beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh conor mcgregor i mbaile Átha cliath ar an 14 iúil...

30

Upload: others

Post on 22-Jul-2020

10 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Page 1: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

© CCEA 2018

Page 2: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

CONOR MCGREGOR

beatha le bua

Conor McGregor Book.indd 1 09/03/2018 12:50

Page 3: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

Pictiúr Clúdaigh © Jeff Bottari / Zuffa LLC / Getty Images

Pictiúir le © Alamy Stock Photo agus Getty Images

Arna tháirgeadh agus arna fhoilsiú ag CCEA

Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a athfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó CCEA.

Conor McGregor Book.indd 2 09/03/2018 12:50

Page 4: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

CO

NO

R M

cG

RE

GO

R beatha le bua

Conor McGregor Book.indd 3 09/03/2018 12:50

Page 5: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

4

CONOR MCGREGOR

Intreoir

Is beag duine in Éirinn, agusar fud an domhain b’fhéidir, nár chuala iomrá ar bith ar Conor McGregor faoin am seo. Is Éireannach é a bhfuil clú agus cáil air. Is fear spóirt ar leith é a bhfuil cuid mhór bainte amach aige. Is duine é atá i mbarr a réime san am i láthair sa spórt a bhfuil sé páirteach ann. Tá pearsantacht ar leith aige. Is duine é a bhfuil an-dúil ag cuid mhór daoine ann. Ach is duine conspóideach é fosta agus tá go leor daoine ann atá dubh ina éadan. Tugtar ‘Notorious’ air mar leasainm. Cad chuige, mar sin, a bhfuil idir ghrá agus ghráin ag daoine air? Sin ceist chasta ach is dócha go mbaineann sé le dhá rud go háirithe, is é sin go bhfuil an spórt sin a bhfuil sé páirteach ann brúidiúil agus cruálach b’fhéidir. Ar a bharr sin, tá fuath ag cuid mhór daoine ar a phearsantacht.

Conor McGregor Book.indd 4 09/03/2018 12:50

Page 6: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

5

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

CONOR MCGREGOR

© JEFF BOTTARI / ZUFFA LLC / GETTY IMAGES

Conor McGregor Book.indd 5 09/03/2018 12:50

Page 7: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

6

CONOR MCGREGOR

Conspóid

Maidir leis an spórt a bhfuil sé páirteach ann, tugtar ‘Ealaíona Comhraic Measctha’ (Mixed Martial Arts) air. Is meascán é ina bhfuil dornálaíocht agus cineálacha troda nó comhraic eile amhail cicdhornálaíocht agus Jiu-Jitsu. Tarlaíonn na comhraic (nó na troideanna) taobh istigh d’fháinne cosúil le fáinne dornálaíochta ach go mbíonn eangach ard thart air. Bíonn an comhrac féin fíochmhar, agus fuilteach in amanna, agus shílfeá nach bhfuil rialacha ar bith ann. Bíonn an chuma air go bhfuil cead acu an duine eile a bhualadh áit ar bith ar an chorp. Agus sin go díreach an rud nach maith le cuid mhór daoine, go bhfuil an cineál seo comhraic róchruálach, fuilteach, brúidiúil agus contúirteach. Síleann siad nár chóir go mbeadh a leithéid ceadmhach sa lá atá inniu ann. Tá siad den bharúil nach bhfuil sé mórán níos fearr ná na comhraic a rinne na gliairí a bhí sa Róimh cúpla míle bliain ó shin. Creideann siad nach spórt ar chor ar bith é.

Conor McGregor Book.indd 6 09/03/2018 12:50

Page 8: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

7

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

CONOR MCGREGOR

© ZUMA PRESS, INC / ALAMY STOCK PHOTO

Conor McGregor Book.indd 7 09/03/2018 12:50

Page 9: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

8

CONOR MCGREGOR

Maidir le pearsantacht McGregor, measann cuid mhór daoine go bhfuil sé lán de féin, róbhródúil, iontach sotalach agus béalscaoilte. Is cinnte go bhfuil pearsantacht iontach láidir aige agus gur maith leis a bheith mórtasach agus é ag caint air féin. Is maith leis a bheith ag déanamh a mhór de féin agus a bheag a dhéanamh den trodaí eile. Bíonn sé i gcónaí ag amaidí os comhair ceamairí. Níl aon dabht ná go gcreideann sé ann féin agus go gcuireann sé sin in iúl go fonnmhar do gach duine.

