gaeilge: plean scoilebaltydanielns.ie/wp-content/uploads/2013/01/plean-gaeilge.pdfnua. chun spéis...
Post on 08-Jul-2020
20 Views
Preview:
TRANSCRIPT
Scoil Náisiúnta Bhaile Tí Dhónaill
Plean Scoile Gaeilge
Réamhráiteas
Thánagamar le chéile ar pleanála agus cruinnithe fóirne i rith na scoilbhliana ‘01/’02. Bhí
cuiditheoir ag cabhrú linn. Tá an plean bunaithe ar an cleachtas, gcomhthéacs dár chinéal
scoile agus eolas praiticiúl na múinteoirí.
Bunchúiseanna
Tá gá le plean a bheith ann sa Ghaeilge chun go mbeidh leanúnachas, struchtúr agus treoir
ann i múineadh na Gaeilge ó naíonáin go rang a sé. Cuirfear béim ar na ceithre shnáithe –
éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht agus déanfar forbairt ar an gcur
chuige cumarsáideach dá bharr. Beidh an plean úsáideach d’ionadaí a thiocfaidh chuig na
scoile agus don Bhord Bainistíochta. Beidh sé scaipthe ar an mBórd agus ar na pairtnéírí eile
sa phróiséas.
Fís
Is scoil mheasctha í an scoil seo. Tá Béarla mar phríoracht againn, ach déanfar sár-iarracht an
Ghaeilge a dhéanamh chomh taitnimhí is gur féidir sa scoil seo.
Tá ochtar oidí i mbun ranganna sa scoil seo. Tá triúir múinteoirí faoi chúram tacaíocht
foghlama/achmhainní. Tá 204 páistí sa scoil.
Cuirfear an-bhéim ar an gcéad dá shnáithe – éisteacht agus labhairt ar dtús chun spéis a
chothú i measc na bpáistí. Ansin, tá béim ar leith ar na ceithre shnáithe ó rang a dó go rang a
sé. Is í taitneamh a chothú i measc na bpáistí an aidhm is mó atá againn sa scoil seo. Tá
láidreachtaí ó thaobh múineadh na Gaeilge de i measc na múinteoirí sa scoil: caighdeán ard
as formhór díobh sa teanga, spéis agus suim ag chuile dhuine inti, neart áiseanna curtha ar fáil
chun tacú linn.
Tá sé mar aidhm ag na múinteoirí sa scoil go gcuirfear an churaclam ina iomlán i bhfeidhm le
gach páiste ag leibhéal áirithe a oireann dó/di agus dár chinéal scoile.
Aidhmeanna
Beidh sé mar phríomh-aidhm ag S.N. Baile Tí Dhónaill go mbeidh sé ar chumas na ndaltaí
agalamh Gaeilge a chothú nuair a bheidh said ag fágaint na scoile i rang a sé.
Cuirimid béim ar leith ar na h-aidhmeanna seo a leanas ins an scoil seo:
Úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide a chur chun cinn.
Dearcadh dearfach i leith na Gaeilge agus spéis agus dúil inti a chothú.
Taitneamh a bheith le baint as foghlaim na Gaeilge.
Cumas éisteachta agus labhartha an pháiste a fhorbairt agus a m(h)uinín chun an
Ghaeilge a úsáid a chothú.
Cumas léitheoireachta agus scríbhneoireachta an pháiste a chothú ag leibhéil a
oireann dó/di féin agus don chineál scoile.
Éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht a fhorbairt ar bhealach
comhtháite.
Feasacht teanga agus feasacht cultúir a chothú.
Cúram a dhéanamh d’fhorbairt shóisialta, chognaíoch, mhothúchánach,
shamhlaíoch agus aeistéitiúil an pháiste.
Cur le líofacht, le cruinneas foghraíochta agus le saibhreas teanga an pháiste.
Pleanáil don Churaclam
Curaclam na Gaeilge
I Scoil Náisiúnta Baile Tí Dhónaill cuirfimid béim ar úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga
bheo chumarsáide. Cuireann foghlaim na Gaeilge le cumas cumarsáide an pháiste i gcoitinne
agus cabhraíonn sí leis na scileanna cumarsáide i dteanga bhreise. Chomh maith leis sin
cuireann foghlaim na Gaeilge ar chumas an pháiste eolas a chur ar chultúr, ar litríocht, ar
sheanchas agus ar amhranaíocht na tíre.
Ba chóir go mbeadh taitneamh le baint as an ábhar foghlama chun go spreagfaí na múinteoirí,
na páistí agus na tuismitheoirí chun an Ghaeilge a úsáid mar ghnáth-theanga chumarsaide
agus chun go mbeadh dearcadh dearfach acu ina leith.
Beidh an curaclam bunaithe ar chur chuige cumarsáideach. Beidh an phríomhbhéim ar an
gcumarsáid san ábhar teagaisc agus foghlama agus i modhanna múinte na gceachtanna
Gaeilge. Is iad móraidhmeanna an chur chuige seo ná, go mbeadh an páiste in ann úsáid a
bhaint as an teanga chun cuspóirí cumarsáide a bhaint amach agus go mbeadh deiseanna
aige/aici an Ghaeilge atá á fhoghlaim a úsáid go rialta i ngnáthchaint an lae. Tá sé
tábhachtach go mbeadh an páiste gníomhach sa cheacht Gaeilge, is é sin gníomhaíochtaí
teanga a bheith ar siúl, tascanna le déanamh agus fadhbanna le réiteach trí Ghaeilge.
Múinadh na Gaeilge sa Rang
Cur Chúige Cumarsáideach
Beidh an cumarsáid mar sprioc le gach ceacht Gaeilge sa scoil seo. Ag ullumhú a gcuid ábhar
teagasc, úsáideann na múinteoirí ábhair atá bainteach le saol an pháiste, tugtar deiseanna dos
na leanaí a bheith gníomhach san fhoghlaim sna ceachtanna.
Leagtar béim ar cur chuige cumarsáideach.
1. Tréimhse réamhchumarsáide: spéis a spreagadh, teanga an mhuinteora, Gaeilge
neamhfhoirmiuil, aithris agus athra, foghlaim foclóra, cleachtadh comhréire,
gníomhachtaí, cluichí
2. Tréimhse cumarsáide: foghlaim foclóra nua trí tascanna, agallaimh taifeadta, drámaí,
cluichí structúrtha, rólanna i suímh éagsúl, idirghníomhú sóisialta, plé agus
díospóireachtaí, dramaíocht, filíocht agus rainn,
3. Tréimhse iarchumarsáide: cleachtadh gramadaí, anáilís na teanga, cluichí breise, tasc
nua.
Chun spéis sa Ghaeilge a chothú, déanaimíd gach iarracht ins an scoil seo ar Ghaeilge a usáid
ag amanta éagsúla taobh amuigh den cheacht Gaeilge, sa seomra ranga, m.sh. ar maidin, ag
am lóín 7rl, am chluichí uaireanta, agus sa scoil mar theanga chaidrimh. Múintear amhráin
Gaelach sa rang cheoil.
Deántar forbairt ar ghnéithe dár gCultúr sa scoil m.sh. peil Ghaelach do bhuachaillí agus do
chailíní,iomaint, rince Gaelach, 7rl.
