28 aibrean – 9 bealtaine 2014...corr na madadh, baile Átha luain, co. na hiarmhí . ... (s27/14)...

17
1 Coimisiún na Scrúduithe Stáit Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí Treoracha d’Fheitheoirí Ní mór d’Fheitheoirí staidéar a dhéanamh ar na treoracha seo a leanas agus mioneolas a bheith acu orthu, sula dtosaíonn an Scrúdú. AN ARDTEISTIMÉIREACHT: SCRÚDUITHE PRAITICIÚLA SAN EALAÍN 28 Aibrean – 9 Bealtaine 2014 1. TREORACHA GINEARÁLTA 1.1 Tá cead ag na scoileanna Scrúduithe Ealaíne na hArdteistiméireachta a thionól tráth a oireann dóibh le linn na tréimhse 28 Aibrean – 9 Bealtaine, 2014. Ní mór, áfach, na comhpháirteanna éagsúla a thionól san ord atá sonraithe sa tábla thuas agus ar feadh an achair ama atá sonraithe. Ní mór cloí go docht, i ngach mionsonra, leis na treoracha ginearálta seo agus leis na treoracha a bhaineann go speisialta le gach scrúdú ar leith – Gréaschóiriú, Ceardaíocht, Cumadóireacht Shamhlaíoch / Ábhar Neamhbheo agus Sceitseáil Bheo-Ábhair. Féach chomh maith an tAguisín leis seo – sliocht as an Acht Oideachais, 1998 ina gcuirtear síos ar na cionta faoin Acht. 1.2 Ní mór na comhpháirteanna Gréaschóiriú agus Ceardaíocht a thionól an lá céanna agus an dá chomhpháirt a thosú ag an am céanna. Is cóir iad a thionól i seomraí ar leith más féidir é. 1.3 Ní mór na comhpháirteanna Cumadóireacht Shamhlaíoch / Ábhar Neamhbheo agus Sceitseáil Bheo-Ábhair a thionól an lá céanna, na scrúduithe i gCumadóireacht Shamhlaíoch / Ábhar Neamhbheo a thionól ar maidin agus an scrúdú i Sceitseáil Bheo-Ábhair tráthnóna. 1.4 Beidh treoir ag na hiarrthóirí a bheith i láthair sa seomra scrúduithe leathuair an chloig ar a laghad sula dtosaíonn na scrúduithe. 1.5 Mar áis do na hiarrthóirí ina gcuid ullmhúcháin do na scrúduithe, d’eisigh na húdaráis scoile na scrúdpháipéir do na comhpháirteanna Ealaíne go léir do na hiarrthóirí ar 16 Aibreán. 1.6 Beidh na Treoracha do Scoileanna (S27/14) ag na scoileanna agus tá treoracha do na comhpháirteanna go léir sa cháipéis sin. Ord Comhpháirt Leibhéal An tAm a Cheadaítear 1 Gréaschóiriú Ard- agus Gnáthleibhéal 2½ uair (maidin amháin) Ceardaíocht Ard- agus Gnáthleibhéal 2½ uair (maidin) agus 2½ uair (tráthnóna). Iomlán: 5 uair 2 Cumadóireacht Shamhlaíoch/ Ábhar Neamhbheo Ard- agus Gnáthleibhéal 2½ uair (maidin amháin) 3 Sceitseáil Bheo-Ábhair Ard- agus Gnáthleibhéal 1 uair (tráthnóna amháin)

Upload: others

Post on 15-Feb-2021

4 views

Category:

Documents


0 download

TRANSCRIPT

  • 1

    Coimisiún na Scrúduithe Stáit

    Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí

    Treoracha d’Fheitheoirí Ní mór d’Fheitheoirí staidéar a dhéanamh ar na treoracha seo a leanas agus mioneolas a bheith acu orthu,

    sula dtosaíonn an Scrúdú.

    AN ARDTEISTIMÉIREACHT: SCRÚDUITHE PRAITICIÚLA SAN EALAÍN

    28 Aibrean – 9 Bealtaine 2014

    1. TREORACHA GINEARÁLTA 1.1 Tá cead ag na scoileanna Scrúduithe Ealaíne na hArdteistiméireachta a thionól tráth a oireann dóibh

    le linn na tréimhse 28 Aibrean – 9 Bealtaine, 2014. Ní mór, áfach, na comhpháirteanna éagsúla a thionól san ord atá sonraithe sa tábla thuas agus ar feadh an achair ama atá sonraithe.

    Ní mór cloí go docht, i ngach mionsonra, leis na treoracha ginearálta seo agus leis na treoracha a bhaineann go speisialta le gach scrúdú ar leith – Gréaschóiriú, Ceardaíocht, Cumadóireacht Shamhlaíoch / Ábhar Neamhbheo agus Sceitseáil Bheo-Ábhair. Féach chomh maith an tAguisín leis seo – sliocht as an Acht Oideachais, 1998 ina gcuirtear síos ar na cionta faoin Acht.

    1.2 Ní mór na comhpháirteanna Gréaschóiriú agus Ceardaíocht a thionól an lá céanna agus an dá

    chomhpháirt a thosú ag an am céanna. Is cóir iad a thionól i seomraí ar leith más féidir é. 1.3 Ní mór na comhpháirteanna Cumadóireacht Shamhlaíoch / Ábhar Neamhbheo agus Sceitseáil

    Bheo-Ábhair a thionól an lá céanna, na scrúduithe i gCumadóireacht Shamhlaíoch / Ábhar Neamhbheo a thionól ar maidin agus an scrúdú i Sceitseáil Bheo-Ábhair tráthnóna.

    1.4 Beidh treoir ag na hiarrthóirí a bheith i láthair sa seomra scrúduithe leathuair an chloig ar a laghad

    sula dtosaíonn na scrúduithe.

    1.5 Mar áis do na hiarrthóirí ina gcuid ullmhúcháin do na scrúduithe, d’eisigh na húdaráis scoile na scrúdpháipéir do na comhpháirteanna Ealaíne go léir do na hiarrthóirí ar 16 Aibreán.

    1.6 Beidh na Treoracha do Scoileanna (S27/14) ag na scoileanna agus tá treoracha do na

    comhpháirteanna go léir sa cháipéis sin.

    Ord Comhpháirt Leibhéal An tAm a Cheadaítear 1

    Gréaschóiriú nó

    Ard- agus Gnáthleibhéal 2½ uair (maidin amháin)

    Ceardaíocht Ard- agus Gnáthleibhéal 2½ uair (maidin) agus 2½ uair (tráthnóna). Iomlán: 5 uair

    2 Cumadóireacht Shamhlaíoch/ Ábhar Neamhbheo

    Ard- agus Gnáthleibhéal 2½ uair (maidin amháin)

    3 Sceitseáil Bheo-Ábhair

    Ard- agus Gnáthleibhéal 1 uair (tráthnóna amháin)

  • 2

    1.7 Tá na treoracha d’Fheitheoirí, do Mhúinteoirí Ealaíne agus d’iarrthóirí do na Scrúduithe sa Sceitseáil Bheo-Ábhair ar an scrúdpháipéar féin.

    1.8 Ar shroicheadh na scoile duit is cóir na nithe seo a leanas a fháil ó na húdaráis scoile:

    • Rolla Tinrimh • Liostaí Foláireamh (le comhlánú agus le seoladh ar ais agat féin chuig Coimisiún na Scrúduithe

    Stáit) • Foirmeacha Tuairisce an Fheitheora (le comhlánú agus le seoladh ar ais agat féin chuig CSS) • Soláthar de bhileoga líníochta, de pháipéar rianaithe, etc. • Soláthar de lipéid greamaitheacha marcáilte “ÁBHAR SCRÚDAITHE” (inisealacha agus dáta

    le cur orthu agus iad le greamú de gach bileog líníochta a eisítear d’iarrthóirí do na comhpháirteanna Gréaschóiriú agus Ceardaíocht sula dtosaíonn an scrúdú sna comhpháirteanna seo).

