coimisiún na scrúduithe stáit · lch 4 de 12 6. feachtaÍ aigÉin scrúdaigh an léarscáil...
Post on 13-Oct-2020
3 Views
Preview:
TRANSCRIPT
Lch 1 de 12
2012. S28T
Scríobh do Scrúduimhir anseo:
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
SCRÚDÚ AN TEASTAIS SHÓISEARAIGH, 2012
______________________
TÍREOLAÍOCHT – ARDLEIBHÉAL
ROINN 1 – FILLTEÁN (60 marc)
_____________
DÉ hAOINE, 8 MEITHEAMH – MAIDIN, 9.30 - 11.30
NÓTA: TÁ ROINN 2 DEN SCRÚDÚ AR PHÁIPÉAR AR LEITHLIGH
Greille Mharcála an Fhillteáin
Ceisteanna Marc Scrúdaitheoir Scrúdaitheoir Comhairleach
@ 3
@ 2
@ 1
@ 0
Iomlán
RABHADH Ná déan dearmad an páipéar seo a chur ar ais le do fhreagarleabhar, nó caillfear marcanna.
Lch 2 de 12
1. CARRAIGEACHA
www.utexas.edu
Scrúdaigh an fótagraf thuas agus ciorclaigh an freagra ceart i ngach ceann de na ráitis thíos.
(i) Is é a thugtar ar an gcarraig seo ná eibhear / basalt. (ii) Is bruthcharraig / carraig dhríodair í an charraig seo. (iii) Faightear sampla den charraig seo sa Bhoirinn / i gCill Mhantáin.
2. CREATHANNA TALÚN Críochnaigh na habairtí a leanas. (i) Is é a thugtar ar bhunphointe creatha talún ná an _____________________.
(ii) Is é a thugtar ar thonn tuile a bhíonn ann mar thoradh ar chrith talún ná __________________________.
(iii) An scála a úsáidtear chun creathanna talún a thomhas
ná __________________________.
ROINN 1 (60 marc)
Freagair GACH ceist. Tá rogha agat laistigh de thrí cheist.
Déan deimhin de go gcuireann tú an fillteán seo ar ais le do fhreagarleabhar.
Mura gcuireann tú, caillfear marcanna.
Carraig le criostail bheaga a cruthaíodh laistigh de screamh an domhain.
Lch 3 de 12
3. AOLCHLOCH
Sna boscaí a thugtar, meaitseáil gach ceann de na litreacha i gColún X le huimhir a phéire i gColún Y. Tá meaits amháin déanta duit.
Colún X Colún Y X Y
A Aolchoinneal 1 Scoilteanna doimhne i bpábháil aolchloiche. A
B Clinteanna 2 Spruadar cailcíte ar crochadh anuas ó dhíon pluaise. B
C Aolchuisne 3 Bloic aolchloiche. C
D Gríoga 4 Spruadar cailcíte ar urlár pluaise. D 1
4. OLLGHLUAISEACHT Ciorclaigh an rogha cheart i ngach ceann de na ráitis thíos.
(i) Tá an sreabhadh láibe ar cheann de na cineálacha ollghluaiseachta is tapúla. Fíor / Bréagach
(ii) I limistéir thirime a tharlaíonn sreabhadh láibe. Fíor / Bréagach
(iii) Tá an-tábhacht ag baint leis an ngrádán ó thaobh na hollghluaiseachta de. Fíor / Bréagach
5. TIONSCLAÍOCHT
Cé acu grúpa díobh seo a leanas ina bhfuil gach duine díobh páirteach i ngníomhaíocht thánaisteach gheilleagrach?
Fiaclóir, feirmeoir, Garda, tiománaí tacsaí. Múinteoir, oifigeach árachais, altra, iriseoir. Oifigeach bainc, mianadóir, siopadóir, pluiméir. Báicéir, oibrí monarchan, caibinéadaire, grúdaire. Cuir tic (3) sa bhosca ceart.
Lch 4 de 12
6. FEACHTAÍ AIGÉIN Scrúdaigh an léarscáil thuas.
Ciorclaigh an freagra ceart i ngach ceann de na ráitis thíos.
(i) Is feacht te / fuar é an feacht ag X.
(ii) Is feacht te / fuar é an feacht ag Y.
(iii) Is é a thugtar ar an bhfeacht ag X ná Feacht Labrador / Síobadh Mór an Atlantaigh Thuaidh.
