cá bhfuil aoibheann? · 2021. 1. 12. · ca˜ bhfuil aoibheann.indd 2 20/09/2006 14:47:40. lá...

32

Upload: others

Post on 15-Feb-2021

2 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • Cá bhfuil Aoibheann? Cá bhfuil

    Aoibheann?

    Áine Ní ShioradáinPeter Donnelly a mhaisigh

    Cá bhfuil Aoibheann.indd 1 02/10/2006 13:50:12

  • Ca� bhfuil Aoibheann.indd 2 20/09/2006 14:47:38

  • Baile Átha Cliath

    Cá bhfuil Aoibheann?

    Áine Ní ShioradáinPeter Donnelly a mhaisigh

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 1 20/09/2006 14:47:39

  • An chéad eagrán 2006

    © An Roinn Oideachais agus Eolaíochta / Foras na Gaeilge, 2006

    Athchló 2013

    Gach ceart ar cosaint. Ní ceadmhach aon chuid den fhoilseachán seo a atáirgeadh, a chur i gcomhad athfhála, ná a tharchur ar aon mhodh ná slí, bíodh sin leictreonach, meicniúil, bunaithe

    ar fhótachóipeáil, ar thaifeadadh nó eile, gan cead a fháil roimh ré ón bhfoilsitheoir.

    Baineann an saothar seo le scéim Dhearthóirí Áiseanna Teagaisc na Roinne Oideachais agus Eolaíochta atá ann chun áiseanna Gaeilge a sholáthar do na bunscoileanna Gaeltachta agus do na

    bunscoileanna lán-Ghaeilge.

    Dearthóirí Áiseanna Teagaisc na Gaeilge a scríobh

    Dearadh agus leagan amach: Designit

    Obair ealaíne: Peter Donnelly

    PB Print a chlóbhuail in Éirinn

    An Gúm, 24–27 Sráid Fhreidric Thuaidh, Baile Átha Cliath 1

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 2 20/09/2006 14:47:40

  • Lá breá samhraidh a bhí ann.

    ‘Níor cheart a bheith istigh lá breá

    mar seo,’ arsa Daidí. ‘Tabharfaidh

    mé Aoibheann amach ag siúl.’3

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 3 20/09/2006 14:47:41

  • ‘Ach caithfidh tusa fanacht anseo,’

    arsa Daidí le Glic.

    ‘Glic bocht!’ arsa Aoibheann.

    ‘Ba mhaith leis dul amach ag siúl.’

    ‘Caithfidh sé fanacht anseo,’

    arsa Daidí. ‘Bíonn sé ag troid

    le madraí eile.’

    ‘Bhuf! Bhuf!’ arsa Glic.

    4

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 4 20/09/2006 14:47:43

  • 5

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 5 20/09/2006 14:47:45

  • ‘Isteach leat sa bhugaí,’ arsa Daidí

    le hAoibheann.

    Ach ní mó ná sásta a bhí Aoibheann.

    ‘Ní maith liom an bugaí,’ ar sise

    agus thosaigh sí ag béiceadh.6

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 6 20/09/2006 14:47:47

  • Rug Daidí ar Aoibheann agus chuir

    sé isteach sa bhugaí í.7

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 7 20/09/2006 14:47:48

  • ‘Cá bhfuilimid ag dul?’

    a d’fhiafraigh Aoibheann

    tar éis tamaill.

    ‘Go dtí an siopa,’ arsa Daidí.

    ‘Caithfidh mé an páipéar

    a cheannach.’

    Bhí Aoibheann breá sásta nuair

    a chuala sí é sin.

    ‘Is maith liomsa an siopa,’ ar sise.

    8

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 8 20/09/2006 14:47:50

  • 9

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 9 20/09/2006 14:47:52

  • Nuair a chonaic Aoibheann

    na milseáin ar fad thosaigh sí

    ag béiceadh arís.

    ‘Tá milseáin uaim,’ ar sise, ‘ceann

    acu sin agus ceann acu sin agus

    ceann acu sin!’

    ‘Ná bac leo sin. Níl siad go maith

    duit,’ arsa Daidí agus amach an

    doras leo.

    10

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 10 20/09/2006 14:47:54

  • 11

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 11 20/09/2006 14:47:56

  • ‘Cá bhfuilimid ag dul anois?’

    a d’fhiafraigh Aoibheann

    tar éis tamaill.