    • Soláthar de chlúdaigh mhóra bhána (clúdaigh na n-iarrthóirí) chun saothar na n-iarrthóirí a choinneáil, i.e. ceann amháin do gach iarrthóir ina gcuirfidh sé/sí Gréaschóiriú, Cumadóireacht Shamhlaíoch nó Ábhar Neamhbheo agus Sceitseáil Bheo-Ábhair de réir mar a dhéanann sé/sí gach comhpháirt díobh.

    • Soláthar de lipéid ghreamaitheacha “Ardleibhéal” agus “Gnáthleibhéal” le greamú de chlúdach bán gach iarrthóra.

    • Soláthar de chlúdaigh sheachadta chun saothar na n-iarrthóirí sa Gréaschóiriú, Cumadóireacht Shamhlaíoch nó Ábhar Neamhbheo agus Sceitseáil Bheo-Ábhair a sheoladh ar ais chuig CSS i mBaile Átha Luain.

    • Soláthar de lipéid ghreamaitheacha “Ardleibhéal” agus “Gnáthleibhéal” le greamú de na clúdaigh sheachadta uaine.

    • Soláthar lipéad le ceangal de shaothar iarrthóirí a dhéanann Ceardaíocht. • Soláthar de clúdaigh trédhearcacha cheardaíochta – ceann do gach iarrthóir atá ag déanamh

    na Ceardaíochta.

  • 3

    1.9 Treoracha maidir leis na Liostaí Foláireamh a chomhlánú

    Tá scrúduimhreacha na n-iarrthóirí réamhphriontáilte ar an liosta foláireamh do gach comhpháirt ar leith den scrúdú Ealaíne. Agus an liosta foláireamh á chomhlánú, bain feidhm as peann gránbhiorach DUBH le do thoil. Ba chóir an liosta foláireamh a chomhlánú le “X” os comhair gach scrúduimhreach (féach an léaráid thíos).

    Sa cholún “ARD”, má ghlac an t-iarrthóir an t-ardleibhéal.

    Sa cholún “GNÁTH” má ghlac an t-iarrthóir an gnáthleibhéal.

    Sa cholún “AS LÁTHAIR”, má bhí an t-iarrthóir as láthair. NÓTA: Is cóir cúram a dhéanamh den “X” a choinneáil LAISTIGH DE THEORAINNEACHA na mboscaí bána. Má tharlaíonn go gcuireann tú “X” i mbosca mícheart de thaisme, scrios amach é le do thoil (mar a thaispeántar sa Sampla thíos) agus marcáil an bosca ceart le “X”.

    I gcás go ndéanann iarrthóir scrúdú i d’ionad gan é/í a bheith liostaithe ar na liostaí foláireamh, cuir isteach a scrúduimhir go slachtmhar agus go soiléir sna spásanna bána cuí, le do thoil, agus marcáil “X” sa bhosca cuí (féach an léaráid thíos). Seiceáil do sholáthar de liostaí foláireamh in aghaidh na sonraí ar an rolla tinrimh chun a dheimhniú go bhfuil foirm réamhphriontáilte agat le haghaidh gach cuid den scrúdú Ealaíne. Déan teagmháil le Coimisiún na Scrúduithe Stáit má tá foirmeacha ar bith ar iarraidh. Tá sé tábhachtach go gcomhlánófaí an liosta foláireamh ar bhealach soiléir inléite. Beidh sé ina chuidiú mór agus na scrúduithe á bpróiseáil má chloítear go hiomlán le comhlánú na dtreoracha seo. Ba chóir an liosta foláireamh a shíniú agus a sheoladh ar ais in éineacht le cóip uachtarach an rolla sa chlúdach a bhfuil “ROLLA” marcáilte air.

    ÁR

    D

    GN

    ÁT

    HA

    S

    LA

    TH

    AIR

    ÁR

    D

    GN

    ÁT

    H

    AS

    L

    AT

    HA

    IR ÁR

    D

    GN

    ÁT

    H

    AS

    L

    AT

    HA

    IR

    NOTES / NÓTAÍ

    ++

    IOMLÁINTOTAL

    Do N

    ot F

    old

    N.B. Roimh Before

    chomhlánú na foirme seo duit déan tagairt led’ thoil do Treoracha Ginearálta d’Fheitheoirí. completing this form refer to ‘General Instructions to Superintendents’.

    I gcás gur gá scrúduimhir iarrthóra a scríobh de láimh is cóir an-chúram a dhéanamh de na figiúirí a bheith soiléir rialta, mar atá sa sampla anseo thíos.

    1 2 3 4 5 6 7 8 9 0

    123456

    123457

    123458

    123459

    Rinne an t-iarrthóir Gnáthleibhéal

    Rinne an t-iarrthóir Ardleibhéal

    Iarrthóir as láthair

    Iarrthóir a rinne Ardleibhéal ach tuairiscíodh de thaisme go ndearna sé/sí an Gnáthleibhéal

    Tháinig an t-iarrthóir i láthair cé nár chuir sé/sí isteach ar an ábhar

    Ba chóir líon iomlán na n-iarrthóirí a dhéanann gach leibhéil a scríobh i mbun an liosta foláireamh. Ba chóir don fheitheoir nó na feitheoirí an liosta foláireamh a shíniú freisin.

    X X

    X

    X X #

    78578X

  • 4

    2. GRÉASCHÓIRIÚ Baineann na treoracha seo a leanas leis an nGréaschóiriú amháin.

    Ní mór d’iarrthóirí dearadh a tháirgeadh ar pháipéar mar a shonraítear sa scrúdpháipéar. 2.1 Bileog Ullmhúcháin Tá cead ag iarrthóirí Bileog Ullmhúcháin A2 amháin a thabhairt isteach sa scrúdú mar áis fhísiúil lá

    an scrúdaithe. Ba chóir go mbeadh an obair ar fad ar thaobh amháin den Bileog Ullmhúcháin. Má úsáideann iarrthóir colláis, íomhánna gearrtha amach, fótagraif nó íomhánna rianaithe dá B(h)ileog Ullmhúcháin, ní mór an obair ar fad dá leithéid a ghreamú síos ar an mbileog A2. (Tharlódh go mbeidh dornán beag iarrthóirí ann nach ndéanfaidh Bileog Ullmhúcháin.)

    Ní mór don mhúinteoir ealaíne nó don phríomhoide an bhileog ullmhúcháin a shíniú agus dáta

    a chur uirthi sula dtosaíonn an scrúdú á dhearbhú gur obair an iarrthóra féin gan chúnamh atá ann.

    Is í an Bhileog Ullmhúcháin an t-aon ais fhísiúil amháin atá ceadaithe. Níl cead, dá réir sin, áiseanna físiúla ar bith eile a thabhairt isteach (e.g. fótagraif, íomhánna rianaithe nó obair ealaíne réidh le húsáid) sa scrúdú chun iad a chóipeáil nó le húsáid ina moladh dearaidh deiridh. Níl cead ábhair mheatacha orgánacha a úsáid. Tá cead ag iarrthóirí meáin agus uirlisí oiriúnacha ealaíne ar bith a úsáid chun riachtanais an scrúdaithe a chomhlíonadh e.g. pinn luaidhe, péint, páipéir dhaite, cárta, páipéar rianaithe, ábhair do cholláis nó do mheáin mheasctha, rialóir, T-bhacart, scian, siosúr, gliú, etc.