7. PATRÚIN AIMSIRE
Cuir tic (3) sa bhosca ceart chun a thaispeáint cé acu trí ráiteas thíos atá ceart. 1. Aniar aneas a thagann na gnáthghaotha in Éirinn.
2. Is é 20°C an mheánteocht bliantúil in Éirinn.
3. Tá baint ag frithchioclóin le dea-aimsir.
4. Níl aon tionchar ag an Aigéan Atlantach ar an aimsir in Éirinn.
5. Is rud coitianta é fliuchras rilífe ar chósta thiar na hÉireann.
1, 2, 3
2, 3, 4
1, 3, 5
2, 4, 5
X
Y
www.johndenugent.com
Lch 5 de 12
8. AIBHNEACHA Taispeánann an léaráid thíos cúrsa abhann.
Tabhair an suíomh ceart do gach ceann de na gnéithe abhann a thaispeántar ar an léaráid agus an litir cheart á scríobh agat in aice le gach gné ainmnithe sa tábla thíos. Tá péire amháin déanta duit.
Gné Litir
Lúb B
Lúbloch
Eas
Tuilemhá
A
B
D
An Cúrsa Uachtarach
An Cúrsa Meánach
An Cúrsa Íochtarach
www.bbc.co.uk
C
Lch 6 de 12
FREAGAIR 9A NÓ 9B 9A. CÓSTAÍ Cé acu ceann díobh seo a leanas ar gnéithe den sil-leagan cósta iad go léir? Aill mhara, pluais mhara, staic mhara. Tambaló, gob, barra. Trá, stua mara, ceann tire. Cuir tic (3) sa bhosca ceart.
NÓ
9B. OIGHRIÚCHÁN Cé acu ceann díobh seo a leanas ar gnéithe den sil-leagan oighreach iad go léir? Eascracha, moiréin, droimníní. Coirí, droimníní, carraigeacha corra. U-ghleannta, moiréin, coire.
Cuir tic (3) sa bhosca ceart.
Lch 7 de 12
FREAGAIR 10A NÓ 10B 10A. FÁSRA NÁDÚRTHA Scrúdaigh an léarscáil thuas, a léiríonn dáileadh fhoraoisí an domhain. Ciorclaigh an rogha cheart i ngach ceann de na ráitis a leanas. (i) Tá foraoisí bóireacha ag A. Fíor / Bréagach
(ii) Faightear ithreacha trópaiceacha dearga ag B. Fíor / Bréagach
(iii) Is foraoisí duillsilteacha iad na foraoisí bóireacha. Fíor / Bréagach
NÓ
10B. TURASÓIREACHT
Turais thar lear go hÉirinn agus ó Éirinn (na milliúin duine) ó 2004 go dtí 2010 BLIAIN 2004 2005 2006 2007 2008 2009 2010
Líon na gcuairteoirí as tíortha thar lear go hÉirinn 6.6 7.0 7.7 8.0 7.8 6.9 6.0
Líon na gcuairteanna thar lear ag daoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn 5.4 6.1 6.8 7.7 7.9 7.0 6.6
Curtha in oiriúint ó www.cso.ie
Scrúdaigh an tábla thuas a thaispeánann turais thar lear go hÉirinn agus ó Éirinn agus freagair na ceisteanna a leanas.
(i) Cén bhliain ar tháinig an líon ab airde cuairteoirí as tíortha thar lear go hÉirinn? _____________________
(ii) Cén bhliain a ndeachaigh an líon ab airde daoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn ar thuras thar lear? _______________
(iii) Cad é an líon ab ísle turas thar lear ag daoine a bhfuil cónaí orthu in Éirinn? ____________________________
www.thinkquest.org
A
B
Lch 8 de 12
FREAGAIR 11A NÓ 11B 11A. ITHIR Cuir tic (3) sa bhosca ceart chun a chur in iúl cé acu trí ráiteas thíos atá ceart. 1. Is ithreacha an-torthúla iad ithreacha podsail.
2. Is ithreacha an-torthúla iad ithreacha donna.
3. Nuair a lobhann bruscar plandaí déantar húmas de.
4. Ligeann scaireanna neamh-thréscaoilteacha san ithir d’uisce sileadh tríd an ithir.
5. Tugtar láisteadh ar chothaithigh á nglanadh amach as an ithir.
NÓ
11B. LONNAÍOCHT
Scrúdaigh na fótagraif thíos agus ainmnigh gach cineál tithíochta díobh sa spás cuí thíos.
