an chomhairle seo agatsa - comhairle contae an...

205
2016-2021 Comhairle Contae an Chabháin Comhairle Contae an Chabháin Coiste Forbartha Pobal Áitiúil Coiste Polasaí Straitéiseach Eacnamaíoch 8 Feabhra 2016 Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail an Chabháin

Upload: others

Post on 19-Feb-2021

2 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail an Chabháin

2016-2021

Comhairle Contae an Chabháin

Comhairle Contae an Chabháin

Coiste Forbartha Pobal Áitiúil

Coiste Polasaí Straitéiseach Eacnamaíoch

8 Feabhra 2016

Ráiteas an Chathaoirligh

Is mór an phribhléid domsa mar Chathaoirleach ar Chomhairle Contae an Chabháin an Plean Áitiúil seo Eacnamaíoch agus Pobail an Chabháin (LECP) 2016-2021 a chur i láthair. Plean uaillmhianach agus dóchasach is ea é a leagann síos creat chun forbairt idir eacnamaíoch agus pobail i gContae an Chabháin a threorú go ceann na sé bliana atá romhainn.

Chun na gnímh a luaitear sa phlean um ghnéithe eacnamaíoch agus pobal a chur i gcrích, beidh Comhairle Contae an Chabháin agus LCDC an Chabháin ag saothrú go dlúth le gnólachtaí poiblí, eagraíochtaí pobail agus deonacha, áiseanna oideachais agus le háisínteachtaí poiblí agus deonacha. Beidh cur chuige páirtíochta ar bun i measc na príomhsholáthróirí seirbhísí, páirtithe leasmhara agus áisínteachtaí áitiúla chun an LECP seo a fhorbairt. Dá bhrí sin creidim go gcuirfidh sé sin go mór le réimse leathan cuspóirí tábhachtacha a bhaint amach don chontae.  

Thug an tAcht um Athchóiriú Rialtais Aitiúil údarás cinnte maidir le forbairt eacnamaíoch agus pobail. Daingníodh cumhacht Rialtais Áitiúla mar an príomhsholáthróir seirbhísí poiblí ar bhonn áitiúil, is é mar aidhm leas agus cáilíocht beatha idir shaoránaigh agus pobail a chur chun cinn.  

Tiomantas is ea an plean seo don bhfeidhm thábhachtach úd a chomhlíonadh agus don chomhoibriú le páirtithe leasmhara chun ár bhfís a chur i gcrích ionas “go mbeimid bródúil as Cabhán na bliana 2021, é mar chontae ar ardcháilíocht beatha idir áit chónaithe, láthair oibre agus ceantar taitnimh.”

____________________

Comh Paddy Smith,

Cathaoirleach Comhairle Contae an Chabháin

Réamhrá na gCathaoirleach

Tá ríméad orainn Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail an Chabháin (LECP) a chur i láthair. Leagadh an fhreagracht seo ar Chomhairle Contae an Chabháin faoin Acht um Athchóiriú Rialtais Aitiúil, iad ag obair i gcomhar le Coiste Forbartha Pobail Áitiúil an Chabháin agus an Coiste Polasaí Straitéiseach um Fhorbairt Eacnamaíoch, 2014. Rug an t-athchóiriú céanna athruithe chugainn a chuireann an rialtas áitiúil i lár na seirbhísí poiblí agus a bhunaíonn na húdaráis áitiúla mar phríomháisínteachtaí um fhorbairt áitúil, eacnamaíoch agus pobail. Ceannairí anois is ea iad seachas go díreach soláthróirí seirbhísí. I lár ár gcuid oibre beidh cruthú post agus cúrsaí fiontair ach ní mór duinn freisin díriú mar phrionsabail go príomha ar cháilíocht beatha agus ar chuimsiú.

Is fíor a rá gur plean ríthábhachtach é seo. Is ann atá creat straitéiseach don bhforbairt áitúil, eacnamaíoch agus pobail i gContae an Chabháin go ceann na sé bliana atá romhainn. Is ann atá straitéis lárnach mar bhonn faoin gclár a bheidh ag áisínteachtaí reachtúla, baill tofa, grúpaí pobail agus deonach is lucht gnó chun Contae an Chabháin a fheabhsú. Cinnteofar an pháirtíocht idir eagraíochtaí i dtreo fís do Chontae an Chabháin “Go mbeimid bródúil as Cabhán na bliana 2021, é mar chontae ar ardcháilíocht beatha idir áit chónaithe, láthair oibre agus ceantar taitnimh.”

Chuige sin tá spriocanna, cuspóirí agus gnímh lárnacha i dtreo na spriocanna is cuspóirí céanna. Mar bhonn faoin bplean tá taighde leathan, comhairliúchán, plé agus anailís. Ó thús deireadh bhíothas ag iarraidh saothrú le chéile ionas go gcloisfí tuairimí na bpáirtithe leasmhara is go léireofaí sa phlean iad. Lorgaíomar tuairimí ó áiteanna éagsúla sa chontae, ó pháirtithe éagsúla leasmhara agus ó na hearnála poiblí, príobháideach agus pobail. Plean don chontae agus do chách sa chontae is é seo. Ba chóir do mhuintir an chontae ar fad a thuiscint go bhfuil páirt acu féin sa phlean seo.

Cad is mian linn a bhaint amach sna sé bliana atá romhainn?

Is iad na tosaíochtaí atá againn ná geilleagar nuálach áitiúil a fhorbairt a thacóidh le is a chruthóidh cúrsaí gnó, poist agus fiontar. Tá sé i gceist go mbeidh timpeallacht bheo, inmharthana, cuimsitheach, sláintiúil agus gníomhach sa chontae idir nádúrtha agus ailtireachta agus go mbeidh ardchaighdeán beatha agus folláine ag an bpobal.

Sa phlean seo tá creat do cheannaireacht phobail straitéiseach. Plean uaillmhianach atá ann trína chinntítear go mbíonn cách ag díriú ar na cuspoirí céanna. Cabhair atá sa phlean maidir le seirbhísí a phleanáil is a sholáthar chun nach mbeidh aon bhearnaí ná dúbailteacht sa tsaothar.

Toisc gur cheadaigh Comhairle Contae an Chabháin an plean tá cumhacht daonlathach sa doiciméad. Táimid freagrach as gníomhaíocht an phlean os comhair muintir an chontae. Is é an sprioc ná go gcuirfidh na háisínteachtaí is na comhlachtaí go léir atá mar pháirtithe leasmhara sa phlean, i dteannta Chomhairle Contae an Chabháin, a gcuid acmhainni le chéile chun tabhairt faoin dúshlán.

Is é an t-údarás áitiúil a bheidh freagrach as cur i gcrích agus monatóireacht chun an cur i gcrích a chinntiú. Cinnteofar éifeachtúlacht agus trédhearcacht trí chloí le pleananna bliantúla agus tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú. Cuirfear gníomhaíochtaí chun cinn ar bhonn leathan agus cinnteofar go n-éireoidh leis an bpróiseas. Braithfidh an plean ar chomhobriú idir na háisínteachtaí éagsúla agus ar pháirtíocht leis na hearnála pobail agus gnó a bheidh ag saothrú le chéile chun an fhís atá sa phlean a chur i gcrích.

Níl sa phlean ach tús an tsaothair. Tá súil againn le bheith ag obair i dteannta na bpáirtithe go léir chun na spriocanna luaite a bhaint amach go ceann na mblianta atá romhainn.

An tUas. Tommy Ryan

Cathaoirleach,

Coiste Forbartha Pobail Áitiúil

An Chabháin

Comhairleoir John Paul Feeley

Cathaoirleach,

Coiste Polasaí Straitéiseach um Fhorbairt Eacnamaíoch An Chabháin

Clár

Ráiteas an Chathaoirlighii

Réamhrá na gCathaoirleach iii

Gluaisxi

Brollachxviii

Cairt Eagrúcháinxx

Modheolaíochtxxi

Léarscáilíocht xxiii

Ráiteas Socheacnamaíoch29

Anailís PESTLE agus SWOT 35

Spriocanna Ardleibhéil 43

Measúnú Straitéisach Comhshaoil (SEA) agus Measúnú Oiriúnach44

Comhionannas/Scagadh Cúrsaí Tuaithe44

Cloí le Plean Forbartha Chontae an Chabháin45

Cloí le Treoracha Pleanála Réigiún Cheantar na Teorann46

Plean Eacnamaíoch48

Sprioc 1: An Cabhán a chur chun cinn mar ionad breá infheistíochta51

Cuspóir 1.1 Mealladh infheistíochta51

Cuspóir 1.2 Fóram Forbairt Eacnamaíoch55

Sprioc 2: Infheistiú i bhForbairt Straitéiseach Bonneagair57

Cuspóir 2.1: Forbairt Spás Fiontair agus Láthair Oibre57

Cuspóir 2.2: Seirbhísí Breise ag tacú le Fiontar59

Sprioc 3: Forbairt fiontar dúchasach a chur chun cinn 61

Cuspóir 3.1: Forbairt agus Daingniú Cultúr Fiontraíochta61

Cuspóir 3.2: Gréasáin agus Braislí Gnó63

Sprioc 4: Spreagfar nuáil/taighde & forbairt66

Cuspóir 4.1:Tacú le hAcmhainní agus Cur chun Cinn Nuála66

Cusopóir 4.2: Fuinneamh Inathnuaite & Teicneolaíocht Inmharthana68

Sprioc 5: Tacófar le lucht gnó um leathnú go hidirnáisiúnta70

Cuspóir 5.1: Díriú ar Easportáil70

Sprioc 5.2: Rochtain Caipitil71

Sprioc 6: Díreofar ar fhorbairt na réimsí almóra73

Cuspóir 6.1: Forbairt ar Bhia 73

Cuspóir 6.2: Forbairt ar Tháirge agus Margaíocht Turasóireachta75

Cuspóir 6.3 Tacú le feabhas agus forbairt phroifisiúnta sna healaíona86

Cuspóir 6.4: Gníomhaíochtaí Eachaíochta a fhorbairt is a chur chun cinn 92

Sprioc 7: Beidh teacht ar scothsheirbhísí post, oideachais agus oiliúna93

Cuspóir 7.1: Scileanna agus Deiseanna Post a bhreith le chéile93

Cuspóir 7.2: Déileáil le Dífhostaíocht Fhadtéarmach97

Sprioc 8: Spreagfar athnuachan baile agus an earnáil mhiondíola99

Cuspóir 8.1: Tionscadal Athnuachan Baile/Sráidbhaile99

Cuspóir 8.2: Athnuachan Miondíola102

Plean Pobail106

Sprioc 9: Leanfar de thacú le pobail a bheidh sábháilte,gníomhach agus cumhachtach.108

Cuspóir 9.1 Forbrófar ceannaireacht agus cumais laistigh de phobail uirbeach agus tuaithe i dtreo athbhunaithe.108

Cuspóir 9.2 Tacófar le saorálachas agus struchtúir ghníomhacha saorántachta agus bainfear leas an chontae astu.114

Cuspóir 9.3 Forbrófar bearta a chuirfidh le sabháilteacht agus slandáil áitiúil118

Cuspóir 9.4 Freagrófar do riachtanais na n-óg ar bhonn cuimsitheach ag cabhrú leo a gcumas féin a bhaint amach121

Sprioc 10: Díreofar ar shláinte agus folláine na bpobal seo againne127

Cuspóir 10.1: Feabhsófar cúrsaí sláinte do gach earnáil phobail127

Sprioc 10.2 Tacófar le deiseanna spóirt is áineasa sa chontae, cinnteofar rochtain chothrom do chách.131

Cuspóir 10.3 Forbrófar freagra comhtháite, dírithe ar leibhéil mí-úsáid alcóil agus drugaí i measc aosaigh agus daoine óga a laghdú.137

Sprioc 11: Pléifear go mór le cuimsiú sóisialta agus le míbhuntáiste138

Cuspóir 11.1 Deiseanna ar chuimsiú sóisialta agus imeascadh, cabhrófar leo siúd sa chontae atá ina n-aonar nó ar an imeall i measc pobal áirithe.138

Cuspóir 11.2 Leanfar den fhreagairt do riachtanais lucht scothaosta agus de tiomantas Tacaoise Contae.146

Sprioc 12 Cosnófar acmhainní nádúrtha/oidhreacht i dtreo pobail shaibhre ó thaobh cultúir de150

Cuspóir 12.1 Cosnófar agus forbrófar teanga na Gaeilge 151

Cuspóir 12.2: Forbrófar Suímh agus Tionscnaimh Oidhreachta153

Cuspóir 12.3 Tionscadail Ealaíon Phobail159

Cuspóir 12.4 Pobail Ghlasa Inmharthana164

Cur i gCrích agus Monatóireacht ar na Gnímh168

Tagairtí170

Aguisín I Comhairliúcháin171

Aguisín II Aighneachtaí Faighte 173

Aguisín III Gnímh Trasnaithe bainteach le Pleananna Eacnamaíoch & Pobail175

Aguisín IV Liosta léarscáilíochta áiseanna agus seirbhísí sa Chabhán179

Clár na dTáblaí

Figiúr 1 Léarscáil Príomhbhailte agus Sráidbhailte Chontae an Chabháin16

Figiúr 2 Céimeanna comhairliúcháin do LECP an Chabháin20

Figiúr 3 Próiseas forbartha LECP an Chabháin21

Figiúr 4 Léarscáil seirbhísí poiblí i mBaile an Chabháin23

Figiúr 5 Léarscáil oifigí Chomhairle Contae an Chabháin agus Oifig Fiontar Áitiúil24

