sloinne: ______________ An chéad ainm:_________ Dáta breithe:____________ An áit a rugadh tú:________ Aon ainm eile a bhí ort roimhe seo:__________________ An fíor gur ciontaíodh riamh tú i gcion choiriúil, gur tugadh Rabhadh duit nó gur gearradh Ordú Bannaí ort? Is fíor Ní fíor
50
Más fíor, inis thíos céard é nádúr agus dáta(í) an chiona /na gcionta: Nádúr an chiona Dáta an chiona _____________________________ ______________ _____________________________ _______________ Sínithe:_______________________ Dáta:___________
Mionsonraí an Tí (1) Mar eolas duit, caithfear feasta, faoi rialacha sábháilteachta na Roinne, eolas riachtanach a choinneáil ar chuile scoláire a fhanann i do theach. Ba cheart liosta d’ainmneacha na scoláirí, de réir seomraí, a bheith ag bean an tí i gcónaí. Coinnigh freisin uimhir fón baile agus ainm tuismitheora/caomhnóra chuile scoláire. Féach an sampla thíos. Ní ceadmhach scoláirí gur cairde iad sa mbaile, nó sa scoil chéanna, a chur in aon seomra le chéile sa teach lóistín.
Seomra 1 Fón Baile Fón tuismith./caomh. Ainm Scol. ____________ __________ _________________
51
Ainm Scol. ____________ ____________ _________________ Ainm Scol.____________ ____________ _________________ AinmScol.____________ ____________ _______________ Ainm an duine atá i gceannas:__________________ Uimhir fón an tí lóistín_______________________________ Seoladh an tí _______________________________
Ainm an duine atá freagrach as glaoch ar an mbriogáid dóiteáin: _______________________________ An líon seomraí codlata _______________
An líon spásanna leapa ______________
(2) Tástálacha Seachtainiúla Bhean an Tí (i) Taifead ar Chleachtaí Aslonnaithe i gcás Dóiteáin Ba chóir go mbeadh chuile scoláire Gaeilge páirteach, i gcleachtadh dóiteáin amháin, ar a laghad, sa teach ina mbíonn siad ag fanacht ann. Ba chóir go dtarlódh seo an chéad oíche a chaitheann siad go léir sa teach. Ba chóir chuile chleachtadh aslonnaithe/dóiteáin a thaifeadadh sa tábla thíos.
52
Dáta an Chleacht- aidh
Am an Chleacht- aidh
An raibh chuile Fhoghlaimeoir Gaeilge páirteach ann?
(Bhí/Ní raibh)
Síniú
Seachtain 1
Seachtain 2
Seachtain 3
(ii) Tástáil Sheachtainiúil ar an Aláram Dóiteáin
Dáta Am Aláram
curtha ag obair
(Bhí/Ní raibh)
Lochtanna Aimsithe (Bhí/Ní raibh)
Síniú
Seachtain 1
Seachtain 2
Seachtain 3
Seachtain 4
Seachtain 5
Seachtain6
Seachtain 7
Seachtai
53
n 8
Seachtain 9
(iii) Tástáil Sheachtainiúil ar an Soilsiú Éigeandála
Dáta Am Soilsiú
curtha ag obair
(Bhí/Ní raibh)
Lochtanna Aimsithe (Bhí/Ní raibh)
Síniú
Seachtain 1
Seachtain 2
Seachtain 3
Seachtain 4
Seachtain 5
Seachtain 6
Seachtain 7
Seachtain 8
Seachtain 9
(3) Tástálacha Bliantúla
(le comhlánú ag duine cáilithe)
54
(i) Tástáil Bhliantúil ar an Trealamh Múchta Dóiteáin
Cineál
agus Méid
Suíomh
Mionsonraí ar lochtanna agus
ar ghníomh déanta
Dáta agus Síniú
(ii) Tástáil Bhliantúil ar an gCóras Aimsithe Dóiteáin agus ar an
gCóras Aláraim
Dáta Am Eachtra Gníomh riachtanach nó déanta
Dáta comhlán
-aithe
Síniú
(iii) Tástáil Bhliantúil ar Shoilsiú Éigeandála
Dáta Am Eachtra Gníomh riachtanach nó déanta
