ciarraÍ plean forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdftharla...

44
CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021 Imleabhar 5 Straitéis Tithíochta Glacadh on 16 th Feabhra 2015 Éifeachtach ó 16 th Márta 2015

Upload: others

Post on 09-Mar-2020

0 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

CIARRAÍ Plean Forbartha2015 - 2021

Imleabhar 5

Straitéis TithíochtaGlacadh on 16th Feabhra 2015Éifeachtach ó 16th Márta 2015

Page 2: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta
Page 3: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Glacadh on Feabhra 16th 2015

                                                                         

Page 4: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

                                                                         

Page 5: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Kerry County Development Plan 2015-2021

Clár

Lch

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN 3

1. RÉAMHRÁ 5

2. TUARTHA DAONRA 8 Daonra Reigiúnach Molta 2006-2026 Tuartha ag leibhéal Contae agus fo-chontae Tuartha Daonra Toghcheantar Áitiúla 2011- 2020 Tuartha Daonra Toghcheantar Áitiúla 2011-2020 (M2F1 Le Déanaí) Tagairtí

3. SPRIOCANNA TITHÍOCHTA & SOLÁTHAR TALÚN 12 Tithe Críochnaithe Saghsanna Tithe Suirbhé Eastát Tithíochta gan Chríochnú 2011 Spriocanna Tithíochta Earnáil Phríobháideah ar Cíos Soláthar Talamh Tithíochta

4. SAMHAIL INACMHAINNEACHTA 15 Soláthar Tithíocht Shóisialta An tAcht Tithíochta (Forálacha Ilchineálacha), 2009 Measúnú Gá Tithíochta Riachtanais Speisialta Tithíochta

Page 6: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Kerry County Development Plan 2015-2021

5. TITHÍOCHT SHÓISIALTA 18 Soláthar Tithíocht Shóisialta An tAcht Tithíochta (Forálacha Ilchineálacha), 2009 Measúnú Gá Tithíochta Riachtanais Speisialta Tithíochta

6. SOLÁTHAR TITHÍOCHT SHÓISIALTA 30 Roghanna soláthar Tithíocht Shóisialta Freagairt don Éileamh

7. CUR I GCRÍCH AGUS MONATÓIREACHT 33 Ról Údarás Áitiúla Chiarraí

8. PRIONSABAIL AGUS POLASAÍ 35 Aidhm na Straitéise Prionsabail Lárnacha Polasaí um Straitéis Tithíochta

Tabhair faoi deara; Ullmhaíodh an Straitéis Tithíochta seo roimh díobhú Comhairle Bailte Trá Lí, Chill Airne agus Lios Tuathail

Page 7: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

1

Roinnt Giorrúchán atá sa Doiciméad seo CHR An tIonad um Thaighde Tithíochta

CPI An tInnéacs Praghsanna Tomhaltóirí

CSO An Phríomh-Oifig Staidrimh

DFI Cónaidhm Míchumas Éireann

RCPRÁ An Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil

DoHC An Roinn Sláinte agus Leanaí

DoSFA An Roinn Comirce Sóisialaí

HNA Measúnú Gá Tithíochta

HSE Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

IWA Cumann Cathaoir Rotha na hÉireann

LA Údarás Áitiúil

NDA An tÚdaras Náisiúnta Míchumais

NDS Suirbhé Náisiúnta Míchumais

PRTB An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha

RAS An Scéim um Chóiríocht ar Cíos

RPG Treoir Phleanála Réigiúnach

SHIP An Clár um Infheistíocht i dTithíocht Shóisialta

Page 8: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

2

Page 9: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

3

ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIND’fhorbair Údaráis Áitiúla Chiarraí an Straitéis Tithíochta seo chun déileáil leis an ngá tithíochta sa cheantar anois agus sa todhchaí. Athbhreithniú is ea í ar an Straitéis Tithíochta glactha a foilsíodh i 2009. Nuair a ghlacfar leis an gceann seo tiocfaidh sé i bhfeidhm in ionad straitéis na bliana 2009. Ullmhaíodh an doiciméad seo de réir riachtanas reachtúla na nAchtanna um Phleanáil agus Forbairt, 2000-2010, go háirithe Cuid V den Acht um Phleanáil agus Forbairt 2000, Cuid II den Acht um Phleanáil agus Forbairt (Leasú), 2002 agus forálacha an Acht um Phleanáil agus Forbairt (Leasú), 2010. Is é an bonn atá faoi straitéis tithíochta ná a chinntiú go gcuimsíonn pleanáil cHóir agus forbairt inmharthana ceantar an phlean an soláthar cuí tithíochta do dhaonra an cheantair anois agus sa todhchaí. Ina theannta san, sa Straitéis Tithíochta seo leagtar síos creat iomlán maidir le soláthar talún a fhreagróidh don ghá tithíochta sa chontae. I Ráiteas an Rialtais um Pholasaí Tithíochta (16 Meitheamh, 2011) fógraíodh sos ins na cláir um thithíocht inacmhainne de réir cúinsí inacmhainneachta na haimsire. Dhearbhaigh an Ráiteas úd leis go ndéanfaí athbhreithniú ar Chuid V den Acht um Phleanáil agus Forbairt, 2000 ionas go bhféadfaí forbairt chónaithe a chur i gcrích trí thacaíochtaí tithíocht shóisialta a aimsiú, dá bhrí sin níl i gceist sa Straitéis seo ach an gá atá le tithíocht shóisialta amháin. D’fhoilsigh an Áisínteacht um Thithíocht agus Pobail Inmharthana an Measúnú Gá Tithíochta (2013) a léiríonn measúnú mar ‘ghrianghraf’ a bunaíodh ar shonraí ó na húdaráis tithíochta go léir maidir leis na teaghlaigh a ceadaíodh do thacaíochtaí tithíocht shóisialta ar 7 Bealtaine 2013. Sa cháipéis úd, luaitear an figiúr 4,750 teaghlach i gCiarraí ag a bhfuil gá le tithíocht (iomlán Comhairle Contae Chiarraí agus na trí Chomhairle Baile).

Ar phríomhthorthaí agus moltaí an straitéis seo tá an méid seo a leanas:

Tagann an Straitéis Tithíochta leis na spriocanna daonra agus tithíochta atá sa Treoir Phleanála do Réigiún an Iardheiscirt 2010-2022. De réir Daonra 2011 tá 145,502 duine i gCiarraí agus is é 158,322 an figiúr a mholtar don bhliain 2021.

Chun an sprioc úd idir dhaonra agus tithíocht a bhaint amach beidh gá i gCiarraí le 3118 aonad. Caithfear gan dabht tús aite a thabhairt don infheistíocht sa bhonneagar riachtanach chun na haonaid úd a fhorbairt.

Tharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta de réir na sonraí is déanaí ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, an CSO agus Banc Ceannais na hÉireann, dá thoradh san moltar sa straitéis seo go n-áireofar 20% de thailte a ainmneofar mar zón tithíochta (nó do chumasc tithíocht agus eile) chomh maith le tailte laistigh de theorainn lonnaíochta go speisialta do thithíocht shóisialta agus/nó do riachtanais speisialta tithíochta.

Chun riachtanais Cuid V a chomhlíonadh ní mór modh a úsáid a éascóidh pobail bheo láidre ar bhonn tionóntacht mheasctha. Baineann na roghanna seo a leanas le dualgais Cuid V:-

Ranníocaíocht airgeadais agus an t-údarás sásta glacadh le híocaíocht ar bhonn •céimnneach aontaithe Aonaid a bheadh tógtha nó tailte eile a aistriú saor in aisce go dtí an Chomhairle. Ní •ghlacfar lena leithéid d’aonaid ach i gceantair mar a mbeidh gá aitheanta tithíochta

Page 10: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

4

Líon beag aonad a aistriú saor in aisce go dtí an Chomhairle agus iad in oiriúint do lucht •míchumais nó dóibh siúd ag a mbeidh riachtanais speisialta tithíochtaCumasc dhá mhodh ar a laghad díobh siúd a luaitear anso thuas.•

Féadfaidh gach Údarás Áitiúil ina phlean forbartha glacadh le roghanna eile chun forbairt a chur i gcrích faoi Cuid V.

Tá dúshlán mór ag baint le soláthar tithíocht shóisialta ó laghdaíodh an Dáileadh Caipitiúil faoin gClár Infheistíocht i dTithíocht Shóisialta (SHIP) ó €13.735 milliún i 2009 go €1.6 milliún in 2012. As seo amach, beidh ról níos mó ag an Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS) agus ag an dTionscadal um Thithíocht Shóisialta ar Léas maidir le tithíocht shóisialta a soláthar.

De réir a chéile bíonn an–bhaint anois ag Cumainn Deonacha Tithíochta le tithíocht shóisialta a sholáthar d’iarrthóirí ar liostaí údarás áitiúla agus cabhair iontach ar fáil uathu. Bainfidh an Chomhairle an leas is fearr as cumas agus taithí a leitrhéid de chomhlachtaí tithíochta chun cur le fáil tithíocht shóisialta agus lena bainistíocht ar ardchaigdeán.

Sa Stratéis seo dírítear go ginearálta ar eastáit a riaradh agus freisin ar an ngá a bhíonn le meascán i bhforbairtí cónaithe. Cinnteoidh Údaráis Áitiúla Chiarraí go mbíonn an meascán sin ann idir shaghas agus méid na dtithe i dtreo sochaí cothrom cuimsitheach sóisialta a chruthú in eastáit aonair agus i measc an phobail.

Sa Stratéis tógtar ceann de na hEastáit atá gan Chríochnú i gCiarraí mar a mbeidh bearta á mbrú chun tosaigh ag na hudaráis phleanála maidir le sábháilteacht is le feabhsúcháin chomhshaoil do na háitritheoirí agus ins na ceantair máguaird.

Faoi na hAchtanna um Phleanáil agus Forbairt 2000-2010 tá dualgas orainn an Straitéis Tithíochta a athbhreithniú in aghaidh dhá bhliain má bhíonn athrú suntasach ar an margadh tithíochta nó sa Pholasaí Spásúil Náisiúnta.

Deineadh an-chúram ar fad den dtuairisc seo a ullmhú agus is maith an córas é maidir le gá tithíochta a mheas amach anseo ach níor chóir na sonraí ná na tuairimí a luaitear ann a úsáid ar chúis ar bith eile.

Page 11: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

5

1. RéAMHRÁD’fhorbair Údarás Áitiúla Chiarraí an Straitéis Tithíochta seo chun déileáil leis an ngá tithíochta sa cheantar anois agus sa todhchaí. Athbhreithniú is ea í ar an Straitéis Tithíochta glactha a foilsíodh i 2009. Nuair a ghlacfar leis an gceann seo tiocfaidh sé i bhfeidhm in ionad straitéis na bliana 2009.

Is í príomhaidhm na Stratéise ná a chinntiú go ndéanfar freastal ar an iomlán ar ghá tithíochta daonra molta Chiarraí sa todhchaí. Bunaítear an aidhm ar fhís i bpáirt mara mbeidh gach éinne i gcóiríocht oiriúnach inacmhainne agus gur ceart bhunúsach í sin. Agus an straitéis seo á ullmhú tuigeadh go maith nach féidir le cách i gCiarraí an cheart úd a bhaint amach faoi láthair. Tá riar daonra nach bhfuil sé d’acmhainn acu díol as tigh nó atá ina gcónaí i dtigh nach bhfuil oiriúnach dóibh de réir gá.

Tá sé i gceist déileáil leis na ceisteanna úd sa straitéis agus:-

‘Muintir Chiarraí a éascú, anois agus sa todhchaí, ionas gur féidir leo maireachtaint in áit inacmhainne a bheidh oiriúnach dá gcuid riachtanas féin’

Faoi Chuid V den Acht um Phleanáil agus Forbairt, 2000 caithfidh Údaráis Áitiúla Straitéis Tithíochcta a ullmhú agus a chur isteach ina gcuid pleananna forbartha. Forálann an reachtaíocht gur féidir le dhá údarás ar a laghad teacht le chéile maidir leis an gceantar iomlán eatarthu féin. Chun riachtanais an Acht um Phleanáil agus Forbairt a chomhlíonadh, pléann an Straitéis na cuspóirí seo a leanas:-

A chinntiú go bhfreagraíonn soláthar iomlán do ghá tithíochta daonra molta Chiarraí a) anois agus sa todhchaí

A chinntiú go mbíonn meascán saghsanna agus méid na dtithe de réir teaghlach b) éagsúla

A chinntiú go mbíonn tithíocht ar fáil do lucht leibhéal difriúla ioncaimc)

Freagairt don ghá a bhíonn le tithíocht shóisialta. d)

Sa Stratéis leagtar síos bearta maidir le gá tithíochta daonra Chiarraí anois agus sa todhchaí mar a aithníodh sa Treoir Pleanála do Réigiún an Iardheiscirt 2010-2022 agus len iad a chur i gcrích de réir prionsabal lárnacha i dtreo pobail inmharthana a sholáthar.