    Ag deireadh an scrúdaithe ba chóir a threorú don iarrthóir a b(h)ileog ullmhúcháin a chur isteach ina c(h)lúdach bán in éineacht leis an obair a rinneadh ag an scrúdú.

    Ní mór do gach iarrthóir a scrúduimhir, leibhéal an scrúdaithe agus uimhir na ceiste a freagraíodh

    a scríobh ar gach bileog. 2.2 Rolla Tinrimh

    Ar shroicheadh na scoile duit is cóir an Rolla Tinrimh a lorg ar na húdaráis scoile. Nuair is tú an t-aon duine amháin sa scoil atá ag déanamh feitheoireacht ar an nGréaschóiriú, cuirfidh an scoil an Rolla Tinrimh ar fáil duit. Má tá breis is Feitheoir amháin ann, gheobhaidh duine amháin díobh an Rolla Tinrimh ón údarás scoile agus socróidh sí/sé comhlánú an Rolla leis an bhFeitheoir eile. Tá Scrúduimhreacha, Ainmneacha agus Dátaí Breithe na n-iarrthóirí réamhchlóite ar an Rolla. Sula dtugtar an Rolla don Fheitheoir, seiceálfaidh príomhoide na scoile, i gcomhairle leis an Múinteoir Ealaíne, go bhfuil an t-eolas atá clóite ar an Rolla cruinn. Páipéarachas dépháirteach atá sa Rolla. Ba chóir go bhfaighfeá an DÁ PHÁIRT ón scoil. Níor chóir an dá pháirt a scaradh óna chéile go dtí go mbeidh an scrúdú thart. Is cóir an bharrchóip den Rolla a sheoladh ar ais chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag deireadh an scrúdaithe deiridh, i.e. Sceitseáil Bheo-Ábhair. Is cóir don scoil an chóip eile a choinneáil.

    2.3 Liosta(í) Foláireamh

    Féach Alt 1.9, Treoracha maidir leis na Liostaí Foláireamh a Chomhlánú.

    2.4 Ullmhúcháin

    Tá curtha in iúl do scoileanna gur chóir go gcuideodh an Múinteoir Ealaíne sa scoil le hullmhú an tseomra don scrúdú agus go gcuirfeadh sí/sé uirlisí nó ábhair ar bith is gá ar fáil.

  • 5

    2.5 Nósanna Imeachta an Scrúdaithe N.B. Tá na treoracha seo a leanas bunaithe ar an scrúdú a thosú ag 9.30 a.m. Má roghnaíonn an scoil am eile chun tosú, is cóir na hamanna a choigeartú dá réir.

    I scoileanna ina bhfuiltear ag glacadh Gréaschóiriú agus Ceardaíocht araon, ní mór don scrúdú sa Ghréaschóiriú tosú ag an am céanna le seisiún maidine an scrúdaithe sa Cheardaíocht agus críochnú ag an am céanna le seisiún maidine an scrúdaithe sa Cheardaíocht.

    Ag 9.10 a.m. is cóir duit a dheimhniú, i gcás gur thug iarrthóir ar bith Bileog Ullmhúcháin isteach sa scrúdú, go bhfuil sí sonraithe mar Bhileog Ullmhúcháin, go bhfuil Scrúduimhir an iarrthóra uirthi agus go bhfuil sí sínithe ag an Múinteoir Ealaíne nó ag an bPríomhoide. N.B. Níor chóir cead a thabhairt d’iarrthóir ar bith Bileog Ullmhúcháin a thabhairt isteach nach bhfuil sínithe ag an Múinteoir Ealaíne nó ag an bPríomhoide. Ag 9.15 a.m. is cóir duit a iarraidh ar gach iarrthóir an Rolla Tinrimh a shíniú. Mura bhfuil iarrthóir i láthair don scrúdú is cóir na focail “AS LÁTHAIR” a scríobh sa spás do shíniú an iarrthóra ar an Rolla Tinrimh. Is cóir duit féin an Rolla Tinrimh a shíniú ansin sa spás chuige sin. (Beidh níos mó ná leathanach amháin sa Rolla Tinrimh i scoileanna ina bhfuil breis agus fiche iarrthóirí.)

    Ag 9.20 a.m. is cóir duit an lipéad greamaitheach “ÁBHAR SCRÚDAITHE”, ar chuir tú do chuid inisealacha agus an dáta air cheana féin, a chur ar gach bileog den pháipéar líníochta a eisítear do na hiarrthóirí. Más mian le hiarrthóir páipéar ealaíne a úsáid seachas an páipéar a chuireann an Coimisiún ar fáil, is cóir duit an lipéad greamaitheach “ÁBHAR SCRÚDAITHE”, ar chuir tú do chuid inisealacha agus an dáta air cheana féin, a chur ar gach bileog dá leithéid sula dtosaíonn an scrúdú á dhearbhú go bhfuil sí bán.

    Ag 9.30 a.m. is cóir treoir a thabhairt d’iarrthóirí tosú ag obair. Níl cead ag iarrthóirí comhrá ná cumarsáid ar bith a dhéanamh le chéile le linn an scrúdaithe. N.B. Níl cead ag an Múinteoir Ealaíne a bheith sa seomra le linn an scrúdaithe. Ag 11.45 a.m. is cóir a mheabhrú do na hiarrthóirí nach mór dóibh éirí as an obair ag 12 méan lae. Ag 12 méan lae is cóir a threorú do na hiarrthóirí éirí as an obair agus na nithe seo a mharcáil

    go soiléir ar a saothar: • teideal an scrúdaithe ar gach bileog a úsáideadh (i.e. Gréaschóiriú) • an scrúduimhir acu • leibhéal an pháipéir a rinneadh (Ardleibhéal nó Gnáthleibhéal) • uimhir na ceiste a freagraíodh.

    Is cóir duit a threorú do gach iarrthóir na nithe seo a leanas a chur i gclúdach bán an iarrthóra: bileog de sceitsí ullmhúcháin (A2) (má thug na hiarrthóirí bileog isteach sa scrúdú) bileog réamhsceitsí (A2) moladh dearaidh deiridh (A2)

    Ní mór do gach iarrthóir tic () a chur i gColún 1 den ghreille atá ar an gclúdach le dearbhú go bhfuil a s(h)aothar curtha isteach sa chlúdach aige/aici. Ní mór duit tú féin a shásamh ansin go bhfuil obair an iarrthóra curtha isteach sa chlúdach agus do chuid inisealacha a chur i gColún 2 den ghreille chun sin a dheimhniú. Is cóir a threorú don iarrthóir freisin an lipéad greamaitheach do leibhéal an ábhair a chur sa spás chuige sin ar chlúdach an iarrthóra.

    Taispeántar clúdach iarrthóra samplach, agus an ghreille, san Aguisín leis seo. N.B. Níor chóir clúdaigh na n-iarrthóirí a chur faoi shéala ag an tráth seo agus is cóir iad a choinneáil in áit shábháilte.

    Ba chóir an fhoirm do Thuairisc an Fheitheora mar aon leis na Liostaí Foláireamh (ach iad a bheith curtha isteach ar dtús i gclúdach gorm na liostaí foláireamh) agus cóip uachtarach an Rolla Tinrimh don Ghréaschóiriú, don Chumadóireacht Shamhlaíoch/Ábhar Neamhbheo agus Sceitseáil Bheo-Ábhair) a chur sa phost chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit ag deireadh an scrúdaithe sa Sceitseáil Bheo-Ábhair sa chlúdach marcáilte “Rolla”.