Feidhmeanna Teanga
Beidh na feidhmeanna teanga i gceist i ngach snáithe den churaclam: Teanga ó Bhéal,
Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht. Rangaítear iad i sé chatagóir feidhmeanna:
Caidreamh sóisialta a dhéanamh
Dul i gcion ar dhuine nó ar dhaoine eile
Dearcadh a léiriú agus a lorg
Eolas a thabhairt agus a lorg
Soiléiriú a lorg i gcomhrá
Struchtúr a chur ar chomhrá
Is gá iad a roghnú agus a fhorbairt, ansin iad a mhúineadh agus iad a úsáid. Tá said
roghnaithe agus forbartha ar bhonn ranga againne sa scoil agus tá teacht orthu seo in Aguisín
1. Tá cóip de na feidhmeanna teanga ag gach múinteoir.
Leagan amach agus struchtúr an churaclam
Tá ábhar teagaisc agus foghlama an churaclaim Ghaeilge eagraithe faoi trí snáithe:
Teanga ó Bhéal
Léitheoireacht
Scríbhneoireacht
Gnéithe
Cumarsáid
Tuiscint
Fiosrú agus úsáid
Teanga ó Bhéal
Is féidir cluas an pháiste a oiliúnt trí éisteacht go foirmiúil i rith ceachta in a ndirítear go
háirithe ar scil na héisteachta. Bainfimid úsáid as ábhar thaifeadta, mar shampla amhráin,
rannta agus giotaí ar nuacht agus aimsir.
Ceangailte leis an bplean seo, tá Aguisín ina bhfuil leibhéil leagtha amach chun éisteacht
foirmiúil a fhorbairt.
Chomh maith le sin, cuirfimid béim ar éisteacht neamhfhoirmiúil i rith an lae m.sh.
múinteoirí ag caint le chéile, teachtaireachtaí ón oifig, dioscanna, TG4, an idirlíon, srl.
Beidh béim an-láidir a chur ar labhairt i scoil Baile Tí Dhónaill. Mar sin is é an cumas
cumarsáide an sprioc is tábhachtaí atá le baint amach ag an bpáiste.
Laistigh den seomra ranga beidh na páistí á mealladh chun an Ghaeilge a labhairt agus chun
taitneamh a bhaint as an gceacht Gaeilge, trí chluichí teanga, ról-ghlacadh i suíomh
shamhlaíochta, agus i ndrámaíocht. I Scoil Baile Tí Dhónaill beidh deis ag na páistí labhairt
go simplí faoi na topaicí a bhfuil spéis acu féin iontu, labhairt fúthu féin agus faoina
dteaghlaigh agus faoina gcáirde. Beidh deis acu iad féin a chur in iúl agus a dtuairimí a
nochtadh, agus cuirfear ar a gcumas cabhair a lorg nuair nach bhfuil an focal nó an frása ceart
acu.
Chomh maith le sin, beidh na páistí á mealladh chun an Ghaeilge a labhairt go
neamhfhoirmiúil sa scoil m.sh. chun caidreamh sóisialta a dhéanamh, cumarsáid a dhéanamh
ag leibhéal simplí, labhairt i gcomhthéacs bainisteoireachta ranga, teachtaireacht a thabhairt,
tuiscint agus easpa tuisceanna a léiriú.
Foghlaim na daltaí i rang a 3 go rang a 6 Amhráin na bhFiann agus Ár nAthair.
Foghlaim na daltaí i rang a 4 go rang a 6 Sé do Bheatha a Mhuire.
Tabhair na múinteoirí ceist nó frasaí do na daltaí gach seacthtain agus nuair a bhíonn said
usáid gaeilge sa scoil tugann an múinteoir Pass don Obair Bhaile dóibh.
Teanga ó Bhéal
Sin iad na Toradh Foghlama:
1. Rannpháirtíoch, éisteacht agus aird
2 agus 3. Gnásanna sóisialta agus feasacht ar dhaoine eile
4. Struchtúr abairte agus gramadach
5. gus 6. Stór focal a shealbhú agus a úsáid
7. Léiriú tuisceanna
8. agus 9. Iarratais agus ceisteanna
10. Catagóiriú
11. Athinsint agus mioinléiriú
12. Teanga a úsáid go spraíúil agus go cruthaitheach
Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht
I S.N. Baile Tí Dhónaill tá an polasaí seo leanas i leith na léitheoireacta agus na
scríbhneoireachta.
I SN Baile Tí Dhónaill tosnófar le bhunús maith faoi thuiscint agus faoi labhairt na
teanga sula dtosófar ar an litearacht foirmiúil.
Ní thosnófar ar léitheoireacht foirmiúl roimh rang 1.
Tosnófar leis an Ghaeilge neamhfhoirmiúl a úsáid chun taca a thabhairt le foghlaim
fhoirmiúil eiseamláirí na bhfeidheamnna teanga.
Usáidfear an Gaeilge chomh minic agus is féidir i rith an lae chun comhthéacs
réalaíoch a thabhairt d’úsáid na eiseamláirí teanga.
Beidh an páiste in ann
a. Beannú
b. Scéal simplí a insint
c. Comhrá /agallamh a dhéanamh
d. É/í féin a chur in iúl do dhuine eile
i. Ag fágáil slán
ii. Ag cur ceiste
iii. Teachtaireacht simplí a thabhairt
iv. Cead a iarraidh
v. Cabhair agus treoir a lorg
An Litearacht Luath
Caint a dhéantar leis an bpáiste faoina
s(h)aol féin
na hábhair spéise taobh amuigh agus istigh den scoil m.sh
Déantar an-chuid cainte le linn súgradh le bréagáín, le h-éadaí, le
puipéidí, le huisce agus le gaineamh le cruthanna agus dathannna agus
i rith obair ealaíne.
Tá cluichí Ghaeilge á dhéanamh sna ranganna éagsúla.
Tosófar ar fhorbairt treosuíomh
Éisteacht le hábhair taifeadta, le scéalta, leis an múinteoir ag léamh scéalta m.sh. Na
Trí Bhéar, Cochaillín Dearg, Na Trí Mhuicín agus ag tabhairt treoracha chun cluichí a
imirt agus chun gníomhachtaí éagsúla a dhéanamh.
Drámaí, puipéidí, luascártaí, ainmneacha na bpáistí, laethanta na seachtaine, an
aimsir, na séasúir, leipéidí/cártaí le foclóir na dtéamaí, na h-uimhreacha 1 – 100.
An Scéim Fhoghraíochta
Rang 1 – ‘’Na Consain’’.
Tá an oibre leagadh amach i leabhair mhúinteora Bua na Cainte 1
Rang 2 – ‘’Na Gutaí Fada’’.
Tá an oibre leagadh amach i leabhair mhúinteora Bua na Cainte 2
Rang 3 - ‘’Na Gutaí Fada & Na Consain’’
Tá an oibre leagadh amach i leabhair mhúinteora Sin É 3
Rang 4 – ‘’Na Gutaí Gearra agus na Gutaí Gearra le Chéile’’.
Tá an oibre leagadh amach i leabhair mhúinteora …
Rang 5 – ‘’Na Consain agus na Gutaí Gearra’’.
Tá an oibre leagadh amach i leabhair mhúinteora Sin É 5
Rang 6 – ‘’Na Consain Shéimhithe’.
Tá an oibre leagadh amach i leabhair mhúinteora Béal Beo 6
Léitheoireacht Usáidfimid léitheoireacht ní hamháin chun eolas a fháil ach ar son an phléisiúir agus an
taitnimh freisin. Beidh an páiste gníomhach sa phróiséas. Beidh sé/sí i ngleic leis an téacs ag
iarraidh brí a bhaint as, agus é/í i mbun léitheoireachta.