Figiúr 6 Léarscáil Áras na nGardaí i gContae an Chabháin24

Figiúr 7 Léarscáil Forbairt Áitiúil agus Grupaí eile i gContae an Chabháin25

Figiúr 8 Léarscáil Ionad Bord Oideachais an Chabháin agus Muineacháin25

Figiúr 9 Léarscáil Ceantar Bardasacha i gContae an Chabháin26

Figiúr 10 Léarscáil Réigiún na Teorann sa Straitéis Spásúil Náisiúnta26

Gluais

AFAAn Comhaontas Tacaoise

BILBréifne Comhtháite Teo.(comhlacht áitiúil fhorbartha)

CARA APAGníomhaíocht Fhisiciúil in Oiriúint

CBWC Club Ban Gnó an Chabháin

CCCComhairle Contae an Chabháin

CCEFCiste Fiontar Pobail an Chabhain

CDPPlean Forbartha Contae

CFRCéadfhreagóir Pobail

CITCIonad Nuála & Teicneolaíochta an Chabháin

CMETBBord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin

CSPPáirtíocht Spóirt an Chabháin

CTMGluaiseacht Lucht Siúil an Chabháin

CYPSCCoistí Seirbhísí Leanaí agus Daoine Óga

DECLGAn Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil

DJEI An Roinn Post, Fiontair agus Nuála

DSPAn Roinn Coimirce Shóisialaí

ECCECúram agus Oideachas Luath-óige

EI Fiontar Éireann

EIISScéim Spreagadh Fostaíocht agus Infheistíocht

ERDF Ciste Forbartha Reigiún an hEorpa

EU An tAontas Eorpach

FDI Infheistíocht Díreach Iasachta

FRCIonad Acmhainní Teaghlaigh

GISCórais Eolais Geografaíoch

HSCLScéim Teagmháil Baile, Scoil, Pobail in Éirinn

HSEFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte

ICBANGréasán Cheantar Lár na Teorann

ICT Teicneolaíocht Eolais agus Cumarsáide

IDA Gníomhaireacht Forbairt Trádála

INTREOÁisínteacht nua tacaíochta do lucht Cuardaigh Post

ISCAn Chomhairle Spóirt

ISPCCCumann na hÉireann um Chosaint Leanaí

LCDCCoiste Forbartha Pobal Áitiúil

LEADERLiaisons Entre Actions de Développement de l’Économie Rurale

LECPPlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail

LEOOifig Fiontar Áitiúil

LGMAAn Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil

MABSSeirbhís Comhairle Airgid agus Costas

MANGréasán Ceantar Ceannchathartha

MDCeantar Bardasach

MNCCorparáid Ilnáisiúnta

NEEAPPlean Gnímh Náisiúnta um Fheidhmiú Fuinnimh

NEPSSeirbhísí Náisiúnta Siceolaíocha Oideachais

NGO Eagraíocht Neamhrialtais

NTAÚdarás Náisiúnta Iompair

OPCComhairle Lucht Scothaosta

PEACEPEACE IV Clár maoiniú trasteorann na hEorpa

PPNGréasán Pártíocht Phoiblí

REDZ Ceantair Fhorbartha Eacnamaíoch Tuaithe

SBCIStrategic Banking Corporation of Ireland

SEAI Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann

SECPobal Fuinnimh Inmharthana

SEETECRoghnaigh An Roinn Coimirce Shóisialaí (DSP) Seetec Fostaíocht agus Scileanna Éireann chun JobPath a sholáthar sna réigiúin Bhaile Átha Cliath, na Teorann agus an Iarthair agus i gcodanna áiirthe sna réigiúin Oirthear Láir agus Lar Tíre.

SICAPClár um Ghníomhú Cuimsiú Sóisialta

SIUAonad Cumsiú Sóisialta (Comhairle Contae an Chabháin)

SME Fiontar Beag/Meánach

SOLAS Seirbhísí Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna

SOSADSave Our Sons and Daughters

SPCCoiste Polasaí Straitéiseach

SUREAisíoc Costas Tosaithe d’Fhiontróirí

TCUAonad Comhordaithe Iompair

TIGGrúpa Idiráisínteachta don Lucht Siúil

TIIBonneagar Iompair na hÉireann (An tÚdarás um Bhóithre Násiúnta agus Gniomhaireacht um Fháil Iarnród mar a bhí)

TUSLAAn Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach

xxviii

PLEAN EACNAMAÍOCH

Ráiteas Misin

Go mbeimid bródúil as Cabhán 2021, é mar chontae ar ardcháilíocht beatha idir áit chónaithe, láthair oibre agus ceantar taitnimh.

SPRIOC

CUSPÓIR

CUSPÓIR

CUSPÓIR

CUSPÓIR

1. An Cabhán a chur chun cinn mar ionad infheistíochta

1.1 Meallfar infheistíocht

1.2 Fóram Forbairt Eacnamaíoch

2. Infheistiú i bhForbairt Straitéiseach Bonneagar

2.1 Forbairt Spás Fiontair Láthair Oibre

2.2 Seirbhísí breise ag tacú le Fiontar

3. Forbairt fiontar dúchasach a chur chun cinn

3.1 Forbairt agus Daingniú Cultúr Fiontraíochta

3.2 Gréasáin & Braislí Gnó

4. Spreagfar nuáil/taighde & forbairt

4.1 Tacú le hAcmhainní & cur chun cinn Nuála

4.2 Fuinneamh Inathnuaite & Teicneolaíocht Inmharthana

5. Tacófar le lucht gnó um leathnú go hidirnáisiúnta

5.1 Eas-portáil

5.2 Rochtain Caipitil

6. Díreofar ar fhorbairt na réimsí almóra

6.1 Forbairt ar Bhia

6.2 Forbairt ar Tháirge agus Margaíocht Turasóireachta

6.3 Tacú le feabhas agus forbairt phroifisiúnta san earnáil ealaíon

6.4 Gníomhaíochtaí Eachaíochta a fhorbairt is a chur chun cinn

7. Beidh teacht ar scothsheirbhísí post, oideachais & oiliúna

7.1 Scileanna agus Deiseanna post a bhreith le chéile

7.2 Déileáil le Dífhostaíoch Fhadtéarmach

8. Spreagfar athnuachan baile is earnail mhiondíola

8.1 Athnuachan Bailte/Sráid-bhailte

8.2 Athnuachan Miondíola

PLEAN POBAIL

Ráiteas Físe

Go mbeimid bródúil as Cabhán 2021, é mar chontae ar ardcháilíocht beatha idir áit chónaithe, láthair oibre agus ceantar taitnimh.

SPRIOCANNA

CUSPÓIRÍ

CUSPÓIRÍ

CUSPÓIRÍ

CUSPÓIRÍ

9. Leanfar de thacú le pobail a bheidh sábháilte, gníomhach agus cumhachtach.

9.1 Forbrófar ceannaireacht is cumas laistigh de phobail uirbeach agus tuaithe i dtreo athbhunaithe

9.2 Tacófar le saorálachas is struchtúir saorántachta agus bainfear leas an chontae astu.

9.3 Forbrófar bearta a chuirfidh le sábháilteacht agus slandáil áitiúil

9.4 Freagrófar do riachtanas na n-óg ar bhonn cuimsitheach, ag cabhrú leo a gcumas féin a bhaint amach

10. Díreofar ar shláinte agus folláine na bpobal seo againne

10.1 Feabhsófar cúrsaí sláinte do gach earnáil phobail

10.2 Tacófar le deiseanna spóirt is áineasa sa chontae, cinnteofar rochtain chothrom do chách.

10.3 Forbrófar freagra comhtháite, dírithe ar leibhéil mí-úsáid alcóil i measc aosaigh agus daoine óga a laghdú.

11. Díreofar ar chuimsiú sóisialta agus ar phlé le míbhuntáiste.

11.1 Deiseanna ar chuimsiú sóísialta agus imeascadh, cabhrófar le daoine atá ina n-aonar nó ar an imeall i measc pobal áirithe.

11.2 Freagrófar do riachtanais lucht scothaosta agus leanfar de thiomantas Tacaoise

12. Cosnófar ár n-acmhainní nádúrtha/oidhreacht i dtreo pobail shaibhre ó thaobh cultúir de

12.1 Cosnófar agus forbrófar tanga na Gaeilge

12.2 Forbrófar Suímh agus Tionscnaimh Oidhreachta

12.3 Tionscadail ealaíon phobail

12.4 Pobail Ghlasa inmharthana

Figiúr 1 Learscáil Príomhbhailte agus Sráidbhailte Chontae an Chabháin

Foinse: Plean forbartha Chontae an Chabháin, 2014-2020, Learscáil Straitéis Lárnach

Brollach

Sa Phlean Áitiúil seo Eacnamaíoch agus Pobail an Chabháin (LECP) 2016-2021 leagtar síos creat chun forbairt idir eacnamaíoch agus pobail i gContae an Chabháin a threorú go ceann na sé bliana atá romhainn. Mar phríomhphlean don chontae, spreagtar an ról lárnach a bheidh ag rialtas áiitúil i bhforbairt eacnamaíoch, sóisialta agus pobail mar a léirítear san tAcht um Athchóiriú Rialtais Aitiúil 2014.

Is é comhthéacs an pholasaí LECP ná Tús Áite do na Daoine: Clár Gnímh don Rialtas Aitiúil Éifeachtuil. Is í “leas agus caighdeán beatha saoránach agus pobal a chur chun cinn” an fhís lárnach atá i Tús Áite do na Daoine”.

Is é an LECP an príomhchóras ar bhonn áitiúil a chuirfidh chun cinn na gníomhartha cuí a éireoidh as an bPlean Gnímh Post agus ráitis eile polasaí Rialtais mar an tuarascáil ón gCoimisiún um Fhorbairt Eacnamaíoch Ceantar Tuaithe (CEDRA).

Threoraigh an SPC Forbairt Eacnamaíoch na gneithe eacnamaíoch den LECP agus is iad an LCDC a bhain leis na gnéithe pobail. Bhraith an dá ghne go mór ar aiseolas a bailíodh mar chuid de phróiseas leathan comhairliúcháin phoiblí.

Plean i lár slí is ea an LECP; doiciméad straitéiseach é atá bunaithe ar ghnímh. Tá Spriocanna ardleibhéil ann d’fhorbairt eacnamaíoch agus pobail, tacaíocht ann dóibh tri na Cuspóirí a luaitear i ngach mír. Bainfear amach na cuspóirí idir eacnamaíoch agus pobail trí Ghnímh a chur i gcrích a bheidh cinnte, intomhaiste, inbhainte, réalaíoch agus faoi theora ama [SMART].

Cuirfear na gnímh úd i gcrích trí réimse páirtithe leasmhara a bheidh i bpáirt leis an LCDC, an SPC Eacnamaioch agus Comhairle Contae an Chabháin. Beidh tacaíocht ann ó chláir an údaráis áitiúla agus páirtithe leasmhara eile. Níor liostáladh mar ghnímh sa LECP na seirbhísí lárshrutha ag na príomháisínteachtaí san earnáil phoiblí, mar shampla seirbhísí bóithre, pleanála, tithíochta de chuid na Comhairle agus seirbhísí oideachais agus oiliúint ETB. Is fíor, áfach, má tharlaíonn forbairt de bharr ceisteanna a aithníodh le linn an phróisis chomhairliúcháin agus má bhíonn gá le freagra idiráisíntachta, go bhfuil gnímh chuige sin sa phlean agus lorgófar breis acmhainní chun iad siúd a chur i bhfeidhm.

I dteannta na ngníomh áirithe a luadh sa phlean, feidhmeofar líon áirithe tionscnamh bonneagair go díreach trín údarás áitiúil nó trí áisínteachtaí rialtais mar Bonneagar Iompair Éireann nó Uisce Éireann. Tacóidh Comhairle Contae an Chabháin go mór leis na tionscnaimh úd lena chinntiú go mbeidh an bonneagar cuí ann chun leathnú eacnamaíoch agus fiontar a éascu agus a threorú.

Tharla measúnú ar an ndréachtphlean in aghaidh tosaíochtaí éagsúla, mar shampla inmharthanacht, comhionannas, bochtanas, cúinsí tuaithe (má bhain le hábhar), aois agus míchumas. Maidir le hinmharthanacht, díríodh mar théama ar fud an phlean iomlán ar an gcomshaol glacadh a chosaint. Dá réir sin má fhorbraítear plean faoin LECP scrudófar go speisialta é lena chinntiu go sroichfear caighdeáin chosanta comhshaoil. Ina theannta san, caithfidh gach aon ghníomh faoin LECP a bhaineann le comhshaol a bheith ag géilleadh do pholasaí agus cuspóirí an Phlean Forbartha Contae.

Lárnach sa phlean tá tiomantas do chomhionannas agus cearta daonna. San LCDC cuirtear chun cinn comhshaol cothrom, trédhearcach agus fáilteach roimh dhaoine aonair agus eagraíochtaí – fostaithe, custaiméirí agus baill tofa. Cuirtear san áireamh mar is cóír an gá atá le toirmeasc a ruaigeadh; rochtain chothrom deiseanna; deachaidreamh maidir le cinntí; polasaí a fhorbairt is a chur i gcrích. Chun a chinntiú go mbeidh an comhionannas mar ghné lárnach sa phlean, bunófar Foghrúpa Comhionannais a dhéanfaidh monatóireacht ar an ngné úd go ceann tréimhse an phlean. Rinneadh profadh ar an bplean cheana féin de réir na gcúrsaí úd, ag teacht le moltaí ón LGMA.