  • 6

    3. Ceardaíocht

    Baineann na treoracha seo a leanas leis an scrúdú sa Cheardaíocht amháin.

    Ní mór d’iarrthóirí earra ceardaíochta a dhearadh agus a dhéanamh mar atá sonraithe ar an scrúdpháipéar.

    3.1 Bileog Ullmhúcháin

    Tá cead ag iarrthóirí Bileog Ullmhúcháin A2 amháin a thabhairt isteach sa ionad scrúduithe mar áis fhísiúil lá an scrúdaithe. Ba chóir go mbeadh an obair ar fad ar thaobh amháin den bhileog A2. Má úsáideann iarrthóir colláis, íomhánna gearrtha amach, fótagraif nó íomhánna rianaithe dá B(h)ileog Ullmhúcháin, ní mór an obair ar fad dá leithéid a ghreamú síos ar an mbileog A2. (Tharlódh go mbeidh dornán beag iarrthóirí ann nach ndéanfaidh Bileog Ullmhúcháin.)

    Is í an Bhileog Ullmhúcháin an t-aon áis fhísiúil amháin atá ceadaithe. Níl cead, dá réir sin, áiseanna físiúla ar bith eile a thabhairt isteach (e.g. fótagraif, íomhánna rianaithe nó obair ealaíne réidh le húsáid) sa scrúdú chun iad a chóipeáil.

    N.B. Ní cóir a cheadú d’iarrthóir Bileog Ullmhúcháin a thabhairt isteach mura bhfuil sí sínithe ag an Múinteoir Ealaíne nó ag an bPríomhoide agus dáta uirthi.

    Níl cead ábhair orgánacha mheatacha a úsáid.

    Tá cead ag iarrthóirí ábhair agus uirlisí ceardaíochta oiriúnacha ar bith a úsáid chun riachtanais an scrúdaithe a shásamh, de réir na dtreoracha do gach ceardaíocht ar leith.

    Ní mór do gach iarrthóir a scrúduimhir, leibhéal an scrúdaithe agus uimhir na ceiste a freagraíodh a scríobh ar gach bileog agus ar an lipéad ceardaíochta a cuireadh ar fáil.

    Ní mór do gach iarrthóir uimhir na ceiste a roghnaíonn sé/sí agus a teideal a scríobh ar gach bileog agus ar an lipéad ceardaíochta a cuireadh ar fáil.

    Ní mór Bileog Ullmhúcháin an iarrthóra a chur isteach i gclúdach trédhearcach Ceardaíochta an iarrthóra in éineacht leis an obair a rinneadh sa scrúdú más obair dhéthoiseach í. (Ní mór obair thríthoiseach a chur ar bharr an chlúdaigh.)

    3.2 Rolla Tinrimh

    Ar shroicheadh na scoile duit is cóir an Rolla Tinrimh a lorg ar na húdaráis scoile.

    Nuair is tú an t-aon duine amháin sa scoil atá ag déanamh feitheoireacht ar an gCeardaíocht, cuirfidh an scoil an Rolla Tinrimh ar fáil duit. Má tá breis is Feitheoir amháin ann, gheobhaidh duine amháin díobh an Rolla Tinrimh ón údarás scoile agus socróidh sí/sé comhlánú an Rolla leis an bhFeitheoir eile.

    Tá Scrúduimhreacha, Ainmneacha agus Dátaí Breithe na n-iarrthóirí réamhchlóite ar an Rolla. Taispeántar sa bhosca cuí i mbun gach leathanaigh an líon iarrthóirí atá liostaithe ar GACH LEATHANACH den Rolla. Sula dtugtar an Rolla don Fheitheoir, seiceálfaidh príomhoide na scoile, i gcomhairle leis an Múinteoir Ealaíne, go bhfuil an t-eolas atá clóite ar an Rolla cruinn. Páipéarachas dépháirteach atá sa Rolla. Ba chóir go bhfaigheadh an Feitheoir an DÁ PHÁIRT ón scoil. Níor chóir an dá pháirt a scaradh óna chéile go dtí go mbeidh an scrúdú thart. Is cóir an bharrchóip den Rolla a sheoladh ar ais chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit sa chlúdach ar leith marcáilte “Rolla Ceardaíochta”. Is cóir don scoil an chóip eile a choinneáil. Síneoidh na hiarrthóirí an Rolla ar maidin agus arís tráthnóna.

    Tá cóip shamplach chomhlánaithe den Rolla Tinrimh ina theannta seo.

    Ní mór duit a dheimhniú, sula bhfágann gach iarrthóir an t-ionad scrúduithe tráthnóna, go bhfuil píosa páipéir curtha ar fail ag an iarrthóir agus go bhfuil Scrúduimhir an iarrthóra ar an bpíosa páipéir sin.

    Tá dearbhú ar gach leathanach den Rolla, atá le síniú ag an bhFeitheoir agus le dearbhshíniú ag príomhoide na scoile, go bhfuil píosa i láthair (2T nó 3T) do gach iarrthóir a shínigh an Rolla. Ag deireadh an scrúdaithe is cóir duit an Rolla a thabhairt don phríomhoide lena shíniú. I gcás nach bhfuil píosa ann is cóir duit na sonraí a thaifeadadh ar Thuairisc an Fheitheora agus é sin a chur in iúl do phríomhoide na scoile láithreach bonn chun gurbh fhéidir an scéal a chur faoi bhráid an iarrthóra. Tar éis aon neamhréiteach a chur ina cheart, is cóir do phríomhoide na scoile an Dearbhú a chomhlánú.

  • 7

    3.3 Liosta(í) Foláireamh

    Féach Alt 1.9, Treoracha maidir leis na Liostaí Foláireamh a Chomhlánú. 3.4 Le Linn an Scrúdaithe Beidh cúnamh tugtha ag an Múinteoir Ealaíne sa scoil chun an seomra a ullmhú don scrúdú Ceardaíochta agus chun uirlisí agus ábhair a chur ar fáil mar a theastaíonn. Fad atá an scrúdú Ceardaíochta ar siúl is cóir don mhúinteoir Ealaíne a bheith i láthair sa seomra

    scrúdaithe i gcaitheamh an scrúdaithe chun uirlisí agus ábhair a thabhairt amach, déileáil le huirlisí nó ábhair bhriste, cuidiú leatsa, an Feitheoir, más gá, chun na saothair chríochnaithe a stóráil agus plé go ginearálta le ceisteanna eile mar a iarrann tusa.

    N.B. Ar mhaithe le cothroime idir iarrthóirí a choinneáil, níl cead ag an Múinteoir Ealaíne

    stiúir ná cúnamh ar bith a thabhairt d’iarrthóirí agus níl cead aige/aici cumarsáid a dhéanamh le hiarrthóirí i gcaoi a thabharfadh buntáiste dóibh dá bharr.

    Níl comhrá ná cumarsáid ar bith ceadaithe idir na hiarrthóirí le linn na scrúdaithe. Is cóir ceadú d’iarrthóirí bogadh thart méid áirithe san ionad scrúduithe ón uair gur tástálacha

    praiticiúla atá i gceist agus beidh na hiarrthóirí ag iarraidh teacht a bheith acu ar threalamh agus ar ábhair éagsúla.

    Is féidir ábhar a thabhairt d’iarrthóir in áit ábhar atá millte. I gcás ar bith dá leithéid ní mór an t-ábhar millte a choinneáil in éineacht le hobair chríochnaithe an iarrthóra.