Ar an taobh eile de, tá go leor daoine ann a bhfuil dúil mhór acu sa spórt seo. Creideann siad go bhfuil go leor rialacha ann lena choinneáil sábháilte. Creideann siad nach bhfuil sé chomh contúirteach agus a deir daoine eile. Is spórt é atá ag fás go mór le roinnt blianta anuas agus a bhfuil an-tóir air san am i láthair, go háirithe i measc daoine óga. Tá cuid mhór daoine a thacaíonn leis sa tír seo. Ar a bharr sin, is breá le go leor daoine pearsantacht bhríomhar

Conor McGregor Book.indd 8 09/03/2018 12:50

Page 10: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

9

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

CONOR MCGREGOR

© JASON SILVA / ALAMY STOCK PHOTO

Conor McGregor Book.indd 9 09/03/2018 12:50

Page 11: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 0

CONOR MCGREGOR

McGregor. Deir siad go gcaithfidh sé a bheith mar sin agus go bhfuil sin mar chuid den chultúr i measc comhraiceoirí. Baineann siad sult as an chaint amaideach agus é ag déanamh a mhór de féin nó ag déanamh a bheag de chomhraiceoirí eile. Is breá leo an amaidí nó amharcann siad air sin mar chuid den spraoi. Tarlaíonn go leor mar sin i spóirt eile chomh maith, go háirithe má tá troid de chineál éigin i gceist, an dornálaíocht mar shampla. Ní miste leo é a bheith ag maslú comhraiceoirí eile nó, dar leo, sin an rud a rinne Muhammad Ali nuair a bhí seisean ag troid blianta ó shin agus bhain go leor daoine sult as sin. Ní rud ar bith nua ná difriúil é.

Cúlra

Rugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta. Chuaigh sé ar Ghaelscoil ansin fosta, áit a raibh Conchúr Mac Gréagóir mar ainm air! Bhí beirt deirfiúracha aige. Ní raibh

Conor McGregor Book.indd 10 09/03/2018 12:50

Page 12: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

1 1

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

CONOR MCGREGOR

© JOSH HEDGES / ZUFFA LLC /

GETTY IMAGES

Conor McGregor Book.indd 11 09/03/2018 12:50

Page 13: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 2

CONOR MCGREGOR

aon rud speisialta ná as an ghnách faoi nuair a bhí sé ag fás aníos ansin. Bhí dúil mhór aige sa spórt i gcónaí, go háirithe sa pheil, ach de réir a chéile, chuir sé suim mhór sa dornálaíocht. Nuair a bhí sé 15 bliana d’aois, chuaigh an teaghlach a chónaí i Leamhcán taobh amuigh de Bhaile Átha Cliath. Níor thaitin sin leis ar dtús ar chor ar bith nó bhí Leamhcán measartha ciúin mar áit agus bhí Conor scoite óna chuid cairde. D’fhreastail sé ar Ghaelcholáiste Cois Life ansin. Fuair sé a chuid scolaíochta uilig trí Ghaeilge ar ndóigh, rud a fhágann gur Gaeilgeoir é fosta. Ach ní raibh mórán suime aige san fhoghlaim agus shocraigh sé sa deireadh go mbeadh sé ina phluiméir. Níor thaitin sin leis mórán ach oiread. Is le linn an ama seo a chuir sé spéis ar leith sa chicdhornálaíocht agus sa Jiu-Jitsu den chéad uair. De réir a chéile d’éirigh sé iontach dáiríre faoin traenáil agus thosaigh sé ag caitheamh an chuid is mó dá chuid ama sa ghiomnáisiam. Shocraigh sé ar éirí as an phluiméireacht ar fad agus ar dhíriú isteach ar

Conor McGregor Book.indd 12 09/03/2018 12:50

Page 14: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

1 3

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

CONOR MCGREGOR

© WENN LTD / ALAMY STOCK PHOTO

Conor McGregor Book.indd 13 09/03/2018 12:50

Page 15: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 4

CONOR MCGREGOR

an trodaíocht ina áit sin. Níor thaitin sin lena thuismitheoirí ar chor ar bith ar dtús. Shíl siad go raibh sé amaideach, ach chreid Conor go mór ann féin. Thuig sé go mbeadh air a chuid ama uilig a chaitheamh ag traenáil agus ag troid. Bhí aisling aige go mbeadh sé ina throdaí iontach agus go mbeadh sé cáiliúil agus saibhir chomh maith. Níor thuig a thuismitheoirí sin, áfach. Lean Conor ar aghaidh lena aisling féin mar sin féin.