Chuathas i gcomhairle leis an húdaráis áitiúla atá in aice linn faoi aon ghníomh molta a thrasnóidh teorainn chontae. I measc na ngníomh a bheadh i gceist bheadh saothar maidir le Slite Glasa a fhorbairt, na hUaimheanna Marble Arch Geopháirc Domhanda UNESCO, turasóireacht iascaigh ar bonn reigiúnach, REDZ, Tionscnamh Geilleagar sa Todhchaí na hÉirne Sionainne Uachtair maraon le naisc trasteorann do Síocháin IV agus deiseanna eile ar mhaoiniú Eorpach.

Cairt Eagrúcháin

SICAP Monitoring

Subgroup

Páirtíocht Spóirt an Chabháin

Síocháin IV

Foghrúpa Monatóireachta SICAP

Foghrúpa Comhionannais

LCDC

Comhairle Contae an Chabháin

CPG

SPCs

JPC

Comhairle Contae

Talmhaíocht

CMETB

Roinn Coimirce Shóisialaí

FSS

BIL

PPN

Scothaosta/Míchumas

Comhshaoil

Óige

Mná

Pobal & Deonach

Cuimsiu Sóisialta

Baill Tofa

Gnó

Foghrúpa Comhairle LECP

Foghrúpa Comhairle LEADER

Idiráisínteacht Lucht Siúil

Aonad Comhordaithe Iompair

Comhaontas Tacaoise

Bonneagar eile tacaíochta:

Comhairle na nÓg

CYPSC

Comhairle Lucht Scothaosta

CITC

Fóram Eacnamaioch an Chabháin

Coiste Contae Cúram Leanaí

FRC

MABS

Eolas do Shaoránaigh

Meitheal Drugaí

TUSLA

Modheolaíocht

Forbraíodh an plean tar éis próiseas leathan comhairliúchán a chuimsigh crunnithe poiblí, aighneachtaí scríofa, grúpaí dírithe ardleibhéil, seisiúin éascaithe,[footnoteRef:1] cruinnithe teamaí, cruinnithe le foireann údarás áitiúla maraon le plé ag cruinnithe LCDC, SPC agus Ceantar Bardasacha. [1: Mhol an Áisínteacht um Bhainistíocht Rialtais Áitiúil go mbeadh ceardlanna comhairliúcháin phoiblí um ‘réimsí ardtosaíochtaí comhionannais’. Sa Chabhán tharla a leithéid de cheardlanna áirithe leis an earnáil mhíchumais, seirbhísí drugaí agus alcóil agus grúpaí Síochána. ]

Bhí iarracht ar dhaoine a bhreith isteach ón gcontae ar fad idir áisínteachtaí, lucht gnó, grúpaí pobail agus deonach, áitritheoirí aonair, baill tofa agus gréasáin ionadaíochta. Díríodh ar a bheith cuimsitheach trí rogha modhanna a sholáthar dóibh siud a bhain leis an bpróiseas LECP (scríofa, ó bhéal, teileafón, r-phost, meáin shóisialta) agus ionaid inrochtana do chruinnithe poiblí. Eagraíodh cruinnithe ag amanna difriúla i rith an lae mar áis dóibh siud ar a mbeadh dualgais oibre nó teaghlaigh.

Le linn céimeanna difriúla den bhforbairt ar an bplean bhí eolas ar fáil trín LCDC, PPN, Coistí Polasaí Staitéiseacha, ar shuíomh idirlín an údaráis áitiúla agus sna meáin áitiúla.

An dreachtphlean deiridh ceadaithe ag na MD, LCDC, SPC Eacnamaíoch agus Comhairle Contae anChabháin

An dréachtphlean faoi bhráid na MD

Breis comhairliúchán agus leasuithe

An chéad Dréacht LECP

Forbraíodh Plean Pobail

Aighneachtaí scríofa

Comhairliúcháin Phoiblí

Forbraíodh Plean Eacnamaíoch

Comhairliúcháin ardleibhéil

OCruinnithe aonair

An dréachtphlean faoi bhráid LCDC agus SPC

Figiúr 2 Céimeanna comhairliúcháin do LECP an Chabháin

Céim 1: Ullmhúchán

· Críochnú an chreat Sóisialta Eacnamaíoch

· Forbairt spriocanna ardleibhéil

Céim 2: Comhairliúcháin

· Aighneachtaí Scríofa

· Comhairliúcháin Phoiblí

· Comhairliúcháin Ardleibhéil

· Comhairliúcháin Ceantar Bardasacha

Céim 3:

Forbairt ar chuspóirí agus Gnímh

· Forbairt ar chuspóirí agus gnímh shonraithe

· Plé ag LCDC agus SPC

· Aontú an Ghrúpa Chomhairlitheach

Céim 4: Críochnú an Phlean

· Glacann SPC agus LCDC an dreachtphlean deiridh

· Glacann an tÚdarás Áitiúil an plean

Céim 5: Monatóireacht & Athbhreithniú

· Monatóireacht ar an bpróiseas ag Grúpa Stiúrtha Comhairlitheach

· Ullmhú an phlean bhliantúil agus tuarascáil bhliantúil oibre

Figiúr 3 Próiseas forbartha LECP an Chabháin

Léarscáilíocht

Mhol treoracha ón Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil go mba chóir don LCDC learscáilíocht a dhéanamh ar sheirbhísí áitiúla chun bonn a chur faoin anailís sóisialta. Ba chóir an príomhsholáthar sheirbhísí áitiúla sa cheantar LCDC a léiriú m.sh. seirbhísí de chuid FSS, DSP oifigí Intre 7rl. chomh maith le seirbhísí comhlachtaí deonacha.

D’fhorbair Comhairle Contae an Chabháin léarscáileanna sonraithe digiteacha de sheirbhísí, bonneagar, áiseanna agus conláistí. Bhí an t-iomlán sonraí ró-chasta lena chur i láthair mar aon íomhá amháin ach is féidir teacht air trí roinn GIS na Comhairle. Ar na híomhánna úd léirítear rochtain seirbhísí agus acmhainní ar fud an chontae, cabhair atá ann chun bearnaí nó dúbailteacht a aithint. (Tá breis eolais ar léarscáilíocht in Aguisín IV)

Críochnaíodh léarscáilíocht sa Chabhain faoi na ceannteidil seo a leanas:

PobalLeabharlanna, slite siúlóide, clóis súgartha, áiseanna pobail is spóirt, grúpaí óige, cúram leanaí, bealaí iompair tuaithe, Scéimeanna Pobal ar Aire, tithe Athlonnaithe agus léarscáileanna téamaí faoi shonraí Daonáireamh 2011.

ComhshaolCeantair Abhantrach, struchtúir uisce, gearáin bhruscair, ionaid athchursála is beir chuige, áiseanna dramhaíola, suímh ceadúnas dramhaíola, líonadh talún is stairiúil talún, póna madraí, Bóthar a Uchtáil.

GinearáltaBailte agus sráidbhailte, aibhneacha, lochanna, bailte fearainn, Toghcheantair, Ceantair Bheaga, Ceantair Bhardasacha

OidhreachtSuímh Séadchomharthaí Náisiúnta, Struchtúir Chosanta, Limistéir Oidhreacht Náisiúnta, Limistéir Chaomhnaithe Speisialta, Suímh Chosanta Natura 2000, Limistéir Chosanta Speisialta, Limistéir Críocha Arda, lochanna móra agus ceantair lochanna, Suímh Speisialta Oidhreachta, Bealaí Taibhseacha, bealaí siúlóide, foraoiseanna agus páirceanna eile, cothrom radhairc, Suímh Oidhreachta Geolaíocha, Suímh Geopháirce, reiligí na comhairle.

UisceFearais chóireála uisce, Stáisiúin chóireála is caidéalaithe fuíolluisce, maoin Uisce Éireann, Baoithe tarrthála, píopaí fuíolluisce, stádas uisce abhann 7rl.

FóntaisGréasán gáis, gréasán leathanbhanda

DóiteáinCeantair seirbhísí dóiteáin, stáisiúin dóiteáin

Léirítear príomhsheirbhísí Bhaile an Chabháin sa léarscáil anso thíos.

Figiúr 4 Léarscáil seirbhísí poiblí i mBaile an Chabháin

Leirítear seirbhísí poiblí agus deonacha an chontae sna léarscáileanna anso thíos.

Figiúr 5 Learscáil oifigí Chomhairle Contae an Chabháin agus Oifig Fiontar Áitiúil

Figiúr 6 Léarscáil Áras na nGardaí i gContae an Chabháin

Figiúr 7 Léarscáil Forbairt Áitiúil agus Grúpaí eile i gContae an Chabháin

Figiúr 8 Learscáil Ionad Bord Oideachais agus Oiliúna an Chabháin agus Muineacháin

Tá trí Cheantar Bhardasacha sa Chabhán, mar a léirítear i bhFigiúr 9 anso thíos. Sin iad Coill an Chollaigh/Muinchille; An Cabhán/Beal Tairbeart; agus Baile Shéamais Dhuibh.

Figiúr 9 Léarscáil Ceantar Bardasacha i gContae an Chabháin

Tá Baile an Chabháin sa chatagóir Molbhaile sa Straitéis Spásúil Náisiúnta. Tacaíonn na Molbhailte leis na Bealaí móra uirbeacha.

Figiúr 10 Learscáil Réigiún na Teorann sa Straitéis Spásúil Náisiúnta

Ráiteas Socheacnamaíoch

Mar bhonn faoin bplean tá taighde agus sonraí agus an anailís orthusan a léirítear i ndoiciméad Creat Socheacnamaíoch ar leith.

Mar seo a leanas na pointí lárnacha Socheacnamaíoch atá sa chreat úd:

Daonáireamh

Tháinig méadú 14.3 faoin gcéad ar dhaonra an chontae idir 2006 agus 2011, beagnach a dhá oiread an ráta fáis 8.2 faoin gcéad sa Stát. Mhéadaigh daonra Réigiún na Teorann 9.9 faoin gcéad sa tréimhse céanna.

Measadh daonra na teorann mí Aibreáin 2015 mar 496,000 (CSO).

Thit líon na ndaoine a d’fhág an tír go 11,600 i 2015. Níl sonraí réigiúnach ná contae ar fáil, ach is é is dóichí ná go leanfadh leibhéil an chontae an patrún céanna.

Contae tuaithe is ea An Cabhán don chuid is mó agus 70 faoin gcéad den daonra ina gcónaí faoin dtuath agus i lonnaíochtaí beaga. Ní mar sin ar chor ar bith atá an Stát iomlán, tá an tromlach (62 faoin gcéad) i gceantair uirbeacha. Ar bhonn náisiúnta mhéadaigh riar na ndaoine i gceantair uirbeacha faoi 11 faoin gcéad idir 2006 agus 2011.

Is leanaí iad (0-14 bliain) nach mór an cheathrú chuid (23.5 faoin gcéad) de dhaonra an Chabháin agus tá 12.11 faoin gcéad 65 bliain nó os a chionn.

Tá ráta aois i dtuilleamaí mar 55 faoin gcéad sa Chabhán, é sin níos airde ná an Stát (49.3 faoin gcéad) agus réigiun na Teorann (54.37 faoin gcéad).

Fostaíocht

Mí na Nollag 2015, bhí 5,458 duine sa chontae ar an gclár beo. B’shin laghdú suntasach (32 faoin gcéad) ón bhfigiúr ab airde 7,988 mí Iúil 2010. Fir ab ea 58 faoin gcéad den chlár beo (3,192 fear agus 2,266 ban) (Nolliag 2015).

De réir Daonáireamh 2011 bhí 7,331 duine dífhostaithe agus b’shin 21.2 faoin gcéad den slua iomlán oibre, méadú 4,810 ar an mbliain 2006.

Fir ab ea 65 faoin gcéad den líon iomlán dífhostaithe sa chontae i 2011.

Gníomhaíocht Eacnamaíoch

Tá 2,405 comhlacht sa Chahán, comhlachtaí sealbhaíochta san áireamh. Ar an iomlán tá 6,008 gnó cláraithe sa Chabhán. (Vision-net)

Bhain 738 le mórdhíol is miondíol, 669 le foirgníocht agus 309 le seirbhísí cóiríochta agus bia. (CSO Fiontair Ghníomhacha 2012)

Tá breis is 250 duine fostaithe ag 5 cinn de na comhlachtaí úd agus níos lú ná 10 ag a bhformhór. (CSO Deimeagrafaiocht 2012)

Tacaionn Fiontar Éireann le beagnach 80 comhlacht.

Léirigh Daonáireamh 2011 go bhfuil breis is 11,000 duine ag obair sa dá earnáil is mó sa chontae (seirbhísí Proifisiúnta agus Tráchtáil is Trádáil).

Mhéadaigh ar an líon fostaithe san obair shláinte agus sóisialta faoi 38% idir 2002 agus 2011.

Turasóireacht – oibríonn 11,000 duine in óstáin is bialanna i Réigiún na Teorann (Daonáireamh 2011. I 2012 mheall Réigiún an Iarthuaiscirt 428,000 cuairteoir thar sáile agus cruthaíodh ioncam €112.6m dá bharr. (Fáilte Éireann 2013)

I 2012 bhí 2,083 duine fostaithe san earnáil mhiondíola i 738 fiontar gníomhacha.