Dáta comhlán
-aithe
Síniú
(4) Teastas Aláraim Dóiteáin (le comhlánú ag duine cáilithe)
Tá córas aláraim dóiteáin riachtanach i chuile theach a úsáidtear chun lóistín a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge. Tá gá leis chun
55
rabhadh luath ar bhriseadh amach dóiteáin a thabhairt agus lena chinntiú gur féidir na bealaí éalaithe a úsáid go sábháilte. Taifead Feistithe An líon brathadóirí deataigh ___________________________ An líon brathadóirí teasa ____________________________ An líon aonad briste gloine ___________________________ (más infheidhme) Tá an córas seo inoibrithe agus tá seiceáil agus tástáil déanta air de réir BS 5839: Cuid 1: 2002. Sínithe _______________________________ Stádas _______________________________ Dáta _______________________________ Le haghaidh agus thar ceann ______________________________
Eagraíocht Seirbhíse Nótáil: Ba chóir an teastas coimisiúnaithe bunaidh a chur leis seo má tá sé ar fáil.
Druil Thine / Aláram Deataigh Cinntigh go bhfuil aláram deataigh suite sna háiteanna cuí sa
teach. Caithfear iad a sheiceáil go rialta chun a chinntiú go bhfuil siad ag obair i gceart.
56
Caithfear druil thine a chleachtadh leis na scoláirí agus suíomh lasmuigh den teach a bheith roghnaithe mar áit teacht le chéile i gcás tine.
Ní mór do bhean an tí treoirlínte cinnte a leagan amach d’úsáid triomadóirí agus díritheoirí gruaige.
57
(5) Teastas Soilsithe Éigeandála
(le comhlánú ag duine cáilithe) Ba chóir córas soilsithe éigeandála a chur ar fáil chun na bealaí éalaithe a shoilsiú sa chás go dteipfeadh ar an soláthar leictreachais príomhlíonra.
Taifead Feistithe
An Líon Soilse Éigeandála _______________________________ An Dáta Iniúchta/Feistithe _______________________________ Iniúchadh/Feistiú: Ainm an té a rinne: _________________________ Sínithe _______________________________ Stádas _______________________________
Dáta _______________________________ Le haghaidh agus thar ceann _______________________________
Eagraíocht Seirbhíse
Nótáil: Ba chóir an teastas coimisiúnaithe bunaidh a chur leis seo má tá sé ar fáil.
58
Cleachtadh Druil Thine
Caithfear cleachtadh druil thine a dhéanamh leis na scoláirí
an chéad oíche den chúrsa.
Dáta an druil thine Síniú
___________________ ____________
Tástáil ar an aláram dóiteáin agus ar na soilse
éigeandála.
Ba chóir na fearais seo a thástáil go seachtainiúil.
Dáta tástála an aláraim agus na soilse: Síniú:
______________________________ ____________
An Tástáil Bhliantúil
An bhfuil teastas agat don tástáil bhliantúil ar an gcóras
aimsithe dóiteáin agus ar an gcóras aláraim? Tá/Níl
An bhfuil teastas agat don trealamh múchta dóiteáin?
Tá/Níl
An bhfuil teastas agat don tástáil bhliantúil ar shoilsiú
éigeandála? Tá /Níl
Síniú: __________________________
An bhfuil fógra,faoi aslonnú i gcás tine,sna seomraí?Tá/Níl
Síniú:___________________________
An bhfuil treoir, faoi bhealaí éalaithe sna seomraí? Tá /Níl
59
Síniú:__________________________
FÓGRA TREORACH DÓITEÁIN
Ar Dhóiteán a Aimsiú
Oibrigh an t-aonad briste gloine1 is gaire duit má bhíonn
ceann ar fáil.