Forbairt na Stratéise

Agus an Straitéis reatha Tithíochta á hathbhreithniú le linn 2007-8 bhí ard-rath ar an margadh tithíochta. Gan dabht de dheasca athruithe ollmhóra a tharla ó shin tá athrú bunúsach ar na prionsabail a bhí i gceist ar dtús. Is é an t-athrú is suntasaí ná an laghdú ar phraghsanna tí – sainmhíniú air sin is ea meanphraghas na dtithe nua le linn tréimhse na straitéise chomh maith le heagsúlacht ioncaim, cúrsaí cánach agus dálaí creidmheasa.

Page 12: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

6

Ar na hathruithe suntasacha a tharla ón Straitéis deireanach Tithíochta agus a cuireadh san áireamh sa Straitéis seo tá an méid seo a leanas:

An t-athrú ó bhonn agus an tréimhse leochaileach i ngeilleagar na hÉireann ach go o háirithe sa mhargadh tithíochta

An t-athrú ar éileamh tithíochta a bhaineann le dálaí ioncaim, deimeagrafacha, o córas cánach agus creidmheasa

Sprioc daonra molta nua don bhliain 2022 do réigiún an Iardheiscirt aitheanta ag an o Rialtas agus luaite sa Treoir Phleanála Réigiúnach

Feidhmiú an Acht um Phleanáil agus Forbairt (Leasú), 2010 a éilíonn Straitéis o Lárnach a chur isteach i ngach aon phlean forbartha de chuid Údarás Pleanála Chiarraí

Feidhmiú an Acht Tithíochta (Forálacha Ilchineálacha) 2009 a leasaíonn nó a o chuireann codanna is forálacha nua ar fad isteach i móran Achtanna eile. Don chéad uair riamh tá bonn reachtúil faoin RAS (Scéim um Chóiríocht ar Cíos)

I 2011 d’fhoilsigh an Rialtas 'o Ráiteas Polasaí Tithíochta' a bheidh mar chreat do shraith tionscadal idir pholasaí agus reachtúil ar ball beag agus amach anseo. Aithnítear:

Gur mian le formhór na ndaoine a dtigh féin a cheannach o

Gur fógraíodh sos ins na cláir um thithíocht inacmhainne o

Ról leanúnach tábhachtach tionscadal léasa fadtéarmacha agus RAS a chur o san áireamh

Go bhféadfaí Liúntas Cíosa a aistriú ón tSeirbhís Leasa Pobail go dtí na hÚdaráis o Aitiúla (íocaíochtaí asbhainte den bhfoinse)

Roghanna soláthar buantithíocht shóisialta mar chomhaontú ceannaithe ar léas, o clár nua tóg-chun-léas agus iasachtaí ó Chomhlachtaí Ceadaithe Tithíochta chun aonad tithíochta a fháil nó a thógaint.

Athbhreithniú ar Chuid V (féach míreanna thíos)o

I 2011 d’fhoilsigh an Rialtas 'o Ráiteas Straitéis 2011-2014' i dtreo:

An méid is féidir a dhéanamh maidir le leibhéil tithíocht shóisialta trí chur le solúbthacht idir o sholáthar agus samhlacha maoinithe, san áireamh beidh scrúdú ar úsáid bannaí agus airgeadas príobháideach, leas a bhaint as stoc atá againn trí oibreacha feabhsúcháin, cláir aischóirithe agus feabhas ar éifeacht cleachtas bainistíochta i measc údarás tithíochta.

Aistriú an fhreagracht do chóiríocht fhadtéarmach ar cíos a éascú go dtí na húdaráis tithíochta o ar bhonn céimneach is an chuid sin den dtacaíocht tithíochta a athmhúnlú

Dul chun cinn maidir le tiomantas do dhéileáil le fadhb na ndaoine gan dídean go háirithe o iarracht ar deireadh a chur léi dóibh siud nach mbíonn an dara rogha acu is iad ag codladh amuigh, athbhrethniú ar Straitéis na nDaoine gan Dídean agus ar na socruithe institiúideacha a

Page 13: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

7

bhaineann léi is sinn ag díriú go hiomlán ar choisceacht

Réimse cuimsitheach gníomh a chur i gcrích chun déileáil le fadhbanna na n-eastát atá gan o chríochnú

Teacht ar shonraí ón 'o Measúnú Gá Tithíochta 2013' a d’fhoilsigh an Áisínteacht um Thithíocht agus Pobail Inmharthana Meán Fómhair 2013. Baintear na sonraí den gcóras iHouse i leith gach teaghlach a cheadaítear do thacaíocht tithíocht shóisialta faoi Mheán Fómhair 2013 agus is léiriú cruinn iad ar staid an chórais go díreach lena linn sin.

Comhthéacs an Straitéis Tithíochta

Is é comhthéacs an straitéis tithíochta ná réimse doiciméad is pleananna eile a bhaineann go speisialta le soláthar tithíochta, cuid díobh a foilsíodh/athbhreithníodh ó glacadh le Straitéis na bliana 2009.

Próiseas

Is é an Bainisteoir Áitreabh a fhreagraíonn don Stiúrthóir Tithíochta, Pobail agus Fiontair a d�ullmhaigh an dreachtcháipéis seo, cheadaigh sé siúd í sular sular seoladh í lena cur faoi bhráid comhaltaí na n-údarás áitiúla. Tá sé i gceist ansin go mbeidh an straiteis os comhair an phobail go luath sa bhliain 2014 is go ndéanfar tuairisc dá réir chuig Comhaltaí Údarás Pleanála Chiarraí.

Athbhreithniú ar Chuid V

D’fhógair an Straitéis Polasaí Tithíochta, a foilsíodh Meitheamh 2011, athbhreithniú iomlán ar Chuid V. Gan dabht de dheasca athruithe ollmhóra a tharla ó shin tá athrú bunúsach ar na prionsabail a bhí i gceist ar dtús. Caithfear smaoineamh anois ar dhul chun cinn pleanála de réir an margadh tithíochta mar atá faoi láthair. D’iarr an RCPRÁ ar an Áisínteacht um Thithíocht an athbhreithniú úd a dhéanamh is iad ag díriú go háirithe ar:-

aschur ón bpróiseas Cuid V a thomhas is a chur i gcomparáid leis an aidhm polasaí luaite ag an am

costais an phróisis a scrúdú agus éifeacht eacnamaíoch an aschur tithíochta a mheas

moltaí a dhéanamh don todhchaí maidir le Cuid V a athmhúnlú i gcomhthéacs geilleagar agus margadh tithíochta atá go hiomlán difriúil i dtreo rath ar phleanáil agus/nó ar thithíocht shóisialta sa todhchaí

teagmháil go díreach sa phróiseas le páirtithe tábhachtacha leasmhara, san áireamh beidh

Page 14: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

8

lucht cleachtadh pleanála is tithíochta, údaráis áitiúla, institiúidí airgeadais, an earnáil tithíochta idir dheonach is comharchumainn maraon leis an earnáil tógála agus

Beartas leathan comhairliúchán poiblí a stiúradh chun moltaí a chur chuig an próiseas iomlán athbhreithnithe.

2. Tuartha Daonra

2.1 Comhthéacs Cúlra – Tuartha Daonra Réigiúnacha 2006-2026

Beidh athrú ar rátaí fás i ndaonra réigiúnach idir 0.7% per annum i mBaile Átha Cliath go dtí 2.8% sa Mheánoirthear má leantar go ceann fiche bliain de na patrúin chéanna san imirce inmheánach is a conacthas le blianta beaga anuas. Beidh fás láidir freisin i Réigiún Láir na Tíre (2.3%) agus san Oirdheisceart (1.8%) i gcomparáid le méadú 1.5% molta ar an meán in aghaidh bliana ar bhonn náisiúnta idir seo agus an bhliain 2026.

Thairis sin, dá bhfillfí ar phatrún níos traidisiúnta san imirce inmheánach, mar a bhíodh roimis lár na 1990idí, ní bheadh an t-athrú céanna ar rátaí fás i ndaonra réigiúnach. Ar an dul sin thiocfadh athrú ar rátaí molta fás i ndaonra réigiúnach in aghaidh bliana idir 1.1% sa Mheániarthar is san Iardheisceart agus 2.3% sa Mheánoirthear.

Ag seo na príomhthorthaí ar an ndaonra molta réigiúnach:

Meadóidh daonra an Mheánoirthir go mór ar aon nós. Beidh fás 352,000 (73.3%) faoi a) M2F1 Deireanach agus faoi M0F1 Traidisiúnta beidh fás 189,000 (39.2%).

Tiocfaidh laghdú beagán thar 100,000 ar dhaonra Bhaile Átha Cliath. Faoi M0F1 b) Deireanach – seo an t-aon réigiún amháin mar a mbeidh laghdú idir seo agus 2026.

Beidh laghdú i mBaile Átha Cliath, sa Mheániarthar agus san Iardheisceart faoi M2F1 c) Deireanach ach faoi M0F1 Traidisiúnta ní bheidh aon mhéadú ach amháin i mBaile Átha Cliath agus sa Mheánoirthear.

Faoi M2F1 Traidisiúnta beidh laghdú i mBaile Átha Cliath agus sa Mheánoirthear de d) dheasca imirce inmheánach (aistriú idir réigiúin). Faoi na dálaí céanna beidh méadú nádúrtha mar bhonn faoi mhéadú iomlán daonra 72.8% sa Réigiún Láir i gcomparáid le 52.4% san Iarthar.

Page 15: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

9

Tuartha ag Leibhéil Chontae agus Fo-Chontae

Na Critéir a úsaideadh

Baineann na tuartha daonra réigiúnacha go príomha leis an Leagan M2F1 Traidisiúnta a nascann laghdú ar imirce idirnáisiúnta le torthúlacht bhuan agus filleadh ar phatrún traidisiúnta imirce inmheánach faoin mbliain 2016. Ar an ábhar san úsáideadh é sin mar chritéir agus daonra Chiarraí á thuar.

Teorainneacha

“Public services provision and land use planning are crucially dependent on accurate population forecasts. Despite their importance, particularly for planning at the local level, population forecasts for Irish counties are not readily available. This is maybe due to the fact that they are likely to be subject to substantial error” (Edgar Morgenroth ESRI 2001)

Teorainn eile i 2013 is ea an t-athrú ar thoghcheantair áitiúla. Níl aon áireamh déanta fós ag an CSO ina leith siúd do 2011 ná d’aon daonáireamh eile, dá bhrí sin ní féidir i ndáiríre patrúin a mheas ar bhonn LEA agus baintear na figiúirí den dTuairisc ón gCoimisiún Teorainneacha.

Meastar go dtiocfaidh méadú 1.2% in aghaidh na bliana ar dhaonra Reigiún an Iardheiscirt – agus é sin bunaithe ar dhaonra molta don Iardheisceart 2006-2026 ar bhonn M2F1 Deireanach – (bunaithe ar imirce idirnáisiunta le déanaí).

Ón M2F1 Traidisiúnta (Imirce idirnáisiúnta bunaithe ar phatrúin ins na 1990idí) beidh fás 1.1% in aghaidh na bliana san Iardheisceart. Ba é 619,000 daonra an Iardheiscirt i 2006. Bhí daonra Chiarraí (139,835) mar sciar daonra 22%, dá bhrí sin de réir Eachtarshuíomh patrún simplí tharla fás bliantúil .2% i gCiarraí ar an meán. Tá a fhios againn nach fíor é sin mar bhí fás 4.5% ann agus sin fás bliantúil 0.9% ar an meán – níos gaire do thuar réigiúnach an CSO 1.1% don Iardheisceart.

Dá bhrí sin ó na tuartha CSO don Iardheisceart ar bhonn M2F1 (1.1%) atá níos gaire do phatrún fás stairiúil daonra Chiarraí .9% (2006-2011), bhíothas ábalta na tuartha daonra a eachtarshuí mar a leanas:-

Tuartha Daonra Toghcheantar Áitiúla 2011- 2020 (Traidisiúnta)

Toghcheantar Áitiúil Daonra 2011 Daonra Molta 2020 % athrú

Cill Airne 38,040 41,331 8.6%Lios Tuathail 28,538 31,793 11.4%Ciarraí Theas & Thiar 38,873 42,125 8.3%

Trá Lí 40,051 43, 716 9.1%Iomlán 145,502 158,965 9.15%

Bunaithe ar inimirce idirnáisiúnta M2F1 Traidisiúnta – tréimhse 1990idí

Page 16: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

10

Nótaí De réir tuartha réigiúnacha thar tréimhse 9 mbliana, is é tuar daonra réigiúnach an CSO don Iardheisceart ná 1.1% bunaithe ar M2F1 traidisiúnta. Má bhunaítear tuar daonra Chiarraí ar an bhfigiúr úd M2F1 agus modh Eachtarshuíomh patrún simplí in úsáid (Smith agus Sincich 1992), is é sin le rá go n-aithnítear patrún daonra iomlán agus go roinntear an daonra de réir na dToghcheantar Áitiúla, is féidir teacht ar an dtuar atá anso thuas.