    ‘Ag siúl sa pháirc,’ arsa Daidí.

    Bhí Aoibheann breá sásta nuair

    a chuala sí é sin.

    ‘Is maith liomsa an pháirc,’ ar sise.

    12

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 12 20/09/2006 14:47:58

  • 13

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 13 20/09/2006 14:48:00

  • Nuair a shroich siad an pháirc

    scaoil Daidí Aoibheann amach

    as an mbugaí.

    ‘Seo anois. Tabharfaimid bia do na

    lachain ar dtús,’ arsa Daidí.14

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 14 20/09/2006 14:48:02

  • Siúd leo go dtí an loch. Thug

    Aoibheann arán do na lachain.

    ‘Is maith liomsa na lachain,’ ar sise.15

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 15 20/09/2006 14:48:04

  • Faoin am seo bhí Daidí bocht

    tuirseach.

    ‘Bí ag rith leat ansin,’ ar seisean

    le hAoibheann, ‘agus léifidh mise

    an páipéar. Maith an cailín.’16

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 16 20/09/2006 14:48:06

  • Bhí Aoibheann breá sásta léi féin.

    Chonaic sí féileacán agus rith sí

    ina dhiaidh. Chonaic sí beach agus

    rith sí ina diaidh.

    ‘Is maith liom an pháirc,’

    arsa Aoibheann.17

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 17 20/09/2006 14:48:08

  • Is ansin a chonaic Aoibheann

    an madra.

    ‘A Dhaidí,’ ar sise. ‘Tá Glic anseo.

    Tá Glic anseo!’

    Ach níor chuala Daidí í. Bhí sé

    ag léamh an pháipéir.18

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 18 20/09/2006 14:48:10

  • ‘Tar anseo, a Ghlic,’ arsa Aoibheann

    leis an madra. ‘Tar anseo.’

    Ach rith an madra uaithi.

    Rith Aoibheann ina dhiaidh.19

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 19 20/09/2006 14:48:11

  • Tar éis tamaill leag Daidí uaidh

    an páipéar.

    ‘A Aoibheann,’ arsa Daidí. ‘Tá sé in

    am againn a bheith ag dul abhaile.’

    Ach tásc ná tuairisc ní raibh

    ar Aoibheann.

    ‘A Aoibheann!’ ar seisean arís.

    Ach tásc ná tuairisc ní raibh

    ar Aoibheann.

    20

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 20 20/09/2006 14:48:13

  • 21

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 21 20/09/2006 14:48:15

  • Léim Daidí ina sheasamh. Bhí

    a chroí ina bhéal aige.

    ‘Cá bhfuil tú, a Aoibheann?

    Cá bhfuil tú?’ ar seisean.22

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 22 20/09/2006 14:48:17

  • Daidí bocht! Rith sé go dtí an loch

    agus a chroí ina bhéal aige.

    ‘Cá bhfuil tú, a Aoibheann?

    Cá bhfuil tú?’ ar seisean.

    Ach tásc ná tuairisc ní raibh

    ar Aoibheann.23

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 23 20/09/2006 14:48:19

  • Rith Daidí go dtí an fhaiche

    imeartha. Bhí a chroí ina bhéal

    aige. Ansin chuala sé madra

    ag tafann. Chuala sé cailín beag

    ag gáire.

    ‘A Aoibheann!’ arsa Daidí.

    ‘An tusa atá ansin?’

    24

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 24 20/09/2006 14:48:21

  • An tusa atá ansin?

    25

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 25 20/09/2006 14:48:23

  • ‘Is mé,’ arsa Aoibheann. ‘Agus,

    a Dhaidí, fuair mé deartháir nua

    do Ghlic! Ceolán an t-ainm atá air.’

    26

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 26 20/09/2006 14:48:25

  • 27

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 27 20/09/2006 14:48:27

  • ‘Ó, a Aoibheann!’ arsa Daidí. ‘Tá tú

    slán sábháilte. Buíochas le Dia!’

    ‘Bhuf! Bhuf!’ arsa Ceolán.28

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 28 20/09/2006 14:48:28

  • Ca� bhfuil Aoibheann.indd 29 20/09/2006 14:48:28

  • ‘Níor cheart a bheith istigh lá breá

    mar seo,’ arsa Daidí. ‘Tabharfaidh

    mé Aoibheann amach ag siúl.’

    Ca� bhfuil Aoibheann.indd 30 20/09/2006 14:48:29