Ba cheart i gcónaí fanacht go mbíonn an páiste réidh don léitheoireacht agus bunús maith
faoina c(h)umas cainte.
Léitheoireacht ins na Ranganna 1 go dtí a 4
Múinteoir ag léamh,
Prionta/focail sa rang,
léamh os ard, scéalta a léamh, an téarmaíocht a thuiscint,
liostaí focail, focail a thuiscint as leideanna, foghraíocht, focail a bhriseadh síos i
siollaí, téasc a thuiscint tré plé 7rl…..
Scileanna tuisceanna a fhorbairt
Triaileacha tuisceana a thabhairt
Comhcheangail a dhéanamh idir na h-abhair léite
Léamh i gcomhpháirt, léamh os ard agus go ciuin, fograí, dánta, gníomhaioctaí
ealaíne, clár ama, bia chlár, léitheoireacht fheidhmiuil 7rl
Forbairt na léitheoireachta
Córas fuaimeanna na Gaeilge Foghraíocht neamhfhoirmúil/fuaimeanna nach bhfuil sa
Bhéarla msh ua, ia,siollaí, fréamhacha
Prionta sa timpeallacht, coincheapa i leith prionta,leabhair, léitheoireacht
Abairtí / frásaí a chur le chéile m sh crochfaimid ár gcotaí (T.L 33 agus 126)
Stór de ghnáthfhocail inléite a chur le chéile
Frasaí na seachtaine (Aguisin 2)
Tógáil agus briseadh focal : m.sh. siopadóir/eacht siollaí, foghraíocht (guta
gairid/fada) cnuasacht de focail coitianta, leideanna leitheoireachta msh fuaimeanna
ar nós bh, mh, sh, th, gh, ch, abairtí a léamh ar an nuacht, an aimsir, an fhoirm
cheisteach, abairtí a léamh atá ar eolas ar bhonn labhartha.
Réimse leathan d’ábhar léitheoireachta cnuasacht leabhar m sh An Buachaillín
Sinséir, An Frog Prionsa, Cochaillin Dearg, An Tornapa Mór, Cinnin Oír, An Circín
agus an Sionnach, srl
Treoracha a leanúint m.sh sa chlós. Rith go bun an chlós srl. Léamh agus mím a
dhéanamh (T.L 77)
Cluichí m sh bingo, Mireanna mearaí
Crosfhocail , aimsigh na difriochtai, meatseail,
Dánta / amhráin a léamh / abairtí a chur in ord
Focal ar fhocal. Píosa léitheoireachta briste suas – cuir ar ais le chéile
Tóirfhocail
Logainmneacha m.sh. baile ,cill, dun, coill, currach, ceann
Léitheoireacht ins na hÁrd Ranganna An múinteoir ag léamh, tuiscint a fhorbairt, leabhair Gaeilge sa rang, téarmaíocht na
léitheoireachta á fhorbairt, forbairt foclóra, focail a aithint, tuiscint ar chóras fuaimeanna na
gaeilge, fuaimeanna ar leith na gaeilge msh na dé fhoghair srl an príomhsmaoineamh a fháil,
léamh os ard, cláracha teilifíse, cláracha a léamh agus a phlé, teacsanna éagsula, freagairt do
phearsana agus d’eachtraí srl.
Scríbhneoireacht
Tosófar ar an scríbhneoireacht i Rang 1. Ba chóir go mbeadh an páiste ag giniúint teanga
agus ag déanamh cumarsáide le léitheoir fíor nó samhalta nuair a bhíonn sé/sí ag scríobh agus
go mbunófar scríbhneoireacht an pháiste ar a chuid esipeiréas. Cosúil le scríbhneoireacht
Béarla, má dhéanann an páiste athdhreachtú beidh sí/sé níos sásta lena chuid iarrachtaí ansin.
Tús na Scríbhneoireachta
Gníomhachtaí a chothaíonn féín mhuinín, obair na leanaí ar thaispeáint, moltar gach iarracht,
an muinteoir ag tabhairt sampla, scríobh do léitheoirí éagsúla, cóipeáíl agus iomlánú,
ainmneacha féin á scríobh,meaitseáil abairtí le pictiúir agus á scríobh, ag cumadh abairtí,
lipéid a chur le pictiuir, liosta focal a scríobh, nuacht símplí a scríobh, scéalta beaga, cleachtaí
peannaireachta. Scríobhann siad cúpla abairtí sa cóipleabhar bunaithe ar an téama ón
curriculum.
Scríbhneoireacht ins na Meán Ranganna
Proiseas na scríbhneoireachta;
An Múinteoir mar scríobhneoir
Feabhas a chur ar iarrachtaí pearsanta
Ceartú
Foilsiú ó am go h-am
Litriú ón leabhar éagsúla múinteoireachta
Gramadach ón leabhar éagsúla múinteoireachta
Peannaireacht
Forbairt na Scríbhneoireachta
Tascanna scríbhneoireachta:
Crossfhocail, abairtí, litriú, scríobh faoi phictiúir, scéalta símplí, dialann phearsanta, scéalta a
chríochnú, scríobh faoi/fúithi féin agus a saol féín, scríobh faoi Lá le Pádraig, athdhréachtú,
úsáíd an ríomhaire, poncaíocht. Scríobhann na daltaí i rang a 3 cúpla abairtí iad féin bunaithe
ar na teamaí agus rang a 4 leathanach amháin sa cóipleabhar.
Scríbhneoireacht ins na hÁrd Ranganna
Forbairt ar an obair i Rang 5 agus 6
Moltar gach iarracht, rogha a thabhairt faoi ábhar na gceachtanna, cluichí, abair a chur san
ord ceart, forbairt ar chreatlaigh, litreacha, seoladh, cartaí poist, teachtaireachtaí, litir iarratais,
cur síos ar phictiuir, alt, scéal, tuairisc a scríobh, scéal fúthu féin,seanfhocail, cuntas ar an
gcluiche ceannais, scríobh go rialta, forbairt ar an bponcaíocht, litriuchán, an foclóir a úsáid
mar chabhair don litriú. Scríobhann siad scéal iad féin bunaithe ar an téama a leagan amach
an muinteoir. Déanann siad aiste amháin do gach téama.
Comhtháthú
Teanga ó Béal/ Léitheoireacht / Scríbhneoireacht
Tá clár leagtha amach ag gach múinteoir i leith a rang féin maidir leis na cuspóirí, an cur
chuige agus na h-acmhainní a úsáidtear. Déanfar iad a chomhthathú sa cheacht Ghaeilge. Is
feidir iad sin a dhéanamh trí na gníomhaíochtaí atá luaite faoi na snaitheanna san ábhar
teagaisc agus foghlama.
Comhtháthú na Scileanna
Déantar comhtháthú maidir leis na scileanna i ngach rang msh le linn rang léitheoireachta
bíonn éisteacht i gceist, plé/labhairt ar an ábhar idir láimhibh agus go minic bíonn obair
scríofa i gceist chomh maith. Mar sin bíonn na scileanna éagsula fite fuaite go nadurtha ina
chéile.