Is fíor áfach go gcruthaítear leagan eile agus é sin bunaithe ar M2F1(Le Déanaí).

Tuartha Daonra Toghcheantar Áitiúla 2011-2020 (Le Déanaí)

Toghcheantar Áitiúil Daonra 2011 Daonra Molta 2020 % change

Cill Airne 38,040 42,117 10.7%Lios Tuathail 28,538 32,398 13.5%Ciarraí Theas & Thiar 38,873 42,929 10.4%

Trá Lí 40,051 44,548 11.23%Iomlán 145,502 161,992 7.9%

Bunaithe ar inimirce idirnáisiúnta M2F1 – Le Déanaí

Nótaí De réir tuartha réigiúnacha thar tréimhse 9 mbliana, is é tuar daonra réigiúnach an CSO don Iardheisceart ná 1.2% bunaithe ar M2F1 Le Déanaí (patrúin inimirce idirnáisiúnta le déanaí). Má bhunaítear tuar daonra Chiarraí ar an bhfigiúr úd M2F1 Le Déanaí agus modh Eachtarshuíomh patrún simplí in úsáid (Smith agus Sincich 1992), is é sin le rá go n-aithnítear patrún daonra iomlán agus go roinntear an daonra de réir na dToghcheantar Áitiúla, is féidir teacht ar an dtuar atá anso thuas.

Tagairtí M2

Ag díriú ar leagan M2 imirce idirnáisiúnta beidh réimse leathan rátaí fás daonra ag brath ar an dtuairim a roghnaítear faoin imirce inmheánach. Beidh fás idir 0.7 fan gcéad i mBaile Átha Cliath agus 2.8 fan gcéad sa Mheánoirthear de réir cúinsí déanacha agus idir 1.1 san Iardheisceart agus 2.3 sa Mheánoirthear faoin samhail traidisiúnta. Is i réigiún Bhaile Átha Cliath a chífear an difríocht is mó de bharr tionchar na dtuairimí éagsúla faoi imirce inmheánach. Mar shampla don tréimhse go dtí 2026 beidh fás daonra 181,000 faoi chúinsí déanacha ach is é 476,000 an figiúr de réir na samhla Traidisiúnta. Beidh an sceal amhlaidh go díreach toisc fás breise faoin imirce inmheánach a bheith ar siúl ach go hindíreach mar fásfaidh an daonra go nádúrtha dá bharr siúd. Is cuma cé acu samhail a úsáidfear beidh na rátaí fás daonra is mó i Réigiún an Mheanoirthir, idir 2.3 fan gcéad faoin samhail Traidisiúnta agus 2.8 fan gcéad de réir cúinsí déanacha. Toisc go mbeidh rátaí fás daonra molta ag dul suas agus síos ag brath ar an rogha samhail don imirce inmheánach, beidh na sciartha daonra difriúil ar fad i 2026 seachas i gceann fiche bliain ní ba luaithe, an difríocht is mó le feiscint i réigiún Bhaile Átha Cliath. Faoi chúinsí déanacha imirce inmheánach, beidh laghdú ar an sciar daonra i mBaile

Page 17: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

11

Átha Cliath, sa Mheániarthar agus san Iardheisceart i gcomparáid le 2006, titfidh sciar Bhaile Átha Cliath ó 28.0 fan gcéad go 24.0 fan gcéad. Is beag ná cúitítear an laghdú seo go díreach trí mhéadú dá réir sa Mheánoirthear mar a mbeidh méadú go 14.6 fan gcéad don tréimhse céanna – ó 11.3 fan gcéad i 2006. Tá codarsnacht daonra de réir na samhla Traidisiúnta, ní bheadh méadú ar an sciar ach i mBaile Átha Cliath agus sa Mheánoirthear. Ní bheadh aon athrú ó 2006 san Iarthar agus chaillfí sciar daonra sna réigiúin eile.

F1 Foilsíodh tuartha daonra molta mí Aibreáin 2008 agus míníodh dhá thuairim umthorthúlacht mar a leanas:-

• F1: TFR (Ráta Iomlán Torthúlachta) ag leibhéal 1.9 mar a bhí i 2006 go ceann tréimhse na dtuartha• F2: Laghdú 1.65 ar an TFR faoin mbliain 2016 ach buan as san amach, ní úsáideann an CSO ach F1 faoi láthair.

(Foinse: Tuartha Daonra Réigiúnacha CSO 2011-2026)

Nóta um lochtanna – ní mór a bheith cáiréiseach maidir leis na tuartha úd mar níor áiríodh rátaí aonair Breithe, Báis ná Imirce ag leibhéal contae ná fo-chontae (níl an t-eolas ar fáil do na ED) ná níl tuartha ann ach oiread don Chontae toisc easpa soiléireachta faoin mhodh ab fhearr agus an lamháil ard earráide (Morgenroth ESRI 2001. Dá bhrí sin tá na tuartha anso mar chleachtadh chun treoir éigin a thabhairt do straitéis tithíochta Chiarraí seachas í a bheith ag brath go hiomlán ar fhigiúirí réigiúnacha.

Page 18: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

12

3 Spriocanna Tithíochta agus Soláthar Talún

Baineann mír seo na Straitéise le soláthar tithíochta, tá anailís ar líon na dtithe críochnaithe, ar shaghsanna tithe, patrúin phraghais agus teacht ar thalamh. Tithe Críochnaithe

Ón mbliain 2006 i leith tháinig laghdú ollmhór ar rátaí foirgníochta i gCiarraí. Ar an gcairt anso thíos léirítear tithe críochnaithe i gCiarraí idir 2007-2013. Baineadh buaic amach i 2006 agus tharla laghdú in aghaidh na bliana ó shin i leith mar is léir ó na figiúirí seo.

Tithe Críochnaithe 2007-2013

Comhairlí Contae agus Baile Chiarraí

0

1000

2000

3000

2007 2008 2009 2010 2011 2012 2013

Fíor 4: Tithe Nua Críochnaithe i gCiarraí 2007-2013 Foinse: RCPRÁ, Ráitis Bhliantúla Staitisticí Tithíochta

Leirítear sa chairt anso thuas gur tharla athruithe ollmhóra san earnáil fhoirgníochta le seacht mbliana anuas.

Page 19: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

13

Saghsanna Tithe

Sa tábla seo a leanas tá anailís bhreise ar na saghsanna tithe a tógadh le blianta beaga anuas. Léirítear an titim ollmhór sa líon tithe a tógadh sa chontae agus ins na bailte móra.

Saghsanna Tithe Críochnaithe

Bungaló TighAonair

TighLeathscoite

Tigh in Ardán Stiúideó/Árasán Iomlán

Bliain Tigh Aonair Tigh Eastáit Árasán Iomlán2007 1,130 1,203 345 2,6782008 872 862 227 1,9612009 575 232 59 8662010 378 137 31 5462011 308 61 18 3872012 272 31 45 3482013 183 32 10 225

Nóta 1

Suirbhé Eastát Tithíochta gan Chríochnú 2011

Toisc gur léir go bhfuil rún ag an Roinn sonraí reatha a choimeád, de réir a ráiteas faoin dtuairisc ón nGrúpa Comhairlitheach um Fhorbairtí Tithíochta gan Chríochnú, tharla suirbhé nua eastát tithíochta gan chríochnú samhradh na bliana 2011 a dhein uasdátú ar eolas a bailíodh i suirbhé 2010.

Chun go bhfeicfí pictiúr cruinn soiléir ar an scéal i gCiarraí, roinneadh an suirbhé i ngach eastát de réir réimse amháin sa mhargadh tithíochta. Deineadh taifeadadh ar thréithe bunúsacha an eastáit ag an am i.e. líon na n-aonad críochnaithe, folamh, á dtógáil nó nár tosnaíodh fós. Ní mór a lua freisin gur taifeadadh an bonneagar agus na seirbhísí a bhí ar fáil agus soláthar spás oscailte san áireamh. Maidir leis an straitéis seo is iad is tábhachtaí ná na haonaid chríochnaithe atá fós folamh mar féadfar a shamhlú go gcuirfidh siad siúd leis an soláthar iomlán tithíochta istigh i lonnaíocht.

1. Bunaítear na sonraí seo ar líon na n-áitreabh nua atá ceangailte leis an soláthar leictreachais ag BSL ach níl athruithe san áireamh agus b’fhéidir nach mbeifear ag teacht go cruinn le teorainneacha Údarás Áitiúla.

Page 20: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

14

Sa chairt anso thios tá pictiúr iomlán de líon na n-aonad folmha mar choibhneas líon iomlánna n-aonad sa tsuirbhé, léirítear freisin an líon atá tógtha agus áitrithe, á dtógáil nó nar tosaíodhfós.

Eastáit Tithíochta gan Chríochnú i gCiarraí

Líon Iomlán Aonad sa tSuirbhé 5,186

1739

428

424

2595

Occupied

Vacant

UnderConstructionNot Started

Sonraí Eastát Tithíochta gan Chríochnú 2011 Foinse: www.environ.ie

Spriocanna TithíochtaTá sé i gceist go dtabharfar treoir níos sonraithe faoi na cúrsaí seo i bpleananna forbartha Údarás Aitiúla. As seo amach, caithfear monatóireacht a dhéanamh ar thithe críochnaithe chun a fháil amach an mbíonn spriocanna á gcomhlíonadh.

Earnáil Phríobháideach ar Cíos

Tharla titim i bpraghsanna tithe le tamall de bhlianta anuas ach bhí meadú ar bhrabús cíosa. Ní féidir anois a rá go dtagann figiúirí cíosa agus praghsanna tithe lena chéile mar ní hamhlaidh a bhíonn nuair a bhíonn scéim bhaoth sa mhargadh tithíochta. Nuair a thagann deireadh leis an scéim úd fanann cíos mar atá nó meadaítear é ach titeann praghas na dtithe.

Dealraíonn sé le déanaí gurb amhlaidh atá in Éirinn faoi láthair. Sa Chlár Praghsanna Tomhaltóirí luaitear gur tharla méadú cíosa 0.6% i rith na bliana suas go Meán Fómhair 2013. Is fíor, áfach, gur tharla sé sin go mór i gceantair uirbeacha. Maidir le cóimheas praghas-go-cíos na hÉireann, I gcomparáid le tíortha eile OECD meastar ón mbrabús cíosa nach raibh an cóimheas praghas-go-cíos chomh híseal san ó 1999 i leith agus go raibh ceartú ní ba ghéire anso ná mar a bhí i dtíortha eile an AE.

Rinne Davy Research taighde le déanaí ar an gceist ceannach i gcoinne cíos a bhí bunaithe ar an CPI um chíos príobháideach (costas bliantúil cíos ar áitreabh i gcoinne íocaíochtaí morgáiste) agus léiríodh gurbh é an ceannach an rogha ab fhearr. Is fíor, áfach, go bhfuil baint mhór ag an dteacht ar chreidmheas chun tigh a cheannach le cumas ceannaigh na ndaoine agus dá bhrí sin leis an margadh tithíochta.

Page 21: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

15

I 2009 bhí 5,918 clárú áitreabh ar cíos príobháideach i gCiarraí agus nuair a d’fhoilsigh an PRTB (An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha) a gcuid figiúirí reatha i 2012 bhí méadú tar eis teacht ar an líon úd suas go 6,157 ar an iomlán.

Faoi láthair soláthraíonn an earnáil phríobháideach ar cíos cóiríocht do mhórán iarrthóirí ar Thithíocht Shóisialta. Bunaíodh an Scéim um Chóiríocht ar Cíos i 2005 agus an(na) Tionscada(i)l um Thithíocht Shoisialta ar Léas i 2009 agus cuirfidh siad siúd le forbairt na hearnála a neartú. Scrúdaítear go mion na scéimeanna úd sa Mhír a bhaineann le Tithíocht Shóisialta sa straitéis seo.

Ní mór monatóireacht a dhéanamh ar an earnáil phríobháideach ar cíos, go háirithe anois agus athrú ag teacht ar an margadh tithíochta. Ar na beartais a tosnaíodh chun í sin a cur i gcrích tá an PRTB a thabhairt isteach sa chóras.