Níor tháinig aon athrú ar an Ráta Bliantúil Luachála i gContae an Chabháin (€56.85) ón mbliain 2008.

Is é An Cabhán an tríú rogha mar chontae (i ndiaidh Dún na nGall agus Sligeach) do chuairteoirí thar sáile in Iarthuaisceart na tíre (Fáilte Éireann 2013).

Tagann thart ar 30 faoin gcéad de na cuairteoirí céanna go Contae an Chabháin ar son earnáil an iascaigh (Plean Forbartha Chontae an Chabháin 2014).

Braitheann An Cabhán go mór ar an bhfostaíocht i dtalmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht.

Ar an meán is é €34,528 an t-aschur caighdeánach feirme sa Chabhán (ciallaíonn aschur caighdeánach an t-aschur talmhaíochta bunaithe ar phraghsanna geata feirme). (Daonáireamh Talmhaíochta 2010 Torthaí Deiridh).

De réir Daonáireamh Talmhaíochta 2010, bhí 5,282 feirm i gContae an Chabháin, díríodh go príomha ar tháirgeadh speisialtachta mairteola agus ina dhiaidh sin ar dhéiríocht speisialtachta (593).

Idir 2000 agus 2010 tháinig laghdú 209 ar an meán ar líon na bhfeirmeacha sa chontae ach bhí méadú 442 ar an leibhéal fostaíochta agus méadú ar mhéad na bhfeirmeacha freisin ar an meán.

Oideachas

Orthusan a bhí os cionn 15 bliana agus a bhí réidh le hoideachas lánaimseartha, ní raibh ach bunoideachas ag 20.6 faoin gcéad; bhí meánoideachas ag 57.3 faoin gcéad agus oideachas tríú leibhéil ag 22.2 faoin gcéad. Níl An Cabhán ar aon chéim leis an Stát ná an Réigiún don oideachas tríú leibhéil. Ar bhonn náisiúnta tá oideachas tríú leibhéil ag 30.6 den daonra, agus is é 24.6 an figiúr do Réigiún na Teorann.

Ar bhonn náisiúnta, ní raibh ach laghdú 2.9 faoin gcéad ar an líon bunoideachais idir 2006 agus 2011 (16 faoin gcéad i 2011). Thit ráta Chontae an Chabháin ó 25.6 faoin gcéad i 2006 go 20.6 faoin gcéad i 2011. Is fíor, áfach, go bhfuil sé sin fós 5 pointe os cionn an mheáin náisiúnta.

Ag leibhéal na dtoghcheantar tá sciartha ísle maidir le hoideachas tríú leibhéil i nDún Mhic Íomhair/Doire na Neanta (6.4 faoin gcéad), Doire Leathan (9.5 faoin gcéad), An Chill (11.0 faoin gcéad) and Cill Laighneach/An Taobh Bán (12.5 faoin gcéad). Tá na Toghcheantair seo in Iarthar an Chabháin.

Is iad na réimsí is minicí staidéir ag an dtríú leibhéal sa chontae ná ‘Eolaíochtaí sóisialta, gnó agus an dlí’.

Cáilíocht Beatha

Tá cárta leighis ag nach mór ceathrar as deichniúr i réigiún na Teorann agus níl árachas sláinte príobháideach acu, faoi bhun an cheathrú chuid atá an figiúr i mBaile Átha Cliath. (CSO Cáilíocht Beatha Réigiúnach)

Ní raibh árachas sláinte príobháideach ach ag 29 faoin gcéad díobh siud os cionn 18 bliana i Réigiún na Teorann i gcomparáid le beagnach a leath sa Iarthar Láir.

Léiríonn staitisticí coiriúlachta na ngardaí laghdú ar rátaí i gcás coireanna áirithe tuairiscithe sa cheantar An Cabhán Muineachán. Mar shampla, bhí 349 eachtra buirgléireachta in aghaidh 100,000 daonra i 2012, i gcomparáid le 476 i Réigiún an Tuaiscirt agus 924 i gContae Lú. Ar an dul céanna maidir le heachtraí buirgléireachta, bhí 11.2 in aghaidh 100k daonra, b’shin níos lú ná leath an fhigiúir reigiúnaí (27.2). Ba é 80 faoin gcéad an ráta braite goidte agus 24 faoin gcéad an ráta braite buirgléireacht i 2012 sa cheantar An Cabhán Muineachán.

Ceisteanna áirithe láithreacha

Tá codarsnacht sa Chabhán, leathnú mór ar dhaonra i ndeisceart an chontae atá mar chuid den chrios comaitéara go Baile Átha Cliath, i gcomparáid le ceantair thuaithe ar bheagán daonra in Iarthar an Chabháin.

Tá teorainn le roghanna iompair, níl aon iompar poiblí ar fáil in áiteanna áirithe faoin dtuath. Le déanaí bhunaigh Aonad Comhordaithe Iompair an Chabháin seirbhís cheangal phíolóiteach thart fá bhaile an Chabháin (Nollaig 2015) a líonann gá aitheanta ag grúpaí áirithe thar thréimhsí comhairliúcháin.

San innéacs easpa Pobail luaitear ceantair faoi Mhíbhuntáiste, go Mór faoi Mhíbhuntáiste nó faoi Mhíbhuntáiste thar Cuimse. Cé nach bhfuil aon cheaatar sa chontae cláraithe ‘faoi Mhíbhuntáiste thar Cuimse’, tá trí thoghcheantar uirbeacha mar a bhfuil ‘limistéir bheaga’ cláraithe go Mór faoi Mhíbhuntáiste. Tá na limistéir chéanna i mBaile an Chabháin, i gCoill an Chollaigh is iadsan mór go leor agus ansin ceann níos lú i Muinchille. I 21 Toghcheantar tá limistéir luaite mar Mhíbhuntáiste nó go Mór faoi Mhíbhuntáiste. Ar an iomlán bhí 9,096 duine de réir Daonáireamh 2011 (Straitéis Fhorbartha Áitiúil LEADER an Chabháin 2016).

Tar éis athchóiriú ar Rialtas Áitiúil tá trí Thoghcheantar (MD) nua sa Chabhán is iad nach mór cothrom maidir le daonra. Sin iad An Cabhán-Béal Tairbeart a chlúdaíonn Baile an Chabháin agus an iarthuaiscirt, Coill an Chollaigh-Muinchille san oirthear agus Baile Shéamais Dhuibh i ndeisceart an chontae. Tá thart ar 43.61 faoin gcéad acu siúd a chónaíonn in áit atá faoi mhíbhuntáiste lonnaithe i dToghcheantar An Cabhán-Béal Tairbeart. Tá 19.08 faoin gcéad acu i mBaile an Chabháin fhéin, 16.90 faoin gcéad idir na bailte Béal Tairbeart, Béal Átha Chonaill agus Cill na Seanrátha agus an fuílleach 7.63 faoin gcéad i limistéir thuaithe Iarthar an Chabháin.

Tá 32.10 faoin gcéad acu siúd a chónaíonn in áit atá faoi mhíbhuntáiste lonnaithe i dToghcheantar Coill an Chollaigh-Muinchille; tá 10.23 faoin gcéad i gCoill an Chollaigh, 8.66 faoin gcéad i Muinchille agus 8.21 faoin gcéad i nDún an Rí. Is i mbaile Searcóg agus sna ceantair thuaithe thart fá Droim Chairn i dtuaisceart an limistéir atá an fuílleach 5 faoin gcéad.

Is i dToghcheantar Bhaile Shéamais Dhuibh atá 24.28 faoin gcéad acu siúd a chónaíonn in áit sa chontae atá faoi mhíbhuntáiste. Tá 8.92 faoin gcéad i mBaile Shéamais Dhuibh féin, 3.65 faoin gcéad sa Mhullach agus 3.05 faoin gcéad in Achadh an Iúir. Idir an dá bhaile Cill na Leice agus Béal Átha na nEach tá 4.65 faoin gcéad agus tá an fuílleach 4.01 faoin gcéad sna ceantair thuaithe Deinn agus An Chill.

Cónaíonn 12.43 faoin gcéad den daonra nó 9,096 duine i gceantar ainmnithe mar cheantar faoi mhíbhuntáiste nó go mór faoi mhíbhuntáiste, bunaítear na figiúirí ar dhaonáireamh 2011 agus innéacs Pobal.

Cé go mbíonn innéacs Pobal úsáideach maidir le meallta a thomhas i gcás limistéir faoi mhíbhuntaiste a aithint, caithfear a thuiscint freisin go mbíonn na torthaí fíor ó thaobh míbhuntáiste uirbeach agus comharsanachta de. I gcás na tuaithe, áfach, ní fhéadfá brath go hiomlán air ach amháin b’fheidir in iarthar an chontae ar fad mar a bhfuil pobal scaipthe agus cleachtais talmhaíochta nach n-oiriúnaíonn don inmharthanacht. I gceantair eile tuaithe bheadh lucht faoi mhíbhuntáiste in aice leo siúd atá níos saibhre, rud a cheileann an fíorleibhéal míbhuntáiste i measc pobal tuaithe mar a mbíonn ceisteanna móra fós ag baint le rochtain fostaíochta, iompair agus seirbhísí. (Straitéis Fhorbartha Áitiúil LEADER an Chabháin 2016)

Ar na gnímh sa phlean seo a bhaineann le láithreacha áirithe tá forbairt thurasóireachta i gceantair thuaithe Iarthar an Chabháin (m.sh. An Geopháirc, forbairt An Boireann) agus an clár SICAP a sholáthar in áiteanna a ainmníodh faoi mhíbhuntáiste. Díreofar deiseanna forbartha geilleagair ar Bhaile an Chabháin, toisc gurb ann atá an Lárionad riaracháin agus é mar Mhol faoin Straitéis Spásúil Náisiúnta. Ar ghnímh eile dírithe ar ‘láithreacha’ beidh Meithil Bhailte a fhorbairt sna Ceantair Bhardasacha ar fad agus Muinchille a fhorbairt mar bhaile tacaoise.

Bochtanas agus Cuimsiú Sóisialta

Thit an scór easpa iomlán sa Chabhán ó -2.8 go -11.0 (idir an dá Daonáireamh 2006 agus 2011), sin laghdú 8.2 i gcomparáid le laghdú ar fud na tíre mar 6.5.[footnoteRef:2] [2: Tomhaiseann Innéacs Pobal HP flúirse nó míbhuntáiste coibhneasta i limistéir geografaíocha trí shonraí ó dhaonáirimh éagsúla. Bronntar scór bunaithe ar a náid mar mheán náisiúnta laistigh de réimse idir thart ar -35 (is mó faoi mhíbhuntáiste) go +35 (is mó flúirse). D’fhorbair Haase and Pratschke Innéacs 2012 bunaithe ar shonraí Daonáirimh 201. (Pobal)]

Tá An Cabhán san ochtú háit don mhíbhuntáiste i measc ceantar údarás áitiúla in Éirinn.

Níl aon cheantair bheaga sa chontae cláraithe mar ‘faoi Mhíbhuntáiste thar Chuimse’.

Tá 21 ranna toghcháin sa chontae mar a bhfuil “ceantair bheaga ” sna ranganna ‘faoi Mhíbhuntáiste’ nó ‘go mór faoi Mhíbhuntáiste ’. Tá 9,096 duine ar an iomlán ina gcónai sna ceantair úd.

Is iad na ranna is measa sa Chontae ó thaobh míbhuntáiste de ná Dún Mhic Íomhair/Doire na Neanta (-16.8), Doire Leathan (-12.8), An Cabhán Uirbeach (-11.8), Cill Laighneach/An Taobh Bán (-11.7) agus An Dúgharraí (-10.2). Tá na cúig ranna toghchain úd sa chatagóir ‘faoi Mhíbhuntáiste’. Tá na ranna toghcháin eile, ar an mórgóir, ar an imeall faoi bhun an mheáin naisiúnta.

Tá na leibhéil ioncaim indiúscartha sa Chabhán faoi bhun an leibhéil náisiúnta i 2012, ba é €17,023 an figiúr i gcomparáid leis an meán náisúnta mar €19,468 (cáilíocht bheatha réigiúnach CSO).

De réir Daonáireamh 2011, tá 12 faoin gcéad de dhaonra an chontae (8,830) sa chatagóir neamhnáisiúnaithe.

Is sa Chabhán atá an méadú is mó sa tír ar dhaonra Lucht Siúil idir 2006 agus 2011, tháinig méadú 114 faoin gcéad ar líon an Lucht Siúil ina gcónaí sa Chabhán.

Áiríodh 11.9 faoin gcéad de dhaonra Chontae an Chabháin faoi mhíchumas de reir Daonáireamh 2011 i gcomparáid leis an meán sa Stát mar 13 faoin gcéad.

Don bhliain 2011 ar an iomlán bhí 2,933 cúramóir sa Chabhán, 4 faoin gcéad de dhaonra an chontae.

Is cúramóirí iad 2.3 faoin gcéad de phobal an Chabhán atá os cionn 85 bliain.