Cuir Bean an Tí ar an eolas faoi shuíomh an dóiteáin.
Fág an t-áitreabh láithreach tríd an mbealach éalaithe is gaire duit atá ann.
Siúil amach go réidh agus go cúramach.
An duine ainmnithe chun teagmháil a dhéanamh leis na Seirbhísí Éigeandála (999 nó 112).
2
Ná téigh isteach san áitreabh arís.
Déan de réir threoracha Bhean an Tí. Ar Aláram nó Rabhadh Eile a Chloisteáil
Fág an t-áitreabh láithreach tríd an mbealach éalaithe is gaire duit atá ann
Siúil amach go réidh agus go cúramach
An duine ainmnithe chun teagmháíl a dhéanamh leis na Seirbhísí Éigeandála ( Glaoigh ar 999 nó 112).
Ná téigh isteach san áitreabh arís
Déan de réir threoracha Bhean an Tí
1 Sa chás nach mbíonn aonad briste gloine ann nó sa chás nach mbíonn an córas aláraim
dóiteáin ar siúl fós, ba chóir rabhadh ó bhéal a thabhairt don fhoireann agus d’áititheoirí. 2 Ba chóir go mbeadh d’ainm, d’uimhir ghutháin, do sheoladh (agus sainchomharthaí á dtabhairt
más gá), an cineál dóiteáin agus aon fhaisnéis chuí eile i measc na faisnéise a thugtar do na Seirbhísí Éigeandála ar an teileafón.
60
Ráiteas um Pholasaí Frithbhulaíochta Tá sé mar pholasaí frithbhulaíochta sa teach seo cosaint a thabhairt do leas chuile scoláire, trí chosaint a thabhairt dóibh in aghaidh aon sórt bulaíochta coirp, gnéis nó mothúcháin.
Cód Frithbhulaíochta
Is mian linne gur áit an teach seo: ina mbrathfadh chuile dhuine sábháilte, nach mbeadh aon ghlacadh le bulaíocht ann,
nach mbeadh aon ghlacadh le glaoch leasainmneacha, nach gcaithfeadh aon duine cur suas le haon chineál mí-úsáide, nach ndéanfar íospairt ar aon duine ann; ina dtugtar tacaíocht agus éisteacht do chuile dhuine, ina mbeadh freagracht ar chuile dhuine a chinntiú go gcaitear go cothrom le chuile dhuine eile, ina bhféadfaí fadhbanna a phlé agus réiteach a fháil orthu.
Antibullying Policy Statement It is the policy of this house to safeguard the welfare of all students by protecting them from any kind of physical, sexual or emotional bullying.
Antibullying Code We wish to create a place:
where everyone can feel safe, where bullying is unacceptable, where name calling is unacceptable, where no one has to tolerate any form of abuse, where no one is illtreated or victimised,
61
where everyone is listened to and supported, where everyone has a duty to ensure that everyone else is treated equally, and where solutions to problems are the concern of all. (Tá an leagan Béarla seo ann do thuismitheoirí scoláirí gan Gaeilge.)
