© ccea 2016 - curriculum · cillian murphy. 5 < ... d’éirigh go mór leis an dráma agus...

26

Upload: hoanghanh

Post on 25-Nov-2018

219 views

Category:

Documents


1 download

TRANSCRIPT

© CCEA 2016

beatha le bua

Pictiúr Clúdaigh © Gregg DeGuire/WireImage.

Pictiúr le © GETTY IMAGES agus PA Images.

Arna tháirgeadh agus arna fhoilsiú ag CCEA.

Gach ceart ar cosaint. Ní féidir cuid ar bith den leabhar seo a athfhoilsiú i gcruth ar bith nó ar dhóigh ar bith gan cead a fháil roimh ré ó CCEA.

CIL

LIA

N M

UR

PH

Ybeatha le bua

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

4

Intreoir

Is iomaí aisteoir clúiteach a tháinig chun tosaigh sa tír seo thar na blianta amhail Brendan Gleeson, Maureen O’Hara, Liam Neeson agus go leor leor eile. Le roinnt blianta anuas tá glúin úr óg d’aisteoirí i ndiaidh teacht chun cinn fosta agus a bhfuil ag éirí go mór leo, Saoirse Ronan mar shampla. I measc na n-aisteoirí sin tá duine amháin acu ag déanamh go hiontach maith agus tá sé ag tarraingt clú air féin, mar atá Cillian Murphy. Corcaíoch atá ann atá so-aitheanta as a shúile geala gorma agus a ghnúis dhathúil. Bíonn sé le feiceáil i gcuid de scannáin is mó a thagann amach ó Hollywood agus ina mbíonn cuid de na haisteoirí is clúití ar domhan, amhail Johnny Depp, Leonardo DiCaprio agus Robert De Niro. Ach cé gur aisteoir iontach clúiteach anois é agus go mbíonn sé ag obair leis na réaltaí scannáin is mó, is duine iontach

C I L L I A N MURP HY

5

© GETTY IMAGES

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

C I L L I A N MURP HY

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

6

príobháideach é. Ní bhíonn sé le feiceáil mórán ag na hócáidí móra bronnta nó le feiceáil sna nuachtáin ná sna hirisleabhair as a iompraíocht. Ní dheachaigh sé go Hollywood le cónaí a dhéanamh ansin. Ní minic a théann sé faoi agallamh ar an teilifís ná ar an raidió. B’fhearr leis saol ciúin príobháideach a bheith aige agus gan a bheith feicthe mar réalta chlúiteach. Cé hé an t-aisteoir clúiteach as Éirinn mar sin agus cén fáth nach bhfuil a fhios againn mórán faoi?

Cúlra

Rugadh Cillian Murphy i gCorcaigh ar 25ú Bealtaine 1976. Ba de theaghlach é a raibh spéis ar leith acu san oideachas. Ba mhúinteoir a mháthair agus d’oibrigh a athair leis an Roinn Oideachais. Ach ní raibh an oiread sin spéise ag Cillian san oideachas. Is iomaí uair a bhí sé i dtrioblóid ar scoil.

C I L L I A N MURP HY

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

7

D’éirigh go measartha leis sa deireadh ar scoil agus chuaigh sé ar ollscoil le céim a dhéanamh sa dlí, ach níor chríochnaigh sé an chéim riamh. Ní raibh suim aige i gcúrsaí spóirt ar scoil ach bhí dúil mhór aige sa cheol agus sa drámaíocht. D’aithin sé go luath go gcaithfeadh sé a shaol lena leithéid. Thosaigh sé ag scríobh amhrán nuair a bhí sé 10 mbliana d’aois. D’aithin a mhúinteoir drámaíochta go raibh rud éigin speisialta faoi agus mhol sé do Chillian go láidir dul leis aisteoireacht.

Agus é ina dhéagóir go fóill thosaigh sé ag caitheamh níos mó ama leis an rac-cheol agus bhunaigh sé grúpa lena dheartháir Páidí. Rinne an grúpa seo go maith agus bhí an chuma ar an scéal go mbeadh sé mór agus clúiteach. Chan Cillian na hamhráin agus bhuail sé an giotár fosta. Chuaigh sé ar Ollscoil Chorcaí sa bhliain 1996 ach níor chaith sé mórán ama ag

C I L L I A N MURP HY

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

8

déanamh staidéir. Ina áit sin, chaith sé a chuid ama uilig ag obair lena rac-ghrúpa agus leis an aisteoireacht. Fuair sé páirt i roinnt drámaí lena linn seo mar chuid den chumann drámaíochta san ollscoil amhail Observe the Sons of Ulster Marching Towards the Somme agus Little Shop of Horrors. D’aithin sé féin faoin am seo gur mhaith leis dul leis an aisteoireacht go lán-aimseartha.