Anailís PESTLE agus SWOT

Tharla comhairliúchán ardleibhéil le baill LCDC a dhírigh ar anailís PESTLE agus SWOT don chontae. Ar an gcuma san bhí na baill in ann staidéar a dhéanamh ar ghnéithe idir Pholaitiúil, Eacnamaíoch, Sóisialta, Teicneolaíocht, Dlíthiul agus Comhshaoil [PESTLE] agus na Buanna, Laigí, Deiseanna agus Bagairt [SWOT] roimh fhorbairt an chontae. Mar bhonn freisin faoin anailís PESTLE agus SWOT bhí tuairimí na rannpháirtithe le linn an phróisis chomhairliúcháin, tá siad siúd go léir sa liosta anso thíos. Is fiú a thabhairt faoi deara go bhfuil an-chuid pointí comónta i measc ábhar a luaigh na baill LCDC agus na tuairimí a thainig ón bpróiseas chomhairliúcháin phoiblí.

Liostaládh na pointí seo a leanas:

Dála Polaitiúla

· Polasaí cánach – tionchar ar mhaoiniú comhairlí.

· Próiseas síochána – feabhas ar láthair ghnó.

· Aire sa dáilcheantar.

· Feabhas ar bhonnagar.

· Dlí oibre – íosphá.

· Ospideal lánfheidhmeach sa chontae.

· Áiseanna oiliúna agus oideachais.

· Áisínteachtaí a bhreith le chéile.

· Dola bóithre nach spreagann lucht gnó ag oibriú idir An Cabhan agus cathracha móra (ceangal mótarbhealaigh go Baile Átha Cliath).

· Easpa béime ar thacaíocht ó áisínteachtaí réigiúnach agus náisiúnta.

· An Teorainn – deacrachtaí um rialú, gnó thar teorainn agus airgead reatha.

· Athrú ar theorainn toghchán – an contae roinnte idir dhá dháilcheantar.

· Ceatair Bhardasacha agus díobhadh comhairlí baile.

Dála Eacnamaíoch

· An teorainn – tionchar idir mhaith agus olc ar an gcontae.

· Earnáil láidir gnó talmhaíochta.

· Earnáil láidir ábhar foirgníochta.

· Dúchas an Chabháin go mór i dtreo spiorad láidir fiontair agus ildánachta.

· An-mhianach turasóireachta.

· Earnail láidir bia agus a luach leanta.

· Blas an Chabháin – aird náisiúnta ar bhia an Chabháin.

· Ceisteanna rochtain leathanbhanda ar fud an chontae.

· Beagán Infheistíocht Díreach ón Iasacht.

· Beagán comhlachtaí ardteicneolaíochta.

· Easpa infheistíocht i dturasóirí a mhealladh, na táirgí a léiriú.

· Rochtain teoranta ar chúrsaí tríú leibhéil cé go bhfuil Institiúid Bhreisoideachais.

· Ceist um theacht ar mhaoiniú gnó.

· Easpa infheistíochta

· Ag brath go ró-mhór ar an earnáil fhoirgníochta maidir le fostaíocht.

· Bonneagar iompair – gan seirbhís traenach, bóithre maithe náisiunta.

Dála Sóísialta

· Daonra scaipthe – baile beag an chontae agus bailte beaga/sráidbhailte – gan mheall tábhachtach (ach amháin Baile an Chabháin).

· Talmhaíocht mar bhonn faoin ngeilleagar – feirmeoirí ag dul in aois.

· Ardleibhéal inimirce.

· Taitneamh an chontae do dhaoine óga seachas Baile Átha Cliath is cathracha eile.

· Suite ar theorainn tuaithe.

· Méadú tapaidh 13% ar dhaonra – sa Dara háit tar éis Laois.

· Fostaíocht agus dífhostaíocht.

· Contae ilchultúrtha.

· Baic ar rochtain oideachais.

· Siamsaíocht do dhaoine óga.

· Ceisteanna alcóil, drugaí agus coiriúlachta.

· Eagraíochtaí láidre spóirt.

Dálaí Teicneolaíochta

· Íosleibhéil socraithe do luas leathanbhanda – Roinn E-snáithín.

· Leathanbhanda 00MB i ngach scoil.

· Liosta dubh don leathanbhanda agus clúdach móibíleach.

· Gan mhol teicneolaíochta sa chontae.

· Ardleibhéal saineolas ag imeacht ón gcontae.

· Gníomhaíocht teoranta R&D sa chontae.

Dálaí Dlíthiúla

· Rialacháin chasta doicheallach don ghnó.

· An teorainn, difríochtaí cánach is rialachán sa dá dhlínse.

· Creata reachtúla ina stad.

· Próisis chasta fála/tairisceana.

· Athruithe chasta cánach ag cur isteach ar lucht gnó.

· Costais nua uisce is séarachais ar lucht gnó is ar theaghlaigh de dheasca reachtaíochta.

· Reachtaíocht um cháilíocht uisce – táillí Uisce Éireann.

Dálaí Comhshaoil

· Glaine – íomhá glan.

· Aeráid fhliuch.

· Deiseanna turasóireachta ón íomhá glan/glas.

· Geilleagar glas – leas as acmhainní nádúrtha.

· Bua lochanna an chontae.

· Deiseanna san earnáil bhia

· Oidhreacht agus cultúr – An Geopháirc.

· Comhshaol ailtireachta – foirgnimh is tithe stairiúla – Eastát Fearnán 7rl.

· Iniúchtaí agus gráduithe Fuinnimh.

· Fraiceáil.

· Acmhainní fuinnimh gaoithe sa Chabhán.

· Foinsí bithmhaise sa bhforaoiseacht.

· Tacaíocht don iompar inmharthana – clár taisteal cliste.

Tagann ceisteanna aitheanta san anailís PESTLE le linn comhairliúcháin ardleibhéil le mórán pointí comónta a tháinig ón bpróiseas chomhairliúcháin phoiblí. Mar shampla, mianach an earnáil turasóireachta sa gheilleagar; an gá atá le hiniúchadh ar bhonneagar; an gá atá le táirgí áitiúla bia a chur i láthair is a chur chun cinn; deiseanna áitiúla ar oideachas tríú leibhéil a a sholáthar (comhairliúchán Choill an Chollaigh), agus an gá atá le feabhas a chur ar leathanbhanda (comhairliúchán an Chabháin).

Anailís SWOT

Buanna

· Comhoibriú le fada idir áisinteachtaí stáit agus poiblí.

· Cultur fiontraíochta.

· Teacht ar thacaíochtaí gnó agus pobail.

· Pearsain mór le rá ón gCabhán, go háirithe san earnáil bia.

· Chun tosaigh sa tsoláthar ábhar foirgníochta.

· Fás daonra go háirithe i measc an n-óg.

· Bonn láidir faoi dhéantús dúchasach.

· Tallann fiontraíochta.

· Fleadh le 3 bliana as a chéile.

· Mianach fás turasóireachta.

· Comhshaol go hiomlán nádúrtha.

· Feabhas ar rochtain trín M3.

· Suíomh larnach ar an dteorainn.

· Fiontair talmhaíochta/bia.

· Traidisiún saibhir ealaíon, litríocht agus oidhreachta.

· Ospidéal Ginearálta an Chabháin

Laigí

· Clúdach leathanbhanda agus móibíleach.

· Bonneagar iarnróid/iompair.

· Easpa braislí infheistíocht/aitheantais .

· Bonn íseal teicneolaíochta, gnó traidisiúnta.

· Feirmeacha scaipthe, talamh bocht.

· Easpa cathraithe, ráta ard spleáchais.

· Daonra scaipthe i gcontae tuaithe.

· Daonra na tuaithe ag titim.

· Suíomh imeallach ar theorainn.

· Easpa infheistíocht i dtionscail/turasóireacht/teicneolaíocht.

· Daonra ag dul in aois.

· Traidisiún lucht fágtha scoile go luath agus pobail faoi mhíbhuntáiste.

· Gan aon institiúid 3ú leibhéil.

· Droch-chaoi ar bhóithre réigiúnacha is áitiúla.

· Easpa deiseana fostaíochta do lucht ardscileanna.

· Easpa struchtúr tacaíochta saorálach

· Tuairim nach bhfaightear dóthain maoiniú ón rialtas lárnach.

Deiseanna

· Pleanáil agus tionchar ar aghaidh.

· Forbairt táirgí turasóireachta – Páirc Fhoraois Choillidh Chaoin, turasóireacht uiscíoch.

· Cumas san earnáil chun táirgí nua a fhorbairt sa bhfoirgníocht ghlas.

· Turasóireacht talmhaíochta.

· Tógáil ar an rath ar an bhFleadh.

· Talmhaíocht agus Bia – méadú ar luach forbairt táirgí.

· Leas a bhaint as cáil Bia, cócairí móra áitúla, Blas an Chabháin.

· Plean nua – sruthanna nua maoinithe.

· Daoine toilteanach dul i ngleic.

· Turasóireacht uisce.

· Eiceathurasóireacht

· Feabhas ar gheilleagar tar éis an chúlú eacnamaíochta.

· Dálaí nua polaitiúla.

· Forbairt ar fhiontair ardscileanna.

· Soláthar céimneach scileanna leathanbhanda/TE.

· Braislí gnó ar bhonn réigiúnach.

Bagairt

· Seirbhísí bainte den Údarás Aitiúil.

· Laigí sa bhonneagar iompar (lasmuigh den réimse Údarás Áitiúla).

· Dáilcheantair nua polaitiúla.

· Daoine óga a bhuil ardoideachas orthu ag imeacht.

· Maorlathas.

· Bonnegar leathanbhanda.

· Poist is daoine a bhreith le chéile/dúshlán scileanna nua a fhoghlaim.

· Maoin stáit díolta/dúnta sa Chontae.

· Timpeallacht deacair eacnamaíoch.

· Bagairt comhshaoil trí dhúshaothrú acmhainní nádúrtha.

· Comhionannas dála acmhainní ón rialtas náisiúnta.

· Seirbhísí poiblí ar bhonn réigiúnach.

· Trasnú go cleachtais nua riaracháin do chláir stáit.

· Athrú ar phatrúin mhiondíola – ionaid nach bhfuil i lár baile agus ar líne.

· Seirbhísí ar bhonn lárnach.

· Laghdú ar dhaonra tuaithe.

· Imeascadh pobal nua.

· Leibhéal íseal forbairt eacnamaíoch agus baol leibhéal ard dífhostaíochta.

· Fostaíocht ar phá íseal/ béim traidisiúnta.

Arís aithníodh ceisteanna comónta idir an próiseas chomhairliúcháin phoiblí, SWOT agus na comhráití ardleibhéil. Mar shampla aithníodh laigí san earnáil mhiondíola le linn an chomhairliúcháin phoiblí in Ármach; luadh feabhsú ar bhonneagar bóithre agus naisc iompair tuaithe i gcomhairliúchán Mhuinchille.

Spriocanna Ardleibhéil

Mínítear spriocanna ardlebihéil LECP sa tábla anso thíos, forbraíodh iad i gcomhthéacs na sonraí a bailíodh ón bpróiseas chomhairliúcháin, anailís ar staitisticí atá sa chreat socheacnamaíoch agus athbhreithniú ar a bhfuil scríofa mar ábhar cuí idir pholasaithe is straitéisí réigiúnacha agus náisiúnta. Athbhreithniú an-leathan a bhí ann atá ar fáil i ndoiciméad ar leith ón Roinn Pobal agus Fiontar i gComhairle Contae an Chabhain.

Spriocanna Ardleibhéil

Sprioc 1

An Cabhán a chur chun cinn mar láthair bhreá infheistíochta

Sprioc 2

Infheistíocht i bhForbairtí Straitéiseacha Bonneagair

Sprioc 3

Fiontar dúchasach a chur chun cinn is a fhorbairt

Sprioc 4

Nuáil/taighde agus forbairt a spreagadh

Sprioc 5

Tacú maidir le gnó a leathnú ar bhonn idirnáisiúnta

Sprioc 6

Díriú ar réimsí tábhachtacha sainspéise a fhorbairt

Sprioc 7

Seirbhísí ardchaighdeáin fhostaíochta, oideachais agus oiliúna

Sprioc 8

Spreagfar is tacófar le hathnuachan na mbailte agus an earnáil mhiondíola

Sprioc 9

Forbrófar go leanúnach pobail a bheidh sábháilte, gníomhach agus cumasach.

Spr. 10

Díriú ar thacú le sláinte agus leas ár bpobal ar fad.

Spr. 11

Cuirfear cuimsiú sósialta chun cinn agus díreofar ar mhíbhuntáiste.

Spr. 12

Cosnófar ár n-acmhainní/oidhreacht nádúrtha agus cuirfear pobail shaibhre chultúrtha chun cinn.

Measúnú Straitéisach Comhshaoil (SEA) agus Measúnú Oiriúnach

Tuairisc SEA Scagtha: Cinneadh Deiridh tar éis Comhairliúchán leis na hÚdaráis Chomhshaoil – Cinneadh de réir Téarmaí Airteagail 9 (2) sna Rialacháin

Agus riachtanais IR Uimh. 435/2004 CE Rialacháin um Mheasúnú Comhshaoil ar Phleananna agus Cláir Áirithe 2004(leasú IR Uimh. 200/2001), tar éis comhairle a lorg ó na hÚdaráis Chomhshaoil agus an Aighneacht ó nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA) a cur san áireamh, is é cinneadh deiridh an Údaráis Phleanála nach bhfuil gá le Measúnú Straitéiseach Comhshaoil (SEA) maidir le LECP an Chabháin.