    3.5 Nósanna Imeachta an Scrúdaithe (Seisiún na Maidine)

    N.B. Tá na treoracha seo a leanas bunaithe ar an scrúdú a thosú ag 9.30 a.m. Má roghnaíonn an scoil am eile chun tosú, is cóir na hamanna a choigeartú dá réir. Ón uair gur scrúdú cúig uaire an chloig atá sa Cheardaíocht ní mór dó tosú ar maidin, i.e. seisiún dhá uair an chloig go leith ar maidin agus seisiún dhá uair an chloig go leith tráthnóna.

    Ag 9.10 a.m. ba chóir duit a dheimhniú, i gcás gur thug iarrthóir ar bith Bileog Ullmhúcháin isteach sa scrúdú, go bhfuil sí sonraithe mar Bhileog Ullmhúcháin, go bhfuil Scrúduimhir an iarrthóra uirthi agus go bhfuil sí sínithe ag an Múinteoir Ealaíne nó ag an bPríomhoide.

    N.B. Níor chóir cead a thabhairt d’iarrthóir ar bith Bileog Ullmhúcháin a thabhairt isteach nach bhfuil sínithe ag an Múinteoir Ealaíne nó ag an bPríomhoide. Ag 9.15 a.m. is cóir duit a iarraidh ar gach iarrthóir an Rolla Tinrimh a shíniú. Mura bhfuil iarrthóir i láthair don scrúdú is cóir na focail “AS LÁTHAIR” a scríobh sa spás do shíniú an iarrthóra ar an Rolla Tinrimh. Is cóir duit féin an Rolla Tinrimh a shíniú ansin sa spás chuige sin. (Beidh níos mó ná leathanach amháin sa Rolla Tinrimh i scoileanna ina bhfuil breis agus fiche iarrthóirí.)

    Ag 9.20 a.m. is cóir duit an lipéad greamaitheach “ÁBHAR SCRÚDAITHE”, ar chuir tú do chuid inisealacha agus an dáta air cheana féin, a chur ar gach bileog den pháipéar líníochta a eisítear do na hiarrthóirí. Más mian le hiarrthóir páipéar ealaíne a úsáid seachas an páipéar a chuireann an Coimisiún ar fáil, is cóir duit an lipéad greamaitheach “ÁBHAR SCRÚDAITHE”, ar chuir tú do chuid inisealacha agus an dáta air cheana féin, a chur ar gach bileog dá leithéid sula dtosaíonn an scrúdú á dhearbhú go bhfuil sí bán.

    Ag 9.25 a.m. is cóir don Mhúinteoir Ealaíne na hábhair chuí a dháileadh ar iarrthóirí. Ag 9.30 a.m. is cóir treoir a thabhairt d’iarrthóirí tosú ag obair. N.B. Tá cead ag an Múinteoir Ealaíne a bheith sa seomra le linn an scrúdaithe. Ag 11.45 a.m. is cóir a mheabhrú d’iarrthóirí go gcaithfidh siad sos a ghlacadh ón obair ag 12 meán

    lae.

  • 8

    Ag 12 meán lae is cóir treoir a thabhairt d’iarrthóirí stopadh den obair agus a rá leo nár chóir dóibh ceistpháipéar ar bith, líníochtaí (agus an Bhileog Ullmhúcháin san áireamh) ná aon chuid den triail atá déanta ná ábhair scrúdaithe ar bith a bhogadh as an seomra scrúdaithe. Is cóir a iarraidh ar na hiarrthóirí a bheith i láthair arís ag 1.50 p.m. Deimhnigh go bhfuil an seomra scrúdaithe faoi ghlas agus nach bhfuil teacht ag duine ar bith air i gcaitheamh am lóin. 3.6 Nósanna imeachta an Scrúdaithe (Seisiún an Tráthnóna) Ag 1.50 p.m. is cóir duit a iarraidh ar gach iarrthóir an Rolla Tinrimh a shíniú sa spás chuige sin do

    sheisiún an tráthnóna. Is cóir don iarrthóir uimhir na ceiste agus cur síos ar an gceardaíocht ar baineadh triail aisti a chur isteach sna spásanna chuige sin ar an Rolla Tinrimh. Mura bhfuil iarrthóir i láthair is cóir na focail “AS LÁTHAIR” a scríobh sa spás do shíniú an iarrthóra ar an Rolla Tinrimh.

    Ag 2.00 p.m. cuirtear tús an athuair leis an scrúdú. Ag 4.15 p.m. is cóir a mheabhrú d’iarrthóirí go gcaithfear éirí as an obair ag 4.30 p.m. Ag 4.30 p.m. is cóir treoir a thabhairt d’iarrthóirí éirí as an obair agus na nithe seo a mharcáil

    go soiléir ar an saothar: • scrúduimhir • teideal an scrúdaithe ar gach bileog a úsáideadh (i.e. Ceardaíocht) • leibhéal an pháipéir a rinneadh (Ardleibhéal nó Gnáthleibhéal) • uimhir na ceiste a freagraíodh.

    Is cóir lipéid cheangail (soláthar díobh faoi iamh) a úsáid mar is cuí chuige seo. Is cóir duit treoir a thabhairt do gach iarrthóir na nithe seo a leanas a chur isteach ina c(h)lúdach

    trédhearcach do Cheardaíocht an iarrthóra: • bileog de sceitsí ullmhúcháin (A2) (má thug iarrthóirí a leithéid isteach sa scrúdú) • bileog réamhsceitsí (A2) • earra ceardaíochta críochnaithe(más déthoiseach atá sé)

    Más píosa Ceardaíochta tríthoiseach a dhéantar ní mór é a chur ar bharr an chlúdach trédhearcach na

    Ceardaíochta agus an lipéad cuí feistithe de. Taispeántar sampla de clúdach trédhearcach ceardaíochta san Aguisín leis seo. Ní mór an clúdach trédhearcach ceardaíochta a chur faoi shéala ansin. Is cóir gach píosa 3T a chur ar bharr an chlúdaigh thrédhearcaigh cheardaíochta. Is cóir saothar na n-iarrthóirí a stóráil go sábháilte sa scoil. Is cóir don Fheitheoir cuidiú leis an údarás scoile leis na socruithe seo más gá. Ag deireadh an scrúdaithe, is cóir don Fheitheoir agus do phríomhoide na scoile an Dearbhú a chomhlánú ar gach leathanach den Rolla Tinrimh, (Beidh breis agus leathanach amháin sa Rolla Tinrimh i scoileanna ina bhfuil breis agus fiche iarrthóirí). N.B.: Déantar Ceardaíocht (2T agus 3T) a scrúdú sna scoileanna féin. Níor chóir, i gcúinse ar

    bith, an Cheardaíocht a chur isteach i gclúdaigh bhána na n-iarrthóirí na sa chlúdach seachadta uaine.

    Is cóir an bharrchóip den Rolla Tinrimh don Cheardaíocht a chur sa phost go dtí Coimisiún

    na Scrúduithe Stáit, Cor na Madadh, Baile Átha Luain, sa chlúdach marcáilte “Rolla Ceardaíochta”. Ba chóir don údarás scoile an chóip eile den Rolla Tinrimh a choinneáil.

  • 9

    4. CUMADÓIREACHT SHAMHLAÍOCH agus ÁBHAR NEAMHBHEO Baineann na treoracha seo a leanas leis an scrúdú sa Chumadóireacht Shamhlaíoch agus san Ábhar Neamhbheo amháin. Ní mór d’iarrthóirí saothar a dhéanamh sa Chumadóireacht Shamhlaíoch nó san Ábhar Neamhbheo

    mar atá sonraithe sa scrúdpháipéar. 4.1 Ullmhúcháin Tá curtha in iúl do scoileanna gur chóir go gcuideodh an Múinteoir Ealaíne sa scoil le hullmhú an tseomra don scrúdú agus go gcuirfeadh sí/sé ar fáil uirlisí nó ábhair ar bith is gá d’iarrthóirí, mar atá sonraithe ar an scrúdpháipéar.