Soláthar Talamh Tithíochta

Coimeádann gach Údarás Pleanála i gCiarraí Cuntas Bliantúil ar an Soláthar Talamh Tithíochta. San áireamh bíonn suirbhé cuimsitheach na dtailte cónaithe ar fad a bhíonn ar fáil ar 30 Meitheamh. Tá 323 ha. anois ainmnithe mar zóin chónaithe i gceantar feidhme chomhairle Contae Chiarraí. Tá 446 ha. dena leithéid de thailte cónaithe idir na Comhairlí Baile Trá Lí, Cill Airne agus Lios Tuathail.

Airítear go mbeidh gá le 3,118 aonad tithíochta a thógaint go ceann tréimhse na straitéise chun freastal ar éileamh ón bhfás molta daonra i gCiarraí idir 2015 -2021.

4 Samhail Inacmhainneachta

Léiríonn an mhír seo an tsamhail inacmhainneachta atá sa straitéis tithíochta. Chun é sin a mheas ní mór ar dtús teacht ar an bpraghas atá mar mheán thar tréimhse na straitéise. Scrúdaítear sa mhír seo na sonraí is déanaí atá ar fáil agus na cúinsí cúlra a úsáideadh chun meánphraghas tí, ioncaim agus rátaí úis a shocrú de réir an eolas is fearr a raibh teacht againn air.

Inacmhainneachta a Mheas ar bhonn Comhroinn Ioncaim

Gné lárnach sa Straitéis Tithíochta is ea soláthar dóibh siúd nach bhfuil sé d’acmhainn acu tigh a cheannach ar an margadh oscailte. Bunaíodh an Straitéis deireanach ar chur chuige an RCPRÁ um anailís ar theaghlagh is ar ioncaim chomh maith le tuartha chun líon na dteaghlach a chomhlíonfadh na critéir inacmhainneachta (mar a mhínítear san Acht um Phleanáil agus Forbairt 2000) a mheas. Chuige sin i gCiarraí deineadh uasdátú ar na sonraí inacmhainneachta a bhí sa straitéis deireanach tithíochta. Bunaíodh an measúnú gá tithíochta ar shamhail chomhroinn deimeagrafach Peter Bacon a chuimsíonn Tuartha Daonra Údarás Réigiúnach an Iardheiscirt a foilsíodh sa bhliain 2010 is a leagtar amach i Mír 2 sa cháipéis seo.

Page 22: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

16

Nósanna Praghas Tí

Níltear go hiomlán ar aon intinn faoi nósanna praghas tithíochta sa todhchaí is té sé fíordheacair iarracht a dhéanamh ar iad a thuar maidir le hinacmhainneacht a mheas amach anseo. I dtuairisc le déanaí (Márta 2012) luaigh Stocbhróicéirí Davy (Taighde) go dtitfidh praghsanna tithe faoi bhun leibhéal a bheadh inmharthana sa bhfadtéarma. Tá a leithéid de thréimhse i ndán, go díreach mar a d’ardaigh praghsanna os cionn leibhéal inmharthana le linn rathúnais, de dheasca móran cúinsí.

Orthusan tá:-

Baic ar rochtain chreidmheasa

Éiginnteacht i ngeilleagar sa todhchaí

Easpa teaghlach á gcruthú mar gheall ar chúinsí Imirce agus Deimeagrafacha

Soláthar aonad folamh tithíochta agus laghdú praghsanna á thuar

Cé go gceaptar de réir comparáidí idirnáisiúnta go mbeidh laghdú fós ar phraghsanna in Éirinn, meastar anois gurb é an figiúr is dóichí ná thart fá 65-70%. Is deacair i ndáiríre a leithéid de chomparáid a dhéanamh toisc chomh heisceachtúil is a bhí timthriail na bpraghsanna seo againne idir luachanna agus fad na tréimhse. Tá Sraith Cáipéisí ag Banc Ceannais na hEorpa dar teideal ‘Booms and Busts in Housing Markets’ (Iúil 2009) inar scrúdaíodh 25 cinn de phléascthaí i dTíortha Tionsclaíocha. Léiríodh go dtiteadh praghsanna tithe thart ar 44% ón mbuaic agus go leanadh tréimhse an phléasctha ar feadh tuairim is seacht mbliana.

Sonraí Praghas Tí

Mar a luadh cheana féin, ta sé rídheacair réimse na titime a mheas go cruinn nuair a bhíonn margadh tithíochta thíos, go háirithe anso in Éirinn mar nach bhfuil aon fhoinse amháin chinnte do shonraí margadh tithíochta ar bhonn cuimsitheach. Cuirfear athrú ar an gcás úd amach anseo de réir mar a neartaítear an Clár Praghsanna Tithíocht Chónaithe, foilsithe ag an Údarás um Rialú Seirbhísí Maoine (PSRA). Ar an gclár úd bailítear eolas faoi áitribh a cheannaítear in Éirinn ó 1 Eanáir 2010 i leith, mar a dhearbhaíonn an(na) ceannaí(ithe) do na Coimisinéirí Ioncaim ar son stampdhleachta. Tá sé i gceist eolas cruinn a sholáthar ar bhonn leanúnach faoi phraghsanna tithe a ceannaíodh ar dháta faoi leith. Tá an t-eolas úd ar fáil anois maidir le ceantar Chiarraí agus sin é an t-eolas is déanaí a bhfuil teacht againn air anois díreach.

Sular foilsíodh an Clár Praghsanna Tithíocht Chónaithe, d’aimsítí sonraí faoi phraghsanna tithe ag leibhéal contae (agus cathrach uaireanta) ón ndá fhoinse an RCPRÁ agus an suíomh Daft.ie. Foilsíonn an CSO innéacs praghsanna áitreabh cónaithe in aghaidh na míosa ach is ar bhonn ‘Náisiúnta’ a bhíonn na figiúirí úd.

Sa tuairisc Daft.ie is deireanaí do R3 2013 meastar gurb é €155,177 an meánphraghas a iarrtar anois i gCiarraí, titim thart ar 55.8% ón mbuaic. Ina theannta san luaitear gur thit praghsanna ar fud na Mumhan 9.5% le bliain anuas go tús na bliana 2013 i gcomparáid le titim bliana 15.9% go luath i 2012. Ba é seo an ráta ba mhoille titime ó lár na bliana 2008.

Page 23: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

17

Foilsíonn an Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil (RCPRÁ) sonraí freisin do Cheantar Chiarraí agus baineadh leas astusan cheana i straitéisí. Bunaítear na sonraí úd ar iasachtaí ceadaithe seachas ar iasachtaí tarraingthe anuas. Sna táblaí anso thíos, a bunaíodh ar shonraí Chiarraí, tá meánphraghas tithe idir 2007 agus 2012.

Meánphraghas Tithe 2007 – 2012

2007 2008 2009 2010 2011 2012287,948 -1.1%

274,894-5.2%

254,420-1.3%

207,487-17.4%

186,736-38.1%

156,205 -13.7%

322634+6%

395,269+5%

242,033-21%

228,268-6%

231,301+1%

210,021 -9.8%

Chun an ceangal atá idir na sraitheanna éagsúla sonraí lena chéile a léiriú, ullmhaíodh an graf anso thíos. Tógtar an figiúr meánach do phraghas tí nua agus ar athláimh de chuid an RCPRÁ de na táblaí seo chun pictiúr cothrom iomlán na bhfigiuiri a thaispeáint. Taispeántar freisin na sonraí um mheánphraghas tithe a bhaineann le Ceantar Chiarraí. Is léir ón ngraf go bhfuil Daft.ie agus an Clár Praghsanna Tithíochta níos gaire dá cheile ná do na Sonraí RCPRÁ, d’fhéadfaí a rá nach léiriú cruinn é sin ar an margadh tithíochta mar atá faoi láthair.

INNéACS PRAGHSANNA TITHE CHIARRAÍ 2007 - 2012

0

50000

100000

150000

200000

250000

300000

350000

400000

450000

2007 2008 2009 2010 2011 2012

DECLG:Average Newand SecondHand HousePrices(includingApartments)

Daft.ie

House PriceRegister

Page 24: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

18

Anailís: An tSamhail Inacmhainneachta Cuid tábhachtach den straitéis tithíochta is ea inacmhainneacht a aithint. Gan dabht beidh éiginnteacht ag baint leis an gcleachtadh toisc go gcaithfear leibhéil inacmhainneachta a aimsiú. Is amhlaidh do thuartha i gcónaí, go mórmhór don straitéis reatha tithíochta toisc go bhfuil gnéithe eacnamaíochta nach féidir a bheith cinnte fúthu sa ghearrthéarma. Braitheann na meastacháin úd inacmhainneachta ar phraghsanna tuartha tithe agus is fíor gur thit praghsanna i gCiararaí breis is 7% i 2013. Ní dócha go mbeidh morán feabhas ar an scéal le linn 2014 agus 2015. Ar an dtionchar air sin beidh ardú costas a bhaineann le húinéireacht tí i.e. cáin mhaoine agus muirir uisce 7rl., easpa airgeadais ó líon beag institiúidí agus méadú ar líon na n-áitreabh i dtrioblóid a dhíolfar ar luach an-íseal ar fad. Táthar go mór in amhras freisin faoi rátaí úis sa ghearrthéarma. Ag brath ar dhálaí eacnamaíochta d’fhéadfadh méadú nó laghdú a bheith orthu agus ní féidir a thuar conas mar a bheidh acu go ceann tréimhse na straitéise. Braitheann an inacmhainneacht ar ndóigh go mór ar leibhéil ioncaim a thagann faoi thionchar fás eacnamaíochh agus leibhéil na dífhostaíochta. Dhein Coimisiún na hEorpa athbhreithniú ar thuartha fáis do 2013 ó 1.1% anuas go 0.3% agus meastar go mbeidh figiúirí 2014 agus 2015 ar 1.7% agus 2.5% faoi seach. De dheasca na gceisteanna úd agus toisc lagmhisneach a bheith ar thomhaltóirí um mhargadh tithíochta chomh maith le héiginnteacht i ngeilleagar leathan an zón euro is fíor a rá go bhfuil sé rídheacair praghsanna tithe a mheas go cruinn amach anseo.

5 Tithíocht ShóisialtaSoláthar Tithíocht Shóisialta

Tá eolas sa mhír seo faoi pholasaí is reachtaíocht um thithíocht shóisialta a bhaineann go dlúth le riachtanais a thuar go ceann tréimhse na straitéise. Foinse tábhachtach san anailís seo is ea foilsiú an Measúnú Gá Tithíochta (2013) a mhíníonn go mion tréithe sóisialta is eacnamaíoch na dteaghlach atá ar liostaí tithíochta na n-údarás pleanála ar fad. Ina theannta san, minítear riachtanais iad siúd a mbíonn cúinsí speisialta tithíochta ag baint leo.

Le fada an lá is gné bunúsach é an soláthar tithíochta i bpolasaí poiblí, mar is léir ón réimse doiciméad polasaí ón bPlean do Thithíocht Shóisialta thiar sa bhliain 1991 go dtí an ráiteas polasaí is deireanaí ón Rialtas mí an Mheithimh 2011. Cé gur aidhm chomónta a bhíonn acu níor mhór malairt béime iontu de réir cúinsí eacnamaíochta agus sóisialta. Mar shampla de reir na nAchtanna Pleanála (2000-2010) caithfidh soláthar tithíocht idir shóisialta agus inacmhainne a bheith sa Straitéis ach i Meitheamh 2011 d’fhoilsigh an Rialtas Ráiteas um Pholasaí Tithíochta i dtreo beartas nua. Orthusan bhí sos á fhógairt ins na scéimeanna tithíocht inacmhainne. Chomh maith le tús á chur le hathbhreithniú ar Chuid V beidh impleachtaí ann d’ullmhú na straitéise seo.

Is fiú béim a leagan ar ghnéithe den Straitéis Pholasaí Tithiochta. Ar an iomlán tá cuspóir straitéiseach a ligfidh do gach aon teaghlach teacht ar thithíocht ardchaighdeáin a oirfidh dá gcúinsí féin laistigh den phobal is rogha leo. Ar na beartais a mhínítear sa doiciméad tá:-

Déileáil níos córa le tionóntacht tí•Méadú ar sholáthar tacaíochtaí tithíochta laistigh de na hacmhainní a bhíonn ar fáil•

Page 25: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

19

An fhreagracht as lucht faighte íocaíocht fhorlíontach cíosa a aistriú go dtí na hudaráis •áitiúla Nósanna nua chun tithíocht bhuan shóisialta a soláthar•Sos ins na scéimeanna tithíocht inacmhainne•Athbhreithniú foirmiúil ar Chuid V•Straitéis Tithíochta um Lucht Míchumais a Fhoilsiú •Tacaíochtaí tithíochta do theaghlaigh ag a mbíonn riachtanais speisialta•Daoine gan Dídean.•

Ins an Straitéis seo sainmhínítear tithíocht shóisialta mar thigh ar cíos ón Údarás Áitiúil nó ó chomhlacht deonach nó comharchumann tithíochta nó trín Scéim um Chóiríocht ar Cíos. Le linn cainteanna faoi ‘I dTreo 2016’ aontaíodh go mba chóir aonaid a fuarthas faoin Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS) a áireamh mar chuid den stoc tithíocht shóisialta.