Na luathbhlianta

Bhí an chuma ar an scéal go rachadh sé leis an drámaíocht ar an stáitse amháin ag an tús. Fuair sé a chéad pháirt mhór sa bhliain 1996 sa dráma Disco Pigs. D’éirigh go mór leis an dráma agus rinneadh scannán de roinnt blianta ina dhiaidh. Fuair Murphy ardmholadh as an ról a bhí aige sa dráma nó shíl go leor daoine go raibh rud éigin speisialta faoi agus go mbeadh

C I L L I A N MURP HY

9

© GETTY IMAGES

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

C I L L I A N MURP HY

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 0

sé ina aisteoir mór le rá am éigin. Chuir sin tús maith lena shaol sa drámaíocht agus lean sé ar aghaidh i ndrámaí éagsúla ina dhiaidh sin. Níorbh fhada gur bhfuair sé páirteanna i scannáin bheaga fosta a rinneadh in Éirinn. Cionn is go raibh Gaeilge aige fuair sé páirt i scannán gairid a rinneadh i nGaeilge dar teideal Filleann an Feall. D’fhan sé in Éirinn chomh fada is a thiocfadh leis ach bhí a fhios aige go mbeadh air bogadh go Londain, áit a mbeadh go leor oibre le fáil ag aisteoir. Nuair a bhog sé go Londain mar sin, fuair sé páirt bheag sa scannán dar teideal The Trench mar shaighdiúir an oíche roimh Chath an Somme a tharla sa Chéad Chogadh Domhanda sa bhliain 1916.

Ansin, fuair sé a chéad pháirt mhór sa scannán uafáis 28 Days Later a rinneadh in 2002. Sa scannán seo músclaíonn sé suas in ospidéal mór leis féin agus

C I L L I A N MURP HY

1 1

© GETTY IMAGES

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

C I L L I A N MURP HY

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 2

cuma ar an scéal go bhfuil gach duine ar domhan marbh. Uafásach gan dabht! D’éirigh go mór leis an scannán seo i Sasana agus i Meiriceá. Ba é seo an chéad uair a chonaic daoine ar fud an domhain an Corcaíoch óg seo mar is ceart. Fuair Murphy ardmholadh as an ról a bhí aige agus bhain sé roinnt duaiseanna dá bharr fosta.

I mbarr a réime

Tháinig an obair go tiubh ina dhiaidh sin. Fuair sé páirt le Colin Farrell sa scannán dar teideal Intermission a rinneadh i mBaile Átha Cliath agus d’éirigh go mór leis an scannán in Éirinn. Fuair sé cúpla páirt ghairide sna scannáin Cold Mountain ina raibh Jude Law agus Renée Zellweger, agus ansin Girl with a Pearl Earring ina raibh Colin Firth. Gan amhras, bhí sé ag tosú ag obair leis na réalta móra scannán.

C I L L I A N MURP HY

1 3

© GETTY IMAGES

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

C I L L I A N MURP HY

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 4

Níor éirigh sé as an drámaíocht ar fad, áfach. Anois is arís, ba ghnách leis filleadh ar ais go hÉirinn le bheith i ndráma éigin. Ansin, fuair sé an pháirt is mó a bhí aige i scannán go dtí sin nuair a fuair sé an ról mar Scarecrow sa scannán Batman Begins ina raibh Christian Bale. Fuair sé ardmholadh as an ról seo chomh maith. Ansin, fuair sé príomhról sa scannán uafáis Red Eye ina raibh sé ina dhúnmharfóir. D’éirigh go mór leis an scannán seo. Bhí clú ar Murphy anois mar aisteoir a dtiocfadh leis ról an drochdhuine a bheith aige agus jab maith a dhéanamh de.

In 2005, ghlac sé ról sa scannán Éireannach dar teideal Breakfast on Pluto. Ba scannán conspóideach é ina raibh Murphy gléasta mar bhean. Arís eile, fuair sé ardmholadh as é a dhéanamh go maith. Sa bhliain 2006, bhí príomhról aige sa scannán Éireannach iontach sin The Wind

C I L L I A N MURP HY

1 5

© GETTY IMAGES

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

C I L L I A N MURP HY

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 6

That Shakes The Barley faoi Chogadh na gCarad in Éirinn sa bhliain 1922. Bhí spéis ar leith aige féin sa scannán de thairbhe gur bhain sé leis an chogadh ina chontae dhúchais féin, Corcaigh. Sa scannán seo, tá ról aige mar dhuine atá rannpháirteach i gCogadh na Saoirse in Éirinn in éadan na Sasanach. I gCogadh na gCarad, áfach, cé go bhfuil sé in éadan na síochána leis na Sasanaigh ar dtús, cuireann an foréigean agus an marú samhnas air. Tagann amhras mór air faoin chogaíocht sa deireadh. Shíl go leor daoine go raibh an ról seo ag fóirstean go mór dó. Bhain an scannán gradam óir. Bhain Murphy gradam mar ‘Aisteoir na Bliana’ dá bharr.