A. ____________________________ B. ____________________________ C. ____________________________
1, 2, 3
2, 3, 4
2, 3, 5
2, 4, 5
A B C
www.lectros.com www.ireland.com www.laois.ie
Lch 9 de 12
12. DAONRA
Scrúdaigh an Léirshamhail de Thrasdul Déimeagrafach thuas. I gCéim 1, tá fás iomlán an daonra íseal mar: Tá na rátaí báis íseal agus tá na rátaí breithe ard. Tá na rátaí breithe agus báis araon ard. Tá na rátaí báis ard agus tá na rátaí breithe íseal. Cuir tic (3) sa bhosca ceart.
13. FEIRMEOIREACHT Is é atá sa bhosca thíos ná ionchuir, próisis agus aschuir ar fheirm. Ciorclaigh trí phróiseas ar fheirm.
gamhna gearradh sadhlais leasacháin crú treabhadh barra tarracóirí bainne arbhar Indiach
www.bbc.co.uk
Léirshamhail de Thrasdul Déimeagrafach Br
eith
eann
a/Bá
sann
a in
agh
aidh
an
1000
Am
An Ráta Breithe
An Ráta Báis
Céim 1 Céim 2 Céim 3 Céim 4 Céim 5
An Daonra Iomlán
Lch 10 de 12
14. STAITISTICÍ AIMSIRE
Taispeánann an tábla agus an barraghraf thíos na meánteochtaí míosúla i gcéimeanna Celsius don bhliain 2011 i mBéal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo. Bain úsáid as an eolas sa tábla thíos chun an graf a chríochnú do mhí an Mhárta, mí an Mheithimh agus mí Lúnasa.
Mí Ean Feabh Már Aib Beal Meith Iúil Lún MF Teocht °C 5 7 8 11 11 12 14 14 13
www.met ie
Meánteochtaí míosúla i 2011 do Bhéal an Mhuirthead, Co Mhaigh Eo
Ean Feabh Már Aib Beal Meith Iúil Lún MF
Mí
Teo
cht °
C
Lch 11 de 12
15. IARMHAIRT GHNÍOMHAÍOCHT AN DUINE
Cuir tic (3) sa bhosca ceart chun a thaispeáint cé acu trí ráiteas thíos atá ceart. 1. Is é is foraoisiú ann ná foraoisí á ngearradh síos.
2. Is é is róshaothrú ann ná na barra céanna á bhfás san áit chéanna gach bliain.
3. Tá iarmhairt dhearfach ag an bhfairsingiú fásaigh ar an talmhaíocht.
4. Rinne an coilíneachas dúshaothrú ar thíortha níos boichte.
5. Déanann an athnuachan uirbeach maitheas do cheantair lárchathrach.
16. GLUAISEACHT DAOINE D’fhéadfadh tosca brú agus tarraingthe a bheith ina gcúis leis an imirce. Ciorclaigh an freagra ceart i ngach ráiteas. (i) Is tosca brú / tarraingthe iad cogadh cathartha agus corraíl shibhialta. (ii) Is toisc bhrú / tharraingthe iad deiseanna fostaíochta den scoth. (iii) Is toisc bhrú / tharraingthe í aeráid bhog. 17. LÉARSCÁIL NA SUIRBHÉIREACHTA ORDANÁIS Scrúdaigh an léarscáil Suirbhéireacht Ordanáis a tugadh duit.
Dá mbeifeá ag taisteal ar feadh an N4 ó M 972 983 go M 953 995, cén treo ina mbeifeá ag taisteal?
Treo ________________________________________
1, 3, 4
1, 4, 5
2, 3, 5
2, 4, 5
Lch 12 de 12
18. LÉARSCÁIL NA SUIRBHÉIREACHTA ORDANÁIS
Sna boscaí a thugtar, meaitseáil gach ceann de na litreacha i gColún X le huimhir a phéire i gColún Y. Tá meaits amháin déanta duit.