An tAcht Tithíochta (Forálacha Ilchineálacha) Act, 2009

Caithfear gan amhras an bhéim a leagan ar fhorálacha móra san Acht seo a leasaíonn na hAchtanna Tithíochta 1966-2004 chun údaráis áitiúla a éascú i dtreo cur chuige straitéiseach maidir le seirbhísí tithíochta a riaradh is a soláthar. Leagtar amach san Acht glacadh pleananna seirbhísí tithíochta, pleananna gnímh um dhaoine gan dídean agus straitéisí um iompar frith-shóisialta; leagtar amach leis dáileadh measúnú gá tithíochta ar bhonn oibiachtúil chomh maith le modhanna riartha agus rialaithe do thionóntachtaí is cíosa &rl. Tá bonn níos reachtúla faoi thithíocht shóisialta ar cíos (trí léas nó conradh le soláthróir príobháideach cóiríochta, RAS san áireamh) is luaitear scéim cheannaigh ar bhonn méadaithe (seans ag teaghlach ar ioncam íseal tigh a cheannach) agus scéim ceannach ag tionónta. Bunaíonn an tAcht cur chuige bunaithe ar chothromas chun lacáiste a aisghabháil i gcás ceannach tithe inacmhainne, mar sin féin mar a luadh cheana féin níl an scéim úd i bhfeidhm faoi láthair. Ar deireadh, leagtar dualgas ar gach údarás tithíochta plean seirbhísí tithíochta a ullmhú, cé nár eisíodh fógra tosach feidhme fós ina leith siúd.

Measúnú Gá Tithíochta

In aghaidh trí bliana, de réir Cuid 9 den Acht Tithíochta, 1988, caithfidh na húdaráis áitiúla measúnú a dhéanamh ar an ngá tithíochta ina gceantar feidhme. Chríochnaigh Comhairle Contae Chiarraí an Measúnú Gá Tithíochta mí Bealtaine 2013, san áireamh bhí cuntas ar leith ó gach ceann de na Comhairlí Baile. Sa tuairisc mheasúnaithe ligtear d’anailís bhreise ar na teaghlaigh seo de réir ceisteanna sóisialta is eacnamaíoch.

Ar an iomlán tá gá ag Údaráis Áitiúla Chiarraí le soláthar do thart ar 4750 teaghlach glan. Sa ghraf anso thíos taispeántar an chomhroinn i measc na gcomhairlí contae agus baile.

Page 26: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

20

Údarás Tithíochta Líon Iarratas Cáilithe

Comhairle Baile Trá Lí 2129Comhairle Baile Chill Airne 1003Comhairle Contae Chiarraí 1471Comhairle Baile Lios Tuathail 147Iomlán 4750

Laistigh de na comhairlí baile, is fíor gur tharla méadú suntasach ar an ngá le tacaíochtaí tithíocht shóisialta ó tharla an measúnú deireanach i 2011, is léir an méid sin ó na figiúirí atá anso thíos. Bunaítear na figiúirí ar riachtanas glan – sin an líon teaghlach a ceadaíodh do bheith i dteideal teacht ar tacaíochtaí tithíocht shóisialta.

HNA 2013 vs HNA 2011

Údarás Áitiúil HNA 2011 HNA 2013

Comhairle Baile Trá Lí 2004 2129Comhairle Baile Chill Airne 950 1003Comhairle Contae Chiarraí 1354 1471Comhairle Baile Lios Tuathail 119 147

Iomlán 4427 4750

No of Qualified Applicants

45%

21%

31%

3%

Tralee Town Council Killarney Town Council Kerry County Council Listowel Town Council

Page 27: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

21

Gné tábhachtach eile de chuid an mheasúnú is ea teaghlaigh a roinnt de réir catagóirí éagsúla riachtanas. Bíonn an-chuid cúiseanna i gceist eatarthu ach airgeadas is cúis le 82% den líon iomlán, nuair nach bhfuil aon seans réasúnta ag an iarrthóir teacht ar chostas cóiríochta.

Bíonn daoine ar an Liosta Feithimh go ceann tréimhsí eagsúla – mar sin fein de réir tréithe na n-údarás ar fad meastar go mbíonn idir 1-2 agus 2-3 bliana i gceist don chuid is mó.

82%Traveller

Page 28: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

22

Tréimhse ar liosta feithimh de réir catagóirí riachtanais

Iarrthóirí cáilithe KLA ar bhonn riachtanais agus fad tréimhse ar liosta feithimh Bealtaine 2013 HNA 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 16 Iomlán

Os cionn 65 bliana 7 21 27 21 15 9 15 10 20 2 4 151

Fadhb Leanúnach Sláinte

64 61 71 128 46 35 30 40 48 20 1 3 3 1 1 1 553

Ginearálta 358 691 572 777 455 200 248 238 205 103 13 17 2 2 3881

Gan dídean 11 14 11 10 2 3 1 1 1 54

Lucht siúil 8 9 11 26 18 9 7 8 10 4 1 111

4750

Ar an mórgoir, bíonn na hiarrthóirí úd dífhostaithe, iad ag fáil liúntas leasa shóisialaigh nó pobail de shaghas éigin agus ag fáil meánioncaim idir €10,000 agus €15,000.

Iarrthóirí Cáilithe de réir Stádas Fostaíochta Stádas Fostaiochta Fostaithe (Lánaimseartha nó Páirtaimseartha) 728Fostaithe i scéim fillte/FÁS 101Obair an tí (gan ioncam) 53Tacaíocht Tuismitheoir Singil Amháin 194Eile 184Pinsinéir/Ar Scor 72Féinfhostaithe 11Mac Léinn/Leanbh/Oideachas Lánaimseartha 38Dífhostaithe (liúntas leasa shóisialaigh/pobail 3369 Iomlán 4750

Qualfied Applicants by Employment Status

728

10153

194

184

3369

72 1138

Employed (Full-Time or Part-Time)

Employed in back to w ork / FAS scheme

Homemaker (no income)

Lone Parent Support Only

Other

Pensioner / Retired

Self Employed

Student / Child / Full-Time Education

Unemployed (social community/w elfare benefit)

Page 29: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

23

Critéir eile a rianaítear sa doiciméad seo is ea náisiúntacht na n-iarrthóirí agus léirítear sa Ghraf anso thíos gur Náisiúnaigh Éireannacha is ea a bhformhór.

Iarrthóirí Cáilithe de réir Stádas Naisiúntachta Grúpa Náisiúntachta Iarrthóirí

AEE eile 1382

Éireannach 3073Neamh-AEE 295

Iomlán 4750

Qualified Applicants by Nationality Group

29%

65%

6%

Other EEA Irish Non-EEA

Mar a luadh cheana féin sa straitéis, tá thart ar 44% de na 4750 teaghlach atá ar liostaí feithimh tithíochta i gCiarraí ina gcónaí faoi láthair i gcóiríocht phríobháideach ar cíos. Tá sciar beag acu (thart ar 10.9%) ina gcónaí le tuismitheoirí, le gaolta nó le cairde.

Page 30: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

24

Liosta Feithimh de réir Saghas Tionóntachta

Saghas Tionóntachta #Teaghlaigh

N/b 8Comharchumann 45I gcás práinne/Faic 23Cóiríocht ÚÁ ar Cíos 123Le cairde 44Le tuismitheoirí 345Le gaolta 132Eile 105Úinéir Áitritheoir 28Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos 2421Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos (agus ordú sealbhaithe ón gcúirt) 1

Cóiríocht Phríobháideach ar Cíos (agus liúntas forlíontach cíosa) 1431

Codladh amuigh gan aon chóiríocht 12Tithíocht Dheonach 31Iomlán 4750

Léiríonn déanamh teaghlaigh na n-iarrthóirí go mbíonn difríocht mhór idir an tuath agus bailte móra, bíonn sciar maith daoine ina gcónaí leo féin sna bailte – bíonn níos mó teaghlach faoin dtuath ná mar a bhíonn sna bailte.

Meastar dá réir sin go mbeidh gá ar an iomlán le líon ard aonad beaga.

Chun freagairt do mhalairt riachtanas agus méid teaghlach, tá se mar pholasaí sa straitéis tithíochta a chinntiú go mbeidh meascán saghsanna tithe idir bheag agus mór de réir dálaí áitiúla agus na riachtanas atá soiléir dúinn ón measúnú gá tithíochta.

Riachtanais Tithíochta Speisialta

Sa mheasúnú gá 2011 leagtar síos na catagóirí éagsúla teaghlach a lorgaíonn cóiríocht ar an gComhairle. Caithfear cúram speisialta a dhéanamh de riachtanais tithíochta i gcás na gcatagóirí seo a leanas.

Cóiríocht do Dhaoine Scothaosta

Meastar anois go méadófar faoi dhó an líon daoine scothaosta in Éirinn ar fad sa tréimhse 2006-26 agus go mbeidh breis méadaithe fós ar an lucht an-chríonna, sin aois 80 agus os a cionn (CSO 2008). I 2006 luaigh an Tuairisc um Chúram Fadtéarmach go dtiocfaidh méadú de réir tuartha daonra mar 1,105,000 faoi 2036 ar an líon daoine os cionn 65 bliana, (méadófar dá réir an sciar a bheidh os cionn 65 mar chéatadán den daonra oibre ó 17.4% go 39%)

Page 31: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

25

Tagann ne tréithe úd leis an scéal reatha mar atá ar fud na hEorpa, cheana féin sa bhliain 2011 bhí cóimheas lucht aosta atá spleách ar 25% i dtíortha mar An Danmhairg, an Spáinn agus an Ríocht Aontaithe is mar breis is 30% sa Ghearmáin agus san Iodáil.

Mar réiteach ar an gceist úd is é polasaí an rialtais ná an bhéim maidir le tacaíocht do dhaoine scothaosta a bhaint den chúram cónaithe i bhfábhar tacaíocht don bheatha aonair neamhspleách. Chuige sin beartaíonn An Roinn Sláinte seirbhísi idir bhaile agus pobail a ligfidh do dhaoine scothaosta fanúint ina mbailte féin. Bainfidh sé seo go háirithe leo siúd a bheidh neamhspleách go pointe áirithe ard nó meánach, eagrófar pacáistí cúram baile agus deontais do chúram príobháideach.

Is úinéirí tí iad an-chuid daoine aosta agus is mian leo fanúint ag maireachtaint go neamhspleách ina mbaile féin chomh fada agus is féidir. Caithfear tacú leo dá réir sin agus iad a éascú chuige. Feadfar díriú ar thithe a chur in oiriúint don tseanaois chomh maith le meascán teaghlach a spreagadh i bhforbairtí nua mar a mbeidh seans acu bogadh más mian leo isteach i dtigh a bheidh níos lú. Agus moltaí a ullmhú d’fhorbairtí nua tithíochta ní mór cuimhneamh ar na cúinsí úd maidir le meascán saghsanna tithe, dearadh an eastáit is na dtithe agus an láthair chuí.

Dealraíonn sé go gcaithfear polasaithe cinnte agus cuspóirí a dhréachtadh sa straitéis tithíochta seo chun freastal ar riachtanais an lucht scothaosta. Ní mór monatóireacht a dhéanamh orthu i gcaitheamh na haimsire agus iad a leasú dá réir i gcás fadhbanna. Beidh sé mar chuspóir lárnach againn tithe fad saoil a thógaint istigh i bpobail agus gur tithe iad ar féidir a mhaolú agus a chur in oiriúint chun go bhféadfaidh daoine atá anonn go maith sna blianta fanúint mar a bhfuil acu.

Bíonn tionchar nach beag ag lucht scothaosta ar an margadh tithíochta agus beidh sa todhchaí. Caithfear an fhíric úd a aithint agus rogha ceart a sholáthar sa mhargadh. Cruthófar an rogha úd trí thithe nua a thógaint a bheidh oiriúnach don lucht scothaosta, beidh breis deiseanna dá réir ag daoine óga teacht ar thithe atá sa stoc tithíochta cheana féin agus atá níos oiriúnaí do theaghlaigh óga.

Tagann athrú ar riachtanais daoine aosta le himeacht aimsire agus bíonn cúinsí speisialta maidir le rochtain, cúram leighis, slandáil agus sábháilteacht phearsanta. Ceist tábhachtach is ea lathair an tí agus ba chóir tithe cónaithe nó áitribh eile do dhaoine críonna a bheith suite an-ghar do shiopaí áisiúla, slite iompar poiblí agus áiseanna eile pobail.