Sa bhliain 2007 bhí sé le feiceáil sa scannán ficsean eolaíochta Sunshine ina raibh an Ghrian ag fáil bháis agus go mbeadh deireadh leis an Domhan. Ach níor éirigh go mór leis an scannán seo ar chor ar

C I L L I A N MURP HY

1 7

© GETTY IMAGES

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

C I L L I A N MURP HY

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

1 8

bith. Bhí sé i roinnt scannán ina dhiaidh nár éirigh go mór leo ach oiread amhail Perrier’s Bounty agus Peacock. Ansin sa bhliain 2010, fuair sé páirt mhór sa scannán ollmhór Inception ina raibh Leonardo DiCaprio. Scannán iontach casta a bhí ann ach d’éirigh go mór leis. Bhí páirt aige i scannán eile ficsean eolaíochta dar teideal In Time ina raibh Justin Timberlake agus ansin i scannán uafáis dar teideal Retreat. Bliain ina dhiaidh sin, bhí sé sa scannán uafáis Red Lights ina raibh Robert De Niro agus Sigourney Weaver. Ní raibh an chuma ar an scéal go raibh sé ag rith as obair ná as réaltaí móra scannán mar chairde!

Lean sé ar aghaidh mar sin agus bhí sé le feiceáil arís mar Scarecrow sa scannán ollmhór The Dark Knight Rises. Bhain sé gradam eile as a ról i scannán beag Sasanach dar teideal Broken sa bhliain chéanna. Rinne sé

C I L L I A N MURP HY

1 9

© GETTY IMAGES

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

C I L L I A N MURP HY

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 0

C I L L I A N MURP HY

roinnt scannán eile ina dhiaidh sin, ach anois is arís, filleann sé ar ais ar drámaíocht sa dóigh go dtig leis tamall a chaitheamh ar an stáitse. Chomh maith leis sin, ghlac sé páirt sa tsraith teilifíse ar na mallaibh ar an teilifís dar teideal Peaky Blinders. D’éirigh go mór leis an tsraith seo agus fuair Murphy ardmholadh as a ról mar bhithiúnach Éireannach i Sasana sna 1920í.

Oidhreacht

Sa lá atá inniu ann tá Cillian Murphy ar na sár-réaltaí scannán is mó a tháinig as Éirinn. Thiocfadh leis dul leis an rac-cheol nó leis an drámaíocht amháin agus bheadh sé lán chomh clúiteach is dócha. Cé go bhfuil sé mór clúiteach anois ní chaitheann sé a shaol mar ‘cheiliúrán’ clúiteach. Seachnaíonn sé an saol sin ar fad nó cuireann sé olc air. Is

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

2 1

C I L L I A N MURP HY

duine socair é atá pósta ar a ghrá geal Yvonne McGuinness. Tá beirt pháistí óga acu anois, Malachy agus Aran, agus tá siad sona sásta ina gcónaí i Londain. Cé gur tógadh mar Chaitliceach Éireannach é níl mórán suime aige i gcleachtadh an reiligiúin. Is duine sláintiúil é a bhfuil an bharúil aige gur tábhachtach go mór an tsláinte. Is veigeatóir é chomh maith. Agus cé nach raibh suim ar bith aige i gcúrsaí spóirt nuair a bhí sé ag fás aníos, is breá leis an reathaíocht anois, rud a chleachtann sé go minic. Tá spéis aige sa pholaitíocht chomh maith sa mhéid is gur tábhachtach leis cearta daonna agus cearta na n-oibritheoirí. Ach déanann sé na rudaí sin ar son daoine eile go ciúin agus ní ar mhaithe le poiblíocht. Gan dabht, is duine suimiúil príobháideach é nach santaíonn aird an phobail ná poiblíocht ar bith. B’fhéidir gurb é sin an fáth nach bhfuil a fhios againn mórán faoina shaol

ooooooooooooooooaooooofooooo

0ooxooooooooowooooo

>ooooooodoooozooooooooooooooooooooo0o

2 2

C I L L I A N MURP HY

príobháideach. Tá a fhios againn, áfach, gur aisteoir iontach é agus thig le muintir na hÉireann a bheith iontach bródúil as mar sin féin. Chloígh sé leis an aisteoireacht mar a mhol a mhúinteoir drámaíochta dó nuair a bhí sé ar scoil. Is cinnte go ndearna sé an rogha cheart.

2 3

© AP PRESS

oooooooo

0oooooooaooooofo0ooooxoooo

<oooowooooooooodoooozoooooooooooooooooooooooooo0o0

C I L L I A N MURP HY

© CCEA 2016