Colún X Colún Y X Y
A G 946 037 1 Stáisiún gardaí A
B M 931 988 2 Crannóg B
C M 965 951 3 Stáisiún traenach C 4
D G 894 038 4 Eaglais D
19. AERFÓTAGRAF Scrúdaigh an t-aerfótagraf a tugadh duit. Cad í an phríomhúsáid talún sa tulra ar clé? Cónaitheach Talmhaíoch Reiligiúnach Cuir tic (3) sa bhosca ceart. 20. AERFÓTAGRAF AGUS LÉARSCÁIL SUIRBHÉIREACHT ORDANÁIS Taispeántar an droichead seo san aerfótagraf a thagann leis an bpáipéar seo. Aimsigh an droichead seo ar léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis agus scríobh síos an suíomh ag a bhfuil sé, ag baint úsáide as tagairt eangaí sé fhigiúr. Suíomh ________________________________________
Lch 1 de 8
2012. S28T
Coimisiún na Scrúduithe Stáit
SCRÚDU AN TEASTAIS SHÓISEARAIGH, 2012
______________________
TÍREOLAÍOCHT – ARDLEIBHÉAL
ROINN 2 (90 marc)
______________________
DE hAOINE, 8 MEITHEAMH – MAIDIN, 9.30 - 11.30
Nóta: Tá Roinn 1 den pháipéar seo i bhfillteán ar leithligh, mar a bhfuil spásanna le haghaidh do chuid freagraí. Ná dearmad, le do thoil, go gcaithfear Fillteán comhlánaithe Roinn 1 a thabhairt ar ais le do fhreagarleabhar.
Lch 2 de 8
Ceist 1. DROMCHLA AN DOMHAIN AGUS AN PLÁINÉAD SEO AGAINNE A. Fliuchras (i) Ainmnigh an cineál fliuchrais a thaispeántar sa léaráid thuas.
(ii) Déan cur síos ar conas mar a tharlaíonn an cineál fliuchrais seo.
(10)
B. Teicteonaic Phlátaí - Bolcáin
(i) Ainmnigh sampla amháin de bholcán. (ii) Agus tagairt agat don léaráid thuas, mínigh conas mar a tharlaíonn bolcáin.
(10) C. Síonchaitheamh Mínigh, le cabair léaráide/léaráidí lipéadaithe, conas mar a tharlaíonn siocghníomhú.
(10)
ROINN 2 (90 marc) Freagair TRÍ cheist ar bith.
Tá na ceisteanna uile ar cómharc.
www.thelearningmag.com
Pláta Pláta
www.swc2hocs.edu
Aer fuarAer fuar
Aer tewww.swc2hocs.edu
Lch 3 de 8
Ceist 2. AIBHNEACHA AGUS ACMHAINNÍ NÁDÚRTHA
A. Gné Abhann
Ainmnigh gné amháin a chruthaítear mar thoradh ar chreimeadh abhann agus mínigh, le cabhair léaráide lipéadaithe, conas mar a cruthaíodh é.
(10)
B. Soláthairtí Uisce
(i) Cén téarma a thugtar ar uisce á spraeáil ar bharra go saorga mar a
thaispeántar thuas?
(ii) Ainmnigh scéim amháin dá leithéid a bhfuil staidéar déanta agat uirthi.
(iii) Mínigh buntáiste amháin a bhaineann leis an scéim seo. (iv) Mínigh míbhuntáiste amháin a bhaineann leis an scéim seo.
(10)
C. Iascaireacht (i) Ainmnigh dhá chalafort iascaireachta in Éirinn.
(ii) Mínigh dhá chúis le ró-iascaireacht.
(iii) Déan cur síos ar dhá bheart is féidir a chur i gcrích chun stoic éisc a chaomhnú.
(10)
www.drpinna.com
Lch 4 de 8
Ceist 3. MEASCÁN TÍREOLAÍOCH Freagair TRÍ CINN AR BITH de na ceisteanna 3A, 3B, 3C, 3D. 3A. Pirimidí Daonra
(i) Ainmnigh tír amháin le struchtúr daonra cosúil le Pirimid A.
(ii) Ainmnigh tír amháin le struchtúr daonra cosúil le Pirimid B. (iii) Mínigh cúis amháin a bhfuil bonn níos leithne ag Pirimid B ná Pirimid A.
(iv) Luaigh dhá úsáid a bhaintear as pirimidí daonra.
(10) 3B. Aerfótagraf Scrúdaigh an t-aerfótagraf a thugtar leis an bpáipéar seo.