Dialann Imeachtaí Ainm an Tí: Ainm Bhean an Tí: Seoladh: Uimhir Theileafóin: Ainm an té atá i gceannas/ainmnithe in áit bhean an tí: I gcás go mbíonn scoláire tinn scríobh: Ainm agus sloinne an scoláire: Dáta: Tuairisc ar an gcóir leighis: Ainm an té atá i gceannas: Tuairisc ar aon rud as an ngnáth a tharla: Tuairisc ar aon eachtra/timpiste:
62
Tuairisc ar aon rud tromchúiseach a tharla do scoláire: I gcás nach dtéann scoláire go dtí an Coláiste, caithfear tuairisc a scríobh: Ainm agus sloinne: Dáta: Cén fáth nach ndeachaigh sé/sí go dtí an Coláiste? Má d’fhan sé/sí sa teach lóistín de bharr tinnis: Má d’imigh sé/sí lena t(h)uismitheoirí: Má tá sé/sí imithe ar aon chúis eile ó limistéir an Choláiste:
Uimhreacha Teileafóin: Uimhir Seirbhís Leanaí agus Teaghlaigh, FSS. : 091 546366 Uimhir Oifig an Phríomhoide: 091 595941: Uimhir Fón Póca an Phríomhoide: 087 784 1376; Uimhir an Leas-Phriomhoide: 087 976 1721
63
Uimhir an Bhainisteora: 087 8204406 Uimhir Oifig an Choláiste: O91 593182 Uimhir Dochtúra: 091 553135 Uimhir Westdoc: 1850 365 000 Uimhir Ospidéil: 091 524222 Uimhir Garda Síochána: 091 593102; 553122; 514720
An Log Laethúil Cúrsa: Dáta: Am:
Ainm an té atá i gceannas in áit bhean an tí: I gcás go mbíonn scoláire tinn nó nach ndeachaigh sé/sí go dtí an Coláiste, scríobh: Ainm agus sloinne an scoláire: Céard a choinnigh ón gColáiste é/í? Má tá an scoláire tinn luaigh an chóir leighis a cuireadh air/uirthí: Ainm an dochtúra, má bhí gá dul chuig dochtúir:
64
Ar glaodh ar na tuismitheoirí? Dáta/am? Ar dearnadh teagmháil leis an bPríomhoide? Tuairisc ar eachtra/timpiste/nó aon rud as an ngnáth a tharla:
Cleachtas Maoirseachta- Dualgaisí bhean an tí ina leith Caithfidh bean an tí a chinntiú go bhfágann chuile scoláire an teach lóistín chun dul chuig an gColáiste ar maidin agus arís tar éis an dinnéir tráthnóna. I gcás go mbeadh ar scoláire/ scoláirí fanacht, ar chúis ar bith, sa teach lóistín i gcaitheamh an lae:
Cuirfidh bean an tí glaoch ar an gColáiste agus cuirfidh sí sin in iúl do Phríomhoide nó d’údaráis an Choláiste.
Cuirfidh bean an tí glaoch ar thuismitheoirí/chaomhnóirí an scoláire agus míneoidh sí an scéal dóibh. Cuirfidh sí in iúl dóibh cén duine go díreach a bheas ag breathnú i ndiaidh an scoláire le linn dó a bheith ag fanacht sa teach lóistín.
Caithfidh bean an tí a chinntiú go bhfilleann chuile scoláire ar an teach lóistín ag am dinnéir agus am suipéir. I gcás nach bhfilleann chuile scoláire ar an teach lóistín:
Cuirfidh bean an tí é sin in iúl láithreach don phríomhoide.
65
Sa gcás go bhfuil scoláire ar iarraidh, rachaidh an Príomhoide nó bean an tí i dteagmháil, chomh luath agus is féidir, le tuismitheoirí/caomhnóirí an scoláire.
Caithfidh bean an tí a chinntiú go mbíonn chuile scoláire ina s(h)eomra/leapa féin díreach roimh am codlata. Má fhaigheann bean an tí amach gur fhág scoláire/scoláirí an teach lóistín tar éis am suipéir nó i lár na hoíche:
Cuirfidh sí glaoch láithreach ar an bPríomhoide.
Ansin rachaidh an Príomhoide nó bean an tí i dteagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí an scoláire agus míneofar dóibh nach bhfuil a fhios cá bhfuil a bpáiste. Tá sé ráite linn ag údaráis na Roinne Eal. Oidh. agus Gaeltachta go bhfuil an-tábhacht leis an nglaoch seo mar tá sé de cheart ag tuismitheoirí a bheith ar an eolas i gcás go mbíonn a bpáiste ar iarraidh nó i mbaol.
Cearta scoláirí a chosaint agus a chur chun cinn: Is éard is ciall le cearta scoláirí a chosaint agus a chur chun cinn sa teach lóistín ná:
Le linn do scoláirí a bheith sa teach lóistín, caithfear dualgaisí maoirseachta i leith sábháilteachta agus sláinte mar atá leagtha amach in Ár nDualgas Cúraim a chomhlíonadh.