I S.N. Baile Tí Dhónaill usaidimid an Ghaeilge chomh minic agus is feidir i rith an lae
múinteoirí sa ranga
ócáidí rialta i rith an lae
teachtaireachtaí
prionta sa timpeallacht
frasaí na seachtaine (Aguisín 2)
paidreacha sna ranganna- Ár nAthair, A Mhuire Mháthair
Amhránaiocht- Amhráin na bhFiann
Téamaí Tá deich dtéama sa churaclam, iad ar fad mar an gcéanna ó naíonaín go rang a sé. Tá baint ag
na téamaí go léir le saol an pháiste agus leis na daoine a ndéanann sé/sí teagmháil leo go
laethúil. Cuirfear na feidhmeanna teanga ina láthair ag baint úsáide as topaicí atá oiriúnach.
Seo a leanas liosta de na téamaí:
Mé Féin
Sa Bhaile
An Scoil
Bia
An Teilifís
Siopadóireacht
Caitheamh Aimsire
Éadaí
An Aimsir
Ócáidí Speisialta
Straitéisí
• Cluichí Teanga/Tomhais • Tascanna agua Fadhbanna
• Drámaíocht • DVD
• Scéalaíocht • Filíocht/Rannta/Dánta
• Idirlíon – suíomhanna oiriúnacha • Clár Idirgníomhach
Modhanna Múinte Is gá ar aon leathan modhanna múinte a úsáid freisin chun freastal ar an páistí os ár gcomhair:
an modh díreach, modh na sraithe, modh na lánfhreagartha gníomhaí, modh closlabhartha,
modh closamhairc, modh na ráite.
An modh díreach: Pictiúir, póstaeir, ábhair dhílis a úsáid chun sainfhoclóir na
dteamaí don léibhéal a mhúineadh.
Modh na sraithe: Sraith abairtí le chéile i bhfoirm scéil a léiriú lé pictiúir nó le
gníomhartha.
Modh na lánfhreagartha gníomhaí: Gníomhartha fisiceacha a úsáid chun brí agus
tuiscint na Gaeilge a leiriú, mar shampla: gníomhamhráin a chanadh, cluichí teanga,
éist agus tarraing.
An modh closlabhartha: Agallamh, éisteacht agus leanúint treoracha, gluaiseacht le
ceol.
An modh closamhairc: Leas a bhaint le pictiuírí, ábhair dhílis mar straitéisí
cúiteacha, mar shampla; focail a aithint ó leideanna a úsáid ó phictíúir,
pictiúirleabhair, leabhair mhóra.
Modh na ráite: Frasaí, nathanna beaga a mhúineadh. ADD
Áiseanna
Seo a leanas na háiseanna atá in úsáid sa scoil chun tacú leis an gcuraclam:
Naíonáin Shóisearacha
Bua na Cainte A Naíonáin Shinsearacha
Bua na Cainte B
Rang a haon
Bua na Cáinte 1
Léigh sa Bhaile 1
Rang a dó
Bua na Cainte 2
Léigh sa Bhaile 2
Rang a trí
Sin É 3
Litrigh É Linn 3
Léigh sa Bhaile 3
Rang a ceathair
Sin É 4
Litrigh É Linn 4
Léigh sa Bhaile 4
Rang a cúig
Béal Beo 5
Léigh sa Bhaile 5
Rang a sé
Béal Beo 6/ Sin É 6
Léigh sa Bhaile 6
Am don Léamh 6
Tá liosta leabhair Gaeilge sa leabharlann againn freisin agus tá siad ar an tseilf so seomra
foirine. (Aguisín 3)
Roghnófar ó am go ham cúpla rud nua a cheannach chun tacú a thabhairt le múineadh na
Gaeilge.
Suímh idirlín
www.ncca.ie/
Googláil ar ‘snas ar scéal’ – Cluichí idirghníomhach
www.saolfaoishraid.ie- Na muppets as Gaeilge
www.spraoi-online.com – Áiseanna Gaeilge
www.seideansi.ie- Scéalta agus cluichí Gaeilge
www.anmuinteoir .ie – E-leabhair ar fheabhas- €20 in aghaidh nabliana
www.robo.ie – Scéalta as Gaeilge
www.leighleat.com – Roinnt scéalta agus dánta
Googláil ar “féasta focal” – Dolch list as Gaeilge
Googláil ar “Bain Súp As” – look at grantadach plean – Acmhainn ghramadaí line
http://www.scoildramaiocht.ie/scripteanna/ - Amharclann léitheoireachta agus scéitsí
drámaíochta
www.gaelchultur.ie –Físeáin cgramadaí- Fis agus foghlaim (R5/6)
Googláil ar “e-leathanach” – Nuacht Reatha atá curtha in oiriúnt do pháistí
www.tearma.ie –Floclóir ar line
www. teanglann.ie – Foclóir agus bunachar gramadaí ar line
www.duolingo.com – Suíomh chun tabhairt faoi Ghaeilge a fhoghlaim – Deas i
gcomhair obair bhaile b’fhéidir nó atá ag tabhairt faoi a
fhoghlaim.
www.piced.info- Póstaeir as Gaeilge a cheannach
www.scoilnet.ie –Áiseanna agus ceachtanna Gaeilge
https://sites.google.com/a/pdst.ie/home/speag-an-ghaeilge-le-spraoi- “Spreag an
Ghaeilge le
Spraoi”
www.molanoige.ie –Duaiseanna Gaeilge
www.cic.ie – Cló-lar Chonnachta- Foilsitheoirí Leabhair
*http://www.nicurriculum.org.uk/microsite/pl/irish/index.asp- Cluichí idirgniomach
http://www.cogg.ie/cluichi-spreag-an-ghaeilge-le-spraoi- Cluichí Clóis
*Irish for Parents – support 4+6pm Mon-Thurs
www.pcsp.ie/
www.scoilnet.ie/
www.teachnet.ie/
http://resources.teachnet.ie/
www.mycjfallon.ie/dashboard/resources
www.theschoolhub.ie/
www.cuplafocal.ie/
www.beo.ie/
www.acmhainn.ie/
www.tg4.ie/
www.foclóir.ie/
www.focal.ie /
www.gael-linn.ie/
www.irishdictionary.ie/
www.gaeilge.ie/
www.gaeilge.ie/angum /
www.forasnagaeilge.ie/
www.leabhar.com/
www.seomraranga.ie/gaeilge
www.anseo.net/
www.bbc.co.uk/irish/
www.tobar.ie/
www.snag.ie/
http://mal.ilearn.ie/
www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/
Gaeilge Neamhfhóirmiúil
Moltar an Ghaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir i rith an lae taobh amuigh den
cheacht Gaeilge. Féach ar liosta sa Aguisín 1.
Ócáidí rialta i rith an lae.
Teachtaireachtaí / Paidreacha/ orduithe.
Mar theanga chaidrimh agus mar theanga bhainisteoireachta sa seomra ranga.
Ceist a chur/eolas a thabhairt/cabhair a lorg.
Mothúcháin a léiriú.
Beannú/slán a fhágáil/leithscéal a ghabháil.
Na hamhráin agus na dánta a ba cheart a bheith ar eolas ag na páistí.
Prionta sa timpeallacht: féidearthachtaí – comharthaí.
Seachtain na Gaeilge
Frasaí na Seachtaine
An Ghramadach sa Churaclam Is ar úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga bheo chumarsáide a leagtar béim sa churaclam
seo. Tá an curaclam bunaithe ar chur chuige cumarsáideach.