    Ní mór duit a dheimhniú go bhfuil dóthain slí ag gach iarrthóir atá ag déanamh Ábhar Neamhbheo chun a g(h)rúpa indibhidiúil earraí féin a chóiriú. Is cóir boscaí, stólta nó cathaoireacha a chur ar fáil chuige seo. Féadfaidh iarrthóirí, más mian leo e, a ngrúpaí earraí a chur ar an urlár.

    N.B. Níl cead ag iarrthóirí áiseanna stionsail, teimpléid, íomhánna rianaithe, obair ealaíne réamhullmhaithe nó íomhánna fótagrafacha a thabhairt isteach sa scrúdú don Chumadóireacht Shamhlaíoch ná don Ábhar Neamhbheo.

    Tá cead ag iarrthóirí oibriú i ndath, monacróm, meáin mheasctha, colláis nó meán oiriúnach ar bith eile. Níl cead, áfach, olaphéinteanna ná ábhar meatach orgánach a úsáid.

    Más mian le hiarrthóir oibriú ar bhileog dhaite nó ar bhileog seachas an ceann a chuireann an Coimisiún ar fáil, ní mór duit féin, an Feitheoir an bhileog seo a shíniú sula dtosaíonn an scrúdú á dhearbhú go bhfuil sí bán. Uasmhéid na bileoige: A2

    4.2 Rolla Tinrimh Ar shroicheadh na scoile duit is cóir an Rolla Tinrimh a lorg ar na húdaráis scoile.

    Nuair is tú an t-aon duine amháin sa scoil atá ag déanamh feitheoireacht ar an gCumadóireacht Shamhlaíoch nó ar an Ábhar Neamhbheo, cuirfidh an scoil an Rolla Tinrimh ar fáil duit. Má tá breis is Feitheoir amháin ann, gheobhaidh duine amháin díobh an Rolla Tinrimh ón údarás scoile agus socróidh sí/sé comhlánú an Rolla leis an bhFeitheoir eile. Tá Scrúduimhreacha, Ainmneacha agus Dátaí Breithe na n-iarrthóirí réamhchlóite ar an Rolla. Sula dtugtar an Rolla don Fheitheoir, seiceálfaidh príomhoide na scoile, i gcomhairle leis an Múinteoir Ealaíne, go bhfuil an t-eolas atá clóite ar an Rolla cruinn. Páipéarachas dépháirteach atá sa Rolla. Ba chóir go bhfaighfeá an DÁ PHÁIRT ón scoil. Níor chóir an dá pháirt a scaradh óna chéile go dtí go mbeidh an scrúdú thart. Is cóir an bharrchóip den Rolla a sheoladh ar ais chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit ansin; is cóir don scoil an chóip eile a choinneáil.

    4.3 Liosta(í) Foláireamh

    Féach Alt 1.9, Treoracha maidir leis na Liostaí Foláireamh a Chomhlánú. 4.4 Nósanna Imeachta an Scrúdaithe N.B. Tá na treoracha seo a leanas bunaithe ar an scrúdú a thosú ag 9.30 a.m. Má roghnaíonn an scoil am eile chun tosú, is cóir na hamanna a choigeartú dá réir. Ag 9.15 a.m. is cóir duit a iarraidh ar gach iarrthóir an Rolla Tinrimh a shíniú. Mura bhfuil iarrthóir

    i láthair don scrúdú is cóir na focail “AS LÁTHAIR” a scríobh sa spás do shíniú an iarrthóra ar an Rolla Tinrimh.

    Is cóir duit féin an Rolla Tinrimh a shíniú ansin sa spás chuige sin. (Beidh níos mó ná leathanach amháin sa Rolla Tinrimh i scoileanna ina bhfuil breis agus fiche iarrthóirí.)

  • 10

    Ag 9.30 a.m. is cóir treoir a thabhairt d’iarrthóirí tosú ag obair. Níl cead ag iarrthóirí comhrá ná cumarsáid ar bith a dhéanamh le chéile le linn an scrúdaithe. N.B. Níl cead ag an Múinteoir Ealaíne a bheith sa seomra le linn an scrúdaithe. Ag 11.45 a.m. is cóir a mheabhrú d’iarrthóirí go gcaithfidh siad éirí as an obair ag 12 meán lae. Ag 12 meán lae is cóir treoir a thabhairt d’iarrthóirí éirí as an obair agus na nithe seo a mharcáil

    go soiléir ar an saothar acu: • a scrúduimhir a scríobh go soiléir sa spás chuige sin ar bhileog A2 an iarrthóra. • teideal an scrúdaithe ar gach bileog a úsáideadh ‘Cumadóireacht Shamhlaíoch nó Ábhar

    Neamhbheo’ díreach faoi bhun na Scrúduimhreach • leibhéal an pháipéir a rinneadh (Ardleibhéal nó Gnáthleibhéal) Is cóir duit na clúdaigh bhána indibhidiúla ina bhfuil a scrúdú sa Ghréaschóiriú a dháileadh ar na hiarrthóirí agus treoir a thabhairt dóibh a scrúdú sa Chumadóireacht Shamhlaíoch/Ábhar Neamhbheo a chur sa chlúdach freisin. (Ní bhaineann an treoir seo ach le hiarrthóirí a roghnaigh Gréaschóiriú.) Níor chóir an clúdach a chur faoi shéala ag an tráth seo ón uair go gcaithfear an scrúdú sa Sceitseáil Bheo-Ábhair a dhéanamh fós. N.B. Níor chóir clúdach bán an iarrthóra a chur faoi shéala. I gcás iarrthóirí a roghnaigh Ceardaíocht a dhéanamh is cóir clúdach iarrthóra bán a dháileadh anois ar gach iarrthóir dá leithéid chun go bhféadfaidh na hiarrthóirí sin a bpáipéar sa Chumadóireacht Shamhlaíoch/Ábhar Neamhbheo a chur sa chlúdach. Is cóir treoir a thabhairt do na hiarrthóirí sin an lipéad greamaitheach do leibhéal an ábhair a chur sa spás chuige sin ar an gclúdach iarrthóra. N.B. Níor chóir clúdach bán an iarrthóra a chur faoi shéala. Ní mór do gach iarrthóir tic () a chur i gColún 1 den ghreille atá ar an gclúdach le dearbhú go bhfuil a s(h)aothar curtha isteach sa chlúdach aige/aici. Ní mór duit tú féin a shásamh ansin go bhfuil obair an iarrthóra curtha isteach sa chlúdach agus do chuid inisealacha a chur i gColún 2 den ghreille chun sin a dheimhniú. Taispeántar clúdach iarrthóra samplach, agus an ghreille, san Aguisín leis seo.

    Ní mór don Fheitheoir a dheimhniú go bhfuil an clúdach iarrthóra faoi choinneáil in áit shábháilte.

  • 11

    5. SCEITSEÁIL BHEO-ÁBHAIR

    NB: Ní mór an scrúdú sa Sceitseáil Bheo-Ábhair a chur ar siúl ar an lá céanna leis an scrúdú sa Chumadóireacht Shamhlaíoch/Ábhar Neamhbheo.

    Baineann na treoracha seo go sonrach leis an scrúdú sa Sceitseáil Bheo-Ábhair.