Timpeallacht a chruthú ina bhfuil meas ar na scoláirí, ina spreagtar agus ina moltar iad, ina bhfuil meas ar a gcearta agus ina gcaitear le chuile duine acu mar dhuine ar leith.
A chinntiú go bhfuil a fhios ag na scoláirí faoi na cearta atá acu agus faoi na freagrachtaí atá orthu féin.
Glacadh leis gurbh é leas an scoláire an ghné is tábhachtaí in aon eagraíocht/coláiste a chuireann seirbhísí ar fáil do scoláirí.
66
Deireadh a chur le haon iompar bagarthach, foréigneach nó táireach (degrading), chun na scoláirí a choinneáil chomh sábháilte agus is féidir leat.
Cuairt ar an Dochtúir Tabhair scoláire chuig an dochtúir:
má theastaíonn ón scoláire féin dul chuig an dochtúir.
má theastaíonn óna thuismitheoirí go dtabharfaí an scoláire chuig an dochtúir, tar éis an scéal a phlé leo roimh ré
má tá bean an tí in amhras faoi shláinte an scoláire Tar éis do scoláire teacht ar ais ón dochtúir ba cheart do bhean an tí:
labhairt leis an scoláire faoin gcuairt. má tugadh oideas don scoláire, faigh amach cé
chomh minic a chaithfear é a thógáil. dul i dteagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí an
scoláire, dul i dteagmháil leis an ionad leighis má bhíonn soiléiriú ag teastáil faoin gcóir leighis/oideas
Cás éigeandála: I gás éigeandála ba cheart dul díreach leis an scoláire go dtí ionad leighis nó i dteagmháil le hionad leighis i dtosach agus ina dhiaidh sin i dteagmháil leis na tuismitheoirí agus leis an bPríomhoide.
Ba cheart a chur ina luí ar na scoláirí gur cheart dóibh
o nuair nach bhfuil siad ag aireachtáil go maith é sin a chur in iúl do bhean an tí
o má/nuair a theastaíonn uathu dul chuig an dochtúir é sin a chur in iúl do bhean an tí
67
o má théann siad chuig an ionad leighis ón gColáiste, gur cheart dóibh é sin a chur in iúl do bhean an tí.
Monatóireacht ar Iompar Teanga Le linn do scoláirí a bheith sa teach lóistín, caithfear dualgaisí maoirseachta i leith sábháilteachta agus sláinte mar atá leagtha amach sa leabhrán Ár nDualgas Cúraim a chomhlíonadh. Tá monatóireacht ar iompar teanga sa mbreis ar seo. Tá sé tábhachtach go mbeadh spéis ar leith ag mná tí i seachadadh agus i gcur chun cinn labhairt na Gaeilge. Caithfear a thabhairt le fios do scoláirí go bhfuil spéis ag bean an tí ina n-iompar teanga. Téann an teagmháil leis an teaghlach i gcion ar scoláirí. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaí chuile iarracht iad a chur ar a gcompord faoi úsáid na Gaeilge. Ba chóir aird ar leith a dhíriú ar scoláirí laga nó ar ghrúpaí scoláirí a mbeadh deacrachtaí acu le labhairt na Gaeilge. Má bhraitheann scoláirí nach bhfuil mórán spéise ag bean an tí ina n-iompar teanga, is cinnte go lagfaidh a gcuid iarrachtaí maidir le labhairt na Gaeilge. Is an-chúnamh do scoláirí monatóireacht leanúnach a bheith á dhéanamh ar a n-iompar teanga. An tábhacht atá le haithne mhaith a chur ar na scoláirí i do theach agus caidreamh maith a bheith agat leo. Tá sé an-tábhachtach go gcuirfeadh tú aithne mhaith ar na scoláirí a bhíonn ag fanacht i do theach. Mura gcuireann tú aithne orthu ní bhrathfaidh siad gur féidir leo dul chugat agus labhairt leat agus éisteacht a fháil má/nuair a bhíonn gearán le déanamh acu nó rud éigin ag cur as dóibh.