Ráiteas um Scagadh Measúnú Oiriúnach ar Phlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail an Chabháin:

Ar deireadh, ní bheidh aon tionchar suntasach ag Plean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail an Chabháin ar aon suíomh Natura 2000 as féin nó i gcomhar le haon plean ná tionscnamh eile. Ní gá an plean seo a chur ar aghaidh chuig Céim II den phróiseas Measúnú Oiriúnach, is é sin an Ráiteas Tionchar Natura.

Comhionannas/Scagadh Cúrsaí Tuaithe

Agus an plean seo á fhorbairt againn, rinneadh cleachtadh Scagadh Comhionannais chun an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an bplean seo ar chomhionannais a mheas. [footnoteRef:3] Bunaíodh foghrúpa idir fhoireann údaráis áitiúla agus baill LCDC. Mar threoir úsáideadh acmhainní ó Bhainistíocht Údarás Áitiúla agus ón gCoimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas. Rinneadh athbhreithniú ar gach aon cheann de na naoi ndréachtghníomh faoi na teidil a chosnaítear i reachtaíocht Comhionannais na hÉireann: Inscne, stádas Sibhialta, stádasTeaghlaigh, fabhar Gnéasach, Creideamh, Aois, Míchumas, Cine agus bheith mar Dhuine den Lucht Siúil. [3: Tá mioneolas i ndoiciméad ‘Scagadh Comhionannais sa LECP’ atá ar fáil ón Roinn Pobal agus Fiontar i gComhairle Contae an Chabháin.]

Thángthas ar cheisteanna áirithe le linn an phróisis chomhairliúcháin. Roinneadh gnímh i gcatagóirí éagsúla mar thionchar mór dearfach, tionchar beag dearfach, neodrach, tionchar beag diúltach nó tionchar mór diúltach. I gcás tionchar diúltach, tharla athmheasúnú chun maolú nó laghdú ar an riosca aitheanta a chinntiú. Mar shampla, d’fhéadfadh gníomh 2.1(b) um fhorbairt spás fiontair agus láthair oibre dul i bhfeidhm go dearfach ar chomhionannas dá spreagfaí mná, daoine óga agus lucht míchcumais agus pobal mionlach dul i mbun gnó a bhunú.

Tharla scagadh ar an bplean freisin maidir le prionsabail inmharthanachta de réir an doiciméad “Todhchaí Inmharthana, Creat don bhForbairt Inmharthana in Éirinn”. Measadh an LECP seo de réir prionsabail fhorbairt inmharthana agus na trí chrann taca inmharthanachta; comhshaoil, eacnamaíoch, agus sóisialta.

Bhíothas ag smaoineamh ar an ngá atá le forbairt inmharthana nuair a leagadh síos na gnímh atá san LECP. Dírítear ar acmhainní nádúrtha agus ar chomhshaol a chaomhnú. Bainfear amach cuid de na bearta trín bheart Comhshaol Tuaithe atá sa LEADER LDS. Dá réir sin tá Sprioc 4 LECP ann chun nuáil/taighde agus forbairt a spreagadh agus bainfer leas as deiseanna sa réimse fáis seo mar chuid den sprioc úd a bhaint amach. Beidh bearta chun deireadh a chur le toirmeasc sóisialta agus chun plé le míbhuntáiste a dhíreoidh ar chách sa phobal i dtreo caighdeán beatha a fheabhsú do phobal iomlán an Chabháin. Sa chreat polasaí “Ár dTodhchai Inmharthana” tugtar tús áite don ghá atá le cur chuige comhordaithe idiráisínteachta agus é sin i gcroílár an LECP.

Cloí le Plean Forbartha Chontae an Chabháin

Rinneadh athbhreithniú ar an LECP i gcomhthéacs Phlean Forbartha Chontae an Chabháin (CDP). Cloíonn an plean le straitéis lárnach agus cuspóirí an Phlean Forbartha Contae 2014-2020 agus tagann leo go hiomlán.

Tagann an ráiteas físe atá san LECP lena bhfuil sa CDP, cé go bhfuil scálaí difriúla ama i gceist. De réir an ráitis fhíse agus an CDP díreofar go ceann tréimhse an phlean ar fhorbairt inmharthana eacnamaíoch.

Tagann Ráiteas Socheacnamaíoch atá san LECP lena bhfuil sa CDP agus go deimhin ar an mórgóir tá sé bunaithe ar na sonraí atá sa CDP (tharla an t-uasdátú cuí).

Comhthéacs Náisiúnta agus an NSS: Tógadh ceann i ndréachtadh an LECP den Straitéis Spásúil Náisiúnta agus na Treoracha Pleanála Réigiúnacha.

Roghanna Forbartha Contae: Caithfidh tionscnaimh agus tionscadail faoin LECP a léiriú, nuair is cuí is má bhainean le hábhar, go dtagtar leis an rogha cúlra forbartha a leagtar síos sa Phlean Forbartha Contae.

Spleáchas Aoise: Nuair a bhain le hábhar, tógadh ceann den spleáchas comparáideach aoise sa chontae mar 55 faoin gcéad atá thart ar 20 faoin gcéad níos airde ná leibhéil réigiúnacha is náisiúnta.

Ar an dul céanna, bíonn tionchar ag dálaí mar imirce agus eile ar an bhfás daonra agus cuirtear an méid sin san áireamh i bhforbairt gníomh faoin LECP.

Léirigh an CDP go soiléir gur contae tuaithe An Cabhán agus 70 faoin gcéad den phobal ina gcónaí i gceantair thuaithe nó i lonnaíochtaí beaga. Is fíor, áfach, go bhfuiltear anois ag teacht leis an nós náisiúnta uirbeach agus é sin curtha san áireamh i ndréachtadh gníomh thart fá cheantair thuaithe is tionscadal a dhíríonn ar cheantair uirbeacha.

Agus soláthar céimneach gníomhartha faoin LECP ar siúl cuirfear san áireamh agus tacófar le sprioc an CDP a thugann ómós do sheantraidisiún iad siud a chónaíonn faoin dtuath agus cuirfear lonnaíochtaí inmharthana tuaithe chun cinn mar chuid tábhachtach d’aon phobal beo láidir tuaithe.

Caithfidh forbairtí Plean Oidhreachta Chomhairle Contae an Chabháin a chur san áireamh agus forbrófar moltaí faoin LECP a bhaineann le hoidhreacht i gcomhar leis an Oifigeach Oidhreachta.

Cloí le Treoracha Pleanála Réigiún Cheantar na Teorann

Tharla athbhreithniú ar an ndréacht LECP i gcomhthéacs na dTreoracha Pleanála Réigiún Cheantar na Teorann (2010). Ullmhaíodh doiciméad faoi leith a léiríonn réiteach an LECP leis na treoracha réigiúnacha. Is iad seo a leanas príomhphointí an doiciméid úd:

Tagann na treoracha Réigiún na Teorann agus LECP an Chabháin lena chéile sa mhéad go dtagraítear do dheiseanna eacnamaíochta agus an tsúil atá le hardcháilíocht beatha do gach saoránach.

Sa straitéis lárnach ag Údarás Réigiún na Teorann tá samhail chothrom fhorbartha mar an rogha is fearrr d’fhorbairt Réigiún na Teorann. Tagann an méid sin le fís an LECP a dhíríonn ar chothrom forbartha ar fud an chontae, agus tionscnaimh is tionscadail ag díriú ar cheantair iargúlta chomh maith le hionaid uirbeacha.

Díríonn na treoracha Réigiún na Teorann ar Gheataí Isteach agus ar Mhoil mar atá sa Straitéis Spásúil Náisiúnta. Toisc gur Molbhaile é Baile an Chabháin, tá an LECP ag iarraidh tús áite a thabhairt d’fhorbairt an bhaile ionas go gomhlíonfar an ról mar Mhol sa chomhthéacs réigiúnach.

Díobhadh Údarás Réigiún na Teorann i 2014, agus beidh treoracha nua pleanála réigiúnacha á ndréachtadh ag an gComhthionól Reigiúnach. Déanfar athbhreithniú ar LECP an Chabháin ina gcomhthéacs siúd nuair a fhoilseofar iad.

Plean Eacnamaíoch

D’fhorbair an SPC Forbairt Eacnamaíoch agus Fiontair na gnéithe eacnamaíoch atá san LECP ar son Chomhairle Contae an Chabháin.

Cloíonn agus tagann an plean eacnamaíoch le straitéis lárnach agus cuspóirí an Phlean Forbartha Contae 2014-2020, agus leis an bpolasaí rialtais idir a bhfuil cheana féin ann agus polasaí atá ag teacht chun cinn don bhforbairt eacnamaíoch agus fiontair. Cuirtear tionscadail eile polasaí san áireamh leis mar shampla an Plean Náisiúnta/Réigiúnach Gníomh um Chruthú Post.

Is í an fhís ná plean uallmhianach, soiléir, dírithe ar ghnímh a chruthú mar a mbeidh liosta tionscadal indéanta mar bhonn faoin bhforbairt eacnamaíoch is fiontair sa chontae go ceann na sé bliana atá romhainn.

Cuireann agus tacaíonn an Plean leis an bPlean Gníomh Post do Réigiún an Oirthuaiscirt/Iarthuaiscirt sa mhéid is go dtacófar le fás fiontair agus poist a chruthú. Is mian leis an bPlean Gníomh Post do Réigiún an Oirthuaiscirt/Iarthuaiscirt méadú 15 faoin gcéad a chur ar fhostaíocht sa réigiún faoin mbliain 2020, an líon fiontar nua a mhéadú 25 faoin gcéad agus cur le hinfheistíocht an IDA. Beifear ag saothrú leis an IDA chun cur le hinfheistíocht agus gníomhaíocht fhiontair a spreagadh sa chontae. Ar na príomhchuspóirí, díríonn an bPlean Gníomh Post Réigiúnach ar luach an earnáil thalmhaíocht-bia agus líon an dturasóirí a mhéadú faoin mbranda ‘Oirthear Ársa na hÉireann’. Tagann LECP an Chabháin leis na cuspóirí céanna, tá gnímh áirithe ann don bhforbairt ar thalmhaíocht-bia is ar mhargaíocht na turasóireachta.

Nuair a tharla an t-athbhreithniú ar ábhar scríofa don LECP cuireadh san áireamh doiciméid eile lárnacha a bhaineann go mór leis an bplean eacnamaíoch. Orthusan bhí Foirgníocht 2020, Costas Gnó in Éirinn 2015, Ár Mianach Glas a Sholáthar, Sochaí Comhtháite a Sholáthar: Plean Náisiúnta Leathanbhanda na hÉireann, Todhchaí Inmharthana, Creat don bhForbairt Inmharthana in Éirinn, Fiontar Glas a Fhorbairt, an tuairisc CEDRA , Straitéis Fiontar Éireann go 2016, An Eoraip 2020, Fómhar Bia 2020, Straitéis Bhreisoideachais agus Oiliúna 2014-2019, An Páipéar Glas um Pholasaí Fuinnimh in Éirinn, Infheistíocht Bonneagair agus Caipitiúil 2016-2021, Clár Náisiúnta Athchóiriú na hÉireann, Treoracha Pleanála Réigiúnacha agus Plean Forbartha Chontae an Chabháin. Forbraíodh gníomhartha sa Phlean Eacnamaíoch de réir na ndoiciméad úd polasaí.

Iarrfaidh an plean eacnamaíoch seo ar phlé le heaspaí lárnach bonneagar a bhfuil tábhacht eacnamaíoch leo go straitéiseach, san áireamh beidh easpa áiseanna spás/cur chun cinn fiontair, srianta leathanbhanda agus áiseanna turasóireachta.

Forbairt Eacnamaíoch a chur chun cinn

Maidir leis an LECP agus forbairt eacnamaíoch a chur chun cinn, i measc bearta eile tá an méid seo a leanas:

Poist a chruthú agus a choimeád,

Leas an phobail a chur chun cinn, cuimsítear forbairt fhiontair is eacnamaíoch thar earnála an gheilleagair, infheistíocht go díreach ón iasacht, tionscail dúchasacha, fiontair idir an-bheag, beag agus meánach, turasóireacht, talmhaíocht, foraoiseacht, an earnáil mhuirí agus earnála eile acmhainní nádúrtha.

Aithneofar buanna riachtanacha áitiúla:

cur le feidhmiú áitiúil eacnamaíoch, mar cháilíochtaí comhshaoil agus na gcathracha, bailte is ceantair thuaithe;

deiseanna fostaíochta, cáilíocht beatha agus modhanna chun leas a bhaint astusan i dtreo iomaíochais, tacaíocht ar fáil ó chinntí infheistíocht a bhainfidh le bonneagar eacnamaíoch (iompar, seirbhísí uisce, fuinneamh, cumarsáid agus bainistiú dramhaíola), maraon le haiseanna sóísialta agus cultúrtha; agus

gníomhaíochtaí áitiúla eacnamaíocha a chur chun cinn,

Tacú le cumas nuála áitiúla, san áireamh beidh infheistíocht i gcumas taighde agus forbartha, aistriú teicneolaíochta, feabhas ar scileanna agus scileanna nua.

Do ghnóthaí atá cheana féin ann agus cinn nua, deiseanna a aithint plé le rialtas áitiúil faoi ghnóthaí a bhunú is a bhainistiú maraon le rochtain is freagraí gasta a chinntiú,

Buanna, deiseanna, laigí agus neart áitiúil a bhaineann le feidhmiú eacnamaíoch a aithint, agus

Mianach eacnamaíoch a aithint maraon le modhanna chun é a chur i gcrích.