Comhtháthú le hábhair eile
Déanfar an churaclam a chomhtháthú chomh minic agus is féidir le hábhar eile:
Corpoideachas, Ceol, Drámaíocht, Reiligiún, srl. Is féidir ábhar amháin nó cúpla ábhar a
roghnú do na rang-grúpaí éagsúla agus frásaí, orduithe, moladh, nó gníomhaíochtaí as
Gaeilge a úsáid le linn na gceachtanna sin chomh minic agus is féidir.
Lá Gaeilge/ Seachtain na Gaeilge
Bíonn lá gaeilge/lá glas againn gach bhlian chun seachtain na gaeile a chéiliuradh. Bíonn trá
na gceist ar siúl ó rang Naí go rang a dó agus ó rang trí go rang sé. Bíonn ceol choirm as síul
chomh maith. Déanann gach rang páirt a glacadh sa cheolchoirm. Déanann siad rannta,
dánta,amhráin, dramaíocht, ceol and damhsa. Éisteann na daltaí le sí scéalta mar shampla, An
Tornapa Mór, An Rí Midas, Cinnín Óir srl. Bíonn cluichí gaeilge as síul, biongo. Cluichí
ranga – Deir Ó Gradaigh, crossfhocal agus cuardach focal. Bíonn Comórtas Talánn as síul í
rang 6. Baineann gach dúinne sport agus taitneamh as an lá.
Doras Gaelige
Cuireann na daltaí a obair gaeilge ar an doras sa halla. Feiseann gach duine a téann isteach sa
scoil an obair sin.
Gaelgóir na Seachtaine
Tugann na múinteoirí trophy don dalta amháin sa rang gach Aoine. Tugann sé/sí an trophy
sin do na dalta a usáideann is mó gaeilge i rith an seachtain.
Cluichí Gaeilge
Imiríonn na daltaí cluichí diffiríocht gaeilge i gcóir 3 noiméad ar dtús don gach ceacht
gaeilge nó i rith an lá. Tá na aiseanna don cluichí sin ar an leathanach ar Aguisín 4.
Pleanáil Eagraíochta
Is curaclam cothrom agus leathan í an Curaclam Teanga na Bunscoile i S.N. Baile Tí
Dhónaill
sa scoil seo, tá tabhacht ag baint le
Atmasféar taitneamheach
Dearcadh na dtuismitheoirí
Comhoibriú leis na dtuismitheoirí
An phobal scoile ar aon intinn faoi úsáid na Gaeilge
Comhtháthú idir na ceithre scil teanga
Raon modhanna múinte
Feidhmeanna teanga riachtanach
Téamaí comhtháite le chéile i dtascanna agus i gcluichí spreagúla
An Ghaeilge neamhfhoirmiúl ag tabhairt taca le foghlaim an Gaeilge foirmiúil
An Ghaeilge mar theanga theagaisc
Leanúnachas ó rang go rang sna hábhar teagaisc agus foghlama, sna feidhmeanna
teanga agus an ghramadach
Tús na Léitheoireachta
Pléanáil an Mhúinteora
Is rud an-tábhachtach é go mbainfeadh an múinteoir úsáid as tréimhsí an cheachta,
réamhchumarsáid, cumarsáid agus iarchumarsáid. Ullmhaíonn gach múinteoir clár oibre dá
rang féin bunaithe ar na cuspoirí dá rang. Coiméadtar cúntas ins an Cúntas Míosuil ar an
obair a deintear sa rang.
Éagsúlacht Cumais
Déanfar freastal ar éagsúlacht cumais na bpáistí trí úsaid a bhaint as gníomhaíochtaí agus
tascanna éagsúla m.sh: mím, líníocht, gníomh, ceist a chur, comhrá, leidchártaí, cluichí,
teanga shimplí, teanga níos casta, beannachtaí, ceol agus damhsa. Beidh feagracht ag an oide
feabhais a úsáíd leis na daltaí chomh maith fresin.
Tá díolúine ón Gaeilge ag páistí áirithe, tá liosta san oifig.
Measúnú
Dírbheathú an mhúinteora.
Tascanna agus trialacha deartha an múinteoir.
Bailiúchán d’obair agus do thionscadail an pháiste.
Cumas na bpáistí in úsáid na Gaeilge mar gnáth theanga chumarsáide; measúnú ar na
scileanna cumarsáide, éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht.
Is ar chumas an pháiste agus ar an méid atá sí in ann a thuiscint, a rá, léamh nó a
scríobh atá an bhéim agus ní ar an easpa cumais.
Obair Bhaile
De gnáth tugtar obair bhaile chun treisiú a dhéanamh ar an obair a déantar sa rang. Bíonn an
obair réamh-ullmhaithe sa rang sa tslí go mbíonn sé indéanta. Bíonn litriú le foghlaim ag na
daltaí ó rang 2 -rang 6 gach oíche.
Uaireanta eile bíonn tascanna eile ag na paistí, dán a fhoghlaim, frásaí, crossfhocail, giota/
alt/ scéal/ aiste a chriochnú, eolas a fháil ó thuismitheoirí faoi stair na h-áite, logainmneacha
agus bailte fearainne 7rl.
Forbairt Foirne
D’fhreastal gach múinteoir sa scoil ar na cúrsai inseirbhise i leith na Primary Language
Curriculum. Pléimíd acmhainní agus teacsanna go rialta sa scoil. Déanaimíd gach iarracht ar
bheith suas chun dáta leis na smaointe is nua aimsirí tré iniuchadh a dhéanamh ar
www.pdst.ie, chun scéimeanna agus pleananna a scrúdú. Tá sé leagtha amach ag an mbord
bainistíochta go bhfuil Gaeilge ag gach múinteoir atá a bhfostu acu.
Tuismitheoirí agus an Ghaeilge
Cuireann an scoil eolais ar fáil do na tuismitheoirí chun tacú le foghlaim a gcuid páistí, m.sh.
rannta/dánta/frásaí na seachtaine le litir cumarsáide ó gach rang. Liostaí frásanna/foclóir le
cur abhaile ag tús na bliana nó i rith den bhliain. Spreagann na múinteoirí na páistí chun
féachaint ar clár oiriúnacha ar TG4 m.sh. cluichí iománaíochta.
Comhionannas
Tugtar seans do gach páiste sa scoil páirt a ghlacadh sa rang Gaeilge agus ins na h-imeachtaí
cultúrtha. Déantar deimhin de nach gcailleann aon pháiste an rang Gaeilge lá i ndiaidh lae.
IT agus an Ghaeilge
ls féidir teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide a úsáid i múineadh agus i bhfoghlaim na
Gaeilge. Tá cleachtadh ag páistí ar an ríomhaire agus is féidir leo an áis seo a úsáid chun
cluichí a imirt nó chun teacht ar eolas, graificí nó léarscáileanna trí scimeáil ar an idirlíon
agus an t-eolas a thraschur agus a úsáid i bhfoghlaim na Gaeilge.
Tá greasáin Ghaeilge ar féidir le páistí eolas a fháil uathu, agus d'fhéadfaí ceangal a
dhéanamh le léitheoireacht fheidhmiúil na Gaeilge chomh maith le cur le heolas an pháiste. ls
féidir éisteacht le múinteoir Gaeilge sa seomra ranga fíorúil agus glórtha difriúla a chloisteáil
trí úsáid na teicneolaíochta sin.
Is saoráid fhiúntach é an ríomhaire pearsanta i bpróiséas na scríbhneoireachta. Is féidir é a
úsáid mar áis chun píosa scríbhneoireachta a chur in eagar agus a leagan amach go
slachtmhar.