68
Le haithne a chur ar na scoláirí caithfidh tú labhairt leo ina nduine agus ina nduine. Tá sé tábhachtach go mbrathfadh siad go bhféadfadh siad labhairt leat agus go bhfaigheadh siad éisteacht dá mbeadh aon rud ag déanamh imní dóibh, aon rud le plé acu, nó dá mbeadh gearán le déanamh acu faoi aon duine nó aon rud. Caithfear teagmháil a dhéanamh leis na tuismitheoirí agus iad a choinneáil ar an eolas a thúisce agus a bhíonn aon fhadhb nó deacracht ag scoláire. Bunaíodh Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ar an dtuiscint go gcaithfí le scoláirí mar chuid den teaghlach fad a bheadh siad faoi chúram bhean an tí. Tá corr theach lóistín nach amhlaidh atá, tá faillí dá dhéanamh sa dualgas cúraim i leith na scoláirí, agus d’fhéadfadh scoláiri a bheith i mbaol dá bharr. Is ceart an caighdeán céanna cúraim a thabhairt do na scoláirí agus ba mhaith leatsa do na mhac/iníon féin dá mbeadh sé/sí sa gcás céanna. Is iad na tréithe is tábhachtaí do bhean an tí chomh fada agus a bhaineann le scoláirí go mbeadh sí fáilteach, cineálta,tuisceanach leo agus go mbeadh caidreamh cairdiúil, oscailte aici le chuile scoláire. Ní hionann aon bheirt agus mar sin ba cheart go labharfadh sí go rialta leis na scoláirí, ní hamháin mar ghrúpa ach ina nduine agus ina nduine. Dá mhéid scoláirí atá i dteach, ar ndóigh, ’sea is mó an obair atá ar bhean an tí ach is mó dá réir an íocaíocht atá sí a fháil ó thuismitheoirí na scoláirí agus ón Stát. Na hócáidí ar cheart do bhean an tí dul i dteagmháil le: tuismitheoir(í)/caomhnóir(í) an scoláire/scoláirí; nó glaoch ar dhochtúir
69
Is cuid thábhachtach den dualgas cúraim, tuismitheoirí a choinneáil ar an eolas faoi aon rud a bhainfeadh dá mac/n-iníon agus iad ar chúrsa Gaeilge. Tá sé tábhachtach mar sin go mbeadh caidreamh maith ag bean an tí le tuismitheoirí na scoláirí atá faoina cúram. Tá dualgas ar bhean an tí dul i dteagmháil láithreach leis na tuismitheoirí/caomhnóirí nuair atá scoláire tinn, nuair a bhaineann timpiste de shórt ar bith dó/di, nó má tá sí in amhras go bhfuil rud éicint ag cur as don scoláire. Más cás amhrais atá ann is ceart a bheith discréideach, tuisceanach faoi. Tá sé tábhachtach go dtuigfeadh tuismitheoirí nach bfuil aon drogall agat roimh fhiosrú uathu maidir lena gclann. Caithfear tuismitheoirí a choinneáil ar an eolas i gcás go mbeadh mac/iníon leo tinn nó aon fhadhb acu.
I gcás práinne i.e. scoláire a bheith tinn, i dtimpiste nó gortaithe: Glaoigh láithreach ar an dochtúir.