    Dhá sceitse den chuspa a bheidh sa scrúdú. Sceitse den fhíor iomlán le linn staidiúir a mhairfidh cúig nóiméad déag a bheidh sa chéad sceitse. Líníocht níos críochnaithe de staidiúir a mhairfidh tríocha nóiméad a bheidh sa dara sceitse. Tá cead an fhíor iomlán nó leathfhíor (an cloigeann agus na guaillí) a roghnú. Tá na treoracha sonracha a bhaineann leis na staidiúirí ar an scrúdpháipéar féin.

    N.B. Níl cead ag iarrthóirí áiseanna mar stionsail, teimpléid, íomhánna rianaithe, obair ealaíne réamhullmhaithe ná íomhánna fótagrafacha a thabhairt isteach sa scrúdú sa Sceitseáil Bheo-Ábhair.

    Tá cead ag iarrthóirí oibriú i ndath, monacróm, meáin mheasctha, colláis nó meán oiriúnach ar bith eile. Níl cead, áfach, olaphéinteanna ná ábhar meatach orgánach a úsáid.

    Más mian le hiarrthóir oibriú ar bhileog dhaite nó ar bhileog seachas an ceann a chuireann an Coimisiún ar fáil, ní mór duit féin, an Feitheoir an bhileog seo a shíniú sula dtosaíonn an scrúdú á dhearbhú go bhfuil sí bán. Uasmhéid na bileoige: A2.

    Tá cead ag iarrthóirí leanúint orthu ag obair ar a gcuid líníochtaí le linn thréimhsí sosa an chuspa agus le linn an tsosa idir na staidiúirí.

    5.1 Rolla Tinrimh Ar shroicheadh na scoile duit is cóip den scrúdpháipéar (tá treoracha don Fheitheoir air) agus an

    Rolla Tinrimh a lorg ar na húdaráis scoile.

    Nuair is tú an t-aon duine amháin sa scoil atá ag déanamh feitheoireacht ar an Sceitseáil Bheo-Ábhair, cuirfidh an scoil an Rolla Tinrimh ar fáil duit. Má tá breis is Feitheoir amháin ann, gheobhaidh duine amháin díobh an Rolla Tinrimh ón údarás scoile agus socróidh sí/sé comhlánú an Rolla leis an bhFeitheoir eile. Tá Scrúduimhreacha, Ainmneacha agus Dátaí Breithe na n-iarrthóirí réamhchlóite ar an Rolla. Sula dtugtar an Rolla don Fheitheoir, seiceálfaidh príomhoide na scoile, i gcomhairle leis an Múinteoir Ealaíne, go bhfuil an t-eolas atá clóite ar an Rolla cruinn. Páipéarachas dépháirteach atá sa Rolla. Ba chóir go bhfaighfeá an DÁ PHÁIRT ón scoil. Níor chóir an dá pháirt a scaradh óna chéile go dtí go mbeidh an scrúdú thart. Is cóir an bharrchóip den Rolla a sheoladh ar ais chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit ansin; is cóir don scoil an chóip eile a choinneáil.

    5.2 Liosta(í) Foláireamh

    Féach Alt 1.9, Treoracha maidir leis na Liostaí Foláireamh a Chomhlánú. 5.3 Ullmhúcháin Tá curtha in iúl do scoileanna go bhféadfaidh an Múinteoir Ealaíne sa scoil cuidiú mar seo a leanas

    sula dtosaíonn an scrúdú: • le hullmhú an tseomra don scrúdú • uirlisí nó ábhair ar bith is gá d’iarrthóirí a chur ar fáil • frapaí ar bith mar atá sonraithe ar an scrúdpháipéar a chur ar fáil • comhairle a thabhairt don chuspa / do na cuspaí maidir leis an staidiúir cheart sula dtosaíonn

    an scrúdú N.B. Níl cead ag an Múinteoir Ealaíne a bheith sa seomra scrúdaithe le linn an scrúdaithe.

    5.4 Cuspa(í)

    Ba chóir cuspa/í ar leith a fhostú do gach leibhéal den pháipéar mar seo a leanas: cuspa amháin in aghaidh gach deichniúir iarrthóirí nó níos lú, i.e. cuspa amháin in aghaidh 1-10 iarrthóirí, 2 chuspa in aghaidh 11-20 iarrthóirí, 3 chuspa in aghaidh 21-30 iarrthóirí, etc. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh níos mó ná deichniúr iarrthóirí ag tarraingt ón aon chuspa amháin.

  • 12

    Ní mór d’iarrthóirí líníocht a dhéanamh ó bheith ag breathnú díreach ar an gcuspa, agus dá bhrí sin, caithfidh radharc gan bhac a bheith acu ar an gcuspa. Más fearr leo é, féadfaidh iarrthóirí suí níos cóngaraí don chuspa don dara staidiúir. Ní gá éadach ar leith ná frapaí ar leith don chuspa mura bhfuil sé sin sonraithe ar an scrúdpháipéar. Le linn an scrúdaithe ceadaítear tréimhsí sosa a mhaireann idir deich nóiméad agus cúig nóiméad déag don chuspa, le socrú mar a iarrtar. Ceadaítear d’iarrthóirí oibriú ar a gcuid sceitsí le linn tréimhsí sosa an chuspa agus le linn na tréimhse idir an dá staidiúir.

    5.5 Nósanna Imeachta an Scrúdaithe Tá na treoracha seo a leanas bunaithe ar an scrúdú a thosú ag 2 p.m. Ma athraíonn an scoil an

    t-am tosaithe ní mór na hamanna anseo thíos a choigeartú dá réir.

    Ag 1.45 p.m. iarrfaidh tú ar gach iarrthóir an Rolla Tinrimh a shíniú. Mura bhfuil iarrthóir i láthair don scrúdú is cóir na focail “AS LÁTHAIR” a scríobh sa spás do shíniú an iarrthóra ar an Rolla Tinrimh. Síneoidh tú an Rolla Tinrimh ansin sa spás chuige sin. (Beidh breis is leathanach amháin sa Rolla Tinrimh i scoileanna ina bhfuil níos mó ná fiche iarrthóirí).

    Ag 1.55 p.m. is cóir duit an tuairisc ar dhá staidiúir an chuspa a léamh ón scrúdpháipéar agus a dheimhniú sé/sí ar an eolas faoi gach staidiúir.

    Ag 1.59 pm treoraigh don chuspa an chéad staidiúir a ghlacadh le bheith réidh do thús an scrúdaithe ag 2.00 pm.

    Ag 2.00 pm treoraigh do na hiarrthóirí dul i mbun oibre. N.B Níl cead ag an Múinteoir Ealaíne a bheith sa seomra le linn an scrúdaithe. Níl comhrá ná cumarsáid ar bith idir iarrthóirí ceadaithe le linn an scrúdaithe.

    An Chéad Staidiúir: Ní mór don chuspa dul i mbun na chéad staidiúire ar feadh 15 nóiméad san iomlán ach tá cead sos(anna) a ghlacadh mar is gá.

    An Dara Staidiúir: Ní mór don chuspa dul i mbun na dara staidiúire ar feadh 30 nóiméad san iomlán ach tá cead sos(anna) a ghlacadh mar is gá. Tá cead ag iarrthóirí suí níos cóngaraí don chuspa don dara staidiúir.

    N.B. Ní mór an dá staidiúir a chur i gcrích sa tréimhse iomlán, uair an chloig, atá ceadaithe don scrúdú. Tá cead ag iarrthóirí leanúint lena gcuid oibre ar an líníocht le linn thréimhsí sosa an chuspa.

    Ag 2.45 p.m. meabhróidh tú d’iarrthóirí go gcaithfidh siad éirí as an obair ag 3.00 p.m.