Tá grúpa iláisínteachta á bhunú a leagfaidh síos creat agus spriocanna um sholáthar cúram idir chónaithe, scáthchóiríocht agus eile maidir le cóiríocht a cur ar fail do dhaonra atá ag dul in aois. Sa ghrúpa beidh ionadaithe Údarás Áitiúla Chiarraí, Údaráis Sláinte, Gardaí agus cumainn deonacha tithíochta príobháideacha. Mar threoir do shaothar an ghrúpa beidh an Straitéis Náisiúnta um Aois Dearfach chomh maith le nósanna reatha daonra is spriocanna, struchtúir reatha agus polasaithe atá ar bun i measc na n-áisínteachtaí éagsúla. Gné lárnach is ea an struchtúr iláisínteachta mar gheall ar an sórt oibre atá i gceist. Is é ról an ghrúpa ná an obair a tharlaíonn maidir le ceisteanna an daonra atá ag dul in aois a chomhordú ar bhonn comhtháite.

Page 32: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

26

Cóiríocht don Lucht Siúil

Faoi na hAchtanna Tithíochta 1966-2013, tá na hÚdaráis Áitiúla freagrach as cóiríocht a soláthar don lucht siúil, san áireamh bíonn láithreacha seirbheáilte carbhán. Ó feidhmíodh an Acht Tithíochta (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998, tá dualgas ar gach údarás áitiúil glacadh le clár um chóiríocht don lucht siúil dá cheantar féin feidhme a dhíríonn ar riachtanais don phobal siúil. Baineann an clár reatha leis an dtréimhse ó 2009 go 2013 agus moltar cláir chun cóiríocht a sholáthar don Phobal dúchasach Siúil. Tá an próiseas reachtúil comhairliúcháin phoiblí ar bun faoi láthair (Samhain 2013) maidir le Plean nua um Choiríocht don Lucht Siúil.

Tá breis is 55% den Lucht Siúil (mar a bhí 2011) i gcóiríocht ón údarás áitiúil nó ag brath ar chabhair uathu. Nós suimiúil a tharla chun cinn le cúpla bliain anuas is ea 25% acu a bheith i gcóiríocht phríobháideah ar cíos agus tógadh ceann de sin i straitéisí eile cheana féin.

Le déanaí deineadh measúnú ar an ngá cóiríocht don Lucht Siúil i gCiarraí mar chuid den gClár um Chóiríocht don Lucht Siúil sa Chontae. Léirigh an suirbhé go raibh thart ar 111 teaghlach ag lorg cóiríochta nó ag iarraidh aistriú ón áit ina rabhadar.

Maidir leis na hiarratais ón lucht siúil ag a bhfuil gá aitheanta tithíochta le linn na tréimhse 2009 – 2013 tharla laghdú in aghaidh bliana ar an líon úd (ó 33 i 2009 go 16 i 2012 agus tá 8 iarratas againn faoi láthair i 2013).

Cé nach féidir brath ar fhigiúirí san am atá caite mar thuar don todhchaí iontu féin, féadfar anailís a dhéanamh orthu agus treoir éigin a fháil uathu i dtreo nósanna a mheas don tréimhse 2014 -2018 atá romhainn.

Cé gur deacair figiúr cruinn a chur leis, ón bpróifíl aoise ina measc faoi láthair agus de réir an ráta teaghlach nua á chruthú sa Chontae, is dóigh le Comhairle Contae Chiarraí gurb é is dóichí ná go mbeidh iarratais ar chóiríocht ó 49 teaghlach nua sa tréimhse 2014 go 2018.

Cóiríocht do Lucht Míchumais

Is é an Straitéis Náisiúnta Tithíochta do lucht míchumais a foilsíodh i 2010 Straitéis nua an Rialtais um chóiríocht do lucht míchumais idir 2011 agus 2016. Cuireadh tiomantas don straitéis tithíochta a fhorbairt isteach sa chomhaontú idir na páirtithe sóisialta – I dTreo 2016 – agus é sin mar bhonn faoi ráiteas polasaí tithíochta 2007. Dfhoilsigh an Rialtas Ráiteas nua Polasaí Tithíochta mí an Mheithimh June 2011, a thacaíonn leis an Straitéis Náisiúnta Tithíochta do Lucht Míchumais. Cuid de chreat tionscadal is ea é chun tithíocht a sholáthar do theaghlach atá leochaileach nó faoi míbhuntáiste éigin.

Sa Straitéis úsáidtear an téarma “míchumas” maidir le ceithre chatagóir míchumais i.e. céadfaíoch, meabharshláinte, fisiciúil is meabhrach agus leagtar síos 9 cinn d’aidhmeanna straitéiseacha. Cuirtear chun cinn rochtain cothrom do lucht míchumais, tacaítear le maireachtaint go neamhspleách, moltar aistriú ó scáthchóiríocht go dtí cónaí amuigh sa phobal ag brath ar na tacaíochtaí a bhíonn ar fáil de réir dea-chleachtais. Clúdaítear leis réimsí mar dheachleachtas i gcúrsaí deartha, soláthar comhairle agus eolais, feabhas ar bhailiú sonraí agus monatóireacht/athbhreithniú ar ghnímh dhéanta.

Ní ba dhéanaí fós, mí Iúil 2012 foilsíodh an Creat Náisiúnta Cur i gCrích don Straitéis Náisiúnta Tithíochta do Lucht Míchumais (NHSPD). Tacaíonn an Creat úd le Straitéis Náisiúnta Tithíochta do Lucht Míchumais de chuid an Rialtais 2011 – 2016. Sa Chreat um chur i gcrích forbraítear

Page 33: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

27

na gnímh lárnacha atá sa straitéis agus luaitear cláir ama cuí is táscairí tábhachtacha feidhmíochta. Sna hailt seo a leanas mínitear cuid de na Príomhthacaíochtaí atá laistigh den chreat um chur i gcrích.

Seirbhísí Tacaíochta Tionóntachta

Aithnítear go mbaineann mórán seirbhísí tacaíochta a bhíonn á soláthar ag an HSE nó ag solathróirí seirbhíse de chuid an HSE go mórmhor le cumas neamhspleáchas a neartú. Sa chomhthéacs úd, d’aontaigh an HSE i bprionsabal dul i gcomhairle le soláthróirí scáthchóiríochta maidir le seirbhísí tacaíochta tionóntachta agus le dréachtchonradh a bhunú i dteannta údarás áitiúla.

Árais Chónaithe ar Thacaíocht Íseal nó Meánach

Maidir leo siúd a chónaíonn faoi láthair in árais ar bhonn tacaíocht íseal nó meánach, is é is dóichí ná go bhféadfaí an chóiríocht úd a aistriú go dtí úinéireacht agus bainistíocht an údaráis chuí áitiúla gan na tionóntaithe a bhogadh, beidh siad ansin mar thionóntachtaí údaráis aitiúla. Is fíor áfach, nach féidir an cheist úd a shoiléiriú go hiomlán go dtí go bhfaightear eolas ar stádas na n-áitreabh céanna, go háirithe maidir le caigdeáin na n-áitreabh agus le haon ghnímh, más ann dóibh, a bheadh riachtanach chun a chinntiú go gcomhlíontar forálacha inrochtaineachta, feidhmiú fuinnimh do thithíocht shóisialta agus mórán caighdeán go ginearálta.

Ina theannta san, caithfear an maoiniú do chothabháil na n-áitreabh úd a aithint is a aistriú go húdaráis tithíochta, mar is iad a bheidh freagrach as cúram agus cothabháil leanúnach ach ar dtús ní mór an líon agus an sórt áitreabh a bheidh le haistriú a chinntiú. I dtús báire, áfach, caithfear na háitritheoirí a cur ar an eolas agus rogha a thabhairt dóibh arbh fhearr leo fanúint mar a bhfuil acu nó fiú ar mhian leo fanúint sa cheantar roghnaithe céanna.

Le linn na tréimhse 2013 go 2019, meastar go mbeidh gá ag thart ar 2,300 daoine faoi mhíchumas le soláthar tithíocht shóisialta, é sin le cur i gcrích trí shocruithe léasa don chuid is mó. Dá réir sin, meastar go mbeidh gá le maoiniú breise ón earnáil rialtais áitiúil thart ar €2.8 milliún i mbliain 1 go €15.1 i mbliain 7 agus gur costas leanúnach a bheadh ansiúd as san amach.

Fuarthas maoiniú €1 milliún i 2013 chun tús a chur leis an gclár trasnaithe. Cinnteofar an maoiniú úd chun freagairt do riachtanais na ndaoine a thiocfaidh amach as institiúidí i 2013. Ligfear do na húdaráis áitiúla 150 tigh nua i measc an phobail a thabhairt do dhaoine faoi mhíchumas. Is anuas ar na gnáthsheirbhísí tacaíochta do thithíocht shóisialta a tharlaíonn trí chórais éagsúla a bheidh na haonaid nua seo.

Luaitear sa mheasúnú gá tithíochta 2013 go bhfuil thart ar 11.79% de na teaghlaigh ar na liostaí feithimh sa chatagóir míchumais. Anso thíos sa tábla tá figiúirí ón nDaonáireamh is deireanaí (2011) a mhíníonn líon lucht míchumais mar chéatadán den daonra iomlán sa chontae mar a bhí lena linn sin.

Page 34: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

28

Daonra Chiarraí atá faoi mhíchumas

Údarás ÁitiúilDaonra

(Daonáireamh 2011)

Líon daoine atá faoi mhíchumas

% den daonra atá faoi mhíchumas

Ciarraí 145,502 19,168 13.2%

Maidir le tithíocht do lucht míchumais, tá sé ríthábhachtach láthair an tí a chur san áireamh, go háirithe más bac gluaiseachta a bhíonn orthu. Ní mór dóibh a bheith gar don chóras iompar poiblí, do sheirbhísí áitiúla pobail agus áiseanna eile má táthar chun cur lena gcaighdeán saoil. Maidir le dearadh tithe, caithfear géilleadh do Chuid M de na Rialacháin Fhoirgníochta (mar a leasaíodh i 2010) chun rogha maith leathan a thabhairt dóibh siúd a bhíonn faoi mhíchumas.

De réir na Rialachán úd ní mór do gach aon fhoirgneamh seachas áit chónaithe a dhearadh is a thógaint ionas gur féidir le lucht réimse leathan míchumais dul chuig foirgneamh agus isteach ann, bogadh timpeall laistigh agus na háiseanna leithris a úsáid go neamhspleách agus go sábháilte

Ní mór tacú le coincheap an neamhspleáchais i saol lucht míchumais. Agus tithe á gcur in oiriúint dóibh caithfear a chur san áireamh gur minic a bhíonn gá le cúramóir a chonaíonn sa tigh leo. Caithfear ceann a thógaint leis de riachtanais a bhaineann le míchumais áirithe mar shampla an dall agus an duine bodhar maraon leo siúd a bhíonn faoi chúram síciatrach.

Chun déileáil go héifeachtach leis na riachtanais úd, beidh gá le comhairliúcháin agus le teagmháil idir na Boird chuí Sláinte agus/nó Cumainn a ghníomhaíonn ar son lucht míchumais éagsúla. Má bhíonn gá speisialta le tithíocht i gceantar áirithe, ba chóir an cheist úd a chur isteach sa chomhairliúchán réamh-phleanála a bhaineann le tailte in áirithe faoi Chuid V ionas gur féidir freagairt don ghá nuair a bhíonn an fhorbairt á dearadh an chéad uair.

Tá an Scéim Deontas do Lucht Míchumais chun Tigh a chur in Oiriúint agus an Scéim Deontas um Chúnamh Gluaiseachta araon ann faoi stiúir na nÚdarás Aitiúla, rogha tithíocht shóisialta is ea iadsan mar is féidir deontas a thabhairt d’iarrthóirí cáilithe chun obair a dhéanamh a chuirfidh an tigh in oiriúint dá gcuid riachtanas féin.

Mar atá luaite cheana féin tá ról lárnach anois níos mó ná riamh ag an earnáil tithíochta idir dheonach agus comharchumainn maidir le riachtanais speisialta tithíochta a sholáthar, riachtanais lucht míchumais san áireamh gan dabht.

Cóiríocht do Dhaoine gan Dídean

Bhunaigh An Roinn Comhshaoil, Pobal agus Rialtais Áitiúil beartais um chreat oibre a sholáthar a chuimsíonn treoir chun an Straitéis Náisiúnta do Dhaoine gan Dídean a chur i gcrích. Tá bonn cinnte reachtúil faoi na beartais úd trín Acht Tithíochta (Forálacha Ilchineálacha) Act 2009, clúdaítear san Acht gach aon ghné den déileáil le fadhb na ndaoine gan dídean i dtreo díriú ar an gcliant ar bhonn éifeachtach agus struchtúrtha. Don chéad uair riamh, liostáil

Page 35: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

29

Daonáireamh 2011 líon na ndaoine gan dídean in Éirinn. San áireamh bhí daoine a bhí istigh faoi scáthchóiríocht a bhí ann go speisialta dóibh is dá leithéid maraon le daoine a bhí ag codladh amuigh. Tá iomlán 3,808 duine gan dídean ar an liosta.