50

Sprioc 1: An Cabhán a chur chun cinn mar ionad breá infheistíochta Cuspóir 1.1 Mealladh infheistíochta

Gnímh

Comhlachtaí Freagrach

Scála ama

Marcanna dul chun cinn

Táscaire Feidhmíochta

a) Tionscadail a fhorbairt i gcomhar le IDA agus Fiontar Éireann chun An Cabhán a chur chun cinn mar ionad do ghnóthaí nua, dírithe go príomha ar sheirbhísí airgeadais, TEC agus bia.

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin

Taca: IDA Éireann

Fiontar Éireann

2016 (leanúnach)

Tionscadail ar bun

Feachtais Mhargaíochta ar bun

Líon tionscadal i bpáirt ar bun

1. An diaspóra a spreagadh, go háirithe lucht Corparáidí Ilnáisiúnta (MNC) le bheith mar ambasadóirí a chuirfidh An Cabhan chun cinn.

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin

Taca: Connect Éireann,

Lucht tráchtála

Diaspóra

Cumainn Chontae

2016 – 2021

Léirithe do thionscnaimh a d’fhéadfadh athlonnú

Ócáidí agus coir phoist chuig an diaspóra

Líon léirithe, ócáidí agus coir phoist déanta

1. Feabhsú leanúnach ar Bhranda “Seo An Cabhán” agus naisc ón suíomh idirlín go/ó shuímh lárnach eile infheistíochta mar IDA Éireann.

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin

Taca: Connect Éireann

IDA Éireann

2016 (leanúnach)

Branda de shíor in úsáid agus le feiceáil go minic

Suíomh idirlín forbartha agus uasdátaithe go rialta

Líon cuairteanna ar shuíomh “Seo An Cabhán”

1. Feachtas a fhorbairt is a dhíriú ar infheistíocht ó chomhlachtaí Eagrú Próiseas Gnó (BPO) atá suite i mBaile Átha Cliath/ionaid eile uirbeacha.

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin

Taca: IDA Éireann, Fiontar Éireann

2016 - 2018

Feachtas forbartha

Ábhar bolscaireachta foilsithe

Líon teagmhála le lucht gnó

1. Tacaíochtaí eolais do lucht gnó mar bhróisiúr, deiseanna gréasáin, seirbhísí leabharlainne.

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin

Taca: EI

IDA

BIL

Lucht Tráchtála

Gnóthaí Áitiúla

InterTrade Éireann

Coláiste Thiar Theas

CITC

Institiúidí Tríú Leibhéil

2016-2017

Taighde déanta

Bileog Chlóbhuailte

Scaipeadh eolais

Ócáidí eolais is comhair

Gnímh bolscaireachta

Líon cóipeanna dáilte

Líon ócáidí um fhiontar a chur chun cinn

Líon I láthair ag ócáidí um fhiontar a chur chun cinn

Ceisteanna straitéiseacha do chuspóir 1.1

Cé gur bhraith An Cabhán le fada ar fhiontar dúchasach don bhfás geilleagair, tá an t-ádh linn freisin go bhfuil infheistíocht go fadtéarmach againn ó líon beag comhlachtaí thar sáile. Tá sé mar chuspóir anois comhlachtaí nua dá leithéid a aimsiú don infheistíocht. Chuige sin níor mhór oibriú go dlúth le IDA Éireann agus An Cabhán a léiriú mar láthair bhreá do chomhlachtaí ón iasacht a lorgaíonn lárionad san Eoraip.

Is minic a bhíonn aithne ag IDA Éireann ar ghnóthaí beaga a smaoineodh ar oibriú san Eoraip is a thuigfeadh go bhfuil Éire go maith mar lárionad. Trín diaspóra mór tá an deis anois ag an gCabhán a scéal féin a insint is teacht timpeall ar a leithéid lonnú sa Chabhán. Níor mhór gach aon deis a thapú agus An Cabhán a chur chun cinn agus an diaspóra a shroichint trí Connect Éireann.

Forbraiodh an tionscadal ‘Seo An Cabhán’ chun An Cabhán a chur chun cinn mar ionad turasóireacht agus infheistíochta. Lean an smaoineamh an Fhleadh a reachtáladh le trí bliana as a chéile, rud a chaith léargas nua ar an gcontae agus a spreag spiorad iontach pobail is saorálachais ar fud an chontae. Leanfar den dtógáil ar an mbranda ‘Seo An Cabhán’ chun An Cabhán a bhrú ar aghaidh mar láthair mhaith do chúrsaí gnó.

Ar aon dul le geilleagair eile tuaithe, tá bonn costas níos ísle againn ná mar a bhíonn in ionaid uirbeacha. Agus an geilleagar ag fás, bíonn comhlachtaí móra ar láithreacha atá daor go leor ag iarraidh leathnú. Dá bhrí sin tá gach seans go mbeimís an-oiriúnach do ghnóthaí ag lorg an dara ionaid.

Sa phlean gníomh post a foilsíodh sa bhliain 2012, iarradh ar gach taca gnó a mhíniú. Is í an Oifig Fiontar Aitiúil ar dtús a chabhraíonn le gnó atá ag tosú nó ag leathnú, tá sonraí a leithéid de tionscadail ar shuíomh idirlín LEO An Chabháin. Ina theannta san beidh foilsiúchán a mhíneoidh tacaíochtaí áitiúla is náisiúnta ar fáil chun fiontair a choimeád ar an eolas. Beidh eolas ar fáil freisin ó Sheirbhísí Leabharlainne an Chabháin.

Cuspóir 1.2 Fóram Forbairt Eacnamaíoch

Gnímh

Comhlachtaí Freagrach

Scála ama

Marcanna

Táscaire Feidhmíochta

a) Fóram Forbairt Eacnamaíoch a bhunú mar thaca do thionscadail lárnacha straitéiseacha

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin

Taca: Lucht Tionsclaíochta

2016

Doiciméad réimse ullamh (R2 2016)

Téarmaí tagartha (R3 2016)

Fóram i bhfeidhm (R4 2016)

Fóram i bhfeidhm

b) Iniúchadh ar bhonneagar Eacnamaíoch

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin

Taca: Fóram Eacnamaíoch

Cumainn Tráchtála

Institiúid an Chabháin

ETB

EI

IDA

Telecoms

Eirgrid

Gas Networks Éireann

2016-2017

Cleachtadh Léarscáilíochta

Iniúchadh bonneagair agus léarscáil déanta

Ceisteanna Straitéiseacha do chuspóir 1.2 – Fóram Forbairt Eacnamaíoch

a) Aithníodh an gá le Fóram Forbairt Eacnamaíoch do Chontae an Chabháin trín bpróiseas comhairliúcháin mar mhodh chun páirtithe leasmhara a bhreith le cheile ar son an gheilleagair áitiúla. Ní mór plé go leanúnach le lucht tionscail na háite chun leas a bhaint as a dtaithí agus smaointe don bhfás sa chontae. Beidh modh anois sa bhfóram úd trínar féidir smaointe nua a cur chun cinn maidir le leathnú. Féachfaimid ar Fóram Forbairt Eacnamaíoch Chontae Lú agus gheofar tacaíocht ó Chomhthionól Réigiúnach an Iarthuaiscirt maidir le samhail an Chabháin a bhunú.

b) I dtús báire caithfidh Fóra Eacnamaíoch an Chabháin iniúchadh a dhéanamh ar an mbonnegar, léarscáilíocht a dhéanamh an spás fiontair agus na struchtúir áitiúla a scrúdú. Ar an gcuma san aithneofar neart agus laigí agus leagfar síos bunlíne don chontae. Úsáidfear an t-eolas bailithe chun gá le breis infheistíocht a aithint.

Sprioc 2: Infheistiú i bhForbairt Straitéiseach BonneagairCuspóir 2.1: Forbairt Spás Fiontair agus Láthair Oibre

Gnímh

Comhlachtaí Freagrach

Scála ama

Marcanna

Táscaire Feidhmíochta

a) Forbairtí a roghnú mar pháirceanna ardchaighdeáin gnó (ceann nó dhó) is áiseanna agus talamh IDA a dhaingniú is a choimeád. Scrudú ar roghanna chun áis mhonarcan ardchaighdeáin a fhorbairt.

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin

Taca: IDA Éireann

Ciste Fiontair Chontae an Chabháin

2016-2021

Suímh oiriúnacha a aithint

Pleanáil

Maoiniú

Forbairt

Léas

Aithint Lucht Infheistíochta

Líon suíomh/ aonad/forbartha leathnaithe

b) Scrudú ar roghanna chun spás oibre nua pobail is a bhfuil ann cheana a fhorbairt maraon le háiseanna deasc ar laithreacha lárnacha.

Ceann: Ciste Fiontair Chontae an Chabháin (CCEF)

Taca: Comhairle Contae an Chabháin

Fiontar Éireann

Bréifne Comhtháite Teo.

2016-2021

Suí(o)mh oiriúnacha a aithint

Pleanáil

Maoiniú

Forbairt

Léas

Líon suíomh/ aonad/forbartha leathnaithe

Ceisteanna Straitéiseacha do chuspóir 2.1 – forbairt spás fiontair agus láthair oibre

a) Ní féidir fiontair nua a éascú gan tacht ar thailte tionsclaíochta is seirbhísí ar fáil leo. Chun fiontar nua a mhealladh chugainn beidh gá le tailte cuí agus i gcás FDI, áiseanna ardchaighdeáin mhonarchan. Caithfear a leithéid de thailte a éascú chun leas a bhaint as deiseanna nua. Is minic a chailltear deis ar mhaoiniú FDI nó inaistrithe toisc nach mbíonn an áis mhonarcha ann roimh ré chun freagairt don ghá láithreach bonn. Oibreoidh Comhairle Contae an Chabháin chun tacú lena leitheid d’áiseanna roimh ré agus chun forbairtí monarachan a spreagadh.

b) Tá Ciste Fiontar Chontae an Chabháin chun tosaigh le blianta maidir le spás fiontar a fhorbairt sa chontae le 20 bliain. Is iad Fiontar Éireann an phríomh áisinteacht náisiúnta do thacaíocht d’ionaid nua. Roimhe sin thagadh maoiniu trí shruthanna maoinithe trasteorann. Tá sé mar aidhm anso anois tacú le hionaid atá cheana féin ann a leathnú agus le honaid nua forbartha nuair is gá. Meastar go nglaofaidh Fiontar Éireann ar a leithéid d’iarratais i 2016 agus ina dhiaidh sin arís.

Cuspóir 2.2: Seirbhísí Breise ag tacú le Fiontar

Gnímh

Comhlachtaí Freagrach

Scála ama

Marcanna

Táscaire Feidhme

a) Tógáil ar an mbuntáiste atá ag an gCabhán toisc rochtain againn ar thionscadal Bhaile an Chabháin ‘snáithín ag an doras’ trí Straitéis Digiteach a fhorbairt.

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin

Taca: An Roinn Cumarsáide

Eircom

Siro

IDA Éireann

Fiontar Éireann

Eanáir-Márta 2016 ‘Coiste Stiúrtha Digiteach’ a bhunú

Márta-Meán Fómhair 2016 Straitéis Digiteach ullamh agus glactha

Sa Straitéis Digiteach beidh 6 réimse gníomh do thréimhse 3 bliana.

Eanáir-Márta 2016 Coiste Stiúrtha Bunaithe

Márta-Meán Fómhair 2016 Straitéis Digiteach ullamh agus glactha

Monatóireacht is measúnú in aghaidh 6 mí

Coiste Stiúrtha Bunaithe Márta 2016

Straitéis ghlactha Meán Fómhair 2016 agus scála ama cinnte do na gnímh lárnacha atá inti.

Ceisteanna Straitéiseacha do chuspóir 2.2 – Seirbhísí breise ag tacú le fiontar

a) Tá seirbhís mhaith leathanbhanda ardluais i mBaile an Chabháin mar a bhfuil teacht ar an nGréasán Ceantar Uirbeach (MANS) agus le déanaí roghnaíodh an baile do SIRO, comhthionscadal idir BSL agus a úsáideann an bonneagar BSL chun snáithín 100% a bhreith go díreach isteach i bhfoirgneamh ar luas go 1 Gigabit. Beidh an luas céanna ag soláthróirí eile. Ní mór leas a bhaint as an dteacht ar ardluas leathanbhanda ar son buntáiste iomaíochta sa Chabhán. Níor mhór cur chuige i gcomhar go dlúth leis an soláthróirí seirbhísí agus na húsáideoirí chun bonneagar cuí, oiliúint agus acmhainní eile a chinntiú. Agus Straitéis Digiteach á leagan amach don Chontae bunófar plean oibre in éineacht le gréasán áisínteachtaí agus ‘úsáideoirí críche’ chun margadh an Chabháin a fhorbairt mar mhol digiteach ionas go mbainfear amach an mianach iomlán atá againn maidir le forbairt eacnamaíoch, cruthú post agus fostaíocht nua is iomaíocht i mBaile an Chabháin agus ar fud an Chontae.