Critéir Rathúlachta
Cúntais garbha á coimeád ag gach múinteoir ranga
Aiseolas ó mhúinteoirí faoin méid Gaeilge atá in úsáid sa rang/sa scoil
Atmasféar Gaelach sa scoil – an bhfuil sé á neartú againn? Fianaise?
Aiseolas ó thuismitheoirí
Rólanna agus Freagracht
Tabharfaidh an príomhoide, misneach agus muinín do gach éinne. ‘Sé/sí an múinteoir ranga
atá i bhun gnó in a rang féin. Is faoi / fúithi atá sé spriocanna áirithe a leagadh síos agus na
páistí a mhealladh is a mholadh chun a ndícheall a dhéanamh.
Spriocdhátaí leis an bplean a chur i bhfeidhm
Meánfomhair ‘O2.
Athbhreithniú
Gnéíthe den phlean do réir mar is gá i mí Feabhra 2017 bhí plé idir na múinteoirí agus duirt
gach duine go bhfuil said sásta leis an plean. Athbhreithniú ag cruinnithe foirne ag deireadh
na scoilbhliana 2017.
Daingniú agus Cumarsáid
Tá an phlean faofa ag an mBord Bainistíochta Mí Feabhra, 2017. Tá cóip don phlean scoile
ag gach múinteoir sa Dropbox agus ceann san oifig an Príomhóide.
Aguisín 1
Feidhmeanna Teanga: Catagóir: Caidreamh sóisialta a dhéanamh
Ba chóir go gcuirfí ar
chumas an pháiste
Naíonáin Ranganna 1 agus 2 Ranganna 3 agus 4 Ranganna 5 agus 6
beannú do dhuine
Dia duit.
Dia is Muire duit.
Tá fáilte romhat.
Dia duit a mhúinteoir, a
athair srl
Dia daoibh.
Dia is Muire
duit/daoibh.
Conas atá tú?
Dia is Muire duit.
Dia is Muire duit is
Pádraig.
Dia is Muire daoibh.
Dia is Muire duit/daoibh is Pádraig.
slán a fhágáil
Slán. Slán anois.
Slán go fóill.
Slán agus go raibh
maith agat.
Slán tamall.
Slán abhaile.
Slán agus go n-éirí an bóthar leat.
Feicfidh mé tú/sibh níos déanaí/amárach.
glaoch ar dhuine
A mhúinteoir.
Tar anseo.
A athair.
A Mháire
A Sheáin
A fhreastalaí.
A dhuine uasal.
A bhean uasal.
aird a lorg
An bhfuil sibh ag
éisteacht? Tá/Níl
Tar anseo.
Gabh mo leithscéal.
An bhfuil sibh
réidh/ullamh? Tá/Níl
Nóiméad amháin más é
do thoil é.
Éistigí.
An féidir liom labhairt leat /ar feadh
nóiméad / rud éigin a fháil
bualadh le duine
An bhfuil tú go maith? Conas atá tú? go maith.
Tá mé tinn. srl
Aon scéal nua.
cur in aithne
Seo é / í. Seo x.
Sin X.
comhghairdeas a
dhéanamh
Maith an buachaill.
Maith an cailín.
Lá breithe sona duit. Maith thú. Comhghairdeas.
comhbhrón a
dhéanamh
Á.
Tá brón orm.
Mí-ádh. Deanaim comhbhrón leat. Beidh lá eile
agat/agaibh.
Catagóir: Dul i gcion ar dhuine nó ar dhaoine eile
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an
pháiste
Naíonáin Ranganna 1 agus 2 Ranganna 3 agus 4 Ranganna 5 agus 6
Cead a lorg, a thabhairt, agus a
dhiúltú
Leithreas más é do
thoil é?
An bhfuil cead agam
dul amach / dul go dtí
an leithreas? Tá/Níl.
An bhfuil cead agam x a fháil/
mo lámha a ní/bior a chur ar
mo pheann luaidhe?
Tá / Níl. Ceart go leor.
Brostaigh. Ar aghaidh leat.
Níl cead agat x a fháil.
An bhfuil cead agam
an fhuinneog a
oscailt/an doras a
dhúnadh? Tá / Níl.
Fan go fóill.
An bhfuil cead
agam teacht
isteach / bheith ar
dtús?
buíochas a léiriú Go raibh maith agat. Go raibh míle maith agat. Míle buíochas.
smaoineamh a chur chun cinn
An féidir linn …….?
An bhfuil cead againn …..?
Cén fáth nach féidir
linn x a dhéanmh?
Cad mar gheall ar
….?
iarradh ar dhuine rud éigin a
dhéanamh
Dún an doras.
Seas sa líne. Croch
suas do chóta.
Suigh síos / seas suas.
Stop. Faigh, tabhair
dom, déan, ná déan.
Oscail do leabhar.
Cuir an x ar an mbord.
Faigh an leabhar….
Tóg amach X….
Pioc suas na páipéir.
Glan an clár bán
Suígí síos.
Seasaigí suas.
Tógaigí amach na
leabhair,
Déanaigí …… Bigí
………
Téigi …….
duine a ghríosadh
Lean ort.
Ar aghaidh leat.
magadh faoi dhuine
Ná bí ag pleidhcíocht Ar chuala tú an
scór?
cuireadh a thabhairt, a dhiúltú,
glacadh leis nó fiosrú faoi
Ar mhaith leat teacht
go dtí mo theach, mo
chóisir srl. Ba/Níor
mhaith liom. Cá
mbeidh sé ar siúl? Cén
t-am? Cén dáta / lá?
Ní féidir liom mar
……..
An dtiocfaidh tú
go dtí … ?
Tiocgaidh / Ní
thiocfaidh. Go
raibh maith agat
don chuireadh /
ach ní féidir liom
dul mar ……
foláireamh a thabhairt do dhuine Bí ag siúl.
Ná bí ag rith.
Ná bí ag caint.
Tóg go bog é.
Ná bí ag pleidhcíocht.
Bí/ bígí curamach
Ná bígi ag x.
Ná bígí ag x nó
………..
Bí/bígí curamach.
Tabhair aire.
Déan diefir/
Brostaigh é
stádas a fhógairt nó a cheistiú Is mise an duine is
fearr sa rang.
Conas atá tú ?
maíomh Tá mé go maith ag _. Tá mé go hiontach ag __. An bhfaca tú é sin? Is mise an duine is
fearr / ag ___.
dúshlán duine a thabhairt
Ní feidir leat é sin a
dhéanamh.
Geallaim duit
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an
pháiste
Naíonáin Ranganna 1 agus 2 Ranganna 3 agus 4 Ranganna 5 agus 6
Ní thuigim Ní thuigim.
Cé mhéad atá air?
Ní feidir liom é a
dhéanamh.
An féidir leat cabhrú
liom?
Cad is brí le x ?
Conas a deireann tú
/ a déarfá?
easpa tuisceana a léiriú
Litrigh x más é do
thoil é.
Cén Ghaeilge atá ar x
?
Conas a litríonn tú
?
cabair a lorg
Abair é sin arís más é
do thoil é.
Abair é go mall le
do thoil.
Catagóir: Dearcadh a léiriú agus a lorg
Ba chóir go gcuirfí ar
chumas an pháiste
Naíonáin Ranganna 1 agus 2 Ranganna 3 agus 4 Ranganna 5 agus 6
eolas nó aineolas, cuimhne
nó easpa cuimhne a léiriú
agus fiosrú fúthu
Tá/níl a fhios agam.