Caithfear a admháil gur rud deacair é na sonraí a thomhas go cruinn mar ní i gcónaí a admhaítear go bhfuiltear gan dídean ná ní theann gach aon duine acu i muinín scáthchóiríocht i gcas práinne. Cuireadh 166 duine ar an iomlán ina leithéid de chóiríocht i gCiarraí le linn na tréimhse 1 Eanáir 2013 go 30 Meán Fómhair 2013. San áireamh sa bhfigiúr sin tá daoine a cóiríodh níos mó ná uair amháin.

I 2010, de réir na reachtaíocht reatha tithíochta, bunaíodh Grúpa Bainistíochta ar Chomh-Fhóram Comhairliúcháin an Iardheiscirt do Dhaoine gan Dídean. Tá dualgas orthusan Creatphlean um Dhaoine gan Dídean san Iardheisceart a ullmhú i dtreo moltaí a dhéanamh do na comhlachtaí cuí reachtúla maidir le seirbhísí agus le hoibriú an Creatphlean um Dhaoine gan Dídean ar bhonn leanúnach agus leis an tsamhail ina dhiaidh sin dá réir. Ar an bhFóram tagraítear d’Údaráis Áitiúla an Iardheiscirt (Cathair is Contae Chorcaí agus Contae Chiarraí), FSS, Seirbhís Phríosúin na hÉireann, An tSeirbhís Phromhaidh, Boird Oideachais, Fás agus ionadaithe eile de réir gá.

Is ionann Creatphlean um Dhaoine gan Dídean san Iardheisceart agus na sé haidhm straitéiseacha atá sa polasaí náisiúnta um Dhaoine gan Dídean dar teideal “An tSlí Abhaile”.

An líon teaghlach a bhíonn gan dídean a laghdú trí bheartais choisctheacht a fhorbairt

is a fheabhsú – coisctheacht an fhadhb gan dídean

Deireadh a chur le cúinsí a chuireann iachall ar dhuine codladh amuigh

Deireadh a chur le heaspa dídine agus an téarma a chaitear gan dídean a laghdú

Roghanna tithíochta a mhéadú chun freagairt do riachtanais tithíochta go fadtéarmach

Seirbhísí éifeachtacha a chinntiú do dhaoine gan dídean

Feabhas ar mhaoiniú comhordaithe agus athbhéim ar an gcaiteachas ar sheirbhísído dhaoine gan dídean, bogadh amach ó sheirbhísí i gcás práinne i dtreo tithíocht neamhspleách sa bhfadtéarma agus seirbhísí tacaíochta a sholáthar.

Page 36: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

30

6 Soláthar Tithíocht ShóisialtaSa mhír seo leagtar síos na modhanna chun tithíocht shósialta a sholáthar agus mínítear athruithe a tharla le déanaí. Dúshlán mór is ea an solathar úd sa gheilleagar mar atá faoi láthair ó tharla gur laghdaíodh an Dáileadh Caipitiúil faoin gClár Infheistíocht i dTithíocht Shóisialta (SHIP) ó €3.735 milliún i 2009 go €1.6 milliún i 2012.

I 2012 d’fhoilsigh An Roinn Comhshaoil ciorclán1 a léirigh go mba chóir, go dtí go mbeadh toradh ar chainteanna comhaontaithe faoi Chuid 96, dualgais a chomhlíonadh trí mhodhanna nár chúisigh breis brú maoinithe ar údaráis aitiúla. Ar na cúiseanna luadh dálaí margaidh, staid airgeadais na n-údarás áitiúla is an Státchiste, an iomarca tithíocht inacmhainne a bheith ar fáil sna blianta 2008-9, an méid a bhí déanta ag údaráis áitiúla maidir le hiomlánú sóisialta de réir Cuid V agus pobail inmharthana a chruthú dá réir sin trí dhíriú go soiléir ar an ngné úd. Moladh na roghanna seo:

Ranníocaíocht airgeadais•

Lion laghdaithe aonad•

Tailte ina n- ionad.•

Roghanna um Sholáthar Tithíocht Shóisialta

Tá roinnt roghanna ag Údaráis Aitiúla chun déileáil le soláthar tithíocht shóisialta mar a leanas:

Tithíocht Shóisialta a soláthar faoi Chuid V de na hAchtanna um Phleanáil agus Forbairt •2000-2011

An Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS), Tionscadal um Chomhaontuithe Léasa agus Fála •agus Íocaíocht um Chúnamh Tithíochta

Tithíocht Shóisialta a soláthar i gcomhar le cumainn deonacha tithíochta (Comharchumainn •Tithíochcta san áireamh)

Folúntais Ócáideacha•

Tithe nua nó ar athláimh a cheannach do Riachtanais Áirithe •

Cóiríocht a thógaint do Riachtanais Áirithe •

Tithíocht Shóisialta a sholáthar faoi Chuid V

Tá srian le tithíocht shóisialta faoi Chuid V faoin gheilleagar mar atá faoi láthair. Ina theannta san, mar a luadh cheana i dtús na míre seo, cuirfear teorainn le maoiniú chun aonaid tithíocht shóisialta a cheannach. Admhaítear go n-aithníonn an t-athbhreithniú reatha ar Chuid V an gá atá le leas pleanála a aimsiú d’fhorbairtí cónaithe trí acmhainní tacaíochta um thithíocht shóisialta.

1 Ciorclán Tithíochta 11/2012 (dátaithe 29 Feabhra 2012)

Page 37: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

31

An Scéim um Chóiríocht ar Cíos (RAS), Tionscadail Léasa agus Íocaíocht um Chúnamh Tithiochta

Scéim náisiúnta is ea an An Scéim um Chóiríocht ar Cíos dóibh siúd a fhaigheann liúntas cíosa ar feadh ar a laghad 18 mí agus ag a mbíonn gá le tithíocht go fadtéarmach. Riarann Comhairle Contae Chiarraí an scéim ó 2006/7 mar fhoinse cóiríocht ar chaighdeán maith a thabhairt ar cíos dóibh siúd atá cáilithe chun cur le freagairt na n-údarás áitiúla don ghá fadtéarmach tithíochta.

Mar a luadh cheana, trí fheidhmiú an Acht Tithíochta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2009, aithnítear anois an scéim RAS go foirmiúil mar rogha chun déileáil le gá tithíochta. Bíonn comhaontuithe conartha ag an gComhairle le tiarnaí talún um theacht ar chóiríocht phríobháideach ar cíos don RAS sa mheán nó sa bhfadtéarma. Go dtí seo tá 641 duine ar an iomlán ann a fhaigheann RAS sa Chontae.

Tá sé i gceist ag an Rialtas íocaíocht an Fhóirdheontais Chíosa a aistriú go dtí na hÚdaráis Áitiúla. Deinfear athbhunú ar an íocaíocht mar Íocaíocht um Chúnamh Tithíochta (HAP) agus glacfar leis go bhfuiltear ag freastal ar ghá tithíochta na ndaoine a fhaigheann an fóirdheontas. Ar an gcuma céanna glacfar leis go bhfuiltear ag freastal ar ghá tithíochta má ligtear do dhaoine fanúint san áitreabh mar a bhfuil acu i láthair na huaire.

Níos déanai fós thug An Roinn Comhshaoil an Tionscadal Tithíocht Shóisialta ar Léas isteach i 2009. Faoin scéim úd ligtear d’údaráis áitiúla socruithe fadtéarmacha a dhéanamh le húinéirí áitreabh príobháideacha go ceann 10 mbliana nó 20 bliain. I gcásanna áirithe is iad cumainn tithíochta deonacha a bheadh freagrach as na háitribh a bhainistiú. Bhronnfaí na tionóntachtaí ar iarrthóirí ó liostaí feithimh údarás áitiúla. Gheobhadh an t-údarás an áitreabh ar cíos faoi lacáiste ar an gcíos margaidh agus bheidís fein freagrach as feidhmeanna bainistíochta agus cothabhála, thairis sin d’fhéadfaidís maoiniú a bhronnadh ar chumann tithíochta chucusan. D’íocfadh an tionónta cíos difreálach leis an údarás áitiúil nó leis an gcumann tithíochta.

Tá scata eile Tionscadal Tithíocht Shóisialta a fhreagraíonn don ghá agus orthusan tá:

Comhaontuithe Léasa agus Fála: Féadfaidh Comhlachtaí Ceadaithe Tithíochta léas a shíniú le Tiarna Talún/Forbróir maidir le háitreabh aonair nó le líon áitreabh. Ní ghlacfar ach le háitribh tar éis don údarás áitiúil a chinntiú go bhfreagrófar do riachtanas tithíocht shóisialta trín(na) (h)aona(i)d úd a fháil ar léas.

Comhaontuithe Fadtéarmacha Léasa/Fála: Féadfaidh Údaráis Áitiúla áitribh a fháil ar léas go díreach ó thiarna talún muna mbíonn puinn dealramh ann go mbeidh tithíocht ar fáil sa todhchaí nó muna mbíonn dóthain stoc tithíochta ag an údarás áitiúil chun freagairt do riachtanais tithíocht iarrthóirí aitheanta atá ag lorg tithíocht shóisialta.

Tógaint i gcomhair Léasa: Féadfaidh Údaráis Áitiúla iarradh ar fhorbróirí tairiscint ar thailte údaráis áitiúla ar an mbonn go mbeadh léas 20 bliain ar an dtalamh ag an údarás áitiúil. In ionad díol as an dtalamh, d’fhéadfadh an forbróir an talamh a fháil trí líon áirithe na n-aonad a aistriú go dtí an údarás áitiúil. Meastar ar an meán go soláthrófaí idir 20 – 30 aonad in aon tionscnamh faoin scéim seo.

Page 38: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

32

Tithíocht Shóisialta a Sholáthar i bpáirt le Cumainn Deonacha Tithíochta (Comharchumainn Tithíochta san áireamh)

Cuireann Cumainn Deonacha Tithíochta go mór le cúrsaí tithíocht shóisialta ar fud an chontae agus meastar go bhfuilid freagrach as thart ar 559 áitreabh. De ghnáth cuirtear an tithíocht ar fáil trín Scéim um Chúnamh Caipitiúil (CAS) a sholáthraíonn cóiríocht dóibh siud ag a mbíonn riachtanais speisialta tithíochta mar dhaoine scothaosta, lucht míchumais agus daoine gan dídean. Sa Strategic Review of Capital Funding Schemes for Voluntary and Co-operative Housing (a foilsíodh i 2009) moltar nach beart inmharthana é a thuilleadh an maoiniú caipitiúil 100% a fhaightear ón Státchiste agus go mba chór an bhéim a bhaint den mhaoiniú caipitiúil d’fhoirgníocht nua is í a cur ar shamhail mhaoiniú ioncaim, í bunaithe go mór ar áitribh ar léas fadtéarmach de réir an tionscadail léasa. Tagraítear arís don mhéid sin i Comparative Financial Appraisal of Projected Long-term Costs of Social Housing Delivery Mechanisms (Eanáir 2011) a admhaíonn gur fearr roghanna bunaithe ar ioncaim (mar RAS agus Léasa) i láthair na huaire mar bheartais chostéifeachtacha. Is fíor áfach, go luaitear freisin go bhfuil gá le réimse roghanna a bheith ann chun soláthar tithíochta a chinntiú de réir na riachtanas éagsúla tithíochta a bhíonn againn.

Leathnaíodh na tionscadail léasa úd chun na hearnála deonacha tithíochta agus comharchumainn a bhreith isteach. Spreagtar comhlachtaí ceadaithe i leith áitribh a fháil is a thógaint ar léas ó fhorbróirí faoi réir choinníollacha áirithe. Mar a pléadh cheana, de dheasca staid an gheilleagair d’fhanfadh fála CAS ar an mbonn go n-úsáidfí aon mhaoinú dá leithéid a thiocfadh chugainn chun déileáil le tosaíochtaí aitheanta maidir le riachtanais. Is fíor áfach go bhféadfadh méadú teacht ar mhaoiniú de réir feabhas ar chursaí eacnamaíochta.

Táthar ag súil go méadófar an ról a bheidh ag Comhlachtaí Deonacha Tithíochta go ceann tréimhse na straitéise. Aithníonn an straitéis seo an tábhacht atá le comhoibriú leo maidir le tithíocht shóisialta.