Sprioc 3: Forbairt fiontar dúchasach a chur chun cinn Cuspóir 3.1: Forbairt agus Daingniú Cultúr Fiontraíochta

Gnímh

Comhlachtaí Freagrach

Scála ama

Marcanna

Táscaire Feidhmíochta

a) Gnóthaí nua/leathnú Fiontar a chur chun cinn trí chomhairle, oiliúint, maoiniú agus Tacaíochtaí Fiontair Ar Ais ag Obair

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin, LEO an Chabháin

Taca:

BIL

LEADER

EI

Microfinance Éireann

2016 (leanúnach)

Gnóthaí a fhaigheann tacaíocht airgeadais

Páirtíocht i gcláir oiliúna

Gnóthaí ag a bhfuil tacaíochtaí comhairle

Líon gnóthaí a fhaigheann tacaíocht airgeadais LEO.

Líon páirteach i gcláir oiliúna maidir le fiontar.

Líon gnóthaí ag a bhfuil tacaíochtaí comhairle.

b) Tionscadail fhiontar a chur chun cinn mar chláir fhiontair scoileanna agus gradaim, An Clár Fiontróir Óg is Fearr in Éirinn IBYE)

Ceann: CCC

LEO an Chabháin

Taca: Fiontar Éireann

Scoileanna dara leibhéil

2016 (leanúnach)

Mic léinn páirteach i dtionscadail fiontair

Líon páirteach i dtionscadail fiontair do mhic léinn

Ceisteanna Straitéiseacha do chuspóir 3.1 – forbairt agus daingniú cultúr fiontraíochta

a) Is í an Oifig Fiontar Áitiúil (LEO) i gComhairle Contae an Chabháin is túisce a chabhraíonn le lucht nua fiontair. Tugtar réimse iomlán tacaíochtaí do ghnóthaí beaga mar eolas, comhairle, oiliúint fhiontair, comhairle speisialtachta, agus cúnamh airgeadas d’earnála tosaíochta.

b) Go príomha spreagann an Oifig Fiontar Áitiúil an cultur fiontraíochta trí réimse gníomh mar chláir fhiontair i scoileanna dara leibhéil agus gradaim a dhíríonn ar a mbíonn ar bun ag lucht fiontair sa gheilleagar áitiúil. Bíonn gradaim Fiontar Contae agus le déanaí tá an comórtas don bhFiontróir Óg is Fearr in Éirinn. Leanfaidh an LEO de chultúr fiontraíocht a chur chun cinn go ceann tréimhse an phlean seo.

Cuspóir 3.2: Gréasáin agus Braislí Gnó

Gnímh

Comhlachtaí Freagrach

Scála ama

Marcanna

Táscaire Feidhmíochta

a) Réimse gréasán gnó a éascú, mar Chlub na mBan Gnó an Chabháin (CBWC) agus Gréasán PLATO (Réigiún Thoir na Teorann)

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin, LEO an Chabháin

Taca: LEO, CC Lú, na Mí, Mhuineacháin

2016-2021

Gréasáin tacaithe

Líon ócáidí a tharla

Líon a d’fhreastail orthu

b) Tionscnamh Geilleagar na Sionainne/Éirne Uachtair (USEFE)

Ceann: Comhairle Contae Liatroma

Taca: Comhairlí an Chabháin, Longfoirt agus Ros Comáin

2016-2017

Baint leanúnach leis an dtionscnamh

Líon gnóthaí áitiúla bainteach leis an dtionscnamh USEFE

Méid an mhaoiniú faighte

c) Páirtíocht i ngréasáin trasteorann um thionscnaimh straitéiseacha a fhorbairt

Ceann: CCC

Taca: ICBAN

2016-2021

Baint leanúnach le gréasáin

Líon moltaí ag dul ar aghaidh

d) Braislí a chur chun cinn (m.sh. bia & táirgí feirme, ábhar foirgníochta agus e-tráchtáil) chun cur le meall criticiúil a chruthú

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin, LEO an Chabháin

Taca: Fiontar Éireann

InterTrade Éireann

2016-2021

Mianach braislí a aithint

Forbairt straitéise

Líon braislí aitheanta is a fuair cabhair

Ceisteanna Straitéiseacha do chuspóir 3.2 – Greasáin agus braislí gnó

a) Tá gréasáin ríthábhachtach do ghnóthaí áiitúla. Leanfaidh an Oifig Fiontar Áitiúil de thacú le gréasáin mar Chlub na mBan Gnó an Chabháin, gréasán a ligeann do na baill iad féin is a gcuid gnóthaí a neartú, a spreagadh is a léiriú. I 2015, chuaigh an LEO i gcomhar leis na LEO i Muineachán, Lú agus an Mhí chun an gréasán gnó Reigiún Thoir na Teorann PLATO a athbheochan. Tugann PLATO deiseanna gréasán agus forbairt bhainistíochta do SME (fiontair mhicra-scála san). Tá 12-15 grúpa éagsúla dá leithéid agus gnóthaí beaga sa Ghréasán PLATO agus suim acu ar fad i bhfás dá gcuid gnóthaí agus i bhfoghlaim ó chomhlachtaí móra an réigiúin.

b) Tá Tionscnamh Geilleagar na Sionainne/Éirne Uachtair mar thionscadal idir Bord na Móna, BSL, agus údaráis áitúla an Chabháin, Liatroma, Longfoirt agus Ros Comáin. Léirítear fás eacnamaíoch agus fostaíochta trí bhéim ar fhorbairt réigiúnach. Féachtar ar an gcur chuige seo mar mhodh éifeachtach chun teacht ar mhaoiniú ar bhonn réigiúnach, go mórmhór i gcás an ghné páirtíochta atá sa straitéis LEADER.

c) Leanfaidh Comhairle Contae an Chabháin den phlé le háisínteachtaí agus comhlachtaí trasteorann chun tionscnaimh nua a fhorbairt agus maoiniú a fháil dóibh.

d) Chun cur le meall criticiúil i bpríomhearnála áitúla, iarrfaidh an t-údarás áitiúil braislí a chruthú, go háirithe aon áit a bhfuil gnóthaí lárnach cheana féin mar bhia, turasóireacht fheirme agus ábhar foirgníochta.

Sprioc 4: Spreagfar nuáil/taighde & forbairtCuspóir 4.1:Tacú le hAcmhainní agus Cur chun Cinn Nuála

Gnímh

Comhlachtaí Freagrach

Scála ama

Marcanna

Táscaire Feidhmíochta

a) Ócáidí eolais agus tacaíochta don R&D agus nuáil i measc comhlachtaí an Chabháin

Na(i)sc le speisialtóírí nuála idir Ollscoile agus príobháideacha

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin, LEO an Chabháin

Taca:

InterTrade Éireann

Ollscoileanna & IT

Comhairleoirí Nuála

Aonad Clár Speisialta AE

CITC

Nuáil na hAlban

2016-2020

Ceardlanna a tharla

Gnóthaí atá bainteach leo

Líon ócáidí a tharla

Líon nasc forbartha le hinstitiúidí tríú leibhéil

b) Comhlachtaí a ghríosadh chun leas a bhaint as cláir thrasteorann agus Eorpacha mar Fusion agus TARGET (Clár Imeall Thuaidh agus Artach)

Ceann:

Taca: Fiontar Éireann

InterTrade Éireann

Páirtithe Trasnáisiúnta

2016-2018

Ócáidí roinnt eolais

Líon páirteach i gcláir

Ceisteanna Straitéiseacha do chuspóir 4.1 – Tacú le hAcmhainní agus Cur chun Cinn Nuála

a) Trí LEO an Chabháin, leanfaidh Comhairle Contae an Chabháin den am agus acmhainní a chur isteach i bhforbairt táirgí agus próisis. Maidir le micra-ghnóthaí agus gnóthaí beaga díreofar ar dtús ar theagmháil le coláistí tríú leibhéil a bhainfidh le hábhar na hearnála. Beidh sé d’aidhm deachleachtas a aithint is a chur ar aghaidh sa réimse um fhorbairt táirgí nua agus uaillmhianta bhfiontar.

b) Pléfidh an LEO le gnólachtaí áitiúlachun tacaíochtaí cui a aithint a bheidh mar chabhair dóibh i bhfás agus forbairt ionas go mbeidh buntáiste an mhargaidh acu. Cuspóir lárnach is ea gnólachtaí a spreagadh i leith clár trasteorann a ligfidh dheiseanna don leathnú agus feabhsú ar an dtáirge a bhíonn acu.

Cusopóir 4.2: Fuinneamh Inathnuaite & Teicneolaíocht Inmharthana

Gnímh

Comhlachtaí Freagrach

Scála ama

Marcanna

Táscaire Feidhmíochta

a) Tacú le forbairt is fás tionscal um fhuinneamh inathnuaite is teicneolaíocht inmharthana sa chontae

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin

Taca: SEAI

2016-2021

Tacaíochtaí oiliúna agus forbartha do na gníomhaíochtaí gaolmhara

Líon gnó tacaithe

b) Forbairt ar pháirtíochtaí trasteorann agus idirnáisiúnta chun tacú le forbairt teicneolaíocht inmharthana

Ceann: CITC, Comhairle Contae an Chabháin

Taca: Coláiste an Iardheiscirt (TÉ)

Ollscoileanna agus IT Sligeach

Páirtí Oideachais an hAlban

2018-2021

Plé leanúnach

Líon gnó ag baint leas as páirtíochtaí bunaithe

c) Saothrú le SEAI chun samhail Pobal Fuinneamh Inathnuaite [SEC] a bhunú i gContae an Chabháin

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin

Taca: An Pobal Gnó

SEAI

2016-2019

Gnóthaí aitheanta

Gréasán bunaithe

Spriocanna aontaithe

Gnímh áitiúla/tionscnaimh déanta

Spriocanna laghdú fuinnimh

Spáráil costas sna hearnála poiblí is príobháideach

Ceisteanna Straitéiseacha do chuspóir 4.2 – Fuinneamh Inathnuaite agus Teicneolaíocht Inmharthana

a) Sna hearnála fuinnimh inathnuaite agus teicneolaíocht inmharthana tá deiseanna móra ar fhorbairt eacnamaíoch chomh maith le mianach na spriocanna forbartha inmharthana a bhaint amach agus poist nua a chruthú sa gheilleagar glas agus carbóin ísle. Níl an margadh ach á bhforbairt faoi láthair, dá bhrí sin beidh buntáiste ag éinne a bhriseann isteach air. Oibreoidh Comhairle Contae an Chabháin chun tacú le gnóthaí nua san earnáil seo.

b) Trín gclár ‘CREST’, bhí Ionad Nuála agus Teicneolaíochta an Chabháin chun tosaigh is iad ag tacú le comhlachtaí a d’fhorbair táirgí agus córais nua inmharthana. Ní mór tógail ar an rath úd agus eolas a aistriú ón earnáil tríú leibhéil chucu siúd atá in ann é a úsáid do tháirgí agus seirbhísí nua.

c) Meastar go mbeidh méadú 36% ar an éileamh fuinnimh ar bhonn domhanda sna 25 bliain atá romhainn. Rachfar i bhfeidhm dá reir ar phobail Chontae an Chabháin agus níor mhór a bheith ag ullmhú trí mhodhanna nua chun fuinneamh inmharthana a sholáthar. Tá Comhairle Contae an Chabháin tiomnaithe dona leithéid a dhéanamh agus pobail fuinneamh inmharthana a fhorbairt. Prionsabal lárnach sa Phobal Fuinneamh Inathnuaite (SEC) is ea bheith mar chaitilís ag páirtithe poiblí agus príobháideacha trí acmhainní a bhainistiú ar bhonn áitiúil i dtreo bonneagar fuinnimh inmharthana a sholáthar. Pobal tiomanta don úsaid fuinnimh a aithint is ea aon SEC, pleanáiltear tíosacht agus déantar athbhreithniú ar thorthaí a gcuid gníomhaíochtaí. Ar an gcuma san sroichfear spriocanna náisiúnta agus déantar leas an phobail ar bhonn áitiúil.

Sprioc 5: Tacófar le lucht gnó um leathnú go hidirnáisiúntaCuspóir 5.1: Díriú ar Easportáil

Gnímh

Comhlachtaí Freagrach

Scála ama

Marcanna

Táscaire Feidhmíochta

a) Tacú le leathnú ar easportáil trí ghnóthaí a spreagadh le leas a bhaint as scéimeanna InterTrade Éireann um thrádáil trasteorann

- Plé a spreagadh um Fhéidearthachtaí Easportála Roinnt EI agus gréasan oifigí thar sáile

- Tús áite do mhaoiniú seirbhísí deantús agus trádála nuair atá mianach easportala i gceist.

Ceann: Comhairle Contae an Chabháin, LEO an Chabháin

Taca: Fiontar Éireann

InterTrade Éireann

2016-2021

Gnóthaí ag a bhfuil easportáil ar siúl

Gnóthaí tacaithe

Líon gnóthaí ag a bhfuil cláir chun trádáil is easportáil trasteorann a chur chun cinn

5. Ceisteanna Straitéiseacha do chuspóir 5.1 – Díriú ar Easportáil

a) Sprioc tábhachtach ag an Oifig Fiontar Áitiúil is ea cur le líon na ngnóthaí a dhéanann easportáil. Féadfar iad siúd a fhás gan chur isteach ar a gcomharsana agus cuirtear le fostaíocht dá réir. Spreagfaidh an LEO an tacaíocht atá ar fáil sa réimse seo ó na príomháisínteachtaí mar Fiontar Éireann agus Intertrade Éireann atá in ann teacht ar na headrána cuí airgeadais. Oibreoidh an LEO freisin go dlúth le Fiontar Éireann chun an cuspóir céanna a chur i gcrích.

Sprioc 5.2: Roch