An trodaí óg

De réir a chéile d’éirigh McGregor as an chicdhornálaíocht agus chuir sé spéis ar leith sna ‘healaíona comhraic measctha’. Bhí a chéad troid amaitéarach aige i mí Feabhra 2007 sa chatagóir éadrom-mheáchain (lightweight). Bhain sé sin go furasta. Ba léir go raibh sé iontach ábalta agus d’aithin daoine go raibh rud éigin speisialta faoi. Rinneadh trodaí proifisiúnta de gan mhoill agus bhain sé an chéad troid phroifisiúnta a bhí aige i mí an

Conor McGregor Book.indd 14 09/03/2018 12:50

Page 16: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 5

CONOR MCGREGOR

Mhárta 2008 sa chatagóir chéanna fosta. Chuaigh sé leis an chatagóir chleitmheáchain (featherweight) ansin, ach chaill sé a chéad troid. Chuaigh sé ar ais mar éadrom-mheáchan ansin ach chaill sé an chéad troid eile. Faoi 2011, áfach, bhí McGregor ag déanamh go maith agus ag feabhsú go mór. Faoin am seo bhí sé ag troid go rialta agus ag baint cuid mhór de na troideanna go furasta. D’fhág sé go leor de na comhraiceoirí eile gan aithne taobh istigh de chúpla bomaite. Níorbh fhada go sé i mbéal an phobail. Ba léir go raibh sé ag dul a bheith ina throdaí iontach. Ach le sin a dhéanamh bheadh air dul go Meiriceá agus bheadh air a bheith ábalta troid mar bhall den UFC (Ultimate Fighting Championship).

I mbarr a réime

Fuair sé an deis sin nuair a tháinig an duine a bhí i mbun an UFC go hÉirinn ar cuairt. Labhair cuid mhór daoine leis an duine sin faoi McGregor agus mhol siad go mór é. Bhuail sé le McGregor

Conor McGregor Book.indd 15 20/03/2018 09:41

Page 17: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 6

CONOR MCGREGOR

é féin agus rinneadh socrú go mbeadh sé ag troid sa chraobh sin gan mhoill. Bhí air bogadh go Meiriceá ar ndóigh. Bhí an chéad troid aige ansin i mí Aibreáin 2013 in éadan trodaí darb ainm Marcus Brimage. Ach níor mhair an troid mórán níos faide ná bomaite mar bhuail McGregor go trom é agus d’fhág sé Brimage gan aithne. Lean sé leis ag baint troideanna gach áit a ndeachaigh sé. Taobh istigh de chúpla bliain bhí sé ar na comhraiceoirí is fearr sa UFC. Bhain sé clú agus cáil amach dó féin go gasta go dtí go raibh aithne air ar fud an domhain. Go díreach mar a gheall sé dó féin nuair a bhí sé ina chónaí i Leamhcán, d’éirigh sé saibhir fosta. Bhí lucht leanúna ar leith aige i Meiriceá faoin am seo a raibh cuid mhór Éireannach ina measc. Déanann siad ócáid mhór Éireannach i gcónaí de gach troid. Bíonn bratacha agus dathanna na hÉireann le feiceáil go minic acu agus ceolann siad amhráin na hÉireann fosta. Is breá le McGregor sin uilig agus déanann sé féin a mhór den bhaint atá aige

Conor McGregor Book.indd 16 09/03/2018 12:50

Page 18: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

1 7

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

CONOR MCGREGOR

© ZUMA PRESS, INC / ALAMY STOCK PHOTO

Conor McGregor Book.indd 17 09/03/2018 12:50

Page 19: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 8

CONOR MCGREGOR

le hÉirinn. Is breá le McGregor bratach na hÉireann a chur thart ar a chorp agus é san fháinne agus é ag gríosú a lucht leanúna.