Folúntais Ócáideacha

Tá laghdú ar an líon folúntas ócáideacha le blianta anuas. De réir na dTáscairí Náisiúnta Seirbhíse i 2010, 2011 agus 2012 líonadh 108, 87 and 66 folúntas ócáideacha faoi seach. Meastar go laghdófar an stoc a bheadh ann don athligean in aghaidh na bliana dá réir sin.

Tithe Nua nó ar Athláimh a Cheannach

Ní bhíonn an rogha seo ar fáil le tamall anois de dheasca laghdú a bheith tagtha ar an nDáileadh Caipitiúil.

Cóiríocht Nua a Thógaint

Ar aon dul leis an rogha ceannaigh, níorbh fhéidir aonaid a thógaint le tamall

Page 39: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

33

Freastal ar an éileamh

Tá súil ag Údaráis Tithíochta Chiarraí an soláthar tithíochta a chomhlíonadh trí chumasc de na roghanna a luadh anso thuas de réir aon treoir naisiúnta a thiocfaidh chun cinn go ceann tréimhse na straitéise. Meastar go mbeidh níos mó éilimh amach anseo ar na scéimeanna a tugadh isteach le déanaí, léasa sóisialta san áireamh. Is léir go scrúdóidh na húdaráis gach aon fhoinse soláthair, mar shampla, eastáit fholmha is iad atá gan chríochnú, aonaid inacmhainne nar ceannaíodh, aonaid acu féin a fhágtar gan tionónta maraon le folúntais ócáideacha agus fadtéarmacha a bheidh ar fad ina réimsí lárnacha tosaíochtaí nuair nach féidir aonaid nua a thógaint ná a cheannach.

7 Cur i gCrích agus Monatóireacht

Beidh Comhstraitéis Tithíochta Údarás Áitiúla Chiarraí ag feidhmiú nuair a ghlacfar léi mar chuid den Phlean cuí Forbartha tar éis é sin a dhéanamh nó a athrú mar a leagtar síos faoin Acht um Phleanáil agus Forbairt (Leasú) 2000.

Chun aidhmeanna na straitéise a bhaint amach mar a luaitear anso thíos, caithfear polasaithe is gnímh straitéiseacha a chur i gcrích go héifeachtach:

A chinntiú go bhfreagraíonn soláthar iomlán do ghá tithíochta daonra molta a) Chiarraí anois agus sa todhchaí

A chinntiú go mbíonn meascán saghsanna agus méid na dtithe de réir teaghlach b) éagsúla

A chinntiú go mbíonn tithíocht ar fáil do lucht leibhéal difriúla ioncaimc)

Freagairt don ghá a bhíonn le tithíocht shóisialta. d)

Chun aidhmeanna na straitéise a bhaint amach leis caithfear comhoibriú go dlúth leis na comhlachtaí cuí ar fad mar a leanas:

Comhoibriú i measc ranna éagsúla laistigh de na hÚdaráis Áitiúla, san áireamh a) go háirithe beidh comhairliúchán idir ranna pleanála agus ranna tithíochta sula n-ullmhaítear pleananna tithíochta agus ina dhiaidh sin

Dlúthchaidreamh idir na hÚdaráis Áitiúla laistigh de Chiarraíb)

Feabhas ar chomhairliúchán is ar chomhoibriú idir Údaráis Áitiúla, Forbróirí, an c) Earnáil Tithíochta idir Dheonach is Comharchumainn agus áisínteachtaí cuí eile maidir le cur i gcrích na straitéise

Páirtíochtaí a fhorbairt i dtreo forbairtí iltionóntachta a sholáthar; réitigh d) shamhlaíocha deartha a lorg is a fhorbairt do láithreacha iltionóntachta

Dlúthchaidreamh leo siúd a thiocfaidh mar chomharbaí ar na Boird Fhorbartha e) Contae is ar na Fóraim um Bheartais Chuimsiú Sóisialta.

Page 40: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

34

Ar na ceisteanna lárnacha a d’éirigh as athbhreithniú na Straitéise go dtí seo tá:

Go bhfuil gá le Comh-Fhóram Páirtithe Leasmhara Comhstraitéis Tithíochta ar a a) mbeidh ionadaithe na bpríomhghrúpaí a bhíonn ag plé le ceisteanna tithíochta i gCiarraí. Moltar go dtiocfadh an grúpa seo le chéile de réir gá chun polasaí um réimsí airithe tábhachtacha áitiúla nó náisiúnta a phlé is a ullmhú. Moltar leis go ndíreoidh an chéad Ghrúpa úd Páirtithe Leasmhara ar an ndaonra atá ag dul anonn sna blianta.

Gur rud fíorthábhachtach é na heastáit a bhainistiú agus go leathnaítear tarchur b) na nAonad Bainistíocht Eastát chun na seirbhísí bainistíochta a fheabhsú. Trí bhainistíocht na n-eastát beidh Údaráis Áitiúla Chiarraí ag iarraidh an teachtadh as tigh, foirgneamh nó tailte a sholáthraíonn siad a fheabhsú, chomh maith le teachtadh aon áitreabh príobháideach a bhíonn sínte leo. Tá sé seo ríthábhachtach maidir leis na hEastáit atá gan Chríochnú i gCiarraí mar a dtabharfar tús áite sna húdaráis phleanála do bheartais chun déileáil le feabhsúcháin um shábháilteacht phoiblí agus ceisteanna comhshaoil do na háitritheoirí agus dóibh siúd a chónaíonn in aice láimhe.

Ról Údarás Áitiúla Chiarraí

Tá ról fíorthábhachtach ag Údaráis Aitiúla Chiarraí maidir le cúrsaí tithíochta sa Chontae seo againne. Is féidir an t-ábhar seo a choimriú mar a leanas: -

Ról Comhtháite Pleanála: a) leagtar síos treoracha leithne um pholasaí agus straitéiseacha don bhforbairt is don úsáid tailte; más cuí curtear na polasaithe úd go díreach i bhfeidhm san údarás féin

Ról Rialaithe:b) rialaítear úsáid talún, caighdeán foirgníochta, an earnail phríobháideach ar cíos agus sláinte comhshaoil de réir creataí pleanála idir náisiúnta agus áitiúla

Ról Cur chun Cinn:c) cuirtear forbairt chun cinn agus oibrítear le háisínteachtaí pobail is le leibhéil eile rialtais maidir le córais tithíochta a fhreagraíonn do riachtanais sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíocha na n-áitritheoirí

Ról um Chonláistí:d) deintear páirceanna poiblí, spás oscailte poiblí agus bonneagar fisiciúil a fhorbairt, a chothabháil go rialta is a chaomhú i dtreo conláistí cónaithe na n-áitritheoirí a fheabhsú.

Ról Éascaithe:e) cabhraítear le maoiniú a aimsiú agus éascaítear deiseanna forbraíochta a ligeann do thógaint tithíocht shóisialta.

Ról an Úinéir Talún:f) baintear leas as ról an Údaráis Aitiúla mar úinéir talún chun dul i bhfeidhm ar an margadh tithíochta i dtreo cuspóirí bunaithe a bhaint amach.

Page 41: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021

Stra

itéis

Tith

íoch

ta

35

Faoin Acht um Phleanáil agus Forbairt tá dualgas orainn an Straitéis Tithíochta a athbreithniú in aghaidh an dá bhliain má bhíonn athrú suntasach ar an margadh tithíochta nó ar an Straitéis Spásúil Náisiúnta. Chun é sin a éascú agus chun cur i bhfeidhm na bpolasaithe a scrúdú beidh gá gan dabht le monatóireacht ar an straitéis. Chuige sin, féadfaidh an Coiste Polasaí Straitéiseach a bheith bainteach leis an monatóireacht seo. Ina theannta san, caithfear ceann a thógaint i gcónaí de thréithe i bpraghsanna tithe agus rátaí ioncaim.

Tá córais anois bunaithe lena chinntiú go gcoimeádann na húdaráis go léir a gcuid sonraí riachtanacha ar bhonn leanúnach agus inúsáide. Tá réimsí táscairí náisiúnta acu freisin a ligeann don anailís ar fheidhmíocht. Le déanaí tá scrúdú á dhéanamh ar Phlean Straitéiseach a ullmhú maidir le háiseanna TEC a úsáid sa Réimse Feidhmiú Tithíochta. Orthusan tá an moladh go gcuirfí seirbhísí ar líne ar fáil do shaoránaigh.

8 Prionsabail agus Polasaithe

D’eascair an mhír seo as anailís ar cheisteanna tithíochta a ardaíodh le linn ullmhú na straitéise. Luaitear arís anso aidhmeanna na straitéise i gcomhthéacs na gceithre bunphrionsabal atá mar bhonn fúithi. Leathnaítear amach na prionsabail chun polasaithe atá níos sonraithe.

Aidhm na Straitéise:

‘Muintir Chiarraí a éascú, anois agus sa todhchaí, ionas gur féidir leo maireachtaint in áit inacmhainne a bheidh oiriúnach dá gcuid riachtanas féin’

Na Prionsabail Lárnacha:

Tá ceithre phrionsabal lárnacha faoin Straitéis Tithíochta mar a leanas:

Prionsabal 1: Réimse leathan saghsanna tithíocht a sholáthar do lucht leibhéal difriúla ioncaim agus cúinsí difriúla sóisialta.

Prionsabal 2: Sochaí cothrom cuimsithe sóisialta a chur chun cinn ins na ceantair thithíochta ar fad atá i gCiarraí

Prionsabal 3: Pobail ardchaighdeáin inmharthana a chur chun cinn sa Chomhshaol Uirbeach agus Tuaithe trí na Treoracha d’Údaráis Phleanála a foilsíodh mí Bealtaine 2000 um Fhorbairt Inmharthana Chónaithe i gCeantair Uirbeacha a chur i gcrích

Prionsabal 4: Monatóireacht a dhéanamh ar an Straitéis Tithíochta i gcomhar leo siúd atá lárnach um pholasaithe na straitéise a chur i gcrích.

Page 42: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Plean Forbartha Chiarraí 2015 - 2021S

traité

is T

ithío

chta

36

Polasaí Straitéis Tithíochta:

Ag éirí as anailís i míreanna go dtí seo agus as athbhreithniú ar cheisteanna a ardaíodh le linn ullmhú na straiteise seo aithníodh sraith polasaithe.

Léireoidh an Dualgas Tithíocht Shóisialta faoi Chuid V torthaí an staidéar a deineadh ar gach réimse den mhargadh tithíochta. Scrúdófar gach aon iarratas as féin agus maidir le dualgas Cuid V úsáidfear modh a éascóidh pobail bheo láidre ar bhonn tionóntacht mheasctha.

Baineann na roghanna seo a leanas le dualgais Cuid V:

Ranníocaíocht airgeadais agus an t-údarás sásta glacadh le híocaíocht ar bhonn •céimneach aontaithe Aonaid a bheadh tógtha nó tailte eile a aistriú saor in aisce go dtí an Chomhairle. •Ní ghlacfar lena leithéid d’aonaid ach i gceantair mar a mbeidh gá aitheanta tithíochtaLíon beag aonad a aistriú saor in aisce go dtí an Chomhairle agus iad in oiriúint •do lucht míchumais nó dóibh siúd ag a mbeidh riachtanais speisialta tithíochtaCumasc dhá mhodh ar a laghad díobh siúd a luaitear anso thuas.•Áiseanna pobail a leanfadh forbairt tithíochta a sholáthar de réir gá mar a •bheartóidh an tÚdarás Tithíochta.

Éileoidh an Chomhairle go n-áireofar 20% de thailte a ainmneofar mar zón tithíochta (nódo chumasc tithíochta agus eile) go speisialta do thithíocht shóisialta agus/nó do riachtanaisspeisialta tithíochta

Má bhíonn gá le hiarratas nua pleanala chun críochnú eastát a fágadh gan chríochnú aéascú (de réir clár na n-eastát gan chríochnú a luadh cheana féin) ní éileofar aon riachtanasde réir Cuid V ionas go bhféadfar an obair chuí a chur i gcrích chomh tapaidh agus is féidir

Más cuí, mar chuspóir rialóidh Údaráis Phleanála Chiarraí go meastar aon talamh a bhíonn laistighde theorainn fhorbraíochta agus nach luaitear maidir le cuspóir faoi leith(san áireamh beidhtalamh faoi chuspóir ginearálta ainmnithe) mar zón cónaithe nó meascán úsáide (cónaithesan áireamh), ar son Cuid V den Acht um Phleanáil agus Forbairt (Leasú) 2000.

Page 43: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta
Page 44: CIARRAÍ Plean Forbartha 2015 - 2021atomik.kerrycoco.ie/ebooks/devplan/pdfs/ga/vol5irish.pdfTharla measúnú sonraithe idir an aimsir chaite agus an todhchaí ar an margadh tithíochta

Aonad Polasí PleanalaComhairle Contae Chiarraí