An bhfuil a fhios agat?
An cuimhin leat?
Is/ní cuimhin liom.
Níl a fhios agam cá
bhfuil …..
Níl a fhios agam cé a …
An bhfuil aithne agat ar an
duine seo? Tá / Níl.
cinnteach, éiginnteacht,
féidearthacht a léiriú,
fiosrú fúthu
Tá / Níl
‘Sea / Ní hea
Tá / Níl mé cinnte.
An bhfuil tú cinnte? Tá /
Níl
Ca bhfuil an x?
Níl mé cinnte. B’fhéidir go
bhfuil sé …
leibhéal dóchúlachta a
léiriú agus fiosrú faoi
is dócha
gan amhras
is féidir
gan seans
Cá bhfuil Sinéad?
Is dócha go bhfuil sí
tinn.
B’fhéidir go bhfuil sé san
ospidéal / tinn.
An mbeidh sé anseo / an
bua againn an dóigh leat?
Beidh gan dabht / gan
amhras.
Níl /Tá mé cinnte.
taitneamh nó easpa
taitnimh a léiriú
An maith leat?
Is/ní maith liom.
Is breá liom.
Is fuath liom.
Is fearr liom.
Ar mhaith leat?
Ba/níor mhaith liom.
Is fearr liom x ná y.
An dtaitníonn _ leat?
Taitníonn / Ní thaitníonn.
B’fhearr liom x ná y.
Mianta a léiriú nó fiosrú
fúthu
An bhfuil sé go deas /
maith?
Tá / Níl.
Ar mhaith leat milseán?
Ba mhaith liom / Níor
mhaith liom.
Ba mhaith liom x.
Ar mhaith leat éisteacht
leis an dlúth dhiosca?
Ba mhaith liom.
Ba mhaith liom deoch a
fháil / leabhar a léamh /
leabhar nua a cheannach /
dul ag snámh / dul amach
ag súgradh. Ar mhaith leat?
Cad ba mhaith leat a
dhéanamh?
rogha a léiriú agus fiosrú
fúithi
Is fearr liom x.
Cé acu is fearr leat?
Is fearr liom x ná y. Cé acu ab fhearr leat …?
B’fhearr liom x ná y.
leithscéal a ghabháil Tá brón orm. Gabh mo leithscéal.
sásamh nó míshásamh a
léiriú nó fiosrú fúthu
Go maith! Go deas! Go dona! Tá / Níl sé sin go maith /
go dona.
Cad a cheapann tú?
Ar fheabhas / go dona.
An bhfuil sé seo go maith
(an dóigh leat) ?
Tá / Níl
aontú nó easaontú le
ráiteas
Tá / Níl Is ea. / Ní hea
Fíor / bréagach
Briathra dearfa agus
diúltach san Aimsir
Chaite msh Bhris / Níor
bhris. Tá / Níl an ceart
agat.
Aontaím / Ní aontaím An
naontaíonn tú?.
Tá sé sin fíor / bréagach.
Níl sé sin fíor.
ábaltacht nó easpa
abaltachta a léiriú
Is féidir liom.
Ní féidir liom.
An feidir leat x?
An féidir leat x? Is féidir liom leadóg a
imirt / sacar a imirt.
An bhfuil tú in ann…..?
Tá /Níl. Tá mé in ann
…. Níl mé in ann …..
Is féidir liom x a scríobh / x
a dhéanamh / x a bhriseadh
srl.
séanadh
(An raibh tú ag gaire?)
Ní raibh.
(An bhfaca tú ?) Ní fhaca.
(Ar chuala tú?) Níor
chuala.
(Ar thóg tú?) Níor thóg.
(Ar fhág tú?) Níor fhág.
(Ar bhris tú?) Níor
bhris.
(Ar bhuail tú?) Níor bhuail
(Ar chaill tú?) Níor chaill.
maithiúnas a léiriú
Tá brón orm.
Ceart go leor.
Tá go maith.
Tá sé ceart go leor.
Tá brón orm, ní fhaca
mé tú. Tá brón orm, ní
raibh a fhios agam go
raibh tú ansin.
Ní raibh a fhios agam gur
leatsa é.
tacaíocht a léiriú
Maith thú. Go deas. Go
maith. Tá tú an-mhaith.
Ar fheabhas. Go hiontach.
Go breá. Maith sibh.
Lean ar aghaidh. Tá sé sin
go maith.
Beidh tú go breá – ar
aghaidh leat.
díomá a léiriú
Tá díomá orm. Is mór an trua é.
dóchas a léiriú
Beidh tú ceart go leor. Tá súil agam… Tá suil agam go dtiocfaidh
sé/sí.
Táim ag súil go mór le …
ligean air/uirthi
Tá tinneas cinn / tinneas
fiacaile orm. Tá pian i mo
bholg / i mo chluas / i mo
cheann.
Féach, is feidir liom
eitilt. Is x mé.
Is féidir liom ……
Táim ag ligean orm gur x
mé.
scéalta a chumadh nó a
insint
Bhí … Thit … D’ith …
D’ól… Fuair …..
Ar maidin …. Inné …….
Lá amháin ……
Dé Sathairn seo caite …
Aréir …. Arú inné …
Anuraidh … Ar dtús …
Ansin …. Tar éis tamaill …
faoi dheireadh / ar deireadh
léiriú gur gá nó nach gá
rud éigin a dhéanamh agus
fiosrú faoi
An bhfuil orm/orainn é
seo a dhéanamh?
Tá / Níl
Tá ort / oraibh x a
dhéanamh anois.
Tá orm dul abhaile anois
mar ……
Caithfidh mé dul a
chodladh go luath mar ..
Caithfidh mé éadai nua a
cheannach mar …./ m’obair
bhaile a dhéanamh nó ….
Catagóir: Eolas a thabhairt agus a lorg
Ba chóir go gcuirfí
ar chumas an
pháiste
Naíonáin Ranganna 1 agus 2 Ranganna 3 agus 4 Ranganna 5 agus 6
Aithint
Peann
Sin peann.
Is liomsa é.
Is madra mór é sin. Cailín / buachaill an-
mhaith / an-deas / dána is
ea é/í.
Teach trí stór atá ann.
tuairisciú
Anseo / as lathair
Tá sé/sí tinn, sa bhaile, as
láthair.
Níl sé/sí anseo.
Tá cnag ar an doras.
Tá Liam dána / ag ithe /
ag troid.
Tá an leabhar ar an
mbord.
Tá sé fliuch, fuar, te.
Tá an ghrian ag
taitneamh.
Tá sé/sí ag an bhfiaclóir /
i seomra eile / san
ospidéal.
Thit sé sa chlós.
Bhí…………
Chuaigh …….
Tá / Bhí X ag troid sa
chlós.
Tá x ag ithe an lóin.
Thug San Nioclás x dom.
Inniu an Luan / Máirt /
Céadaoin / Déardaoin /
Aoine.
Chonaic mé é/í ar maidin.
Níl a fhios agam cá bhfuil
sé/sí. Beidh sé ar ais
amárach.
Tá beirt – deichniúr as
láthair.
Chuala……
D’ith mé / d’ól mé …….
Chuaigh ……..
Tá sé tirim / ag cur baistí /
ag cur sneachta / arís /
anois.
Beidh an cluiche ar siúl ar a trí
a chlog amárach.