Bhí tréimhse iontach maith aige sa bhliain 2013 nuair a bhain sé gach troid. Ach le linn troid mhór in éadan trodaí darb ainm Max Holloway, cé gur bhain sé an troid maith go leor, rinne sé damáiste dá ghlúin. B’éigean dó éirí as ar feadh 10 mí ina dhiaidh sin. Tháinig sé ar ais chuige féin agus socraíodh an chéad troid mhór eile dó i mBaile Átha Cliath – os comhair a lucht leanúna féin sa bhaile. Bhain sé an troid sin go measartha furasta ar ndóigh. Bhí sé i mbarr a réime arís. Bhí rún aige craobh an UFC a bhaint agus d’fhógair sé sin go poiblí. Fuair sé an deis sin nuair a fógraíodh go mbeadh sé ag troid in éadan José Aldo, duine de na trodaithe is fearr sa UFC, i mí Iúil 2015. Bhí an troid le bheith in Las Vegas agus bhí neart poiblíochta ann, ach sa bhomaite dheireanach tharraing Aldo amach as an troid ag rá go raibh sé gortaithe. Níor chreid

Conor McGregor Book.indd 18 09/03/2018 12:50

Page 20: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

1 9

CONOR MCGREGOR

McGregor é agus mhaslaigh sé Aldo go mór. Rinneadh socrú eile, áfach, go mbeadh trodaí iontach eile darb ainm Chad Mendes sásta dúshlán McGregor a thabhairt. Socraíodh an ócáid arís agus cheannaigh na mílte Éireannach ticéid lena laoch a fheiceáil. Bhí troid fhíochmhar ann ach bhain McGregor sa deireadh. Mhol sé Mendes go hard as a bheith sásta troid leis agus mhaslaigh sé Aldo go láidir as tarraingt amach as an troid mar a rinne sé.

Tháinig Aldo ar ais, áfach, agus d’fhógair sé go mbeadh sé sásta troid in éadan McGregor i Mí na Nollag 2015. Bhí na mílte Éireannach ar an bhealach go Las Vegas arís eile. Bhí na mílte ag dúil go mór leis an ócáid agus ag dúil le troid mhaith. Ach níor mhair an troid ach 13 shoicind nó bhí McGregor i bhfad rómhaith agus bhain sé go gasta.

Ansin d’fhógáir McGregor gur mhaith leis a bheith ag troid ag meáchan níos troime, is é sin ag marcmheáchan (welterweight). Shíl go leor daoine go raibh sé

Conor McGregor Book.indd 19 20/03/2018 09:41

Page 21: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 0

CONOR MCGREGOR

amaideach agus nár chóir dó a leithéid a dhéanamh. Ach ní raibh mórán ag an mheáchan sin sásta troid leis ach oiread. Is dócha go raibh eagla orthu roimhe! Ghlac sé tamall sular tháinig Nate Diaz chun tosaigh agus socraíodh an troid do mhí an Mhárta 2016. Mar is ghnách bhí cuid mhór poiblíochta ag baint leis agus bhí go leor ag dúil go mór leis an troid. Bhí go leor eile a bhí buartha go raibh sé ag iarraidh barraíocht a dhéanamh. Tháinig an oíche. Bhí an troid crua agus fuilteach agus b’éigean don réiteoir an troid a stopadh sa dara babhta. Chaill McGregor den chéad uair ó bhí 2010 ann agus den chéad uair i ndiaidh 15 throid. Chuaigh sé céim rófhada, dar le go leor daoine.

Céim eile rófhada?

Ansin, tháinig McGregor aníos le plean mór eile a chuir iontas ar a lán daoine. Rinne sé socrú idir é féin agus laoch mór na dornálaíochta darb ainm Floyd Mayweather go mbeadh troid ar leith ann ina mbeadh an dá