70
Bíodh fearas garchabhrach sa teach i gcónaí agat. Glaoigh ar thuismitheoirí an scoláire. Cuir scéal láithreach chuig an bPríomhoide. Coinnigh cuntas ar ar tharla: Am: Ainm an té atá i gceannas in áit bhean an tí: I gcás go mbíonn scoláire tinn nó nach ndeachaigh sé/sí go dtí an Coláiste, scríobh: Ainm agus sloinne an scoláire: Céard a choinnigh ón gColáiste é/í? Má tá an scoláire tinn luaigh an chóir leighis a cuireadh air/uirthí:
Ainm an dochtúra, má bhí gá dul chuig dochtúir: Ar glaodh ar na tuismitheoirí? Dáta/am? Ar dearnadh teagmháil leis an bPríomhoide? Dáta/am? Tuairisc ar eachtra/timpiste/nó aon rud as an ngnáth:
71
Caithfidh bean an tí a chinntiú go bhfilleann chuile scoláire ar an teach lóistín ag am dinnéir agus am suipéir. I gcás nach bhfilleann chuile scoláire ar an teach lóistín: 1 Cuirfidh bean an tí é sin in iúl láithreach don Phríomhoide. 2 Sa gcás go bhfuil scoláire ar iarraidh, rachaidh an Príomhoide nó bean an tí i dteagmháil, chomh luath agus is féidir, le tuismitheoirí/caomhnóirí an scoláire. Caithfidh bean an tí a chinntiú go mbíonn chuile scoláire ina s(h)eomra / leapa féin díreach roimh am codlata. Má fhaigheann bean an tí amach gur fhág scoláire/scoláirí an teach lóistín tar éis am suipéir nó i lár na hoíche: (1) Cuirfidh sí glaoch láithreach ar an bPríomhoide. (2) Ansin rachaidh an Príomhoide nó bean an tí i dteagmháil le tuismitheoirí/caomhnóirí an scoláire agus míneofar dóibh nach bhfuil a fhios ag údaráis an Choláiste cá bhfuil a bpáiste. Tá sé ráite linn ag údaráis na Roinne Ealaín, Oidhreachta agus Gaeltachta, go bhfuil an-tábhacht leis an nglaoch seo, mar tá sé de cheart ag tuismitheoirí a bheith ar an eolas, i gcás go mbíonn a bpáiste ar iarraidh, nó i mbaol.
72
Cearta scoláirí a chosaint agus a chur chun cinn: Is éard is ciall le cearta scoláirí a chosaint agus a chur chun cinn sa teach lóistín ná:
glacadh leis gurbh é leas an scoláire an ghné is tábhachtaí in aon eagraíocht a chuireann seirbhísí ar fáil do scoláirí.
timpeallacht a chruthú ina bhfuil meas ar na scoláirí, ina spreagtar agus ina moltar iad, ina bhfuil meas ar a gcearta agus ina gcaitear le chuile duine acu mar dhuine ar leith.
polasaí cosaint scoláirí a chur i bhfeidhm chun na scoláirí a choinneáil chomh sábháilte agus is féidir é.
a chinntiú go bhfuil a fhios ag na scoláirí faoi na cearta atá acu agus faoi na freagrachtaí atá orthu.
deireadh a chur le haon iompar bagarthach, foréigneach nó táireach (degrading).
73
Tuairisciú ar Mhí -Úsáid Scoláirí agus ar Amhras faoi Mhí-Úsáid Scoláirí Tá sé de dhualgas ar aon duine, bean tí san áireamh, atá in amhras nó a gcuirtear in iúl dó/di gur tugadh nó go bhfuiltear ag tabhairt mí-úsáid do scoláire (í), é sin a chur in iúl do na húdaráis chuí, láithreach. Caithfidh bean an tí cuntas scríofa a choinneáil ar pé gearán nó líomhain a dhéanann an scoláire, an t-am agus an dáta ar dearnadh é. Ní mór aon rud a thugtar faoi deara maidir le mí-úsáid scoláirí a thaifeadadh, mar aon le dátaí, amanna, agus aon eolas ábhartha eile faoin gcás. Nuair a dhéanann scoláire gearán nó líomhain leat is ceart fáil amach cár thárla an eachtra m.sh. sa mbaile, sa teach lóistín, sa gColáiste. Is ceart an méid eolais atá an scoláire sásta a thabhairt duit faoin eachtra a scríobh síos. Caithfidh bean an tí dul i dteagmháil/ i gcomhairle láithreach le Príomhoide an chúrsa. Tá dualgas airsean/uirthise dul i dteagmháil le Seirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh, FSS. agus an scéal a chur in iúl freisin do Bhainisteoir an chúrsa. Ról tacaíochta agus ní ról fiosraithe atá ag bean an tí. Caithfear breithiúnas faoi mhí-úsáid a fhágáil faoi dhaoine gairmiúla. I gcás go ndéanann scoláire gearán faoi bhean an tí nó aon bhall eile den líontí, caithfidh an Príomhoide an scéal a fhiosrú láithreach. Caithfear an scéal a chur i láthair bhean an tí ar dtús ach ainm an té a rinne an gearán /líomhain a choinneáil faoi rún. Coinneofar tuismitheoirí an scoláire ar an eolas faoin scéal ón tús.