(i) Agus na téarmaí cearta á n-úsáid agat (culra ar dheis etc.) déan sainaithint ar agus aimsigh suíomh oiriúnach d’óstán.
(ii) Mínigh dhá chúis go mbeadh an suíomh seo ina shuíomh oiriúnach d’óstán.
(10)
Aois
Fireannaigh Baineannaigh
Fireannaigh Baineannaigh
Pirimid A Pirimid B
www.rcn.com
%
Lch 5 de 8
Ceist 3. MEASCÁN TÍREOLAÍOCH (ar lean) 3C. Aeráidí an Domhain
Scrúdaigh an léarscáil thuas a thaispeánann suímh trí réigiún aeráide den domhan.
(i) Ainmnigh an cineál aeráide ag gach ceann de na h-áiteanna A, B, agus C.
(ii) Mínigh na saintréithe atá ag cineál amháin aeráide a bhfuil staidéar déanta agat air.
(10)
3D. Fuinneamh (i) Ainmnigh sampla amháin d’fhuinneamh inathnuaite.
(ii) Mínigh aon dá thoisc fhisiceacha (nádúrtha) atá ag teastáil chun
fuinneamh a tháirgeadh agus úsáid á baint as an bhfuinneamh inathnuaite a ainmníodh i gcuid (i) thuas.
(iii) Mínigh buntáiste amháin a bhaineann le fuinneamh inathnuaite.
(10)
A
C
B
www.worksheets.com
Lch 6 de 8
Ceist 4. UIRBIÚ, GNÍOMHAÍOCHT EACNAMAÍOCH AGUS FORBAIRT
A. Cathracha an Domhain (i) Ainmnigh cathair amháin le dlús ard daonra a bhfuil staidéar déanta agat uirthi.
(ii) Déan cur síos ar agus mínigh dhá fhadhb a bhaineann leis an gcathair
a ainmníodh i bpáirt (i) thuas, de thoradh an dlús daonra ard. (10)
B. Gníomhaíocht Thionsclaíoch
(i) Mínigh iarmhairt amháin atá ag gníomhaíocht thionsclaíoch ar an timpeallacht.
(ii) Mínigh conas mar atá athrú tagtha ar ról na mban sa tionsclaíocht le
himeacht ama.
(10) C. Domhan Éagothrom
Domhan Éagothrom – An Scoilt ‘Tuaisceart / Deisceart’
‘Níl leibhéil na forbartha geilleagraí cothrom ar fud an domhain.’
(i) Mínigh trí chúis a bhfuil leibhéal na forbairtha eacnamaíche níos isle sa ‘deisceart’.
(ii) Ainmnigh dhá shlí inar féidir tabairt faoi sin a leasú.
(10)
An Deisceart An Tuaisceart
www.rsrevision.com
Lch 7 de 8
Ceist 5. LÉARSCÁIL NA SUIRBHÉIREACHTA ORDANÁIS AGUS AERFÓTAGRAF
A. Scrúdaigh an LÉARSCÁIL SUIRBHÉIREACHT ORDANÁIS a tugadh duit.
Tarraing sracléarscáil den limistéar a thaispeántar ar an léarscáil na Suirbhéireachta Ordanáis. Ar do shracléarscail taispeáin agus lipéadaigh gach ceann de na gnéithe seo
a leanas:
• An líne iarnróid
• An limistéar faoi fhoirgnimh i gCora Droma Rúisc
• Limistéar ina bhfuil coillearnach nádúrtha
• Abhainn na Sionainne.
(10)
B. ‘Bhí lonnaíocht sa limistéar a thaispeántar ar an léarscáil de chuid na
Suirbhéireachta Ordanáis i bhfad siar sa stair’. Ainmnigh, aimsigh agus mínigh agus tagairtí eangaí sé fhigiúr á n-úsáid agat,
aon dá shampla de lonnaíocht stairiúil ar an léarscáil. (8)
C. Agus tagairt agat do LÉARSCÁIL NA SUIRBHÉIREACHTA ORDANÁIS
agus an tAERFÓTAGRAF a tugadh duit, mínigh trí chúis a bhfuil Cora Droma Rúisc (agus an ceantar máguaird ar an léarscáil) ina cheann scríbe tábhachtach do thurasóirí.
(12)
Lch 8 de 8
Leathanach Bán
top related