Conor McGregor Book.indd 20 09/03/2018 12:50

Page 22: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

2 1

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

CONOR MCGREGOR

© JASON SILVA / ALAMY STOCK PHOTO

Conor McGregor Book.indd 21 09/03/2018 12:50

Page 23: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 2

CONOR MCGREGOR

chineál trodaíochta, is é sin an dornálaíocht agus ‘Ealaíona Comhraic Measctha’. Bhí Mayweather ar na dornálaithe is fearr a bhí riamh ann ach d’éirigh sé as an dornálaíocht in 2015. Rinne sé cinneadh, áfach, teacht ar ais le troid in éadan McGregor. Bheadh sé 40 bliain d’aois ach níor bualadh riamh é. Ní raibh aon taithí ag McGregor ar an dornálaíocht agus bheadh cuid mhór le foghlaim aige go gasta. Bhí cuid mhór daoine amhrasach agus míshásta faoin troid seo a bheith ann ina mbeadh an dá chineál trodaithe éagsúla. Shíl daoine go raibh McGregor amaideach agus nach mbeadh ann ach cur i gcéill agus magadh. Ach bhí na céadta milliún dollar le saothrú ag an bheirt acu agus chuaigh siad ar aghaidh leis. Rinneadh an socrú don 26ú Lúnasa 2017. Bhí cuid mhór poiblíochta ann ar feadh na míonna roimh an troid. Bhí na milliúin duine ag dúil go mór leis an troid mhór. Bhí McGregor iontach muiníneach agus bhí sé cinnte go mbainfeadh sé. I ndeireadh na dála, bhí Mayweather rómhaith agus stop sé McGregor sa 10ú babhta. Rinne

Conor McGregor Book.indd 22 09/03/2018 12:50

Page 24: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

2 3

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

CONOR MCGREGOR

© EFE NEWS AGENCY / ALAMY STOCK PHOTO

Conor McGregor Book.indd 23 09/03/2018 12:50

Page 25: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 4

CONOR MCGREGOR

McGregor go maith, go háirithe ag an tús, ach bhí Mayweather róchliste agus róláidir. Chaill McGregor an troid ach is cosúil gur shaothraigh sé céad million dollar an oíche sin. Bhí deireadh leis an phlean mhór sin ach an raibh deireadh le McGregor? Ní dócha é!

Oidhreacht

Tá an-tóir ar ‘Ealaíona Comhraic Measctha’ mar spórt níos mó ná riamh mar gheall ar Conor McGregor, agus tá an-tóir air féin fosta. Is fear saibhir cáiliúil anois é, go díreach mar a gheall sé dó féin agus dá theaghlach. Is duine é atá tiomanta agus atá sásta obair mhór a dhéanamh. Tá dúil bhocht ag a lán daoine ann ar fud an domhain, go háirithe in Éirinn mar gheall air sin. Síleann cuid mhór daoine gur laoch iontach é agus go bhfuil sé tábhachtach go mbíonn laochra againn in Éirinn fosta. Tá daoine ann, ar ndóigh, atá iontach amhrasach faoi sin agus a deir gur mór an náire é a leithéid de spórt a bheith ann. Is fuath leo an troid fhuilteach

Conor McGregor Book.indd 24 09/03/2018 12:50

Page 26: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

2 5

CONOR MCGREGOR

bhrúidiúil a bhaineann leis. Is beag orthu an chaint mhaslach mhortásach a bhaineann leis chomh maith. Is cinnte go bhfuil McGregor é féin bródúil as a bhfuil bainte amach aige agus as a bheith ina Éireannach fosta. Bhí sé ábalta an aisling s’aige a leanúint agus a ghealltanas a chomhlíonadh. D’oibrigh sé go crua le sin a dhéanamh. Rinne sé cuid mhór leis an spórt sin a chur chun cinn agus a chur i mbéal an phobail, níos mó ná duine ar bith eile. Is léir chomh maith go bhfuil sé bródúil as a thír féin agus as a chúlra féin. Cuireann sé in iúl do gach duine gur Éireannach bródúil é taobh amuigh agus taobh istigh den fháinne. An laoch spóirt é, dar leatsa?

Conor McGregor Book.indd 25 20/03/2018 09:41

Page 27: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

Conor McGregor Book.indd 26 09/03/2018 12:50

Page 28: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

© JASON SILVA / ALAMY STOCK PHOTO

CONOR MCGREGOR

Conor McGregor Book.indd 27 09/03/2018 12:50

Page 29: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

CONOR MCGREGOR

Conor McGregor Book.indd 28 09/03/2018 12:50

Page 30: beatha le bua - nicurriculum.org.uk · ugadh Conor McGregor i mBaile Átha Cliath ar an 14 Iúil 1988. Tógadh é i gCromghlinn i ndeisceart na cathrach, áit a raibh sé sona sásta

© CCEA 2018