74
I gcás gur faoin bPríomhoide a dhéantar an líomhain nó an gearán, caithfear an scéal a chur in iúl láithreach don Bhainisteoir. Más faoi mhúinteoir nó fostaí sa gColáiste an gearán nó an líomhain is ceart dul chuig an bPríomhoide láithreach agus rachaidh an Príomhoide i dteagmháil le Seirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh, FSS. nó na Gardaí.
Foirm chaighdeánach chun imní faoi chosaint nó leas scoláire/í a thuairisciú: 1 Dáta na tuairisce: 2 Ainm an tuairisceora: 3 Seoladh an tuairisceora: 4 An gaol atá ag an tuairisceoir leis an scoláire atá i gceist: 5 An modh tuairisceoireachta m.sh. glao teileafóin, glao pearsanta chuig an bPríomhoide?: 6 An Tuairisc Féin: Sonraí faoi imní, líomhain, cé a bhí i láthair, aon ghortú a facthas, tuairimí an scoláire/na dtuismitheoirí (más eol iad) 7 Céard a tharla tar éis na tuairisce?
75
8 Treoir, comhairle don scoláire? 9 Síniú agus Dáta an Tuairisceora: 10 Mionsonraí faoin scoláire atá i gceist:
An Teaghlach/Líon Tí an Scoláire:
Ainm Gaol leis an
Scoláire Dáta Breithe Eolas Breise m.sh.
Scoil/Slí Bheatha
Ainm: Sloinne: Aois/Dáta Breithe: Fireann/Baineann: Scoil: Ainm na Máthar: Ainm an Athar: Uimhir Theileafóin: Socraithe Cúraim an Scoláire, más eol duit iad:
76
Síniú agus Dáta:
An bealach le déileáil le heolas/líomhain faoi mhí-úsaid: Na rudaí is ceart a dhéanamh: Fan socair Éist Glac leis Cuir an duine ar a shuaimhneas Déan taifead scríofa Tuairiscigh an scéal Déan taifead de do thuairisciú, cuir ainm agus dáta leis Rudaí nach ceart a dhéanamh: Ná tagadh anbhá (panic) ort! Ná tabhair gealltanas rúin a choinneáil Ná cuir treoircheisteanna Ná hiarr ar an scoláire an scéal a athrá gan ghá Ná déan moill Ná cuir tús le fiosrú
77
Uimhreacha Teileafóin: Teagmhálaithe Seirbhísí Leanaí & Teaghlaigh, FSS.: 091-546366 Westdoc: 091-747700 /1850 365 000 Seoladh: An Oifig Sláinte Áitiúil: 25 Br an Chaisleáin Nua Gaillimh Uimhir Seirbhísí Leanaí agus Teaghlaigh, FSS. :091-546366 Uimhir Íosghlao: 1850 241850 An Garda Síochána: Indreabhán 091-593102 An Spidéal 091-553122 Bóthar na Trá 091-514720 Dochtúir Áitiúil: Ionad Leighis an Spidéil 091-553135 Uimhir Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh: 091 524222 Oifig an Phríomhoide: Uimhir na hOifige: 091-595941 Fón póca an Phríomhoide: 087-7841376;