B’fhéidir go bhfuil sé/sí ……
Beidh mé ag dul go dtí ….
Rachaidh mé …
Ceannóidh mé…….
teachtaireacht a
thabhairt
Seo duit an leabhar
/cóta….
Seo nóta duit ó ……
Tá Niamh tinn.
Tá cóta nua ag x.
Tá litir agam duit ó …..
Ní bheidh mé ar scoil
amárach. Beidh mé ag dul
go dtí an fiaclóir ar a 10 a
chlog. Ní bheidh x ar
scoil go dtí an x mar tá
sé/sí tinn.
Beidh an bus déanach inniu.
Glaofaidh mé ort/oraibh nuair a
bheidh sé in anseo.
ceartú
Ná bí ag _. Ná déan é sin.
Ní hea, is liomsa é.
Ní liomsa é – tá mo chóta
gorm.
Ná caith páipéir sa chlós.
Ní leatsa é – is liomsa é.
Ná bígí ag pleidhcíocht.
Thug sé dom é.
ceisteanna a chur
agus a fhreagairt
An bhfuil cead agam dul
amach / dul go dtí an
leithreas? Tá / Níl.
Cá bhfuil x?
Sa chlós / sa seomra / sa
leithreas / sa chófra / sa
bhosca.
An bhfuil sé (dathanna /
gníomhaíochtaí) ?
An bhfuil tú tinn?
Tá /Níl.
Cad atá sa _?
Cé hé / hí sin?
Cad é sin?
An leabhar é? Ní hea /
Sea.
Ar ith/ól tú?
D’ith mé / níor ith mé.
D’ól mé / níor ól mé.
Cad/céard a tharla?
Cé leis é seo?
Ar thóg, thit, bhris,
chuala, tháinig?
An raibh, bhfaca,
ndeachaigh, ndearna ?
Cén dath atá ar an X?
Cathain? (laethanta na
seachtaine – inné, ar
maidin, ag am lóin)
Conas?
Cén t-am? (uair)
Cé mhéad?
Cad is ainm duit?
Cén aois tú?
Cen rang ina bhfuil tú?
Ceisteanna le briathra ón
Aimsir Chaite, Aimsir
Láithreach, (dearfach
agus diúltach).
Cad is dóigh leat?
Cén t-am? (leathuair tar
éis, ceathrú tar éis,
ceathrú chun)
Cén fáth? Mar ………..
Ceisteanna le briathra ón
Aimsir Fháistineach (dearfach
agus diúltach).
Cad é do thuairim?
Is dóigh liom go / gur …….
Cén sort /saghas?
Cén praghas?
Meas tú?
Catagóir: Struchtúr a chur ar chomhrá
Ba chóir go gcuirfí
ar chumas an
pháiste
Naíonáin Ranganna 1 agus 2 Ranganna 3 agus 4 Ranganna 5 agus 6
oscailt
Ar chuala tú?
Tá an lá go hálainn / go
dona / fliuch / fuar / go
deas.
Tá tú ag obair go crua /dian.
féincheartú
Ó, gabh mo leithscéal, tá
brón orm ….
Ní hea ach ……
Ní anois ach níos déanaí /
níos luaithe / ag am …..
Fan go bhfeicfidh mé.
cur síos a
dhéanamh céim ar
chéim
Ar dtús….. Ansin ………
Tar éis tamaill …….. Leis
sin
Níorbh fhada ……. Ar
deireadh …..
coimriú
….. agus is mar sin a
tharla.
Sin, sin.
…. agus mar sin / dá bhrí sin /
dá bharr ní bheidh sé ar scoil.
deireadh a chur le
comhrá
Sin é.
Ceart go leor mar sin.
Tá deifir orm anois.
Tá orm imeacht. (mar)
Caithfidh mé imeacht.
Beidh mé ag caint leat arís.
Feicfidh mé arís / amárach /
níos déanaí thú.
Aguisín 2
Frásaí na Seachtaine:
Dia Duit / Dia is Muire duit.
Conas atá tú? Tá mé go maith go raibh maith agat.
Slán a pháistí, slán a mhúinteoir.
An bhfuil cead agam _______?
Gabh mo leithscéal.
Más é do thoil é.
Go raibh maith agat.
An clog más é do thoil é.
Tá fáilte romhat.
Tá mé anseo.
Níl sé/sí anseo.
Nigh do lámha. Nífidh mé ______.
Tá brón orm.
Cé leis é/í? Is liomsa é/í.
Níl a fhios agam.
Nollaig Shona duit.
Dul Siar
Cén t-am é?
Faigh ___ / Seo duit ___.
Bí cúramach.
Pioc suas.
Cad/Céard é sin? Sin ___.
An maith leat ___? Is / ní maith liom.
Breithlá shona duit.
Conas atá sibh? Táimid ____.
Brostaigh ort.
An dtuigeann tú? Tuigim / Ní thuigim.
Oscail ___ / Dún ___. Osclóidh mé / Dúnfaidh mé.
Cáisc shona duit.
Cén ghaeilge atá ar ____?
An féidir liom/leat? Is / Ní féidir.
Tá an lá _______; te, fuar, fliuch srl..
Tabhair dom _____.
Aguisín 3
Leabhar Gaeilge sa Scoil
Rás Na Seilidi
Na Tri Mhuicin
An Sionnach Glic agus an
Chircin Rua
Sciob Salach
Eoin ar an teilifis
Deir an Cat
Sciob agus an Cat
Ar Maidin
Mo Chuid Oibre
Daideo ag Siopadoireacht
Seomra Nua
Na Tri Bhear
Stop an Bus!
Mo Phictiur
Broga Chait
Corais Taistil
Eadai
Ce ata ag caint?
Sciob Dana
Nuair a thagann Crubach
Cochaillin Dearg
An Fear Sneachta
Dean Eitleog
Ag an Zu
Ba mhaith Liom….
Thoma agus Eithne a
ngleasadh fein
Muscail!
An tUllord
Pipin, Gragalai agus an
Naionan Mor
An Filimeala
Madrai
Carranna
An Aimsir
Na Seasuir
Crann
Anmhithe Feirme
An Speir Istoiche
Ag Sugradh ar an Tra
Faery Nights Oicheanta Si
Fiacla Mhamo
An Sionnach Sleamhain
An Diabhal Agus An
Baille
Cuimhneachan 1916-1966
Hamad and Buachaill
Murach
Katla an Cailin Ungarach
Mads agus Millalik
An Chearc Agus an Ubh
Sheaclaide
Tairseach
Amaidin An Piscin Ar An
Rinc Scatala
Mairin Sa Sorcas
An tOllamh Agus An
Luchog
Pianta Fais Aghaidheanna
Fidil
Scealta Aoibhnis
Leadai an Leipreachan
Leisciuil
Broga An tSiog Phoist
Bliain na dTroll
An T-Iasc Ildathach
Na Daoine Maithe
An Maicin Cliste
An Garbhan
Na Cailleach Granna
Una, An Bhion De
An Ubh Chaillte
An Tain
Dubh Agus Breac
Gabhra Na nAdhrac Orga
Liam agus Bridin Cois
Farraige
Sceal Na Nollag
Feichin Francach
Breagain Dhaidi Na
Nollag
Liam Agus Bridin sa
Bhriotain
Athas
Naomh Brid agus an
Madra Rua
An Dochtuir Dan
Ta Me I Mo Chodladh
Patruin
top related