    Ag 3.00 p.m. tabharfaidh tú treoir d’iarrthóirí éirí as an líníocht agus iad seo a leanas a mharcáil go soiléir ar a gcuid oibre:

    • teideal an scrúdaithe ar gach bileog a úsáideadh (i.e. Sceitseáil Bheo-Ábhair) • an scrúduimhir • leibhéal an pháipéir a rinneadh (Ardleibhéal nó Gnáthleibhéal)

    Tabharfaidh tú treoir ansin do gach iarrthóir a c(h)uid oibre a chur isteach sa chlúdach iarrthóra a chuirtear ar fail leis an scrúdpháipéar sa Gréaschóiriú (má rinneadh é), sa Chumadóireacht Shamhlaíoch nó san Ábhar Neamhbheo. Ní mór do gach iarrthóir tic () a chur i gColún 1 den ghreille atá ar an gclúdach le dearbhú go bhfuil a s(h)aothar curtha isteach sa chlúdach aige/aici. Ní mór duit tú féin a shásamh ansin go bhfuil obair an iarrthóra curtha isteach sa chlúdach agus do chuid inisealacha a chur i gColún 2 den ghreille chun sin a dheimhniú. Taispeántar clúdach iarrthóra samplach, agus an ghreille, san Aguisín leis seo.

    N.B. Is cóir séala a chur ansin ar chlúdaigh na n-iarrthóirí.

    Ba chóir an fhoirm do Thuairisc an Fheitheora mar aon leis na Liostaí Foláireamh (ach iad a

    bheith curtha isteach ar dtús i gclúdach gorm na liostaí foláireamh) agus cóip uachtarach an Rolla Tinrimh don Ghréaschóiriú, don Chumadóireacht Shamhlaíoch/Ábhar Neamhbheo agus Sceitseáil Bheo-Ábhair) a chur sa litirphost chuig Coimisiún na Scrúduithe Stáit sa chlúdach marcáilte “Rolla”. (Cuireadh cóip uachtarach an rolla tinrimh sa Cheardaíocht sa phost díreach tar éis an scrúdú sa Cheardaíocht.) Ba chóir don údarás scoile an chóip eile de na Rollaí tinrimh a choinneáil.

  • 13

    6. AN NÓS IMEACHTA SCOIR • Clúdaigh bhána na n-iarrthóirí a chur in ord a Scrúduimhreacha • Clúdaigh bhána na n-iarrthóirí a roinnt ina nArdleibhéal agus ina nGnáthleibhéal • Gach carn de clúdaigh shórtáilte na leibhéal a chur i gclúdach seachadta uaine ar leith • Na clúdaigh sheachadta uaine a thabhairt, gan a bheith séalaithe, go dtí príomhoide na scoile. • (Meabhrúchán: fanann an Cheardaíocht sa scoil.)

    Tar éis a dhearbhú leis an bPríomhoide go bhfuil clúdach bán ann do gach iarrthóir a bhí i láthair don scrúdú, comhlánóidh an Feitheoir agus síneoidh sé/sí an clúdach seachadta uaine. Ní mór séala a chur ansin ar an gclúdach seachadta uaine agus é a thabhairt don Phríomhoide lena choinneáil in áit shábháilte sa scoil le bailiú ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit.

  • 14

    Thug an tAcht Oideachais, 1998, cionta coiriúla nua isteach a bhaineann leis na scrúduithe teistiméireachta. Mar eolas duit, tá na forálacha a bhaineann le hábhar anseo thíos.

    An tAcht Oideachais, 1998, Cuid VIII, Cionta 52. – (1) Aon duine – (a) a dhéanfaidh, go feasach agus gan údarás dleathach, páipéar scrúdaithe nó cuid de pháipéar den sórt

    sin a fhoilsiú d’aon duine eile roimh sheoladh an scrúdaithe lena mbaineann, (b) a mbeidh ina sheilbh nó ina seilbh, gan údarás dleathach, scrúdpháipéar nó cuid de pháipéar den sórt

    sin roimh sheoladh an scrúdaithe lena mbaineann, (c) a chomhallfaidh aon dualgais a bhaineann le hullmhú scrúdpháipéar agus a dhéanfaidh, go feasach

    agus gan údarás dleathach, faisnéis a bhaineann leis an ábhar a bheidh ullmhaithe aige nó aici i gcúrsa na ndualgas sin a chur ar fáil d’iarrthóir le haghaidh scrúdú nó d’aon duine eile, le hintinn buntáiste a thabhairt d’iarrthóir ar iarrthóirí eile,

    (d) a dhéanfaidh, go feasach agus go toiliúil, marcanna níos airde a thabhairt d’iarrthóir ná na marcanna a

    raibh an t-iarrthóir sin ina dteideal, le hintinn buntáiste a thabhairt don iarrthóir sin ar iarrthóirí eile, (e) a dhéanfaidh, go feasach agus go mailíseach, marcanna níos ísle a thabhairt d’iarrthóir ná na marcanna

    sin a raibh an t-iarrthóir sin ina dteideal (f) a phearsanóidh iarrthóir ag scrúdú nó a cheadóidh do dhuine nó a chabhróidh le duine, go feasach,

    iarrthóir a phearsanú ag scrúdú, (g) a dhéanfaidh, go feasach agus go mailíseach, aon ábhar a bhaineann le scrúdú a scriosadh nó a

    dhamáistiú, (h) a dhéanfaidh, go feasach agus go mailíseach, bac a chur ar aon iarrthóir nó ar dhuine atá ag gabháil do

    sheoladh scrúdaithe nó a chuirfidh isteach ar shlí eile ar sheoladh ginearálta scrúdaithe, (i) a athróidh, go feasach agus gan údarás dleathach, aon teastas nó aon taifead eile, lena n-áirítear taifead

    i bhfoirm mheaisín-inléite, ina bhfuil torthaí scrúdaithe, nó (j) a eiseoidh nó a úsáidfidh, go feasach, aon teastas nó doiciméad eile a airbheartóidh gur doiciméad é

    arna eisiúint ag an duine nó ag an gcomhlacht ar faoina údarás nó faoina húdarás a seoladh an scrúdú agus go bhfuil torthaí scrúdaithe ann, agus fios aige nó aici go bhfuil na torthaí sin bréagach, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

    (2) Aon duine a dhéanfaidh go feasach, cabhrú nó neartú le duine eile nó comhairle a thabhairt d’aon

    duine nó tabhairt ar aon duine cion faoi fho-alt (1) a dhéanamh, nó a dhéanfaidh go feasach comhcheilg le duine eile chun aon chion den sórt sin a dhéanamh, beidh sé nó sí ciontach i gcion.

    (3) Aon duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear - (a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach lú ná £1,500 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh

    téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air nó uirthi, nó

    (b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 nó (de rogha na cúirte) príosúnacht ar feadh

    téarma nach faide ná dhá bhliain, nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht le chéile, a chur air nó uirthi. (4) Ní bheidh aon ábhar caingne ann in aghaidh scrúdaitheora i leith aon ní a dhéanfaidh sé nó sí de mheon macánta agus de bhun a fheidhmeanna nó a feidhmeanna mar scrúdaitheoir.

  • 15

  • 16

  • 17

    Treoracha d’FheitheoiríAN ARDTEISTIMÉIREACHT: SCRÚDUITHE PRAITICIÚLA SAN EALAÍNGréaschóiriúCeardaíocht

    1.9 Treoracha maidir leis na Liostaí Foláireamh a chomhlánúAn tAcht Oideachais, 1998, Cuid VIII, Cionta